Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R0746R(04)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 117 an 5 Bealtaine 2017) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 5 Bealtaine 2017)

ST/5114/2018/REV/1

IO L 233, 1.7.2021, p. 9–10 (SL)
IO L 233, 1.7.2021, p. 9–18 (DE)
IO L 233, 1.7.2021, p. 9–9 (GA, PL, RO)
IO L 233, 1.7.2021, p. 9–17 (FI)
IO L 233, 1.7.2021, p. 9–11 (NL)
IO L 233, 1.7.2021, p. 9–14 (DA, FR, IT)
IO L 233, 1.7.2021, p. 9–15 (SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/746/corrigendum/2021-07-01/oj

1.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 233/9


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 117 an 5 Bealtaine 2017 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 5 Bealtaine 2017)

Ar leathanach 291, Iarscríbhinn VII, pointe 3.2.3

in ionad:

“... Beidh siad in ann a chruthú go bhfuil eolas agus taithí acu orthu seo uile a leanas: ...”,

léitear:

“...Beidh acu eolas agus taithí a bhfuil cruthúnas ann ina leith ar na réimsí seo uile a leanas: ...”.

Ar leathanach 293, Iarscríbhinn VII, pointe 3.2.7

in ionad:

“... Beidh an pearsanra sin, mar ghrúpa, in ann a chruthú go bhfuil eolas agus taithí chuimsitheach acu orthu seo uile a leanas: ...”,

léitear:

“... Beidh ag an bpearsanra sin, mar ghrúpa, eolas a bhfuil cruthúnas ann ina leith agus taithí chuimsitheach maidir leis nithe seo a leanas go léir: ...”.

Ar leathanach 310, Iarscríbhinn IX, Caibidil II, pointe 4.3, an chéad abairt

in ionad:

“Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra measúnú ar an doiciméadacht theicniúil, trí leas a bhaint as baill foirne ar féidir leo a chruthú go bhfuil an t-eolas agus an taithí acu maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an teicneolaíocht agus ar na feistí lena mbaineann agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar fhianaise chliniciúil.”,

léitear:

“Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra measúnú ar an doiciméadacht theicniúil, trí leas a bhaint as baill foirne ag a bhfuil eolas agus taithí, a bhfuil cruthúnas ann ina leith, maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an teicneolaíocht, agus ar na feistí lena mbaineann agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar fhianaise chliniciúil.”

Ar leathanach 312, Iarscríbhinn IX, Caibidil II, pointe (d) de phointe 5.1

in ionad:

“Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra measúnú ar an iarratas, trí leas a bhaint as baill foirne, arna bhfostú aige, ar féidir leo a chruthú go bhfuil an t-eolas agus an taithí acu maidir leis an teicneolaíocht lena mbaineann agus leis an gcríoch a beartaíodh don fheiste agus cuirfidh sé tuarascáil mheasúnaithe ar an doiciméadacht theicniúil ar fáil don mhonaróir.”,

léitear:

“Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra measúnú ar an iarratas, trí leas a bhaint as baill foirne, atá fostaithe aige, ag a bhfuil eolas agus taithí, a bhfuil cruthúnas ann ina leith, maidir leis an teicneolaíocht lena mbaineann agus leis an gcríoch a beartaíodh don fheiste agus cuirfidh sé tuarascáil mheasúnaithe ar an doiciméadacht theicniúil ar fáil don mhonaróir.”.

Ar leathanach 314, Iarscríbhinn X, pointe 3(a), an chéad abairt

in ionad:

“scrúdóidh sé an t-iarratas trí leas a bhaint as bhaill foirne ar féidir leo a chruthú go bhfuil an t-eolas agus an taithí acu maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an teicneolaíocht agus ar na feistí lena mbaineann agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar fhianaise chliniciúil.”,

léitear:

“scrúdóidh sé an t-iarratas, trí leas a bhaint as baill foirne ag a bhfuil eolas agus taithí, a bhfuil cruthúnas ann ina leith, maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an teicneolaíocht, agus ar na feistí lena mbaineann agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar fhianaise chliniciúil.”.


Top