EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R1033

Rialachán (AE) 2016/1033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

OJ L 175, 30.6.2016, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1033/oj

30.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 175/1


RIALACHÁN (AE) 2016/1033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meitheamh 2016

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gníomhartha reachtacha airgeadais móra iad Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (le chéile, “an creat dlíthiúil nua”) a glacadh tar éis na géarchéime airgeadais maidir le margaí urrús, idirghabhálaithe infheistíochta agus ionaid trádála. Déantar Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a atreisiú leis an gcreat dlíthiúil nua agus cuirtear an creat sin in ionad na Treorach sin (6).

(2)

Rialaítear leis an gcreat dlíthiúil nua na ceanglais is infheidhme i ndáil le gnólachtaí infheistíochta, margaí rialáilte, soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus gnólachtaí tríú tíortha a bhfuil seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí á soláthar acu san Aontas. Déantar comhchuibhiú leo ar chóras na dteorainneacha suímh le haghaidh díorthaigh tráchtearraí chun trédhearcacht a fheabhsú, chun tacú le praghsáil rianúil agus chun drochúsáid mhargaidh a chosc. Tugtar isteach leo freisin rialacha maidir le trádáil algartamach ardmhinicíochta agus feabhsaítear leis an mhaoirseacht ar mhargaí airgeadais trí na smachtbhannaí riaracháin a chomhchuibhiú. Lena chois sin, déantar leis an gcreat dlíthúil nua cosaint infheisteoirí a neartú trí cheanglais láidre eagrúcháin agus iompair a thabhairt isteach ar bhonn na rialacha atá ar bun cheana. Tá na rialacha nua le bheith i bhfeidhm ón 3 Eanáir 2017 ar aghaidh.

(3)

Leis an gcreat dlíthúil nua ceanglaítear ar ionaid trádála agus ar inmheánaitheoirí córasacha sonraí tagartha i ndáil le hionstraimí airgeadais a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, sonraí ar tuairisc aonfhoirmeach iad ar thréithe gach ionstraime airgeadais atá faoi réir Threoir 2014/65/AE. Úsáidtear na sonraí sin le haghaidh cuspóirí eile, mar shampla chun tairseacha trédhearcachta agus leachtachta a ríomh, chomh maith le suíomhanna i ndíorthaigh tráchtearraí a thuairisciú.

(4)

D'fhonn sonraí a bhailiú ar bhealach éifeachtúil agus comhchuibhithe, tá bonneagair nua bailiú sonraí, Córas Sonraí Tagartha i ndáil le hIonstraimí Airgeadais (“CSTIA”) á bhforbairt ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”) i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta inniúla (ÚINanna).. Cumhdófar le CSTIA raon leathan d'ionstraimí airgeadais a thabharfar faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus déanfar leis fothaí sonraí idir ESMA, ÚINanna agus ionad trádála ar fud an Aontais a nascadh. Ní mór formhór na gcóras TF a bheidh ina mbonn le CSTIA a thógáil as an nua, bunaithe ar pharaiméadair nua.

(5)

I ngeall ar a chasta a bheidh an creat dlíthúil nua agus ar an ngá atá le líon an-ard gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, cuireadh dáta infheidhmeachta Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 siar 30 mí ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Cé go bhfuil an tréimhse sin níos faide ná mar is gnách, níl geallsealbhóirí, amhail ardáin trádála, ÚINanna agus ESMA, in ann a áirithiú go mbeidh na bonneagar bailithe sonraí riachtanacha i bhfeidhm agus faoi lánseol faoin 3 Eanáir 2017. Tá an fhadhb sin ann mar gheall ar mhéid agus castacht na sonraí is gá a bhailiú agus a phróiseáil ionas go bhféadfar an creat dlíthúil nua a chur i bhfeidhm, go háirithe chun idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht a ríomh agus suímh i ndíorthaigh tráchtearraí a thuairisciú.

(6)

Bheadh impleachtaí ag éagmas na mbonneagar bailithe sonraí riachtanach ar raon feidhme iomlán an chreata dlíthúil nua. In éagmais sonraí, ní fhéadfaí ionstraimí airgeadais atá faoi réim feidhme an chreata dhlíthiúil nua a shainaithint go cruinn. Ina theannta sin, ní fhéadfaí na rialacha maidir le trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála a choigeartú, d'fhonn a chinneadh cad iad na hionstraimí atá leachtach agus cathain ar cheart tarscaoiltí nó foilsiú iarchurtha a thabhairt.

(7)

In éagmais na mbonneagar bailithe sonraí riachtanach, ní bheadh ionaid trádála ná gnólachtaí infheistíochta in ann idirbhearta a chuirtear i gcrích a thuairisciú do na húdaráis inniúla. In éagmais díorthach tráchtearraí a thuairisciúbheadh sé deacair teorainneacha suímh a fhorfheidhmiú ar dhíorthaigh tráchtearraí den sórt sin. In éagmais tuairisciú suímh, is beag seans a bheadh ann sáruithe ar na teorainneacha suímh a bhrath go héifeachtach. Tá go leor de na ceanglais maidir le trádáil algartamach ag brath ar shonraí freisin.

(8)

In éagmais na mbonneagar bailithe sonraí riachtanach, bheadh sé deacair freisin ar ghnólachtaí infheistíochta na rialacha is fearr maidir le forghníomhú a chur i bhfeidhm. Ní bheadh ionaid trádála ná inmheánaitheoirí córasacha in ann sonraí a bhaineann le caighdeán fhorghníomhú na n-idirbheart a fhoilsiú maidir leis na hionaid sin. Ní chuirfí ar fáil do ghnólachtaí infheistíochta sonraí tábhachtacha i ndáil le forghníomhú a chabhródh leo an bealach is fearr a chinneadh chun orduithe cliant a fhorghníomhú.

(9)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus aon suaitheadh a d'fhéadfadh bheith sa mhargadh a sheachaint, is gá agus tá údar maith le gníomhaíocht phráinneach chun cur i bhfeidhm an chreata dhlíthúil nua ina iomláine, lena n-áirítear na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme uile a glacadh faoi, a chur siar.

(10)

Tá cúig chéim i gceist le próiseas cur chun feidhme na mbonneagar bailithe sonraí: ceanglais ghnó, sonraíochtaí, forbairt, tástáil agus imscaradh. Measann ESMA go mbeidh na céimeanna sin críochnaithe faoi Eanáir 2018, ar choinníoll go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil maidir leis na ceanglais dheiridh faoi na caighdeáin theicniúla rialála ábhartha tráth nach déanaí ná Meitheamh 2016.

(11)

I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla agus d'fhonn cur ar chumas ESMA, ÚINanna agus geallsealbhóirí an cur chun feidhme oibríochtúil a chríochnú, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a chur siar 12 mhí go dtí an 3 Eanáir 2018. Ba cheart tuarascálacha agus athbhreithnithe a chur siar dá réir sin.

(12)

Is minic a chuirtear idirbhearta i ndíorthaigh i gcrích i ngnólachtaí infheistíochta, ar a gcuntas féin nó thar ceann cliant, agus ionstraimí airgeadais nó sócmhainní eile lena gcuimsítear roinnt trádálacha idirnasctha, teagmhasacha. Trí na hidirbhearta pacáiste sin, cuirtear ar chumas gnólachtaí infheistíochta agus a gcliant a gcuid rioscaí a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus próifíl riosca foriomlán an phacáiste seachas praghas gach comhchoda atá i réim ar an margadh a bheith á léiriú le praghas gach comhchoda den idirbheart pacáiste. D'fhéadfadh foirmeacha éagsúla a bheith ar idirbhearta pacáiste, amhail malartú le haghaidh sócmhainní fisiceacha, straitéisí trádála a chuirtear i gcrích maidir le hionaid trádála, nó idirbhearta pacáiste saincheaptha, agus tá sé tábhachtach na sonraíochtaí sin a chur san áireamh nuair a bheidh an córas trédhearcachta is infheidhme á chalabrú. Dá bhrí sin, is iomchuí chun críche Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 na himthosca sonracha a shonrú nár cheart feidhm a bheith ag ceanglais trédhearcachta réamhthrádála maidir le horduithe a bhaineann leis na hidirbhearta pacáiste sin ná le haon chomhchuid aonair de na horduithe sin.

(13)

Ós rud é gur comhlacht é ESMA a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur ar iontaoibh ESMA chun go ndéanfadh sé iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le modheolaíocht chun na horduithe pacáiste sin a chinneadh a bhfuil margadh leachtach ann ina leith. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin arna bhforbairt ag ESMA a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(14)

Maidir le hidirbhearta maoinithe urrús, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) iad, meastar nach rannchuidíonn siad leis an bpróiseas praghas-aimsithe agus gurbh iomchuí nach mbeadh feidhm ag Teideal II ná ag Teideal III de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir leis na hidirbhearta sin.

(15)

Le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) bunaítear ceanglais maidir le sonraí tagartha ionstraime airgeadais a bhailiú. Maidir leis na sonraí sin a bhailítear trí CSTIA, úsáidtear iad chun na hionstraimí airgeadais a thagann laistigh réim feidhme Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a chinneadh. Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ón 3 Iúil 2016. Mar sin féin, ní bheidh CSTIA iomlán oibríochtúil roimh Eanáir 2018. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm Airteagal 4(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a chur siar go dtí an 3 Eanáir 2018.

(16)

Tá tagairt i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 do dháta chur i an chreata dlíthúil nua. D'fhonn a áirithiú nach mbeidh feidhm ag na tagairtí i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 do shaoráidí trádála eagraithe, do mhargaí fáis fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), do lamháltais astaíochtaí nó do tháirgí ceantáilte atá bunaithe orthu sin nach mbeidh feidhm acu go dtí dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Threoir 2014/65/AE, ba cheart Airteagal 39(4) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ina luaitear go léitear tagairtí dóibh mar thagairtí do Threoir 2004/39/CE, a athrú agus an síneadh a cuireadh le dáta chur i bhfeidhm na ngníomhartha sin á chur san áireamh.

(17)

Tá dlúthbhaint idir socraíocht na n-idirbheart agus trádáil na n-urrús. Mar sin, tá tagairtí i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) do dháta chur i bhfeidhm an chreata dhlíthúil nua. Roimh an dáta sin, ba cheart tagairtí do Rialachán (AE) Uimh 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE a léamh mar thagairtí do Threoir 2004/39/CE. Ina theannta sin, cruthaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 réimeas idirthréimhseach do chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an araíonacht socraíochta ar shaoráidí trádála iltaobhacha (“MTFanna”) atá ag cur isteach ar chlárú mar mhargaí fáis FBManna i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE.

(18)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar tagairt do Threoir 2004/39/CE i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 suas go dtí dáta iarchurtha chur i bhfeidhm an chreata dhlíthúil nua agus go gcaomhnófar na forálacha idirthréimhseacha maidir le MTFanna atá ag cur isteach ar chlárú mar mhargaí fáis FBM faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 chun go dtabharfar go leor ama do MTFanna chun cur isteach ar an gclárú sin faoi Threoir 2014/65/AE, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a leasú.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5a.   Ní bheidh feidhm ag Teideal II agus Teideal III den Rialachán seo maidir le hidirbhearta maoinithe urrús mar a shainítear iad i bpointe (11) d'Airteagal 3(11) de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

(*)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).”"

(2)

In Airteagal 2(1), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(48)

ciallaíonn ‘malartú le haghaidh sócmhainní fisiceacha’ idirbheart i gconradh díorthach nó ionstraim airgeadais eile atá ag brath ar fhorghníomhú comhuaineach méid choibhéisigh de shócmhainn fhisiceach bhunúsach;

(49)

ciallaíonn ‘ordú pacáiste’ ordú a dhéantar a phraghsáil mar aonad aonair:

(a)

chun críche malartaithe le haghaidh sócmhainní fisiceacha a fhorghníomhú; nó

(b)

in dhá cheann nó níos mó d'ionstraimí airgeadais chun idirbheart pacáiste a fhorghníomhú.;

(50)

ciallaíonn ‘idirbheart pacáiste’:

(a)

malartú le haghaidh sócmhainní fisiceacha; nó

(b)

idirbheart lena mbaineann forghníomhú dhá cheann nó níos mó d'idirbhearta comhchoda in ionstraimí airgeadais agus lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas go léir:

(i)

déantar an t-idirbheart a fhorghníomhú idir dhá cheann nó níos mó de chontrapháirtithe;

(ii)

tá riosca suntasach eacnamaíoch nó airgeadais ag gabháil le gach comhchuid den idirbheart maidir leis na comhchodanna eile go léir;

(iii)

tá forghníomhú gach comhchoda comhuaineach agus ag brath ar fhorghníomhú na gcomhchodanna eile go léir.”.

(3)

In Airteagal 4(7), cuirtear an dáta “3 Eanáir 2018” in ionad “3 Eanáir 2017” agus cuirtear an dáta “3 Eanáir 2020” in ionad “3 Eanáir 2019”.

(4)

In Airteagal 5(8), cuirtear an dáta “3 Eanáir 2017” in ionad “3 Eanáir 2016”.

(5)

In Airteagal 8(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

’Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a ndéanfar fógraíocht orthu trína gcórais maidir le bannaí, le táirgí airgeadais struchtúraithe, le lamháltais astaíochtaí, le díorthaigh a thrádáiltear ar ionad trádála agus orduithe pacáiste.’.

(6)

Leasítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(d)

orduithe chun críche malartaithe le haghaidh sócmhainní fisiceacha a fhorghníomhú;

(e)

orduithe pacáiste lena gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

is ionstraim airgeadais é ar a laghad ceann amháin dá gcomhchodanna nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith, ach amháin i gcás ina bhfuil margadh leachtach ann don ordú pacáiste ina iomláine;

(ii)

tá ar a laghad ceann amháin dá gcomhchodanna ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh, ach amháin i gcás ina bhfuil margadh leachtach ann don ordú pacáiste ina iomláine;

(iii)

déantar a gcomhchodanna go léir a fhorghníomhú ar chóras iarrtha luachanna nó ar chóras guth-thrádála agus is mó iad ná an méid atá sonrach don ionstraim.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Beidh údaráis inniúla in ann an oibleagáid a tharscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) le haghaidh gach comhchoda aonair den ordú pacáiste.”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“6.   D'fhonn a áirithiú go gcuirfear pointe (i) agus pointe (ii) de mhír (1)(e) i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun modheolaíocht a bhunú chun na horduithe pacáiste sin a chinneadh a bhfuil margadh leachtach ann ina leith. Nuair a bheidh an mhodheolaíocht sin á forbairt chun a chinneadh cibé acu an ann nó nach ann do mhargadh leachtach i leith ordú pacáiste ina iomláine, déanfaidh ESMA a mheasúnú cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar pacáistí a chaighdeánú agus a thrádáil go minic.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Feabhra 2017.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”

(7)

In Airteagal 18, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“11.   I ndáil le hordú pacáiste agus gan dochar do mhír 2, ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí san Airteagal seo ach amháin maidir leis an ordú pacáiste ina iomláine, seachas maidir le haon chomhchuid den ordú pacáiste ar leithligh.”.

(8)

In Airteagal 19(1), cuirtear an dáta “3 Eanáir 2020” in ionad “3 Eanáir 2019”.

(9)

In Airteagal 26(10) cuirtear an dáta “3 Eanáir 2020” in ionad “3 Eanáir 2019”,

(10)

In Airteagal 35(5), cuirtear an dáta “3 Eanáir 2018” in ionad “3 Eanáir 2017” agus cuirtear an dáta “3 Iúil 2020” in ionad “3 Iúil 2019”.

(11)

In Airteagal 37(2), cuirtear an dáta “3 Eanáir 2018” in ionad “3 Eanáir 2017”.

(12)

Leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an dáta “3 Márta 2020” in ionad “3 Márta 2019”;

(b)

i mír 4, cuirtear an dáta “3 Márta 2020” in ionad “3 Márta 2019”;

(c)

i mír 5, cuirtear an dáta “3 Márta 2020” in ionad “3 Márta 2019”;

(d)

i mír 6, cuirtear an dáta “3 Márta 2020” in ionad “3 Márta 2019”;

(e)

i mír 7, cuirtear an dáta “3 Iúil 2020” in ionad “3 Iúil 2019”;

(f)

i mír 8, cuirtear an dáta “3 Iúil 2020” in ionad “3 Iúil 2019”;

(g)

sa chéad fhomhír de mhír 9, cuirtear an dáta “3 Iúil 2020” in ionad “3 Iúil 2019”;

(h)

sa dara fomhír de mhír 9, cuirtear an dáta “3 Iúil 2022” in ionad “3 Iúil 2021”;

(i)

sa chéad fhomhír de mhír 10, cuirtear an dáta “3 Iúil 2020” in ionad “3 Iúil 2019”;

(j)

i mír 11, cuirtear an dáta “3 Iúil 2020” in ionad “3 Iúil 2019”;

(k)

sa dara fomhír de mhír 12, cuirtear an dáta “3 Eanáir 2018” in ionad “3 Eanáir 2017”.

(13)

Sa chéad fhomhír d'Airteagal 54(2), cuirtear an dáta “3 Iúil 2020” in ionad “3 Iúil 2019”.

(14)

Leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

’Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 3 Eanáir 2018 ar aghaidh.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú mír:

’D'ainneoin an dara fomhír, beidh feidhm ag Airteagal 37(1), (2) agus (3) ón 3 Eanáir 2020’.

Airteagal 2

Leasaítear Airteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

’2.   Beidh feidhm aige ón 3 Iúil 2016, ach amháin:

(a)

Airteagal 4(2) agus (3), a mbeidh feidhm acu ón 3 Eanáir 2018; agus

(b)

Airteagal 4(4) agus (5), Airteagal 5(6), Airteagal 6(5) agus (6), Airteagal 7(5), Airteagal 11(9), (10) agus (11), Airteagal 12(5), Airteagal 13(7) agus (11), Airteagal 16(5), an tríú fomhír d'Airteagal 17(2), Airteagal 17(3), (10) agus (11), Airteagal 18(9), Airteagal 19(13), (14) agus (15), Airteagal 20(3), Airteagal 24(3), Airteagal 25(9), an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír d'Airteagal 26(2), Airteagal 32(5) agus Airteagal 33(5), a mbeidh feidhm acu ón 2 Iúil 2014.’;

(b)

sa chéad fhomhír de mhír (4) d'Airteagal 39, cuirtear an dáta “3 Eanáir 2018” in ionad “3 Eanáir 2017”;

(c)

sa dara fomhír de mhír (4) d'Airteagal 39, cuirtear an dáta “3 Eanáir 2018” in ionad “3 Eanáir 2017”.

Airteagal 3

Leasaítear Airteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 mar a leanas:

(a)

i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 5, cuirtear an dáta “13 Meitheamh 2018” in ionad “13 Meitheamh 2017”.

(b)

i mír 7, cuirtear an dáta “3 Eanáir 2018” in ionad “3 Eanáir 2017”.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  Tuairim an 29 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 26 Bealtaine 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Meitheamh 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(6)  Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gComisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(8)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1)

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, Treoir 2003/125/CE agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le TLUanna agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014. lch. 1).


Top