EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R1839

Rialachán (AE) 2015/1839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a fhad a bhaineann le bearta sonracha don Ghréig

OJ L 270, 15.10.2015, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1839/oj

15.10.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 270/1


RIALACHÁN (AE) 2015/1839 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2015

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a fhad a bhaineann le bearta sonracha don Ghréig

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an ghéarchéim airgeadais dulta i bhfeidhm ar an nGréig ar shlí ar leith. De dheasca na géarchéime, tá na rátaí fáis olltáirgeachta intíre atá sa Ghréig diúltach go seasta le roinnt blianta anuas, agus tháinig de sin teirce thromchúiseach leachtachta agus easpa cistí poiblí don infheistíocht phoiblí a theastaíonn le téarnamh inmharthana a chothú. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(2)

Tá sé ríthábhachtach nach mbeidh an easpa leachtachta agus cistí poiblí sa Ghréig ina bhac ar infheistíocht a dhéanamh faoi chláir a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe (na “Cistí”) agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI).

(3)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh meáin airgeadais leordhóthanacha ag an nGréig chun tús a chur in 2015 agus in 2016 le cur chun feidhme na gclár atá beartaithe don tréimhse 2014–2020 agus a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí agus ó CEMI, is iomchuí méadú a dhéanamh ar leibhéal an réamh-mhaoinithe tosaigh a íoctar le cláir oibríochtúla na Gréige faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, trí mhéid breise de réamh-mhaoiniú tosaigh a íoc sna blianta sin.

(4)

Chun a áirithiú go n-úsáidfear an méid breise de réamh-mhaoiniú tosaigh go héifeachtach agus go sroichfidh sé tairbhithe na gCistí agus CEMI a luaithe is féidir, ionas gur féidir leo infheistíocht atá beartaithe acu a dhéanamh agus aisíocaíocht a fháil go pras i ndiaidh dóibh a gcuid iarratas ar íocaíocht a chur isteach, ba cheart an méid breise de réamh-mhaoiniú tosaigh a aisíoc leis an gCoimisiún mura bhfaighidh an Coimisiún líon sásúil iarratas ar íocaíochtaí laistigh de sprioc-am áirithe.

(5)

D'fhonn úsáid níos éifeachtaí a bhaint as an gcistiú atá ar fáil le hoibríochtaí a mhaoiniú faoi na cláir oibríochtúla a bhaineann le cuspóirí an Chóineasaithe agus an Iomaíochais réigiúnaigh agus na fostaíochta réigiúnaí, cuspóirí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí agus a glacadh don tréimshe 2007–2013 sa Ghréig, ba cheart na huasrátaí cómhaoinithe a mhéadú agus an uasteorainn atá ar íocaíochtaí le cláir ag deireadh na clárthréimhse a ardú. Chun a áirithiú go n-úsáidfear go héifeachtach na hacmhainní a chuirfear ar fáil ar an dóigh sin le hinfheistíochtaí a mhaoiniú ar an leibhéal áitiúil, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásra tuairiscithe.

(6)

I bhfianaise na práinne atá leis an tacaíocht is gá, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 134, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Sa bhreis ar na tráthchodanna dá bhforáiltear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1, déanfar méid breise de réamh-mhaoiniú tosaigh, arb é a bheidh ann 3,5 % de mhéid na tacaíochta a thugann na Cistí agus CEMI don chlárthréimhse ina hiomláine, a íoc le cláir oibríochtúla sa Ghréig gach bliain in 2015 agus in 2016.

Ní bheidh feidhm ag an réamh-mhaoiniú tosaigh breise maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh ná maidir leis an leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg.

Más rud é, faoin 31 Nollaig 2016, nach mbeidh méid iomlán an réamh-mhaoinithe tosaigh breise a bheidh íoctha faoin gCiste, nuair is infheidhme sin, de bhun na míre seo le clár oibríochtúil in 2015 agus in 2016, cumhdaithe ag iarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag údarás deimhniúcháin an chláir sin, aisíocfaidh an Ghréig leis an gCoimisiún méid iomlán an réamh-mhaoinithe tosaigh breise don Chiste sin leis an gclár sin. Ní mheasfar gur ceartúchán airgeadais na haisíocaíochtaí sin agus ní laghdófar dá ndroim an tacaíocht a thugann na Cistí nó CEMI do na cláir oibríochtúla. Is éard a bheidh sna méideanna a aisíocfar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais.”.

(2)

in Airteagal 152, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4.   De mhaolú ar Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, 100 % den ranníocaíocht ó na Cistí leis na cláir oibríochtúla do chuspóirí an Chóineasaithe agus an Iomaíochais réigiúnaigh agus na fostaíochta réigiúnaí sa Ghréig a bheidh san uasteorainn ar mhéid iomlán carnach na n-íocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus eatramhacha arna ndéanamh.

5.   De mhaolú ar Airteagal 53(2) agus ar Airteagal 77(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 agus d'ainneoin na gcinntí ón gCoimisiún lena socraítear uasráta agus uasmhéid na ranníocaíochta ó na Cistí do gach clár oibríochtúil de chuid na Gréige agus do gach ais tosaíochta, déanfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí iarmhéid deiridh a ríomh trí uasráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm ar an gcaiteachas incháilithe atá luaite le cláir oibríochtúla de chuid na Gréige do chuspóirí an Chóineasaithe agus an Iomaíochais réigiúnaigh agus na fostaíochta réigiúnaí faoi gach ais tosaíochta i ngach ráiteas caiteachais arna dheimhniú ag an údarás deimhniúcháin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 maidir le cláir oibríochtúla sa Ghréig.

6.   Bunóidh an Ghréig sásra chun a áirithiú nach n-úsáidfear na méideanna breise a chuirfear ar fáil de thoradh na mbeart a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo ach amháin chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe agus le hoibríochtaí ar cuid dá cláir oibríochtúla iad.

Cuirfidh an Ghréig tuairisc faoi bhráid an Choimisiúin faoi dheireadh 2016 maidir le cur chun feidhme mhír 4 agus mhír 5 den Airteagal seo agus déanfaidh sí tuilleadh tuairiscithe sa tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme atá le cur isteach de bhun phointe (a) d'Airteagal 89(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Deireadh Fómhair 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ASSELBORN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2015.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).


Top