EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R1525

Rialachán (AE) 2015/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart

OJ L 243, 18.9.2015, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1525/oj

18.9.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 243/1


RIALACHÁN (AE) 2015/1525 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2015

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 325 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Lena áirithiú go gcumhdaíonn Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (2) gach cás de ghluaiseacht earraí a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le críoch chustaim an Aontais, is iomchuí na sainmhínithe ar “reachtaíocht chustaim” agus ar “iompróirí” a shoiléiriú maidir leis na coincheapa earraí a theacht isteach agus a dhul amach.

(2)

D'fhonn nósanna imeachta riaracháin agus coiriúla a fheabhsú tuilleadh chun déileáil le neamhrialtachtaí, ní mór a áirithiú go bhféadfar fianaise a fhaightear de thoradh cúnamh frithpháirteach a mheas mar inghlactha in imeachtaí os comhair údaráis riaracháin agus bhreithiúnacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás iarrthach.

(3)

D'fhonn soiléireacht, comhsheasmhacht agus trédhearcacht a mhéadú, ní mór na húdaráis ar chóir dóibh rochtain a bheith acu ar na heolairí arna mbunú ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a chinneadh i dtéarmaí níos nithiúla. Chuige sin, ba cheart tagairt aonfhoirmeach d'údaráis inniúla a leagan síos. Is coinníoll tábhachtach é go mbeadh rochtain dhíreach ag na húdaráis sin má táthar chun cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus comhar idir údaráis riaracháin na mBallstát agus an Coimisiún a chur chun feidhme go héifeachtach chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart.

(4)

Fágann sonraí maidir le gluaiseachtaí coimeádán gur féidir calaois a aithint maidir le hearraí a bhogtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais agus amach aisti. Cabhraíonn sonraí den sórt sin chun oibríochtaí atá ina sáruithe ar reachtaíocht chustaim, nó a ndealródh sé gurb amhlaidh atá, a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. D'fhonn sraith de shonraí chomh hiomlán agus is féidir a bhailiú agus a úsáid, agus tionchair dhiúltacha fhéideartha ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide san earnáil seolta lasta a sheachaint ag an am céanna, ní mór d'iompróirí sonraí a bhaineann le gluaiseachtaí coimeádán a chur faoi bhráid na mBallstát, sa mhéid go mbailíonn siad sonraí den sórt sin i bhformáidí leictreonacha trí bhíthin a gcuid córas rianaithe trealamh nó go bhfuil sonraí den sórt sin stóráilte acu thar a gceann. Ba cheart sonraí den sórt sin a tharchur go díreach chuig eolaire aonair arna bhunú ag an gCoimisiún chun na críche sin.

(5)

Chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, tá sé de dhualgas ar an Aontas an chalaois chustaim a chomhrac agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cuspóir an mhargaidh inmheánaigh gur sábháilte a bheidh táirgí agus go mbeidh fíordheimhnithe tionscnaimh ag gabháil leo.

(6)

Chun calaois a bhrath, is den tábhacht é go mbeifear in ann sraitheanna de shonraí oibríochtúla ábhartha a shainaithint agus a thras-anailísiú. Is gá, dá bhrí sin, eolaire a bhunú ar leibhéal an Aontais ina bhfuil sonraí maidir leis an allmhairiú, leis an onnmhairiú agus leis an idirthuras earraí, lena n-áirítear an t-idirthuras earraí laistigh de na Ballstáit agus onnmhairí díreacha. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún macasamhlú córasach a dhéanamh ar shonraí ó na foinsí a oibríonn an Coimisiún isteach san eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras, agus ba cheart go mbeadh an rogha ag Ballstáit sonraí a thabhairt don Choimisiún a bhaineann le hidirthuras earraí laistigh de Bhallstát agus a bhaineann le honnmhairí díreacha, ag brath ar infhaighteacht na sonraí agus ar bhonneagar teicneolaíochta faisnéise na mBallstát.

(7)

Mar gheall ar thabhairt isteach na gcóras ríomhchustaim in 2011, de bhun Chinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), trína gcoinníonn oibreoirí eacnamaíocha seachas údaráis chustaim doiciméid tacaíochta d'allmhairí agus d'onnmhairí, tá moill ar imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) i réimse an chustaim, ós rud é go mbraitheann OLAF ar na húdaráis sin chun cabhrú leis doiciméid den sórt sin a fháil. Thairis sin, an tréimhse teorann trí bliana le fiach custaim a ghnóthú, cuireann sí srianta breise le himscrúduithe rathúla a dhéanamh. D'fhonn dlús a chur le himscrúduithe a dhéanamh i réimse an chustaim, ba cheart, chomh maith leis na féidearthachtaí eile atá ag an gCoimisiún chun faisnéis a fháil i ndáil le dearbhuithe, go sonrófaí an nós imeachta ar i gcomhréir leis gur féidir leis an gCoimisiún doiciméid tacaíochta do dhearbhuithe allmhairí agus onnmhairí a iarraidh ar na Ballstáit.

(8)

D'fhonn rúndacht na sonraí arna gcur isteach sna heolairí arna mbunú ar bhonn an Rialacháin seo agus Rialachán (CE) Uimh. 515/97, ba cheart foráil a dhéanamh chun rochtain ar na sonraí sin a theorannú d'úsáideoirí ar leith agus chun críocha sainithe, agus chun na gcríoch sin amháin.

(9)

Le Rialachán (CE) Uimh. 515/97, foráiltear do shonraí a phróiseáil. Féadfar próiseáil den sórt sin sonraí pearsanta a chuimsiú freisin agus ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart, go háirithe, sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach a bheadh ag luí le cuspóir an Rialacháin sin agus i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus, go háirithe, ag luí le ceanglais an Aontais a bhaineann le cáilíocht sonraí, le comhréireacht, le teorannú de réir cuspóra agus le cearta maidir le faisnéis agus maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus maidir le sonraí pearsanta a cheartú, a scriosadh agus a bhlocáil, ag luí le bearta eagrúcháin agus teicniúla agus ag luí le haistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta. Ba cheart foráil shonrach a dhéanamh maidir le rochtain ar shonraí arna gcur isteach a theorannú d'úsáideoirí sonracha amháin, d'fhonn rúndacht na sonraí arna gcur isteach a áirithiú freisin.

(10)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faisnéis rúnda gnó a chosaint agus ba cheart dóibh a áirithiú go ndéileálfaí ar bhealach rúnda leis an bhfaisnéis a mhalartaítear trí mheán an eolaire de Theachtaireachtaí Stádais Coimeádán tuairiscithe agus trí mheán an eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras.

(11)

D'fhonn faisnéis atá cothrom le dáta a áirithiú agus chun an ceart chun trédhearcachta agus an ceart chun faisnéise atá ag na daoine is ábhar do na sonraí a ráthú, mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Treoir 95/46/CE, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún nuashonruithe ar liostaí na n-údarás inniúil atá ainmnithe ag na Ballstáit agus ag ranna an Choimisiúin atá údaraithe le rochtain a bheith acu ar CEC a fhoilsiú ar an idirlíon.

(12)

Le próiseáil arna déanamh ar shonraí pearsanta chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 515/97 agus le haon ghníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, ba cheart go gcloífí leis an gceart bunúsach chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh a aithnítear le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD), mar aon leis na cearta chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart um chosaint sonraí pearsanta a aithnítear, faoi seach, le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go n-áiritheofaí le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme den sórt sin freisin go dtarlaíonn aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(13)

D'fhonn comhsheasmhacht na maoirseachta um chosaint sonraí a fheabhsú, ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí comhoibriú go dlúth leis an gComhúdarás Maoirseachta a bunaíodh faoi Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle (6), d'fhonn comhordú ar iniúchtaí CEC a bhaint amach.

(14)

Bíonn de thoradh go minic ar na forálacha lena rialaítear stóráil sonraí in CEC go gcailltear faisnéis gan cúis mhaith. Tarlaíonn sé seo toisc nach gcuireann na Ballstáit na hathbhreithnithe bliantúla i gcrích go córasach i ngeall ar an ualach riaracháin a bhíonn i gceist agus an easpa acmhainní iomchuí. Is gá mar sin an nós imeachta lena rialaítear stóráil sonraí in CEC a shimpliú trí dheireadh a chur leis an oibleagáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí go bliantúil agus trí thréimhse stórála uasta cúig bliana a leagan síos, ar féidir, faoi réir bonn cirt a thabhairt ina leith, tréimhse dhá bhliain a chur léi, ar tréimhsí iad a chomhfhreagraíonn do na tréimhsí a fhoráiltear do na heolairí arna mbunú ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 515/97. Tá an tréimhse sin riachtanach i ngeall ar na nósanna imeachta fada chun neamhrialtachtaí a phróiseáil agus toisc go mbíonn gá leis na sonraí sin chun oibríochtaí comhpháirteacha custaim agus imscrúduithe a reáchtáil.

(15)

D'fhonn tuilleadh feabhais a chur ar na féidearthachtaí le haghaidh na hanailíse ar chalaois agus d'fhonn seoladh imscrúduithe a éascú, ba cheart sonraí a bhaineann leis na comhaid imscrúduithe reatha atá á stóráil sa Bhunachar sonraí um shainaithint comhad a dhéanamh anaithnid, nuair atá bliain amháin caite ó dhéantar an bhreathnóireacht dheireanach orthu, agus ba cheart iad a choinneáil ina dhiaidh sin i bhfoirm nach bhféadfar an duine is ábhar do na sonraí a aithint a thuilleadh uaithi.

(16)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar bhrath, ar imscrúdú agus ar chosc calaoise a bhaineann le custaim san Aontas a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge nó a éifeachtaí, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(17)

Iompróirí atá, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, faoi cheangal ag oibleagáidí conartha phríobháidigh maidir le soláthar na sonraí ar ghluaiseachtaí coimeádán, ba cheart go mbeidís i dteideal tairbhe a bhaint as cur i bhfeidhm iarchurtha a n-oibleagáid Teachtaireachtaí Stádais Coimeádán (TSCanna) a thuairisciú, d'fhonn a gconarthaí a athchaibidliú agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh conarthaí amach anseo ag luí leis an oibleagáid sonraí a sholáthar do na Ballstáit.

(18)

Le Rialachán (CE) Uimh. 515/97, tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid d'fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún faoin Rialachán sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(19)

Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a fhorlíonadh agus go háirithe chun an fhaisnéis atá le cur isteach in CEC a shainiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún leis na hoibríochtaí i ndáil le reachtaíocht talmhaíochta a chur i bhfeidhm a mbeidh faisnéis fúthu le cur isteach in CEC a chinneadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe agus, i gcás inarb iomchuí le hionadaithe gnó. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(20)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil lena mhinice a dhéanfar TSCanna a thuairisciú, i ndáil le formáid sonraí TSCanna, i ndáil leis an modh a tharchuirtear TSCanna agus i ndáil leis na heilimintí sonracha atá le háireamh in CEC maidir le gach ceann de na catagóirí inar cheart sonraí a chur isteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

(21)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus thug sé tuairim uaidh an 11 Márta 2014.

(22)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce:

“—

ciallaíonn ‘reachtaíocht chustaim’ an reachtaíocht chustaim a shainmhínítear i bpointe 2 d'Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8),

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear na fleasca seo a leanas leis:

“—

ciallaíonn ‘críoch chustaim an Aontais’ críoch chustaim an Aontais mar a shainmhínítear í in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013,

ciallaíonn ‘iompróirí’ na daoine de réir bhrí phointe 40 d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Gan dochar d'Airteagal 51, faisnéis, lena n-áirítear doiciméid, cóipeanna dílse deimhnithe de dhoiciméid, fianuithe, na hionstraimí nó na cinntí uile a thagann ó údaráis riaracháin, tuarascálacha agus aon fhaisnéis, a fhaigheann foireann an údaráis iarrtha agus a chuirtear in iúl don údarás iarrthach mar chuid den chúnamh dá bhforáiltear in Airteagal 4 go hAirteagal 11, féadfaidh siad a bheith ina bhfianaise inghlactha ar an mbealach céanna amhail is dá bhfuarthas iad sa Bhallstát ina dtarlaíonn na himeachtaí:

(a)

in imeachtaí riaracháin an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás iarrthach, lena n-áirítear imeachtaí achomhairc ina dhiaidh sin;

(b)

in imeachtaí breithiúnacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás iarrthach, mura luann an t-údarás iarrtha a mhalairt go sainráite tráth chur in iúl na faisnéise.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Gan dochar d'Airteagal 51, faisnéis, lena n-áirítear doiciméid, cóipeanna dílse deimhnithe de dhoiciméid, fianuithe, na hionstraimí nó na cinntí uile a thagann ó údaráis riaracháin, tuarascálacha agus aon fhaisnéis, a fhaigheann foireann an údaráis chur in iúl agus a chuirtear in iúl don údarás is faighteoir mar chuid den chúnamh dá bhforáiltear in Airteagal 13 go hAirteagal 15, féadfaidh siad a bheith ina bhfianaise inghlactha ar an mbealach céanna amhail is dá bhfuarthas iad sa Bhallstát ina dtarlaíonn na himeachtaí:

(a)

in imeachtaí riaracháin an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás is faighteoir, lena n-áirítear imeachtaí achomhairc ina dhiaidh sin;

(b)

in imeachtaí breithiúnacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás is faighteoir, mura luann an t-údarás cur in iúl a mhalairt go sainráite tráth chur in iúl na faisnéise.”;

(4)

leasaítear Airteagal 18 a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát agus d'fhonn cabhrú leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 29 chun gluaiseachtaí earraí, arb ábhair d'oibríochtaí iad a d'fhéadfadh a bheith ag sárú na reachtaíochta custaim agus talmhaíochta, agus modhanna iompair, lena n-áirítear coimeádáin, a úsáidtear chun na críche sin, a bhrath, bunóidh an Coimisiún eolaire de shonraí a thuairiscíonn iompróirí (‘eolaire um iompar’) agus déanfaidh sé an t-eolaire sin a bhainistiú. Beidh an t-eolaire um iompar inrochtana go díreach ag na húdaráis sin. Féadfaidh siad leas a bhaint as an eolaire um iompar, lena n-áirítear chun anailís a dhéanamh ar shonraí agus chun faisnéis a mhalartú, ach chun críocha an Rialacháin seo amháin.

2.   Agus an t-eolaire sin á bhainistiú aige, cumhachtófar don Choimisiún:

(a)

rochtain a fháil ar ábhar na sonraí nó ábhar na sonraí a bhaint agus a stóráil, trí mheán ar bith nó i bhfoirm ar bith, agus sonraí a úsáid i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cearta maoine intleachtúla. Cuirfidh an Coimisiún coimircí leordhóthanacha ar bun, lena n-áirítear bearta teicniúla agus eagrúcháin agus ceanglais trédhearcachta a bhaineann leis na daoine is ábhar do na sonraí. Beidh an ceart chun sonraí a rochtain agus a cheartú ag na daoine is ábhar do na sonraí;

(b)

sonraí a bhfuil rochtain orthu san eolaire um iompar, nó sonraí a bhaintear as an eolaire um iompar, a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile, innéacsú a dhéanamh orthu agus iad a shaibhriú ó fhoinsí eile sonraí agus anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(c)

na sonraí a bheidh san eolaire um iompar a chur ar fáil do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo, trí úsáid a bhaint as teicnící próiseála sonraí leictreonacha.

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Maidir le gluaiseacht na gcoimeádán dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, bunóidh an Coimisiún eolaire de Theachtaireachtaí Stádais Coimeádán a thuairiscítear (‘eolaire TSC’), agus bainisteoidh sé an t-eolaire sin. Beidh an t-eolaire CSM inrochtana go díreach ag na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 29. Na hiompróirí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a stórálann sonraí maidir le gluaiseacht agus stádas coimeádán nó ar stóráiltear na sonraí sin thar a gceann, tuairisceoidh siad Teachtaireachtaí Stádais Coimeádán (TSCanna) d'údaráis chustaim na mBallstát i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás coimeádáin atá le tabhairt ar shoitheach muirí isteach i gcríoch chustaim an Aontais ó thríú tír; ach amháin:

coimeádáin atá le fanacht ar bord an tsoithigh mhuirí chéanna le linn a aistir agus a fhágfaidh críoch chustaim an Aontais ar bord an tsoithigh mhuirí sin; agus

coimeádáin atá le díluchtú agus le hathluchtú ar an soitheach muirí céanna le linn a aistir chun go bhféadfaí earraí eile a dhíluchtú nó a luchtú ar coimeádáin iad atá chun críoch chustaim an Aontais a fhágáil ar bord an tsoithigh mhuirí sin;

(b)

i gcás lastais d'earraí i gcoimeádáin a fhágann críoch chustaim an Aontais chun dul go dtí tríú tír ar shoitheach muirí agus a thagann faoi raon feidhme an méid a leanas:

Airteagal 2 de Threoir 92/84/CEE ón gComhairle (10);

Airteagal 2 de Threoir 2011/64/AE ón gComhairle (11); nó

Airteagal 2(1) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle (12).

Déanfaidh na hiompróirí na sonraí a tharchur go díreach chuig eolaire TSC.

(10)  Treoir 92/84/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir leis na rátaí dleachta máil ar alcól agus deochanna alcólacha a neasú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 29)."

(11)  Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí an dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24)."

(12)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).”;"

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“5.   Tuairisceofar TSCanna:

(a)

ón nóiméad a tuairiscíodh go raibh an coimeádán folamh sular tugadh isteach i gcríoch chustaim an Aontais é nó roimh dó imeacht ó chríoch chustaim an Aontais go dtí an nóiméad sin go dtuairiscítear arís go bhfuil an coimeádán folamh;

(b)

go ceann trí mhí ar a laghad roimh theacht isteach fisiceach an choimeádáin i gcríoch chustaim an Aontais go dtí mí amháin tar éis theacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais, i gcásanna nach mbeidh na TSCanna sonracha is gá chun na himeachtaí ábhartha a bhaineann le coimeádán folamh a aithint ar fáil i dtaifid leictreonacha na n-iompróirí; nó

(c)

go ceann trí mhí ar a laghad tar éis imeacht as críoch chustaim an Aontais, i gcásanna nach mbeidh na TSCanna sonracha is gá chun na himeachtaí ábhartha a bhaineann le coimeádán folamh a aithint ar fáil i dtaifid leictreonacha na n-iompróirí.

6.   Tuairisceoidh na hiompróirí TSCanna i gcás na n-imeachtaí a leanas nó i gcás imeachtaí coibhéiseacha, a mhéid a mbíonn an t-iompróir is tuairisceoir ar an eolas fúthu agus ar cruthaíodh, ar bailíodh nó ar cothaíodh sonraí le haghaidh imeachtaí den sórt sin ina dtaifid leictreonacha:

deimhniú áirithinte,

teacht isteach go saoráid luchtaithe nó díluchtaithe,

imeacht ó shaoráid luchtaithe nó díluchtaithe,

luchtú ar mhodh iompair nó díluchtú ó mhodh iompair,

treoracha maidir le pacáil nó le díphacáil,

deimhniú pacála nó díphacála,

gluaiseachtaí idir críochfoirt,

imscrúdú ag geata críochfoirt,

coimeádán a chur i gcomhair mórdheisiúcháin.

Déanfaidh gach Ballstát foráil do phionóis mar gheall ar mhainneachtain an oibleagáid maidir le sonraí a sholáthar a chomhlíonadh nó mar gheall ar shonraí neamhiomlána nó bréagacha a sholáthar. Beidh pionóis den sórt sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

7.   Laistigh den Choimisiún, is iad na hanailíseoirí ainmnithe amháin a dtabharfar cumhacht dóibh le sonraí pearsanta a phróiseáil, ar sonraí iad a bhfuil feidhm ag pointe (b) agus ag pointe (c) de mhír 2 maidir leo.

Scriosfar láithreach bonn sonraí pearsanta nach mbeidh riachtanach le gluaiseacht earraí dá dtagraítear i mír 1 a bhrath nó bainfear aon fhachtóirí aitheantais amach astu. Ní fhéadfar na sonraí pearsanta sin a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana, ar aon chaoi.

Cuirfidh an Coimisiún bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint ó mhilleadh de thaisme nó ó mhilleadh neamhdhleathach, ó chaillteanas de thaisme nó ó nochtadh, leasú agus rochtain neamhúdaraithe nó ó aon fhoirm neamhúdaraithe eile de phróiseáil.

8.   Sonraí arna bhfáil ó iompróirí, ní choinneofar iad ach ar feadh an ama atá riachtanach chun an cuspóir ar chuige a tugadh isteach iad a bhaint amach agus ní fhéadfar iad a stóráil ar feadh níos mó ná cúig bliana.

9.   Cosnóidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis rúnda gnó arna fáil ó iompróirí.

Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit na rialacha teicniúla, eagrúcháin agus slándála pearsanra is airde i dtaca le rúndacht ghairmiúil nó dualgais rúndachta eile choibhéiseacha i bhfeidhm maidir lena saineolaithe ainmnithe i gcomhréir le dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go gcomhlíonfar iarrataí ó Bhallstáit eile go gcaithfear go rúnda le faisnéis atá á malartú trí bhíthin an eolaire TSC.”;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18c

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha maidir le minicíocht an tuairiscithe, formáid na sonraí sna TSCanna agus modh tarchuir na TSCanna.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43a(2) faoin 29 Feabhra 2016.”;

(6)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 18d

1.   Déanfaidh an Coimisiún eolaire (‘eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras’) a bhunú agus a bhainistiú ina mbeidh sonraí maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

earraí a allmhairiú,

(b)

earraí a chur faoi idirthuras, agus

(c)

earraí a onnmhairiú, a mhéid a thagann na hearraí dá dtagraítear sa phointe seo faoi raon feidhme:

(i)

Airteagal 2 de Threoir 92/84/CEE;

(ii)

Airteagal 2 de Threoir 2011/64/AE; nó

(iii)

Airteagal 2(1) de Threoir 2003/96/CE.

Déanfar an t-eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras a chothabháil mar atá sonraithe in Iarscríbhinn 37 agus in Iarscríbhinn 38 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún (13).

Déanfaidh an Coimisiún macasamhlú córasach ar shonraí ó na foinsí a oibríonn an Coimisiún ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 isteach san eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras. Féadfaidh na Ballstáit sonraí a chur ar fáil don Choimisiún maidir le hidirthuras earraí laistigh de Bhallstát agus maidir le honnmhairiú díreach, ag brath ar infhaighteacht na sonraí agus bonneagar teicneolaíochta faisnéise na mBallstát.

Féadfaidh na ranna a d'ainmnigh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo leas a bhaint as an eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras chun anailís a dhéanamh ar shonraí agus chun sonraí san eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras a chur i gcomparáid leis na TSCanna arna dtuairisciú faoin eolaire TSC, agus féadfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir leis na torthaí, chun críocha an Rialacháin seo.

2.   Beidh an t-eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras inrochtana do na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo. Laistigh den Choimisiún, is iad na hanailísithe ainmnithe amháin a dtabharfar cumhacht dóibh le sonraí atá san eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras a phróiseáil.

Beidh rochtain dhíreach ag na Ballstáit ar an méid seo a leanas:

(a)

sonraí maidir leis na dearbhuithe uile arna mbunú agus arna dtaisceadh sa Bhallstát lena mbaineann;

(b)

sonraí a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha ag a bhfuil uimhir EORI dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 agus a shannfaidh údaráis an Bhallstáit sin dóibh;

(c)

sonraí faoi idirthuras;

(d)

na sonraí eile go léir seachas sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 41b(2) den Rialachán seo.

Na húdaráis inniúla a mbeidh sonraí iontráilte acu sa Chóras Eolais Custaim dá dtagraítear in Airteagal 23(1) den Rialachán seo, nó a mbeidh sonraí ó chomhad imscrúdaithe curtha isteach acu sa Bhunachar sonraí um shainaithint comhad custaim dá dtagraítear in Airteagal 41a(1) den Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 41b den Rialachán seo, beidh rochtain acu ar na sonraí go léir san eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras a bhaineann leis an iontráil sin nó leis an gcomhad imscrúdaithe sin.

3.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún i gcomhthéacs na sonraí a bheidh san eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras.

Déanfar an Coimisiún a mheas mar rialaitheoir de réir bhrí phointe (d) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Beidh an t-eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras faoi réir réamhsheiceála ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Sonraí a bheidh san eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras, ní fhéadfar iad a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana, lena gcuirfear tréimhse bhreise dhá bhliain léi, má tá údar cuí leis sin.

4.   Ní bheidh san eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras na catagóirí speisialta sonraí de réir bhrí Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Cuirfidh an Coimisiún bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint ó mhilleadh de thaisme nó ó mhilleadh neamhdhleathach, ó chaillteanas de thaisme nó ó nochtadh, leasú agus rochtain neamhúdaraithe nó ó aon fhoirm neamhúdaraithe eile de phróiseáil.

5.   Cosnóidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis rúnda gnó. Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit na rialacha teicniúla, eagrúcháin agus slándála pearsanra is airde i dtaca le rúndacht ghairmiúil nó dualgais rúndachta eile coibhéiseacha i bhfeidhm maidir lena saineolaithe ainmnithe i gcomhréir le dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go gcomhlíonfar iarrataí ó Bhallstáit eile chun faisnéis a láimhseáil go rúnda atá á malartú trí bhíthin an eolaire um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras.

Airteagal 18e

Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Bhallstát doiciméid a chur ar fáil lena dtacófar le dearbhuithe allmhairí agus onnmhairí agus a nginfidh nó a mbaileoidh oibreoirí eacnamaíocha doiciméid tacaíochta ina leith, maidir le himscrúduithe a bhaineann le cur chun feidhme na reachtaíochta custaim.

Beidh an iarraidh dá dtagraítear sa chéad mhír dírithe ar na húdaráis inniúla. Nuair atá níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe ag Ballstát, sonróidh an Ballstát an roinn riaracháin atá freagrach as an iarraidh ón gCoimisiún a fhreagairt.

Déanfaidh Ballstát ceann de na nithe a leanas, laistigh de thréimhse ceithre seachtaine ag tosú ón tráth a gheofar an iarraidh ón gCoimisiún:

na doiciméid a iarrfar a chur ar fáil; faoi réir fírinnithe, laistigh de thréimhse bhreise sé seachtaine;

a chur in iúl don Choimisiún nach raibh sé indéanta an iarraidh a chomhlíonadh de bharr nár éirigh leis an oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil; nó

an iarraidh a dhiúltú de bharr cinneadh a dhéanfaidh údarás riaracháin nó údarás breithiúnach an Bhallstáit sin de réir Airteagal 3.

(13)  Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1).”;"

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21(1):

“1.   Na torthaí agus an fhaisnéis a gheofar le linn mhisin an Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 20, agus go háirithe na doiciméid a chuirfidh údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, chomh maith leis an bhfaisnéis a gheofar le linn fiosrúchán riaracháin, lena n-áirítear trí sheirbhísí an Choimisiúin, déileálfar leo i gcomhréir le hAirteagal 45.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23(4):

“4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 lena gcinntear na hoibríochtaí i dtaca le cur i bhfeidhm na rialachán talmhaíochta a éilíonn faisnéis a thabhairt isteach in CEC.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 29 Feabhra 2016.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25(1):

“1.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha maidir leis na nithe a bheidh le cur in CEC a bhaineann le gach ceann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 24 a mhéad is gá sin chun cuspóir an CEC a bhaint amach. Ní fhéadfar sonraí pearsanta a bheith sa chatagóir dá dtagraítear in Airteagal 24(e). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43a(2) faoin 29 Feabhra 2016.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2 d'Airteagal 29:

“1.   Déanfar an rochtain ar na sonraí in CEC a chur i leataobh go heisiach do na húdaráis náisiúnta atá ainmnithe ag gach Ballstát agus na ranna atá ainmnithe ag an gCoimisiún. Is riaracháin chustaim a bheidh sna húdaráis náisiúnta sin, ach féadfar údaráis eile a áireamh atá inniúil freisin, de réir dhlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit i dtrácht, chun gníomhú d'fhonn an cuspóir atá sonraithe in Airteagal 23(2) a bhaint amach.

Is ag comhpháirtí sóláthair CEC a bheidh an ceart a chinneadh cé na húdaráis i measc na n-údarás náisiúnta atá luaite sa chéad fhomhír den mhír seo a mbeidh rochtain acu ar shonraí a chuir sé in CEC.

2.   Seolfaidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún liosta dá chuid údarás náisiúnta inniúil ainmnithe ag a bhfuil rochtain ar CEC, ag sonrú dó, i gcás gach údaráis, cé na sonraí a mbeidh rochtain acu orthu agus cé na críocha.

Fíoróidh an Coimisiún leis na Ballstáit lena mbaineann, liosta na n-údarás náisiúnta atá ainmnithe i gcoinne ainmníochtaí díréireacha. Tar éis an fhíoraithe sin, deimhneoidh na Ballstáit lena mbaineann nó leasóidh siad an liosta de na húdaráis náisiúnta atá ainmnithe. Cuirfidh an Coimisiún an liosta sin in iúl do na Ballstáit eile dá réir. Cuirfidh sé in iúl do na Ballstáit freisin na sonraí comhfhreagracha maidir le ranna an Choimisiúin atá údaraithe chun rochtain a fháil ar CEC.

Déanfaidh an Coimisiún liosta na n-údarás náisiúnta agus ranna an Choimisiúin a ainmníodh dá réir sin a fhoilsiú mar fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus poibleoidh an Coimisiún ar an idirlíon aon uasdátú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an liosta.”;

(11)

leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Déanfaidh an Coimisiún liosta na n-údarás náisiúnta agus ranna a ainmníodh dá réir sin a fhoilsiú mar fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus poibleoidh an Coimisiún ar an idirlíon aon uasdátú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an liosta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Sonraí arna bhfáil ó CEC, le húdarú roimh ré, agus faoi réir coinníollacha ar bith arna bhforchur ag an mBallstát a chuir isteach in CEC iad, féadfar iad a chur in iúl lena n-úsáid ag údaráis náisiúnta seachas na húdaráis dá dtagraítear i mír 2, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha agus/nó ag gníomhaireachtaí an Aontais a chuidíonn le cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus le cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta custaim. Glacfaidh gach Ballstát bearta speisialta chun slándáil na sonraí sin a áirithiú nuair a bheidh siad á dtarchur nó á soláthar do ranna atá suite lasmuigh dá chríoch.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir leis an gCoimisiún i gcás inar chuir sé na sonraí isteach in CEC.”;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 4 de Theideal V:

“Caibidil 4

Sonraí a stóráil”;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

“Airteagal 33

Sonraí a bheidh in CEC ní choinneofar iad ach ar feadh an ama atá riachtanach chun an cuspóir, ar chuige a tugadh isteach iad, a bhaint amach agus ní fhéadfar iad a stóráil ar feadh níos mó ná cúig bliana le tréimhse bhreise dhá bhliain má tá údar léi.”;

(14)

in Airteagal 37, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Rachaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i mbun comhar leis an gComhúdarás Maoirseachta a bunaíodh faoi Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle (14), ag gníomhú do gach ceann acu laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, d'fhonn maoirseacht chomhordaithe agus iniúchtaí comhordaithe ar CEC a áirithiú.

(14)  Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).”;"

(15)

leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointe (b);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún araon bearta a ghlacadh:

(a)

le cosc a chur ar rochtain aon duine neamhúdaraithe ar shuiteálacha a úsáidtear chun sonraí a phróiseáil;

(b)

le cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó scriosadh sonraí agus meáin sonraí ag daoine neamhúdaraithe;

(c)

le cosc a chur ar iontráil neamhúdaraithe sonraí agus ar aon cheadú, aon mhodhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí;

(d)

le sonraí atá in CEC a chosc ó bheith á rochtain ag daoine neamhúdaraithe trí bhíthin trealaimh tarchuir sonraí;

(e)

lena ráthú, maidir le húsáid CEC, nach mbeidh ceart rochtana ag daoine údaraithe ach ar shonraí a bhfuil siad inniúil orthu;

(f)

lena ráthú gur féidir a sheiceáil agus a shuí cé hiad na údaráis a bhféadfar sonraí a tharchur chucu le trealamh tarchuir sonraí;

(g)

lena ráthú gur féidir a sheiceáil agus a shuí ex post facto cad iad na sonraí a cuireadh isteach in CEC, cathain agus cé a rinne, agus chun faireachán a dhéanamh ar an gceistiú;

(h)

le cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí le linn sonraí a tharchur agus meáin sonraí a iompar.”;

(c)

scriostar mír 3;

(16)

leasaítear Airteagal 41d mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Braithfidh an tréimhse ar lena linn a fhéadfar sonraí a stóráil ar dhlíthe, ar rialacháin agus ar nósanna imeachta na mBallstát a sholáthraíonn iad. Seo a leanas na huastréimhsí agus na tréimhsí neamhcharnacha a ríomhadh ó dháta iontrála na sonraí sa chomhad imscrúdaithe agus nach bhfhéadfar a shárú:

(a)

ní fhéadfar sonraí a bhaineann le comhaid imscrúduithe reatha a stóráil níos faide ná trí bliana gan iad a fheidhmiú, gan aon oibríocht a sháraíonn an reachtaíocht chustaim agus an reachtaíocht talmhaíochta a bheith breathnaithe; ní mór sonraí a dhéanamh anaithnid roimh an teorainn ama sin má tá bliain amháin caite ó rinneadh an bhreathnóireacht dheireanach;

(b)

sonraí a bhaineann le fiosruithe riaracháin nó le himscrúduithe coiriúla inar suíodh gur sháraigh oibríocht an reachtaíocht chustaim agus talmhaíochta ach nár eascair cinneadh riaracháin, ionchúiseamh, nó ordú chun fíneáil choiriúil ná pionós riaracháin a íoc astu, ní fhéadfar iad a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná sé bliana;

(c)

sonraí a bhaineann le fiosruithe riaracháin nó le himscrúduithe coiriúla ar tháinig cinneadh riaracháin, ionchúiseamh nó ordú chun fíneáil choiriúil nó pionós riaracháin a íoc astu, ní fhéadfar iad a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná deich mbliana.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh an Coimisiún na sonraí anaithnid nó scriosfaidh sé iad a luaithe a bheidh an uastréimhse stórála sonraí dá bhforáiltear i mír 1 caite.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43:

“Airteagal 43

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 23(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 8 Deireadh Fómhair 2015. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(18)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 43a

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 43b

Faoin 9 Deireadh Fómhair 2017, déanfaidh an Coimisiún measúnú maidir leis an méid seo a leanas:

an gá atá ann le síneadh a chur leis na sonraí onnmhairiúcháin atá sna heolairí dá dtagraítear in Airteagal 18a agus in Airteagal 18d, trí shonraí a áireamh maidir le hearraí seachas na cinn a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 18a(4) agus i bpointe (c) d'Airteagal 18d(1), agus

a indéanta atá sé cur leis na sonraí atá san eolaire um iompar, trí shonraí maidir le hallmhairiú, le honnmhairiú agus le hidirthuras earraí de thalamh agus d'aer a chur isteach.

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(19)

In Airteagal 53, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“I gcás iompróirí atá, an 8 Deireadh Fómhair 2015, faoi cheangal conarthaí príobháideacha lena gcuirtear cosc orthu a n-oibleagáid tuairisciú a dhéanamh a leagtar amach in Airteagal 18a(4) a chomhlíonadh, beidh feidhm leis an oibleagáid sin ón 9 Deireadh Fómhair 2016.”.

Airteagal 2

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige amhail ón 1 Meán Fómhair 2016.

3.   D'ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag pointí 5, 8, 9, 17 agus 18 d'Airteagal 1 amhail ón 8 Deireadh Fómhair 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meán Fómhair 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 15 Meitheamh 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meán Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(3)  Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custaim agus trádáil (IO L 23, 26.1.2008, lch. 21).

(4)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


Top