EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R1286

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

OJ L 352, 9.12.2014, p. 1–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/01/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1286/oj

9.12.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1286/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Samhain 2014

maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar raon leathan na gcineálacha táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) atá ar fáil d'infheisteoirí miondíola atá ag smaoineamh faoi infheistíocht a dhéanamh. Maidir le roinnt de na táirgí sin, is réitigh shonracha infheistíochta iad atá saincheaptha do riachtanais na n-infheisteoirí miondíola, is minic a chuirtear le chéile na táirgí sin le cumhdach árachais, nó is féidir gur táirgí casta agus dothuigthe iad. I láthair na huaire tá an dóigh a ndéantar faisnéis a nochtadh d'infheisteoirí miondíola faoi PRIIPanna den sórt sin neamhchomhordaithe agus is minic nach cuidiú ar bith í an fhaisnéis d'infheisteoirí miondíola chun comparáid a dhéanamh idir na táirgí éagsúla, agus chun sainghnéithe na dtáirgí a thuiscint. Dá dhroim sin, tá roinnt mhaith infheistíochtaí déanta ag infheisteoirí miondíola gan na rioscaí agus na costais a bhí bainteach leo a thuiscint, agus bhain roinnt caillteanas dóibh nach raibh coinne leo.

(2)

Beart tábhachtach cosanta d'infheisteoirí is ea feabhsú trédhearcacht PRIIPanna a thairgtear d'infheisteoirí miondíola agus tá gá leis chun muinín na n-infheisteoirí miondíola a chur ar ais sa mhargadh airgeadais, go háirithe i bhfianaise an méid a thit amach le linn na géarchéime airgeadais. Cuireadh tús leis an obair sin ar leibhéal an Aontais le forbairt an chórais faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir a bunaíodh le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

Níl cothrom iomaíochta ann idir táirgí agus slite dáileacháin éagsúla toisc go bhfuil rialacha éagsúla maidir le PRIIPanna ann ag brath ar an tionscal a thairgeann na PRIIPanna agus ar éagsúlachtaí sa reachtaíocht náisiúnta agus cuireann sin tuilleadh bacainní ar mhargadh inmheánach do sheirbhísí agus táirgí airgeadais. Tá gníomhartha éagsúla neamhchomhordaithe déanta cheana ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar laigí i mbearta cosanta d'infheisteoirí agus is dócha go leanfaí leis an bhforbairt sin. Tá na bealaí éagsúla cur chuige a úsáidtear maidir le nochtadh a bhaineann le PRIIPanna ina mbac ar chothrom iomaíochta a fhorbairt idir monaróirí PRIIP éagsúla agus iad siúd a thugann comhairle maidir leis na táirgí sin nó a dhíolann na táirgí sin agus dá bhrí sin déantar an iomaíocht a shaobhadh agus fágann sé sin leibhéil neamhchothroma cosanta d'infheisteoirí laistigh den Aontas Eorpach. Is bacainn éagsúlachtaí den sórt sin ar bhunú agus ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

(4)

Chun dibhéirseacht a chosc is gá rialacha aonfhoirmeacha maidir le trédhearcacht a bhunú ar leibhéal an Aontais a mbeidh feidhm acu maidir le gach rannpháirtí i margadh na PRIIPanna agus déanfar, leis sin, cosaint infheisteoirí a fheabhsú. Tá gá le rialachán lena áirithiú go mbunófar caighdeán coiteann do dhoiciméid faisnéise bunriachtanaí ar bhealach aonfhoirmeach a fhágfaidh go bhféadfar formáid agus ábhar na ndoiciméad sin a chomhchuibhiú. Ba cheart go n-áiritheofaí le rialacha atá infheidhme go díreach faoi rialachán go bhfuil gach duine a thugann comhairle maidir le PRIIPanna nó a dhíolann PRIIPanna iad féin, faoi réir ceanglas aonfhoirmeach i ndáil leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar d'infheisteoirí miondíola. Níl éifeacht ag an Rialachán seo maidir leis an maoirseacht a dhéantar ar dhoiciméid fhógraíochta. Thairis sin, níl aon éifeacht aige maidir le bearta idirghabhála maidir le táirgí ach amháin a mhéid a bhaineann sé le táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe.

(5)

Cé go bhfuil sé ríthábhachtach nochtuithe maidir le PRIIPanna a fheabhsú chun go mbeidh muinín ag infheisteoirí miondíola sna margaí airgeadais arís, tá sé chomh tábhachtach céanna córais díolacháin a rialáiltear go héifeachtach a bheith ann i gcás na dtáirgí seo. Comhlánaíonn an Rialachán seo na bearta maidir le dáileachán atá i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Comhlánaíonn sé freisin bearta a glacadh maidir le dáileadh táirgí árachais i dTreoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(6)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí ar fad, beag beann ar a bhfoirm nó ar a ndéantús, a mhonaraíonn tionscal na seirbhísí airgeadais chun deiseanna infheistíochta a thabhairt d'infheisteoirí miondíola, i gcás ina bhfuil an méid a aisíoctar leis an infheisteoir miondíola faoi réir luaineachtaí mar gheall ar neamhchosaint ar luachanna tagartha, nó faoi réir feidhmithe sócmhainne nó sócmhainní nach gceannaíonn an t-infheisteoir miondíola féin go díreach. Ba cheart na táirgí sin a aithint mar PRIIPanna chun críocha an Rialacháin seo agus ba cheart go n-áireofaí iontu, inter alia, táirgí infheistíochta amhail cistí infheistíochta, polasaithe árachais saoil a bhfuil gné infheistíochta ag baint leo, táirgí struchtúrtha agus taiscí struchtúrtha. I gcás ina mbíonn ionstraimí airgeadais a eisíonn feithiclí sainchuspóra ag cloí leis an sainmhíniú ar PRIIPanna, ba cheart go dtiocfadh siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo freisin. I gcás na dtáirgí sin uile, ní hionann infheistíochtaí agus infheistíochtaí den chineál díreach ina gceannaítear nó ina sealbhaítear na sócmhainní féin. Ina áit sin idirghabhann siad idir an t-infheisteoir agus na margaí trí shócmhainní a phacáistiú nó a chuachadh le chéile chun neamhchosaintí éagsúla a chruthú, chun gnéithe éagsúla de tháirgí a sholáthar, nó chun struchtúir éagsúla costais a bhaint amach i gcomparáid le sealúchas díreach. Féadann pacáistiú den chineál sin freisin a chur ar chumas infheisteoirí miondíola dul i mbun straitéisí infheistíochta a bheadh dorochtana nó neamhphraiticiúil murab ann dó, ach féadann sé a chur faoi deara freisin go gcaithfear faisnéis bhreise a chur ar fáil, go háirithe le go bhféadfar comparáidí a dhéanamh idir bealaí éagsúla chun infheistíochtaí a phacáistiú.

(7)

Lena áirithiú nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le PRIIPanna den sórt sin, ba cheart táirgí árachais nach dtugann deiseanna infheistíochta agus taiscí atá neamhchosanta ar rátaí úis amháin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. I gcás na dtáirgí um árachais saoil, ciallaíonn an téarma ‘caipiteal’ caipiteal a infheistítear ar iarraidh ón infheisteoir miondíola. Fairis sin, ba cheart aon taisce nó teastais arb ionann iad agus taiscí traidisiúnta, ach amháin taiscí struchtúrtha faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe (43) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Sócmhainní a bhfuil seilbh dhíreach orthu amhail scaireanna corparáideacha nó bannaí ceannasacha, ní PRIIPanna iad agus dá bhrí sin ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Déantar cistí infheistíochta atá tiomanta d'infheisteoirí institiúideacha a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo toisc nach bhfuil siad ar díol le hinfheisteoirí miondíola. Ba cheart táirgí um pinsin aonair agus ghairmiúla, atá aitheanta faoin dlí náisiúnta mar tháirgí um pinsin aonair agus ghairmiúla arb é is príomhchuspóir dóibh ioncam a thabhairt don infheisteoir atá ar scor a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, mar gheall ar shainghnéithe agus cuspóirí na dtáirgí sin, agus go mba cheart, ós a choinne sin, táirgí uathcharnacha árachais eile nó táirgí coigealtais a thugann deiseanna infheistíochta a chumhdach leis an Rialachán seo.

(8)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát rialú a dhéanamh ar sholáthar na faisnéise bunriachtanaí maidir leis na táirgí nach dtig faoina raon feidhme. I gcomhréir lena sainordú i ndáil le cosaint an tomhaltóra faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) ('ÚBE'), don Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) ("ÚEÁPC"), don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) ("ÚEUM") arna bhunú leis na Rialacháin sin ('ÚMEanna') faireachán a dhéanamh ar na táirgí a eisiatar ó raon feidhme an Rialacháin seo agus, nuair is cuí sin, treoirlínte a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar aon fhadhb a d'fhéadfaí a aithint. Ba cheart treoirlínte den chineál sin a chur san áireamh san athbhreithniú a bheidh le déanamh ceithre bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an bhféidearthacht chun an raon feidhme a leathnú agus chun eisiaimh áirithe a dhíothú.

(9)

Ar mhaithe le soiléireacht a sholáthar i dtaobh an chaidrimh idir na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo agus na hoibleagáidí a bhunaítear le gníomhartha reachtacha eile lenar gá faisnéis a sholáthar d'infheisteoirí, lena n-áirítear Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) is gá a leagan síos go bhfuil feidhm i gcónaí ag na gníomartha reachtacha sin i dteannta an Rialacháin seo.

(10)

D'fhonn maoirseacht ordúil agus éifeachtach ar chomhlíonadh riachtanais an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as an mhaoirseacht sin a ainmniú. I roinnt mhaith cásanna tá na húdaráis inniúla ainmnithe cheana chun maoirseacht a dhéanamh ar oibleagáidí eile a thitfidh ar mhonaróirí, ar dhíoltóirí nó ar chomhairleoirí PRIIP, ar oibleagáidí iad a eascraíonn as forálacha eile faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais.

(11)

Ba cheart do mhonaróirí gach faisnéis is gá a sholáthar do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh lena n-áirítear ex ante, d'fhonn inneachair na ndoiciméad bunriachtanach a fhíorú, d'fhonn comhlíonadh an Rialacháin seo a mheasúnú agus cosaint chliant agus infheisteoirí a áirithiú sna margaí airgeadais.

(12)

Ba cheart do mhonaróirí PRIIP — amhail bainisteoirí cistí, gnóthais árachais, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta — an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas i gcomhair na PRIIPanna a mhonaraíonn siad, toisc gurb iad is fearr a bhfuil eolas faoin táirge acu. Ba cheart dóibh freisin a bheith freagrach an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a bheith cruinn. Ba cheart don mhonaróir PRIIP an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas sular féidir an táirge a dhíol le hinfheisteoirí miondíola. I gcás nach ndíoltar an táirge le hinfheisteoirí miondíola, áfach, níor cheart go mbeadh aon cheanglas ann doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, agus i gcás nach bhfuil sé praiticiúil don mhonaróir PRIIP an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, ba cheart go leanfadh sé de bheith indéanta an cúram sin a tharmligean chuig daoine eile. Maidir leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo atá leagtha síos sna forálacha maidir leis an an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas agus na rialacha i ndáil leis an athbhreithniú air, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir leis an monaróir, agus leis sin amháin, agus ba cheart go leanfadh siad d'fheidhm a bheith acu a fhad a bhíonn PRIIP á thrádáil ar mhargaí tánaisteacha. Chun scaipeadh forleathan doiciméad faisnéise bunriachtanaí a áirithiú agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain forleathan orthu, ba cheart é a fhoráil leis an Rialachán seo go bhfoilseodh an monaróir PRIIP doiciméid faisnéise bunriachtanaí ar a shuíomh gréasáin féin.

(13)

Chun riachtanais infheisteoirí miondíola a shásamh, is gá a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis faoi PRIIPanna cruinn, cothrom, soiléir agus nach mbeidh sí míthreorach do na hinfheisteoirí miondíola sin. Dá bhrí sin, ba cheart caighdeáin choiteanna maidir le dréachtú an doiciméid faisnéise bunriachtanaí a leagan síos leis an Rialachán seo, lena áirithiú gur féidir le hinfheisteoirí miondíola é a thuiscint. I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhíonn ag cuid mhór infheisteoirí miondíola saintéarmaíocht airgeadais a thuiscint, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an bhfoclóir agus ar an stíl scríbhneoireachta a úsáidtear sa doiciméad. Ba cheart rialacha a leagan síos freisin maidir leis an teanga inar cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas. Ina theannta sin, ba cheart infheisteoirí miondíola a bheith in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a thuiscint mar atá sé, gan dul i muinín aon fhaisnéise neamh-mhargaithe eile.

(14)

Nuair a bheidh na caighdeáin theicniúla don inneachar sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí á bhforbairt, ba cheart a áirithiú le ÚMEanna go n-úsáidfidh an monaróir PRIIP friotal teanga atá soiléir agus intuigthe agus a bheidh inrochtana d'infheisteoirí miondíola, d'fhonn beartais infheistíochta an táirge agus a chuspóirí i gcomhréir leis an Rialachán seo a léiriú go cruinn leo agus go seachnaíonn an tuairisc faoin gcaoi a mbaintear amach spriocanna infheistíochta, lena n-áirítear tuairisc ar na hionstraimí airgeadais a úsáidtear, béarlagair agus saintéarmaíocht airgeadais nach bhfuil soiléir láithreach d'infheisteoirí miondíola.

(15)

Ba cheart an fhaisnéis is gá a sholáthar d'infheisteoirí miondíola le go bhféadfaidh siad cinneadh infheistíochta eolasach a dhéanamh agus PRIIPanna éagsúla a chur i gcomparáid le chéile, ach mura bhfuil an fhaisnéis sin gearr agus achomair tá baol ann nach mbainfidh siad úsáid aisti. Dá bhrí sin, níor cheart a bheith sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ach faisnéis bhunriachtanach, go háirithe maidir le cineál an táirge agus gnéithe an táirge, lena n-áirítear má tá seans ann go gcaillfí caipiteal, na costais a bhaineann leis an táirge agus a phróifíl riosca, mar aon le faisnéis ábhartha faoina fheidhmíocht, agus faisnéis shonrach áirithe eile a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun na gnéithe a bhaineann le cineálacha áirithe táirge a thuiscint.

(16)

Táthar i mbun áireamháin do tháirgí infheistíochta a fhorbairt cheana ar an leibhéal náisiúnta. D'fhonn, áfach, go mbeidh na háireamháin sin lánúsáideach do thomhaltóirí, ba cheart go gclúdófaí na costais agus na táillí a fhorchuireann monaróirí PRIIP éagsúla na dtáirgí infheistíochta, mar aon le haon chostais nó táillí breise a fhorchuireann idirghabhálaithe nó aon pháirtithe eile den slabhra infheistíocta nach bhfuil áirithe cheana ag na monaróirí PRIIP. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar cibé an bhfuil na huirlisí sin ar fáil ar líne i ngach Ballstát agus cibé an bhforálann siad do ríomhaireacht chruinn iontaofa ar chostais agus ar tháillí do na táirgí go léir laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

(17)

Ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas i bhformáid caighdeánaithe a fhágfaidh go bhféadfaidh infheisteoirí miondíola comparáid a dhéanamh idir PRIIPanna éagsúla, ós rud é go bhfágann iompar agus acmhainní tomhaltóirí nach mór formáid, cur i láthair agus ábhar na faisnéise a shocrú go cúramach chun an tuiscint agus an úsáid is fearr a bhaint as an bhfaisnéis. Ba cheart na míreanna agus teidil na míreanna a bheith san ord céanna i ngach doiciméad. Ina theannta sin, ba cheart mionsonraí na faisnéise atá le háireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcás PRIIPanna éagsúla agus cur i láthair na faisnéise sin a chomhchuibhiú níos mó trí chaighdeáin theicniúla rialála lena dtugtar aird ar thaighde atá déanta cheana agus ar thaighde atá ar siúl go fóill ar iompar tomhaltóirí, lena n-áirítear torthaí ó thástálacha ar éifeachtacht bealaí éagsúla chun faisnéis a chur i láthair na dtomhaltóirí. Chomh maith leis sin, i gcás roinnt PRIIPanna, féadfaidh infheisteoir miondíola rogha a dhéanamh idir infheistíochtaí bunúsacha éagsúla, amhail cistí inmheánacha i seilbh ghnóthais árachais. Ba cheart na táirgí sin a chur san áireamh agus an fhormáid á tarraingt suas.

(18)

Toisc nach bhfuil cuid de na táirgí infheistíochta laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo simplí agus toisc go bhféadfadh deachrachtaí a bheith ag infheisteoirí miondíola iad a thuiscint, ba cheart, i gcás inarb infheidhme, a áirithiú sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí foláireamh tuisceana chun an méid sin a chur in iúl don infheisteoir miondíola. Níor cheart breathnú ar tháirge mar tháirge atá simplí nó deacair le tuiscint go háirithe má dhéanann sé infheistiú i mbunsócmhainní nach iad na hinfheisteoirí miondíola is coitianta a infheistíonn iontu, má úsáideann sé roinnt sásraí éagsúla ann chun toradh deiridh na hinfheistíochta a ríomh, lena gcruthaítear riosca míthuisceana níos mó ó thaobh an infheisteora miondíola, nó má bheirtear buntáiste ar chlaontaí iompair an infheisteora miondíola trí dheathoradh na hinfheistíochta, amhail ráta cluana úis a leanann ráta coinníollach comhlúthach i bhfad níos airde é, nó foirmle atriallach.

(19)

Is minic a bhíonn cuspóirí breise ag infheisteoirí miondíola anois freisin amhail na spriocanna sóisialta agus comhshaoil in éineacht leis an mbarr airgeadais a bhíonn ag a infheistíocht. Mar sin féin, maidir leis na torthaí sóisialta nó na torthaí comhshaoil atá an monaróir PRIIP á lorg, féadann sé a bheith deacair cóimheas a dhéanamh idir na faisnéisí ina leith nó d'fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith ar iarraidh. Dá bhrí sin, leis na forbairtí ionchasacha inbhuaine comhshaoil agus sóisialta in infheistíochtaí airgeadais, chomh maith le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ráineodh go bhféadfaí na gnéithe cinntitheacha den sórt sin a lánpháirtiú ar bhealach níos iomchuí i ndlí an Aontais agus iad a chothú tuilleadh ag dlí an Aontais. Níl aon chritéir bunaithe áfach, nó níl aon nós imeachta foirmiúil ann chun critéir shóisialta agus comhshaoil den sórt sin a fhíorú go hoibiachtúil, faoi mar atá ann cheana i margadh an bhia. Dá bhrí sin, ina athbhreithniú ar an Rialachán sin, ba mhaith ann é go bhféachfadh an Coimisiún go mion ar fhorbairtí a bhaineann le táirgí infheistíochta comhshaoil agus sóisialta agus an toradh ar athbhreithniú Rialacháin (AE) Uimh. 346/2013.

(20)

Ba cheart go mbeifí ábalta an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a aithint go héasca ó aon chumarsáid margaíochta agus ba cheart é a bheith ar deighilt ón gcumarsáid sin.

(21)

D'fhonn a áirithiú gur faisnéis iontaofa í an fhaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ba cheart a chur de cheangal ar mhonaróirí PRIIP, an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a choinneáil cothrom le dáta. Chuige sin, ní mór rialacha mionsonraithe a chur ar bun a bhaineann le coinníollacha agus minicíocht an athbhreithnithe ar an bhfaisnéis agus rialacha mionsonraithe maidir leis an leasú ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a leagan síos i gcaighdeáin theicniúla rialála a ghlacfaidh an Coimisiún.

(22)

Tá doiciméid faisnéise bunriachtanaí ina mbunús leis na cinntí infheistíochta a dhéanann infheisteoirí miondíola. Ar an gcúis sin, tá freagracht shuntasach ar mhonaróirí PRIIP maidir le hinfheisteoirí miondíola sa chiall is nach mór dóibh deimhniú nach bhfuil na doicimeid sin míthreorach, míchruinn nó neamhréireach leis na codanna ábhartha de dhoiciméid chonarthacha an PRIIP. Mar sin, tá sé tábhachtach go ndeimhnítear go mbíonn ceart éifeachtach achomhairc ag infheisteoirí miondíola. Ba cheart a dheimhniú freisin go mbíonn an ceart céanna ag gach infheisteoir miondíola ar fud an Aontais chun cúiteamh a lorg i ndáil le haon dochar a fulaingíodh mar gheall ar mhainneachtain an Rialachán seo a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha maidir leis an dliteanas sibhialta atá ar mhonaróirí PRIIP a chomhchuibhiú. Ba cheart go mbeadh infheisteoirí miondíola in ann a áiteamh go bhfuil an monaróir PRIIP freagrach as aon sárú ar an Rialachán seo i gcás dochar a fulaingíodh a tharlaíonn mar gheall ar a bheith ag brath ar dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí atá neamhréireach le doiciméid chonarthacha nó réamhchonarthacha, atá faoi rialú ag an monaróir PRIIP, nó atá míthreorach nó míchruinn.

(23)

Maidir le hábhair a bhaineann le dliteanas sibhialta mhonaróir PRIIP nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a rialú faoin dlí náisiúnta is infheidhme. Is trí na rialacha ábhartha maidir le dlínse idirnáisiúnta ba cheart a chinneadh cé an chúirt atá inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le héileamh i leith dliteanais shibhialta arna dhéanamh ag infheisteoir miondíola.

(24)

Ní chruthaítear leis an Rialachán seo pas lena gceadófar díol nó margú trasteorann PRIIPanna le hinfheisteoirí miondíola, ná ní athraíonn sé socruithe pas atá ann cheana maidir le díol nó margú trasteorann PRIIPanna, más ann d'aon socruithe den sórt sin. Ní athraítear leis an Rialachán seo leithroinnt na bhfreagrachtaí idir na húdaráis inniúla atá ann cheana faoi shocruithe pas atá ann cheana. Mar sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun críocha an Rialacháin seo comhsheasmach leo siúd atá inniúil don mhargú faoi phas PRIIPanna atá ann cheana, más ann dóibh. Ba cheart go mbeadh údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéantar margú ar an PRIIP freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an margú ar an PRIIP sin. Ba cheart go mbeadh sé de cheart i gcónaí ag údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéantar margú ar an táirge chun margú PRIIP a chur ar fionraí laistigh de chríoch an Bhallstáit i gcás neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.

(25)

Ba cheart go ndéanfaí cumhachtaí ÚEÁPC agus na n-údarás inniúil ábhartha a chomhlánú le sásra sainráite chun cosc nó srian a chur ar mhargú, ar dháileadh agus ar dhíol aon táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe ar údar imní tromchúiseach iad maidir le cosaint infheisteoirí, feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais, nó maidir le cobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine, mar aon le cumhachtaí comhordaithe agus teagmhasachta iomchuí do ÚEÁPC. Ba cheart go léireofaí leis na cumhachtaí sin freisin na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM agus do ÚBE faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), d'fhonn a áirithiú go bhféadfar sásraí idirghabhála den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le gach táirge infheistíochta beag beann ar a bhfoirm dhlíthiúil. Ba cheart feidhmiú na gcumhachtaí sin ag údaráis inniúla agus, i gcásanna eisceachtúla, ag ÚEÁPC a bheith faoi réir coinníollacha sonracha a chomhall. Sa chás ina ndéantar na coinníollacha sin a chomhall, ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil nó, i gcásanna eisceachtúla, ÚEÁPC in ann toirmeasc nó srian a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula mbeidh margú nó dáileadh déanta ar tháirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó sula mbeidh an táirge sin díolta le hinfheisteoirí. Níl sé intuigthe leis na cumhachtaí sin gur ann d'aon cheanglas go ndéanfadh an t-údarás inniúil nó ÚEÁPC formheas nó ceadúnú táirge a thabhairt isteach nó a chur i bhfeidhm agus ní shaorann na cumhachtaí sin monaróir táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe óna fhreagracht ceanglais ábhartha uile an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Thairis sin, ba cheart na cumhachtaí sin a úsáid go heisiach ar mhaithe le leas an phobail agus níor cheart go n-eascródh dliteanas sibhialta ar thaobh na n-údarás inniúil astu.

(26)

Chun go bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola cinneadh infheistíochta eolasach a dhéanamh, ba cheart a chur de cheangal ar lucht comhairle no ar lucht díolta PRIIPanna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar in am trátha agus sula dtugtar aon idirbheart chun críche. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin beag beann ar an áit ina ndéantar an t-idirbheart nó ar an gcaoi ina ndéantar é. Nuair a dhéantar an beart trí mhodh cianchumarsáide, áfach, beifear in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar díreach i ndiaidh an t-idirbheart a chur i gcrích ar choinníoll nach bhfuil sé indéanta an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholathár roimhe sin agus go dtugann an t-infheisteoir miondíola a thoiliú. Ar na daoine a dhíolann nó a thugann comhairle maidir le PRIIPanna cuimsítear idirghabhálaithe agus na monaróirí PRIIP iad féin nuair a roghnaíonn na monaróirí PRIIP an PRIIP a dhíol go díreach leis na hinfheisteoirí miondíola nó comhairle a thabhairt dóibh maidir leis an PRIIP. Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) ná do Threoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(27)

Ba cheart rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos le go mbeidh rogha ag an duine atá ag díol an PRIIP nó ag tabhairt comhairle ina thaobh, maidir leis an meán ina soláthraítear an doiciméad faisnéise bunriachtanaí d'infheisteoirí miondíola chun go bhféadfar meán cumarsáide leictreonaí a úsáid nuair is iomchuí ag féachaint d'imthosca an idirbhirt. Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag an infheisteoir miondíola an doiciméad a fháil ar pháipéar. Ar mhaithe le rochtain an tomhaltóra ar fhaisnéis, ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar saor in aisce i gcónaí.

(28)

Lena áirithiú go bhfuil muinín ag infheisteoirí miondíola i PRIIPanna agus sna margaí airgeadais trí chéile, ba cheart ceanglais a bhunú maidir le nósanna imeachta inmheánacha lena n-áiritheofar go bhfaighidh infheisteoirí miondíola freagra substainteach ón monaróir PRIIP ar na gearáin uathu.

(29)

Ós rud é gur cheart d'eintitis atá ag feidhmiú sna hearnálacha baincéireachta, árachais, urrús agus cistí na doiciméid faisnéise bunriachtanaí do PRIIPanna a tháirgeadh, tá sé ríthábhachtach comhar rianúil a áirithiú idir na húdaráis éagsúla a dhéanann maoirseacht ar mhonaróirí PRIIP agus daoine a thugann comhairle ina dtaobh nó a mbíonn siad á ndíol acu ionas go dtabharfaidh siad faoi chur chun feidhme an Rialacháin sa dóigh chéanna.

(30)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 dar teideal 'Córais smachtbhannaí a dhaingniú in earnáil na seirbhísí airgeadais' agus chun comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear sáruithe ar an Rialachán seo faoi réir pionóis agus bearta riaracháin iomchuí. Lena áirithiú go mbeidh éifeacht athchomhairleach ag pionóis agus chun cosaint d'infheisteoiri a neartú trí rabhadh a thabhairt dóibh faoi PRIIPanna a mhargaítear de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart smachtbhannaí agus bearta a fhoilsiú mar ghnáthstaid ach amháin i ndálaí áirithe a shainítear go maith.

(31)

Cé go bhféadfaidh Ballstáit rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin agus pionóis choiriúla a leagan síos i ndáil leis na sáruithe céanna, níor cheart go gcuirfí de cheangal ar Bhallstáit rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin a leagan síos i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo agus na sáruithe sin faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta cheana. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ní bheidh sé de cheangal ar Bhallstáit smachtbhannaí riaracháin agus smachtbhannaí coiriúla araon a fhorchur i ndáil leis an gcoir chéanna ach ba cheart go mbeadh siad in ann déanamh amhlaidh má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta. Níor cheart, áfach, le smachtbhannaí coiriúla a choimeád ar bun in ionad smachtbhannaí riaracháin, i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo, go laghdófaí ná go n-athrófaí ar shlí eile cumas na n-údarás inniúil chun comhoibriú nó chun faisnéis a úsáid nó a mhalartú go tráthúil le húdaráis inniúla i mBallstáit eile chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear sáruithe ábhartha a chur ar aghaidh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúiseamh coiriúil a oscailt.

(32)

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le sonraí na nósanna imeachta a úsáidtear lena suíomh an ndíríonn PRIIP ar chuspóirí sonracha comhshaoil nó sóisialta, agus na coinníollacha le haghaidh fheidhmiú na gcumhachtaí idirghabhála ag ÚEÁPC agus ag na húdaráis inniúla a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméad ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(33)

Ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚMEanna, tríd an gComhchoiste, a ghlacadh maidir le cur i láthair agus ábhar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí, le formáid caighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, leis an modheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta agus chun na costais a ríomh, mar aon leis na coinníollacha agus an íosmhinicíocht i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus na coinníollacha chun an ceanglas maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d'infheisteoirí miondíola i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún obair theicniúil ÚMEanna a chomhlánú trí thástálacha tomhaltóirí a dhéanamh ar chur i láthair an doiciméid faisnéise bunriachtanaí mar a mholtar ag ÚMEanna.

(34)

Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), rialaítear próiseáil sonraí pearsanta arna ndéanamh sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil. Le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), rialaítear próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag ÚMEanna de bhun an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise ag na ÚMEanna a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(35)

Cé gur táirgí infheistíochta iad gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) de réir bhrí an Rialacháin seo, ciallaíonn bunú ceanglais maidir le faisnéis bhunriachtanach d'infheisteoirí a rinneadh le déanaí faoi Threoir 2009/65/CE go mbeadh sé comhréireach tréimhse eatramhach cúig bliana a chur ar fáil i gcás na GCUInna sin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar tréimhse í nach mbeidís faoi réir an Rialacháin seo lena linn. Tar éis don idirthréimhse sin dul in éag agus in éagmais aon síneadh a chur leis ba cheart do GCUInna teacht faoi réir an Rialacháin seo. Ba cheart go mbeadh an idirthréimhse sin infheidhme freisin maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a thugann comhairle i leith nó a dhíolann aonaid de chistí neamh-GCUI nuair a chuireann Ballstát rialacha i bhfeidhm maidir leis an bhformáid agus an t-inneachar a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 78 go dtí Airteagal 81 de Threoir 2009/65/CE, i ndáil le cistí den sórt sin.

(36)

Ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú gach ceithre bliana tar éis a theacht i bhfeidhm chun forbairtí sa mhargadh a chur san áireamh, amhail teacht ann do chineálacha nua PRIIPanna, chomh maith le forbairtí i réimsí eile de dhlí an Aontais agus i dtaithí na mBallstát. Leis an athbhreithniú ba cheart indéantacht, costais agus na sochair féideartha maidir le lipéad a thabhairt isteach d'infheistíochtaí sóisialta agus comhshaoil a mheasúnú. Ina theannta sin, ba cheart measúnú a dhéanamh san athbhreithniú féachaint ar chuir na bearta a tugadh isteach leis an tuiscint atá ag na gnáth-infheisteoirí miondíola ar PRIIPanna agus ar chuir siad le hinchomparáideacht PRIIPanna. Ba cheart a scrúdú freisin ar cheart an tréimhse eatramhach atá infheidhme ar GCUInna nó neamh-GCUIanna áirithe a fhadú, nó ar cheart roghanna eile a chur san áireamh chun déileáil le cistí den chineál sin. Fairis sin, ba cheart measúnú a dhéanamh san athbhreithniú ar cheart an maolú do tháirgí ó raon feidhme an Rialacháin seo a choimeád ar bun, i bhfianaise an gá atá le caighdeáin téagartha le haghaidh cosaint tomhaltóirí lena n-áirítear comparáidí idir táirgí airgeadais. Mar chuid den athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún suirbhé margaidh a sheoladh freisin chun a chinneadh cibé an mbeidh uirlisí ríomhaireachta ar líne ar fáil sa mhargadh lena bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola costais agus táillí comhiomlána PRIIPanna a ríomh agus cibé an mbeidh na huirlisí sin ar fáil saor in aisce. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh tograí reachtacha ag gabháil léi, más gá sin.

(37)

Ag féachaint don obair leanúnach a ghabhann ÚEÁPC de láimh i dtaca le ceanglais faoi fhaisnéis ar tháirgí a nochtadh i leith táirgí pinsin ghairme agus sainiúlachtaí na dtáirgí sin á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún a mheas, laistigh de cheithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, an gcoimeádfar ar bun eisiamh na dtáirgí pinsin a aithnítear faoin dlí idirnáisiúnta a bhfuil de phríomhchuspóir acu ioncam a sholáthar don infheisteoir atá ar scor, agus a thugann teideal ar thairbhí áirithe don infheisteoir. Le linn dó a mheasúnú a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún a mheas an é an Rialachán PRIIP seo an sásra reachtach is fearr le haghaidh faisnéis ar thairgí pinsin a nochtadh, nó an mbeadh sé níos iomchuí sásraí eile nochta a bheith ann.

(38)

Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí PRIIP agus do dhaoine a dhíolann nó a thugann comhairle maidir le PRIIPanna, ullmhú do chur i bhfeidhm praiticiúil cheanglais an Rialacháin seo, níor cheart go mbeadh sé infheidhme go dtí dhá bhliain tar éis dháta a theacht i bhfeidhm.

(39)

Leis an Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus na prionsabail a chumhdaítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(40)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cosaint d'infheisteoirí miondíola agus a muinín i PRIIPanna a fheabhsú, lena n–áirítear i gcás ina ndíoltar na táirgí sin thar theorainneacha, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur féidir, de bharr a iarmhairtí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(41)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh (17),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le formáid agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí a tharraingeoidh monaróirí PRIIP suas agus rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar d'infheisteoirí miondíola d'fhonn a chur ar chumas infheisteoirí miondíola gnéithe agus na rioscaí sonracha PRIIP a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile.

Airteagal 2

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le monaróirí PRIIP agus le daoine a dhíolann nó a thugann comhairle i ndáil leo.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí seo a leanas:

(a)

táirgí árachais neamhshaoil arna liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/138/CE;

(b)

conarthaí árachais saoil nuair nach mbíonn na sochair faoin gconradh iníoctha ach amháin mar gheall ar bhás nó i gcás éagumais mar gheall ar ghortú, ar bhreoiteacht nó ar éiglíocht;

(c)

taiscí, ach amháin taiscí struchtúrtha arna sainmhíniú i bpointe (43) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(d)

urrúis dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (g), pointe (i) agus pointe (j) d'Airteagal 1(2) de Threoir 2003/71/CE;

(e)

táirgí pinsin, ar táirgí iad a aithnítear faoin dlí náisiúnta mar tháirgí arb é is phríomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus é ar scor, agus a thugann teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú;

(f)

scéimeanna pinsin ghairme a aithnítear go hoifigiúil faoi raon feidhme Threoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) nó Threoir 2009/138/CE;

(g)

táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin.

Airteagal 3

1.   I gcás ina bhfuil monaróirí PRIIP atá faoi réir an Rialacháin seo faoi réir Threoir 2003/71/CE freisin, beidh feidhm ag an Rialachán seo agus ag Treoir 2003/71/CE araon.

2.   I gcás ina bhfuil monaróirí PRIIP atá faoi réir an Rialacháin seo faoi réir Threoir 2009/138/CE freisin, beidh feidhm ag an Rialachán seo agus ag Treoir 2009/138/CE araon.

Airteagal 4

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘táirge infheistíochta miondíola pacáistithe’ nó ‘PRIP’ infheistíocht, lena n-áirítear ionstraimí a eisíonn feithiclí sainchuspóireacha faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe (26) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE, nó eintitis shainchuspóireacha urrúsaithe mar a shainmhínítear iad i bpointe (an) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), nuair, beag beann ar fhoirm dhlí na hinfheistíochta, a bheidh an tsuim a bheidh ais-iníoctha leis an infheisteoir miondíola faoi réir luaineachtaí toisc é a bheith neamhchosanta ar luachanna tagartha nó ar fheidhmíocht ceann amháin nó níos mó de na sócmhainní nach gceannaíonn an t-infheisteoir miondíola go díreach;

(2)

ciallaíonn ‘táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ táirge árachais a dhéanann luach aibíochta nó géilliúna a thairiscint agus an luach aibíochta nó géilliúna sin a bheith neamhchosanta go páirteach nó go hiomlán, go díreach nó go hindíreach, ar luaineachtaí an mhargaidh;

(3)

ciallaíonn ‘táirge infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ nó ‘PRIIP’ táirge a bhfuil ceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas fíor ina leith:

(a)

is PRIP é;

(b)

is táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe é;

(4)

ciallaíonn ‘monaróir táirge infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ nó ‘monaróir PRIIP’:

(a)

aon eintiteas a mhonaraíonn PRIIPanna;

(b)

aon eintiteas a dhéanann athruithe ar PRIIP atá ann cheana lena n-áirítear a phróifíl riosca agus luaíochta a athrú nó na costais a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa PRIIP ach gan a bheith teoranta dó sin amháin;

(5)

ciallaíonn ‘duine a dhíolann PRIIP’ duine a thairgeann conradh PRIIP d'infheisteoir miondíola nó a thugann i gcrích leis é;

(6)

ciallaíonn ‘infheisteoir miondíola’:

(a)

cliaint mhiondíola mar a shainítear i bpointe (11) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(b)

custaiméar laistigh de chiall Threoir 2002/92/CE nuair nach gcáileofaí an custaiméar sin mar chliant gairmiúil de réir mar a shainítear i bpointe (10) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(7)

ciallaíonn ‘meán marthanach’ meán marthanach mar a shainítear i bpointe (m) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE;

(8)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar na ceanglais a chuirtear faoin Rialachán seo ar mhonaróirí PRIIP agus ar dhaoine a dhíolann PRIIP nó a thugann comhairle i ndáil leis.

CAIBIDIL II

DOICIMÉAD FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ

ROINN I

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas

Airteagal 5

1.   Sula gcuirtear PRIIP ar fáil d'infheisteoirí miondíola, déanfaidh an monaróir PRIIP doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas don táirge sin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo don táirge sin agus foilseoidh sé sin ar a shuíomh gréasáin.

2.   Féadfaidh aon Bhallstát iarraidh ar an monaróir PRIIP nó ar an duine a dhíolann PRIIP an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fhógairt ex ante don údarás inniúil le haghaidh PRIIPanna a ndéantar margú orthu sa Bhallstát sin.

ROINN II

Foirm agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí

Airteagal 6

1.   Is faisnéis réamh-chonarthach a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí. Beidh sé cruinn, cothrom, soiléir agus ní bheidh sé míthreorach. Cuirfear faisnéis bhunriachtanach ar fáil ann agus beidh sé i gcomhréir le haon doiciméid cheangailteacha chonarthacha, leis na codanna ábhartha de na doiciméid tairisceana agus le téarmaí agus coinníollacha an PRIIP.

2.   Doiciméad neamhspleách a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar léir nach bhfuil baint aige le hábhair mhargaíochta. Ní dhéanfar aon chrostagairtí ann d'ábhar margaíochta. Féadfar crostagairtí a dhéanamh ann do dhoiciméid eile lena n-áirítear réamheolaire nuair is infheidhme, agus go díreach sa chás ina mbaineann an chrostagairt leis an bhfaisnéis a chaithfear a chur sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí de réir an Rialacháin seo.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina dtugtar raon roghanna maidir le hinfheistíochtaí don infheisteoir miondíola le PRIIP, ionas agus nach féidir an fhaisnéis uile a éilítear in Airteagal 8(3), ag féachaint do gach rogha bhunúsach infheistíochta, a chur ar fáil i ndoiciméad aonair, beacht, neamhspleách amháin, forálfar leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí tuairisc aonchineálach ar a laghad ar na roghanna bunúsacha infheistíochta agus luafar ann an áit ina bhféadfar teacht ar fhaisnéis dhoiciméadaithe réamhchonartha níos mionsonraithe a bhaineann leis na táirgí infheistíochta atá mar chúltaca ag na roghanna bunúsacha infheistíochta agus an bealach ina bhféadfar an fhaisnéis sin a fháil.

4.   Déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas mar dhoiciméad gearr, a bheidh scríofa ar bhealach beacht agus a bheidh ar thrí thaobh ar a mhéad de leathanach A4 agus é clóite, agus inchomparáideacht á cur chun cinn ar an tslí sin. Beidh na nithe seo a leanas fíor ina leith:

(a)

cuirfear é i láthair agus beidh sé leagtha amach sa dóigh is go bhfuil sé éasca a léamh, ag úsáid carachtar atá inléite ó thaobh méide de;

(b)

díreofar ann ar an bhfaisnéis bunriachtanach a theastaíonn ó infheisteoirí miondíola;

(c)

beidh an fhaisnéis léirithe go soiléir agus scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint, go háirithe, i bhfriotal soiléir, gonta agus sothuigthe.

5.   I gcás ina bhfuil dathanna sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ní chuirfidh siad isteach ar shothuigtheacht na faisnéise má dhéantar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chló nó má dhéantar é a fhótachóipeáil i ndubh agus bán.

6.   I gcás ina n-úsáidtear brandáil chorparáideach nó lógó an mhonaróra PRIIP nó an ghrúpa lena mbaineann sé sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ní bhainfidh sé aire an infheisteora miondíola ón fhaisnéis atá sa doiciméad ná ní chuirfidh sé aon chuid den téacs i bhfolach.

Airteagal 7

1.   Beidh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí scríofa i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina leithdháiltear an PRIIP, nó ar a laghad i gceann de na teangacha oifigiúla a úsáidtear i gcuid den Bhallstát sin, nó i dteanga eile a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi, nó i gcás ina scríobhtar i dteanga éigin eile é, déanfar é a aistriú go ceann de na teangacha réamhluaite sin.

Léireofar inneachar an bhundoiciméid faisnéise bunriachtanaí go cruinn agus i gceart san aistriúchán.

2.   Má dhéantar PRIIP a chur chun cinn i mBallstát trí bhíthin doiciméid mhargaíochta a scríobhtar i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin, scríobhfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar a laghad sna teangacha oifigiúla comhfhreagracha.

Airteagal 8

1.   Beidh an teideal "Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí" le feiceáil go soiléir ar bharr an chéad leathanaigh den doiciméid faisnéise bunriachtanaí.

Cuirfear an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i láthair sa sraith a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3.

2.   Beidh ráiteas míniúcháin go díreach faoin teideal den doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Is é a bheidh ann:

‘Sa doiciméad seo, tugtar duit faisnéis bhunriachtanach faoin táirge infheistíochta seo. Ní ábhar margaíochta atá anseo. Éilítear an fhaisnéis seo leis an dlí chun cabhrú leat cineál an táirge, na rioscaí, na costais, na gnóthachain agus na caillteanais ionchasacha a bhaineann leis, a thuiscint agus chun cabhrú leat comparáid a dhéanamh idir an táirge seo agus táirgí eile’.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí:

(a)

ag tús an doiciméid, ainm an PRIIP, céannacht agus sonraí teagmhála an mhonaróra PRIIP, faisnéis faoi údarás inniúil an mhonaróra PRIIP agus dáta an doiciméid;

(b)

i gcás inarb infheidhme, foláireamh cuimsitheach a léifear mar a leanas: ‘Tá tú ar tí táirge nach bhfuil simplí a cheannach agus féadfaidh sé a bheith deacair an táirge a thuiscint.’;

(c)

faoi roinn dár teideal ‘Cad é an táirge seo?’, cineál an PRIIP agus a phríomhghnéithe, lena n-áirítear:

(i)

an cineál PRIIP;

(ii)

a chuspóirí agus na modhanna chun iad a bhaint amach, go háirithe, cibé acu an mbaintear na cuspóirí amach trí neamhchosaint dhíreach nó neamhdhíreach ar na sócmhainní bunúsacha infheistíochta, lena n-áirítear cur síos ar na hionstraimí bunúsacha, nó luachanna tagartha, lena n-áirítear sonrú ar na margaí a ndéanann an PRIIP infheistíocht iontu, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, cuspóirí sonracha comhshaoil nó sóisialta ar ndíríonn an táirge, chomh maith leis an mbealach a gcinntear an toradh;

(iii)

tuairisc ar an gcineál infheisteora miondíola a ndíreofar air agus margú á dhéanamh ar PRIIP, go háirithe i dtéarmaí an chumais caillteanas infheistíochta a sheasamh agus i dtéarmaí na físe infheistíochta;

(iv)

i gcás ina dtairgtear sochair árachais leis an PRIIP, mionsonraí na sochar árachais sin, lena n-áirítear na cúinsí lena spreagfaí iad;

(v)

téarma an PRIIP, más eol sin;

(d)

faoi roinn dár teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d'fhéadfainn fáil mar thoradh orthu?’, cur síos gearr ar an bpróifíl riosca-luaíochta, ina mbeidh na gnéithe a leanas:

(i)

táscaire achomair riosca, a fhorlíontar agus míniú insinte faoin táscaire sin atá ag dul leis, na príomh-theorainneacha a bhaineann leis an táscaire agus míniú insinte faoi na rioscaí atá ábhartha go sonrach don PRIIP ach nach n-áirítear faoin táscaire achoimrithe riosca;

(ii)

an t-uasmhéid den chaipiteal infheistithe a d'fhéadfaí cailliúint, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an méid a leanas:

an bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola an caipiteal infheistithe uile a chailleadh; nó

an dtitfidh ualach an riosca ar an infheisteoir miondíola maidir le hoibleagáidí nó le gealltanais bhreise airgeadais, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha sa bhreis ar an gcaipiteal a infheistítear san PRIIP, agus

i gcás inarb infheidhme, cibé an áirítear cosaint chaipitil ar an PRIIP lena dtugtar cosaint in aghaidh an riosca mhargaidh, agus na mionsonraí maidir leis an méid a chumhdaítear leis agus na teorainneacha a ghabhann leis, go háirithe i ndáil leis an am atá sé infheidhme;

(iii)

cásanna cuí bunaithe ar fheidhmiú an táirge ar an margadh, agus na boinn tuisceana a úsáidtear chun iad a shamhlú;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na coinníollacha maidir le torthaí d'infheisteoirí miondíola nó uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite;

(v)

ráiteas go bhféadfar le reachtaíocht chánach Bhallstát baile an infheisteora miondíola tionchar a imirt ar an íocaíocht iarbhír amach;

(e)

faoi roinn dar teideal ‘Cad a tharlaíonn mura bhfuil [ainm an mhonaróra PRIIP] in ann an íocaíocht a thabhairt?’, beidh cur síos gearr ar cibé acu an bhfuil an chailliúint ghaolmhar cumhdaithe le cúiteamh infheisteora nó le scéim ráthaíochta agus, más rud é go bhfuil, cén scéim atá i gceist, cad is ainm don ráthóir agus cad iad na rioscaí a chumhdaítear leis an scéim agus na cinn nach gcumhdaítear;

(f)

faoi roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’, tabharfar na costais a bhaineann le hinfheistíocht sa PRIIP, lena gcuimseofar costais dhíreacha agus neamhdhíreacha a bheidh le híoc ag an infheisteoir miondíola, lena n-áirítear costais aonuaire agus athfhillteacha, a chuirtear i láthair trí tháscairí achoimre ar na costais sin agus, ar mhaithe le hinchomparáideacht a áirithiú, iomlán na gcostas comhiomlán a léireofar i dtéarmaí airgeadaíocha agus céatadánacha, chun éifeachtaí iolraithe na gcostas iomlán ar an infheistíocht a léiriú;

Léireofar go soiléir sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí go gcuirfidh comhairleoirí, dáileoirí nó aon duine eile a thugann comhairle maidir leis an PRIIP nó a dhíolann an PRIIP faisnéis ar fáil ina dtugtar eolas faoi aon chostas dáileacháin nach bhfuil san áireamh cheana sna costais a shonraítear thuas, ionas go mbeidh an infheisteoir miondíola in ann an éifeacht charnach a bhíonn ag na costais chomhiomlána sin ar thoradh na hinfheistíochta a thuiscint;

(g)

faoi roinn dar teideal ‘Cén fhad ar cheart dom é a choimeád agus an féidir liom mo chuid airgid a tharraingt siar go luath?’

(i)

nuair is infheidhme, an bhfuil tréimhse mharana nó tréimhse chealúcháin ann maidir leis an PRIIP;

(ii)

léiriú ar an tréimhse íosta sealbhaíochta a mholtar agus, nuair is infheidhme, a cheanglaítear;

(iii)

an cumas aon dí-infheistiú a dhéanamh roimh aibíochta, agus na coinníollacha a ghabhfaidh leis sin, lena n-áirítear na táillí agus na pionóis uile is infheidhme, ag féachaint do phróifíl rioscaí agus torthaí an PRIIP agus don fhorbairt sa mhargadh ar a bhfuil sé dírithe;

(iv)

faisnéis faoi na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith i gceist le scor ar airgead sula mbeidh deireadh leis an téarma nó leis an tréimhse sealbhaíochta a mholtar, amhail an chosaint chaipitil a chailliúint nó táillí teagmhasacha breise;

(h)

faoi roinn dar teideal ‘Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?’, beidh faisnéis faoin mbealach ina bhféadfaí le hinfheisteoir miondíola gearán a dhéanamh agus cé leis a bhféadfaidh sé gearán a dhéanamh maidir leis an táirge nó le hiompar an mhonaróra PRIIP nó le duine a thugann comhairle i ndáil leis an táirge nó a dhíolann an táirge;

(i)

faoi roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’, faisnéis achomair faoi aon doiciméid faisnéise bhreise atá le cur ar fáil don infheisteoir miondíola ag an gcéim réamhchonarthach agus/nó ag an gcéim iarchonarthach, ábhair mhargaíochta as an áireamh.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30, ina sonrófar mionsonraí na nósanna imeachta a úsáidtear lena suí an ndírítear le PRIIP ar chuspóirí sonracha comhshaoil nó sóisialta.

5.   I gcomhar le Comhchoiste an Údaráis Eorpaigh Maoirseachta (‘Comhchoiste’) agus d'fhonn deimhniú go gcuirtear an tAirteagal seo chun feidhme ar bhonn comhsheasmhach, forbróidh ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí a bhaineann le cur i láthair agus ábhar na n-eilimintí faisnéise go léir dá dtagraítear i mír 3;

(b)

an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta dá dtagraítear i bpointí (d) (i) agus (iii) de mhír 3; agus

(c)

an mhodheolaíocht chun na costais a ríomh, lena n-áirítear sonrú na dtáscairí achoimre, dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3.

Agus na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla á bhforbairt, cuirfidh ÚMEanna na cineálacha áirithe PRIIPanna, na difríochtaí eatarthu agus na hacmhainní atá ag infheisteoirí miondíola san áireamh, chomh maith leis na gnéithe de PRIIPanna chun ligean don infheisteoir miondíola rogha a dhéanamh idir infheistíochtaí bunúsacha éagsúla nó idir roghanna eile dá bhforáiltear leis an táirge, lena n-áirítear cásanna inar féidir an rogha sin a dhéanamh ag pointí éagsúla ama, nó inar féidir an rogha a athrú amach anseo.

Cuirfidh ÚMEanna na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2015.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 9

Aon chumarsáid margaíochta ina bhfuil faisnéis shonrach a bhaineann leis an PRIIP, ní áireofar inti aon ráiteas a thagann salach ar an bhfaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí nó a bhaineann de thábhacht an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Cuirfear in iúl in aon chumarsáid margaíochta go bhfuil doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar fáil agus tabharfar faisnéis faoi mar is féidir teacht air agus cá háit is féidir teacht air freisin, lena n-áirítear suíomh gréasáin an mhonaróra PRIIP.

Airteagal 10

1.   Déanfaidh an monaróir PRIIP an fhaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú go rialta agus leasóidh sé an doiciméad má léiríonn an t-athbhreithniú gur gá athruithe a dhéanamh. Cuirfear an leagan athbhreithnithe ar fáil go pras.

2.   I gcomhar leis an gComhchoiste agus d'fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a dheimhniú, forbróidh ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na dálaí i leith athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí;

(b)

na dálaí nach mór an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú fúthu;

(c)

na dálaí sonracha nach mór faisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú fúthu nó nach mór an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a leasú fúthu i gcás ina gcuirtear an PRIIP ar fáil d'infheisteoirí miondíola go neamhleanúnach;

(d)

ná cúinsí faoinar gá infheisteoirí miondíola a chur ar an eolas maidir le haon athbhreithniú a dhéantar ar dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí i ndáil le PRIIP a cheannaigh siad chomh maith leis na modhanna lena mbeifear in ann na hinfheisteoirí miondíola a chur ar an eolas.

Cuirfidh ÚMEanna na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

1.   Ní thabhóidh an monaróir PRIIP aon dliteanas sibhialta ar bhonn an doiciméid faisnéise bunriachtanaí amháin, lena n-áireofar aon aistriúchán de, ach amháin má tá sé míthreorach, míchruinn nó neamhréireach leis na codanna ábhartha de na doiciméid réamhchonarthacha agus chonarthacha atá ceangailteach de réir dlí nó leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8.

2.   Maidir le hinfheisteoir miondíola a léiríonn gur bhain caillteanas dó mar gheall ar a bheith ag brath ar dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí, faoi na cúinsí dá dtagraítear i mír 1, agus infheistíocht a dhéanamh sa PRIIP ar táirgeadh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí sin lena aghaidh, féadfaidh sé damáistí a éileamh ón monaróir PRIIP i leith an chaillteanais sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.   Léirmhíneofar gnéithe amhail ‘caillteanas’ nó ‘damáistí’ amhail dá dtagraítear i mír 2 ach nach sainítear agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme mar a chinntear le rialacha ábhartha an dlí phríobháidigh idirnáisiúnta.

4.   Ní eisiann an Airteagal seo éilimh eile maidir le dliteanas sibhialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

5.   Ní dhéanfar na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a theorannú nó a tharscaoileadh le clásail chonarthacha.

Airteagal 12

I gcás ina mbaineann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí le conradh árachais, is le sealbhóir polasaí an chonartha árachais amháin, agus ní le tairbhí an chonartha árachais, a bhaineann na hoibleagáidí atá ar ghnóthais árachais faoin Rialachán seo.

ROINN III

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar

Airteagal 13

1.   Aon duine a thugann comhairle i ndáil le PRIIP, nó a dhíolann PRIIP, soláthróidh sé an doiciméad faisnéise bunriachtanaí do na hinfheisteoirí miondíola in am trátha sula mbeidh na hinfheisteoirí miondíola sin faoi cheangal ag aon chonradh nó tairiscint a bhaineann leis an PRIIP sin.

2.   Féadfaidh duine a thugann comhairle maidir le PRIIP nó a dhíolann é ceanglais mhír 1 a chomhlíonadh trí dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil do dhuine agus é údaraithe i scríbhinn go bhféadfaidh sé cinntí infheistíochta a dhéanamh thar ceann an infheisteora miondíola i ndáil leis na hidirbhearta a thugtar chun críche faoin údarás i scríbhinn sin.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus faoi réir Airteagal 3(1), pointe (a) d'Airteagal 3(3) agus Airteagal 6 de Threoir 2002/65/CE, féadfaidh duine a dhíolann PRIIP an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar don infheisteoir miondíola, nuair a thabharfar an t-idirbheart chun críche gan aon mhoill mhíchuí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas ar fad:

(a)

socraíonn an t-infheisteoir miondíola, ar a thionscnamh féin, dul i dteagmháil leis an duine a dhíolann PRIIP agus an t-idirbheart a chur i gcrích trí mhodh cianchumarsáide;

(b)

ní féidir an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;

(c)

chuir an duine a bhfuil comhairle á tabhairt aige maidir leis an PRIIP nó a dhíolann an PRIIP sin in iúl don infheisteoir miondíola nach bhfuil sé indéanta an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar agus luaigh sé go soiléir go bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola moill a chur ar an idirbheart chun go mbeidh sé in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fháil agus a léamh sula dtabharfar an idirbhirt chun críche;

(d)

comhaontaíonn an t-infheisteoir miondíola go bhfaighidh sé an doiciméad faisnéise bunriachtanaí gan aon mhoill mhíchuí tar éis dóibh an t-idirbheart a chur i gcrích, sa chaoi is nach gá moill a chur leis an idirbheart agus an doiciméad á lorg roimh ré.

4.   I gcás ina ndéantar idirbhearta comhleanúnacha a bhaineann leis an PRIIP céanna thar ceann infheisteora miondíola i gcomhréir le treoracha a thug an t-infheisteoir miondíola sin don duine atá ag díol an PRIIP roimh an gcéad idirbheart, is maidir leis an gcéad idirbheart amháin a bheidh feidhm ag an oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar faoi mhír 1, agus leis an gcéad idirbheart eile tar éis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 10.

5.   I gcomhar leis an gComhchoiste agus d'fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a dheimhniú, forbróidh na ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na coinníollacha atá le sásamh chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar in am trátha mar atá leagtha síos i mír 1.

Cuirfidh na ÚMEanna na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14

1.   Soláthróidh an duine a thugann comhairle i ndáil le PRIIP nó a bhfuil PRIIP á dhíol aige an doiciméad faisnéise bunriachtanaí d'infheisteoirí miondíola saor in aisce.

2.   Soláthróidh an duine a thugann comhairle i ndáil le PRIIP nó a bhfuil PRIIP á dhíol aige an doiciméad faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir miondíola ar cheann de na meáin seo a leanas:

(a)

ar pháipéir, agus ba cheart gur sin a bheidh mar an rogha réamhshocraithe i gcás ina dtairgtear PRIIP ar bhonn duine le duine, mura n-iarrann an t-infheisteoir miondíola a mhalairt;

(b)

ar mheán marthanach eile nach páipéar é, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 4; nó

(c)

trí bhíthin suíomh gréasáin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 5.

3.   I gcás ina soláthraítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar mheán marthanach nach páipéar é nó ina soláthraítear ar shuíomh gréasáin é, soláthrófar cóip ar pháipéar d'infheisteoirí miondíola arna iarraidh sin agus déanfar sin saor in aisce. Cuirfear in iúl d'infheisteoirí miondíola go bhfuil de cheart acu cóip ar pháipéar a iarraidh saor in aisce.

4.   Féadfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar trí mheán marthanach eile a úsáid seachas páipéar má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is iomchuí an meán marthanach a úsáid i gcomhthéacs an ghnó arna dhéanamh idir an duine a thugann comhairle maidir le PRIIP nó a dhíolann é agus an t-infheisteoir miondíola; agus

(b)

tugadh rogha don infheisteoir miondíola faisnéis a fháil ar pháipéar nó tríd an meán marthanach, agus roghnaigh sé an meán eile sin ar bhealach arbh fhéidir fianaise a chur ar fáil ina leith.

5.   Féadfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar trí bhíthin suíomh gréasáin nach dtagann faoin sainmhíniú ar mheán marthanach má chomhlíontar na coinníollacha go léir seo a leanas:

(a)

is iomchuí an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil trí bhíthin suíomh gréasáin i gcomhthéacs an ghnó arna sheoladh idir an duine a thugann comhairle maidir leis an PRIIP nó a dhíolann é agus an t-infheisteoir miondíola;

(b)

tugadh rogha don infheisteoir miondíola faisnéis a fháil ar pháipéar nó trí shuíomh gréasáin, agus roghnaigh sé trí bhíthin suíomh gréasáin ar bhealach arbh fhéidir fianaise a chur ar fáil ina leith;

(c)

cuireadh seoladh an tsuímh ghréasáin in iúl don infheisteoir miondíola go leictreonach nó i scríbhinn mar aon leis an áit ar an suíomh gréasáin inar féidir rochtain a fháil ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí;

(d)

tá an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar fáil go leanúnach ar an suíomh gréasáin sin agus gur féidir é a íoslódáil agus a stóráil ar mheán marthanach, go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá réasúnta ag an infheisteoir miondíola léi chun an fhaisnéis a léamh.

I gcás ina bhfuil leasuithe déanta ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcomhréir le hAirteagal 10, cuirfear iar-leaganacha ar fáil freisin arna iarraidh sin don infheisteoir miondíola;

6.   Chun críocha mhír 4 agus mhír 5, measfar gurb iomchuí faisnéis a sholáthar trí mheán marthanach seachas páipéar nó trí bhíthin suíomh gréasáin i gcomhthéacs an ghnó arna sheoladh idir an duine atá ag díol PRIIP nó ag tabhairt comhairle ina thaobh agus an t-infheisteoir miondíola má tá fianaise ann go bhfuil rochtain rialta ag an infheisteoir miondíola ar an idirlíon. Má sholáthraíonn an t-infheisteoir miondíola seoladh ríomhphoist chun críocha an ghnó sin, féachfar air sin mar fhianaise den sórt sin.

CAIBIDIL III

FAIREACHÁN AR AN MARGADH AGUS CUMHACHTAÍ IDIRGHABHÁLA MAIDIR LE TÁIRGÍ

Airteagal 15

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, déanfaidh ÚEÁPC faireachán ar an margadh do tháirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a dhéantar a chur ar an margadh san Aontas, a dháileadh nó a dhíol ann.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar an margadh do tháirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a dhéantar a mhargú, a dháileadh nó a dhíol ina mBallstát nó óna mBallstát.

Airteagal 16

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, féadfaidh ÚEÁPC, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, toirmeasc nó srian sealadach a chur ar an méid a leanas san Aontas:

(a)

margú, dáileadh nó díol táirgí áirithe infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu; nó

(b)

cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais airgeadais a dhéanann gnóthas árachais nó athárachais.

Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEÁPC.

2.   Ní ghlacfaidh ÚEÁPC cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

leis an ngníomhaíocht a bheartaítear, tugtar aghaidh ar ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó ar bhagairt d'fheidhmiú rianúil agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó do chuid de;

(b)

na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe ábhartha nó leis an ngníomhaíocht ábhartha, ní thugtar aghaidh ar an mbagairt leo;

(c)

ní dhearna údarás inniúil ná údaráis inniúla gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ní thugtar aghaidh go leordhóthanach, leis na gníomhaíochtaí a glacadh, ar an mbagairt sin.

I gcás go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEÁPC an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhargú nó a dhíol d'infheisteoirí.

3.   Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEÁPC an méid a leanas faoin ngníomhaíocht:

(a)

ní bheidh éifeacht dhochrach aici ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, ar éifeacht í a bheadh díréireach le sochair na gníomhaíochta; nó

(b)

ní chruthófar riosca arbatráiste rialála léi.

I gcás go mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagail 17, féadfaidh ÚEÁPC aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 18 a eisiúint.

4.   Sula gcinnfidh sé aon ghníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚEÁPC fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.

5.   Foilseoidh ÚEÁPC fógra ar a shuíomh gréasáin faoi aon chinneadh a ghlacfar chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.

6.   Déanfaidh ÚEÁPC athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí agus uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéanfar an toirmeasc nó an srian a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag.

7.   Beidh forlámhas ag gníomhaíocht a ghlacfaidh ÚEÁPC faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile a rinne údarás inniúil roimhe sin.

8.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚEÁPC agus iad ag cinneadh cibé arb ann d'ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó do bhagairt maidir le feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chóras iomlán airgeadais an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2, nó do chobhsaíocht cuid de.

Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

(a)

an méid castachta a bhaineann leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus an gaol leis an gcineál infheisteora a ndéanfar é a mhargú agus a dhíol dóibh;

(b)

méid nó luach barúlach an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe;

(c)

a nuálaí is atá an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, gníomhaíocht nó cleachtas; agus

(d)

an ghiaráil a chuirfear ar fáil le táirge nó le cleachtas.

Airteagal 17

1.   Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc nó srian a chur ar an méid a leanas ina Bhallstát sin nó óna Bhallstát:

(a)

margú, dáileadh nó díol táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu; nó

(b)

cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais airgeadais a dhéanann gnóthas árachais nó athárachais.

2.   Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha, gur fíor an méid a leanas:

(a)

is ábhar mór imní ó thaobh cosanta infheisteoirí é táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó gníomhaíocht nó cleachtas, nó is bagairt é d'fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó don chóras airgeadais ina iomláine laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad;

(b)

leis na ceanglais rialála atá ann cheana faoi dhlí an Aontais arb infheidhme iad maidir leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas, ní thugtar aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus ní thabharfaí faoin tsaincheist ar bhealach níos fearr trí mhaoirseacht fheabhsaithe a dhéanamh nó trí na ceanglais atá ann cheana a fhorfheidhmiú;

(c)

tá an ghníomhaíocht comhréireach agus cineál na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, mar aon le leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a d'fhéadfadh an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint astu;

(d)

tá an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfadh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus

(e)

níl tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile.

I gcás go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhargú nó a dhíol d'infheisteoirí. Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil.

3.   Ní fhorchuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian faoin Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcuirfidh sé fógra faoi na mionsonraí seo a leanas, i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis, chuig gach údarás inniúil eile lena mbaineann agus chuig ÚEÁPC, tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an am a bheartófar go mbeidh éifeacht leis an mbeart:

(a)

an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas, lena mbaineann an beart atá beartaithe;

(b)

cineál beacht an toirmisc nó an tsriain atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus

(c)

an fhianaise ar a bhunaigh sé a chinneadh agus ar deimhin leis dá réir go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha i mír 2.

4.   I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh faoin Airteagal sin ionas nach dtiocfaidh dochar as na táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe, na gníomhaíochtaí nó na cleachtais dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh ar bhonn sealadach tar éis fógra 24 uair an chloig ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, roimh an am a bheartaítear éifeacht a bheith leis an mbeart, do na húdaráis inniúla eile go léir agus do ÚEÁPC ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir ar fad atá san Airteagal seo agus, ina theannta sin, go suífear go soiléir nach mbeadh tréimhse fógraíochta aon mhí amháin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ar leith nó ar an mbagairt ar leith. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht a ghlacadh ar bhonn sealadach go ceann tréimhse is faide ná trí mhí.

5.   Foilseoidh an t-údarás inniúil fógra ar a shuíomh gréasáin maidir le haon chinneadh a dhéanfar i leith toirmeasc ar bith nó srian ar bith dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar mionsonraí an toirmisc nó an tsriain san fhógra sin, an dáta tar éis dháta foilsithe an fhógra óna mbeidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar deimhin leis an údarás dá réir go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha i mír 2. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc nó ag an srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis fhoilsiú an fhógra.

6.   Déanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a aisghairm mura mbeidh feidhm a thuilleadh leis na coinníollacha i mír 2.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 30 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh ar údaráis inniúla a chur i gcuntas agus iad ag cinneadh cibé arb ann d'ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó bagairt maidir le feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó maidir le cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2.

Áireofar sna critéir agus sna tosca sin an méid a leanas:

(a)

a chasta atá táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus an gaol leis an gcineál infheisteora a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dó;

(b)

a nuálaí atá táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, gníomhaíocht nó cleachtas;

(c)

an ghiaráil a chuirfear ar fáil le táirge nó le cleachtas;

(d)

maidir le feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais, méid nó luach barúlach táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe.

Airteagal 18

1.   Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag ÚEÁPC maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 17. Áiritheoidh ÚEÁPC go háirithe go mbeidh bonn cirt le gníomhaíocht a dhéanfaidh údarás inniúil agus go mbeidh sí comhréireach agus go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach i gcás inarb iomchuí.

2.   Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 17 maidir le haon ghníomhaíocht a bheidh le forchur faoin Airteagal sin, glacfaidh ÚEÁPC tuairim i dtaobh an bhfuil bonn cirt leis an toirmeasc nó an srian agus an bhfuil sé comhréireach. I gcás ina measfaidh ÚEÁPC go bhfuil gá le beart ó údaráis inniúla eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca, tabharfaidh sé an méid sin le fios freisin sa tuairim uaidh. Foilseofar an tuairim ar shuíomh gréasáin ÚEÁPC.

3.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh nó i gcás ina ndéanfaidh sé an ghníomhaíocht agus go bhfuil sí contrártha le tuairim a ghlac ÚEÁPC faoi mhír 2 nó i gcás ina ndiúltóidh an t-údarás sin gníomhaíocht a dhéanamh atá contrártha leis an tuairim sin, cuirfidh sé fógra ar a shuíomh gréasáin láithreach lena míneofar go beacht na cúiseanna atá aige maidir leis sin.

CAIBIDIL IV

GEARÁIN, SÁSAMH, COMHAR AGUS MAOIRSEACHT

Airteagal 19

Bunóidh an monaróir PRIIP agus an duine a thugann comhairle maidir leis an PRIIP nó a dhíolann é nósanna imeachta agus socruithe iomchuí lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

beidh bealach éifeachtach ag infheisteoirí miondíola chun gearán a chur isteach i gcoinne an mhonaróra PRIIP;

(b)

infheisteoirí miondíola a chuir gearán isteach maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí, gheobhaidh siad freagra substainteach ar mhodh tráthúil agus cuí; agus

(c)

beidh nósanna imeachta éifeachtúla ar fáil freisin d'infheisteoirí miondíola i gcás go dtarlaíonn réiteach díospóidí trasteorann, go háirithe i gcás go bhfuil an monaróir PRIIP lonnaithe i mBallstát eile nó i dtríú tír.

Airteagal 20

1.   Chun críocha chur chun feidhme an Rialacháin seo, comhoibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus, gan aon mhoill mhíchuí, tabharfaidh siad pé faisnéis dá chéile arb ábhartha í chun críocha a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus chun críocha a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú.

2.   I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad a bheidh de dhíth orthu ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú faoin Rialachán seo.

Airteagal 21

1.   Déanfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh sa Bhallstát sin de bhun an Rialacháin seo.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag ÚMEanna.

CAIBIDIL V

PIONÓIS RIARACHÁIN AGUS BEARTA EILE

Airteagal 22

1.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena mbunófar smachtbhannaí riaracháin chuí agus bearta a bheidh infheidhme maidir le cásanna arb ionann iad agus sárú ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí agus na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha le haghaidh smachtbhannaí riaracháin dá dtagarítear sá chéad fhomhír a leagan síos i gcomhréir le mír 1 maidir le sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Faoin 31 Nollaig 2016 cuirfidh na Ballstáit na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl don Choimisiún agus donChomhchoiste. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus don Chomhchoiste, gan mhoill, maidir le haon athrú ina dhiaidh sin ar na rialacha sin.

2.   I bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoi Airteagal 24, comhoibreoidh na húdaráis inniúla go dlúth le chéile chun a áirithiú go bhfaighfear na torthaí a shaothrófar leis an Rialachán seo ó na smachtbhannaí riaracháin agus ó na bearta agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú chun dúbailt agus forluí a d'fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus smachtbhannaí agus bearta riaracháin á gcur i bhfeidhm i gcásanna trasteorann.

Airteagal 23

Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a gcuid cumhachtaí i ndáil le smachtbhannaí a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta ar cheann ar bith de na bealaí seo:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

trína bhfhreagracht a tharmligean d'údaráis den chineál sin;

(d)

trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

Airteagal 24

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le sáruithe ar Airteagal 5(1), Airteagal 6 agus 7, Airteagal 8(1) go dtí (3), Airteagal 9, Airteagal 10(1), Airteagal 13(1), (3) agus (4) agus Airteagal 14 agus Airteagal 19.

2.   Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na smachtbhannaí riaracháin agus bearta seo a leanas ar a laghad a fhorchur:

(a)

ordú lena dtoirmeasctar margú PRIIP;

(b)

ordú lena bhfionraítear margú PRIIP;

(c)

rabhadh poiblí lena gcuirtear an duine atá freagrach as an sárú in iúl agus cineál an tsáraithe freisin;

(d)

ordú lena dtoirmeasctar doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar nach gcomhlíontar ceanglais Airteagal 6, 7, 8 nó 10 leis, ar ordú é lena gceanglaítear go bhfoilseofar leagan nua de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí;

(e)

fíneálacha riaracháin arb ionann iad agus ar a laghad:

(i)

i gcás eintitis dhlítheanaigh:

suas le EUR 5 000 000, nó i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Nollaig 2014 nó suas le 3 % den láimhdeachas bliantúil iomlán an eintitis dhlítheananigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil agus iad formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó

suas le dhá oiread de mhéid na dtorthaí a gnóthaíodh nó na gcailliúintí a seachnaíodh mar gheall ar an sárú nuair is féidir sin a chinneadh;

(ii)

i gcás duine nádúrtha:

suas le EUR 700 000, nó, i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Nollaig 2014, nó

suas le dhá oiread de mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó de mhéid na gcailliúintí a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, nuair is féidir sin a chinneadh.

Nuair is mátharghnóthas nó fochuideachta an mhátharghnóthas atá san eintiteas dlítheanach ar gá dó ráitis chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim a bheidh sa láimhdeachas ábhartha iomlán, i gcomhréir le dlí an Aontais is ábhartha i ndáil le cuntasaíocht, de réir na ráiteas comhdhlúite airgeadais is deireanaí atá ar fáil agus sin formheasta ag comhlacht bainistíochta an mhátharghnóthais deiridh;

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don fhéidearthacht go mbeidh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh do smachtbhannaí breise nó do bhearta breise agus d'fhíneálacha riaracháin a bheadh ar leibhéil níos airde ná iad sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

4.   I gcás ina bhforchuireann na húdaráis inniúla pionóis riaracháin nó bearta i gcomhréir le mír 2, go bhfuil de chumhacht ag na húdaráis inniúla teachtaireacht dhíreach a eisiúint don infheisteoir miondíola lena mbaineann, nó go bhfuil sé de chumhacht acu a cheangal ar an monaróir PRIIP nó ar an duine a dhíolann an PRIIP, nó a thugann comhairle i ndáil leis sin, teachtaireacht dhíreach a eisiúint don infheisteoir miondíola, lena dtugtar faisnéis dó faoin smachtbhanna riaracháin nó faoin mbeart riaracháin, agus lena gcuirtear ar an eolas é i dtaobh cá háit ar féidir gearán a dhéanamh nó éilimh ar shásamh a dhéanamh.

Airteagal 25

Nuair is iomchuí é, cuirfidh na húdaráis inniúla smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2) i bhfeidhm agus na himthosca ábhartha go léir á gcur san áireamh acu, lena n-áirítear:

(a)

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(c)

an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

(d)

iompar comhoibritheach an duine atá freagrach as an sárú;

(e)

aon sárú roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú;

(f)

bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú, i ndiaidh an tsáruithe, chun athdhéanamh an tsáruithe a chosc.

Airteagal 26

Beidh cinntí smachtbhannaí a fhorchur agus bearta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo faoi réir cirt achomhairc.

Airteagal 27

1.   I gcás ina poibleoidh an t-údarás inniúil smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin, déanfaidh sé na smachtbhannaí riaracháin nó na bearta riaracháin sin a thuairisciú d' ÚME inniúil de réir mar a bhaineann agus déanfar sin an tráth céanna.

2.   Soláthróidh an t-údarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán d' ÚME inniúil de réir mar a bhaineann, maidir leis na smachtbhannaí riaracháin nó na bearta riaracháin go léir atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 24(2).

3.   Foilseoidh ÚMEanna an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ina dtuarascálacha bliantúla.

Airteagal 28

1.   Bunóidh na húdaráis inniúla sásraí éifeachtacha ionas go bhféadfar aon sárú iarbhír ar an Rialachán seo nó aon sárú a d'fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú dóibh.

2.   Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

nósanna imeachta sainiúla maidir le fáil na dtuairiscí ar sháruithe iarbhír nó féideartha agus maidir lena leanúint;

(b)

cosaint chuí ar fhrithbheartaíocht, ar idirdhealú nó ar chineálacha eile de chóir neamhchothrom, ar a laghad, do fhostaithe a fhograíonn sáruithe a tharlaíonn laistigh de chuideachta a bhfostóirí;

(c)

cosaint a thabhairt do chéannacht an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus an duine nádúrtha a líomhnaítear go bhfuil sé freagrach as an sárú agus an chosaint a thabhairt le linn gach céim den nós imeachta ach amháin más gá sin a nochtadh faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúdú sa bhreis nó nósanna imeachta breithiúnacha a oscailt ina dhiaidh sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na húdaráis inniúla sásraí eile a bhunú faoin dlí náisiúnta.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar fhostóirí a thugann faoi ghníomhaíochtaí atá rialaithe ar mhaithe le cuspóirí seirbhísí airgeadais, nósanna imeachtaí cuí a chur ar bun ionas go mbeidh a bhfostaithe in ann sháruithe iarbhír nó féideartha a thuairisciú go hinmheánach trí chainéal sonrach, neamhspleách agus féinrialaithe.

Airteagal 29

1.   Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a láithreáin gréasáin oifigiúla cinneadh nach ndearnadh achomharc ina choinne agus lena bhforchuirfear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin as sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1) gan aon mhoill mhíchuí nuair a bheidh an duine a gcuirfear an smachtbhanna nó beart ina leith ar an eolas faoin gcinneadh sin.

Áireofar sa foilsiú an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

cineál agus nádúr an tsáraithe;

(b)

céannacht na ndaoine atá freagrach.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena gcuirtear chun feidhme bearta de nádúr imscrúdaitheach.

Nuair a mheasann t-údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n-eintiteas dlítheanacha nó chéannacht nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha míréireach, ámh, agus sin mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin nó nuair a chuirfeadh foilsiú den sórt sin cobhsaíocht na margaí airgeadais nó aon imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas:

(a)

cuirfidh siad moill ar fhoilsiú an chinnidh chun smachtbhanna nó beart a ghearradh go dtí go dtagann deireadh le cúiseanna a neamhfhoilsithe;

(b)

foilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a ghearradh gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má dheimhnítear, leis an bhfoilsiú gan ainm sin, cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann; nó

(c)

ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den fhomhír seo chun an méid a leanas a áirithiú:

(i)

nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii)

comhréireacht fhoilsiú na gcinntí sin i ndáil le bearta a meastar ar mionbhearta iad.

2.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚMEanna dá réir maidir leis na smachtbhannaí riarachain nó bearta riaracháin uile a forchuireadh ach nár foilsíodh i gcomhréir le pointe (c) den tríú fomhír de mhír 1 lena n-áirítear aon achomharc ina leith agus an toradh a bhí air.

Má dhéantar cinneadh beart nó smachtbhanna den chineál sin a fhoilsiú gan ainm féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnaí má fhéachtar leis go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheidh ann don fhoilsiú sin gan ainm.

3.   Nuair fhoráiltear sa dlí náisiúnta go bhfoilseofar freisin an cinneadh chun beart nó smachtbhanna a fhorchur, ar cinneadh é atá faoi réir achomhairc os comhair údarás breithiúnach nó eile, foilseoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin ar a suíomh gréasáin, gan aon mhoill mhíchuí, agus foilseoidh siad freisin gach faisnéis sa bhreis a bheidh acu ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin. Sa bhreis air sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar ceal aon chinneadh a rinneadh roimhe sin maidir le beart nó smachtbhanna a fhorchur agus a fhoilsiú.

4.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán, i gcomhréir leis an Airteagal seo, sin ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse nach giorra ná cúig bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní choimeádfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach don tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha infheidhme um chosaint sonraí.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 30

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(4), in Airteagal 16(8) agus in Airteagal 17(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse trí bliana ón 30 Nollaig 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse trí bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta.Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4), in Airteagal 16(8) agus in Airteagal 17(7) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 8(4), Airteagal 16(8) nó Airteagal 17(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

I gcás ina nglacann an Coimisiún caighdeáin theicniúla rialála de bhun Airteagal 8(5), Airteagal 10(2) nó Airteagal 13(5) atá mar an gcéanna leis na caighdeáin theicniúla rialála arna dtíolacadh ag ÚMEanna, agus maidir le hagóid a dhéanamh i gcoinne na gcaighdeán teicniúla rialála sin, is dhá mhí ó dháta an fhógra a bheidh sa tréimhse a bheidh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an Comhairle de mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus chun castacht agus méid na saincheisteanna a chumhdaítear ann a chur san áireamh. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle féadfar síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin.

Airteagal 32

1.   Maidir le cuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2009/65/CE iad, le cuideachtaí infheistíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sinagus maidir le daoine a dhíolann GCUIeanna nó ag tabhairt comhairle ina dtaobh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de, tá díolúine acu ó na hoibleagáidí faoin Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2019.

2.   Nuair a chuireann Ballstát rialacha chun feidhme, maidir le formáid agus inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, arna leagan síos in Airteagal 78 go dtí Airteagal 81 de Threoir 2009/65/CE, ar chistí neamh-GCUIeanna a thairgtear d'infheisteoirí miondíola, beidh feidhm ag an díolúine arna leagan síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a dhíolann aonaid de chistí den chineál sin nó a thugann comhairle ina dtaobh d'infheisteoirí miondíola.

Airteagal 33

1.   Faoin 31 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo. Áireofar san athbhreithniú suirbhé ginearálta ar oibriú an fholáirimh tuisceana, bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó ÚMEanna, agus aon treoir a fhorbraíonn na húdaráis inniúla ina leith sin á cur san áireamh. Áireofar air freisin suirbhé ar chur i bhfeidhm praiticiúil na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus aird chuí á tabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh do tháirgí infheistíochta miondíola agus a indéanta atá sé lipéad a thabhairt isteach i gcás infheistíochtaí sóisialta agus comhshaoil, agus na costais agus na tairbhí a ghabhfadh leis sin. Mar chuid dena athbhreithniú, rachaidh an Coimisiún i mbun tástálacha i measc tomhaltóirí agus scrúdóidh sé roghanna neamhreachtacha agus an toradh a bheidh ar an athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le pointe (c), le pointe (e) agus le pointe (g) d'Airteagal 27(1) de.

Maidir le GCUIeanna mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE, déanfar a mheasúnú san athbhreithniú an bhfuil síneadh le cur leis na socruithe eatramhacha faoi Airteagal 32 den Rialachán seo nó, tar éis aon choigeartuithe riachtanacha a dhéanamh, an féidir na forálacha maidir le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir i dTreoir 2009/65/CE a athrú nó an féidir a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí faoin Rialachán seo. Mar chuid den athbhreithniú seo, déanfar measúnú ar aon síneadh a d'fhéadfaí tabhairt do raon feidhme an Rialacháin seo le haghaidh táirgí airgeadais eile agus déanfar measúnú ar cheart cloí leis an díolúine atá ag táirgí áirithe ó raon feidhme an Rialacháin seo i bhfianaise na gcaighdeán téagartha i ndáil le cosaint tomhaltóirí lena n-áirítear comparáid a dhéanamh idir tháirgí airgeadais. Mar chuid den athbhreithniú, deanfar measúnú freisin ar a iomchuí a bheidh sé rialacha coitianta a thabhairt isteach maidir leis an ngá go bhforchuirfeadh gach Ballstát smachtbhannaí riaracháin i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo.

2.   Measúnóidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2018, ar bhonn na hoibre a ghabh ÚEÁPC de láimh i ndáil le ceanglais maidir le faisnéis faoin táirge a nochtadh, cibé an molfar gníomh reachtach nua lena ráthófar nochtadh cuí i ndáil le ceanglais maidir le faisnéis faoin táirge le haghaidh na dtáirgí sin nó cibé an áireofar ann táirgí pinsin dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 2(2) i raon feidhme an Rialacháin seo.

Le linn dó a mheasúnú a dhéanamh, áiritheoidh an Coimisiún nach laghdófar le bearta den sórt sin caighdeáin um nochtadh i mBallstáit ag a bhfuil córais um nochtadh acu cheana le haghaidh táirgí pinsin den sórt sin.

3.   Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an gComhchoiste, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle atá bainteach le mír 1 agus mír 2 agus, más gá, beidh togra reachtach ag gabháil léi.

4.   Faoin 31 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún suirbhé margaidh lena chinneadh an bhfuil áireamháin ar líne ar fáil lena bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola costais agus táillí comhiomlána PRIIPanna a ríomh agus lena chinneadh an bhfuil na háireamháin sin saor in aisce. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil le chéile chun féachaint an dtugann na háireamháin sin ríomhanna iontaofa cruinne i gcás na dtáirgí uile faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Sa chás ina bhfionntar sa suirbhé nach ann do na háireamháin sin nó nach gcuireann na háireamháin atá ann cheana ar chumas na n-infheisteoirí miondíola méid comhiomlán na gcostas agus na dtáillí a ghabhann le PRIIPanna a thuiscint, déanfaidh an Coimisiún measúnú, tríd an gComhchoiste, ar ÚMEanna, lena bhforbrófar dréachtchaighdeáin rialála theicniúla ina leagfar amach na sonraíochtaí is infheidhme maidir le háireamháin den chineál sin atá ar leibhéal Aontais.

Airteagal 34

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Samhain 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  IO C 70, 9.3.2013, lch. 2.

(2)  IO C 11, 15.1.2013, lch. 59.

(3)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch 32).

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CÉ agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(5)  Treoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Nollaig 2002 maidir le hidirghabháil árachais (IO L 9, 15.1.2003, lch. 3).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch 84).

(9)  Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).

(10)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárchais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch 18).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(13)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach ("an Treoir um thrádáil leictreonach") (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(14)  Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

(15)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch.1).

(17)  IO C 100, 6.4.2013, lch. 12.

(18)  Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme a sholáthar (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).

(19)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(20)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).


Top