EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0652

Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle

OJ L 189, 27.6.2014, p. 1–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2017

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/652/oj

27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 652/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I ndlí an Aontais déantar foráil maidir le ceanglais i ndáil le bia agus sábháilteacht bia agus beatha agus sábháilteacht beatha, ag gach céim den táirgeadh lena n-áirítear rialacha a bhfuil sé mar sprioc acu cleachtais chóra sa trádáil agus soláthar faisnéise do thomhaltóirí a ráthú. Leagtar síos ann freisin ceanglais i dtaca le galair in-tarchurtha in ainmhithe agus zónóisí a chosc agus a shrianadh, chomh maith le ceanglais maidir le leas ainmhithe, seachtháirgí ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, cosaint cineálacha plandaí, orgánaigh ghéinmhodhnaithe, táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus a úsáid agus úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí. Déantar foráil freisin i ndlí an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhfuil sé mar sprioc acu cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas sin agus a gcomhlíonadh a áirithiú.

(2)

Is é cuspóir ginearálta dhlí an Aontais sna réimsí sin cur le hardleibhéal sláinte don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí ag gach céim den bhiashlabhra, le hardleibhéal cosanta agus faisnéise do thomhaltóirí agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol, agus iomaíochas agus cruthú post á gcothú ag an am céanna.

(3)

Éilítear acmhainní airgeadais iomchuí chun an cuspóir ginearálta sin a shaothrú. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go ranníocann an tAontas le cistiú beart a dtugtar fúthu sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an gcuspóir ginearálta sin. Sa bhreis air sin, ionas gur féidir an caiteachas a spriocdhíriú go héifeachtúil, ba cheart cuspóirí sonracha a leagan síos agus táscairí a shocrú le baint amach na gcuspóirí sin a mheasúnú.

(4)

Ba i bhfoirm deontas, soláthair agus íocaíochtaí le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sa réimse sin a tugadh maoiniú ón Aontas i ndáil le bia agus beatha san am atá thart. Is iomchuí leanúint den mhaoiniú a dhéanamh sa tslí sin.

(5)

Féadfaidh Ballstáit maoiniú ón Aontas a úsáid freisin chun tacaíocht a thabhairt dóibh i ngníomhaíochtaí maidir le sláinte plandaí nó ainmhithe chun lotnaidí nó galair ainmhithe a shrianadh nó a dhíothú, ar gníomhaíochtaí iad arna gcur i gcrích ag eagraíochtaí atá gníomhach sna réimsí sin.

(6)

Ar chúiseanna smachta bhuiséadaigh, is gá a leagan síos sa Rialachán seo liosta beart incháilithe a fhéadfaidh tairbhiú de ranníocaíocht ón Aontas mar aon leis na costais incháilithe agus na rátaí infheidhme.

(7)

Agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3) á chur sa áireamh, is é EUR 1 891 936 000 an t-uasmhéid do chaiteachas maidir le bia agus beatha don tréimhse iomlán 2014 go 2020.

(8)

Ina theannta sin, ba cheart cistiú a sholáthar ar leibhéal an Aontais chun déileáil le himthosca eisceachtúla amhail cásanna éigeandála a bhaineann le sláinte ainmhithe nó plandaí, nuair nach leor na leithreasaí faoi cheannteideal buiséid 3 ach go bhfuil gá le bearta éigeandála. Ba cheart leas a bhaint as cistiú chun déileáil leis na géarchéimeanna sin trí tharraingt, mar shampla, ar an ionstraim sholúbthachta, i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (4).

(9)

Faoi láthair, foráiltear leis an dlí go n-aisíocfar roinnt costas incháilithe ag rátaí socraithe. Maidir le costais eile, ní fhoráiltear leis an dlí do theorainneacha ar aisíocaíochtaí. D’fhonn an córas a chuíchóiriú agus a shimpliú, ba cheart uasráta seasta don aisíocaíocht a leagan síos. Is iomchuí an ráta sin a shocrú ag an ngnáthráta a chuirtear i bhfeidhm maidir le deontais. Is gá freisin an deis a thabhairt an t-uasráta sin a ardú in imthosca áirithe.

(10)

I ngeall ar a thábhachtaí is atá sé cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, is iomchuí 100 % de na costais incháilithe a mhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe ar choinníoll go bhfuil tabhú costas nach bhfuil incháilithe intuigthe freisin agus na gníomhaíochtaí sin á gcur chun feidhme.

(11)

Tá an tAontas freagrach as a áirithiú go gcaithfear na cistí go hiomchuí agus as bearta a ghlacadh chun freagairt don ghá a chláir chaiteachais a shimpliú chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus na costais ar thairbhithe cistí agus ar na gníomhaithe uile lena mbaineann a laghdú, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Clár Oibre an 8 Deireadh Fómhair 2010 – dar teideal Rialáil Chliste san Aontas Eorpach.

(12)

I ndlí an Aontais ceanglaítear ar na Ballstáit bearta áirithe a chur chun feidhme i gcás ina mbrisfidh galair ainmhithe nó zónóisí áirithe amach nó i gcás ina mbeidh siad á bhforbairt. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh i leith na mbeart éigeandála sin.

(13)

Is gá freisin, líon na ráigeanna de ghalair ainmhithe agus zónóisí a chuireann sláinte an duine agus sláinte ainmhithe i mbaol a laghdú trí bhearta iomchuí díothúcháin, rialaithe agus faireacháin a dhéanamh, agus ráigeanna den sórt sin a chosc freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do chláir náisiúnta chun na galair agus na zónóisí sin a dhíothú, a rialú agus chun faireachán a dhéanamh orthu tairbhiú de chistiú ón Aontas.

(14)

Ar chúiseanna eagraíochtúla agus éifeachtúlachta i dtaca le láimhseáil cistithe i réimse na sláinte ainmhithe agus plandaí, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le hábhar, cur isteach, meastóireacht agus formheas clár náisiúnta, lena n-áirítear na cláir arna gcur chun feidhme sna réigiúin is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’). Ar na cúiseanna céanna, ba cheart spriocdhátaí le haghaidh tuairisciú agus comhdú iarrataí ar íocaíocht a leagan síos.

(15)

I dTreoir 2000/29/CE ón gComhairle (5) ceanglaítear ar na Ballstáit bearta áirithe éigeandála a dhéanamh chun orgánaigh a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí (‘lotnaidí’) a dhíothú. Ba cheart don Aontas ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh i leith díothú na lotnaidí sin. Ba cheart ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a bheith ar fáil freisin faoi réir coinníollacha áirithe le haghaidh beart éigeandála a bhfuil sé mar chuspóir acu na lotnaidí a bhfuil an iarmhairt is tromchúisí acu ar an Aontas, ach nach féidir a dhíothú i gcriosanna áirithe, a shrianadh agus le haghaidh beart coisctheach maidir leis na lotnaidí sin.

(16)

Ba cheart bearta éigeandála arna ndéanamh i gcoinne lotnaidí a bheith incháilithe le haghaidh cómhaoiniú ón Aontas más rud é go bhfuil breisluach ag na bearta sin don Aontas iomlán. Ar an gcúis sin, ba cheart ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil i gcás lotnaidí atá liostaithe i Roinn I de Chuid A d’Iarscríbhinn I agus i Roinn I de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/29/CE faoin gceannteideal “Órgánaigh dhíobhálacha nach fios gur ann dóibh in aon chuid den Aontas agus atá ábhartha don Aontas ar fad”. Nuair is fios gur ann do lotnaidí san Aontas, níor cheart a bheith incháilithe do ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ach na bearta sin a bhaineann le lotnaidí a bhfuil an iarmhairt is tromchúisí acu san Aontas. Áirítear, go háirithe, i measc na lotnaidí sin iad siúd atá faoi réir bhearta faoi Threoir 69/464/CEE ón gComhairle (6), Threoir 93/85/CEE ón gComhairle (7), Threoir 98/57/CE ón gComhairle (8) nó Threoir 2007/33/CE ón gComhairle (9). Ba cheart ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil freisin do na lotnaidí sin nach liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II de Threoir 2000/29/CE, atá faoi réir beart náisiúnta, agus a cháilíonn go sealadach le haghaidh liostú i Roinn I de Chuid A d’Iarscríbhinn i a ghabhann le Treoir 2000/29/CE nó i Roinn I de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann léi. Ba cheart bearta a bhaineann le lotnaidí atá faoi réir bhearta éigeandála an Aontais lena ndíothú a bheith incháilithe le haghaidh ranníocaíochta airgeadais ón Aontas.

(17)

Is gá láithreacht lotnaidí áirithe a bhrath go tráthúil. Tá na suirbhéanna a dhéanann na Ballstáit ar láithreacht den sórt sin fíor-riachtanach chun díothú láithreach ráigeanna de na lotnaidí sin a áirithiú. Tá na suirbhéanna a dhéanann na Ballstáit aonair fíor-riachtanach chun críoch na mBallstát uile a chosaint. Féadfaidh an tAontas rannaíocht a dhéanamh leis na suirbhéanna sin i gcoitinne a mhaoiniú, ar choinníoll go n-áirítear lena raon feidhme ceann amháin nó dhá cheann ar a laghad de lotnaidí, eadhon na lotnaidí nach fios gur ann dóibh san Aontas agus na lotnaidí atá faoi réir bhearta éigeandála an Aontais.

(18)

Ba cheart le maoiniú an Aontais do bhearta i réimse na sláinte ainmhithe agus plandaí go gcumhdófaí costais incháilithe shonracha. i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, ba cheart go gcumhdófaí leis an maoiniú na costais a thabhaíonn na Ballstáit agus na bearta eile is gá á gcur i gcrích acu. Féadfar a áireamh le bearta den sórt sin bearta bithshlándála feabhsaithe a chur chun feidhme i gcás ráig den ghalar a bheith ann nó lotnaidí a bheith i láthair, conablaigh a bheith á ndíothú nó á n-iompar le linn do chláir dhíothaithe a bheith ann, agus na costais cúitimh le húinéirí de thoradh feachtas vacsaínithe éigeandála.

(19)

Bíonn deacrachtaí roimh na réigiúin is forimeallaí de na Ballstáit i ngeall ar a n-iargúltacht agus toisc go mbíonn siad ag brath ar líon teoranta táirgí. Is iomchuí don Aontas ranníocaíocht airgeadais a dheonú do Bhallstáit i leith clár a chuireann siad i gcrích chun lotnaidí a rialú sna réigiúin is forimeallaí sin i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ós rud é go bhfuil réigiúin áirithe de na réigiúin is forimeallaí faoi réir rialacha náisiúnta atá sonrach do na réigiúin sin seachas faoi réir rialacha an Aontais a leagtar síos i dTreoir 2000/29/CE, ba cheart go mbainfeadh ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis na rialacha atá i bhfeidhm sna réigiúin sin, beag beann ar chibé an rialacha de chuid an Aontais iad nó an rialacha náisiúnta iad.

(20)

Is uirlis fhíor-riachtanach iad rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit lena fhíorú go ndéantar ceanglais ábhartha Aontais a chur chun feidhme, a chomhlíonadh agus a fhorghníomhú agus le faireachán a dhéanamh air sin. Tá éifeachtacht agus éifeachtúlacht córas rialaithe oifigiúil rí-thábhachtach chun ardleibhéal sábháilteachta don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí a chothabháil ag gach céim den bhiashlabhra, agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú ag an am céanna. Ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil do na bearta rialaithe sin. Go háirithe, ba cheart ranníocaíocht airgeadais a bheith ar fáil do shaotharlanna tagartha an Aontais chun cuidiú leo na costais a sheasamh a thagann as cur chun feidhme na gclár oibre arna bhformheas ag an gCoimisiún. Thairis sin, ós rud é go mbraitheann éifeachtacht rialuithe oifigiúla ar fhoireann dhea-oilte, a bhfuil eolas iomchuí acu ar dhlí an Aontais, a bheith ar fáil do na húdaráis rialaithe, ba cheart don Aontas bheith in ann rannchuidiú lena n-oiliúint agus leis na cláir mhalartacha ábhartha arna n-eagrú ag na húdaráis inniúla.

(21)

Tá bainistíocht éifeachtúil rialuithe oifigiúla ag brath ar mhalartú tapa sonraí agus faisnéise a bhaineann leis na rialuithe sin. Sa bhreis air sin, tá cur chun feidhme cuí agus comhchuibhithe na rialacha ábhartha ag brath ar chórais éifeachtúla a shocrú a bhfuil údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach iontu. Dá bhrí sin, ba cheart bunú agus oibriú bunachar sonraí agus córas ríomhairithe bainistíochta faisnéise chun na gcríoch sin a bheith incháilithe do ranníocaíocht airgeadais freisin.

(22)

Ba cheart don Aontas cistiú a chur ar fáil do na gníomhaíochtaí teicniúla, eolaíocha, comhordúcháin agus cumarsáide is gá chun cur chun feidhme ceart dhlí an Aontais a áirithiú agus chun oiriúnú an dlí d’fhorbairtí eolaíocha, teicneolaíocha agus sochaíocha a áirithiú. Ba cheart cistiú a chur ar fail freisin do thionscadail atá dírithe ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht rialuithe oifigiúla a fheabhsú.

(23)

De bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), i gcás aon togra arna chur faoi bhráid an údaráis reachtaigh ina mbeidh aon mhaoluithe ar fhorálacha an Rialacháin sin, ní mór na maoluithe sin a léiriú go soiléir sa togra agus na cúiseanna sonracha is údar leo a lua. Dá bhrí sin, i bhfianaise chineál sonrach cuid de na cuspóirí atá cumhdaithe sa Rialachán seo agus de bhrí gur fearr iad údaráis inniúla na mBallstát faoi seach chun na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na cuspóirí seo a chur chun feidhme, ba cheart na húdaráis sin a mheas mar thairbhithe aitheanta chun críocha Airteagal 128(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfaí deontais a dhámhachtain do na húdaráis sin gan glaonna ar thograí a fhoilsiú roimh ré.

(24)

De mhaolú ar Airteagal 86 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus mar eisceacht ar phrionsabal na neamh-chúlghabhálachta dá bhforáiltear in Airteagal 130 de, ba cheart costais na mbeart éigeandála arna gcumhdach faoi Airteagal 7 agus Airteagal 17 den Rialachán seo a bheith incháilithe, amhail ón dáta a thabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir le galar nó lotnaid a bheith ann, i ngeall ar chineál práinneach agus neamh-intuartha na mbeart sin. Ba cheart don Choimisiún na hoibleagáidí buiséadacha chomhfhreagracha agus íocaíocht caiteachais incháilithe a dhéanamh, tar éis na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit a mheasúnú.

(25)

Tá sé ríthábhachtach na bearta éigeandála sin a chur chun feidhme láithreach. Bheadh sé fritorthúil na costais sin arna dtabhú roimh chur isteach an iarratais ar dheontas a eisiamh ó chistiú, mar leis seo spreagfaí na Ballstáit lena n-iarrachtaí láithreacha a dhíriú ar ullmhú iarratais ar dheontas, seachas ar na bearta éigeandála a chur chun feidhme.

(26)

I bhfianaise raon dhlí an Aontais atá i bhfeidhm maidir le cur chun feidhme beart díothúcháin agus faireachais agus na teorainneacha teicniúla i ndáil le saineolas eile atá ar fáil, is iad údaráis inniúla na mBallstát go príomha is gá na bearta arna gcumhdach sa Rialachán seo a chur chun feidhme. Is gá, dá bhrí sin, i gcásanna áirithe, costais tuarastail phearsanra na riarachán náisiúnta a chómhaoiniú.

(27)

Trí chlárú is féidir comhordú agus beartú tosaíochta a dhéanamh agus sa tslí sin rannchuidiú le húsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní airgeadais an Aontais. Chun coinniollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialacháin seo a chur chun feidhme ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cláir oibre le haghaidh cur chun feidhme beart áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(28)

Chun úsáid fhreagrach agus éifeachtach acmhainní airgeadais an Aontais a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún seiceáil go n-úsáidtear cistiú ón Aontas go héifeachtach chun bearta incháilithe a chur chun feidhme cibé acu trí sheiceálacha ar an láthair nó seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh.

(29)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú.

(30)

Tá liosta de na galair atá cáilithe le haghaidh cistiú faoi bhearta éigeandála i gceangal leis an Rialachán seo agus ar an liosta sin tá na galair ainmhithe dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 4(1), 6(2) agus 14(1) de Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (12). Chun na galair ainmhithe nach mór fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir le Treoir 82/894/CEE ón gComhairle (13), agus na galair ar dócha go mbeidh siad ina bhaol nua don Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún, maidir leis an liosta sin a fhorlíonadh.

(31)

Na liostaí de ghalair ainmhithe agus zónóisí a cháilíonn le haghaidh maoiniú faoi chuimsiú na gclár díothaithe, rialaithe agus faireachais, tá siad i gceangal leis an Rialachán seo agus ar an liosta sin tá na galair ainmhithe agus na zónóisí dá dtagraítear in Iarscríbhinn i a ghabhann le Cinneadh 2009/470/CE. Chun cuinsí a spreagtar ag na galair ainmhithe sin a bhfuil tionchar suntasach acu ar tháirgeadh beostoic nó ar thrádáil, forbairt zónóisí a a bheidh ina mbaol don duine, nó forbairt eolaíoch nó eipidéimeolaíoch nua a chur i gcuntas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir leis na liostaí sin a fhorlíonadh.

(32)

Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh faoin Rialachán seo, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(33)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla a bhunú; le ranníocaíocht airgeadais do bhearta éigeandála nó i gcás inar gá freagairt d’fhorbairtí neamh-intuartha; le nósanna imeachta maidir le hiarratais, agus le tuarascálacha agus le hiarrataí chun deontais a íoc a bheith á gcur isteach ag na Ballstáit. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(34)

Ba cheart dlí an Aontais a chur chun feidhme sa chaoi agus go n-áiritheofar go dtabharfaidh sí na sochair atá beartaithe, i bhfianaise na taithí a fuarthas. Dá bhrí sin, is iomchuí don Choimisiún feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a mheasúnú agus na torthaí a chur i bhfios do na hinstitiúidí eile.

(35)

Faoi láthair, bíonn coistí éagsúla de chúnamh ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme rialacha an Aontais atá ann faoi láthair arna gcumhdach ag an Rialachán seo, go háirithe na Coistí arna mbunú ag Cinneadh 66/399/CEE ón gComhairle (15), Cinneadh 76/894/CEE ón gComhairle (16), Treoir 98/56/CE ón gComhairle (17), Treoir 2008/90/CE ón gComhairle (18) agus Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Is iomchuí an nós imeachta sa réimse seo a chuíchóiriú. Ba cheart a chur de chúram ar an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cuidiú leis an gCoimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme i dtaca leis an gcaiteachas arna thabhú sna réimsí ábhartha agus ba cheart ainm an Choiste sin a athrú chun a fhreagrachtaí méadaithe a léiriú. Mar thoradh air sin, ba cheart Cinneadh 66/399/CEE agus Cinneadh 76/894/CEE a aisghairm agus ba cheart Treoir 98/56/CE agus Treoir 2008/90/CE agus Rialachán (EC) Uimh. 178/2002 a leasú dá réir.

(36)

Cuirtear an Rialachán seo in ionad fhorálacha Chinneadh 2009/470/CE. Cuirtear an Rialachán seo freisin in ionad Airteagal 13c(5) agus Airteagail 22 go 26 de Threoir 2000/29/CE, Airteagal 66 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), Caibidil VII de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), Airteagal 22 de Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus Airteagal 76 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). Mar thoradh air sin, ba cheart Treoir 2000/29/CE, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, Treoir 2009/128/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a leasú dá réir.

(37)

Éilíonn cómhaoiniú a thabhairt isteach do chostais arna dtabhú ag na Ballstáit chun cúiteamh a thabhairt do na húinéirí i leith luach na bplandaí scriosta, táirgí plandaí nó rudaí eile faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir 2000/29/CE go bhforbrófar treoirlínte maidir leis na coinníollacha is infheidhme maidir le teorainneacha luach margaidh na mbarr agus na gcrann lena mbaineann. Níor cheart feidhm a bheith ag an tabhairt isteach sin ach amháin amhail ón 1 Eanáir 2017,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO a GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA COITEANNA

CAIBIDIL I

Ábhar, raon feidhme agus cuspóirí

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Tríd an Rialachán seo bunaítear forálacha maidir le bainistíocht caiteachais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh sna réimsí atá cumhdaithe ag rialacha an Aontais:

(a)

lena rialaítear bia agus sábháilteacht bia, ag céim ar bith de tháirgeadh, próiseáil, dáileadh agus diúscairt an bhia, lena n-áirítear rialacha a bhfuil mar sprioc acu cleachtais trádála chothroma a ráthú agus leasanna na dtomhaltóirí agus faisnéis a chosaint, agus lena rialaítear monarú agus úsáid ábhar agus earraí atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia;

(b)

lena rialaítear beatha agus sábháilteacht beatha, ag aon chéim den táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus diúscairt beatha agus úsáid beatha, lena n-áirítear rialacha a bhfuil mar sprioc acu cleachtais trádála chothroma a ráthú agus leasanna na dtomhaltóirí agus faisnéis a chosaint;

(c)

lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe;

(d)

lena leagtar síos ceanglais maidir le leas ainmhithe;

(e)

maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2000/29/CE (‘lotnaidí’);

(f)

maidir le táirgeadh ábhair atáirgthe plandaí d’fhonn é a chur ar an margadh, agus maidir le hé a chur ar an margadh;

(g)

lena leagtar síos na ceanglais maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí;

(h)

a bhfuil mar sprioc acu rioscaí do shláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a thagann chun cinn as seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a chosc agus a íoslaghdú;

(i)

lena rialaítear scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe d’aon turas isteach sa chomhshaol;

(j)

maidir le cosaint ceart maoine intleachtúla i ndáil le cineálacha plandaí agus caomhnú agus malartú acmhainní géiniteacha plandaí.

Airteagal 2

Cuspóirí

1.   Is é an sprioc a bheidh leis an gcaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 1 na nithe seo a leanas a bhaint amach:

(a)

an cuspóir ginearálta maidir le rannchuidiú le hardleibhéal sláinte don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí ag gach céim den bhiashlabhra agus i réimsí gaolmhara, trí ghalair agus lotnaidí a chosc agus a dhíothú agus trí ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus don chomhshaol, agus, san am céanna, feabhas a chur ar iomaíochas thionscal bia agus beatha an Aontais agus cruthú post a chothú;

(b)

na sainchuspóirí seo a leanas:

(i)

rannchuidiú le hardleibhéal sábháilteacha bia agus córas táirgthe bia agus táirgí eile a fhéadfaidh tionchar a imirt ar shábháilteacht bia, agus, san am céanna, inbhuanaitheacht an táirgthe bia a fheabhsú;

(ii)

rannchuidiú le stádas níos airde sláinte ainmhithe a bhaint amach san Aontas agus tacú le feabhas a chur ar leas ainmhithe;

(iii)

rannchuidiú le brath tráthúil lotnaidí agus lena ndíothú i gcás inar tháinig na lotnaidí sin isteach san Aontas;

(iv)

rannchuidiú le feabhas a chur ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus iontaofacht rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí eile a dhéantar chun rialacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh go héifeachtach.

2.   Chun baint amach na sainchuspóirí dá dtagraítear i mír 1(b) a thomhas, úsáidfear na táscairí seo a leanas:

(a)

i gcás shainchuspóir mhír 1(b)(i), measfar é de réir laghdaithe a thiocfaidh ar an líon cásanna de ghalair i ndaoine san Aontas a bhfuil baint acu le sábháilteacht bia nó le zónóisí.

(b)

i gcás shainchuspóir mhír 1(b)(ii):

(i)

an méadú i líon na mBallstát nó ina gcuid réigiún atá saor ó ghalair ainmhithe a ndeonófar ranníocaíocht airgeadais ina leith;

(ii)

laghdú foriomlán na bparaiméadar galair amhail ráta tarlaithe, leitheadúlacht agus líon na ráigeanna;

(c)

i gcás shainchuspóir mhír 1(b)(iii):

(i)

an méid atá críoch an Aontais cumhdaithe le suirbhéanna le haghaidh lotnaidí, go háirithe lotnaidí nach fios gurb ann dóibh ar chríoch an Aontais agus lotnaidí a mheastar a bheith ar na lotnaidí is contúirtí do chríoch an Aontais;

(ii)

an t-am is gá chun na lotnaidí sin a dhíothú agus an ráta rathúlachta maidir leis sin;

(d)

i gcás shainchuspóir mhír 1(b)(iv), measfar é de réir treochta fabhraí i dtoradh rialuithe i réimsí áirithe lena mbaineann, ar rialuithe iad arna ndéanamh agus arna dtuairisciú ag saineolaithe de chuid an Choimisiúin sna Ballstáit.

CAIBIDIL II

Cineálacha maoinithe agus forálacha ginearálta airgeadais

Airteagal 3

Cineálacha maoinithe

1.   Déanfar an maoiniú ón Aontas le haghaidh an chaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Nuair a dhámhfar deontais ar údaráis inniúla na mBallstát, measfar gur tairbhithe aitheanta iad na húdaráis sin de réir bhrí Airteagal 128(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Féadfar deontais den sórt sin a dhámhachtain gan glao ar thograí.

3.   Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais ón Aontas i leith na mbeart dá dtagraítear sa Rialachán seo a bheith i bhfoirm íocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina chomhalta iontu, nó a mbíonn sé rannpháirteach ina gcuid oibre. atá gníomhach sna réimsí atá cumhdaithe ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 4

Buiséad

1.   Is é EUR 1 891 936 000 i bpraghsanna reatha an uasteorainn le haghaidh an chaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 1 don tréimhse 2014 go 2020.

2.   Féadfar leis an uasteorainn dá dtagraítear i mír 1 speansais a chumhdach freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a cheanglaítear chun an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhainistíú agus a gcuspóirí a bhaint amach, go háirithe costais a bhaineann le staidéir, cruinnithe le saineolaithe, speansais a bhaineann le líonraí TF lena ndírítear ar phróiseáil agus malartú faisnéise, agus na costais eile ar fad a bhaineann le cúnamh riaracháin agus teicniúil arna dtabhú ag an gCoimisiún chun an caiteachas sin a bhainistiú.

3.   Féadfar leis an uasteorainn sin freisin na speansais a chumhdach a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin is gá chun an t-aistriú idir gníomhartha arna nglacadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ina dhiaidh a áirithiú. Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2020 chun speansais chosúla a chumhdach, le go bhféadfar gníomhaíochtaí nach mbeidh críochnaithe go fóill faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

Airteagal 5

Uasrátaí deontas

1.   I gcás ina mbeidh ranníocaíocht airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais, ní sháróidh sí 50 % de na costais incháilithe.

2.   Féadfar an t-uasráta dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú go 75 % de na costais incháilithe i leith na gcásanna seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí trasteorann arna gcur chun feidhme ag dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit chun lotnaidí nó galair ainmhithe a chosc nó a dhíothú;

(b)

Ballstáit ar lú a n-ollioncam náisiúnta in aghaidh an áitritheora ná 90 % den mheán san Aontas, bunaithe ar na sonraí Eurostat is déanaí.

3.   Féadfar an t-uasráta dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú go 100 % de na costais incháilithe i gcás ina mbainfidh na gníomhaíochtaí a bhaineann tairbhe as ranníocaíocht an Aontais le cosc agus srianadh rioscaí tromchúiseacha do shláinte an duine, do shláinte plandaí agus do shláinte ainmhithe don Aontas, agus:

(a)

ina mbeidh siad ceaptha chun taismigh dhaonna nó mórshuaití eacnamaíocha a sheachaint don Aontas trí chéile;

(b)

inar sainchúraimí iad atá fíor-riachtanach don Aontas trí chéile iad, mar a leagann an Coimisiún síos go sainráite sa chlár oibre a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 36(1); nó

(c)

ina gcuirfear chun feidhme iad i dtríú tíortha.

TEIDEAL II

FORALÁCHA AIRGEADAIS

CAIBIDIL I

Sláinte ainmhithe

Roinn 1

Bearta Éigeandála

Airteagal 6

Bearta incháilithe

1.   Féadfar deontais, nach sáróidh na huasrátaí a leagtar amach in Airteagal 5(1) go (3), a thabhairt do Bhallstáit do na bearta arna ndéanamh ar dhearbhú a fháil gur bhris ceann de na galair ainmhithe atá liostaithe de bhun Airteagal 7 amach, ar choinníoll gur cuireadh na bearta sin i bhfeidhm láithreach agus gur comhlíonadh na forálacha infheidhme atá leagtha síos i ndlí ábhartha an Aontais. Féadfaidh costais a thabhaítear mar thoradh ar amhras maidir le lotnaid a bheith ann a bheith ar áireamh i ndeontais den sórt sin freisin, ar choinníoll go ndearbhaítear an galar a bheith ann dá éis sin.

2.   Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit, ar dhearbhú a fháil gur bhris ceann de na galair ainmhithe atá liostaithe de bhun Airteagal 7 amach, i gcás ina rachaidh ar a laghad dhá Bhallstát i ndlúthchomhar lena chéile chun an eipidéim a rialú.

3.   Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit, do thríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta do bhearta cosanta arna ndéanamh i gcás ina mbeidh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 7 nó Airteagal 10 a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát.

4.   Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, nach mór do na Ballstáit stoic táirgí bitheolaíocha a bhunú lena mbeartaítear na galair ainmhithe agus na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 7 nó Airteagal 10 a rialú.

5.   Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a thabhairt chun stoic táirgí bitheolaíocha a bhunú nó chun dáileoga vacsaíne a cheannach dá bhféadfadh an tAontas a bheith i mbaol de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 7 nó Airteagal 10 a bheith ann nó ag forbairt i dtríú tír nó i mBallstát.

Airteagal 7

Liosta galar ainmhithe

1.   Déantar an liosta de na galair aimhithe atá incháilithe do chistiú a fháíl faoi Airteagal 6 a leagan amach in Iarscríbhinn I.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 40, chun an liosta de na galair ainmhithe dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh, agus na galair ainmhithe a gceanglaítear fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir le Treoir 82/894/CEE a chur i gcuntas mar aon leis na galair ar dóigh dóibh a bheith ina mbaol nua don Aontas i ngeall ar an tionchar suntasach atá acu orthu seo a leanas:

(a)

sláinte an duine;

(b)

sláinte ainmhithe nó leas ainmhithe; or

(c)

táirgeadh talmhaíochta nó dobharshaothraithe nó earnálacha gaolmhara den gheilleagar.

Airteagal 8

Costais incháilithe

1.   Na costais seo leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) á ndéanamh acu, féadfaidh siad cáiliú do chistiú faoin mír sin:

(a)

na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d’úinéirí ar luach a n-ainmhithe a maraíodh nó a dealaíodh, ach teoranta do luach margaidh na n-ainmhithe sin díreach sular maraíodh nó dealaíodh iad mura mbeadh an galar tar éis tionchar a imirt orthu;

(b)

costais maraithe nó dealaithe na n-ainmnithe agus na costais ghaolmhara iompair;

(c)

na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d’úinéirí ar luach a dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a scriosadh, teoranta do luach margaidh na dtáirgí sin díreach sular eascair aon amhras faoin ngalar nó sular dearbhaíodh an galar sin;

(d)

na costais a bhaineann le glanadh, dífheithidiú agus díghalrú na ngabháltas agus an trealaimh, bunaithe ar eipidéimeolaíocht agus sainghnéithe na pataigine;

(e)

na costais a bhaineann le hiompar agus scriosadh ábhar éillithe beathúcháin agus, i gcás nach féidir an trealamh a dhíghalrú, na costais a bhaineann le scriosadh an trealaimh sin;

(f)

na costais a bhaineann le ceannach, stóráil, riar nó dáileadh vacsaíní agus baoitú chomh maith le costais an ionclaithe féin, má chinneann an Coimisiún amhlaidh nó má údaraíonn an Coimisiún gníomhaíochtaí den sórt sin;

(g)

Costais iompair agus diúscartha conablach;

(h)

i gcásanna éisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, aon chostais eile a bhfuil gá leo chun an galar a dhíothú dá bhforáiltear sa chinneadh maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 36(4) den Rialachán seo.

2.   Amhail dá dtagraítear in Airteagal 130(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, beidh costais incháilithe ón dáta a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le briseadh amach an ghalair. Féadfaidh a bheith ar áireamh i gcostais den sórt sin freisin costais arna dtabhú mar thoradh ar amhras maidir le lotnaid a bheith ann, ar choinníoll go ndearbhaítear an galar a bheith ann dá éis sin.

3.   Tar éis na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit a mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún na hoibleagáidí buiséadacha chomhfhreagracha agus íocfaidh sé an caiteachas incháilithe.

Roinn 2

Cláir chun galair ainmhithe agus zónóisí a dhíothú, a rialú agus chun faireachas a dhéanamh orthu

Airteagal 9

Cláir incháilithe

Féadfar deontais a dhámhachtain do chláir náisiúnta bhliantúla nó ilbhliantúla Ballstát chun na galair ainmhithe agus na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 11 a dhíothú, a rialú agus chun faireachas a dhéanamh orthu (“cláir náisiúnta”).

Airteagal 10

Liosta galar ainmhithe agus zónóisí

1.   Déantar an liosta de na galair aimhithe agus de na zónóisí atá incháilithe do dheontais a fháil faoi Airteagal 9 a leagan amach in Iarscríbhinn II.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 40, chun liosta na ngalar ainmhithe agus na zónóisí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh, agus an méid seo a leanas á chur i gcuntas

(a)

cás na ngalar ainmhithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar tháirgeadh beostoic nó ar thrádáil i mbeostoc;

(b)

forbairt zónóisí a d’fhéadfadh daoine a chur i mbaol; nó

(c)

forbairtí nua eolaíoch nó eipidéimeolaíoch.

Airteagal 11

Costais incháilithe

Na costais seo a leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na cláir náisiúnta á gcur chun feidhme, féadfaidh siad a bheith incháilithe chun deontais a fháil faoi Airteagal 9:

(a)

na costais a bhaineann le sampláil ainmhithe;

(b)

na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh, ar choinníoll nach mbeidh níos mó ná an méid seo a leanas i gceist leis sin:

(i)

costais na dtrealamh tástála, na n-imoibrithe agus na dtomhaltán atá inaitheanta agus a úsáidtear go speisialta chun na tástálacha sin a dhéanamh;

(ii)

costais an phearsanra, gan aird ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le déanamh na dtástálacha;

(c)

na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d’úinéirí ar luach a n-ainmhithe a maraíodh nó a dealaíodh, teoranta do luach margaidh na n-ainmhithe sin amhail is nach mbeadh an galar tar éis difear a dhéanamh dóibh;

(d)

costais maraithe nó dealaithe na n-ainmnithe;

(e)

na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d’úinéirí ar luach a dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a scriosadh, ach gan dul thar luach margaidh na dtáirgí sin díreach sular eascair aon amhras faoin ngalar nó sular dearbhaíodh an galar sin;

(f)

na costais a bhaineann le ceannach, stóráil, ionaclú, riar nó dáileadh dáileog vacsaíne nó vacsaíní agus baoití a úsáidtear do na cláir;

(g)

na costais a bhaineann le glanadh, dífheithidiú agus díghalrú an ghabháltais agus an trealaimh, bunaithe ar eipidéimeolaíocht agus sainghnéithe na pataigine; agus

(h)

i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, na costais arna dtabhú agus bearta riachtanacha á ndéanamh seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) go (g), ar choinníoll go mbeidh na bearta sin leagtha amach sa chinneadh maidir le deontas a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 13(3) agus (4).

Chun críocha phointe (c) den chéad mhír, bainfear luach tarrthála na n-ainmhithe, má tá a leithéid ann, den chúiteamh.

Chun críocha phointe (d) den chéad mhír, bainfear luach tarrthála uibheacha teaschóireáilte nach bhfuil gortha den chúiteamh.

Airteagal 12

Inneachar na gclár náisiúnta agus iad a chur isteach

1.   Faoin 31 Bealtaine, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na cláir náisiúnta atá dlite tosú an bhliain dár gcionn agus dá mbeidh deontas á lorg acu.

Ní bheidh cláir náisiúnta a chuirfear isteach tar éis an 31 Bealtaine incháilithe chun maoiniú a fháil i leith na blian dár gcionn.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna cláir náisiúnta:

(a)

tuairisc ar staid eipidéimeolaíoch an ghalair ainmhithe nó na zónóise sular cuireadh tús leis an gclár;

(b)

tuairisc ar na limistéir gheografacha agus riaracháin ina gcuirfear an clár i bhfeidhm agus teorannú na limistéar sin;

(c)

ré an chláir;

(d)

na bearta a bheidh le cur chun feidhme;

(e)

an buiséad a mheastar a bheidh i gceist;

(f)

na spriocanna a bheidh le baint amach faoi dháta críochnaithe an chláir agus na sochair a mbeifear ag tnúth leo; agus

(g)

táscairí iomchuí chun baint amach spriocanna an chláir a thomhas.

I gcás gach cláir náisiúnta ilbhliantúil, tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) i bpointe (d) agus i bpointe (f) den chéad fhomhír do gach bliain a chumhdaítear faoin gclár i gcás athruithe suntasacha i gcomparád leis an mbliain roimhe sin. Tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) den fhomhír sin maidir le gach bliain a chumhdaítear faoin gclár.

3.   I gcás ina mbrisfidh ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 10 amach nó ina mbeidh ceann acu ag forbairt, agus gur dóigh dóibh stádas sláinte an Aontais a chur i mbaol, agus chun an tAontas a chosaint ar thabhairt isteach ceann de na galair nó de na zónóisí sin, féadfaidh Ballstáit bearta a áireamh ina gcláir náisiúnta a chuirfear chun feidhme i gcríocha tríú tíortha comharsanachta i gcomhar le húdaráis na dtíortha sin.

Airteagal 13

Measúnú ar na cláir náisiúnta agus na cláir sin a fhormheas

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na cláir náisiúnta ag cur i gcuntas na tosaíochtaí agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 36(1).

2.   Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas in iúl do na Ballstáit faoin 30 Samhain gach bliain:

(a)

liosta de na cláir náisiúnta a bheidh formheasta go teicniúil agus molta do chómhaoiniú;

(b)

an méid sealadach a leithdháilfear ar gach clár;

(c)

leibhéal sealadach uasta de ranníocaíocht airgeadais an Aontais do gach clár; agus

(d)

aon choinníollacha sealadacha a bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais a bheith faoina réir.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na cláir náisiúnta bhliantúla agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir gach bliain trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig sa bhliain sin. Tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha idirmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún, más gá, cinntí den sórt sin maidir le deontas a thabhairt a leasú i ndáil leis an tréimhse incháilitheachta ina iomláine.

4.   Déanfaidh an Coimisiún na cláir náisiúnta ilbhliantúla agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme go dtí deireadh na tréimhse chur chun feidhme.

5.   I gcás cláir náisiúnta ilbhliantúla a fhormheas i gcomhréir le mír 4, féadfar oibleagáidí buiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. I gcás ina roinnfear oibleagáidí buiséadacha amhlaidh, geallfaidh an Coimisiún na tráthchodanna bliantúla, agus dul chun cinn na gclár, na riachtanais a mheasfar a bheith ann agus an buiséad atá ar fáil á gcur i gcuntas.

Airteagal 14

Tuairisciú

Do gach clár náisiúnta bliantúil nó ilbhliantúil a fhormheasfar, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Aibreán gach bliain, tuarascáil mhionsonraithe theicniúil agus airgeadais faoin mbliain roimhe sin Áireofar sa tuarascáil sin na torthaí a baineadh amach, arna dtomhas ar bhonn na dtáscairí dá dtagraítear in Airteagal 12(2)(g), agus mionchuntas ar na costais incháilithe a tabhaíodh.

Ina theannta sin, do gach clár náisiúnta bliantúil a fhormheasfar, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Lúnasa gach bliain, tuarascáil idirmheánach airgeadais.

Airteagal 15

Íocaíochtaí

Maidir le hiarraidh ar íocaíocht i ndáil le clár náisiúnta i mbliain ar leith, cuirfidh Ballstáit an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán an bhliain dár gcionn.

Íocfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais do na costais incháilithe tar éis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 14 a fhíorú go hiomchuí.

CAIBIDIL II

Sláinte plandaí

Roinn 1

Bearta éigeandála

Airteagal 16

Bearta incháilithe

1.   Féadfar deontais, nach sáróidh na huasrátaí a leagtar amach in Airteagal 5(1) go (3), a thabhairt do na Ballstáit chun na bearta seo a leanas a dhéanamh i gcoinne lotnaidí, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17:

(a)

bearta chun lotnaid a dhíothú ó limistéar foirgthe, arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 16(1) agus (2) de Threoir 2000/29/CE nó de bhun bhearta an Aontais a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Treoir sin;

(b)

bearta chun lotnaid, ar ghlac an tAontas bearta srianta ina coinne cheana de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE, a shrianadh laistigh de limistéar foirgthe nach féidir an lotnaid a dhíothú uaidh, i gcás ina mbeidh na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin. Ní bhainfidh na bearta sin ach le díothú na lotnaide sin ón gcrios maolánach i gcás ina mbraithfear go bhfuil sí sa chrios maolánach sin;

(c)

bearta cosanta breise arna ndéanamh i gcoinne leathadh lotnaide, ar ghlac an tAontas bearta ina coinne cheana de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE, seachas na bearta díothúcháin sin dá dtagraítear i bpointe (a) agus na bearta srianta dá dtagraítear i bpointe (b), i gcás ina mbeidh na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin.

Féadfar deontais do bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a dhámhachtain freisin do bhearta a glacadh mar thoradh ar amhras maidir le lotnaid a bheith ann, ar choinníoll go ndearbhaítear an lotnaid a bheith ann dá éis sin.

2.   Féadfar deontais dá dtagraítear i mír 1 a dhámhachtain freisin do Bhallstát nach bhfuil na lotnaidí dá dtagraítear i mír 1 ann, i gcás ina ndearnadh bearta i gcoinne theacht isteach na lotnaidí sin i gcríoch an Bhallstáit sin toisc iad a bheith i mBallstát nó i dtríú tír comharsanachta atá ag críochantacht lena theorainn.

3.   Féadfar deontais a dhámhachtain do na Ballstáit, más rud é, tar éisr dearbhú ar cheann de na lotnaidí dá dtagraítear in Airteagal 17 a bheith i láthair, go gcomhoibreodh dhá Bhallstát nó níos mó go dlúth chun na bearta dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích.

4.   Féadfar deontais i dtaca leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 a dhámhachtain freisin d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 17

Coinníollacha

Féadfaidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16 a bheith incháilithe chun deontais a fháil ar choinníoll gur cuireadh iad i bhfeidhm láithreach agus gur comhlíonadh na forálacha infheidhme a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

baineann na bearta le lotnaidí atá liostaithe i Roinn i de Chuid a d’Iarscríbhinn i a ghabhann le Treoir 2000/29/CE agus i Roinn i de Chuid a d’Iarscríbhinn II a ghabhann léi;

(b)

baineann na bearta le lotnaidí atá cumhdaithe ag beart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE;

(c)

baineann siad le lotnaidí a bhfuil bearta glactha ina leith de bhun Threoir 69/464/CEE, Threoir 93/85/CEE, Threoir 98/57/CE nó Threoir 2007/33/CE; nó

(d)

baineann siad le lotnaidí, nach liostaítear in Iarscríbhinn i ná in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/29/CE, atá faoi réir birt arna ghlacadh ag údarás inniúil de Bhallstát de bhun Airteagal 16(2) de Threoir 2000/29/CE agus a cháilíonn go sealadach i gcomhair liostú i Roinn i de Chuid a d’Iarscríbhinn i a ghabhann le Treoir 2000/29/CE nó de Roinn i de chuid a d’Iarscríbhinn II a ghabhann léi.

I gcás beart lena gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (b) den chéad mhír, ní chumhdóidh an deontas na costais arna dtabhú tar éis dhul in éag an bhirt arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE.

Maidir le bearta a chomhlíonann an coinníoll a leagtar síos i bpointe (d) den chéad mhír, ní chumhdófar leis an deontas na costais arna dtabhú tráth is déanaí ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt arna ghlacadh ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó arna dtabhú tar éis don bheart sin dul in éag.

Airteagal 18

Costais incháilithe

1.   Na costais seo a leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16 á ndéanamh acu, féadfaidh siad a bheith incháilithe chun deontais a fháil faoin Airteagal sin:

(a)

costais an phearsanra, gan aird ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige leis na bearta, mar aon leis na costais a bhaineann le trealamh, tomhaltáin agus aon ábhair riachtanacha eile a ghlacadh ar cíos, agus na costais a bhaineann le táirgí cóireála, sampláil agus tástálacha saotharlainne;

(b)

na costais a bhaineann le conarthaí seirbhíse le tríú páirtithe chun cuid de na bearta a fhorfheidhmiú;

(c)

na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt do na hoibreoirí nó d’úinéirí lena mbaineann as plandaí, táirgí plandaí agus ábhair eile a chóireáil, a scriosadh agus ansin as fáil réidh leo, agus as áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, áiseanna, innealra agus trealamh a ghlanadh agus a dhíghalrú;

(d)

costais cúitimh leis na húinéirí atá buartha faoi luach na bplandaí scriosta, na dtáirgí plandaí nó rudaí eile faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir 2000/29/CE, teoranta do luach margaidh na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na rudaí eile sin amhail mura ndearna na bearta sin difear dóibh; déanfar an luach tarrthála, más ann, a asbhaint den chúiteamh; agus

(e)

i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, na costais arna dtabhú agus bearta riachtanacha eile á ndéanamh seachas na cinn sin dá dtagraítear i bpointí (a) go (d), ar choinníoll go mbeidh na bearta sin leagtha amach sa chinneadh maidir le maoiniú dá dtagraítear in Airteagal 36(4).

Ní bheidh an cúiteamh le húinéirí dá dtagraítear i bpointe (c) incháilithe ach amháin má táthar tar éis na bearta a chur i gcrích faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil.

2.   Amhail dá dtagraítear in Airteagal 130(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, incháilithe ón dáta a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le lotnaid a bheith ann. Féadfar a bheith ar áireamh i gcostais den sórt sin freisin costais arna dtabhú mar thoradh ar amhras maidir le lotnaid a bheith ann, ar choinníoll go ndearbhaítear an lotnaid a bheith ann dá éis sin.

3.   Tar éis na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit a mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún na hoibleagáidí buiséadacha comhfhreagracha agus íocfaidh sé an caiteachas incháilithe.

Roinn 2

Cláir shuirbhéireachta maidir le lotnaidí a bheith ann

Airteagal 19

Cláir shuirbhéireachta incháilithe

Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit do chláir shuirbhéireachta bhliantúla agus ilbhliantúla a ritheann na Ballstáit sin maidir le lotnaidí a bheith ann (‘cláir shuirbhéireachta’), ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na cláir sin ar a laghad ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

baineann na bearta le lotnaidí a liostaítear i Roinn i de Chuid a d’Iarscríbhinn i a ghabhann le Treoir 2000/29/CE agus i Roinn i de Chuid a d’Iarscríbhinn II a ghabhann léi;

(b)

baineann na bearta le lotnaidí atá cumhdaithe ag beart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE.

I gcás na lotnaidí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír den Airteagal seo, beidh na cláir shuirbhéireachta bunaithe ar mheasúnú ar an mbaol go dtiocfaidh na lotnaidí isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, go ndaingneoidh siad iad féin ann agus go leathfaidh siad, agus díreoidh na cláir sin ar a laghad ar na lotnaidí a bhfuil na rioscaí is mó ag baint leo agus ar na príomhspeicis plandaí atá faoi bhagairt ag na rioscaí sin.

I gcás beart lena gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos i bpointe (b) den chéad mhír den Airteagal seo, ní chumhdóidh an deontas na costais arna dtabhú tar éis dhul in éag an bhirt arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE.

Airteagal 20

Costais incháilithe

Na costais seo leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na cláir shuirbhéireachta dá dtagraítear in Airteagal 19 á gcur chun feidhme acu, d’fhéadfaidís cáiliú do dheontais faoin Airteagal sin:

(a)

na costais a bhaineann le sampláil;

(b)

na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh, ar choinníoll nach mbeidh níos mó ná an méid seo a leanas i gceist leis sin:

(i)

costais na dtrealamh tástála, na n-imoibrithe agus na dtomhaltán atá inaitheanta agus a úsáidtear go speisialta chun na tástálacha sin a dhéanamh;

(ii)

costais an phearsanra, gan aird ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le déanamh na dtástálacha;

(c)

i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, na costais arna dtabhú agus bearta riachtanacha á ndéanamh seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), ar choinníoll go mbeidh na bearta sin leagtha amach sa chinneadh maidir le deontas a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 22(3) agus (4).

Airteagal 21

Inneachar na gclár suirbhéireachta agus iad a chur isteach

1.   Faoin 31 Bealtaine, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na cláir shuirbhéireachta atá dlite tosú an bhliain dár gcionn ar ina leith ar mian leo deontas a lorg.

Ní bheidh cláir shuirbhéireachta a chuirfear isteach tar éis an 31 Bealtaine incháilithe maoiniú a fháil i leith na bliana dár gcionn.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna cláir shuirbhéireachta:

(a)

liosta de na lotnaidí atá cumhdaithe faoin gclár;

(b)

tuairisc ar na limistéir gheografacha agus riaracháin ina gcuirfear an clár i bhfeidhm agus teorannú na limistéar sin, mar aon le tuairisc ar stádas na limistéar sin ó thaobh na lotnaidí lena mbaineann a bheith iontu;

(c)

fad an chláir;

(d)

an méid scrúduithe súl, samplálacha agus tástálacha atá sceidealaithe do na lotnaidí agus plandaí, do na táirgí plandaí agus d’ábhair eile lena mbaineann;

(e)

an buiséad a mheastar a bheidh i gceist;

(f)

na spriocanna atá le baint amach faoi dháta críochnaithe an chláir agus na sochair a bhfuiltear ag tnúth leo; agus

(g)

táscairí iomchuí chun baint amach spriocanna an chláir a thomhas.

I gcás gach cláir shuirbhéireachta ilbhliantúil, tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) i bpointe (d) agus i bpointe (f) den chéad fhomhír do gach bliain a chumhdaítear faoin gclár i gcás athruithe suntasacha i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) den fhomhír sin maidir le gach bliain a chumhdaítear faoin gclár.

Airteagal 22

Measúnú ar na cláir shuirbhéireachta agus na cláir sin a fhormheas

1.   Déanfar an Coimisiún measúnút ar na cláir shuirbhéireachta ag cur i gcuntas na tosaíochtaí agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 36(1).

2.   Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas in iúl do na Ballstáit faoin 30 Samhain gach bliain:

(a)

liosta de na cláir shuirbhéireachta a bheidh formheasta agus molta go teicniúil do chómhaoiniú;

(b)

an méid sealadach a leithdháilfear ar gach clár;

(c)

leibhéal sealadach uasta ranníocaíocht airgeadais an Aontais le gach clár; agus

(d)

aon choinníollacha sealadacha a bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais a bheith faoina réir.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na cláir shuirbhéireachta bhliantúla agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir gach bliain trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig sa bhliain sin. Tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha idirmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 23 a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún, más gá, na cinntí sin a leasú más gá i ndáil leis an tréimhse incháilitheachta ina hiomláine.

4.   Déanfaidh an Coimisiún na cláir shuirbhéireachta ilbhliantúla agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme go dtí deireadh na tréimhse chur chun feidhme.

5.   I gcás cláir shuirbhéireachta ilbhliantúla a fhormheas i gcomhréir le mír 4, féadfar oibleagáidí buiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. i gcás ina roinnfear oibleagáidí buiséadacha amhlaidh, geallfaidh an Coimisiún na tráthchodanna bliantúla, agus dul chun cinn na gclár, na riachtanais a mheasfar a bheith ann agus an buiséad a bheidh ar fáil á gcur i gcuntas.

Airteagal 23

Tuairisciú

Do gach clár suirbhéireachta bliantúil nó ilbhliantúil a fhormheasfar, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Aibreán gach bliain, tuarascáil mhionsonraithe theicniúil agus airgeadais faoin mbliain roimhe sin. Áireofar sa tuarascáil sin na torthaí a baineadh amach, arna dtomhas ar bhonn na dtáscairí dá dtagraítear in Airteagal 21(2)(g), agus mionchuntas ar na costais incháilithe a tabhaíodh. Ina theannta sin, do gach clár náisiúnta bliantúil a fhormheasfar, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Lúnasa gach bliain, tuarascáil idirmheánach airgeadais.

Airteagal 24

Íocaíochtaí

Maidir le hiarraidh ar íocaíocht i leith cláir shuirbhéireachta i mbliain ar leith, cuirfidh an Ballstáit an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán an bhliain dár gcionn.

Íocfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais do na costais incháilithe tar éis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 23 a fhíorú go hiomchuí.

Roinn 3

Cláir a bhaineann le srianadh lotnaidí sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

Airteagal 25

Bearta incháilithe agus costais incháilithe

1.   Féadfar deontais a dhámhachtain do Bhallstáit le haghaidh clár a chuirtear igcrích chun lotnaidí sna réigiúin is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE a rialú, gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 (‘cláir do na réigiúin is forimeallaí’). Bainfidh na deontais sin le gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar na rialacha, cibé acu rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta iad, maidir le lotnaidí a rialú atá i bhfeidhm sna réigiúin sin a chur chun feidhme i gceart.

2.   Na costais seo a leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit i gcás na gclár do na réigiúin is forimeallaí, féadfaidh siad cáiliú do ranníocaíocht airgeadais ón Aontas:

(a)

costais an phearsanra, gan aird ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le cur chun feidhme na mbeart, mar aon leis na costais a bhaineann le trealamh, tomhaltáin agus táirgí cóireála a ghlacadh ar cíos;

(b)

na costais a bhaineann le conarthaí seirbhíse le tríú páirtithe chun cuid de na bearta a fhorfheidhmiú;

(c)

na costais a bhaineann le sampláil;

(d)

na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh, ar choinníoll nach mbeidh níos mó ná an méid seo a leanas i gceist leis sin:

(i)

costais na dtrealamh tástála, na n-imoibrithe agus na dtomhaltán atá inaitheanta agus a úsáidtear go speisialta chun na tástálacha sin a dhéanamh;

(ii)

costais an phearsanra, beag beann ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le déanamh na dtástálacha;

Airteagal 26

Inneachar na gclár do na réigiúin is forimeallaí agus iad a chur isteach

1.   Faoin 31 Bealtaine, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na cláir do na réigiúin is forimeallaí atá dlite tosú an bhliain dár gcionn ar ina leith ar mian leo deontas a lorg.

Ní bheidh cláir do na réigiúin is forimeallaí a chuirtear isteach tar éis an 31 Bealtaine incháilithe maoiniú a fháil i leith na bliana dár gcionn.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna cláir do na réigiúin is forimeallaí:

(a)

liosta de na lotnaidí a chumhdaítear faoin gclár;

(b)

tuairisc ar na limistéir gheografacha agus riaracháin ina gcuirfear an clár i bhfeidhm agus teorannú na limistéar sin, mar aon le tuairisc ar stádas na limistéar sin ó thaobh na lotnaidí lena mbaineann a bheith iontu;

(c)

anailís theicniúil ar staid fíteashláintíochta na réigiún;

(d)

fad an chláir;

(e)

na gníomhaíochtaí a áireofar faoin gclár agus, i gcás inarb ábhartha, an méid scrúduithe súl, samplálacha agus tástálacha atá sceidealaithe do na lotnaidí agus plandaí, do na táirgí plandaí agus d’ábhair eile lena mbaineann;

(f)

an buiséad a mheastar a bheidh i gceist;

(g)

na spriocanna atá le baint amach faoi dháta críochnaithe an chláir agus na sochair a bhfuiltear ag tnúth leo i leith an chláir; agus

(h)

táscairí iomchuí chun baint amach spriocanna an chláir a thomhas.

I gcás gach cláir ilbhliantúil do na réigiúin is forimeallaí, tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) i bpointe (e) agus i bpointe (g) den chéad fhomhír maidir le gach bliain a chumhdaítear faoin gclár i gcás athruithe suntasacha i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (f) den fhomhír sin maidir le gach bliain a chumhdaítear faoin gclár.

Airteagal 27

Meastóireacht a dhéanamh ar na cláir do na réigiúin is forimeallaí agus na cláir sin a fhormheas

1.   Déanfar meastóireacht ar na cláir do na réigiúin is forimeallaí ag cur i gcuntas na tosaíochtaí agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 36(1).

2.   Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas in iúl do na Ballstáit faoin 30 Samhain gach bliain:

(a)

liosta de na cláir do na réigiúin is forimeallaí a bheidh formheasta go teicniúil agus molta do chómhaoiniú;

(b)

an méid sealadach a leithdháilfear ar gach clár;

(c)

leibhéal sealadach uasta de ranníocaíocht airgeadais an Aontais do gach clár; agus

(d)

aon choinníollacha sealadacha a bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais a bheith faoina réir.

3.   Déanfar cláir bhliantúla do na réigiúin is forimeallaí agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir gach bliain trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig sa bhliain sin. Tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha idirmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 28 a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún, más gá, cinntí den sórt sin maidir le deontas a thabhairt a leasú i ndáil leis an tréimhse incháilitheachta ina hiomláine.

4.   Déanfar cláir ilbhliantúla do na réigiúin is forimeallaí agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme go dtí deireadh na tréimhse chur chun feidhme.

5.   I gcás cláir ilbhliantúla do na réigiúin is forimeallaí a fhormheas i gcomhréir le mír 4, féadfar oibleagáidí buiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. I gcás ina roinntear oibleagáidí buiséadacha amhlaidh, geallfaidh an Coimisiún na tráthchodanna bliantúla, agus dul chun cinn na gclár, na riachtanais a mheasfar a bheith ann agus an buiséad atá ar fáil á gcur i gcuntas.

Airteagal 28

Tuairisciú

Do gach clár suirbhéireachta bliantúil nó ilbhliantúil a fhormheasfar, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Aibreán gach bliain, tuarascáil mhionsonraithe theicniúil agus airgeadais faoin mbliain roimhe sin. Áireofar sa tuarascáil sin na torthaí a baineadh amach, arna dtomhas ar bhonn na dtáscairí dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír d’Airteagal 26(2), agus mionchuntas ar na costais incháilithe a tabhaíodh.

Ina theannta sin, do gach clár náisiúnta bliantúil a fhormheasfar, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Lúnasa gach bliain, tuarascáil idirmheánach airgeadais.

Airteagal 29

Íocaíochtaí

Maidir le hiarraidh ar íocaíocht i leith cláir suirbhéireachta i mbliain ar leith, cuirfidh na Ballstáit an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán an bhliain dár gcionn.

Íocfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais do na costais incháilithe tar éis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 28 a fhíorú go hiomchuí.

CAIBIDIL III

Tacaíocht airgeadais do rialuithe oifigiúla agus do ghníomhaíochtaí eile

Airteagal 30

Saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh

1.   Féadfar deontais a thabhairt do shaotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 le haghaidh na gcostas arna dtabhú acu chun na cláir oibre atá formheasta ag an gCoimisiún a chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh na costais seo a leanas a bheith incháilithe deontais a fháil faoi mhír 1:

(a)

costais an phearsanra, beag beann ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí na saotharlann a dhéantar ina gcáil mar shaotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh;

(b)

costais trealaimh chaipitiúil;

(c)

costais tomhaltán;

(d)

na costais a bhaineann le samplálacha a sheoladh, le misin, le cruinnithe agus le gníomhaíochtaí oiliúna.

Airteagal 31

Oiliúint

1.   Féadfaidh an tAontas maoiniú a thabhairt chun foireann na n-údarás inniúil atá freagrach as rialuithe oifigiúla a oiliúint, dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, chun cur chuige comhchuibhithe a fhorbairt i leith rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus do shláinte plandaí.

2.   Forbróidh an Coimisiún cláir oiliúna lena saineofar na tosaíochtaí maidir le hidirghabháil a dhéanamh, bunaithe ar na rioscaí a aithnítear a bheith ann do shláinte phoiblí, do shláinte agus leas ainmhithe agus do shláinte plandaí.

3.   Le bheith incháilithe maoiniú a fháil ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na húdaráis inniúla go scaipfear aon eolas arna fháil ó na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear sa mhír sin de réir mar is gá agus go n-úsáidfear an t-eolas sin mar is iomchuí sna cláir oiliúna náisiúnta.

4.   Féadfaidh na costais seo a leanas a bheith incháilithe an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a fháil:

(a)

an costas a bhaineann le heagrú na hoiliúna, lena n-áirítear oiliúint atá oscailte do rannpháirtithe ó thríú tíortha freisin nó le gníomhaíochtaí malartaithe;

(b)

na costais a bhaineann le taisteal, lóistín agus cothaithe laethúil do phearsanra na n-údarás inniúil a ghlacann páirt san oiliúint.

Airteagal 32

Saineolaithe ó na Ballstáit

Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a dhámhachtain le haghaidh speansais taistil, lóistín agus speansais chothaithe laethúla arna dtabhú ag saineolaithe na mBallstát de bhrí gur iarr an Coimisiún orthu cuidiú lena shaineolaithe féin, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 45(1) agus in Airteagal 46(1) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

Airteagal 33

Pleananna rialaithe comhordaithe agus bailiú sonraí

1.   Féadfar deontais a dhámhachtain do Bhallstáit do na costais arna dtabhú acu i gcur chun feidhme na bpleananna rialaithe comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 822/2004 agus do na costais bailithe sonraí.

2.   Féadfaidh na costais seo a leanas cáiliú do dheontais den sórt sin:

(a)

costais samplála agus tástálacha saotharlainne,

(b)

costais an trealaimh is gá chun an rialú oifigiúil agus cúraimí bailithe sonraí a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

Bearta eile

Airteagal 34

Córais faisnéise

1.   Déanfaidh an tAontas bunú agus oibriú bunachar sonraí agus córas ríomhairithe bainistíochta faisnéise atá bainistithe ag an gCoimisiún a mhaoiniú, ar bhunachair sonraí agus córais ríomhairithe bainistíochta iad atá riachtanach do chur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1.

2.   Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a dhámhachtain chun bunachair sonraí agus córais ríomhairithe bainistíochta faisnéise tríú páirtithe a bhunú agus a bhainistiú freisin, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, atá á gcur ar bun nó á mbainistiú, ar an gcoinníoll go bhfuil na nithe seo a leanas fíor i dtaobh na mbunachar sonraí agus na gcóras ríomhairithe bainistíochta faisnéise sin:

(a)

gur cruthaíodh go bhfuil breisluach ag baint leis na huirlisí sin don Aontas ina iomláine agus go bhfuil siad ar fáil ar fud an Aontais do gach úsáideoir a mbeadh spéis aige iontu; agus

(b)

go bhfuil na huirlisí sin riachtanach do chur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 35

Cur chun feidhme agus cur in oiriúint na rialacha

1.   Féadfaidh an tAontas obair theicniúil agus eolaíoch a mhaoiniú freisin, lena n-áirítear staidéir agus gníomhaíochtaí comhordúcháin, ar obair í is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfear na rialacha i leiths na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 chun feidhme i gceart agus go gcuirfear na rialacha sin in oiriúint d’fhorbairtí eolaíocha, teicneolaíocha agus sochaíocha.

Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a dhámhachtain freisin do na Ballstáit nó do na heagraíochtaí idirnáisiúnta a oibríonn sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 chun gníomhaíochtaí a dhéanamh mar thacú le forbairt agus cur chun feidhme na rialacha i leith na réimsí sin.

2.   Féadfar deontais a dhámhachtain do thionscadail arna n-eagrú ag Ballstát amháin nó níos mó chun feidhmiú éifeachtúil rialuithe oifigiúla a fheabhsú, trí úsáid a bhaint as teicnící agus prótacail nuálacha.

3.   Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a dhámhachtain freisin chun tacú le tionscnaimh eolais agus tionscnaimh mhúscailte feasachta ag an Aontas agus ag na Ballstáit a bhfuil mar aidhm acu iompar feabhsaithe, comhlíontach agus inbhuanaithe a áirithiú maidir le cur chun feidhme na rialacha i leith na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1.

TEIDEAL III

CLÁRÚ, CUR CHUN FEIDHME AGUS RIALÚ

Airteagal 36

Cláir oibre agus ranníocaíochtaí airgeadais

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla coiteanna nó cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla ar leith chun na bearta dá dtagraítear i dTeideal II a chur chun feidhme, seachas i gcás Roinn 1 de Chaibidil i agus Roinn 1 de Chaibidil II de. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

2.   Leagfar amach sna cláir oibre dá dtagraítear i mír 1 na cuspóirí oibríochtúla arna saothrú, a bheidh i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos in Airteagal 2, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun feidhme agus an tsuim iomlán. Ina theannta sin, beidh tuairisc iontu ar na bearta a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid a leithdháilfear ar gach beart agus amchlár táscach cur chun feidhme. Maidir le deontais, beidh na gníomhaíochtaí tosaíochta, na critéir mheastóireachta bhunriachtanacha agus an ráta cistithe san áireamh iontu agus an liosta táscach de na costais agus de na bearta incháilithe, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

3.   Déanfar na cláir oibre do chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil i de Theideal II, agus i Roinn 2 agus i Roinn 3 de Chaibidil II de Theideal II a ghlacadh faoin 30 Aibreán sa bhliain sula bhforghníomhófar iad, ar choinníoll go nglacfar an dréachtbhuiséad. Léireoidh na cláir oibre sin na tosaíochtaí arna leagan síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Maidir le cur chun feidhme na mbeart éigeandála a chur chun feidhme dá dtagraítear i Roinn 1 de Chaibidil i de Theideal II agus Roinn 1 den Chaibidil II de Theideal II, nó i gcás inar gá freagairt d’fhorbairtí nach féidir a thuar, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagfar amach a chinneadh maidir leis an ranníocaíocht airgeadais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na nósanna imeachta um thíolacadh iarratas, tuarascálacha agus iarrataí ag Ballstáit ar íocaíochtaí do na deontais dá dtagraítear i Roinn 1 agus i Roinn 2 de Chaibidil i agus i Roinn 1, i Roinn 2 agus i Roinn 3 de Chaibidil II de Teideal II. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

Airteagal 37

Seiceálacha ar an láthair a dhéanann an Coimisiún

Féadfaidh an Coimisiún seiceálacha ar an láthair a eagrú i mBallstáit agus ag áitreabh tairbhithe d’fhonn na rudaí seo a leanas a fhíorú go háirithe:

(a)

go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach na mbeart a thairbhíonn den ranníocaíocht airgeadais ón Aontas;

(b)

go gcomhlíonfaidh na cleachtais riaracháin rialacha an Aontais;

(c)

go mbeidh na doiciméid riachtanacha tacaíochta ann agus a gcomhghaol leis na bearta a thairbhíonn de ranníocaíocht ón Aontas.

Airteagal 38

Rochtain ar fhaisnéis

Cuirfidh na Ballstáit agus tairbhithe ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis ar fad is gá chun cur chun feidhme na mbeart a fhíorú agus déanfaidh siad na bearta iomchuí ar fad is gá chun na seiceálacha a éascú a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí i ndáil le bainistiú mhaoiniú an Aontais, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair.

Airteagal 39

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás ina gcuirfear bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go mbeidh leasanna airgeadais an Aontais á gcosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, agus, i gcás ina dtugtar mírialtachtaí faoi deara, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad nó ar an láthair, i ndáil le gach tairbhí deontais, gach comhlacht cur chun feidhme, gach conraitheoir agus gach fochonraitheoir a mbeidh cistí faighte acu ón Aontas faoin Rialachán seo.

Údarófar don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (24) d’fhonn a shuí cibé ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú nó cinneadh maidir le deontas a thabhairt nó i dtaca le conradh a bhaineann le cistiú ón Aontas.

Gan dochar don chéad fhomhír ná don dara fomhír, trí chomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe agus cinntí maidir le deontas a thabhairt agus trí chonarthaí a thagann ó chur chun feidhme an Rialacháin seo, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair den sórt sin a dhéanamh.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 40

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 10(2) a ghlacadhar feadh tréimhse seacht mbliana ón 30 Meitheamh 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 10(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(2), agus Airteagal 10(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ón bhfógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle faoin ngníomh sin nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 41

An Nós Imeachta Coiste

1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

Airteagal 42

Meastóireacht

1.   Faoin 30 Meitheamh 2017, bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lárthéarma agus cuirfidh sé í faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle á rá an amhlaidh, i dtéarmaí a dtorthaí agus an tionchair a bhí acu, ar baineadh amach na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(1) i ndáil leis na bearta dá dtagraítear i gCaibidil I agus i gCaibidil II de Theideal II agus in Airteagal 30 agus in Airteagal 31 de Chaibidil III de, maidir le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus an breisluach ar leibhéal an Aontais. Sa tuarascáil mheastóireachta scrúdófar freisin an scóip atá ann do shimpliú, ábharthacht leantach na gcuspóirí ar fad, agus leis an méid a rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfear i gcuntas inti torthaí na meastóireachta ar thionchar fadtéarmach na mbeart a bhí ann roimhe sin. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí, chun an Rialacháin seo a leasú.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2022 déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, meastóireacht ex-post ar na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Leis an meastóireacht ex-post sin scrúdófar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 1 agus tionchar an chaiteachais sin.

3.   Cuirfear i gcuntas sna meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo an dul chun cinn a bheidh déanta bunaithe ar úsáid na dtáscairí dá dtagraítear in Airteagal 2(2).

4.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún torthaí na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 43

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh tairbhithe agus na Ballstáit lena mbaineann go dtabharfar poiblíocht oiriúnach do ranníocaíochtaí airgeadais a dhámhfar faoin Rialachán seo chun an pobal a chur ar an eolas faoi ról an Aontais i gcistiú na mbeart.

2.   Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme maidir le bearta arna gcistiú agus torthaí na mbeart sin. Ina theannta sin, cumhdóidh an buiséad a leithdháilfear ar chumarsáid faoin Rialachán seo cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais.

Airteagal 44

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear Cinntí 66/399/CEE, 76/894/CEE agus 2009/470/CE.

2.   Déanfar tagairtí do Chinneadh 66/399/CEE agus do Chinneadh 76/894/CEE a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

3.   Déanfar tagairtí do Chinneadh 2009/470/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán (CE) seo.

Airteagal 45

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Maidir le cláir náisiúnta na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán seo, a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin in 2012 chun iad a chur chun feidhme in 2013 agus iad siúd a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin in 2013 chun iad a chur chun feidhme in 2014, agus iad siúd a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán 2014 chun iad a chur chun feidhme in 2015, beidh siad incháilithe do mhaoiniú an Aontais ar bhonn Airteagal 27 de Chinneadh 2009/470/CE.

I gcás clár náisiúnta arna gcur chun feidhme in 2013 agus in 2014, leanfaidh Airteagal 27(7) agus (8) den Chinneadh sin d’fheidhm a bheith aige.

I gcás clár náisiúnta arna gcur chun feidhme in 2015, leanfaidh Airteagal 27(2) den Chinneadh sin d’fheidhm a bheith aige.

2.   Beidh cláir suirbhéireachta na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 21(1) den Rialachán seo, arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Aibreán 2014 lena gcur chun feidhme sa bhliain 2015, incháilithe do mhaoiniú an Aontais ar bhonn Airteagal 23(6) de Threoir 2000/29/CE. i gcás na gclár suirbhéireachta sin, leanfaidh Airteagal 23(6) den Treoir sin d’fheidhm a bheith aige.

3.   I gcás iarratais na mBallstáit ar chistiú an Aontais le haghaidh na mbeart éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo, arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán 2014, leanfaidh Airteagail 22 go 24 de Threoir 2000/29/CE d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 46

Leasú ar Threoir 98/56/CE

Leasaítear Treoir 98/56/CE mar a leanas:

(1)

In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*). Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

(*)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1)."

(**)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’."

(2)

In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’

Airteagal 47

Leasú ar Threoir 2000/29/CE

Leasaítear Treoir 2000/29/CE mar seo a leanas:

(1)

Scriostar mír 5 d’Airteagal 13c.

(2)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo:

‘Airteagal 15a

Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le haon duine a bheidh eolach faoi lotnaid a liostaítear in Iarscríbhinn i nó in Iarscríbhinn II a bheith i láthair nó lotnaid a chlúdaítear le beart de bhun Airteagal 16(2) nó 16(3), nó ag a mbeidh cúis chun a bheith in amhras faoin láithreacht sin, go dtabharfaidh se fógra ina leith, i scríbhinn, don údarás inniúil laistigh de dheich lá féilire, agus, má iarrann an t-údarás inniúil sin amhlaidh, go gcuirfidh sé an fhaisnéis maidir leis an láithreacht sin ar fáil a bheidh ina sheilbh.’.

(3)

Scriostar Airteagal 22 agus Airteagal 26.

Airteagal 48

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 178/2002

In Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, dá ngairtear an ‘Coiste’ anseo feasta. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***). Eagrófar an Coiste i rannóga chun déileáil leis na nithe ábhartha go léir.

Déanfar gach tagairt i ndlí an Aontais don Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (CA) Uimh. 178/2002.’

Airteagal 49

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 882/2004

Scriostar Airteagal 66 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

Airteagal 50

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 396/2005

Scriostar Caibidil VII de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

Airteagal 51

Leasú ar Threoir 2008/90/CE

In Airteagal 19 de Threoir 2008/90/CE, cuirfear an méid a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (****). Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*****).

Airteagal 52

Leasú ar Threoir 2009/128/CE

Scriostar Airteagal 22 de Threoir 2009/128/CE.

Airteagal 53

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009

Scriostar Airteagal 76 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Airteagal 54

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Meitheamh 2014.

Beidh feidhm ag pointe (d) d’Airteagal 18(1) agus ag pointe (2) d’Airteagal 47, áfach, ón 1 Eanáir 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 67, 6.3.2014, lch. 166.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2014.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(4)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(5)  Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1).

(6)  Treoir 69/464/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1969 maidir le Fadharcáin Phrátaí a rialú (IO L 323, 24.12.1969, lch. 1).

(7)  Treoir 93/85/CEE ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 1993 maidir le lobhadh fáinneach prátaí a rialú (IO L 259, 18.10.1993, lch. 1).

(8)  Treoir 98/57/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le rialú Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. (IO L 235, 21.8.1998, lch. 1).

(9)  Treoir 2007/33/CE ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 maidir le srianadh néimeatóidí cist práta agus lena n-aisghairtear Treoir 69/465/CEE (IO L 156, 16.6.2007, lch. 12).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298 26.10.2012, lch. 1).

(12)  Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas i réimse na tréidliachta (IO L 155, 18.6.2009, lch. 30).

(13)  Treoir 82/894/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1982 maidir le fógra a thabhairt i leith galar ainmhithe laistigh den Chomhphobal (IO L 378, 31.12.1982, lch. 58).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(15)  Cinneadh 66/399/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 lena mbunaítear Buanchoiste um Shíolta agus Ábhar Iomadaithe le haghaidh Talmhaíochta, Gairneoireachta agus Foraoiseachta (IO 125, 11.7.1966, lch. 2289/66).

(16)  Cinneadh 76/894/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1976 lena mbunaítear Buanchoiste um Shláinte Plandaí (IO L 340, 9.12.1976, lch. 25).

(17)  Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha (IO L 226, 13, 8.1998, lch. 16).

(18)  Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus margú plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8)

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1)

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun fíorú chomhlíonadh an dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).

(22)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(24)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus i gcoinne mírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Galair ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 7

Víreas phlá na mbó

Plá caorach agus gabhar

Galar saicíneach muc

Gormtheanga

Galar Teschen

Bolgach caorach nó bolgach gabhar

Heipitíteas eansótach

Galar an chraicinn chnapánaigh

Tinneas Afracach na gcapall

Stómaitíteas saicíneach

Einceifilimiailíteas eachaí Veiniséalach

Galar fuilreatha fianna

Fiabhras clasaiceach muc

Fiabhras Afracach muc

Pliúrainiúmóine tógálach buaibheach

Fliú éanúil

Galar Newcastle

Galar crúb agus béil

Neacróis eipeasótach fhuilghinte in iasc (NEF)

Siondróm eipeasótach othrasaithe in iasc (SEO)

Ionfhabhtú le ecsitióis Bonamia

Ionfhabhtú le Perkinsus mara

Ionfhabhtú le Microcytos mackini

Siondróm Taura i gcrústaigh

Galar ceannbhuí i gcrústaigh


IARSCRÍBHINN II

Galair ainmhithe agus zónóisí dá dtagraítear in Airteagal 10

Eitinn bhuaibheach

Bruisealóis bhuaibheach

Bruisealóis chaorach agus ghabhar (B. Melitensis)

Galar gormtheanga i limistéir eindéimeacha nó ardriosca

Fiabhras Afracach muc

Galar saicíneach muc

Fiabhras clasaiceach muc

Antrasc

Pliúrainiúmóine tógálach buaibheach

Fliú éanúil

Confadh

Eicineacocóis

Einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (ESI)

Campalabaictéaróis

Listéaróis

Salmanallóis (salmanallóis zónóiseach)

Tricineallóis

E.coli veireatocsaigineach

Seipticéime fuilreatha víreasach (SFV)

Neacróis thógálach fhuilghinte (NEF)

Galar víreas Koi heirpéas (GVK)

Ainéime thógálach bradán (ATB)

Ionfhabhtú le refringens Marteilia

Ionfhabhtú le ostreae Bonamia

Galar spotaí bána i gcrústaigh


IARSCRÍBHINN III

Tosaíochtaí do chlár oibre an Choimisiúin dá dtagraítear in Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal II, agus i Roinn 2 agus i Roinn 3 de Chaibidil II de Theideal II

Tosaíochtaí do thacaíocht airgeadais an Aontais, maidir le treoshuíomh na gclár náisiúnta chun galair ainmhithe agus zónóisí a dhíothú, a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu:

galair a bhfuil tionchar acu ar shláinte an duine;

galair a bhfuil tionchar acu ar shláinte ainmhithe, ag cur san áireamh a gcumas leata agus na rátaí galrachta agus mortlaíochta i ndaonra ainmhithe;

galair agus zónóisí uile a bhfuil baol ann go dtabharfar isteach agus/nó go dtabharfar isteach iad an athuair i gcríoch an Aontais ó thríú tíortha;

galair ag a bhfuil an cumas cás géarchéime a ghiniúint le hiarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíochta;

galair ag a bhfuil tionchar ar thrádáil le tríú tíortha agus ar thrádáil laistigh de AE.

Tosaíochtaí do thacaíocht airgeadais an Aontais, maidir le treoshuíomh na gclár náisiúnta le haghaidh suirbhéanna lotnaidí chun críoch an Aontais a chosaint:

lotnaidí a liostaítear i Roinn i de Chuid a d’Iarscríbhinn i agus i Roinn i de Chuid a d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/29/CE nach eol go dtarlaíonn i gcríoch an Aontais;

lotnaidí atá faoi réir bhearta an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE;

lotnaidí nach liostaítear i dTreoir 2000/29/CE agus is ionann agus garchontúirt do chríoch an Aontais;

lotnaidí ag a bhfuil an cumas cás géarchéime a ghiniúint le hiarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíochta agus comhshaoil;

lotnaidí ag a bhfuil tionchar ar thrádáil le tríú tíortha agus ar thrádáil laistigh de AE.

Tosaíochtaí do thacaíocht airgeadais an Aontais, maidir le treoshuíomh na gclár náisiúnta do na réigiúin is forimeallaí:

bearta i gcoinne lotnaidí atá bainteach leis na hallmhairí isteach sna réigiúin sin agus an aeráid iontu;

modhanna chun lotnaidí a chomhrac;

bearta i gcoinne lotnaidí a liostaítear de bhun na rialacha maidir le lotnaidí plandaí i bhfeidhm sna réigiúin sin.


RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh formheasa na gclár tréidliachta agus fíteashláintíochta

Chun na Ballstáit a choinneáil ar an eolas ar bhealach níos fearr, eagróidh an Coimisiún cruinniú bliantúil an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ina dhíreofar ar thorthaí an nós imeachta meastóireachta maidir leis na cláir. Beidh an cruinniú sin ar siúl tráth nach déanaí ná an 30 Samhain roimh an mbliain ina gcuirtear na cláir chun feidhme.

Maidir leis an gcruinniú sin, tíolacfaidh an Coimisiún liosta de na cláir atá formheasta agus beartaithe go teicniúil le haghaidh cómhaoinithe. Déanfar plé ar shonraí airgeadais agus ar shonraí teicniúla leis na toscaireachtaí náisiúnta, agus measfar a gcuid barúlacha.

Chomh maith leis sin, sula ndéanfaidh sé a chinneadh, cuirfidh an Coimisiún an liosta deireanach de na cláir roghnaithe le haghaidh cómhaoinithe agus an méid deireanach arna leithdháileadh ar gach clár in iúl do na Ballstáit ag cruinniú an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha i mí Eanáir.

Déanfar obair ullmhúcháin maidir le dearadh an chláir oibre a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 9, in Airteagal 19 agus in Airteagal 25 le saineolaithe ó na Ballstáit go luath i mí Feabhra gach bliain ionas go dtugtar an fhaisnéis ábhartha do na Ballstáit chun cláir díothúcháin agus faireachais a bhunú.


Top