Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0512

Rialachán (AE) Uimh. 512/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS

OJ L 150, 20.5.2014, p. 72–92 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/512/oj

20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

72


RIALACHÁN (AE) Uimh. 512/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN CHOMHAIRLE,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe, Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar fhorálacha comhcheangailte Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (an “Ghníomhaireacht”) chun creidiúnú slándála na gcóras Eorpach loingseoireachta satailíte (na “córais”) a áirithiú agus, chun na críche sin, is í a thionscnóidh cur chun feidhme na nósanna imeachta slándála agus a dhéanfaidh faireachán air sin agus ar fheidhmíocht na n-iniúchtaí slándála.

(2)

Sainítear na córais in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013. Is córais chasta iad agus bíonn iliomad geallsealbhóirí le rólanna éagsúla bainteach lena mbunú agus lena bhfeidhmiú. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh gach geallsealbhóir atá bainteach le cur chun feidhme chlár Galileo agus EGNOS (na “cláir”) faisnéis rúnaicmithe AE a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus leis na híoschaighdeáin a leagtar amach i rialacha slándála an Choimisiúin agus na Comhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint agus go mbeidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, lena ráthaítear leibhéal coibhéiseach cosanta i gcás faisnéis rúnaicmithe AE, nuair is iomchuí, maidir leis na geallsealbhóirí uile atá bainteach leis na cláir a chur chun feidhme.

(3)

Is iad seo leanas na geallsealbhóirí atá páirteach sa phróiseas um chreidiúnú slándála agus a ndéanann sé difear dóibh; na Ballstáit, an Coimisiún, Gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE), agus na páirtithe atá bainteach le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle (5).

(4)

I bhfianaise shainiúlacht agus chastacht na gcóras, ba cheart na comhlachtaí éagsúla atá bainteach lena gcur chun feidhme agus na húsáideoirí ionchasacha éagsúla, creidiúnú slándála a éascú trí chomhairliúchán iomchuí le gach páirtí ábhartha, amhail údaráis náisiúnta na mBallstát agus údaráis náisiúnta tríú tíortha a oibríonn gréasáin atá nasctha leis an gcóras a bunaíodh faoi chlár Galileo d’fhonn Seirbhís Rialáilte Poiblí (PRS) a chur ar fáil, údaráis ábhartha eile na mBallstát, GSE nó, sa chás go bhforáiltear dó sin i gcomhaontú idirnáisiúnta, tríú tíortha a bhfuil na stáisiúin ar an talamh de chuid na gcóras lonnaithe ina gcríoch.

(5)

D’fhonn comhlíonadh iomchuí na gcúraimí maidir le creidiúnú slándála a éascú, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis uile atá riachtanach ar fáil chun na cúraimí sin a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach freisin go gcomhordófar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála le hobair na gcomhlachtaí atá freagrach as bainistiú na gclár i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus le heintitis eile atá freagrach as forálacha slándála a chur chun feidhme.

(6)

Ba cheart cur chuige an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca a chuirfear i bhfeidhm a dhéanamh de réir na gcleachtas is fearr. Ba cheart a áireamh ann bearta slándála a chur i bhfeidhm i gcomhréir le coincheap na cosanta doimhne. Ba cheart a chur san áireamh ann a dhóchúla atá sé go dtarlófar riosca nó droch-chinniúint. Ba cheart freisin go mbeadh sé comhréireach, iomchuí agus costéifeachtach, agus costas na mbeart cur chun feidhme chun rioscaí a mhaolú i gcomparáid leis an tairbhe shlándála a bheadh ann ina dhiaidh sin á chur san áireamh. Tá an chosaint dhoimhin dírithe ar shlándáil na gcóras a fheabhsú trí bhearta slándála teicniúla agus neamhtheicniúla a chur chun feidhme agus iad á n-eagrú mar iolsraitheanna cosanta.

(7)

Gníomhaíochtaí thar a bheith íogair atá i gceist le glacadóirí PRS agus le modúil shlándála PRS a fhorbairt agus a mhonarú, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí ábhartha taighde lena mbaineann. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbunófar nósanna imeachta chun monaróirí ghlacadóirí PRS agus mhodúil slándála PRS a údarú.

(8)

Fairis sin, i bhfianaise iliomad líonraí agus trealamh a d’fhéadfadh a bheith nasctha leis an gcóras a bunaíodh faoi chlár Galileo, go háirithe chun PRS a úsáid, ba cheart prionsabail chreidiúnaithe slándála na líonraí agus na dtrealamh sin a shainiú sa straitéis creidiúnaithe slándála chun aonchineálacht an chreidiúnaithe a áirithiú gan cúngrú a dhéanamh ar inniúlacht eintiteas náisiúnta na mBallstát atá inniúil ar ábhair shlándála. Le cur i bhfeidhm na bprionsabal sin, d’fhéadfaí riosca a bhainistiú ar bhealach comhsheasmhach agus laghdófaí an gá atá le gníomhaíochtaí maolúcháin a mhéadú ar leibhéal an chórais, rud a d’imreodh tionchar diúltach ar chostas, ar an sceideal, ar fheidhmíocht agus ar sholáthar seirbhísí.

(9)

I gcás táirgí agus bearta a thugann cosaint ar sceitheadh leictreamaighnéadach (i.e. ar chúléisteacht leictreonach) agus táirgí cripteagrafaíochta a úsáidtear chun slándáil a sholáthar do na córais, ba cheart gurb iad na heintitis náisiúnta, atá inniúil in ábhair shlándála na tíre ina ndéanann an chuideachta táirgí den sórt sin a mhonarú, na táirgí a mheas agus a fhormheas. Maidir le táirgí cripteagrafaíochta, ba cheart an measúnú agus an formheas sin a chomhlánú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i bpointe 26 go pointe 30 d’Iarscríbhinn IV de Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (6). Ba cheart don údarás atá freagrach as creidiúnú slándála na gcóras roghnú na dtáirgí agus na mbeart formheasta sin a fhormhuiniú agus ceanglais ghinearálta slándála na gcóras á gcur san áireamh.

(10)

Leagtar amach go sainráite i Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, agus go háirithe i gCaibidil III de, na téarmaí nach mór don Ghníomhaireacht a cúraimí maidir le creidiúnú slándála na gcóras a chomhlíonadh fúthu. Foráiltear ann go háirithe, mar phrionsabal, go ndéanfar na cinntí maidir le creidiúnú slándála go neamhspleách ar an gCoimisiún agus ar na comhlachtaí atá freagrach as na cláir a chur chun feidhme agus go mba chóir gur comhlacht neamhspleách laistigh den Ghníomhaireacht a dhéanann cinntí go neamhspleách a bheidh in údarás um chreidiúnú slándála na gcóras.

(11)

I gcomhréir leis an bprionsabal sin, le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 bunaítear an Bord Creidiúna Slándála do chórais Eorpacha GNSS (an “Bord Creidiúna Slándála”) ar ceann de thrí chomhlacht na Gníomhaireachta é, maille leis an mBord Riaracháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Is é an Bord Creidiúna Slándála a chomhlíonann na cúraimí atá tugtha don Ghníomhaireacht maidir le creidiúnú slándála agus is aige atá an t-údarú cinntí maidir le creidiúnú slándála a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta. Ba cheart dó a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus an cathaoirleach a bheidh air a cheapadh.

(12)

Ós rud é go bhfuil an Coimisiún le slándáil na gclár a áirithiú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, lena n-áirítear slándáil agus oibriúchán na gcóras, ba cheart gníomhaíochtaí an Bhoird Creidiúna Slándála a theorannú do ghníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála na gcóras agus gan dochar a dhéanamh do chúraimí ná d’fhreagrachtaí an Choimisiúin. Ba cheart feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le cúraimí agus freagrachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus faoi Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena n-áirítear aon doiciméad a bhaineann le slándáil a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe, trí ghníomh cur chun feidhme nó ar aon bhealach eile i gcomhréir leis na hAirteagail sin. Gan dochar do chúraimí ná do fhreagrachtaí sin an Choimisiúin, i bhfianaise a shaineolais ar leith, ba cheart ar a shon sin go mbeidh an Bord Creidiúna Slándála i dteideal, laistigh dá réimse inniúlachta, comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le dréacht-téacsanna a fhorbairt le haghaidh na ngníomhartha dá dtagraítear sna hAirteagail sin.

(13)

Ba cheart foráil a dhéanamh freisin chun a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí a bhaineann le creidiúnú slándála i bhfeidhm gan dochar d’inniúlacht náisiúnta na mBallstát nó do shainchumais náisiúnta na mBallstát i dtaca le creidiúnú slándála.

(14)

Maidir leis an tslándáil, féadfar measúnaithe, cigireachtaí, athbhreithnithe, iniúchtaí agus tástálacha slándála a áireamh ar na téarmaí “iniúchtaí” agus “tástálacha”.

(15)

Ionas go bhféadfaidh an Bord Creidiúna Slándála a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích go héifeachtach, ba cheart go bhféadfadh sé fochomhlachtaí iomchuí a chur ar bun a ghníomhóidh de réir a threoracha. Ba cheart dó, go háirithe, painéal a chur ar bun a chuideoidh lena chinntí a ullmhú.

(16)

Ba cheart grúpa saineolaithe ó na Ballstáit a chur ar bun faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála chun cúraimí an Údaráis Chriptea-Dháiliúcháin (ÚCD) a chomhlíonadh maidir le hábhair chripteagrafacha AE a bhainistiú. Ba cheart an grúpa sin a bhunú ar bhonn sealadach chun comhleanúnachas a airithiú i ndáil le hítimí slándála cumarsáide a bhainistiú le linn chéim imlonnaithe chlár Galileo. Ba cheart réiteach inbhuanaithe a chur i bhfeidhm chun cúraimí oibríochtúla den sórt sin a chomhlíonadh san fhadtéarma nuair a bheidh an córas a bhunaítear faoi chlár Galileo go hiomlán oibríochtúil.

(17)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, sainítear socruithe rialaithe poiblí na gclár do an blianta 2014-2020. Leis an Rialachán tugtar freagracht ghinearálta don gCoimisiún maidir leis na cláir. Fairis sin, méadaítear réimse na gcúraimí atá tugtha don Ghníomhaireacht leis agus déantar foráil ann, go háirithe, le go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht ról mór a bheith aici i ndáil le saothrú na gcóras agus leis na sochair shocheacnamaíocha a uasmhéadú.

(18)

Sa chomhthéacs nua seo, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh an Bord Creidiúna Slándála in ann na cúraimí atá tugtha dó a chomhlíonadh le neamhspleáchas iomlán, go háirithe vis-à-vis comhlachtaí agus gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta agus aon choinbhleachtaí leasa a sheachaint. Dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach, laistigh den Ghníomhaireacht féin, na gníomhaíochtaí a bhaineann le creidiúnú slándála a scaradh tuilleadh óna cuid gníomhaíochtaí eile, amhail bainistíocht Ionad Faireacháin Slándála Galileo, an rannchuidiú le tráchtálú na gcóras agus aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an Coimisiúin a shannadh don Ghníomhaireacht trí bhíthin tarmligin, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú na gcóras. Chuige sin, ba cheart don Bhord Creidiúna Slándála agus do bhaill foirne na Gníomhaireachta atá faoina rialú a gcuid oibre a dhéanamh ar shlí ina ndéanfar a n-uathriail agus a neamhspleáchas a áirithiú i ndáil le gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta. Ba cheart deighilt struchtúrach atá nithiúil agus éifeachtach a chur ar bun laistigh den Ghníomhaireacht idir a cuid gníomhaíochtaí éagsúla faoin 1 Eanáir 2014. Le rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta maidir lena foireann, ba cheart go n-áiritheofaí freisin uathriail agus neamhspleáchas na mball foirne a dhéanann na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála vis-à-vis na baill foirne a dhéanann gníomhaíochtaí eile de chuid na Gníomhaireachta.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a leasú chun neamhspleáchas agus cumhachtaí an Bhoird Creidiúna Slándála agus a chathaoirligh a mhéadú agus chun an neamhspleáchas agus na cumhachtaí sin a ailíniú cuid mhór le neamhspleáchas agus cumhachtaí an Bhoird Riaracháin agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta faoi seach, agus foráil á déanamh do cheanglas maidir le comhar idir comhlachtaí éagsúla na Gníomhaireachta.

(20)

Agus comhaltaí na mBord á gceapadh agus Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach na mBord á dtoghadh, ba cheart a chur san áireamh a thábhachtaí atá ionadaíocht chothrom inscne a áirithiú, i gcás inarb iomchuí. Thairis sin, ba cheart scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha a chur i gcuntas freisin.

(21)

Ba cheart gurbh é an Bord Creidiúna Slándála, seachas an Bord Riaracháin, a dhéanfadh an chuid sin de chláir oibre na Gníomhaireachta a ullmhú agus a fhormheas ina bhfuil tuairisc ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le creidiúnú slándála na gcóras maille leis an gcuid sin den tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus ar ionchais na Gníomhaireachta a bhaineann le gníomhaireachtaí creidiúnaithe slándála na gcóras. Ba cheart dó iad a chur, go tráthúil, chuig an mBord Riaracháin chun go bhféadfar iad a chomhtháthú i gclár oibre agus i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta. Ba cheart dó údarás araíonachta a fheidhmiú ar a Chathaoirleach freisin.

(22)

Maidir le Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, is inmhianaithe ról a thabhairt dó, i ndáil le gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála, a bheadh inchurtha leis an ról a imríonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith gníomhaíochtaí eile de chuid na Gníomhaireachta. Dá bhrí sin, de bhreis ar an bhfeidhm ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta, dá bhforáiltear cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála atá faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála a bhainistiú agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme an chuid sin de chláir oibre na Gníomhaireachta a bhaineann le creidiúnú. Ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála freisin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, tuarascáil a thíolacadh maidir le comhlíonadh chúraimí an Bhoird Creidiúna Slándála agus dearbhú a dhéanamh os a gcomhair.

(23)

Ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bhunú don chás ionchasach ar dá réir nach ndéanfaidh an Bord Riaracháin cláir oibre na Gníomhaireachta a fhormheas, d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar difear don phróiseas creidiúna slándála agus go bhféadfar é a chur i gcrích gan aon bhriseadh.

(24)

Ós rud é go bhfuil páirt ag roinnt tríú tíortha sna cláir agus go bhféadfadh páirt a bheith ag eagraíochtaí idirnáisiúnta iontu, lena n-áirítear i gcúrsaí slándála, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite le go bhféadfaidh ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha a bheith rannpháirteach, go háirithe an Eilvéis ar cheart Comhaontú Comhair a thabhairt i gcrích léi (8), ar bhonn eisceachtúil agus faoi choinníollacha áirithe, in obair an Bhoird Creidiúna Slándála. Ba cheart coinníollacha den sórt sin a shonrú i gcomhaontú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bheidh le tabhairt i gcrích leis an Aontas, lena gcuirfear san áireamh cúrsaí slándála agus, go háirithe, cosaint fhaisnéis rúnaicmithe AE. Déanann an Comhaontú Comhair maidir le Loingseoireacht Satailíte idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Ríocht na hIorua (9) chomh maith le Prótacal 31 agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE, creat a sholáthar cheana le haghaidh rannpháirtíocht na hIorua. I bhfianaise a bhfuil de shaineolas ar leith aige, ba cheart go bhféadfaí dul i gcomhairle leis an mBord Creidiúna Slándála laistigh dá réimse inniúlachta, roimh an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta den sórt sin nó lena linn.

(25)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a ailíniú leis na prionsabail atá léirithe i gcur chuige comhchoiteann Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir leis na gníomhaireachtaí díláraithe, cur chuige a ghlac na trí institiúid sin an 5 Iúil, an 26 Meitheamh agus an 12 Meitheamh 2012 faoi seach, go háirithe an méid a bhaineann leis na rialacha maidir le cinntí an Bhoird Riaracháin a ghlacadh, le téarmaí oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Creidiúna Slándála maille le téarmaí oifige a gcathaoirleach, le clár oibre ilbhliantúil a bheith ann, le cumhachtaí an Bhoird Riaracháin i ndáil le bainistiú foirne, le meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán sin, le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú agus le faisnéis neamh-rúnaicmithe ach atá íogair a phróiseáil. Ba cheart go gcuirfí i gcrích an próiseas le haghaidh an clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh agus prionsabail an chomhair dhílis á gcomhlíonadh go hiomlán agus na srianta ó thaobh ama a bhaineann le clár oibre den sórt sin á gcur san áireamh.

(26)

I ndáil le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú, tá sé ríthábhachtach go mbunaíonn agus go gcothabhálann an Ghníomhaireacht clú na neamhchlaontachta, na sláine agus ardchaighdeán gairmiúil di féin. Níor cheart go mbeadh aon chúis dhlisteanach ann lena cheapadh go mbeadh tionchar ar chinntí ag leasanna a bheadh i gcoinbhleacht le ról na Gníomhaireachta ina cáilíocht mar chomhlacht a dhéanann freastal ar an Aontas go ginearálta nó ag leasanna príobháideacha nó dílseachtaí aon chomhalta de chuid na Gníomhaireachta, aon saineolaí náisiúnta ar iasacht nó breathnóirí, nó aon chomhalta den Bhord Riaracháin nó den Bhord Creidiúna Slándála, a chruthódh coinbhleacht nó a d’fhéadfadh coinbhleacht a chruthú maidir leis an duine i dtrácht a dhualgais oifigiúla a chomhlíonadh go hiomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord Riaracháin agus don Bhord Creidiúna Slándála rialacha cuimsitheacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa a chumhdóidh an Ghníomhairecht ar fad. Sna rialacha sin ba cheart na moltaí a d’eisigh an Chúirt Iniúchóirí ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 15 in 2012 a chur san áireamh, tuarascáil a ullmhaíodh ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa agus an gá atá le coinbhleachtaí leasa a sheachaint idir Comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus Comhaltaí an Bhoird Creidiúna Slándála.

(27)

D’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht ar bhealach trédhearcach, ba cheart a rialacha nós imeachta a fhoilsiú. Mar sin féin, mar eisceacht, ba cheart leasanna áirithe poiblí agus leasanna áirithe príobháideacha a chosaint. D’fhonn feidhmiú rianúil a áirithiú do na cláir, ba cheart na cláir oibre ilbhliantúla agus na cláir oibre bhliantúla agus an tuarascáil bhliantúil a bheith chomh mionsonraithe agus is féidir. De thoradh air sin, d’fhéadfadh ábhar a bheith iontu atá íogair ó thaobh slándála nó ó thaobh an chaidrimh chonarthaigh de. Bheadh sé iomchuí dá bhrí sin achoimre feidhmiúcháin amháin de na doiciméid sin a fhoilsiú. Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart na hachoimrí sin a bheith chomh hiomlán agus is féidir, mar sin féin.

(28)

Ba cheart a chur i dtreis freisin gur cheart cláir oibre na Gníomhaireachta a chur ar bun ar bhonn próisis bainistíochta feidhmíochta, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta, ar mhaithe le measúnú éifeachtach agus éifeachtúil a dhéanamh ar na torthaí a bhaintear amach.

(29)

Ba cheart clársceidealú acmhainní a bheith i gcláir oibre na Gníomhaireachta freisin, lena n-áirítear na hacmhainní daonna agus airgeadais a shanntar do gach gníomhaíocht agus á chur san áireamh gur cheart na costais a bhaineann le riachtanais nua foirne na Gníomhaireachta a chúiteamh go páirteach trí laghdú iomchuí i bplean bunaíochta an Choimisiúin le linn na tréimhse céanna, eadhon ó 2014 go 2020.

(30)

Gan dochar don chinneadh polaitiúil maidir le suíomhanna ghníomhaireachtaí an Aontais, d’inmhianaitheacht raon geografach agus do na cuspóirí a leagann Ballstáit amach maidir le suíomhanna na ngníomhaireachtaí nua, mar atá i gconclúidí Ionadaithe na mBallstát ag teacht le chéile dóibh ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais sa Bhruiséil an 13 Nollaig 2003, agus mar a meabhraíodh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i Meitheamh 2008, ba cheart critéir oibiachtúla a chur san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta chun áit a roghnú d’oifigí áitiúla na Gníomhaireachta. Áirítear ar na critéir sin inrochtaineacht na n-áitreabh, bonneagair oideachais atá oiriúnach do leanaí na mball foirne agus do leanaí na saineolaithe náisiúnta ar iasacht, rochtain ar mhargadh an tsaothair, ar an gcóras slándála sóisialta agus ar an gcúram sláinte do theaghlaigh na mball foirne agus do theaghlaigh na saineolaithe náisiúnta ar iasacht, chomh maith le costais cur chun feidhme agus oibriúcháin.

(31)

Ba cheart do na Stáit óstacha na coinníollacha riachtanacha a chur ar fáil trí bhíthin socruithe sonracha ar mhaithe le feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta, amhail áiseanna iomchuí oideachais agus iompair.

(32)

Le Cinneadh 2010/803/AE (10), chinn Ionadaithe Rialtais na mBallstát gur i bPrág a bheadh suíomh na Gníomhaireachta lonnaithe. Cuireadh an Comhaontú maidir le hÓstú idir Poblacht na Seice agus an Ghníomhaireacht i gcrích an 16 Nollaig 2011 agus tháinig sé i bhfeidhm an 9 Lúnasa 2012. Meastar go gcomhlíonann an Comhaontú Aíochta agus socruithe sonracha eile ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 912/2010.

(33)

Tá leasanna airgeadais an Aontais le bheith cosanta trí bhearta comhréireacha a úsáid ar feadh thimthriall iomlán an chaiteachais, go háirithe, trí neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath, trí shuirbhéanna a dhéanamh, trí chistí a cailleadh, a íocadh go míchuí nó a riaradh go mícheart a aisghabháil agus, más gá, trí phionóis a chur i bhfeidhm.

(34)

Ós rud é go gceadaítear do na Ballstáit, le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, cistí breise a rannchuidiú chun gnéithe áirithe de chláir áirithe a mhaoiniú, ba cheart cead a thabhairt don Ghníomhaireacht conarthaí a bhronnadh i gcomhpháirt leis na Ballstáit nuair is iomchuí sin i dtaca le comhlíonadh a cuid cúraimí.

(35)

Ba cheart don Ghníomhaireacht rialacha an Choimisiúin a chur i bhfeidhm maidir le slándáil fhaisnéis rúnaicmithe AE. Ba cheart go mbeadh sí in ann rialacha a chur ar bun freisin maidir le faisnéis nach bhfuil rúnaicmithe ach atá íogair a láimhseáil. Ba cheart gur leis an nGníomhaireacht a bhainfeadh na rialacha sin agus faisnéis den sórt sin á láimhseáil aici, agus sa chás sin amháin. Is é atá i gceist le faisnéis íogair nach bhfuil rúnaicmithe faisnéis nó ábhar ar cheart don Ghníomhaireacht í a chosaint de bharr oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna Conarthaí agus/nó de bharr a íogaire atá sí. Áirítear inti faisnéis nó ábhar a chumhdaítear faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla, dá dtagraítear in Airteagal 339 CFAE, faisnéis a bhaineann le saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) nó faisnéis laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ach níl sé teoranta dóibh sin.

(36)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 go hAirteagal 8:

“Airteagal 2

Cúraimí

Is éard a bheidh i gcúraimí na Gníomhaireachta na cúraimí sin a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

Airteagal 3

Comhlachtaí

1.   Is iad na comhlachtaí seo a leanas a bheidh i gcomhlachtaí na Gníomhaireachta:

(a)

an Bord Riaracháin;

(b)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c)

an Bord Creidiúna Slándála do chórais Eorpacha GNSS (an ‘Bord Creidiúna Slándála’).

2.   Déanfaidh comhlachtaí na Gníomhaireachta a gcuid cúraimí a chomhlíonadh de réir mar a shonraítear in Airteagal 6, in Airteagal 8 agus in Airteagal 11 faoi seach.

3.   Oibreoidh an Bord Riaracháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Bord Creidiúna Slándála na gCóras Eorpach GNSS agus a Chathaoirleach i gcomhar le chéile chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht agus go ndéanfar comhordú ar a cuid comhlachtaí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a chinnfear le rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta, amhail rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, rialacha nós imeachta an Bhoird Creidiúna Slándála, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, na rialacha cur chun feidhme i dtaca le stádas na foirne agus na rialacha lena rialaítear rochtain ar dhoiciméid.

Airteagal 4

Stádas dlíthiúil, oifigí áitiúla

1.   Is comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine faoin dlí ag an nGníomhaireacht. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh oifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit, faoi réir toiliú a fháil uathu, nó i dtríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 23.

4.   Roghnófar suíomh na n-oifigí sin ar bhonn critéar oibiachtúil a shaineofar chun feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta a áirithiú.

Na forálacha maidir le suiteáil agus feidhmiú na Gníomhaireachta sna Ballstáit óstacha agus sna tríú tíortha óstacha agus na forálacha maidir leis na buntáistí a thug na tríú tíortha don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, do chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus don Bhord Creidiúna Slándála agus d’fhoireann na Gníomhaireachta agus do bhaill dá dteaghlaigh, beidh siad faoi réir socruithe sonracha a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit agus na tríú tíortha sin. Déanfaidh an Bord Riaracháin na socruithe sonracha a fhormheas.

5.   Cuirfidh na Ballstáit óstacha agus na tríú tíortha óstacha na coinníollacha is gá ar fáil, trí na socruithe sonracha dá dtagraítear i mír 4, chun feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta a áirithiú.

6.   Faoi réir phointe (f) d’Airteagal 11a(1), déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ionadaíocht thar a ceann.

Airteagal 5

Bord Riaracháin

1.   Leis seo cuirtear Bord Riaracháin ar bun chun na cúraimí a liostaítear in Airteagal 6 a chomhlíonadh.

2.   Is mar a leanas a chomhdhéanfar an Bord Riaracháin:

(a)

ionadaí amháin a cheapfaidh gach Ballstát;

(b)

ceathrar ionadaithe a cheapfaidh an Coimisiún;

(c)

ionadaí amháin gan ceart vótála a cheapfaidh Parlaimint na hEorpa.

Ceapfar comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Creidiúna Slándála ar bhonn mhéid a dtaithí ábhartha agus a saineolais.

Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus beidh sé in-athnuaite uair amháin. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus na Ballstáit iarracht ráta athraithe a n-ionadaithe ar an mBord Riaracháin a theorannú.

Iarrfar ar Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, ar ionadaí de chuid Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an ‘tArdionadaí’) agus ar ionadaí de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (‘GES’) freastal ar chruinnithe an Bhoird Riaracháin mar bhreathnóirí, faoi na coinníollacha a leagfar síos i rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin.

3.   I gcás inarb iomchuí, déanfar rannpháirtíocht ionadaithe ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na coinníollacha a bhaineann léi a bhunú sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus comhlíonfar leo sin rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin.

4.   Toghfaidh an Bord Riaracháin Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas/a cuid dualgas a chomhlíonadh. Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh, ar téarma é a bheidh in-athnuaite aon uair amháin, agus rachaidh gach téarma oifige in éag nuair a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta den Bhord Riaracháin.

Beidh sé de chumhacht ag an mBord Riaracháin an Cathaoirleach nó an Leas-Chathaoirleach nó an bheirt acu a chur as oifig.

5.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin.

Mura gcinnfidh an Cathaoirleach a mhalairt, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé de ghnáth.

Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Riaracháin dhá uair sa bhliain. Chomh maith leis sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó ar iarratas ó aon trian ar a laghad dá chomhaltaí.

Féadfaidh an Bord Riaracháin a iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnóra. Faoi réir fhorálacha rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht an Bhoird Riaracháin.

6.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, déanfaidh an Bord Riaracháin a chuid cinntí a ghlacadh trí thromlach glan dá chomhaltaí a mbeidh ceart vótála acu.

Is gá tromlach dhá thrian de na comhaltaí uile ag a mbeidh ceart vótála chun Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Riaracháin a thoghadh agus a chur as oifig mar a thagraítear dó i mír 4 agus chun an buiséad agus na cláir oibre a ghlacadh.

7.   Beidh vóta amháin ag gach ionadaí de chuid na mBallstát agus ag gach ionadaí de chuid an Choimisiúin. Ní vótálfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ní ghlacfar cinntí a bheidh bunaithe ar phointe (a) agus ar phointe (b) d’Airteagal 6(2) agus ar Airteagal 6(5) gan vóta fabhrach ó ionadaithe an Choimisiúin, ach amháin i gcás na n-ábhar sin a chumhdaítear le Caibidil III.

Déanfar na socruithe níos mionsonraithe faoi vótáil a bhunú le rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, go háirithe na coinníollacha a bhaineann le comhalta do ghníomhú thar ceann comhalta eile.

Airteagal 6

Cúraimí an Bhoird Riaracháin

1.   Áiritheoidh an Bord Riaracháin go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht an obair ar fad a thugtar di faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus déanfaidh sé aon chinneadh is gá chun na críche sin, gan dochar do na hinniúlachtaí a thugtar don Bhord Creidiúna Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le Caibidil III.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh an Bord Riaracháin an méid seo a leanas:

(a)

clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta don tréimhse atá faoi chumhdach an chreata airgeadais ilbhliantúil a ghlacadh, faoin 30 Meitheamh ar a dhéanaí de bhliain tosaigh an chreata airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tar éis dó an chuid sin den chlár a tharraing an Bord Creidiúna Slándála suas i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11(4) a chur isteach ann, gan aon athrú, agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin a fháil. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gclár oibre ilbhliantúil seo, ar choinníoll gurb é cuspóir an chomhairliúcháin tuairimí a nochtadh agus nach mbeidh toradh an chomhairliúcháin ina cheangal ar an nGníomhaireacht;

(b)

clár oibre na Gníomhaireachta don chéad bhliain eile a ghlacadh faoin 15 Samhain gach bliain, tar éis dó an chuid den chlár a tharraing an Bord Creidiúna Slándála suas i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 11(4) a chur isteach ann, gan aon athrú, agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin a fháil;

(c)

na feidhmeanna buiséadacha dá bhforáiltear in Airteagal 13(5), (6), (10) agus (11) agus in Airteagal 14(5) a chomhlíonadh;

(d)

forbhreathnú a dhéanamh ar fheidhmiú Ionad Faireacháin Slándála Galileo dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(e)

socruithe a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo;

(f)

na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 23(2) a fhormheas, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Creidiúna Slándála maidir le forálacha na socruithe sin a bhaineann le creidiúnú slándála;

(g)

nósanna imeachta teicniúla a ghlacadh atá riachtanach chun na cúraimí atá air a chomhlíonadh;

(h)

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta a ghlacadh tar éis dó an chuid sin a tharraing an Bord Creidiúna Slándála suas i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(4) a chur isteach inti, gan aon athrú, agus í a chur, faoin 1 Iúil, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí;

(i)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach iomchuí maidir le conclúidí agus moltaí na meastóireachtaí agus na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 26 agus maidir le conclúidí agus moltaí na n-imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus gach tuarascáil iniúchta inmheánaí nó seachtraí, agus an fhaisnéis ábhartha uile maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach;

(j)

dul faoi chomhairle an Stiúrthóra Feidhmiúcháin maidir leis na comhaontuithe tarmligin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 sula síneofar iad;

(k)

na socruithe oibre a fhormheas, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar socruithe iad idir an Ghníomhaireacht agus GES dá dtagraítear in Airteagal 14(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(l)

straitéis frithchalaoise a fhormheas, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(m)

struchtúir eagrúcháin na Gníomhaireachta a fhormheas, i gcás inar gá agus ar bhonn tograí ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(n)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú.

3.   Maidir le foireann na Gníomhaireachta, feidhmeoidh an Bord Riaracháin na cumhachtaí a thugtar di le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (15) (‘Rialacháin Foirne’) maidir leis an údarás ceapacháin agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais maidir leis an údarás a mbeidh sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a dhéanamh (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’).

Glacfaidh an Bord Riaracháin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh a bhunófar ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena dtarmligfear cumhachtaí ábhartha an údaráis cheapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí seo a fhionraí. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin don Bhord Riaracháin maidir le feidhmiú na gcumhachtaí tarmligthe sin. Údarófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcur i bhfeidhm an dara fomhír den mhír seo, i gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí na n-údarás ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cumhachtaí sin a fho-tharmligfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

De mhaolú ar an dara fomhír, áfach, ceanglófar ar an mBord Riaracháin na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharmligean do Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, ar cumhachtaí iad i dtaca le hearcaíocht, le measúnú, agus le hathaicmiú na mball foirne a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III agus i dtaca leis na bearta araíonachta a bheidh le glacadh i leith na foirne sin.

Glacfaidh an Bord Riaracháin bearta cur chun feidhme na Rialachán Foirne agus Choinníollacha Fostaíochta na Seirbhíseach Eile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne. Maidir le hearcaíocht, le measúnú, le hathaicmiú na mball foirne a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí faoi Chaibidil III agus na bearta ábhartha araíonachta a bheidh le glacadh, rachaidh an Bord Riaracháin i gcomhairle leis an mBord Creidiúna Slándála roimh an méid sin a dhéanamh agus cuirfidh sé barúlacha an Bhoird sin san áireamh dá réir.

Glacfaidh sé freisin cinneadh faoina leagtar síos rialacha maidir le hiasacht saineolaithe náisiúnta chuig an nGníomhaireacht. Sula nglacfaidh sé an cinneadh sin, rachaidh an Bord Riaracháin i gcomhairle leis an mBord Creidiúna Slándála maidir le hiasacht saineolaithe náisiúnta a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála dá dtagraítear i gCaibidil III agus cuirfidh sé a bharúlacha san áireamh go hiomchuí.

4.   Is é an Bord Riaracháin a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus féadfaidh sé síneadh nó deireadh a chur lena théarma/lena téarma oifige i gcomhréir le hAirteagal 15b(3) agus (4).

5.   Feidhmeoidh an Bord Riaracháin údarás araíonachta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir lena fheidhmíocht/lena feidhmíocht, go háirithe i dtaca le hábhair shlándála a thagann faoi inniúlacht na Gníomhaireachta, ach amháin maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le Caibidil III.

Airteagal 7

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh bainistiú ar an nGníomhaireacht, a chomhlíonfaidh a chuid dualgas/a cuid dualgas faoi stiúir an Bhoird Riaracháin, gan dochar do na cumhachtaí a bhronntar ar an mBord Creidiúna Slándála agus ar Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 11a faoi seach.

Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Riaracháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid dualgas/a cuid dualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

Airteagal 8

Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta, ach amháin maidir le gníomhaíochtaí agus cinntí a dhéanfar i gcomhréir le Caibidil II agus Caibidil III agus síneoidh sé na comhaontuithe tarmligin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo;

(b)

na socruithe oibre idir an Ghníomhaireacht agus GES dá dtagraítear in Airteagal 14(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo; agus iad a shíniú tar éis údarú a fháil ón mBord Riaracháin;

(c)

obair an Bhoird Riaracháin a ullmhú agus bheith rannpháirteach in obair an Bhoird Riaracháin gan aon cheart vótála a bheith aige, faoi réir an dara fomhír d’Airteagal 5(5);

(d)

cinntí an Bhoird Riaracháin a chur chun feidhme;

(e)

cláir oibre ilbhliantúla agus cláir oibre bhliantúla na Gníomhaireachta a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena bhformheas, seachas na codanna sin a ullmhóidh agus a ghlacfaidh an Bord Creidiúna Slándála i gcomhréir le pointe (a) agus le pointe (b) d’Airteagal 11(4);

(f)

cláir oibre ilbhliantúla agus bliantúla a chur chun feidhme, seachas na codanna a chuirfidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála chun feidhme i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 11a(1);

(g)

maidir le gach cruinniú den Bhord Riaracháin, tuarascáil a ullmhú ar dhul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil agus, i gcás inarb ábhartha, an chláir oibre ilbhliantúil, agus an chuid a ullmhóidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 11a(1), a ionchorprú sa tuarascáil sin, gan aon athrú;

(h)

an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta seachas an chuid a ullmhóidh agus a fhormheasfaidh an Bord Creidiúna Slándála, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(4) maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le Caibidil III, a ullmhú, agus a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena formheas;

(i)

gach beart is gá a dhéanamh, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(j)

dréachtráiteas a tharraingt suas ar ioncam agus caiteachas measta na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 13 agus an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 14;

(k)

a áirithiú go bhfuil an Ghníomhaireacht, mar oibreoir Ionad Faireacháin Slándála Galileo, in ann freagairt do threoracha a chuirfear ar fáil faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle (16) agus go bhfuil sí in ann an ról atá aici dá dtagraítear in Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) a chomhlíonadh;

(l)

a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis ábhartha go léir i gcúrsaíocht idir comhlachtaí na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo, go háirithe maidir leis an tslándáil;

(m)

tuairim na Gníomhaireachta a chur in iúl don Choimisiún maidir leis na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla a mbeidh gá leo chun go gcuirfear i bhfeidhm teacht chun cinn na gcóras dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, lena n-áirítear chun na nósanna imeachta maidir le glacadh agus le hathbhreithniú a shainiú, agus maidir le gníomhaíochtaí taighde lena dtabharfar tacaíocht don teacht chun cinn sin;

(n)

agus é ag obair i ndlúthchomhar le Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála le haghaidh ábhar a bhaineann le gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a chumhdaítear le Caibidil III den Rialachán seo, struchtúir eagrúcháin na Gníomhaíochta a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena bhformheas;

(o)

i leith fhoireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(3), a fheidhmiú, a mhéid a tharmligfear na cumhachtaí sin dó/di i gcomhréir leis an dara fomhír di;

(p)

tar éis formheas a fháil ón mBord Riaracháin, na bearta is gá chun oifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit nó i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 4(3) a ghlacadh;

(q)

a áirithiú go ndéanfar an rúnaíocht agus na hacmhainní go léir a bheidh riachtanach i ndáil le feidhmiú ceart a sholáthar don Bhord Creidiúna Slándála, do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(11) agus do Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála;

(r)

plean gníomhaíochta chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach ar thorthaí agus moltaí na meastóireachtaí agus na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 26, ach amháin an chuid sin den phlean gníomhaíochta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III, a ullmhú, agus an tuarascáil ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin dhá uair in aghaidh na bliana a mbeidh an chuid a dhréachtaigh an Bord Creidiúna Slándála ionchorpraithe inti, gan aon athrú, ar tuarascáil í a chuirfear faoi bhráid an Bhoird Riaracháin freisin mar eolas;

(s)

na bearta seo a leanas a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint:

(i)

bearta coisctheacha in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí eile neamhdhleathacha agus feidhm á baint aige as bearta éifeachtúla rialaithe;

(ii)

nuair a bhraithfear neamhrialtachtaí, na suimeanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más gá, pionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(t)

straitéis frithchalaoise don Ghníomhaireacht a tharraingt suas ar straitéis í a bheidh comhréireach i dtaca leis na rioscaí calaoise agus aird á tabhairt ar anailís chostais is tairbhe na mbeart a bheidh le cur chun feidhme agus a chuirfidh torthaí agus moltaí a eascróidh ó fhiosruithe OLAF san áireamh agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena formheas.

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 8a

Cláir oibre agus tuarascáil bhliantúil

1.   Le clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2), leagfar síos na gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích ag an nGníomhaireacht le linn na tréimhse atá cumhdaithe faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhaineann le caidreamh idirnáisiúnta agus leis an gcumarsáid a mbeidh sí freagrach aisti. Leis an gclár seo leagfar amach an clársceidealú foriomlán straitéiseach, lena n-áirítear cuspóirí, spriocanna, torthaí ionchais agus táscairí feidhmíochta, agus clársceidealú acmhainní, lena n-áirítear na hacmhainní daonna agus airgeadais a shannfar do gach gníomhaíocht. Áireofar ann na meastóireachtaí agus iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán seo. Ar mhaithe le heolas, áireofar sa chlár oibre ilbhliantúil freisin tuairisc ar aistriú na gcúraimí a chuir an Coimisiún de chúram ar an nGníomhaireacht, lena n-áirítear na cúraimí i dtaca le bainistiú na gclár dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013.

2.   Beidh an clár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo bunaithe ar an gclár oibre ilbhliantúil. Leagfar síos ansin na gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích ag an nGníomhaireacht le linn na bliana dár gcionn, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcaidreamh idirnáisiúnta agus leis an gcumarsáid a mbeidh sí freagrach aisti. Beidh an clár oibre bliantúil comhdhéanta de chuspóirí mionsonraithe agus na torthaí a mbeifear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Léireofar go soiléir ann cé acu na cúraimí sin a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh le hais chúraimí na bliana airgeadais roimhe sin agus léireofar na hathruithe sna táscairí feidhmíochta agus luachanna a spriocanna. Leagfar amach sa chlár sin freisin na hacmhainní daonna agus airgeadais a shannfar do gach gníomhaíocht. Ar mhaithe le heolas, áireofar sa chlár sin na cúraimí a thabharfaidh an Coimisiún don Ghníomhaireacht trí bhíthin comhaontaithe tarmligthe, de réir mar a cheanglaítear sin, de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cláir oibre ilbhliantúla agus bliantúla, tar éis a nglactha ag an mBord Riaracháin, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus foilseoidh sé achoimre feidhmiúcháin orthu.

4.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(h) den Rialachán seo faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme na gclár oibre ilbhliantúil agus bliantúil, lena n-áirítear na táscairí feidhmíochta;

(b)

cur chun feidhme an bhuiséid agus an phlean beartais foirne;

(c)

córais bainistíochta agus rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta agus dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme córas bainistíochta an tionscnaimh agus na dteicníochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(d)

aon bhearta chun feidhmíocht chomhshaoil na Gníomhaireachta a fheabhsú;

(e)

torthaí iniúchta inmheánacha agus seachtracha agus obair leantach ar mholtaí iniúchta agus ar mholadh urscaoilte;

(f)

ráiteas dearbhaithe an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Poibleofar achoimre fheidhmiúcháin na tuarascála bliantúla.”;

(3)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, aon uair a fhéadfaidh sé go ndéanfadh oibriú na gcóras difear do shlándáil an Aontais nó do shlándáil na mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES.”;

(4)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 10 agus Airteagal 11:

“Airteagal 10

Prionsabail ghinearálta

Déanfar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála do na córais Eorpacha GNSS dá dtagraítear sa Chaibidil seo a chur i gcrích i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

déanfar gníomhaíochtaí agus cinntí creidiúnaithe slándála i gcomhthéacs na freagrachta comhchoitinne as slándáil an Aontais agus slándáil na mBallstát;

(b)

déanfar iarrachtaí teacht ar chinntí trí chomhthoil;

(c)

cuirfear gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála i gcrích agus leas á bhaint as cur chuige an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca, agus breathnófar ar an mbaol a bheidh ann do shlándáil na gcóras Eorpach GNSS agus ar an tionchar a bheidh aige sin ar chostas nó ar sceideal birt ar bith chun na rioscaí sin a mhaolú, agus é á chur san áireamh nach mbeifear ag iarraidh leibhéal slándála na gcóras i gcoitinne a laghdú;

(d)

is daoine gairmiúla atá cáilithe go cuí i dtaobh córais chasta a chreidiúnú a ullmhóidh agus a dhéanfaidh na cinntí creidiúnaithe slándála, ar daoine iad a mbeidh imréiteach slándála leordhóthanach acu agus a ghníomhóidh go hoibiachtúil;

(e)

déanfar gach iarracht dul i mbun comhairle leis na páirtithe ábhartha uile a mbeidh leas acu i saincheisteanna slándála;

(f)

cuirfidh na geallsealbhóirí ábhartha uile gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála i bhfeidhm de réir straitéis creidiúnaithe slándála gan dochar do ról an Choimisiúin Eorpaigh a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(g)

beidh cinntí creidiúnaithe slándála bunaithe, i gcomhréir leis an bpróiseas a shainítear sa straitéis ábhartha creidiúnaithe slándála, ar chinntí áitiúla creidiúnaithe slándála a dhéanfaidh údaráis náisiúnta creidiúnaithe slándála na mBallstát faoi seach;

(h)

le próiseas faireacháin a bheidh buan, trédhearcach agus go hiomlán intuigthe, áiritheofar go mbeifear ar an eolas faoi na rioscaí slándála do na córais Eorpacha GNSS, go sainmhíneofar bearta slándála le go laghdófar na rioscaí sin go dtí leibhéal inghlactha i bhfianaise riachtanais slándála an Aontais agus na mBallstát agus go bhfeidhmeoidh na cláir go rianúil agus go gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm i gcomhréir le coincheap na cosanta doimhne. Beidh meastóireacht á déanamh go leanúnach ar a éifeachtaí a bheidh ag na bearta sin. Is mar phróiseas atriallach a dhéanfaidh geallsealbhóirí na gclár an próiseas sin a bhaineann le measúnú riosca slándála agus le bainistiú riosca slándála;

(i)

glacfar cinntí creidiúnaithe slándála le neamhspleáchas iomlán, lena n-áirítear neamhspleáchas ar an gCoimisiún agus ar na comhlachtaí eile a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gclár agus as seirbhísí a chur ar fáil, chomh maith leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le Bord Riaracháin na Gníomhaireachta;

(j)

déanfar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a chur i gcrích ag féachaint go cuí don ghá a bheidh le comhordú leordhóthanach idir an Coimisiún agus na húdaráis a bheidh freagrach as forálacha slándála a chur chun feidhme;

(k)

na geallsealbhóirí uile a bheidh bainteach leis na cláir a chur chun feidhme, láimhseálfaidh siad faisnéis rúnaicmithe AE agus cosnóidh siad an fhaisnéis sin i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus leis na híoschaighdeáin a leagtar amach i rialacha slándála na Comhairle agus an Choimisiúin faoi seach maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint.

Airteagal 11

An Bord Creidiúna Slándála

1.   Bunaítear Bord Creidiúna Slándála do Chórais Eorpacha GNSS (an ‘Bord Creidiúna Slándála’) chun na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh.

2.   Déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála a chúraimí a chomhlíonadh gan dochar don fhreagracht a leagtar ar an gCoimisiún le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, go háirithe i ndáil leis na hábhair a bhaineann le cúrsaí slándála, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát maidir le creidiúnú slándála.

3.   Mar údarás creidiúnaithe slándála, beidh an Bord Creidiúna Slándála freagrach as an méid seo a leanas, maidir le creidiúnú slándála do chórais Eorpacha GNSS:

(a)

straitéis maidir le creidiúnú slándála a shainiú agus a fhormheas, ar straitéis í ina leagfar amach an méid a leanas:

(i)

raon feidhme na ngníomhaíochtaí is gá chun creidiúnú na gcóras Eorpach GNSS a chur i gcrích agus a choimeád, agus chun a n-idirnasc le córais eile a chur i gcrích agus a choimeád freisin;

(ii)

próiseas creidiúnaithe slándála do chórais Eorpacha GNSS agus é mionsonraithe i gcomhréir leis an leibhéal iontaofachta is gá agus ina léireofar go soiléir na coinníollacha maidir le formheas; cuirfear an próiseas sin i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha, go háirithe iad sin dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(iii)

ról na ngeallsealbhóirí ábhartha a bheidh páirteach i bpróiseas an chreidiúnúcháin;

(iv)

sceideal creidiúnúcháin a bheidh ag teacht le céimeanna na gclár, go háirithe i dtaca le leas a bhaint as bonneagar, le soláthar seirbhísí agus le dul chun cinn;

(v)

prionsabail an chreidiúnaithe slándála i gcás líonraí atá nasctha leis na córais agus trealamh PRS atá nasctha leis an gcóras arna bhunú faoi chlár Galileo a bheidh le cur i gcrích ag eintitis náisiúnta na mBallstát a bheidh inniúil ar ábhair shlándála;

(b)

cinntí creidiúnaithe slándála a dhéanamh, go háirithe i ndáil le lainseálacha satailítí a fhormheas, i ndáil le húdarú a thabhairt chun na córais a oibriú sna cumraíochtaí éagsúla a bhaineann leo agus chun na seirbhísí éagsúla a oibriú, chomh fada leis an gcomhartha sa spás agus an comhartha sin san áireamh, agus i ndáil le húdarú a thabhairt chun na stáisiúin talún a oibriú. Maidir leis na líonraí agus le trealamh PRS atá nasctha leis an gcóras arna bhunú faoi chlár Galileo, ní ghlacfaidh an Bord Creidiúna Slándála cinntí ach amháin maidir le comhlachtaí a údarú chun glacadóirí PRS nó modúil slándála PRS a fhorbairt agus a mhonarú, agus cuirfear san áireamh an chomhairle a chuirfidh na heintitis náisiúnta a bheidh inniúil ar ábhair shlándála ar fáil agus na rioscaí foriomlána slándála;

(c)

an doiciméadacht uile a bhaineann le creidiúnú slándála a scrúdú agus a fhormheas, ach amháin i gcás doiciméad a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus faoi Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE;

(d)

comhairle a thabhairt don Choimisiún, laistigh dá réimse inniúlachta, chun dréacht-téacsanna a fhorbairt i gcás gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE, lena n-áirítear chun nósanna imeachta oibríochta slándála (SecOps) a bhunú, agus ráiteas a thabhairt ina mbeidh cur síos ar a sheasamh deiridh;

(e)

an measúnú riosca a forbraíodh i gcomhréir leis an bpróiseas faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 10(h) a scrúdú agus a fhormheas, agus comhlíonadh na ndoiciméad dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo agus na ndoiciméad a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus le hAirteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE á gcur san áireamh; ag oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun bearta maolúcháin riosca a shainiú;

(f)

cur chun feidhme na mbeart slándála a sheiceáil maidir le creidiúnú slándála chórais Eorpacha GNSS trí mheasúnuithe slándála, trí chigireachtaí nó trí athbhreithnithe a dhéanamh nó a urrú, i gcomhréir le hAirteagal 12(b) den Rialachán seo;

(g)

roghnú na dtáirgí agus na mbeart formheasta a thabharfaidh cosaint ar chúléisteacht leictreonach (Tempest) agus roghnú na dtáirgí formheasta cripteagrafaíochta a úsáidfear chun slándáil a sholáthar do chórais Eorpacha GNSS a fhormhuiniú;

(h)

idirnasc chórais Eorpacha GNSS le córais eile a fhormheas, nó i gcás inarb ábhartha, páirt a ghlacadh i bhformheas comhpháirteach an idirnaisc sin, in éineacht leis an eintiteas ábhartha a bheidh inniúil ar ábhair shlándála;

(i)

comhaontú leis na Ballstáit ábhartha maidir le teimpléad a cheapadh chun rochtain a rialú dá dtagraítear in Airteagal 12(c);

(j)

ar bhonn na dtuarascálacha riosca dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo, an Coimisiún a chur ar an eolas faoin measúnú riosca a dhéanfaidh sé agus comhairle a chur ar fáil don Choimisiún faoi na roghanna chun déileáil leis an riosca iarmharach a bhaineann le cinneadh creidiúnaithe slándála faoi leith;

(k)

cúnamh a thabhairt don Chomhairle, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, maidir le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES a chur chun feidhme arna iarraidh sin go sonrach don Chomhairle;

(l)

na comhairliúcháin is gá a dhéanamh chun na cúraimí a bheidh air a chomhlíonadh.

4.   Déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála freisin na nithe seo a leanas:

(a)

ullmhóidh agus formheasfaidh sé an chuid sin den chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8a(1) maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá leis na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích, agus cuirfidh sé go tráthúil chuig an mBord Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

(b)

ullmhóidh sé agus formheasfaidh sé an chuid den chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá leis na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích, agus cuirfidh sé go tráthúil chuig an mBord Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

(c)

ullmhóidh agus formheasfaidh sé an chuid sin den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 6(2) maidir leis na gníomhaíochtaí agus na hionchais de chuid na Gníomhaireachta a chumhdaítear leis an gCaibidil seo maille leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá leis na gníomhaíochtaí agus na hionchais sin a chur i gcrích, agus cuirfidh sé go tráthúil chuig an mBord Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

(d)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú.

5.   Coinneoidh an Coimisiún an Bord Creidiúna Slándála ar an eolas ar bhonn leanúnach maidir leis an tionchar a bheidh ag aon chinneadh a bheartaíonn an Bord Creidiúna Slándála a dhéanamh ar sheoladh cuí na gclár agus ar chur chun feidhme na bpleananna chun déileáil le riosca iarmharach. Tabharfaidh an Bord Creidiúna Slándála aon tuairim den sórt sin ón gCoimisiún dá aire.

6.   Díreofar cinntí an Bhoird Creidiúna Slándála chuig an gCoimisiún.

7.   Is iad a bheidh ar an mBord Creidiúna Slándála ionadaí amháin ó gach Ballstát, ionadaí amháin ón gCoimisiún agus ionadaí amháin ón Ardionadaí. Déanfaidh na Ballstáit, an Coimisiún, agus an tArdionadaí iarracht ráta athraithe a n-ionadaithe ar an mBord Creidiúna Slándála a theorannú. Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Creidiúna Slándála, agus beidh sé in-athnuaite. Tabharfar cuireadh d’ionadaí ó GES freastal ar chruinnithe an Bhoird Creidiúna Slándála mar bhreathnadóir. Ar bhonn eisceachtúil, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta freastal ar na cruinnithe seo mar bhreathnóirí i gcás ábhar a bhaineann go díreach le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Déanfar socruithe maidir le rannpháirtíocht na n-ionadaithe sin ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus coinníollacha maidir léi a bhunú sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus comhlíonfar leo rialacha nós imeachta an Bhoird Creidiúna Slándála.

8.   Toghfaidh an Bord Creidiúna Slándála Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chuid comhaltaí trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí uile a mbeidh ceart vótála acu. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é go gcuirtear cosc ar an gCathaoirleach a chuid dualgas/a cuid dualgas a chomhlíonadh.

Beidh sé de chumhacht ag an mBord Creidiúna Slándála an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach nó an bheirt acu a chur as oifig. Glacfaidh sé an cinneadh maidir le duine a chur as oifig trí thromlach dhá thrian.

Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, ar téarma é a bheidh in-athnuaite uair amháin. Rachaidh téarma oifige ceachtar duine in éag má scoireann sé nó sí de bheith ina chomhalta/comhalta den Bhord Creidiúna Slándála.

9.   Beidh na hacmhainní daonna agus ábhartha uile is gá ar fáil don Bhord Creidiúna Slándála chun na feidhmeanna iomchuí tacaíochta riaracháin a sholáthar agus chun é a bheith ar a chumas, i gcomhar leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 11, a chúraimí a chomhlíonadh go neamhspleách, go háirithe agus comhaid á láimhseáil aige, cur chun feidhme na nósanna imeachta slándála á thionscnamh aige agus faireachán á dhéanamh aige air sin agus iniúchtaí slándála á ndéanamh aige ar na córais, a chinntí á n-ullmhú aige agus a chruinnithe á n-eagrú aige. Beidh rochtain aige freisin ar an bhfaisnéis uile atá riachtanach chun a chúraimí atá i seilbh na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, gan dochar do phrionsabail na huathrialach agus an neamhspleáchais dá dtagraítear in Airteagal 10(i).

10.   Déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála agus na baill foirne de chuid na Gníomhaireachta a cuireadh faoina mhaoirseacht a gcuid oibre sa chaoi go n-áiritheofar uathriail agus neamhspleáchas i ndáil le gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta, go háirithe gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le saothrú na gcóras, i gcomhréir le cuspóirí na gclár. Chuige sin, socrófar deighilt éifeachtach eagraíochtúil sa Ghníomhaireacht idir an fhoireann a mbeidh baint acu le gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an fhoireann eile sa Ghníomhaireacht. Cuirfidh an Bord Creidiúna Slándála an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Bord Riaracháin agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon chúinsí a d’fhéadfadh cur isteach ar a uathriail agus ar a neamhspleáchas. I gcás nach bhfaighfear aon leigheas laistigh den Ghníomhaireacht, breathnóidh an Coimisiún ar an gcás, i gcomhar leis na páirtithe ábhartha. Ar bhonn na dtorthaí ar an scrúdú sin, glacfaidh an Coimisiún na bearta maolaithe uile is iomchuí a bheidh le cur chun feidhme ag an nGníomhaireacht, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi.

11.   Déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála fochomhlachtaí speisialta a chur ar bun chun déileáil le saincheisteanna sonracha agus gníomhóidh na fochomhlachtaí sin de réir treoracha ón mBord Creidiúnú Slándála. Go háirithe, agus leanúnachas na hoibre á áirithiú aige, bunóidh an Bord painéal a sheolfaidh athbhreithnithe agus tástálacha i ndáil le hanailísí slándála chun na tuarascálacha riosca ábhartha a thiomsú chun cabhrú leis le linn dó a chinntí a ullmhú. Féadfaidh an Bord Creidiúna Slándála sainghrúpaí a chur ar bun agus a scor chun cur le hobair an phainéil seo.

12.   Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát nó do chúram na Gníomhaireachta dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, le linn chéim imlonnaithe chlár Galileo, bunófar grúpa saineolaithe ó na Ballstáit faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála chun cúraimí Údaráis Chriptea-Dháiliúcháin (ÚCD) a bhaineann le hábhair chripteagrafacha AE a chomhlíonadh go háirithe maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(i)

bainistiú na n-eochracha eitilte agus eochracha eile a bheidh riachtanach le haghaidh fheidhmiú an chórais sin a bhunófar faoi chlár Galileo;

(ii)

bunú agus forfheidhmiú na nósanna imeachta sin i ndáil le córas cuntasaíochta, córas láimhseála sláine, córas stórála agus dáileadh na n-eochracha PRS a fhíorú.

13.   Más rud é nach féidir teacht ar chomhthoil de réir na bprionsabal ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála cinntí ar bhonn vótála tromlaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus gan dochar d’Airteagal 9 den Rialachán seo. Ní chaithfidh ionadaí an Choimisiúin ná ionadaí an Ardionadaí vóta. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála na cinntí a ghlacfaidh an Bord Creidiúna Slándála a shíniú thar ceann an Bhoird Creidiúna Slándála.

14.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, faoin tionchar a bheidh ag glacadh na gcinntí creidiúnaithe slándála ar sheoladh cuí na gclár. Má mheasann an Coimisiún go mbeidh éifeacht shuntasach ag cinneadh a rinne an Bord Creidiúna Slándála ar sheoladh cuí na gclár, mar shampla i dtéarmaí costas, sceidil nó feidhmíochta, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

15.   Agus tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle á gcur san áireamh aige, tuairimí ar cheart iad a chur in iúl laistigh de mhí amháin, féadfaidh an Coimisiún aon bheart leordhóthanach a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013.

16.   Coinneofar an Bord Riaracháin ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn a dhéanfar in obair an Bhoird Creidiúna Slándála.

17.   Urramófar an clár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 san amchlár le haghaidh obair an Bhoird Creidiúna Slándála.”;

(5)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 11a

Cúraimí Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála

1.   Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a bhainistiú faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála;

(b)

cur chun feidhme an choda sin de chláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla na Gníomhaireachta a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a áirithiú faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála;

(c)

obair i gcomhar leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun cuidiú leis an dréachtphlean bunaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(3) mar aon le struchtúir eagrúcháin na Gníomhaireachta a tharraingt suas;

(d)

an chuid den tuarascáil ar dhul chun cinn a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 8(g) a bhaineann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Creidiúna Slándála go tráthúil ionas gur féidir í a chur isteach sa tuarascáil ar dhul chun cinn;

(e)

an chuid den tuarascáil bhliantúil agus den phlean gníomhaíochta a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 8(h) agus (r) faoi seach, a bhaineann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, agus í a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin go tráthúil;

(f)

ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta i gcás na ngníomhaíochtaí agus na gcinntí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo;

(g)

na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(3), a tharmligfear chuige nó chuici i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 6(3), i leith fhoireann na Gníomhaireachta a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí sa Chaibidil seo, a fheidhmiú.

2.   Maidir le gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála malartú tuairimí a bheith acu maidir le hobair agus le hionchais na Gníomhaireachta os comhair na n-institiúidí, lena n-áirítear maidir leis na cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla.”;

(6)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ceadóidh siad do dhaoine cuí-údaraithe a cheapfaidh an Bord Creidiúna Slándála, i gcomhaontú leis na heintitis náisiúnta a bheidh inniúil ar ábhair shlándála agus faoina maoirseacht, rochtain a bheith acu ar aon fhaisnéis agus ar aon limistéir agus/nó ar aon suímh a bhaineann le slándáil na gcóras a thagann faoina ndlínse, agus déanfar amhlaidh i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, agus gan aon idirdhealú a dhéanamh ar fhoras náisiúntacht náisiúnaigh na mBallstát, lena n-áirítear rochtain chun críocha iniúchtaí agus tástálacha slándála a chinnfidh an Bord Creidiúna Slándála agus lena n-áirítear an próiseas faireacháin i ndáil le rioscaí slándála dá dtagraítear in Airteagal 10(h). Déanfar na hiniúchtaí seo agus na tástálacha seo i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(i)

leagfar béim ar chúrsaí slándála agus ar bhainistiú éifeachtach riosca laistigh de na heintitis a ndéanfar cigireacht orthu;

(ii)

molfar frithbhearta chun an tionchar sonrach a bheadh ag cailliúint rúndachta a mhaolú, mar aon le sláine nó le hinfhaighteacht faisnéise rúnaicmithe.”;

(7)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas, i ndlúthchomhar le Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III, dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn agus cuirfear in iúl go soiléir an t-idirdhealú idir na gnéithe sin den dréachtráiteas faoi mheastacháin a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndáil le creidiúnú slándála ó ghníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta. Féadfaidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála ráiteas a scríobh i ndáil leis an dréacht sin agus cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtmheastachán agus an ráiteas ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin agus chuig an mBord Creidiúna Slándála agus beidh dréachtphlean bunaíochta ag gabháil leo freisin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

“5.   Gach bliain, ullmhóidh an Bord Riaracháin ráiteas ar ioncam agus ar chaiteachas don bhliain dár gcionn ar bhonn an dréachtráitis ar ioncam agus ar chaiteachas agus i ndlúthchomhar leis an mBord Creidiúna Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III.

6.   Déanfaidh an Bord Riaracháin, faoin 31 Márta, an ráiteas faoi mheastacháin, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta, mar aon leis an gclár oibre bliantúil sealadach, san áireamh ann, a chur ar aghaidh, chuig an gCoimisiún agus chuig na tríú tíortha agus chuig na heagraíochtaí idirnáisiúnta a mbeidh comhaontuithe tugtha i gcrích ag an Aontas leo i gcomhréir le hAirteagal 23(1).”;

(8)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh an 30 Aibreán sa bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N; cé is moite den chuid de chur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le cúraimí a chuirfear de chúram, más iomchuí, ar an nGníomhaireacht faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, a mbeidh feidhm ina leith ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 164 agus in Airteagal 165 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

(9)

cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL IVa

ACMHAINNÍ DAONNA

Airteagal 15a

An fhoireann

1.   Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir leis an bhfoireann arna fostú ag an nGníomhaireacht.

2.   Is éard a bheidh i bhfoireann na Gníomhaireachta seirbhísigh a earcóidh an Ghníomhaireacht de réir mar is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh. Beidh imréiteach slándála acu is iomchuí d’aicmiú na faisnéise a bheidh á próiseáil acu.

3.   Rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta, amhail rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, rialacha nós imeachta an Bhoird Creidiúna Slándála, rialacha nós imeachta airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne agus na rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar na doiciméid, áiritheofar leo go mbeidh uathriail agus neamhspleáchas ag na baill foirne a bheidh ag déanamh ghníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta i leith na mball foirne a bheidh ag déanamh gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála, de bhun Airteagal 10(i).

Airteagal 15b

Ainmniú agus Téarma Oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Earcófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthoir Riaracháin a cheapadh ar bhonn a thuillteanais agus a scileanna a taifeadadh i réimse an riaracháin agus na bainistíochta, ar bhonn a inniúlachtaí agus a thaithí ábhartha sna réimsí i gceist, as measc painéil iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún ag deireadh comórtais oscailte thrédhearcaigh, i ndiaidh glao ar léiriú spéise a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó i bhfoilseacháin eile.

Féadfar iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Riaracháin a luaithe is féidir ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a fhreagairt óna gcuid Feisirí.

Chun conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Uachtarán na Comhairle ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

Is trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a ghlacfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh i dtaobh cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Ag deireadh an téarma oifige sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ina gcuirfear san áireamh cúraimí agus dúshláin na Gníomhaireachta sa todhchaí.

Ar bhonn togra ón gCoimisiún agus ag cur san áireamh an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Bord Riaracháin síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin aon uair amháin ar feadh tréimhse suas le ceithre bliana.

Is trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Riaracháin a ghlacfar aon chinneadh chun tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh.

Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ndearnadh síneadh ar a théarma oifige bheith rannpháirteach dá éis sin i nós imeachta roghnúcháin don phost céanna.

Cuirfidh an Bord Riaracháin Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin rún a bheidh aige téarma oifige an Stiúrthóra a shíneadh. Roimh an síneadh, féadfar iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna na bhFeisirí a fhreagairt.

4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost, ar bhonn togra ón gCoimisiún nó ó aon trian dá chomhaltaí, trí bhíthin cinnidh a ghlacfaidh dhá thrian dá chomhaltaí.

5.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iarraidh ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bhoird Creidiúnú Slándála malartú tuairimí a bheith acu maidir le hobair agus le hionchais na Gníomhaireachta os comhair na n-institiúidí sin, lena n-áirítear maidir leis an gclár oibre ilbhliantúil agus bliantúil. Ní phléifear ábhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a chumhdaítear le Caibidil III leis an malartú tuairimí sin.

Airteagal 15c

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

Ina theannta sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar iontaoibh saineolaithe náisiúnta. Beidh imréiteach slándála ag na saineolaithe sin is iomchuí d’aicmiú na faisnéise a bheidh á próiseáil acu. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leis an bhfoireann sin.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16 agus Airteagal 17:

“Airteagal 16

Cosc ar chalaois

1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Chuige sin, aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha a dhéanfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (20) agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le baill foirne na Gníomhaireachta agus na saineolaithe náisiúnta ar iasacht trí úsáid a bhaint as an gcinneadh múnla atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí maoirseacht a dhéanamh ar thairbhithe chistiú na Gníomhaireachta agus freisin ar na conraitheoirí agus na fochonraitheoirí a fuair cabhair ó chistí an Aontais tríd an nGníomhaireacht, ar bhonn doiciméad a thabharfar di nó ar bhonn úsáid a bhaint as cigireachtaí ar an láthair.

3.   Maidir leis na fóirdheontais a mhaoineoidh nó na conarthaí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht, féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (21), d’fhonn an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3 den Airteagal seo, forálfar go sainráite sna comhaontuithe a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna conarthaí agus sna comhaontuithe deontais a thabharfaidh an Ghníomhaireacht i gcrích le tríú páirtithe, agus gach cinneadh airgeadais a a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht, go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 17

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis an nGníomhaireacht agus a baill foirne dá dtagraítear in Airteagal 15a.

(11)

scriostar Airteagal 18;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22 agus Airteagal 23:

“Airteagal 22

Rialacha slándála maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe nó íogaire

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht na rialacha i bhfeidhm i dtaobh shlándáil an Choimisiúin maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht forálacha a bhunú, maidir lena rialacha inmheánacha, chun láimhseáil le faisnéis nach mbeidh rúnaicmithe ach a bheidh íogair. Cumhdófar leis na forálacha sin, inter alia, í a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 22a

Coinbhleachtaí leasa

1.   Déanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Creidiúna Slándála, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leis na saineolaithe náisiúnta a bheidh ar iasacht agus na breathnóirí, dearbhú gealltanas agus dearbhú leasa ina léireofar nach ann nó gurb ann d’aon leasanna díreacha nó indíreacha a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Beidh na dearbhuithe sin cruinn agus iomlán. Déanfar iad i scríbhinn agus iad ag dul i mbun a gcuid cúraimí agus déanfar iad a athnuachan uair in aghaidh na bliana. Déanfar iad a nuashonrú nuair is gá, go háirithe i gcás athruithe ábhartha ar chúinsí pearsanta na ndaoine lena mbaineann.

2.   Dearbhóidh Comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus Comhaltaí an Bhoird Creidiúna Slándála, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, mar aon leis na saineolaithe náisiúnta a bheidh ar iasacht agus breathnóirí agus na saineolaithe seachtracha a ghlacfaidh páirt i meithleacha ad hoc, go cruinn agus go hiomlán roimh aon chruinniú a mbeidh siad rannpháirteach ann, nach ann nó gurb ann d’aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas i ndáil le haon ítimí a bheidh ar an gclár agus ní ghlacfaidh siad páirt sa phlé ná sa vótáil ar na pointí sin.

3.   Leagfaidh an Bord Riaracháin agus an Bord Creidiúna Slándála síos ina rialacha nós imeachta na socruithe praiticiúla maidir leis an riail i ndáil le dearbhú leasa dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus i ndáil le coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú.

Airteagal 23

Rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach sa Ghníomhaireacht. Déanfar rannpháirtíocht den sórt sin agus coinníollacha maidir léi a bhunú i gcomhaontú idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.   I gcomhréir le forálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, forbrófar socruithe lena sonrófar na rialachas mionsonraithe praiticiúla maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin nó na n-eagraíochtaí sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear socruithe a bhaineann lena rannpháirtíocht sna tionscnaimh a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne.

Airteagal 23a

Soláthar comhpháirteach leis na Ballstáit

Chun a cúraimí a chomhlíonadh, beidh an Ghníomhaireacht údaraithe conarthaí a bhronnadh i gcomhpháirt leis na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (22).

(13)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Athbhreithniú, meastóireacht agus iniúchadh

1.   Faoin 31 Nollaig 2016 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an nGníomhaireacht ina ndíreofar go háirithe ar an tionchar atá aici, ar chomh héifeachteach atá sí, ar cé chomh maith a fheidhmíonn sí, ar a modhanna oibre, ar a riachtanais agus ar an úsáid a bhaintear as na hacmhainní a thugtar di. San áireamh sa mheastóireacht beidh, go háirithe, measúnú ar aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar raon feidhme nó ar chineál chúraimí na Gníomhaireachta agus ar an tionchar airgeadais a bhainfeadh leis an athrú sin. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht ar fheidhmiú beartas na Gníomhaireachta maidir le coinbhleacht leasa agus léireofar inti aon chúinsí lena bhféadfaí gur dochraíodh neamhspleáchas agus uathriail an Bhoird Creidiúna Slándála.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht agus a chonclúidí féin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Bhoird Riaracháin agus Bhord Creidiúna Slándála na Gníomhaireachta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

3.   Áireofar i meastóireacht amháin as gach dhá cheann, scrúdú ar chlár comhardaithe na Gníomhaireachta i bhfianaise a cuspóirí agus a cúraimí. Má mheasann an Coimisiún nach fiú an Ghníomhaireacht a choinneáil ar bun níos mó i bhfianaise a cuspóirí agus a cúraimí, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo a aisghairm.

4.   Féadfar iniúchtaí seachtracha maidir le feidhmíocht na Gníomhaireachta a dhéanamh arna iarraidh sin don Bhord Riaracháin nó don Choimisiún.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 198, 10.7.2013, lch. 67.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 276, 20.10.2010, lch. 11).

(5)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe fheidhmiú an chórais Eorpaigh um radaloingseoireacht satailíte a imríonn tionchar ar shlándáil an Aontais Eorpaigh (IO L 246, 20.7.2004, lch. 30).

(6)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(7)  Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha i leith rochtain ar an tseirbhís faoi rialáil phoiblí a sholáthraíonn an córas domhanda loingseoireachta satailíte arna bhunú faoi chlár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lch. 1).

(8)  IO L 15, 20.1.2014, lch. 1.

(9)  IO L 283, 29.10.2010, lch. 12.

(10)  Cinneadh 2010/803/AE a glacadh de chomhthoil idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 10 Nollaig 2010 maidir leis an áit ina mbeidh suíomh na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS (IO L 342, 28.12.2010, lch. 15).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(15)  Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(16)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe fheidhmiú an chórais Eorpaigh um radaloingseoireachta satailíte a imríonn tionchar ar shlándáil an Aontais Eorpaigh (IO L 246, 20.7.2004, lch. 30).

(17)  Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha i leith rochtana ar an tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí a sholáthraítear ag an gcóras domhanda loingseoireachta satailíte arna bhunú faoi chlár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lch. 1).”;

(18)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).”;

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(20)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(21)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).”;

(22)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).”;


Top