Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0376

Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

OJ L 122, 24.4.2014, p. 18–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/376/oj

24.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 122/18


RIALACHÁN (AE) Uimh. 376/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart leibhéal ginearálta sábháilteachta atá ard a áirithiú san eitlíocht shibhialta san Aontas agus ba cheart gach iarracht a dhéanamh líon na dtionóiscí agus na dteagmhas a laghdú d'fhonn muinín an phobail san iompar eitlíochta a áirithiú.

(2)

Tá ráta na dtionóiscí marfacha san eitlíocht shibhialta tar éis fanacht seasmhach go leor le deich mbliana anuas. Mar sin féin, d'fhéadfadh méadú ar líon na dtionóiscí sna deicheanna blianta atá amach romhainn a bheith mar thoradh ar an méadú ar aerthrácht agus mar thoradh ar chastacht mhéadaithe theicniúil na n-aerárthach.

(3)

Is é is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) cosc a chur ar thionóiscí trí sheoladh imscrúduithe sábháilteachta atá tapa, éifeachtúil agus d'ardchaighdeán a éascú. Faoin Rialachán seo, níor cheart go gcuirfí isteach ar phróiseas na n-imscrúduithe ar thionóiscí agus ar theagmhais a bhainistíonn údaráis náisiúnta um imscrúdú sábháilteachta mar atá sainithe i Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. I gcás tionóisce nó teagmhais thromchúisigh, bíonn an fógra i leith an tarluithe faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 freisin.

(4)

Forchuirtear le gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais atá ann faoi láthair, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus a rialacháin chur chun feidhme, oibleagáidí ar eagraíochtaí áirithe chun córais tuairiscithe ar tharluithe a bhunú i gcomhthéacs a gcóras bainistíochta sábháilteachta. Níor cheart go ndíolmhófaí eagraíochtaí ón Rialachán seo a chomhlíonadh ar an ábhar go gcomhlíonann siad Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a rialacháin chur chun feidhme. Ar an dóigh chéanna, níor cheart go ndíolmhófaí eagraíochtaí a chomhlíonann an Rialachán seo ó Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a rialacháin chur chun feidhme a chomhlíonadh. Ba cheart, áfach, nach mbeadh dhá chóras tuairiscithe chomhthreomhara mar thoradh ar an méid sin agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, a rialacháin chur chun feidhme, agus an Rialachán seo a mheas mar chórais chomhlántacha.

(5)

De réir na taithí roimhe seo, sula mbíonn tionóisc ann, is minic go léiríonn teagmhais a bhaineann le sábháilteacht agus easnaimh go bhfuil guaiseanna sábháilteachta ann. Is áis thábhachtach dá bhrí sin í an fhaisnéis sábháilteachta chun guaiseanna sábháilteachta iarbhír nó guaiseanna sábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith ann a bhrath. Ina theannta sin, cé go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith in ann foghlaim ó thionóisc, is léir anois nach bhfuil ach úsáid teoranta i gceist maidir le cumas córas atá go hiomlán frithghníomhach feabhsuithe a thabhairt chun cinn. Ba cheart, dá bhrí sin, córais fhrithghníomhacha a chomhlánú le córais onnghníomhacha a bhaineann leas as cineálacha eile faisnéise sábháilteachta chun feabhas éifeachtach a chur ar shábháilteacht eitlíochta. Ba cheart don Aontas, dá Bhallstáit, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (“an Ghníomhaireacht”) agus d'eagraíochtaí rannchuidiú le sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú trí chórais sábháilteachta atá níos onnghníomhaí agus bunaithe ar fhianaise agus ina ndírítear ar chosc tionóiscí bunaithe ar anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis sábháilteachta ar fad atá ábhartha, lena n-áirítear faisnéis faoi tharluithe eitlíochta sibhialta.

(6)

D'fhonn sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú, ba cheart faisnéis ábhartha maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a thuairisciú, a bhailiú, a stóráil, a chosaint, a mhalartú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh uirthi, agus ba cheart beart sábháilteachta iomchuí a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a bhailítear. Ba cheart d'údaráis sábháilteachta eitlíochta ábhartha na mBallstát, d'eagraíochtaí, mar chuid dá gcóras bainistíochta sábháilteachta, agus don Ghníomhaireacht an cur chuige onnghníomhach, fianaise-bhunaithe a chur chun feidhme.

(7)

Ba cheart go mbeadh na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar eagraíochtaí i ndáil le tuairisciú ar tharluithe a bheith comhréireach le méid na heagraíochta lena mbaineann agus le raon feidhme a gníomhaíochta. Ba cheart, mar sin, go mbeifí in ann, go háirithe i gcás eagraíochtaí beaga, cinneadh a dhéanamh faoi fheidhmeanna a bhaineann le láimhseáil tarluithe a nascadh nó a chumasc laistigh den eagraíocht, cúraimí i ndáil le tuairisciú ar tharluithe a roinnt le heagraíochtaí eile den chineál céanna nó na sonraí faoi tharluithe a bhailiú, a mheas, a phróiseáil, a anailísiú agus a stóráil, a sheachfhoinsiú chuig eintitis speisialaithe atá formheasta ag údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart go gcloífeadh eintitis den sórt sin le prionsabal na cosanta agus prionsabal na rúndachta a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart go leanfadh an eagraíocht seachfhoinsithe leis an rialú is iomchuí a dhéanamh ar chúraimí seachfhoinsithe agus ba cheart go mbeadh sí cuntasach agus freagrach sa deireadh as na ceanglais a fhorordaítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(8)

Is gá a áirithiú go dtuairisceoidh foireann tosaigh lucht gairme na heitlíochta tarluithe lena ngabhann riosca suntasach do shábháilteacht na heitlíochta. Ba cheart na córais tuairiscithe éigeantaigh a chomhlánú le córais tuairiscithe dheonaigh, agus ba cheart go gcuirfeadh an péire acu ar chumas daoine aonair sonraí faoi tharluithe a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta a thuairisciú. Ba cheart córais tuairiscithe éigeantaigh agus dheonaigh a bhunú laistigh d'eagraíochtaí, den Ghníomhaireacht agus d'údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart an fhaisnéis a bhaileofar a aistriú chuig an údarás atá inniúil chun faireachán iomchuí a dhéanamh d'fhonn sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú. Ba cheart d'eagraíochtaí anailís a dhéanamh ar na tarluithe sin a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tsábháilteacht d'fhonn na guaiseanna sábháilteachta a shainaithint agus aon bheart ceartaitheach nó coisctheach is iomchuí a dhéanamh. Ba cheart d'eagraíochtaí réamhthorthaí a gcuid anailíse a chur chuig údarás inniúil a mBallstát nó chuig an nGníomhaireacht agus ba cheart dóibh na torthaí críochnaitheacha a chur chucu freisin má aimsítear leis na torthaí sin riosca iarbhír nó riosca a d'fhéadfadh bheith ann. Ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Ghníomhaireacht nós imeachta comhchosúil a bhunú i gcás na dtarluithe sin a tíolactar chucu go díreach agus ba cheart dóibh faireachán leordhóthanach a dhéanamh ar mheasúnú na heagraíochta agus ar aon bheart ceartaitheach nó coisctheach a dhéanann an eagraíocht.

(9)

Tá catagóirí éagsúla ball foirne ann a oibríonn san eitlíocht shibhialta nó atá gafa leis ar bhealach éigin atá i láthair nuair a tharlaíonn teagmhais ar teagmhais ábhartha iad chun tionóiscí a chosc. Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh rochtain acu ar uirlisí chun cur ar a gcumas na teagmhais sin a thuairisciú, agus ba cheart ráthaíocht a thabhairt maidir lena gcosaint. D'fhonn baill foirne a spreagadh tarluithe a thuairisciú agus d'fhonn cur ar a gcumas a thuiscint i gceart an dea-thionchar a bhíonn ag an tuairisciú ar tharluithe ar an aershábháilteacht, ba cheart fógra a thabhairt dóibh go rialta faoi na bearta a dhéantar faoi chórais tuairiscithe ar tharluithe.

(10)

Is mór an difear idir na guaiseanna agus na rioscaí a bhaineann le haerárthaigh atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach agus na guaiseanna agus na rioscaí a bhaineann le cineálacha eile aerárthach. Dá bhrí sin, cé gur cheart earnáil uile na heitlíochta a chumhdach leis an Rialachán seo, ba cheart do na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis bheith comhréireach leis an réimse gníomhaíochta agus le castacht chineálacha eile aerárthach. Ba cheart, dá réir sin faisnéis arna bailiú maidir le tarluithe lena mbaineann aerárthaigh seachas iad siúd atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach bheith faoi réir oibleagáidí simplí tuairiscithe a oireann níos fearr don bhrainse sin eitlíochta.

(11)

Ba cheart modhanna eile a spreagadh chun faisnéis sábháilteachta a bhailiú de bhreis ar na córais a cheanglaítear leis an Rialachán seo, d'fhonn faisnéis bhreise a bhailiú a d'fhéadfadh cuidiú le sábháilteacht na heitlíochta a fheabhsú. Eagraíochtaí a bhfuil córais dhea-fheidhmiúla maidir le bailiú faisnéise sábháilteachta acu faoi láthair, ba cheart go gceadófaí dóibh leanúint d'úsáid na gcóras sin taobh leis na córais atá le bunú chun críocha an Rialacháin seo.

(12)

Ba cheart go mbeadh rochtain iomlán ag údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus ag aon eintiteas a gcuirtear de chúram air sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil laistigh den Aontas ar shonraí maidir le tarluithe atá bailithe ag a mBallstáit agus ar thuarascálacha ar tharluithe atá stóráilte ag a mBallstáit, d'fhonn a chinneadh cé na teagmhais ar cheart imscrúdú sábháilteachta a dhéanamh ina leith agus chun réimsí a shainaithint a mbeadh ceachtanna sábháilteachta le foghlaim uathu ar mhaithe le sábháilteacht eitlíochta agus ar mhaithe lena n-oibleagáidí formhaoirseachta a chomhlíonadh.

(13)

Tá sé ríthábhachtach sonraí a fháil atá iomlán agus d''ardcháilíocht toisc go bhféadfadh torthaí míthreoracha a bheith léirithe ag anailís agus treochtaí a thagann ó shonraí míchruinne agus toisc go bhféadfadh sé go mbeifí ag díriú iarrachtaí ar bheart míchuí mar gheall ar an méid sin. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé go gcaillfí muinín san fhaisnéis a thagann ó scéimeanna um thuairisciú ar tharluithe de dheasca na sonraí míchruinne sin. D'fhonn cáilíocht na dtuarascálacha ar tharluithe a áirithiú, agus chun a gcomhláine a éascú, ba cheart faisnéis íosta áirithe a bheith iontu a d'fhéadfadh bheith éagsúil ag brath ar chatagóir an teagmhais. Ina theannta sin, ba cheart nósanna imeachta a chur chun feidhme chun cáilíocht na faisnéise a sheiceáil agus chun neamhréireacht a sheachaint idir tuarascáil ar tharlú agus na sonraí a bailíodh i dtús i dtaca leis an tarlú. Thairis sin, le tacaíocht ón gCoimisiún, ba cheart ábhar treorach leordhóthanach a fhorbairt, go háirithe chun cáilíocht na sonraí a áirithiú agus chun comhláine na sonraí chomh maith le comhtháthú sonraí i mbunachair shonraí atá comhsheasmhach agus comhionann a éascú. Ba cheart, don Choimisiún go háirithe, ceardlanna a eagrú chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil.

(14)

Ba cheart don Choimisiún comhscéim Eorpach um aicmiú riosca a fhorbairt chun aon ghníomhaíocht thapa is gá a shainaithint i gcás tarluithe sábháilteachta aonair ardriosca a áirithiú. Ba cheart go mbeifí in ann, leis an scéim sin, príomhréimsí riosca a shainaithint freisin, leis an scéim sin, i gcás faisnéise comhiomlánaithe. Leis an scéim sin ba cheart go dtabharfaí cabhair dos na heintitis ábhartha agus measúnú á dhéanamh acu ar tharluithe agus iad ag cinneadh an áit is fearr lena n-iarrachtaí a dhíriú. Le comhscéim Eorpach um aicmiú riosca, ba cheart go n-éascófaí cur chuige comhtháthaithe comhchuibhithe i leith an bhainistithe riosca ar fud an chórais eitlíochta Eorpaigh agus chuirfeadh sin ar chumas na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta díriú ar iarrachtaí chun sábháilteacht a fheabhsú ar bhealach comhchuibhithe.

(15)

Le comhscéim Eorpach um aicmiú riosca, ba cheart go mbeifí in ann freisin, príomhréimsí riosca laistigh den Aontas a shainaithint ar bhonn faisnéise comhiomlánaithe ó pheirspictíocht Eorpach agus tacú leis an obair atá déanta i réimse an Chláir Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta agus an Phlean Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta araon, de bharr na scéime sin. Ba cheart don Choimisiún tacaíocht iomchuí a thabhairt chun aicmiú riosca atá comhsheasmhach agus comhionann sna Ballstáit ar fad a áirithiú.

(16)

Chun malartú faisnéise a éascú, ba cheart tuarascálacha ar tharluithe a stóráil i mbunachair shonraí, ar bunachair shonraí iad ba cheart a bheith comhoiriúnach leis an Ionad Comhordaithe Eorpach um Chórais Tuairiscithe ar Theagmhais Aerárthaí (ECCAIRS) (na bogearraí atá in úsáid ag na Ballstáit ar fad agus ag an Stór Lárnach Eorpach chun tuarascálacha ar tharluithe a stóráil) agus le tacsanomaíocht ADREP (tacsanomaíocht de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI), in úsáid do bhogearraí ECCAIRS freisin). Ba cheart don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún tacaíocht theicniúil a chur ar fáil ar mhaithe le hidir-inoibritheacht na gcóras.

(17)

Ba cheart go stórálfadh eagraíochtaí tuarascálacha ar tharluithe a thagann ó shonraí faoi tharluithe a bhailítear faoi na córais tuairiscithe éigeantaigh agus i gcás inarb infheidhme, faoi na córais tuairiscithe dheonaigh i mbunachar sonraí amháin nó níos mó. Ba cheart go bhféadfadh castacht an bhunachair shonraí bheith ar comhréir le méid na heagraíochta lena mbaineann agus/nó leis an tábhacht atá léi i leith chuspóirí an Rialacháin seo, agus ba cheart, ar a laghad, do chomhad sonraí bheith ann ina mbeadh na comhréimsí sonraí sainordaitheacha agus, i gcás inarb infheidhme, na réimsí sonraí sainordaitheacha sonracha.

(18)

Ba cheart tarluithe lena bhfuil baint ag aerárthach atá cláraithe i mBallstát nó atá á oibriú ag eagraíocht atá bunaithe i mBallstát a thuairisciú fiú i gcás inar tharla sé lasmuigh de chríoch an Bhallstáit sin.

(19)

Ba cheart faisnéis maidir le tarluithe a mhalartú laistigh den Aontas chun guaiseanna iarbhír nó guaiseanna a d'fhéadfadh bheith ann a bhrath. Ba cheart go gcuirfeadh an malartú faisnéise freisin ar chumas na mBallstát rochtain bheith acu ar an bhfaisnéis ar fad is ábhartha maidir le tarluithe a tharlaíonn ina gcríoch féin nó ina n-aerspás ach a thuairiscítear do Bhallstát eile. Ba cheart go gcuirfí leis ar chumas na Gníomhaireachta teacht ar fhaisnéis shonrach faoi tharluithe agus ba cheart go mbeadh rochtain aige ar na tuarascálacha uile ar tharluithe a bailíodh san Aontas d'fhonn beart ceartaitheach a dhéanamh, más gá, chun feidhmiú in éadan riosca a sainaithníodh san Aontas. Ba cheart go gcuirfeadh an malartú faisnéise seo ar chumas údaráis inniúla na mBallstát faisnéis bheacht a fháil maidir le tarluithe ina n-aerspás agus, nuair is gá sin, beart ceartaitheach a dhéanamh chun feidhmiú in éadan riosca a sainaithníodh ina gcríoch.

(20)

Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag an malartú faisnéise tionóiscí agus teagmhais eitlíochta a chosc. Níor cheart é a úsáid chun milleán nó dliteanas a shannadh nó chun tagarmharcanna a bhunú le haghaidh feidhmíochta sábháilteachta.

(21)

Is tríd an Stór Lárnach Eorpach an bealach is éifeachtúla le líon mór faisnéise sábháilteachta a mhalartú idir na Ballstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, ar choinníoll go bhfuil rochtain iomlán ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht air.

(22)

Ba cheart an fhaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht agus a thagann ó thuarascálacha ar tharluithe a bhailítear san Aontas a aistriú chuig an Stór Lárnach Eorpach go tráthúil. Ba cheart bailiú faisnéise maidir le teagmhais a áireamh leis sin mar aon leis an bhfaisnéis maidir le tionóiscí agus maidir le teagmhais thromchúiseacha arna n-imscrúdú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 996/2010.

(23)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo le faisnéis maidir le tarluithe agus a stóráiltear i mbunachair shonraí eagraíochtaí, na mBallstát agus na Gníomhaireachta.

(24)

Ba cheart an fhaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht atá sa Stór Lárnach Eorpach a bheith ar fáil d'eintitis a bhfuil an cúram orthu sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialú laistigh den Aontas, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht agus do na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu tionóiscí agus teagmhais laistigh den Aontas a imscrúdú.

(25)

Ba cheart go bhféadfadh páirtithe leasmhara rochtain a iarraidh ar fhaisnéis áirithe atá sa Stór Lárnach Eorpach, faoi réir na rialacha maidir le rúndacht na faisnéise sin agus faoi réir anaithnideacht na ndaoine lena mbaineann.

(26)

Ós rud é gur ag na pointí náisiúnta teagmhála atá an t-eolas is fearr ar pháirtithe leasmhara atá bunaithe i mBallstát áirithe, ba cheart do gach pointe náisiúnta teagmhála déileáil leis na hiarrataí ó pháirtithe leasmhara atá bunaithe i gcríoch a Bhallstáit féin. Ba cheart don Choimisiún déileáil le hiarrataí ó pháirtithe leasmhara ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

(27)

Ba cheart anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá i dtuarascálacha ar tharluithe agus rioscaí sábháilteachta a shainaithint. Ba cheart aon bheart iomchuí, a leanfaidh chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú tuilleadh a shainaithint agus a chur chun feidhme go tráthúil. Ba cheart faisnéis a scaipeadh laistigh d'eagraíochtaí, d'údaráis inniúla na mBallstát agus den Ghníomhaireacht maidir leis an anailís a dhéantar ar tharluithe agus maidir leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith mar is dreasú é do dhaoine aonair tarluithe a thuairisciú má sholáthraítear aiseolas maidir leis na tarluithe a tuairiscíodh. Ba cheart faisnéis faoin anailís ar tharluithe agus faoin obair leantach ina leith a scaipeadh freisin, nuair is infheidhme agus más féidir, ar na daoine aonair a thuairiscigh na tarluithe go díreach d'údaráis inniúla na mBallstát nó don Ghníomhaireacht. Ba cheart d'aiseolas den sórt sin na rialacha maidir le rúndacht a chomhlíonadh agus ba cheart cosaint a thabhairt de bhun an Rialacháin seo don tuairisceoir agus do na daoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú.

(28)

Leis an Rialachán seo ba cheart go gcuirfear cabhair ar fáil do na Ballstáit, don Ghníomhaireacht agus d'eagraíochtaí chun rioscaí sábháilteachta eitlíochta a bhainistiú. Déantar córais bainistíochta sábháilteachta na n-eagraíochtaí a chomhlánú le córais bainistíochta sábháilteachta na mBallstát agus na Gníomhaireachta. Cé go ndéanann eagraíochtaí bainistiú ar rioscaí sábháilteachta a bhaineann lena ngníomhaíocht sonrach, déanann údaráis inniúla na mBallstát agus an Ghníomhaireacht bainistiú ar rioscaí sábháilteachta do chórais eitlíochta na mBallstáit ina n-iomláine agus do chórais eitlíochta an Aontais ina n-iomláine faoi seach, agus aghaidh á tabhairt acu ar rioscaí sábháilteachta don eitlíocht sna Ballstáit lena mbaineann nó ar leibhéal an Aontais. Leis na freagrachtaí atá ar an nGníomhaireacht agus ar údaráis inniúla na mBallstát, níor cheart eagraíochtaí a shaoradh ó na freagrachtaí atá orthu go díreach maidir leis an tsábháilteacht a bhainistiú, ar cuid bhunúsach í de na hearraí agus de na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. Chun na críche sin, ba cheart go mbaileodh eagraíochtaí faisnéis maidir le tarluithe agus ba cheart dóibh anailís a dhéanamh orthu d'fhonn na guaiseacha a bhaineann lena ngníomhaíochtaí a shainaithint agus gníomh a dhéanamh ina gcoinne. Ba cheart freisin go ndéanfadh siad na rioscaí sábháilteachta a bhaineann leo a mheas agus acmhainní a leithdháileadh chun bearta cuí maolaithe riosca a ghlacadh go tráthúil. Ba cheart don údarás inniúil ábhartha faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas foriomlán, agus, nuair is gá, ba cheart dó a iarraidh go ndéanfaí beart breise chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh mar ba cheart ar easnaimh shábháilteachta. Ar an lámh eile, ba cheart go ndéanfadh údaráis inniúla na mBallstát agus an Ghníomhaireacht córais bainistíochta sábhailteachta eagraíochtaí a chomhlánú ar leibhéal an Bhallstáit agus ar leibhéal na hEorpa faoi seach.

(29)

Agus an beart atá le háireamh ina gClár Sábháilteachta Stáit agus ina bPlean Sábháilteachta Stáit á gcinneadh ag na Ballstáit agus lena áirithiú go bhfuil an beart bunaithe ar fhianaise, ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as an bhfaisnéis a thagann ó na tuarascálacha ar tharluithe a bhailíodh agus as an anailís orthu. Déantar Cláir Shábháilteachta Stáit agus Pleananna Sábháilteachta Stáit a chomhlánú ar leibhéal na hEorpa leis an gClár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus leis an bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta.

(30)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an fheabhsaithe ar shábháilteacht eitlíochta a bhaint amach go leordhóthanach mar nach bhfuil na córais tuairiscithe a oibríonn na Ballstáit ar leithligh chomh héifeachtúil céanna le líonra comhordaithe ina mbeadh malartú faisnéise le go bhféadfaí fadhbanna sábháilteachta féideartha agus príomhréimsí riosca ar leibhéal an Aontais a shainaithint, ba cheart an anailís ar leibhéal náisiúnta a chomhlánú le hanailís agus le bearta leantacha ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú gur fearr a dhéanfaí tionóiscí agus teagmhais eitlíochta a chosc. Ba cheart do líonra anailísithe sábháilteachta eitlíochta an cúram sin a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún. Ba cheart go bhféadfadh an líonra sin cinneadh a dhéanamh, trí chomhthoil, cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí eile chuig a gcruinnithe, lena n-áirítear fostaithe nó ionadaithe tionscail.

(31)

Ba cheart don Chlár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus don Phlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta leas a bhaint go háirithe as obair líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta chun na críche na bearta is gá a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais a chinneadh i bpeirspictíocht atá bunaithe ar fhianaise.

(32)

Ba cheart faisnéis chomhiomlánaithe ghinearálta maidir le leibhéal na sábháilteachta eitlíochta sna Ballstáit agus san Aontas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne. Ba cheart a chumhdach san fhaisnéis sin, go háirithe, treochtaí agus anailís a thagann ó chur chun feidhme an Rialacháin seo ag na Ballstáit, chomh maith le faisnéis i bhfoirm chomhiomlánaithe maidir lena bhfuil sa Stór Lárnach Eorpach, agus féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar trí tháscairí maidir le feidhmíocht shábháilteachta (SPIanna) a fhoilsiú.

(33)

Tá córas sábháilteachta na heitlíochta sibhialta bunaithe ar bhonn aiseolais agus ar bhonn na gceachtanna a foghlaimíodh ó thionóiscí agus ó theagmhais. Tá tuairisciú ar tharluithe agus úsáid faisnéise tarluithe ar mhaithe le sábháilteacht a fheabhsú bunaithe ar ghaol muiníne idir an té a thuairiscigh agus an t-eintiteas atá i gceannas ar an bhfaisnéis a bhailiú agus a mheasúnú. Chuige sin ní mór na rialacha maidir le rúndacht a chur i bhfeidhm go docht. Maidir le faisnéis sábháilteachta a chosaint ar úsáid mhíchuí agus maidir leis an rochtain theoranta ar an Stór Lárnach Eorpach do pháirtithe leasmhara amháin atá rannpháirteach i bhfeabhsú sábháilteachta eitlíochta sibhialta, is é an cuspóir atá leo a áirithiú go mbeidh faisnéis sábháilteachta le fáil go leanúnach le gur féidir beart coisctheach cuí a ghlacadh in am trátha agus sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú. Sa chomhthéacs seo, ba cheart faisnéis sábháilteachta íogair a chosaint mar is iomchuí agus ba cheart bailiú na faisnéise sin a áirithiú trína rúndacht agus trína fhoinse a ráthú agus trí mhuinín na foirne atá ag obair san eitlíocht shibhialta as córais tuairiscithe ar tharluithe a áirithiú. Ba cheart bearta iomchuí a bhunú chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin a bhailítear trí scéimeanna um thuairisciú ar tharluithe faoi rún agus go mbeidh an rochtain ar an Stór Lárnach Eorpach teoranta. Ba cheart an rúndacht is gá i dtaca le faisnéis den sórt sin a chur san áireamh i rialacha náisiúnta um shaoráil faisnéise. Ba cheart an fhaisnéis a bhailítear a chosaint go leordhóthanach ar úsáid neamhúdaraithe nó ar nochtadh neamhúdaraithe. Ba cheart í a úsáid chun sábháilteacht eitlíochta a chothú nó a fheabhsú amháin agus níor cheart í a úsáid chun milleán nó dliteanas a shannadh.

(34)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh muinín ag na fostaithe nó ag pearsanra ar conradh as córas tuairiscithe ar tharluithe na heagraíochta, ba cheart cosaint iomchuí a thabhairt don fhaisnéis atá i dtuarascálacha ar tharluithe agus níor cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha seachas sábháilteacht na heitlíochta a chothú nó a fheabhsú. Le rialacha inmheánacha an “chultúir chóir” a ghlac na heagraíochtaí de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go gcuideofaí go mór leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé gur bealach éifeachtach é leis an gcuspóir seo a bhaint amach dá gcuirfí srian ar tharchur na sonraí pearsanta, nó ar tharchur na faisnéise trínar féidir an tuairisceoir nó na daoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a shainaithint, trí na ranna a láimhseálann tuarascálacha ar tharluithe a scoitheadh amach ón gcuid eile den eagraíocht.

(35)

Ba cheart cosaint leordhóthanach a thabhairt do thuairisceoir nó do dhuine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe. Sa chomhthéacs seo, ba cheart tuarascálacha ar tharluithe a chur ó aithint agus níor cheart na sonraí a bhaineann leis an tuairisceoir agus leis na daoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a chur isteach i mbunachair shonraí.

(36)

Ina theannta sin, ba cheart “cultúr sábháilteachta” a chur chun cinn sa chóras eitlíochta sibhialta, ar cultúr é trína n-éascófaí tuairisciú spontáineach ar tharluithe agus, ar an gcaoi sin, trína ndéanfaí prionsabal an “chultúir chóir” a chur ar aghaidh. Is gné ríthábhachtach é “an cultúr cóir” de théarma níos leithne “cultúr sábháilteachta” atá mar bhunchloch ag córas stóinseach bainistíochta sábháilteachta. Le timpeallacht a ghlacann le prionsabail an “chultúir sábháilteachta”, níor cheart cosc a chur ar bheart a dhéanamh atá riachtanach chun leibhéal na sábháilteachta eitlíochta a chothabháil nó a fheabhsú.

(37)

Le “cultúr cóir” ba cheart daoine aonair a spreagadh le faisnéis a bhaineann le sábháilteacht a thuairisciú. Ach níor cheart daoine aonair a scaoileadh óna ngnáthfhreagrachtaí. Sa chomhthéacs sin, níor cheart go mbeadh fostaithe ná pearsanra ar conradh faoi réir aon chlaontachta ar bhonn na faisnéise atá curtha ar fáil acu de bhun an Rialacháin seo, seachas i gcás mí-iompair thoiliúil nó i gcás inar tugadh neamhaird fhollasach, mhillteanach, thromchúiseach ar riosca follasach agus i gcás inar theip glan ar fhreagracht ghairmiúil an cúram a bhí ag teastáil a ghlacadh sna himthosca sin, agus ina ndearnadh damáiste intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó i gcás ina gcuirtear sábháilteacht na heitlíochta i mbaol go mór.

(38)

D'fhonn daoine a spreagadh tarluithe a thuairisciú, ní hamháin gur cheart na tuairisceoirí a chosaint, ach ba cheart na daoine sin a luaitear sna tuarascálacha ar tharluithe lena mbaineann a chosaint freisin. Mar sin féin, níor cheart go saorfadh cosaint den sórt sin na daoine sin óna n-oibleagáidí maidir le tuairisciú faoin Rialachán seo. Go háirithe i gcás ina luaitear duine i dtuarascáil ar tharlú agus ina bhfuil oibleagáid air féin an tarlú céanna sin a thuairisciú, agus i gcás ina mainníonn sé d'aon ghnó é a thuairisciú, ba cheart ansin go gcaillfeadh an duine sin an chosaint a bheadh aige nó aici agus ba cheart go ngearrfaí pionóis air nó uirthi agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(39)

Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta agus do riaradh cuí an cheartais, tá sé tábhachtach a mhéid a chosnaítear an tuairisceoir agus na daoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe ó chlaontacht nó ó ionchúiseamh a shocrú go soiléir.

(40)

Chun muinín daoine aonair as an gcóras a fheabhsú, ba cheart láimhseáil na dtuarascálacha ar tharluithe a eagrú sa chaoi is go dtabharfar cosaint iomchuí do rúndacht chéannacht an tuairisceora agus na ndaoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe i ndáil le “cultúr cóir” a chothú. Ba cheart go ndíreofaí leis sin, a mhéid is féidir, ar chóras neamhspleách láimhseála tarluithe a bhunú.

(41)

Tá ról suntasach ag foireann eagraíochtaí, ag foireann údaráis inniúla na mBallstát agus ag foireann na Gníomhaireachta a bhfuil lámh acu i dtarluithe a mheas, a phróiseáil nó a anailísiú maidir le guaiseacha sábhailteachta agus easnaimh shábháilteachta a shainaithint. Léirítear leis an taithí atá faighte gur féidir breathnú siar ar tharluithe i ndiaidh tionóisce agus anailís a dhéanamh as ar féidir rioscaí agus easnaimh a shainaithint nárbh fhéadfaí a shainaithint murach sin. Dá bharr sin, d'fhéadfaí go mbeadh eagla ar na daoine sin a bhfuil lámh acu i dtarluithe a mheas, a phróiseáil nó a anailísiú roimh na hiarmhairtí a d'fhéadfadh bheith ann maidir le hionchúiseamh os comhair na n-údarás breithiúnacha. Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta ná do riaradh cuí an cheartais, níor cheart go ndéanfadh na Ballstáit imeachtaí a thionscnamh i gcoinne daoine a bhfuil lámh acu, in údaráis inniúla na mBallstát, i dtarluithe a mheas, a phróiseáil nó a anailísiú, i dtaca le cinntí a ghlacann siad mar chuid dá ndualgais a mheastar, ina dhiaidh sin ar bhreathnú siar, a bheith mícheart nó neamhéifeachtach, ach a bhí comhréireach agus iomchuí tráth ar glacadh iad, leis an bhfaisnéis a bhí ar fáil ag an am.

(42)

Ba cheart an deis a bheith ag fostaithe agus ag pearsanra ar conradh sáruithe a thuairisciú, ar sáruithe iad ar na prionsabail lena sainítear a gcosaint mar atá sí bunaithe leis an Rialachán seo, agus níor cheart pionóis a ghearradh orthu as ucht na sáruithe sin a thuairisciú. Ba cheart do na Ballstáit na hiarmhairtí a shainiú atá ann dóibh siúd a bhfuil prionsabail chosaint an tuairisceora agus na ndaoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe sáraithe acu agus ba cheart réitigh a ghlacadh nó pionóis a fhorchur mar is iomchuí.

(43)

D'fhéadfaí daoine a chur ó tharluithe a thuairisciú toisc eagla bheith orthu go n-ionchoireoidís iad féin agus go bhféadfaí iad a ionchúiseamh os comhair na n-údarás breithiúnach. Féadfar cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach gan cur isteach go míchuí ar chórais ceartais na mBallstát. Maidir le sáruithe ar an dlí nach bhfuil réamhbheartaithe nó sáruithe ar an dlí atá neamhaireach ar sáruithe iad nach dtagann ar aire údaráis na mBallstát ach amháin de bharr gur tuairiscíodh iad de bhun an Rialacháin seo, is iomchuí mar sin go bhforálfaí nár cheart dóibh a bheith faoi réir imeachtaí disciplíneacha, riaracháin nó dlíthiúla, seachas i gcás ina mbeadh foráil eile dó sin ann dlí coiriúil náisiúnta is infheidhme. Maidir leis an gceart a bheadh ag tríú páirtithe imeachtaí sibhialta a thionscnamh, níor cheart go gcumhdófaí leis an gcosc seo é agus ba cheart gur faoi réir an dlí náisiúnta amháin a bheadh sé.

(44)

Mar sin féin, i gcomhthéacs timpeallacht an “chultúir chóir” a fhorbairt, ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit i gcónaí an cosc atá ar thuarascálacha ar tharluithe a úsáid mar fhianaise i gcoinne tuairisceoirí in imeachtaí riaracháin agus araíonachta a chur i bhfeidhm freisin maidir le himeachtaí sibhialta nó coiriúla.

(45)

Ina theannta sin, ba cheart an comhar idir na húdaráis sábháilteachta agus na húdaráis bhreithiúnacha a fheabhsú agus a dhéanamh foirmiúil trí bhíthin réamhshocruithe eatarthu féin lenar cheart an chothromaíocht idir leasanna éagsúla an phobail atá i gceist a urramú agus lenar cheart, mar shampla, rochtain ar thuarascálacha ar tharluithe atá sna bunachair shonraí náisiúnta agus a n-úsáid a chumhdach go háirithe.

(46)

Chun tacú leis na freagrachtaí breise a cuireadh ar an nGníomhaireacht faoin Rialachán seo, ba cheart acmhainní leordhóthanacha a thabhairt di chun cur ar a cumas na cúraimí breise a shanntar di a dhéanamh.

(47)

Chun an Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, moltar gur cheart an chumhacht chun glacadh le gníomhartha de réir Airteagal 290 an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún. Tá sé fíorthábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(48)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus le líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta dá dtagraítear anseo.

(49)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(50)

Na rialacha maidir le próiseáil sonraí agus cosaint daoine aonair mar a leagtar síos iad i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart iad a urramú go hiomlán i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na rialacha maidir le rochtain ar shonraí mar a leagtar síos iad i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a urramú go hiomlán i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo seachas maidir le scaipeadh sonraí agus faisnéise atá sa Stór Lárnach Eorpach, atá faoi chosaint rialacha rochtana níos déine atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(51)

Ba cheart go mbeadh pionóis infheidhme, go háirithe, maidir le duine nó le heintiteas a bhaineann mí-úsáid as faisnéis a chosnaítear leis an Rialachán seo de shárú ar an Rialachán seo; a ghníomhaíonn chun dochair don tuairisceoir nó do dhaoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe, seachas i gcásanna nuair a bhíonn feidhm ag na díolúintí a leagtar síos sa Rialachán seo; nach mbunaíonn timpeallacht atá iomchuí chun sonraí a bhailiú i dtaca le tarluithe; nach ndéanann anailís ar an bhfaisnéis a bhailítear; nach ngníomhaíonn chun aghaidh a thabhairt air nuair a bhraitear easnaimh shábháilteachta nó aon easnaimh shábháilteachta a d'fhéadfadh bheith ann; nó nach roinneann an fhaisnéis arna bailiú i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(52)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna a bhunú i réimse an tuairiscithe ar tharluithe san eitlíocht shibhialta, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí uile-Aontais, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(53)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 a leasú dá réir sin.

(54)

Maidir le Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún (10), Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (11), ba cheart, dá bhrí sin, iad a aisghairm.

(55)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim an 10 Aibreán 2013 (12),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht eitlíochta sibhialta a fheabhsú san Aontas trína áirithiú go dtuairiscítear, go mbailítear, go stóráiltear, go gcosnaítear, go malartaítear agus go scaiptear faisnéis ábhartha a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta sibhialta agus go ndéantar anailís uirthi.

Áirithítear leis an Rialachán seo:

(a)

i gcás inarb iomchuí, go ndéantar beart sábháilteachta go tráthúil bunaithe ar anailís arna déanamh ar an bhfaisnéis a bhailítear;

(b)

go mbeidh faisnéis sábháilteachta fós ar fáil trí rialacha maidir le rúndacht agus maidir le leas iomchuí a bhaint as faisnéis a thabhairt isteach agus trí chosaint chomhchuibhithe agus fheabhsaithe a thabhairt do tuairisceoirí agus do dhaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe; agus

(c)

go mbreathnófar ar rioscaí i dtaobh shábháilteacht na heitlíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus go ndéileálfar leo ar na leibhéil sin freisin.

2.   Is é an t-aon chuspóir atá le tuairisciú ar tharluithe tionóiscí agus teagmhais a chosc seachas milleán nó dliteanas a shannadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tuairisceoir” duine nádúrtha a thuairiscíonn tarlú nó faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht de bhun an Rialacháin seo;

(2)

ciallaíonn “aerárthach” aon mheaisín is féidir tacaíocht a fháil san atmaisféar ó imoibrithe an aeir seachas imoibrithe an aeir i gcoinne dhromchla an domhain;

(3)

ciallaíonn “teagmhas” teagmhas de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(4)

ciallaíonn “teagmhas tromchúiseach” teagmhas tromchúiseach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(5)

ciallaíonn “tionóisc” tionóisc de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(6)

ciallaíonn “faisnéis atá curtha ó aithint” faisnéis a eascraíonn ó thuarascálacha ar tharluithe as ar baineadh na sonraí pearsanta uile amhail ainmneacha nó seoltaí daoine nádúrtha;

(7)

ciallaíonn “tarlú” aon imeacht a bhaineann le sábháilteacht a chuireann aerárthach, na daoine atá ar bord nó aon duine eile i mbaol nó a chuirfeadh i mbaol iad mura gceartófaí é nó mura dtabharfaí aghaidh air, agus áirítear air tionóisc nó teagmhas tromchúiseach go háirithe;

(8)

ciallaíonn “eagraíocht” aon eagraíocht a chuireann táirgí eitlíochta ar fáil agus/nó a fhostaíonn na daoine a bhíonn ag teastáil chun tarluithe a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4(6) nó a dhéanann conradh leis na daoine sin nó a bhaineann úsáid as seirbhísí na ndaoine sin;

(9)

ciallaíonn “anaithnidiú” na sonraí pearsanta ar fad a bhaineann leis an tuairisceoir agus leis na daoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe agus aon sonraí, lena n-áirítear ainm na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí a bhfuil baint aici nó acu leis an tarlú, ar sonraí iad a bhféadfaí céannacht an tuairisceora nó céannacht tríú páirtí a nochtadh leo nó a bhféadfaí an fhaisnéis sin a thuiscint ón tuarascáil ar tharlú, a bhaint de thuarascálacha ar tharluithe;

(10)

ciallaíonn “guais” coinníoll nó rud ag a bhfuil an acmhainneacht bás a thabhairt ar dhuine, duine a ghortú, díobháil a dhéanamh do threalamh nó do struchtúir, ábhair a chailleadh, nó laghdú a dhéanamh ar chumas duine feidhm fhorordaithe a chomhlíonadh;

(11)

ciallaíonn “údarás um imscrúdú sábháilteachta” an t-údarás náisiúnta buan um imscrúdú sábháilteachta eitlíochta sibhialta atá i mbun imscrúduithe sábháilteachta nó i mbun formhaoirseachta orthu mar a thagraítear dó in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(12)

ciallaíonn an “cultúr cóir” an cultúr atá ann nuair nach gcuirtear pionós ar oibreoirí tosaigh nó ar dhaoine eile as gníomhartha, easnaimh nó cinntí arna ndéanamh acu atá i gcomhréir lena dtaithí agus lena n-oiliúint, ach nuair nach nglactar le mórfhaillí, le sáruithe toiliúla agus le gníomhartha scriosacha;

(13)

ciallaíonn “pointe teagmhála”:

(a)

i gcás ina ndéanann páirtí leasmhar a bhunaítear i mBallstát iarraidh ar fhaisnéis, an t-údarás inniúil atá ainmnithe ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 6(3);

(b)

i gcás ina ndéanann páirtí leasmhar a bhunaítear lasmuigh den Aontas iarraidh ar fhaisnéis, an Coimisiún;

(14)

ciallaíonn “páirtí leasmhar” aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó ná bíodh, is féidir bheith rannpháirteach i bhfeabhsú na sábháilteachta eitlíochta trí rochtain a bheith aige ar fhaisnéis maidir le tarluithe arna malartú ag na Ballstáit agus a thagann faoi chatagóir amháin de pháirtithe leasmhara a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(15)

ciallaíonn an “Clár Sábháilteachta Stáit” sraith chomhtháite gníomhartha dlíthiúla agus gníomhaíochtaí lena ndírítear ar shábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhainistiú i mBallstát;

(16)

ciallaíonn an “Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta” measúnú ar shaincheisteanna sábháilteachta agus an plean gníomhaíochta a bhaineann leis ar an leibhéal Eorpach;

(17)

ciallaíonn an “Clár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta” an tsraith chomhtháite rialachán ar leibhéal an Aontais, in éineacht leis na gníomhaíochtaí agus na próisis a úsáidtear chun sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a bhainistiú i gcomhpháirt ar an leibhéal Eorpach;

(18)

ciallaíonn “córas bainistíochta sábháilteachta” cur chuige córasach chun sábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhainistiú lena n-áirítear na struchtúir, na freagrachtaí, na beartais agus na nósanna imeachta eagraíochtúla is gá agus áirítear leis aon chóras bainistíochta, atá neamhspleách nó comhtháite le córais bhainistíochta eile de chuid na heagraíochta, a thugann aghaidh ar an tsábháilteacht a bhainistiú.

Airteagal 3

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha

(a)

maidir le tuairisciú ar tharluithe a chuireann an t-aerárthach, na daoine atá ar bord, aon duine eile, an trealamh nó an tsuiteáil lena ndéantar difear d'oibríochtaí an aerárthaigh i mbaol nó tarluithe a chuirfeadh i mbaol iad mura gceartófaí iad nó mura dtabharfaí aghaidh orthu; agus tuairisciú ar aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht sa chomhthéacs sin;

(b)

maidir le hanailís agus maidir le bearta leantacha i dtaca le tarluithe arna dtuairisciú agus maidir le haon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht;

(c)

maidir le lucht gairme na heitlíochta a chosaint;

(d)

maidir le leas iomchuí a bhaint as faisnéis sábháilteachta arna bailiú;

(e)

maidir le faisnéis a chomhtháthú sa Stór Lárnach Eorpach; agus

(f)

maidir leis an bhfaisnéis anaithnid a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara chun an fhaisnéis a theastaíonn uathu d'fhonn sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a fheabhsú a chur ar fáil dóibh.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bhfuil baint ag aerárthaí sibhialta, cé is moite d'aerárthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bhfuil baint ag na haerárthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

Airteagal 4

Tuairisciú éigeantach

1.   Na tarluithe sin lena ngabhfadh riosca suntasach do shábháilteacht na heitlíochta agus a thagann faoi na catagóirí seo a leanas, déanfaidh na daoine a liostaítear i mír 6 iad a thuairisciú trí na córais tuairiscithe éigeantaigh ar tharluithe de bhun an Airteagail seo:

(a)

tarluithe a bhaineann le hoibriú an aerárthaigh, amhail:

(i)

tarluithe a bhaineann le himbhualadh;

(ii)

tarluithe a bhaineann le héirí ó thalamh agus le tuirlingt;

(iii)

tarluithe a bhaineann le breosla;

(iv)

tarluithe le linn eitilte;

(v)

tarluithe a bhaineann le cumarsáid;

(vi)

tarluithe a bhaineann le díobháil, le héigeandálaí agus le cásanna ríthábhachtacha eile;

(vii)

an fhoireann a bheith éagumasaithe agus tarluithe eile a bhaineann leis an bhfoireann;

(viii)

dálaí meitéareolaíochta nó tarluithe a bhaineann leis an tslándáil;

(b)

tarluithe a bhaineann le dálaí teicniúla, cothabháil agus deisiúchán an aerárthaigh, amhail:

(i)

lochtanna struchtúracha;

(ii)

mífheidhmeanna córas;

(iii)

fadhbanna cothabhála agus deisiúcháin;

(iv)

fadbhanna tiomána (lena n-áirítear innill, liáin agus córais rótair) agus fadhbanna maidir le haonaid chumhachta chúnta;

(c)

tarluithe a bhaineann le seirbhísí agus saoráidí aerloingseoireachta, amhail:

(i)

imbhuailtí, neas-imbhuailtí nó imbhuailtí a d'fhéadfadh a bheith ann,

(ii)

tarluithe sonracha bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (ATM/ANS);

(iii)

tarluithe oibríochta ATM/ANS;

(d)

tarluithe a bhaineann le haeradróim agus seirbhísí talún, amhail:

(i)

tarluithe a bhaineann le gníomhaíochtaí agus saoráidí aeradróim;

(ii)

tarluithe a bhaineann le láimhseáil paisinéirí, bagáiste, post agus lasta;

(iii)

tarluithe a bhaineann le seirbhísí láimhseála aerárthaí ar an talamh agus le seirbhísí gaolmhara.

2.   Bunóidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát córas tuairiscithe éigeantaigh chun gur fusa a bheidh sé sonraí a bhailiú maidir le tarluithe dá dtagraítear i mír 1.

3.   Bunóidh gach Ballstát córas tuairiscithe éigeantaigh chun gur fusa a bheidh sé sonraí a bhailiú maidir le tarluithe lena n-áirítear sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú ag eagraíochtaí de bhun mhír 2 a bhailiú.

4.   Bunóidh an Ghníomhaireachta Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (“an Ghníomhaireacht”) córas tuairiscithe éigeantaigh chun gur fusa a bheidh sé sonraí a bhailiú maidir le tarluithe, lena n-áirítear sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú de bhun mhír 2 ag eagraíochtaí a dheimhnigh nó a d'fhormheas an Ghníomhaireacht a bhailiú.

5.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina n-aicmeofar tarluithe dá dtagrófar tráth a mbeidh tarluithe á dtuairisciú de bhun mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Áireoidh an Coimisiún liosta ar leithligh sna gníomhartha cur chun feidhme sin ina n-aicmeofar tarluithe is infheidhme maidir le haerárthaí seachas iad siúd atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach. Is éard a bheidh sa liosta leagan simplithe den liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar é a oiriúnú ar shainiúlachtaí an bhrainse sin den eitlíocht.

6.   Tuairisceoidh na daoine nádúrtha seo a leanas na tarluithe dá dtagraítear i mír 1 tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 2 ag an eagraíocht a fhostaíonn an tuairisceoir nó, ina éagmais sin, tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 3 ag an mBallstát inar bunaíodh a n-eagraíocht, nó ag an mBallstát inar eisíodh, inar bailíochtaíodh nó inar athraíodh ceadúnas an phíolóta, nó tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 4 ag an nGníomhaireacht:

(a)

an píolóta atá i gceannas ar aerárthach, nó i gcásanna nach bhfuil an píolóta atá i gceannas in ann an tarlú a thuairisciú, aon bhall den fhoireann atá sa chéad áit eile den slabhra ceannais in aerárthach atá cláraithe i mBallstát nó aerárthach atá cláraithe lasmuigh den Aontas ach atá in úsáid ag oibreoir dá n-áirithíonn Ballstát formhaoirseacht ar oibríochtaí nó oibreoir atá bunaithe san Aontas;

(b)

duine a dhearann aerárthach, nó aon trealamh nó cuid de, nó a dhéanann monarú, faireachán leanúnach ar aeracmhainneacht, cothabháil nó modhnú air, faoi fhormhaoirseacht Ballstáit nó faoi fhormhaoirseacht na Gníomhaireachta;

(c)

duine a shíníonn deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta, nó ar scaoileadh chun seirbhíse i ndáil le haerárthach, nó aon trealamh nó cuid de, faoi fhormhaoirseacht Ballstáit nó faoi fhormhaoirseacht na Gníomhaireachta;

(d)

duine a chomhlíonann feidhm faoina gceanglaítear air nó uirthi bheith údaraithe ag Ballstát mar bhall foirne de sholáthróir seirbhísí aerthráchta ar a bhfuil freagrachtaí maidir le seirbhísí aerloingseoireachta nó mar oifigeach seirbhíse faisnéise eitilte;

(e)

duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le bainistíocht sábháilteachta aerfoirt a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) maidir leis;

(f)

duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le saoráidí aerloingseoireachta a shuiteáil, a mhodhnú, a chothabháil, a dheisiú, a imchóiriú, a sheiceáil le linn eitilte nó cigireacht a dhéanamh orthu, ar saoráidí iad ar ina leith a áirithíonn Ballstát formhaoirseacht;

(g)

duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le seirbhís ar an talamh ar aerárthaí, lena n-áirítear breoslú, ullmhú bileoige lóid, luchtú, dí-oighriú agus tarraingt ag aerfort atá cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

7.   Tuairisceoidh na daoine a liostaítear i mír 6 tarluithe laistigh de 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú, mura gcuirfidh imthosca eisceachtúla cosc air sin.

8.   Tar éis fógra a fháil faoi tharlú, déanfaidh aon eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus nach gcumhdaítear faoi mhír 9 na sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a thuairisciú d'údarás inniúil an Bhallstáit sin, faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 6(3), a luaithe is féidir, agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú.

9.   Tar éis fógra a fháil faoi tharlú, déanfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht na sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú i gcomhréir le mír 2 a thuairisciú don Ghníomhaireacht a luaithe is féidir, agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú.

Airteagal 5

Tuairisciú deonach

1.   Bunóidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú:

(a)

sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad;

(b)

aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír do shábháilteacht na heitlíochta nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta.

2.   Bunóidh gach Ballstát córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú:

(a)

sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad;

(b)

aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta.

Áireofar ar an gcóras sin freisin bailiú na faisnéise a aistríonn eagraíochtaí de bhun mhír 6, ach ní bheidh sé teoranta don mhéid sin.

3.   Bunóidh an Ghníomhaireacht córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú:

(a)

sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad;

(b)

aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ach ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta.

Áireofar ar an gcóras sin freisin bailiú na faisnéise a aistríonn eagraíochtaí atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht de bhun mhír 5, ach ní bheidh sé teoranta don mhéid sin.

4.   Bainfear úsáid as na córais tuairiscithe dheonaigh chun bailiú na sonraí maidir le tarluithe agus na faisnéise a bhaineann le sábháilteacht a éascú, ar tharluithe agus faisnéis iad a bhfuil na nithe seo a leanas fíor fúthu:

(a)

nach bhfuil sé éigeantach iad a thuairisciú de bhun Airteagal 4(1);

(b)

go bhfuil siad a thuairisciú ag daoine nach bhfuil liostaithe in Airteagal 4(6).

5.   Gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht, tuairisceoidh sí go tráthúil don Ghníomhaireacht na sonraí maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bailíodh de bhun mhír 1 agus a bhféadfadh riosca iarbhír nó riosca ionchasach a bheith ag baint leo do shábháilteacht na heitlíochta.

6.   Gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus nach bhfuil deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht, tuairisceoidh sí go tráthúil d'údarás inniúil an Bhallstáit sin, arna ainmniú de bhun Airteagal 6(3), sonraí maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bailíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus a bhféadfadh riosca iarbhír nó riosca ionchasach a bheith ag baint leo do shábháilteacht na heitlíochta. Féadfaidh na Ballstáit a éileamh ar aon eagraíocht atá bunaithe ina gcríoch sonraí na dtarluithe uile arna mbailiú de bhun mhír 1 den Airteagal seo a thuairisciú.

7.   Féadfaidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus eagraíochtaí córais eile a bhunú maidir le bailiú agus próiseáil faisnéise sábháilteachta chun sonraí a bhailiú maidir le tarluithe a d'fhéadfadh sé nach ngabhfadh na córais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 4 agus i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo iad. D'fhéadfadh tuairisciú d'eintitis seachas na heintitis sin a leagtar amach in Airteagal 6(3) a bheith ar áireamh sna córais sin agus d'fhéadfadh rannpháirtíocht ghníomhach an méid seo a leanas a bheith ag baint leo:

(a)

an tionscal eitlíochta;

(b)

eagraíochtaí gairmiúla na bhfoirne eitlíochta.

8.   Féadfar an fhaisnéis a fhaightear ó thuairisciú deonach agus éigeantach a chomhtháthú i gcóras aonair.

Airteagal 6

Faisnéis a bhailiú agus a stóráil

1.   Maidir le sonraí i dtaca le tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5, ainmneoidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát duine amháin nó níos mó chun bailiú, próiseáil agus stóráil na sonraí sin agus an mheastóireacht agus anailís orthu a láimhseáil go neamhspleách.

Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críocha seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht an té a luaitear sa tuarascáil ar tharlú d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn.

2.   Trí chomhaontú leis an údarás inniúil, féadfaidh eagraíochtaí beaga sásra simplithe a chur ar bun le sonraí tarluithe a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus le meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu. Féadfaidh siad na cúraimí sin a roinnt le heagraíochtaí den chineál céanna, agus na rialacha maidir le rúndacht agus le cosaint de bhun an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag an am céanna.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun sásra a bhunú chun sonraí maidir le tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus chun meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu go neamhspleách.

Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críoch eile seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht na ndaoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú, d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn.

Is iad seo a leanas na húdaráis a bhféadfaí a ainmniú de bhun na chéad fomhíre, i gcomhpháirt nó go leithleach:

(a)

an t-údarás náisiúnta um eitlíocht shibhialta; agus/nó

(b)

an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta; agus/nó

(c)

aon chomhlacht nó eintiteas neamhspleách eile atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil an fheidhm sin curtha de chúram air.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná comhlacht nó eintiteas amháin, ainmneoidh sé ceann acu sin mar phointe teagmhála le haghaidh an aistrithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

4.   Ainmneoidh an Ghníomhaireacht duine amháin nó níos mó chun sásra a bhunú chun sonraí maidir le tarluithe a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus chun meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu go neamhspleách.

Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críocha eile seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht na ndaoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn.

5.   Stórálfaidh eagraíochtaí tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 i mbunachar sonraí amháin nó níos mó.

6.   Stórálfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le Airteagal 5 i mbunachar sonraí náisiúnta.

7.   Stórálfar faisnéis ábhartha maidir le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha sa bhunachar sonraí náisiúnta sin freisin, ar faisnéis í a bhaileoidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta nó a eiseoidh siad.

8.   Stórálfaidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 i mbunachar sonraí.

9.   Beidh rochtain iomlán ag na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta ar a mbunachar sonraí náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 6 chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010.

10.   Beidh rochtain iomlán ag údaráis eitlíochta sibhialta na mBallstát ar a mbunachar sonraí náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 6 chun críocha a bhfreagrachtaí a bhaineann le sábháilteacht.

Airteagal 7

Cáilíocht agus ábhar tuarascálacha ar tharluithe

1.   Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.   Déanfar aicmiú riosca sábháilteachta don tarlú lena mbaineann a áireamh sna tuarascálacha ar tharluithe sin dá dtagraítear i mír 5, mír 6 agus mír 8 d'Airteagal 6. Is é údarás inniúil an Bhallstáit nó an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh an t-aicmiú sin a athbhreithniú, a leasú más gá, agus a fhormhuiniú, i gcomhréir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

3.   Bunóidh eagraíochtaí, na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht próisis seiceála cáilíochta sonraí chun feabhas a chur ar chomhsheasmhacht na sonraí, go háirithe idir an fhaisnéis a bailíodh ar dtús agus an tuarascáil a stóráiltear sa bhunachar sonraí.

4.   Úsáidfear sna bunachair shonraí dá dtagraítear i mír 5, mír 6 agus mír 8 d'Airteagal 6 formáidí atá:

(a)

caighdeánaithe chun malartú faisnéise a éascú; agus

(b)

comhoiriúnach maidir le bogearraí ECCAIRS agus maidir le tacsanomaíocht ADREP.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht trí líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta, dá dtagraítear in Airteagal 14(2), comhscéim Eorpach um aicmiú riosca a fhorbairt chun go mbeidh sé ar chumas na n-eagraíochtaí, na mBallstát agus na Gníomhaireachta tarluithe a aicmiú i dtéarmaí an riosca sábháilteachta. Ar an gcaoi sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le comhoiriúnacht maidir leis na scéimeanna um aicmiú riosca atá ann cheana.

Déanfaidh an Coimisiún an scéim sin a fhorbairt faoin 15 Bealtaine 2017.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca a shainiú.

7.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe chun an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

8.   Tacóidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht le húdaráis inniúla na mBallstát leis an gcúram atá orthu sonraí a chomhtháthú, lena n-áirítear, mar shampla:

(a)

le comhtháthú na faisnéise íosta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

le haicmiú riosca na dtarluithe dá dtagraítear i mír 2; agus

(c)

le bunú próiseas seiceála cáilíochta sonraí dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht an tacaíocht sin ar fáil ar bhealach a chuirfear le comhchuibhiú an phróisis iontrála sonraí ar fud na mBallstát, agus go háirithe tríd an méid seo a leanas a chur ar fáil don fhoireann a oibríonn sna comhlachtaí nó sna heintitis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), (3) agus (4):

(a)

ábhar treorach;

(b)

ceardlanna; agus

(c)

oiliúint iomchuí.

Airteagal 8

Stór Lárnach Eorpach

1.   Bainisteoidh an Coimisiún Stór Lárnach Eorpach chun na tuarascálacha uile ar tharluithe a bhailítear san Aontas a stóráil.

2.   Tabharfaidh gach Ballstát, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, an Stór Lárnach Eorpach cothrom le dáta tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht arna storáil sna bunachair shonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(6) a aistriú chuige.

3.   Comhaontóidh an Ghníomhaireacht na prótacail theicniúla leis an gCoimisiún chun na tuarascálacha uile ar tharluithe arna mbailiú ag an nGníomhaireacht faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a rialacha cur chun feidhme a aistriú chuig an Stór Lárnach Eorpach, go háirithe i gcás tarluithe a stóráiltear sa Chóras Inmheánach um Thuairisciú ar Tharluithe (CITT) chomh maith leis an bhfaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(5).

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na socruithe chun an Stór Lárnach Eorpach dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhainistiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 9

Malartú faisnéise

1.   Glacfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht páirt i malartú faisnéise tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht a stóráiltear ina mbunachair shonraí féin a chur ar fáil d'údaráis inniúla na mBallstát eile, don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún tríd an Stór Lárnach Eorpach.

Aistreofar tuarascálacha ar tharluithe chuig an Stór Lárnach Eorpach tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis iad a chur isteach sa bhunachar sonraí náisiúnta.

Tabharfar tuarascálacha ar tharluithe cothrom le dáta le faisnéis bhreise a bhaineann le sábháilteacht nuair is gá sin.

2.   Aistreoidh na Ballstáit faisnéis a bhaineann le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha chuig an Stór Lárnach Eorpach freisin mar a leanas:

(a)

le linn don imscrúdú ina dtaobh a bheith ar siúl, an réamhfhaisnéis fhíorasach maidir le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha;

(b)

agus an t-imscrúdú curtha i gcrích:

(i)

tuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe; agus

(ii)

tráth a mbeidh sí ar fáil, achoimre as Béarla ar thuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe.

3.   Cuirfidh Ballstát nó an Ghníomhaireacht an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann le sábháilteacht ar aghaidh chuig údarás ábhartha an Bhallstáit nó chuig an nGníomhaireacht a luaithe is féidir, más rud é, agus sonraí maidir le tarluithe á mbailiú, nó agus tuarascálacha ar tharluithe á stóráil nó anailís á déanamh i gcomhréir le hAirteagal 13(6), go sainaithníonn sé nó sí cúrsaí sábháilteachta a mheasann sé nó sí:

(a)

a bheith ina n-ábhar spéise ag Ballstáit eile nó ag an nGníomhaireacht; nó

(b)

go bhféadfadh go gcaithfeadh na Ballstáit eile nó an Ghníomhaireacht beart sábháilteachta a dhéanamh ina leith.

Airteagal 10

An fhaisnéis sábháilteachta a stóráiltear sa Stór Lárnach Eorpach a scaipeadh

1.   Aon eintiteas ar cuireadh an cúram air sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil, nó aon údarás um imscrúdú sábháilteachta laistigh den Aontas, beidh rochtain iomlán, slán, ar líne aige ar fhaisnéis maidir le tarluithe atá sa Stór Lárnach Eorpach.

Bainfear leas as an bhfaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16.

2.   Féadfaidh páirtithe leasmhara a liostaítear in Iarscríbhinn II rochtain a iarraidh ar fhaisnéis áirithe atá sa Stór Lárnach Eorpach.

Déanfaidh páirtithe leasmhara atá bunaithe san Aontas iarrataí ar fhaisnéis a dhíriú ar phointe teagmhála an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.

Díreoidh páirtithe leasmhara atá bunaithe lasmuigh den Aontas a n-iarraidh chuig an gCoimisiún.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nuair a dhéanfar iarraidh de bhun na míre seo.

3.   Faoi réir Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, ní nochtfar an fhaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach a bhaineann le himscrúduithe sábháilteachta leanúnacha atá ar bun i gcomhréir leis an Rialachán sin do pháirtithe leasmhara de bhun an Airteagail seo.

4.   Chun críche cúiseanna slándála, ní thabharfar rochtain dhíreach ar an Stór Lárnach Eorpach do pháirtithe leasmhara.

Airteagal 11

Iarrataí a phróiseáil agus cinntí

1.   Cuirfear isteach iarrataí ar fhaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach agus leas á bhaint as na foirmeacha a d'fhormheas an pointe teagmhála. Áireofar sna foirmeacha sin na míreanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III ar a laghad.

2.   Fíoróidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh:

(a)

gur páirtí leasmhar atá ag déanamh na hiarrata; agus

(b)

go bhfuil sé nó sí inniúil chun déileáil leis an iarraidh sin.

Nuair a chinnfidh an pointe teagmhála go bhfuil Ballstát eile nó an Coimisiún inniúil le déileáil leis an iarraidh, aistreoidh sé an iarraidh sin chuig an mBallstát sin nó chuig an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfaidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh meastóireacht ar bhonn gach cáis ar leith ar an údar atá leis an iarraidh agus ar a praiticiúlacht.

Féadfaidh pointe teagmhála faisnéis a sholáthar do pháirtithe leasmhara i scríbhinn nó trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha cumarsáide atá slán.

4.   Má ghlactar leis an iarraidh, cinnfidh an pointe teagmhála an méid faisnéise agus leibhéal na faisnéise atá le soláthar. Gan dochar d'Airteagal 15 ná d'Airteagal 16, beidh an fhaisnéis teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun críche na hiarrata.

Ní sholáthrófar faisnéis nach mbaineann le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí leasmhair féin ach i bhfoirm chomhiomlánaithe nó anaithnid. Féadfar faisnéis i bhfoirm neamh-chomhiomlánaithe a chur ar fáil don pháirtí leasmhar má léiríonn sé go mionsonraithe i scríbhinn an t-údar atá leis. Bainfear leas as an bhfaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16.

5.   Déanfaidh an pointe teagmhála faisnéis a bhaineann le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí leasmhair féin, agus an fhaisnéis sin amháin, a sholáthar do pháirtithe leasmhara a liostaítear i bpointe (b) d'Iarscríbhinn II.

6.   Féadfaidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh ó pháirtí leasmhar a liostaítear i bpointe (a) d'Iarscríbhinn II cinneadh ginearálta a dhéanamh faisnéis a sholáthar don pháirtí leasmhar sin ar bhonn rialta, ar choinníoll:

(a)

go mbaineann an fhaisnéis arna hiarraidh le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí féin;

(b)

nach ndeontar leis an gcinneadh ginearálta rochtain ar ábhar iomlán an bhunachair shonraí;

(c)

nach mbaineann an cinneadh ginearálta ach le faisnéis anaithnid.

7.   Úsáidfidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis a fhaightear de bhun an Airteagail seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní úsáidfidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis ach chun na críche a shonraítear san fhoirm iarrata, críoch ba cheart a bheith comhoiriúnach le cuspóir an Rialacháin seo mar atá luaite in Airteagal 1; agus

(b)

ní nochtfaidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis a fhaightear gan toiliú i scríbhinn a fháil ó sholáthraí na faisnéise agus glacfaidh sé na bearta is gá chun go n-áiritheofar rúndacht iomchuí na faisnéise a fhaightear.

8.   Beidh an cinneadh chun faisnéis a scaipeadh de bhun an Airteagail seo teoranta do na nithe a bhfuil fíorghá ag an úsáideoir leo.

Airteagal 12

Taifead ar iarrataí agus malartú faisnéise

1.   Déanfaidh an pointe teagmhála taifead ar gach iarraidh a fhaightear agus an beart a dhéantar de bhun na hiarrata sin.

Tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún go tráthúil aon uair a fhaightear iarraidh agus/nó aon uair a dhéantar beart.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta cothrom le dáta de na hiarrataí a bheidh faighte agus den bheart a bheidh déanta ag na pointí teagmhála éagsúla agus ag an gCoimisiún féin a chur ar fáil do na pointí teagmhála ar fad.

Airteagal 13

Anailís ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal náisiúnta

1.   Forbróidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát próiseas chun anailís a dhéanamh ar tharluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus le hAirteagal 5(1) d'fhonn guaiseanna sábháilteachta a bhaineann le tarluithe sainaitheanta nó le grúpaí tarluithe sainaitheanta a shainaithint.

Bunaithe ar an anailís sin, cinnfidh gach eagraíocht aon bhearta iomchuí ceartaitheacha nó coisctheacha a bhfuil gá leo, chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú.

2.   Nuair a shainaithníonn eagraíocht atá bunaithe i mBallstát, tar éis na hainilíse dá dtagraítear i mír 1, aon bhearta iomchuí ceartaitheacha nó coisctheacha a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sábháilteachta iarbhír eitlíochta nó easnaimh sábháilteachta eitlíochta a d'fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh sí an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sí an beart sin chun feidhme go tráthúil; agus

(b)

bunóidh sí próiseas chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht an bhirt.

3.   Déanfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát faisnéis a chur ar fáil go rialta dá fostaithe agus do phearsanra atá ar conradh maidir leis an anailís agus na bearta leantacha a dhéantar ar tharluithe a ndéantar beart coisctheach nó ceartaitheach ina leith.

4.   I gcás ina sainaithníonn eagraíocht atá bunaithe i mBallstát ach nach gcumhdaítear le mír 5 riosca sábháilteachta iarbhír eitlíochta nó riosca sábháilteachta eitlíochta sibhialta a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr a hainilíse ar tharluithe nó ar ghrúpa tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4(8) agus Airteagal 5(6), déanfaidh sí an méid seo a leanas a tharchur chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin laistigh de 30 lá ón lá a dtabharfaidh an tuairisceoir fógra i leith an tarlaithe:

(a)

torthaí tosaigh na hanailíse arna déanamh de bhun mhír 1, más ann dóibh; agus

(b)

aon bheart a bheidh le déanamh de bhun mhír 2.

Déanfaidh an eagraíocht torthaí deiridh na hanailíse, nuair is gá, a thuairisciú a luaithe a bheidh siad ar fáil agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 30 lá ón lá a dtabharfar fógra i leith an tarlaithe.

Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit iarraidh ar eagraíochtaí torthaí tosaigh nó torthaí deiridh na hanailíse a tharchur chuige, ar anailís í a dhéantar ar aon tarlú ar tugadh fógra dó ina leith ach nach bhfuair sé aon bheart leantach ina leith nó nach bhfuair sé ach na torthaí tosaigh ina leith.

5.   I gcás ina sainaithníonn eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht riosca sábháilteachta iarbhír eitlíochta nó riosca sábháilteachta eitlíochta a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr a hainilíse ar tharluithe nó ar ghrúpa tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(5), tarchuirfidh an eagraíocht na nithe seo a leanas chuig an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá ón dáta a thugann an tuairisceoir fógra i leith an tarlaithe:

(a)

torthaí tosaigh na hanailíse a rinneadh de bhun mhír 1, más ann dóibh; agus

(b)

aon bheart a bheidh le déanamh de bhun mhír 2.

Déanfaidh an eagraíocht atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht torthaí deiridh na hanailíse, nuair is gá, a tharchur chuig an nGníomhaireacht a luaithe a bheidh siad ar fáil agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná trí mhí ón lá a dtabharfar fógra faoin tarlú.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar eagraíochtaí torthaí tosaigh nó torthaí deiridh na hanailíse a tharchur chuige, ar anailís í a dhéantar ar aon tarlú ar tugadh fógra dó ina leith ach nach bhfuair sí aon bheart leantach ina leith nó nach bhfuair sí ach na torthaí tosaigh ina leith.

6.   Forbróidh gach Ballstát agus an Ghníomhaireacht próiseas chun anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis maidir le tarluithe a thuairiscítear go díreach chucu i gcomhréir le hAirteagal 4(6) le hAirteagal 5(2) agus le hAirteagal 5(3) d'fhonn guaiseanna sábháilteachta a bhaineann leis na tarluithe sin a shainaithint. Bunaithe ar an anailís sin, cinnfidh siad aon bhearta ceartaitheacha nó coisctheacha iomchuí a bhfuil gá leo chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú.

7.   Nuair a shainaithníonn Ballstát nó an Ghníomhaireacht, tar éis na hainilíse dá dtagraítear i mír 6, aon bhearta ceartaitheacha nó coisctheacha iomchuí a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sábháilteachta iarbhír nó easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh an Ballstát sin nó an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

an beart sin a chur chun feidhme go tráthúil; agus

(b)

próiseas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht an bhirt sin.

8.   I gcás gach tarlaithe nó grúpa tarluithe a ndéantar faireachán orthu i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, beidh rochtain ag gach Ballstát agus ag an nGníomhaireacht ar an anailís a rinneadh agus déanfaidh siad faireachán mar is iomchuí ar an mbeart a dhéanann na heagraíochtaí a bhfuil siad freagrach faoi seach astu.

Má chinneann an Ballstát nó an Ghníomhaireacht gur míchuí é cur chun feidhme agus éifeachtacht an bhirt a thuairiscítear chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sábháilteachta iarbhír nó ar na heasnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh bheith ann, áiritheoidh sé go ndéanfar beart iomchuí breise agus go gcuirfidh an eagraíocht ábhartha chun feidhme iad.

9.   Faisnéis a bhaineann leis an anailís ar tharluithe aonair nó ar ghrúpaí tarluithe agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, agus ar faisnéis í a fuarthas de bhun an Airteagail seo, déanfar an fhaisnéis sin, nuair a bhíonn sí ar fáil, a stóráil sa Stór Lárnach Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3), ar bhealach tráthúil agus tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis a stórála sa bhunachar sonraí náisiúnta.

10.   Úsáidfidh na Ballstáit an fhaisnéis a fuarthas ón anailís ar thuarascálacha ar tharluithe chun na bearta feabhais atá le déanamh, más ann dóibh, laistigh den Chlár Sábháilteachta Stáit a shainaithint.

11.   D'fhonn an pobal a chur ar an eolas faoin leibhéal sábháilteachta san eitlíocht shibhialta, foilseoidh gach Ballstát, ar a laghad uair sa bhliain, athbhreithniú sábháilteachta. Déanfaidh an t-athbhreithniú sábháilteachta an méid seo a leanas:

(a)

beidh faisnéis chomhiomlánaithe agus anaithnid maidir leis an gcineál tarluithe agus faisnéise a bhaineann le sábháilteacht a thuairiscítear trína chórais náisiúnta tuairiscithe éigeantaigh agus dheonaigh ann;

(b)

sainaithneofar treochtaí;

(c)

sainaithneofar an beart atá déanta aige.

12.   Féadfaidh na Ballstáit tuarascálacha anaithnide ar tharluithe agus na torthaí ar anailís riosca a fhoilsiú freisin.

Airteagal 14

Anailís ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal an Aontais

1.   Glacfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhar lena chéile, páirt go tráthrialta i malartú agus in anailísiú na faisnéise atá sa Stór Lárnach Eorpach.

Gan dochar do na ceanglais rúndachta a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfar a iarraidh ar bhreathnóirí páirt a ghlacadh ar bhonn gach cáis ar leith, i gcás inarb iomchuí.

2.   Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát le chéile trí líonra anailísithe sábháilteachta eitlíochta.

Cuirfidh líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta le feabhsú ar shábháilteacht eitlíochta san Aontas, go háirithe trí anailís sábháilteachta a dhéanamh chun tacú leis an gClár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus leis an bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta.

3.   Tacóidh an Ghníomhaireacht le gníomhaíochtaí líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta trí, mar shampla, chúnamh a thabhairt chun cruinnithe an líonra a ullmhú agus a eagrú.

4.   Áireoidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi thoradh na hanailíse faisnéise dá dtagraítear i mír 1 san athbhreithniú bliantúil sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 15(4) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

Airteagal 15

Rúndacht agus úsáid iomchuí na faisnéise

1.   Glacfaidh na Ballstáit agus eagraíochtaí, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, agus an Ghníomhaireacht na bearta is gá chun rúndacht iomchuí na sonraí maidir le tarluithe a gheobhaidh siad de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 10 a áirithiú.

Ní phróiseálfaidh gach Ballstát, gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát, nó an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta ach a mhéid is gá chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do ghníomhartha dlíthiúla náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme.

2.   Gan dochar do na forálacha a bhaineann le faisnéis sábháilteachta a chosaint in Airteagal 12, Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, ní úsáidfear an fhaisnéis a thagann ó thuarascálacha ar tharluithe ach amháin chun na críche ar bailíodh í ina leith.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus eagraíochtaí an fhaisnéis maidir le tarluithe a chur ar fáil nó a úsáid:

(a)

d'fhonn milleán nó dliteanas a shannadh; nó

(b)

chun críche ar bith seachas an tsábháilteacht eitlíochta a choinneáil nó a fheabhsú.

3.   Agus iad ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 14 maidir leis an bhfaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach, déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát an méid seo a leanas:

(a)

rúndacht na faisnéise a áirithiú; agus

(b)

úsáid na faisnéise a theorannú ionas nach n-úsáidfear í ach amháin le haghaidh nithe atá fíor-riachtanach d'fhonn a gcuid oibleagáidí a bhaineann le sábháilteacht a chomhlíonadh gan milleán nó dliteanas a shannadh; i ndáil leis sin, úsáidfear an fhaisnéis go háirithe don bhainistíocht riosca agus chun anailís a dhéanamh ar threochtaí sábháilteachta a bhféadfadh moltaí nó bearta sábháilteachta teacht as, lena dtabharfaí aghaidh ar easnaimh sábháilteachta iarbhír nó ar easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith ann.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh a n-údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus a n-údaráis inniúla um riaradh ceartais le chéile trí réamhshocruithe riaracháin. Féachfaidh na réamhshocruithe riaracháin sin leis an gcothromaíocht cheart a áirithiú idir an gá atá le riaradh cuí ceartais, ar thaobh amháin, agus an gá atá le faisnéis sábháilteachta a bheith ar fáil go leanúnach, ar an taobh eile.

Airteagal 16

Foinse na faisnéise a chosaint

1.   Chun críocha an Airteagail seo, áirítear go háirithe le “mionsonraí pearsanta” ainmneacha nó seoltaí daoine nádúrtha.

2.   Áiritheoidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát go gcuirfear na mionsonraí pearsanta uile ar fáil d'fhoireann na heagraíochta sin seachas na daoine a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 6(1) ach amháin i gcás ina mbeidh géarghá leis sin chun tarluithe a imscrúdú d'fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta.

Scaipfear faisnéis atá curtha ó aithint laistigh den eagraíocht mar is iomchuí.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát nach ndéanfar aon mhionsonraí pearsanta a thaifead choíche sa bhunachar sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(6). Cuirfear faisnéis den sórt sin atá curtha ó aithint ar fáil do na páirtithe ábhartha ar fad ionas go bhféadfaidh siad, mar shampla, a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh i dtaca le feabhsú sábháilteachta eitlíochta.

4.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht nach ndéanfar aon mhionsonraí pearsanta a thaifead choíche i mbunachar sonraí na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 6(8). Cuirfear faisnéis den sórt sin atá curtha ó aithint ar fáil do na páirtithe ábhartha ar fad ionas go bhféadfaidh siad, mar shampla, a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh i dtaca le feabhsú sábháilteachta eitlíochta.

5.   Ní chuirfear cosc ar na Ballstáit agus ar an nGníomhaireacht aon bheart is gá a dhéanamh chun an tsábháilteacht eitlíochta a choinneáil nó a fheabhsú.

6.   Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta is infheidhme, staonfaidh na Ballstáit ó imeachtaí a thionscnamh i ndáil le sáruithe gan réamhbheartú nó sáruithe atá neamhaireach ar an dlí, ar sáruithe iad nach dtagann ar a n-aire ach amháin de bharr gur tuairiscíodh iad de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír sna cásanna dá dtagraítear i mír 10. Féadfaidh na Ballstáit bearta a choinneáil nó a ghlacadh chun cosaint na dtuairisceoirí nó na ndaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a neartú, féadfaidh na Ballstáit go háirithe an riail sin a chur i bhfeidhm gan na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 10.

7.   Má thionscnaítear aon imeachtaí disciplíneacha nó riaracháin faoin dlí náisiúnta, ní bhainfear leas as faisnéis atá i dtuarascálacha ar tharluithe:

(a)

i gcoinne na dtuairisceoirí; nó

(b)

i gcoinne na ndaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír sna cásanna dá dtagraítear i mír 10.

Féadfaidh na Ballstáit bearta a choinneáil nó a ghlacadh chun cosaint na dtuairisceoirí nó na ndaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a neartú, féadfaidh na Ballstáit go háirithe an méid sin a leathnú go nósanna imeachta sibhialta nó coiriúla.

8.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha reachtacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm lena ráthaítear leibhéal níos airde cosanta don tuairisceoir nó do na daoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe ná mar a ráthaítear sna forálacha a bhunaítear sa Rialachán seo.

9.   Ní bheidh fostaithe agus an pearsanra atá ar conradh a thuairiscíonn tarluithe nó a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 faoi réir aon dochair óna bhfostóir nó ón eagraíocht dá bhfuil na seirbhísí curtha ar fáil ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an tuairisceoir ar fáil, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 10.

10.   Ní bheidh feidhm ag an gcosaint faoi mhír 6, faoi mhír 7 agus faoi mhír 9 den Airteagal seo maidir le haon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcásanna mí-iompair thoiliúil;

(b)

i gcásanna inar tugadh neamhaird fhollasach, ghéar agus thromchúiseach ar riosca follasach agus inar theip glan ar fhreagracht ghairmiúil an cúram sin a ghlacadh ba léir a bhí ag teastáil sna cúinsí sin, agus ina ndearnadh damáiste intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó a cuireadh sábháilteacht na heitlíochta i mbaol go mór.

11.   Tar éis dul i gcomhairle lena hionadaithe foirne, glacfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát rialacha inmheánacha ina dtugtar tuairisc ar an gcaoi a n-urramaítear prionsabail an “chultúir chóir” agus ar an gcaoi a gcuirtear chun feidhme iad laistigh den eagraíocht sin, go háirithe an prionsabal dá dtagraítear i mír 9.

Féadfaidh an comhlacht a ainmníodh de bhun mhír 12 iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha inmheánacha na n-eagraíochtaí atá bunaithe ina Bhallstát sula gcuirfear chun feidhme na rialacha inmheánacha sin.

12.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht a bheidh freagrach as mír 6, mír 9 agus mír 11 a chur chun feidhme.

Féadfaidh fostaithe agus an pearsanra atá ar conradh sáruithe líomhnaithe ar na rialacha a bhunaítear leis an Airteagal seo a thuairisciú don chomhlacht sin. Ní ghearrfar pionóis ar fhostaithe agus ar an bpearsanra atá ar conradh as sáruithe líomhnaithe a thuairisciú. Féadfaidh fostaithe agus an pearsanra atá ar conradh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sháruithe líomhnaithe den sórt sin.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an comhlacht arna ainmniú comhairle a chur ar údaráis ábhartha a Bhallstáit maidir le réitigh nó pionóis i ndáil le hAirteagal 21 a chur chun feidhme.

13.   An 15 Bealtaine 2019 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus go háirithe maidir le gníomhaíochtaí an chomhlachta arna ainmniú de bhun mhír 12. Ní bheidh aon sonraí pearsanta sa tuarascáil sin.

Airteagal 17

Na hiarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

liosta na réimsí sonraí éigeantacha i dtuarascálacha ar tharluithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta, i gcás, i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, go mbeidh gá le hathruithe d'fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta;

(b)

an iarraidh ar an bhfoirm fhaisnéise maidir le Stór Lárnach Eorpach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a thabhairt cothrom le dáta, chun an taithí a fuarthas agus forbairtí nua a chur san áireamh;

(c)

aon cheann de na hIarscríbhinní a ailíniú le bogearraí ECCAIRS agus le tacsanomaíocht ADREP, agus, ina theannta sin, le gníomhartha dlíthiúla a ghlacann an tAontas agus le comhaontuithe idirnáisiúnta.

D'fhonn liosta na réimsí éigeantacha a thabhairt cothrom le dáta, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) tuairim/tuairimí iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(6) agus in Airteagal 17 don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(6 ) agus Airteagal 17 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(6 ) agus Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gcomhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 19

An nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste a bhunaítear le hAirteagal 65 de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí pearsanta

1.   Cé is moite d'Airteagal 10 agus Airteagal 11, lena mbunaítear rialacha níos déine maidir le rochtain ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach, beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha dlíthiúla náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 21

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin agus faoi aon leasú eile a dhéanann difear dóibh.

Airteagal 22

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 996/2010

Scriostar Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010.

Mar sin féin, beidh an tAirteagal sin infheidhme i gcónaí go dtí an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 24(3).

Airteagal 23

Aisghairmeacha

Aisghairtear Treoir 2003/42/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007. Beidh feidhm acu i gcónaí go dtí an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 24(3).

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Faoin 16 Samhain 2020, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Cumhdófar leis sa tuarascáil sin, go háirithe, an méid a rannchuidítear leis an Rialachán seo le líon na dtionóiscí aerárthaigh agus na mbásanna gaolmhara a laghdú. Más iomchuí agus ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún tograí chun an Rialachán seo a leasú.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 15 Samhain 2015 agus ní roimh an dáta a dtiocfaidh na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(5) i bhfeidhm. Beidh feidhm ag Airteagal 7(2) nuair a thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme ina sonraítear agus ina bhforbraítear an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca dá dtagraítear in Airteagal 7(6) agus (7) i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 3 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 198, 10.7.2013, lch. 73.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Márta 2014 .

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE (IO L 79, 19.3.2008, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(9)  Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le tuairisciú tarluithe in eitlíocht shibhialta (IO L 167, 4.7.2003, lch. 23).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le tarluithe eitlíochta sibhialta a mhalartaítear i gcomhréir le Treoir 2003/42/CE a chomhtháthú i stór lárnach (IO L 294, 13.11.2007, lch. 3).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme chun faisnéis maidir le tarluithe eitlíochta sibhialta a mhalartaítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2003/42/CE a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara (IO L 295, 14.11.2007, lch. 7).

(12)  IO C 358, 7.12.2013, lch. 19.

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NA gCEANGLAS IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA SCÉIMEANNA UM THUAIRISCIÚ ÉIGEANTACH AGUS DEONACH AR THARLUITHE

Nóta:

Ní mór na réimsí sonraí a chomhlanú leis an bhfaisnéis arna hiarraidh. I gcás nach bhféadfadh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin a chur isteach mar nár chuir an eagraíocht nó an tuairisceoir ar fáil í, is féidir an réimse sonraí a chomhlánú leis an luach “anaithnid”. D'fhonn a áirithiú, áfach, go ndéanfar an fhaisnéis iomchuí a tharchur, níor cheart, a mhéid is féidir, leas a bhaint as an luach “anaithnid” sin agus nuair is féidir ba cheart an tuarascáil a chomhlánú le faisnéis tráth níos déanaí

1.   RÉIMSÍ SONRAÍ ÉIGEANTACHA COITEANNA

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Teideal

Teideal

(2)

Faisnéis Chomhdúcháin

Eintiteas Freagrach

Uimhir Chomhaid

Stádas an Tarlaithe

(3)

Dáta

Dáta UTC

(4)

Áit

Stát/Limistéir an Tarlaithe

Áit an Tarlaithe

(5)

Aicmiú

Aicme an Tarlaithe

Catagóir an Tarlaithe

(6)

Insint

Teanga na hInsinte

Insint

(7)

Teagmhais

Cineál an Teagmhais

(8)

Aicmiú riosca

2.   RÉIMSÍ SONRAÍ SONRACHA ÉIGEANTACHA

2.1.   Réimsí sonraí a bhaineann le haerárthaigh

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Aitheantas an Aerárthaigh

Stát a Chláraithe

Déantús/Samhail/Sraith

Uimhir sraithe an aerárthaigh

Clárúchán an Aerárthaigh

Glao-chomhartha

(2)

Oibriú an aerárthaigh

An tOibreoir

Cineál oibríochta

(3)

Tuairisc an Aerárthaigh

Catagóir an Aerárthaigh

Cineál Tiomána

Grúpa Maise

(4)

Stair Eitilte

Pointe Imeachta Deireanach

Ceann Scríbe Beartaithe

Céim na hEitilte

(5)

Aimsir

A bhaineann le haimsir

2.2.   Réimsí sonraí a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Gaol le ATM

Difear a rinne ATM

An tseirbhís a ndearnadh difear di (tionchar ar sheirbhís ATM)

(2)

Ainm Aonaid ATS

2.2.1   Réimsí sonraí a bhaineann le Sárú ar Íosfhad Scartha/Cailliúint Scartha agus le Sárú ar Aerspás

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Aerspás

Cineál aerspáis

Aicme aerspáis

Ainm FIR/UIR

2.3.   Réimsí sonraí a bhaineann le haeradróim

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Táscaire Suímh (Táscaire EESI an aerfoirt)

(2)

Suíomh an aeradróim

2.4.   Réimsí sonraí a bhaineann le dochar d'aerárthach nó díobháil do dhuine

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach á thaifeadadh agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Déine

An Damáiste Is Mó

Leibhéal an Ghortaithe

(2)

Díobhálacha do dhaoine

Líon na ndíobhálacha ar an talamh (marfach, tromchúiseach, miondíobháil)

Líon na ndíobhálacha ar an aerárthach (marfach, tromchúiseach, miondíobháil)


IARSCRÍBHINN II

PÁIRTITHE LEASMHARA

(a)

Liosta de na páirtithe leasmhara a fhéadfaidh faisnéis a fháil ar bhonn cinnidh a bhaineann le gach cás ar leith faoi Airteagal 11(4) nó ar bhonn cinnidh ghinearálta faoi Airteagal 11(6):

1.

Monaróirí: dearthóirí agus monaróirí aerárthach, inneall, lián agus páirteanna agus fearas aerárthaí, agus a gcomhlachais faoi seach; dearthóirí agus monaróirí córas agus comhpháirteanna bainistithe aerthráchta (ATM) agus dearthóirí agus monaróirí córas agus comhpháirteanna do sheirbhísí aerloingseoireachta (ANS); agus dearthóirí agus monaróirí corás agus trealaimh a úsáidtear ar thaobh an aeir d'aeradróim

2.

Cothabháil: eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cothabháil nó imchóiriú aerárthaí, inneall, lián agus páirteanna agus fearas aerárthaí; le suiteáil, modhnú, cothabháil, deisiú, imchóiriú, seiceáil eitiltí nó cigireacht ar shaoráidí aerloingseoireachta; nó le cothabháil nó imchóiriú córas thaobh an aeir, comhpháirteanna agus trealamh aeradróim

3.

Oibreoirí: aerlínte agus oibreoirí aerárthaí agus comhlachais aerlínte agus oibreoirí; oibreoirí aeradróm agus comhlachais oibreoirí aeradróm

4.

Soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta agus soláthróirí feidhmeanna a bhaineann go sonrach le ATM

5.

Soláthróirí seirbhísí aeradróim: eagraíochtaí a bhfuil láimhseáil aerárthaí ar an talamh de chúram orthu, lena n-áirítear breoslú, ullmhú bileog lóid, luchtú agus tarraingt ag aerfort, maille le tarrtháil agus comhrac dóiteán, nó seirbhísí éigeandála eile

6.

Eagraíochtaí oiliúna eitlíochta

7.

Eagraíochtaí tríú tíortha: údaráis eitlíochta rialtais agus údaráis fiosraithe tionóiscí ó thríú tíortha

8.

Eagraíochtaí idirnáisiúnta eitlíochta

9.

Taighde: saotharlanna, lárionaid nó eintitis taighde poiblí agus príobháideacha; nó ollscoileanna atá ag déanamh taighde nó staidéar ar an tsábháilteacht eitlíochta

(b)

Liosta de na páirtithe leasmhara a fhéadfaidh faisnéis a fháil ar bhonn cinnidh a bhaineann le gach cás ar leith faoi Airteagal 11(4) agus Airteagal 11(5):

1.

Píolótaí (ar bhonn pearsanta)

2.

Rialaitheoirí aerthráchta (ar bhonn pearsanta) agus comhaltaí foirne ATM/ANS eile atá ag déanamh cúraimí a bhaineann le sábháilteacht

3.

Innealtóirí/teicneoirí/foireann leictreonaice sábháilteachta aerthráchta/bainisteoirí eitlíochta nó aeradróim (ar bhonn pearsanta)

4.

Comhlachtaí ionadaíochta gairmiúla d'fhoireann a mbíonn cúraimí a bhaineann le sábháilteacht á ndéanamh acu


IARSCRÍBHINN III

IARRAIDH AR FHAISNÉIS ÓN STÓR LÁRNACH EORPACH

1.

Ainm:

Feidhm/post:

Cuideachta:

Seoladh:

Teileafón:

Seoladh ríomhphoist:

Dáta:

Cineál an ghnó:

An catagóir iarrthóra (féach Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith (1)):

2.

An fhaisnéis atá á hiarraidh (más é do thoil é, bí chomh sonrach agus is féidir agus cuir isteach an dáta/tréimhse ábhartha atá uait):

 

3.

Fáth na hiarrata:

 

4.

Mínigh an chríoch dá n-úsáidfear an fhaisnéis:

 

5.

An dáta faoinar bhfuil an fhaisnéis ag teastáil:

6.

Ba cheart an fhoirm, agus í comhlíonta, a sheoladh, trí ríomhphost, chuig: (pointe teagmhála)

7.

Rochtain ar fhaisnéis

Ní cheanglaítear ar an bpointe teagmhála aon fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil. Ní fhéadfaidh an pointe teagmhála sin a dhéanamh ach amháin má tá sé deimhneach go bhfuil an iarraidh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014. Geallann an t-iarrthóir nach n-úsáidfidh seisean ná a eagraíocht an fhaisnéis ach chun na críche a ndearna sé tuairisc air faoi phointe 4. Meabhraítear freisin nach gcuirfear an fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn na hiarrata seo ar fáil ach chun críocha sábháilteachta eitilte dá bhforáiltear in Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus ní chun críocha eile amhail, go háirithe, milleán nó dliteanas a shannadh nó chun críocha tráchtála.

Níl cead ag an iarrthóir an fhaisnéis a sholáthraítear a nochtadh d'aon duine gan toiliú scríofa an phointe teagmhála.

Mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo, féadfar rochtain ar fhaisnéis bhreise ón Stór Lárnach Eorpacha a dhiúltú agus, más infheidhme, pionóis a ghearradh.

8.

Dáta, áit agus síniú:


(1)  IO L 122, 24.4.2014, lch. 18.


Top