EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0234

Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha

OJ L 77, 15.3.2014, p. 77–84 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/234/oj

15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

77


RIALACHÁN (AE) Uimh. 234/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2), Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1)

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart don Aontas caidreamh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha. Is éard atá sa Rialachán seo ionstraim nua chomhlántach lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais Eorpaigh, lena leathnaítear amach comhpháirtíochtaí comhair agus idirphlé beartais chuig réimsí agus chuig ábhair taobh amuigh den chomhar um fhorbairt. Cuireann sé leis an taithí a fuarthas le tíortha tionsclaithe agus le tíortha ardioncaim agus le críocha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 ón gComhairle (3).

(2)

Tá raon feidhme an chomhair de bhun na na gclár geografach le tíortha, críocha agus réigiúin i mbéal forbartha faoin ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) beagnach go hiomlán teoranta do bhearta airgeadais atá ceaptha d'fhonn na critéir le haghaidh cúnaimh oifigiúil forbartha (COF) a chomhlíonadh, ar chritéir iad a bhunaigh an Coiste Cúnaimh Forbartha den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (CCF-ECFE).

(3)

Le deich mbliana anuas, agus ar bhonn seasta, neartaigh an tAontas a chaidreamh déthaobhach le raon leathan de thíortha agus de chríocha tionsclaithe agus tíortha agus críocha eile ardioncaim nó meánioncaim ar fud réigiúin dhifriúla an domhain.

(4)

Teastaíonn ón Aontas ionstraim airgeadais don bheartas eachtrach a bhfuil raon feidhme domhanda aici lena gceadaítear maoiniú na mbeart nach mbeadh incháilithe, b'fhéidir, mar chúnamh forbartha oifigiúil ach atá ríthábhachtach maidir le treisiú agus le comhdhlúthú chaidreamhan Aontais leis na tríú tíortha lena mbaineann, go háirithe trí idirphlé beartais agus trí chomhpháirtíochtaí a fhorbairt. Leis an ionstraim nua sin, atá nuálach ó thaobh raon feidhme agus cuspóirí de, ba cheart go gcruthófaí timpeallacht dhearfach i gcomhair caidrimh neartaithe idir an tAontas agus tríú tíortha ábhartha agus go gcuirfí príomhleasanna an Aontais chun cinn.

(5)

Tá sé chun leasa an Aontais a chaidreamh agus a idirphlé a neartú le tíortha a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas naisc a chothú leo, go háirithe i leith tíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha a bhfuil ról tábhachtach méadaithe acu i gcúrsaí domhanda, lena n-áirítear i rialachas domhanda, i mbeartas eachtrach, sa gheilleagar idirnáisiúnta, i bhfóraim agus comhlachtaí iltaobhacha, amhail an G8 agus an G20, agus i ndul i ngleic le dúshláin ar cúraimí domhanda iad.

(6)

Is gá don Aontas comhpháirtíochtaí cuimsitheacha a fhorbairt le gníomhaithe nua ar an leibhéal idirnáisiúnta d'fhonn ord idirnáisiúnta seasmhach cuimsitheach a chur chun cinn, earraí poiblí domhanda coiteanna a shaothrú, príomhleasanna an Aontais a chothú agus eolas an Aontais a mhéadú sna tíortha sin.

(7)

Is gá go mbeadh raon feidhme domhanda ag an Rialachán seo, lena mbeifear in ann tacú le bearta comhair, i gcás inarb iomchuí, chun bheith mar bhonn agus taca le caidreamh le haon tír ina bhfuil leasanna straitéiseacha ag an Aontas, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

(8)

Tá sé chun leas an Aontais leanúint leis an idirphlé agus leis an gcomhar a chur chun cinn le tíortha nach bhfuil incháilithe a thuilleadh i gcomhair clár déthaobhach faoin Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair um Fhorbairt a bunaíoadh le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (an “Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair um Fhorbairt”).

(9)

Thairis sin, is chun leas an Aontais é institiúidí cuimsitheacha domhanda a bheith ann a bheidh bunaithe ar iltaobhachas éifeachtach.

(10)

Faoin Rialachán seo, ba cheart don Aontas tacú le cur chun feidhme na gné seachtraí den straitéis a leag an Coimisiún amach sa teachtaireacht uaidh an 3 Márta, dar teideal “Eoraip 2020 — Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach” (“Eoraip 2020”), lena dtugtar le chéile trí cholún: colún eacnamaíoch, colún sóisialta agus colún an chomhshaoil. Go háirithe, ba cheart go dtacófaí leis an Rialachán seo le cuspóirí a bhaineann le saincheisteanna domhanda amhail an t-athrú aeráide, an tslándáil fuinnimh, éifeachtúlacht acmhainní, an trasdul go geilleagar níos glaise, eolaíocht, nuáil agus iomaíochas, soghluaisteacht, trádáil agus infheistíocht, comhpháirtíochtaí eacnamaíocha, comhar gnólachta, fostaíochta agus rialála le tríú tíortha, agus rochtain níos fearr ar mhargaí do chuideachtaí ón Aontas lena n-áirítear idirnáisiúnú fiontar beag agus meánmhéide (FBManna). Ba cheart go gcuirfí chun cinn leis an Rialachán freisin taidhleoireacht phoiblí, comhar i gcúrsaí oideachais agus acadúla agus gníomhaíochtaí for-rochtana.

(11)

Aithnítear, go háirithe, go bhfuil an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide ar cheann de na dúshláin mhóra dhomhanda atá os comhair an Aontais agus ag an bpobal idirnáisiúnta i gcoitinne. Is réimse é an t-athrú aeráide ina bhfuil gá práinneach le gníomhaíocht idirnáisiúnta agus ina mbeidh gá le comhar le tíortha comhpháirtithe d'fhonn cuspóirí an Aontais a bhaint amach. Ba cheart don Aontas cur lena iarrachtaí chun comhthoil dhomhanda a chur chun cinn ina leith sin. I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011, dar teideal “Buiséad don Eoraip 2020” a iarrann ar an Aontas an chuid sin dá bhuiséad a bhaineann leis an aeráid a mhéadú go 20 % ar a laghad, ba cheart go rannchuideofaí leis an Rialachán seo le baint amach na sprice sin.

(12)

Maidir le dúshláin thrasnáisiúnta, amhail díghrádú comhshaoil agus rochtain ar amhábhair agus ar thearc-chré mar aon lena n-úsáid inbhuanaithe, tá gá le cur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar rialacha.

(13)

Tá an tAontas tiomanta do chuidiú leis na spriocanna bithéagsúlachta domhanda 2020 a bhaint amach agus tá sé tiomanta freisin don Straitéis ghaolmhar maidir le húsáid acmhainní.

(14)

Tá an tAontas tiomanta dá chaidreamh lena chomhpháirtithe ar fud an domhain chun caighdeán maith oibre a chur chun cinn do chách maraon le daingniú agus cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán saothair a aithnítear go hidirnáisiúnta agus na gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil.

(15)

Is leas straitéiseach tábhachtach don Aontas é borradh a chur faoin bhfás agus faoin bhfostaíocht trí thrádáil oscailte agus infheistíocht ar an leibhéal iltaobhach agus déthaobhach a chur chun cinn agus trí thacú le comhaontuithe trádála agus infheistíochta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu a chaibidliú agus a chur chun feidhme. Faoin Rialachán seo, ba cheart don Aontas cuidiú le timpeallacht shlán a chruthú chun deiseanna trádála agus infheistíochta a mhéadú ar fud an domhain do chuideachtaí ón Aontas, go háirithe do FBManna, lena n-áirítear trí thacú le comhar rialála agus cóineasú rialála, trí chaighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn, trí fheabhas a chur ar chosaint cearta maoine intleachtúla, agus trí bhacainní nach bhfuil údar leo ar rochtain ar an margadh a bhaint.

(16)

De bhun Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá gníomhaíocht an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta le bheith bunaithe ar na prionsabail a spreag cruthú, forbairt agus méadú an Aontais féin, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

(17)

Ba cheart go saothródh an tAontas an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir ionstraimí an Aontais i leith gníomhaíochta seachtrachí, chomh maith le trí shineirgí a chruthú idir an Rialachán seo, ionstraimí eile chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith i gceist leis an méid seo freisin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoin ionstraim chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú.

(18)

D'fhonn a áirithiú gur infheicthe a bheidh cúnamh ón Aontas i leith shaoránaigh na dtíortha is tairbhithe agus i leith shaoránaigh an Aontais, ba cheart go mbeadh, i gcás inarb iomchuí, cumarsáid spriocdhírithe agus faisnéis spriocdhírithe ann trí mhodhanna leordhóthanacha.

(19)

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, is gá cur chuige difreálaithe agus solúbtha a shaothrú le tíortha comhpháirtíochta tábhachtacha ar cur chuige é lena gcuirtear san áireamh comhthéacsanna eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla na dtíortha sin chomh maith le leasanna sonracha an Aontais, a thosaíochtaí beartais agus a straitéisí, agus an cumas á choinneáil i gcomhthráth chun idirghabháil a dhéanamh áit ar bith ar domhan de réir mar is gá. Ba cheart don Aontas cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm i dtaca le beartas eachtrach lena n-áirítear beartais earnála an Aontais.

(20)

D'fhonn éifeacht a chur lena ghealltanas ar mhaithe lena leasanna a chur chun cinn agus a chosaint ina chaidreamh le tríú tíortha, ba cheart don Aontas a bheith in ann freagairt, ar bhealach solúbtha agus tráthúil, ar riachtanais atá ag teacht chun cinn nó ar riachtanais gan choinne trí bhearta speisialta a ghlacadh nach gcumhdaítear le cláir ilbhliantúla tháscacha.

(21)

Ba cheart go saothrófaí, nuair is féidir agus nuair is iomchuí, cuspóirí an Rialacháin seo i gcomhairle le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, agus tábhacht a gcuid ról á gcur san áireamh.

(22)

Le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais faoin Rialachán seo, ba cheart cur le torthaí soiléire (lena gcumhdófar aschur, torthaí agus tionchair) i dtíortha a bhainfidh tairbhe as cúnamh ón Aontas. Más iomchuí agus más indéanta, ba cheart faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus ar éifeachtúlacht na hionstraime a bhunaítear leis an Rialachán seo ar bhonn táscairí atá réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, nuair is iomchuí, a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus atá intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus do chuspóirí na hionstraime seo.

(23)

Maidir le gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, ba cheart go dtabharfaidís aird chuí, i gcás inarb iomchuí, ar na Rúin agus ar na Moltaí ó Pharlaimint na hEorpa.

(24)

D'fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a oiriúnú don chás atá ag athrú go tapa i dtríú tíortha, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na tosaíochtaí a shainítear san Iarscríbhinn. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(25)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). I bhfianaise chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, go háirithe an treo a bhfuil a mbeartas ag dul agus a n-impleachtaí airgeadais, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin i gcás beart teicniúil cur chun feidhme ar mhionscála airgeadais.

(26)

Leagtar síos rialacha coiteanna agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoniú i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(27)

Leagtar síos leis an Rialachán seo, imchlúdach airgeadais don tréimhse iomlán ina gcuirtear an Rialacháin seo i bhfeidhm arb éard a bheidh ann an tsuim phríomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (8), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(28)

Bunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (9)

(29)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir, de bharr a fairsinge, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, de réir mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(30)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (“An Ionstraim um Chomhpháirtíocht”) chun leasanna coiteanna agus leasanna de chuid an Aontais a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn. Leis an Ionstraim um Chomhpháirtíocht, tacófar le bearta a fhreagraíonn, ar bhealach éifeachtach solúbtha, do chuspóirí a eascraíonn as caidreamh déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach an Aontais le tríú tíortha agus a théann i ngleic le dúshláin atá ann don domhan uile agus a áirithíonn obair leantach leordhóthanach maidir le cinntí a dhéantar ar leibhéal iltaobhach.

2.   Léireofar sna bearta a bheidh le maoiniú faoin Ionstraim um Chomhpháirtíocht na cuspóirí sonracha seo a leanas de chuid an Aontais:

(a)

tacú le straitéisí déthaobhacha, réigiúnacha agus idir-réigiúnacha an Aontais i dtaca le comhpháirtíocht comhair, trí idirphlé maidir le beartas a chur chun cinn agus trí chur chuige comhchoiteann agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile. Déanfar an cuspóir sin a thomhas, inter alia, de réir an dul chun cinn a bheidh déanta ag tíortha tábhachtacha comhpháirtíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide nó tríd an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le caighdeáin an Aontais i dtaca leis an gcomhshaol;

(b)

an ghné idirnáisiúnta de “Eoraip 2020” a chur chun feidhme. Déanfar an cuspóir sin a thomhas de réir líon na mbeartas agus na gcuspóirí ón straitéis “Eoraip 2020” a bheidh á nglacadh ag tíortha tábhachtacha comhpháirtíochta;

(c)

rochtain ar mhargaí tíortha comhpháirtíochta a fheabhsú agus deiseanna trádála, infheistíochta agus gnó a fheabhsú d'do chuideachtaí ón Aontas, agus bacainní ar rochtain ar an margadh agus ar infheistíocht a bhaint, trí bhíthin comhpháirtíochtaí eacnamaíocha agus trí chomhar gnó agus rialála. Déanfar an cuspóir sin a thomhas de réir sciar an Aontais i dtrádáil eachtrach le tíortha tábhachtacha comhpháirtíochta agus de réir sreafaí infheistíochta go tíortha comhpháirtíochta a ndírítear orthu le gníomhaíochtaí, le cláir agus le bearta faoin Rialachán seo;

(d)

tuiscint fhorleathan maidir leis an Aontas agus a infheicthe atá sé agus a ról ar an ardán domhanda a fheabhsú trí thaidhleoireacht phoiblí, trí theagmháil idir dhaoine, trí chomhar i gcursaí oideachais agus acadúla, meithle machnaimh agus trí ghníomhaíochtaí for-rochtana chun leasanna agus luachanna an Aontais a chur chun cinn. Féadfar an cuspóir sin a thomhas, inter alia, de réir suirbhéanna tuairimí nó meastóireachtaí.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, tacaítear go príomha le bearta comhair le tíortha a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas maidir le naisc a chur chun cinn leo, go háirithe tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha a bhfuil ról tábhachtach méadaithe acu ingnóthaí domhanda, lena n-áirítear i mbeartas eachtrach, sa gheilleagar idirnáisiúnta agus i dtrádáil idirnáisiúnta, i bhfóraim iltaobhacha agus i rialachas domhanda, agus i ndul i ngleic le dúshláin atá ann don domhan uile nó le tíortha a bhfuil leas suntasach eile ag an Aontas iontu.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh gach tríú tír, réigiún agus críoch bheith incháilithe le haghaidh comhair faoin Rialachán seo.

Airteagal 3

Prionsabail ghinearálta

1.   Is é aidhm an Aontais prionsabail an daonlathais, an chomhionannais, an prionsabal maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú agus an smacht reachta, ar phrionsabail iad ar a bhfuil an tAontas bunaithe, a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú trí idirphlé agus trí chomhar le tríú tíortha.

2.   D'fhonn feabhas a chur ar thionchar chúnamh an Aontais, saothrófar cur chuige difreálaithe agus solúbtha, nuair is iomchuí, agus comhar le tríú tíortha á cheapadh, agus aird a thabhairt ar a gcomhthéacsanna eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla agus ar leasanna sonracha, tosaíochtaí beartais agus straitéisí an Aontais freisin.

3.   Cothóidh an tAontas cur chuige iltaobhach comhleanúnach i leith dúshlán domhanda agus cothóidh sé comhar le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, lena n-áirítear institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, gníomhaireachtaí, cistí agus cláir na Náisiún Aontaithe, agus deontóirí déthaobhacha eile.

4.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, agus le linn dó beartas, pleanáil straitéiseach agus bearta clársceidealaithe agus cur chun feidhme a cheapadh. beidh sé mar aidhm ag an Aontas comhchuibheas agus comhsheasmhacht le réimsí eile a ghníomhaíochta seachtraí a áirithiú, go háirithe an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, agus le beartais ábhartha eile an Aontais.

5.   Bearta a mhaoinítear faoin Rialachán seo, bunófar iad, i gcás inarb iomchuí, ar bheartais chomhair a leagtar amach in ionstraimí amhail comhaontuithe, dearbhuithe agus pleananna gníomhaíochta idir an tAontas agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann nó idir an tAontas agus na tríú tíortha agus réigiúin lena mbaineann.

Leis na bearta a mhaoinítear faoin Rialachán seo cumhdófar freisin réimsí a bhaineann le leasanna sonracha, tosaíochtaí beartais agus straitéisí an Aontais a chur chun cinn.

6.   Cuirfear tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

Airteagal 4

Clársceidealú agus leithdháileadh táscach cistí

1.   Glacfaidh an Coimisiún cláir ilbhliantúla tháscacha (MIPanna) i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 (3) den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

2.   Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha leasanna agus tosaíochtaí straitéiseacha nó frithpháirteacha, cuspóirí sonracha agus torthaí ionchais an Aontais. Maidir le tíortha nó réigiúin ar bunaíodh doiciméad comh-chreata ina leith, lena leagtar síos straitéis chuimsitheach an Aontais, beidh na MIPanna bunaithe ar an doiciméad sin.

3.   Leagfar amach sna MIPanna réimsí tosaíochta a roghnaítear le haghaidh maoinithe ón Aontas agus leagfar amach iontu cionroinnt táscach na gcistí, san iomlán, in aghaidh na réimse tosaíochta agus in aghaidh na tíre comhpháirtíochta nó an ghrúpa tíortha comhpháirtíochta don tréimhse lena mbaineann, lena n-áirítear an rannpháirtíocht i dtionscnaimh dhomhanda. Féadfar na méideanna sin a léiriú, i gcás inarb iomchuí, i bhfoirm raoin.

4.   Leis na MIPanna, féadfar foráil do mhéid cistí, nach mó ná 5 % den mhéid iomlán, nach leithdháiltear ar réimse tosaíochta ná ar thír chomhpháirtíochta ná ar ghrúpa de thíortha comhpháirtíochta. Cuirfear in áirithe na cistí sin i gcomhréir le hAirteagal 2(2, (3) agus (5) Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

5.   Féadfar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a chur i bhfeidhm MIPanna a leasú i gcás inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne.

6.   An fhad a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún a chur san áireamh, agus an tAontas i mbun comhair le tríú tíortha, cé chomh gairid dá chéile is atá na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus tíortha agus críocha thar lear.

7.   Maidir le haon chlársceidealú nó athbhreithniú ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán(AE) Uimh. 236/2014 (an “tuarascáil athscrúdú mhéantéarmach”) a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.

Airteagal 5

Tosaíochtaí téamacha

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun leasú a dhéanamh ar na tosaíochtaí téamacha atá le saothrú le cúnamh ón Aontas faoin Rialachán seo. Tar éis don Tuarascáil Athscrúdú Mheántéarmach a bheith foilsithe, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh sa tuarascáil sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena leasófar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo faoin 31 Márta 2018.

Airteagal 6

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5 a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht cun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún ar feadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 7

Coiste

Tabharfaidh Coiste na hIonstraime um Chomhpháirtíocht cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

Imchlúdach airgeadais

1.   EUR 954 765 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse 2014-2020.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), d'fhonn gné idirnáisiúnta an ardoideachais a chur chun cinn déanfar méid táscach EUR 1 680 000 000 ó na hionstraimí éagsúla chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht) a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí maidir le soghluaisteacht foghlama go dtí tíortha comhpháirteacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1288/2014 nó uathu, agus ar chomhar agus ar idirphlé beartais le húdaráis, institiúidí agus eagraíochtaí sna tíortha sin. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 maidir le húsáid na gcistí sin.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla a chumhdóidh na chéad ceithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Beidh leithdháileadh an chistithe sin léirithe sa chlársceidealú táscach ilbhliantúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

3.   Maidir le gníomhaíochta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, ní bhfaighidh siad maoiniú ón Ionstraim um Chomhpháirtíocht ach sa mhéid go bhfuil siad incháilithe do mhaoiniú faoi ionstraimí eile chun ghníomhaíocht sheachtrach eile a mhaoiniú, agus go gcomhlánaíonn siad tionscnaimh eile faoi Rialachán seo nó treisíonn siad na tionscnaimh sin.

Airteagal 9

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 110.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair le tíortha tionsclaithe agus le críocha tionsclaithe agus le tíortha ardioncaim agus le críocha ardioncaim eile (IO L 405, 30.12.2006, lch. 41).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhair um fhorbairt (IO L 378, 27.12.2006, lch. 41).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (féach leathanach 44 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais i leith gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).

(8)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(9)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (féach leathanach 27 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo)


IARSCRÍBHINN

TOSAÍOCHTAÍ TÉAMACHA FAOIN IONSTRAIM UM CHOMHPHÁIRTÍOCHT: CREAT GINEARÁLTA DON CHLÁRSCEIDEALÚ

1.   Cuspóir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 1(2):

Tacú le straitéisí déthaobhacha, réigiúnacha agus idir-réigiúnacha an Aontais i dtaca le comhpháirtíocht comhair, trí idirphlé maidir le beartas a chur chun cinn agus trí chur chuige comhchoiteann agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile.

Tacú le Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair, pleananna gníomhaíochta ionstraimí déthaobhach comhchosúla a chur chun cinn;

An t-idirphlé polaitiúil agus eacnamaíoch le tríú tíortha a bhfuil ábharthacht ar leith acu i ngnóthaí domhanda, lena n-áirítear i mbeartas eachtrach, a dhoimhniú;

Tacú le rannpháirtíocht le tríú tíortha ábhartha maidir le saincheisteanna déthaobhacha agus domhanda ar ábhar leasa coitinn iad;

Obair leanúnach leordhóthanach nó cur chun feidhme comhordaithe a chur chun cinn i leith na gconclúidí ó fhóraim idirnáisiúnta, amhail ón G-20.

Comhar a atreisiú maidir le dúshláin dhomhanda lena dtugtar aghaidh ar leith ar an athrú aeráide, ar chinnteacht fuinnimh agus ar an gcomhshaol a chosaint.

Iarrachtaí a spreagadh i dtíortha comhpháirtíochta chun astaíochtaí gáis ceapa teasa a laghdú, go háirithe trí chaighdeáin leordhóthanacha rialála agus feidhmíochta a chur chun cinn agus trí thacú leo;

Glasú an táirgthe agus na trádála a neartú;

Comhar fuinnimh a fhorbairt;

Foinsí fuinnimh inathnuaite agus inbhuanaithe a chur chun cinn.

2.   Cuspóir a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 1(2):

An ghné idirnáisiúnta de “Eoraip 2020” a chur chun feidhme, lena dtugtar le chéile trí cholún: colún eacnamaíoch, colún sóisialta agus colún an chomhshaoil:

Idirphlé beartas agus comhar le tríú tíortha ábhartha a fheabhsú, agus na réimsí uile faoi chuimsiú Eoraip 2020 á gcur san áireamh;

Beartais inmheánacha an Aontais le tíortha tábhachtacha comhpháirtíochta a chur chun cinn agus tacú le cóineasú rialála i ndáil leis sin.

3.   Cuspóir a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 1(2):

Caidreamh eacnamaíoch agus caidreamh trádála le tíortha comhpháirtíochta a éascú agus tacú leis:

Timpeallacht shlán a chur chun cinn le haghaidh infheistíochta agus gnó, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla a chosaint, dul i ngleic le bacainní ar rochtain ar an margadh, comhar treisithe rialála agus deiseanna a chur chun cinn d'earraí agus do sheirbhísí an Aontais, go háirithe i limistéir ina bhfuil buntáiste iomaíoch ag an Aontas, agus caighdeáin idirnáisiúnta;

Tacú le comhaontuithe trádála agus infheistíochta an Aontais a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú agus caibidlíocht a dhéanamh ina leith.

4.   Cuspóir a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 1(2):

Comhar san ardoideachas a fheabhsú: Soghluaisteacht na mac léinn agus na foirne a fheabhsú, lena mbeidh mar thoradh uirthi comhpháirtíochtaí a chruthú lena ndírítear ar cháilíocht an ardoideachais a fheabhsú agus céimeanna ilábhair a chruthú as a dtiocfaidh aitheantas acadúil clár Clár “Erasmus+”;

Eolas forleathan ar an Aontas a fheabhsú agus próifíl an Aontais a ardú: luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta trí thaidhleoireacht fheabhsaithe phoiblí agus gníomhaíochtaí for-rochtana a thacaíonn le cuspóirí na hionstraime.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le hidirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.

(2)  Nuair is infheidhme.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na hionstraimí airgeadais a fhionraí

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire i dtaobh Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020, Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), nach bhfuil aon tagairt shainráite don fhéidearthacht go bhfionrófaí cúnamh i gcásanna nach gcomhlíonfadh an tír is tairbhí na bunphrionsabail atá leagtha amach san ionstraim lena mbaineann agus go háirithe prionsabail an daonlathais, smachta reachta agus urramú chearta an duine.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim airgeadais iomlán a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí aon chúnamh faoi na hionstraimí seo. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.


Top