EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1306R(01)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013)

OJ L 130, 19.5.2016, p. 6–7 (DA, EN, NL)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 8–10 (PT)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 7–10 (SK)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 6–6 (HR, LV, MT, RO)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 13–22 (FR)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 7–9 (IT)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 7–8 (EL, SV)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 5–5 (CS, ET, SL)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 7–7 (BG, HU)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 9–12 (GA, LT)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 8–11 (FI)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 17–20 (ES)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 11–15 (PL)
OJ L 130, 19.5.2016, p. 9–13 (DE)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/corrigendum/2016-05-19/oj

19.5.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/9


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 Eagrán Speisialta Gaeilge, an 20 Nollaig 2013 )

Leathanach 551, an tríú habairt d'aithris (11):

in ionad:

“Sa deireadh thiar, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcóras sin na ceanglais a fhochuirtear thairbhithe mar a shainíonn na Ballstáit iad le forálacha sonracha Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur chun feidhme, go háirithe comhlíonadh na bprionsabal ginearálta …

léitear:

“Ba cheart go gcumhdófaí leis an gcóras sin freisin na ceanglais a fhorchuireann na Ballstáit ar thairbhithe chun forálacha sonracha Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus chun Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur chun feidhme, go háirithe ceanglais maidir le comhlíonadh na bprionsabal ginearálta …

Leathanach 553, aithris 26:

in ionad:

“(26)

Cé is moite de réamh-mhaoiniú, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún leis na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe. Ba cheart íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht iarmhéideanna, agus rialacha maidir lena n-íocaíocht a shocrú. Ba cheart do riail an tsaortha uathoibríoch cuidiú le cur i bhfeidhm na gclár a bhrostú agus cuidiú le bainistiú fónta airgeadais. Leis na rialacha ar chreataí náisiúnta Ballstát ag a bhfuil cláir réigiúnacha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) iad, déantar foráil freisin d'uirlis do Bhallstáit le feidhmiú agus bainistiú fónta airgeadais a áirithiú.

léitear:

“(26)

Cé is moite de réamh-mhaoiniú, is gá idirdhealú a dhéanamh idir íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún leis na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht iarmhéideanna, agus rialacha mionsonraithe maidir lena n-íocaíocht a shocrú. Ba cheart do riail an tsaortha uathoibríoch cuidiú le cur i bhfeidhm na gclár a bhrostú agus cuidiú le bainistiú fónta airgeadais. Leis na rialacha ar chreataí náisiúnta Ballstát ag a bhfuil cláir réigiúnacha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) iad, déantar uirlis a chur ar fáil do Bhallstáit freisin le feidhmiú agus bainistiú fónta airgeadais a áirithiú.

Leathanach 560, Aithris 89, an cúigiú go dtí an seachtú líne:

in ionad:

“…, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: na nósanna imeachta chun an creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint agus a aistarraingt, …”;

léitear:

“…, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: na nósanna imeachta chun creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint, a athbhreithniú agus a aistarraingt, …”.

Leathanach 560, Aithris 89, an abairt dheireanach agus an fonóta a ghabhann léi:

in ionad:

“Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEoroa agus ón gComhairle (3).

léitear:

“Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

Leathanach 561, Aithris 98:

in ionad:

“… na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur le húsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint; na seiceálacha agus fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil;”;

léitear:

“… na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur le húsáid neamhdhleathach ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint; na seiceálacha agus fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil;”.

Leathanach 562, Aithris 104, an chéad abairt:

in ionad:

“Ós rud é go mbeidh an tréimhse cláraithe le haghaidh clár forbartha tuaithe a mhaoinítear ar bhonn an Rialacháin seo ar siúl ón 1 Eanáir 2014, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón dáta sin.”;

léitear:

“Ós rud é go mbeidh an chlárthréimhse le haghaidh clár forbartha tuaithe a mhaoinítear ar bhonn an Rialacháin seo ar siúl ón 1 Eanáir 2014, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón dáta sin.”.

Leathanach 563, Airteagal 4(1)(d):

in ionad:

“(d)

ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Scéim Torthaí agus Glasraí do Scoileanna dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an Aontais agus leis na bearta maidir le galair ainmhithe agus laghdú ar mhuinín na dtomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 155 den Rialachán sin.”;

léitear:

“(d)

ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Scéim Torthaí agus Glasraí Scoile an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an Aontais agus leis na bearta maidir le galair ainmhithe agus laghdú ar mhuinín tomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 220 den Rialachán sin.”.

Leathanach 565, Airteagal 8(2)(a):

in ionad:

“(a)

na nósanna imeachta chun an creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint agus a aistarraingt, …”;

léitear:

“(a)

na nósanna imeachta chun creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint, a athbhreithniú agus a aistarraingt, …”.

Leathanach 570, Airteagal 35(1), an chéad abairt:

in ionad:

“I ndiaidh chinneadh an Choimisiúin lena bhformheastar an clár forbartha tuaithe, íocfaidh an Coimisiún méid réamh-mhaoinithe tosaigh le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad don Bhallstát.”;

léitear:

“I ndiaidh chinneadh an Choimisiúin lena bhformheastar an clár forbartha tuaithe, íocfaidh an Coimisiún méid réamh-mhaoinithe tosaigh le haghaidh na clárthréimhse ar fad don Bhallstát.”.

Leathanach 580, Airteagal 62(2)(e):

in ionad:

“(e)

maidir le cnáib dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh 1307/2013, rialacha maidir le bearta sonracha rialaithe agus modhanna chun leibhéil teitrihidreacannaibionóil a chinneadh;”;

léitear:

“(e)

maidir le cnáib dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, rialacha maidir le bearta sonracha rialaithe agus modhanna chun leibhéil teitrihidreacannaibionóil a chinneadh;”.

Leathanach 583, Airteagal 67(4)(b):

in ionad:

“(b)

ciallaíonn ‘íocaíocht dhíreach a bhaineann le limistéar’ scéim na híocaíochta bunúsaí, an scéim íocaíochta aonair limistéir agus an íocaíocht athdháilte dá dtagraítear i gCaibidil 1 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh 1307/2013, …”

léitear:

“(b)

ciallaíonn “íocaíocht dhíreach a bhaineann le limistéar” scéim na híocaíochta bunúsaí, an scéim íocaíochta aonair limistéir agus an íocaíocht athdháilte dá dtagraítear i gCaibidil 1 agus i gCaibidil 2 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, …”

Leathanach 591, Airteagal 90, an teideal:

in ionad:

“Seiceálacha maidir le sonrúchán tionscnaimh agus le tásca geografacha agus le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint”;

léitear:

“Seiceálacha maidir le hainmniúchán tionscnaimh agus le tásca geografacha agus le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint”.

Leathanach 591, Airteagal 90 (1):

in ionad:

“1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear i Rialachán AE Uimh. 1308/2013.”;

léitear:

“1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.”.

Leathanach 591, Airteagal 90(4)(c):

in ionad:

“(c)

na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint;”;

léitear:

“(c)

na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint;”.

Leathanach 599, Airteagal 116(1), an dara mir:

in ionad:

“1.   Chun críoch Airteagail 15, 58, 62, 63, 64, 65, 66, 75, 77, 78, 89, 90, 96, 101 agus 104, i ndáil le hábhair a bhaineann le híocaíochtaí díreacha, forbairt tuaithe nó comheagraíocht na margaí, féadfaidh an Coiste um Íocaíochtaí Díreacha, an Coiste um Fhorbairt Tuaithe agus/nó an Coiste um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta…”;

léitear:

“1.   Chun críoch Airteagail 15, 58, 62, 63, 64, 65, 66, 75, 77, 78, 89, 90, 96, 101 agus 104, i ndáil le hábhair a bhaineann le híocaíochtaí díreacha, forbairt tuaithe nó comheagrú na margaí, féadfaidh an Coiste um Íocaíochtaí Díreacha, an Coiste um Fhorbairt Tuaithe agus/nó an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta …”.

Leathanach 600, Airteagal 120:

in ionad:

“Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na socruithe dá bhforáiltear sna Rialacháin aisghairithe dá dtagraítear in Airteagal 118 chuig na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis na cásanna ina bhféadfaidh feidhm a bheith ag maoluithe ó na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.”;

léitear:

“Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na socruithe dá bhforáiltear sna Rialacháin aisghairithe dá dtagraítear in Airteagal 119 chuig na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis na cásanna ina bhféadfaidh feidhm a bheith ag maoluithe ó na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus ag breisithe ar na rialacha sin.”.



Top