Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1306

Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle

OJ L 347, 20.12.2013, p. 549–607 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

549


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1306/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal "CBT as seo go 2020: Déileáil le dúshláin an bhia, na n-acmhainní nádúrtha agus leis na dúshláin chríochacha san am atá le teacht", rinneadh na dúshláin, na cuspóirí agus na treoshuímh a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2013 a scrúdú. I bhfianaise na díospóireachta i dtaobh na Teachtaireachta sin, ba cheart CBT a athchóiriú le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. Ba cheart don athchóiriú sin príomhionstraimí uile an CBT a chumhdach, lena n-áirítear Rialachán (CE) ón gComhairle Uimh. 1290/2005 (2). Ón taithí a fuarthas ón Rialachán sin a chur chun feidhme is léir gur gá eilimintí áirithe den sásra maoinithe agus faireacháin a choigeartú. I bhfianaise raon feidhme an athchóirithe sin, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 a aisghairm agus téacs nua a chur ina ionad. Ba cheart don athchóiriú, a mhéid is féidir, a chuid forálacha a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú agus a shimpliú.

(2)

D'fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean don Choimisiún maidir le creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe, maidir le hoibleagáidí na ngníomhaireachtaí íocaíochta maidir le hidirghabháil phoiblí, chomh maith leis na rialacha maidir lena bhfuil ina bhfreagrachtaí bainistithe agus rialaithe, maidir leis na bearta atá le maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (buiséad an Aontais) faoi idirghabháil phoiblí agus luacháil na n-oibríochtaí i ndáil le hidirghabháil phoiblí, maidir le maoluithe ar neamhcháilitheacht i gcomhair íocaíochtaí a dhéanfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta leis na tairbhithe roimh an dáta íocaíochta is luaithe is féidir nó tar éis an dáta íocaíochta is déanaí is féidir maidir leis an gcúiteamh idir caiteachas agus ioncam faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). Chomh maith leis sin, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcumhachtú sin na modhanna is infheidhme maidir leis na gealltanais agus íocaíocht na suimeanna i gcás nach mbeidh buiséad an Aontais glactha ag tús na bliana airgeadais nó i gcás ina sáróidh méid iomlán na réamhghealltanas an tairseach a leagtar síos in Airteagal 170(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Thairis sin, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcumhachtú sin, íocaíochtaí míosúla ón gCoimisiún do na Ballstáit a chur siar maidir le caiteachas faoi CERT agus cur chun feidhme na gcoinníollacha lena rialaítear laghdú nó fionraí íocaíochtaí idirthréimhseacha ón gCoimisiún do na Ballstáit faoi CETFT. Ba cheart go gcumhdófaí leis an gcumhachtú sin chomh maith fionraí íocaíochtaí míosúla nó idirthréimhseacha nár seoladh an fhaisnéis staidrimh ábhartha ina leith in am, maidir le hoibleagáidí sonracha a bheidh le comhlíonadh ag na Ballstáit i dtaca le seiceálacha, na critéir agus an mhodheolaíocht chun ceartúcháin a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an nós imeachta imréitigh comhréireachta agus maidir le haisghabháil fiach. Thairis sin, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcumhachtú sin ceanglais i ndáil le nósanna imeachta custaim, tarraing siar cabhrach agus na pionóis do mhainneachtain i gcás nach gcomhlíontar na gcoinníollacha incháilitheachta, agus maidir leis na ceanglais nó oibleagáidí eile a bhíonn mar thoradh ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta talmhaíochta earnálaí. Mar an gcéanna, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcumhachtú sin bearta margaidh ar ina leith a bhféadfadh an Coimisiún íocaíochtaí míosúla achur ar fhionraí, rialacha maidir le hurrúis agus maidir le feidhmiú an chórais chomhtháite riaracháin agus rialaithe chomh maith leis na bearta a eisiatar ó ghrinnscrúdú ar idirbhearta. Ar an gcuma chéanna, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcumhachtú si, suim na n-admhálacha nó na n-íocaíochtaí a mhodhnú ar suim í nár cheart grinnscrúdú a dhéanamh uirthi de bhun an Rialacháin seo de ghnáth i ndoiciméad tráchtála de chuid na ngnóthas, na pionóis a chuirtear i bhfeidhm faoi thras-chomhlíonadh, na ceanglais rialaithe in earnáil an fhíona, na rialacha maidir le cothabháil féaraigh bhuain. Sa deireadh, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcumhachtú sin na rialacha maidir leis an imeacht feidhme agus an ráta malartaithe atá le húsáid ag na Ballstáit nach n-úsáideann an euro, bearta a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a chosaint más rud é gur dóchúil go ndéanfaidh cleachtais eisceachtúla airgeadaíochta a bhaineann leis an airgeadra náisiúnta an cur i bhfeidhm sin a chur i mbaol agus maidir le hábhar chomhchreat meastóireachta agus faireacháin na mbeart a ghlactar faoi CBT agus i ndáil le bearta idirthréimhseacha.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(3)

Is éard atá sa CBT bearta éagsúla, a mbaineann cuid acu le forbairt tuaithe. Tá sé tábhachtach maoiniú a chur ar fáil do na bearta sin chun rannchuidiú le cuspóirí CBT a chur i gcrích. Ós rud é go bhfuil eilimintí áirithe i bpáirt ag na bearta sin ach go bhfuil siad difriúil óna chéile ó thaobh roinnt gnéithe, ba cheart na forálacha maidir lena maoiniú a chomhceangal i bhforálacha. Nuair is gá ba cheart go ligfí a fhágann go bhféadfar déileáil leo ar bhealach difriúil nuair is gá. Cruthaíodh dhá chiste Eorpach talmhaíochta le Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, eadhon CERT agus CETFT (na "Cistí"). Ba cheart na Cistí sin a choimeád ar bun.

(4)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus ag na forálacha a ghlactar dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo. Leagtar síos go háirithe sa Rialachán sin forálacha a bhaineann le comhbhainistiú le Ballstáit bunaithe ar phrionsabail bainistithe fónta airgeadais, trédhearcachta agus neamh-idirdhealaithe, chomh maith le forálacha maidir le feidhmiú comhlachtaí creidiúnaithe, na prionsabail bhuiséadacha, ar forálacha iad ar cheart a urramú faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

(5)

Chun comhsheasmhacht idir cleachtais na mBallstát agus feidhmiú comhchuibhithe an chlásail force majeure a áirithiú, ba cheart foráil leis an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí, do dhíolúintí i gcásanna force majeure agus in imthosca eisceachtúla, agus do liosta neamh-uileghabhálach cásanna force majeure agus imthosca eisceachtúla a d'fhéadfadh a bheith ann a bheidh le haithint ag na húdaráis inniúla náisiúnta. D'fhéadfadh na húdaráis sin leas a bhaint as an liosta le cásanna force majeure nó imthosca eisceachtúla a shainaithint. Ba cheart an cinneadh a dhéanamh, áfach, ar bhonn gach cáis ar leith, bunaithe ar an bhfianaise ábhartha chun sástachta an údaráis inniúil agus ba cheart coincheap an force majeure faoi chuimsiú dhlí thalmhaíochta an Aontais a léirmhíniú i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

(6)

Ba cheart do bhuiséad an Aontais caiteachas do CBT a mhaoiniú, lena n-áirítear caiteachas ar fhorbairt tuaithe, trí na Cistí cibé acu go díreach nó i gcomhthéacs comhbhainistithe leis na Ballstáit. Ba cheart na cineálacha beart is féidir a mhaoiniú leis na Cistí a shonrú.

(7)

Ba cheart foráil go dtabharfadh na Ballstáit creidiúnú do ghníomhaireachtaí íocaíochta, ba cheart foráil do nósanna imeachta a bhunú chun na dearbhuithe bhainistíochta is gá a fháil, agus do dheimhniú córas bainistithe agus faireacháin, agus ba cheart foráil freisin go ndeimhneodh comhlachtaí neamhspleácha na cuntais bhliantúla. Ina theannta sin, chun trédhearcacht seiceálacha náisiúnta a áirithiú, go háirithe maidir le nósanna imeachta údaraithe, bailíochtaithe agus íocaíochta, chun an t-ualach riaracháin agus iniúchta a laghdú do sheirbhísí an Choimisiúin agus do na Ballstáit chomh maith i gcás ina gceanglaítear gach gníomhaireacht íocaíochta a chreidiúnú, ba cheart líon na n-údarás agus na gcomhlachtaí a dtarmligtear na cúraimí sin chucu a shrianadh, agus socruithe bunreachtúla gach Ballstáit á gcur san áireamh. Le go seachnófar atheagrú gan ghá ar chostais, áfach, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit líon na ngníomhaireachtaí íocaíochta a creidiúnaíodh sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm a choimeád.

(8)

I gcás ina gcreidiúnaíonn Ballstát níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin, tá sé tábhachtach go n-ainmneoidh sé comhlacht poiblí comhordaithe aonair chun comhsheasmhacht a áirithiú i mbainistiú na gcistí, chun idirchaidreamh a dhéanamh idir an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe éagsúla agus chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a iarrann an Coimisiún faoi oibríochtaí roinnt gníomhaireachtaí íocaíochta a chur ar fáil go tapa. Ba cheart go ndéanfadh an comhlacht poiblí comhordaithe gníomhaíochtaí a ghlacadh nó a chomhordú, de réir mar a tharlaíonn sé d'fhonn aon easnamh de chineál coiteann a réiteach agus an Coimisiún a choimeád ar an eolas maidir le haon ghníomhaíochtaí leantacha agus, i gcás inar féidir é, ba cheart dó cur i bhfeidhm aonchineálach comhrialacha agus comhchaighdeán a chur chun cinn agus a áirithiú.

(9)

Is iad gníomhaireachtaí íocaíochta arna gcreidiúnú ag na Ballstáit amháin a thugann urrús réasúnach go bhfuil na seiceálacha is gá curtha i gcrích sula ndeonaítear cabhair ón Aontas do thairbhithe. Ba cheart a leagan síos go sainráite, mar sin, sa Rialachán seo nach féidir ach caiteachas a dhéanann gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe a aisíoc ó bhuiséad an Aontais.

(10)

Chun cabhrú le tairbhithe bheith níos feasaí ar an ngaol idir cleachtais talmhaíochta agus bainistiú feirmeacha ar thaobh amháin, agus caighdeáin a bhaineann leis an gcomhshaol, athrú aeráide, dea-bhail talmhaíochta talún, sábháilteacht bia, sláinte phoiblí, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus leas ainmhithe ar an taobh eile, ní mór do na Ballstáit córas cuimsitheach comhairleach feirme a bhunú a thairgeann comhairle do thairbhithe. Níor cheart don chóras comhairleach feirme difear a dhéanamh ar aon bhealach d'oibleagáid ná do fhreagracht na dtairbhithe i leith na gcaighdeán sin. Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit deighilt shoiléir idir comhairle agus seiceálacha a áirithiú.

(11)

Ba cheart don chóras comhairleach feirme na hoibleagáidí ar leibhéal na feirme a eascraíonn as na ceanglais agus na caighdeáin as a ndéantar tras-chomhlíonadh a chumhdach ar a laghad. Ba cheart don chóras sin na ceanglais atá le hurramú i ndáil le cleachtais talmhaíochta is tairbhiúil don aeráid agus don chomhshaol a chumhdach freisin, chomh maith le cothabháil an limistéir talamhaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chomh maith le bearta ar leibhéal na feirme dá bhforáiltear i gcláir forbartha tuaithe, lena ndírítear ar fheirmeacha a nuachóiriú, ar iomaíochas a fhorbairt, ar chomhtháthú earnálach, ar nuálaíocht, ar threoshuíomh ó thaobh an mhargaidh agus ar chur chun cinn na fiontraíochta.

Sa deireadh thiar, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcóras sin na ceanglais a fhochuirtear thairbhithe mar a shainíonn na Ballstáit iad le forálacha sonracha Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chur chun feidhme, go háirithe comhlíonadh na bprionsabal ginearálta maidir le srianadh comhtháite lotnaidí dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(12)

Ba cheart do thairbhithe a bheith in ann teacht isteach sa chóras comhairleach feirme ar bhonn deonach. Ba cheart a cheadú do na tairbhithe uile páirt a ghlacadh sa chóras, fiú feirmeoirí nach bhfuil ag fáil tacaíochta faoi CBT. Féadfaidh na Ballstáit, mar sin féin, critéir thosaíochta a leagan síos. I ngeall ar chineál an chórais, is iomchuí déileáil leis an bhfaisnéis a fhaightear le linn na gníomhaíochta comhairlí mar fhaisnéis rúnda, ach amháin i gcás sáruithe tromchúiseacha ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta. Chun éifeachtúlacht an chórais a áirithiú, ba cheart do na comhairleoirí a bheith cáilithe go cuí agus ba cheart iad a chur faoi oiliúint go rialta.

(13)

Ba cheart don Choimisiún na hacmhainní airgeadais is gá, chun an caiteachas a dhéanann na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe i leith CERT a chumhdach, a chur ar fáil do na Ballstáit i bhfoirm aisíocaíochtaí in aghaidh gach iontrála caiteachais a dhéanann na gníomhaireachtaí sin agus a chuirtear sa leabhar. Go dtí go n-íoctar na haisíocaíochtaí sin, i bhfoirm íocaíochtaí míosúla, ba cheart do na Ballstáit acmhainní airgeadais a úsáid i gcomhréir le riachtanais a ngníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe. Ba cheart do na Ballstáit féin agus do na tairbhithe féin atá gafa le feidhmiú CBT costais riaracháin agus costais phearsanra CBT a thabhú.

(14)

Trí chóras agraimeitéareolaíoch a úsáid agus íomhánna satailíte a fháil agus a fheabhsú, ba cheart modhanna a chur ar fáil don Choimisiún, go háirithe, chun na margaí talmhaíochta a bhainistiú, chun faireachán ar chaiteachas talmhaíochta a éascú agus chun faireachán a dhéanamh ar acmhainní talmhaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Maille leis sin, i bhfianaise na taithí a fuarthas le feidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 165/94 (8) ón gComhairle, ba cheart cuid dá fhorálacha a chorprú sa Rialachán seo agus ba cheart, dá dhroim sin, Rialachán (CE) Uimh. 165/94 a chúlghairm.

(15)

I gcomhthéacs smacht buiséadach a urramú, is gá an uasteorainn bhliantúil don chaiteachas a mhaoinítear le CERT a shainiú trí na huasmhéideanna a leagtar síos don Chiste sin faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (9).

(16)

Leis an smacht buiséadach ceanglaítear freisin go n-urramófar an uasteorainn bhliantúil arna maoiniú ag CERT i ngach cúinse agus ag gach céim den nós imeachta buiséid agus d'fheidhmiú an bhuiséid. Ceanglaítear leis seo go bhféachfar ar an uasteorainn d'íocaíochtaí díreacha in aghaidh an Bhallstáit a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar uasteorainn do na híocaíochtaí díreacha sin i gcás an Bhallstáit lena mbaineann agus go bhfanfaidh aisíoc na n-íocaíochtaí sin laistigh den uasteorainn sin. Ina theannta sin, le smacht buiséadach ceanglaítear go gcomhlíonann na gníomhartha uile arna mbeartú ag an gCoimisiún nó arna nglacadh ag an reachtóir nó ag an gCoimisiún faoin CBT agus arna maoiniú ag CERT, go gcomhlíonann siad an uasteorainn do chaiteachas arna maoiniú ag an gCiste sin.

(17)

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na suimeanna chun CBT a mhaoiniú na huasteorainneacha bliantúla, ba cheart an sásra airgeadais a choimeád dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 (10) ón gComhairle trína gcoigeartaítear leibhéal na tacaíochta dírí. I gcásanna nach socraíonn Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle iad roimh an 30 Meitheamh den bhliain féilire a bhfuil feidhm acu ina leith, ba cheart an Coimisiún a údarú chun na coigeartuithe sin a shocrú.

(18)

Ba cheart cúlchiste a bhunú chun tacú leis an earnáil talmhaíochta i gcás géarchéimeanna tromchúiseacha a dhéanfaidh difear don táirgeacht talmhaíochta nó don dáileadh talmhaíochta trí laghdú a chur i bhfeidhm ag tús gach bliana ar íocaíochtaí díreacha leis an sásra smachta airgeadais.

(19)

Foráiltear le hAirteagal 169(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/12 nach bhféadfar leithreasaí nár gealladh agus a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a thabhairt anonn ach go dtí an chéad bhliain airgeadais dár gcionn agus ní fhéadfaidh íocaíocht bhreise a bheith ann dá bharr ach do na faighteoirí deiridh, agus dóibh siúd amháin, a bhí faoi réir an choigeartaithe ar íocaíochtaí díreacha le linn na bliana airgeadais roimhe sin, mar a thagraítear dó in Airteagal 25 den Rialachán seo. I gcás ina ndearnadh leithreasaí mar sin a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile, bheadh ar lucht riaracháin náisiúnta íocaíochtaí a dhéanamh do dhá ghrúpa tairbhithe a mbeidh íocaíochtaí díreacha á bhfáil acu i mbliain airgeadais amháin: ar thaobh amháin, na feirmeoirí atá faoi réir smachta airgeadais a aisíoc ó shuim an smachta airgeadais a tugadh anonn agus nár úsáideach, agus ar an taobh eile, íocaíochtaí díreacha a dhéanamh sa bhliain airgeadais N leis na feirmeoirí sin a bhfuil éileamh déanta acu i ndáil leo. Chun nach gcuirfear ualach róthrom riaracháin ar na riaracháin náisiúnta, ba cheart go ndéanfaí foráil do mhaolú ón gceathrú fomhír d'Airteagal 169(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, lena gceadófaí do na riaracháin náisiúnta an tsuim a tugadh anonn go dtí an bhliain airgeadais N a aisíoc le feirmeoirí faoi réir an smachta airgeadais sa bhliain N in ionad na bhfeirmeoirí a bheidh i dteideal é a fháil sa bhliain N-1.

(20)

Ní dhéanann na bearta a dhéantar chun ranníocaíocht airgeadais óna gCistí a chinneadh chun uasteorainneacha airgeadais a ríomh difear do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh a ainmnítear le CFAE. Ba cheart do na bearta sin a bheith bunaithe ar shuimeanna tagartha a shocraítear i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 19 Samhain 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar buiséadach, maidir le comhair in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013.

(21)

Le smacht buiséadach éilítear chomh maith go ndéantar scrúdú leanúnach ar an staid bhuiséadach mheántéarmach. Ba cheart don Choimisiún, mar sin, agus an dréachtbhuiséad do bhliain áirithe á thíolacadh aige, a réamhaisnéisí agus a anailísí a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus, más gá, bearta iomchuí a mholadh don reachtóir. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún lánúsáid a bhaint as a chumhachtaí bainistithe i gcónaí chun a áirithiú go gcomhlíonfar an uasteorainn bhliantúil agus, más gá, bearta iomchuí a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó don Chomhairle chun an staid bhuiséadach a chur ina cheart. Más rud é, ag deireadh bliana buiséid, nach féidir an uasteorainn bhliantúil a chomhlíonadh de thoradh aisíocaíochtaí a d'iarr na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann bearta a dhéanamh lena gceadófar dáileadh sealadach an bhuiséid atá ar fáil ar na Ballstáit i gcomhréir lena n-iarrataí ar aisíocaíochtaí nach bhfuil íoctha go fóill, agus lena gceadófar comhlíonadh na huasteorann arna socrú don bhliain lena mbaineann. Ba cheart íocaíochtaí don bhliain sin a mhuirearú ar an mbliain buiséid dár gcionn agus ba cheart suim iomlán maoinithe ón Aontas in aghaidh an Bhallstáit a shuíomh go cinntitheach, agus cúiteamh idir Bhallstáit chun an tsuim atá socraithe a chomhlíonadh.

(22)

Agus an buiséad á chur chun feidhme aige, ba cheart don Choimisiún córas míosúil luathrabhaidh agus faireacháin do chaiteachas talmhaíochta a oibriú, sa chaoi go bhfeadfaidh an Coimisiún, má tá baol ann go sárófar an uasteorainn bhliantúil, bearta iomchuí a dhéanamh chomh luath agus is féidir faoi na cumhachtaí bainistithe atá aige agus bearta eile a mholadh más rud é gur léir nach bhfuil na bearta sin leordhóthanach. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil thréimhsiúil a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina ndéanfar comparáid idir éabhlóid an chaiteachais arna dhéanamh agus na próifílí go dtí an pointe sin agus ina dtabharfar measúnú ar an gcur chun feidhme intuartha don chuid atá fágtha den bhliain buiséid.

(23)

Agus na doiciméid buiséid á dtarraingt suas, ba cheart don ráta malartaithe a úsáideann an Coimisiún an fhaisnéis is deireanaí a léiriú, ach an t-aga moille idir dréachtú agus tíolacadh na ndoiciméad a chur san áireamh.

(24)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) leagtar síos na rialacha a bhfuil feidhm acu i dtaca le tacaíocht airgeadais ó na cistí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, lena n-áirítear CETFT. Áirítear sna forálacha sin freisin rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais, bainistiú airgeadais, agus córais bhainistithe agus rialaithe. Maidir le bainistiú airgeadais CETFT, ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil agus comhleanúnachas idir cistí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, ba cheart tagairt a dhéanamh do na forálacha ábhartha maidir le gealltanais bhuiséadacha, spriocdhátaí íocaíochta agus dídhílsiú Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(25)

Déantar na cláir forbartha tuaithe a mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais ar bhonn gealltanas i dtráthchodanna bliantúla. Ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit cistí an Aontais a bhfuil foráil déanta ina leith a úsáid chomh luath agus a thosaíonn siad na cláir. Tá gá mar sin le córas réamh-mhaoinithe atá srianta go hiomchuí chun sreabhadh seasta cistí á airithiú sa chaoi is go ndéanfar íocaíochtaí leis na tairbhithe faoi na cláir ag an tráth iomchuí.

(26)

Cé is moite de réamh-mhaoiniú, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún leis na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe. Ba cheart íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht iarmhéideanna, agus rialacha maidir lena n-íocaíocht a shocrú. Ba cheart do riail an tsaortha uathoibríoch cuidiú le cur i bhfeidhm na gclár a bhrostú agus cuidiú le bainistiú fónta airgeadais. Leis na rialacha ar chreataí náisiúnta Ballstát ag a bhfuil cláir réigiúnacha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) iad, déantar foráil freisin d'uirlis do Bhallstáit le feidhmiú agus bainistiú fónta airgeadais a áirithiú.

(27)

Ba cheart cabhair ón Aontas a íoc le tairbhithe in am trátha ionas go bhféadfaidh siad í a úsáid go héifeachtúil. Má mhainníonn na Ballstáit na sprioc-amanna íocaíochta a leagtar síos i ndlí an Aontais a chomhlíonadh d'fhéadfadh deacrachtaí tromchúiseacha teacht as do na tairbhithe agus d'fhéadfaí buiséadú bliantúil an Aontais a chur i gcontúirt. Dá bhrí sin, ba cheart caiteachas arna dhéanamh gan sprioc-amanna íocaíochta a urramú a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 a choimeád agus ba cheart go mbeidh feidhm aige maidir leis na Cistí. Chun prionsabal na comhréireachta a urramú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón riail ghinearálta seo.

(28)

I Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 foráiltear do laghduithe agus fionraí íocaíochtaí míosúla nó eatramhacha do na Cistí. D'ainneoin fhoclaíocht sách leathan na bhforálacha sin, úsáidtear iad sa chleachtas go bunúsach chun íocaíochtaí a laghdú i leith neamh-urramú sprioc-amanna íocaíochta, uasteorainneacha agus 'ceisteanna cuntasaíochta' dá samhail, ar féidir iad a bhrath go héasca sna dearbhuithe caiteachais. Leis na forálacha sin ceadófar laghduithe agus fionraí i gcás easnamh tromchúiseach agus seasmhach i gcórais rialaithe náisiúnta. Déantar forchur laghduithe agus fionraí den sórt sin a chur faoi réir coinníollacha substainteacha sriantacha go leor lena bhforchur agus lena bhforáiltear do nós imeachta ar leith, ina mbeidh dhá chéim, atá le leanúint. Tá an t-údarás buiséadach tar éis a iarraidh ar an gCoimisiún arís agus arís eile íocaíochtaí le Ballstáit neamh-chomhlíontacha a chur ar fionraí. I bhfianaise an chúlra seo, is gá an córas dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 maidir le laghduithe agus fionraí a shoiléiriú agus na rialacha maidir le laghduithe agus fionraí do na Cistí. on a chumasc in Airteagal ar leith amháin. Ba cheart an córas laghduithe do 'cheisteanna cuntasaíochta' a choimeád i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin atá ann cheana. Ba cheart an deis íocaíochtaí a laghdú nó a fhionraí i gcás easnamh suntasach agus seasmhach i gcóras rialaithe náisiúnta a athdhaingniú chun go mbeadh deis ag an gCoimisiún íocaíochtaí a fhionraí go tapa nuair a bhraitear easnaimh thromchúiseacha. Ba cheart an deis sin a leathnú trí fhaillí a áirithiú sa chóras le haghaidh íocaíochtaí neamhrialta a aisghabháil.

(29)

Sa reachtaíocht talmhaíochta earnálach ceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis faoin líon seiceálacha atá déanta agus faoi thoradh na seiceálacha sin a sheoladh faoi sprioc-amanna sonraithe. Úsáidtear an staidreamh rialaithe sin chun an leibhéal earráide ar leibhéal na mBallstát a chinneadh agus, go ginearálta, chun seiceáil a dhéanamh ar bhainistiú na gCistí. Is foinse thábhachtach eolais an staidreamh rialaithe lena gcumasaítear don Choimisiún a chinneadh an bhfuil na cisti á mbainistiú mar is ceart agus is eilimint fhíor-riachtanach den dearbhú bliantúil urrúis iad. I bhfianaise fhíorthábhacht an staidrimh rialaithe agus chun a áirithiú go n-urramóidh na Ballstáit a n-oibleagáid é a sheoladh in am, ní mór bac a chur ar sholáthar déanach na sonraí ar bac é atá comhréireach le méid an easnaimh sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha a bhunú lenar féidir leis an gCoimisiún cuid de na híocaíochtaí míosúla nó idirmheánacha nár seoladh an fhaisnéis staidrimh ábhartha ina leith in am a fhionraí.

(30)

Chun athúsáid na gcistí óna Cistí a cheadú, tá gá le rialacha maidir le suimeanna sonracha a shannadh. Ba cheart an liosta atá i Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 a chomhlánú leis na suimeanna a bhaineann le híocaíochtaí déanacha agus le himréiteach cuntas maidir le caiteachas faoi CERT. Chomh maith leis sin, leagtar síos le Rialachán (CEE) Uimh. 352/78 (13) ón gComhairle na rialacha maidir le cinn scríbe na suimeanna a thagann as urrúis fhorghéillte. Ba cheart na forálacha a chomhchuibhiú agus a chumasc leis na forálacha atá ann cheana maidir le hioncam sannta. Ba cheart mar sin Rialachán (CEE) Uimh. 352/78 a aisghairm.

(31)

I Rialachán (CE) Uimh. 814/2000 (14) ón gComhairle agus ina rialacha cur chun feidhme, sainítear na bearta faisnéise a bhaineann le CBT ar féidir iad a mhaoiniú faoi phointe (c) d'Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005. I Rialachán (CE) Uimh. 814/2000 tá liosta na mbeart sin agus a gcuspóirí agus socraítear ann na rialacha maidir lena maoiniú agus maidir le cur chun feidhme na dtionscadal comhfhreagrach. Ón uair a glacadh an Rialachán sin, táthar tar éis rialacha a ghlacadh i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le deontais agus soláthar. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin freisin maidir le bearta faisnéise faoi CBT. Ar mhaithe le simpliú agus le comhleanúnachas, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 814/2000 a aisghairm ach na forálacha sonracha maidir leis na cuspóirí agus cineálacha beart atá le maoiniú a choimeád. Ba cheart a chur san áireamh leis na bearta sin an gá lena áirithiú go ndéanfar cumarsáid níos éifeachtúla leis an bpobal i gcoitinne agus go mbeidh sineirgí níos láidre idir gníomhaíochtaí cumarsáide arna ngabháil ar láimh ar thionscnamh an Choimisiúin agus lena áirithiú go gcuirfear tosaíochtaí polaitiúla an Aontais in iúl go héifeachtach. Mar sin, ba cheart a chumhdach iontu freisin bearta faisnéise is ábhartha do CBT faoi chuimsiú na teachtaireachta corparáide dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún: Buiséad d' Eoraip 2020 ("Teachtiareacht an Choimisiuin maidir le Buiséad d'Eoraip 2020" – Cuid II: Doiciméid bheartais.

(32)

Bainfidh bainistiú comhpháirteach i bpáirt le maoiniú beart agus oibríochtaí faoi CBT. Chun a áirithiú go ndéanfar cistí an Aontais a bhainistiú go fónta, ba cheart don Choimisiún seiceálacha a dhéanamh ar bhainistiú na gCistí ag na húdaráis Bhallstáit atá freagrach as na híocaíochtaí a dhéanamh. Is iomchuí cineál na seiceálacha atá le cur i gcrích ag an gCoimisiún a shainiú, téarmaí a fhreagrachtaí maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme a shonrú agus oibleagáidí comhair na mBallstát a shoiléiriú.

(33)

Chun go bhféadfaidh an Coimisiún a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le seiceáil go bhfuil córais bhainistithe agus chigireachta do chaiteachas Aontais sna Ballstáit ann agus ag feidhmiú go cuí, ba cheart foráil a dhéanamh, gan aird ar an gcigireacht a dhéanann na Ballstáit féin, maidir le seiceálacha ag daoine arna dtarmligean ag an gCoimisiún ar ceart dóibh bheith in ann cúnamh a iarraidh ó na Ballstáit ina gcuid oibre.

(34)

Ní foláir teicneolaíocht faisnéise a úsáid a mhéad is féidir chun go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis atá le cur chuig an gCoimisiún. Agus seiceálacha á ndéanamh aige, ba cheart rochtain iomlán agus láithreach a bheith ag an gCoimisiún ar fhaisnéis faoi chaiteachas a thaifeadtar i bhfoirm páipéir agus i bhfoirm leictreonach araon.

(35)

Chun an caidreamh airgeadais idir na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe agus buiséad an Aontais a bhunú, ba cheart don Choimisiún cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta sin a imréiteach gach bliain (imréiteach airgeadais na gcuntas). Ba cheart don chinneadh maidir le himréiteach na gcuntas iomlána, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas a chumhdach ach gan comhréireacht an chaiteachais le dlí an Aontais a chumhdach.

(36)

Tá an Coimisiún freagrach as buiséad an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 317 CFAE. Tá de chumhacht ag an gCoimisi ún, trí bhithín ghníomhartha chur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh an gcomhlíonann an caiteachas a dhéanann na Ballstáit dlí an Aontais. Ba cheart é a bheith de cheart ag na Ballstáit bonn údair a thabhairt lena gcinntí íocaíochtaí a dhéanamh agus a bheith de cheart acu dul ar iontaoibh idir-réitigh i gcás nach bhfuil aon chomhthoil idir iad féin agus an Coimisiún. Chun urrúis dlí agus airgeadais a thabhairt do na Ballstáit maidir le caiteachas arna dhéanamh san am a chuaigh thart, ba cheart don Choimisiún uastréimhse a shocrú lena gcinnfear na hiarmhairtí airgeadais ar cheart a theacht as neamh-chomhlíonadh. Maidir le CETFT, ba cheart go mbeadh an nós imeachta imréitigh comhréireachta i gcomhréir le ceartúcháin airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún mar a leagtar síos i gCuid 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(37)

Maidir le CERT, ba cheart suimeanna arna n-aisghabháil a aisíoc leis an gCiste i gcás nach bhfuil an caiteachas i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach bhfuil aon teidlíocht ann. Ionas go mbeidh dóthain ama ann do na nósanna imeachta riaracháin is gá, lena n-áirítear rialú inmheánach, ba cheart do na Ballstáit aisghabháil a iarraidh ar an tairbhí laistigh de 18 mhí tar éis tíolacadh tuarascála rialaithe nó doiciméid den chineál sin, lena gcuirtear in iúl gur tharla neamhrialtacht, gur formheasadh é agus, i gcás inarb infheidhme, go bhfuair an ghníomhaireacht íocaíochta nó an comhlacht atá freagrach as an aisghabháil é. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le córas freagrachta airgeadais i leith neamhrialtachtaí in éagmais aisghabhála iomláine. I ndáil leis seo, ba cheart nós imeachta a bhunú lena bhféadfaidh an Coimisiún leasanna bhuiséad an Aontais a chosaint trína chinneadh suimeanna a cailleadh de thoradh neamhrialtachtaí agus nár aisghabhadh laisitigh de thréimhse réasúnach a ghearradh go páirteach ar na Ballstáit lena mbaineann. I gcásanna áirithe faillí ar thaobh an Bhallstáit, tá údar maith leis an tsuim iomlán a ghearradh ar an mBallstát lena mbaineann. Mar sin féin, faoi réir comhlíonta oibleagáidí ag na Ballstáit faoina nósanna imeachta inmheánacha, ba cheart an t-ualach airgeadais a roinnt go cothrom idir an tAontas agus an Ballstát. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha céanna maidir le CETFT, faoi réir an cheanglais, áfach, go bhfanfaidh suimeanna a aisghabhtar nó a chuirtear ar ceal i ndiaidh neamhrialtachtaí ar fáil do na cláir forbartha tuaithe formheasta den Bhallstát lena mbaineann mar gur leithdháileadh na suimeanna sin ar an mBallstát sin. Ba cheart forálacha maidir le hoibleagáidí tuairiscithe do na Ballstáit a leagan amach freisin.

(38)

D'fhéadfadh sé gurb é an éifeacht a thiocfadh as nósanna imeachta aisghabhála arna n-úsáid ag na Ballstáit go gcuirfí moill roinnt blianta ar an aisghabháil, gan aon ráthaíocht gur toradh dearfach a bheidh orthu. Féadfaidh sé go mbeadh costas cur chun feidhme na nósanna imeachta sin díchomhréireach leis na suimeanna a bhailítear nó is féidir a bhailiú. Dá thoradh sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann stop a chur leis na nósanna imeachta aisghabhála i gcásanna áirithe.

(39)

Chun leasanna airgeadais bhuiséad an Aontais a chosaint, ba cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun a dheimhniú dóibh féin go bhfuil idirbhearta a mhaoinítear leis na Cistí. á ndéanamh agus á gcur i gcrích i gceart. Ba cheart do na Ballstáit aon neamhrialtachtaí nó neamh-chomhlíonadh oibleagáidí arna ndéanamh ag tairbhithe a chosc, a bhrath agus déileáil leo go héifeachtach. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (15) ón gComhairle. I gcás ina sáraítear an reachtaíocht talmhaíochta earnálach, nuair nach leagtar síos mionrialacha maidir le pionóis riaracháin le gníomhartha dlí an Aontais, ba cheart do na Ballstáit pionóis náisiúnta a bheadh éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach a fhorchur.

(40)

Ba cheart go ndéanfaí maoiniú a sheachaint, faoi CBT, ar ghníomhaíochtaí lena ngintear costais bhreise i réimsí beartais eile a chumhdaítear le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, go háirithe an comhshaol agus an tsláinte phoiblí. Chomh maith leis sin, níor cheart go ngabhfadh nósanna imeachta casta breise riaracháin ná maorlathas breise leis na córais nua íocaíochta ná leis na córais faireacháin agus pionóis a bhaineann leo.

(41)

I rialacháin éagsúla talmhaíochta earnálach, tá rialacha a bhaineann le prionsabail ghinearálta maidir le seiceálacha, aistarraingtí íocaíochtaí neamhdhlite agus a bhaineann le gearradh pionós. Ba cheart na rialacha sin a thiomsú sa chreat dlí céanna ar leibhéal cothrománach. Ba cheart oibleagáidí na mBallstát maidir le seiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair, a mbeidh mar chuspóir leo a áirithiú go gcomhlíontar forálacha bhearta CBT, agus na rialacha maidir le haisghabháil, laghdú agus eisiaimh cabhrach a chumhdach iontu. Ba cheart rialacha maidir le seiceálacha ar oibleagáidí nach mbaineann de riachtanas le híocaíocht cabhrach a leagan síos freisin.

(42)

I bhforálacha áirithe na reachtaíochta talmhaíochta earnálach ceanglaítear go dtaiscfear urrús chun a áirithiú go n-íocfar suim atá dlite mura gcomhlíonfar oibleagáid. Ba cheart feidhm a bheith ag riail chothrománach aonair maidir leis na forálacha sin go léir chun go neartófar an creat le haghaidh urrús.

(43)

Ba cheart do na Ballstáit córas comhtháite riaracháin agus rialaithe a oibriú (an "córas lánpháirtithe" i gcás íocaíochtaí áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Chun éifeachtacht thacaíocht an Aontais agus faireachán uirthi a fheabhsú, ba cheart na Ballstáit a údarú úsáid a bhaint as an gcóras comhtháite sin freisin i gcás scéimeanna tacaíochta eile de chuid an Aontais.

(44)

Ba cheart príomheilimintí an chórais chomhtháite sin agus, go háirithe, na forálacha maidir le bunachar sonraí ríomhairithe, córas chun dáileachtaí talmhaíochta a aithint, iarratais ar chabhair nó éilimh íocaíochta agus córas chun teidlíochtaí íocaíochtaí a aithint agus a thaifeadadh a choimeád agus éabhlóid an bheartais á cur san áireamh ag an am céanna, go háirithe, tabhairt isteach na híocaíochta do chleachtais talmhaíochta a théann chun tairbhe don aeráid agus don chomhshaol agus na tairbhí éiceolaíocha a bhaineann le gnéithe den tírdhreach. D'fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú agus rialuithe éifeachtúla agus éifeachtacha a áirithiú, ba cheart go mbainfeadh na Ballstáit an leas iomchuí as an teicneolaíocht agus na córais sin á mbunú acu.

(45)

Ar mhaithe le brat tagartha a chruthú sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta chun freastal ar limistéir éiceolaíocht-dhírithe, d'fhéadfadh na Ballstáit an fhaisnéis shonrach a fheadfar a iarraidh ó fheirmeoirí agus iarratais á ndéanamh acu do na blianta éilimh 2015 go 2017 a chur san áireamh, amhail aitheantas na ngnéithe tírdhreacha sin nó limistéar eile a fhéadfar a cháiliú mar limistéir éiceolaíocht-dhírithe agus, i gcás inarb iomchuí, méid na ngnéithe sin agus na limistéar eile.

(46)

Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta na híocaíochtaí dá bhforáiltear i scéimeanna tacaíochta de chuid an Aontais arna gcumhdach le córas comhtháite, a íoc ina n-iomláine leis na tairbhithe, faoi réir aon laghduithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus laistigh de thréimhsí a leagtar síos. Chun go mbeadh bainistiú íocaíochtaí díreacha níos solúbtha, ba cheart a cheadú do Bhallstáit íocaíochtaí arna gcumhdach ag an gcóras comhtháite a dhéanamh i suas le dhá thráthchuid in aghaidh na bliana.

(47)

Is féidir faireachán an-éifeachtach a dhéanamh ar idirbhearta atá ina gcuid de chóras maoinithe CERT ach grinnscrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid tráchtála gnóthas a bhfuil íocaíochtaí á nglacadh acu nó á ndéanamh acu. Leagtar síos na forálacha maidir le grinnscrúdú ar na doiciméid tráchtála i Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (16). Tríd an iniúchadh sin forlíontar na seiceálacha eile atá déanta ag na Ballstáit cheana. Ina theannta sin, nuair atá forálacha náisiúnta maidir le hiniúchadh níos fairsinge ná na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán sin, ní dhéanfaidh an Rialachán sin difear dóibh.

(48)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 485/2008, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais bhuiséad an Aontais a áirithiú, agus go háirithe chun barántúlacht agus comhlíonadh oibríochtaí a mhaoinítear trí CERT a sheiceáil. Ar mhaithe le soiléire agus réasúntacht, ba cheart na forálacha ábhartha a chomhtháthú sa ghníomh céanna. Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 a aisghairm.

(49)

Ba cheart na doiciméid a úsáidtear mar bhonn grinnscrúdaithe dá leithéid a roghnú i gcaoi is gur féidir grinnscrúdú iomlán a chur i gcrích. Ba cheart na gnóthais atá le grinnscrúdú a roghnú ar bhonn cineál na n-idirbheart arna ndéanamh faoina bhfreagracht agus ar bhonn miondealaithe ar na gnóthais a fhaigheann agus a dhéanann íocaíochtaí in aghaidh na hearnála a roghnú de réir a dtábhachta i gcóras maoinithe CERT.

(50)

Ba cheart cumhachtaí na n-oifigeach atá freagrach as grinnscrúdú a shainiú mar aon leis na hoibleagáidí atá ar ghnóthais doiciméid tráchtála a chur ar fáil d' oifigigh den sórt sin ar feadh tréimhse sonraithe, chomh maith leis an oibleagáid aon fhaisnéis a iarrann siad a sholáthar. Ba cheart go bhféadfaí doiciméid tráchtála a urghabháil i gcásanna áirithe.

(51)

Ag féachaint do struchtúr idirnáisiúnta na trádála talmhaíochta agus ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, is gá comhar a eagrú idir na Ballstáit. Is gá freisin córas láraithe doiciméadachta a bhunú ar leibhéal an Aontais maidir le gnóthais a fhaigheann agus a dhéanann íocaíochtaí atá bunaithe i dtríú tíortha.

(52)

Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a gcláir ghrinnscrúdaithe a ghlacadh, ní mór na cláir sin a chur in iúl don Choimisiún ionas gur féidir leis a ról maoirseachta agus comhordúcháin a ghlacadh chuige féin, chun a áirithiú go nglacfar na cláir ar bhonn critéar iomchuí agus chun a ráthú go mbeidh an grinnscrúdú dírithe ar earnálacha nó ar ghnóthais ina mbeidh baol mór calaoise. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh roinn ar leith ag gach Ballstát freagrach as grinnscrúdú doiciméad tráchtála dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó as an ngrinnscrúdú sin a chomhordú. Ba cheart na ranna ar leith sin a eagrú gan spleáchas do na ranna a dhéanann grinnscrúdú roimh íocaíocht a fháil. Ba cheart faisnéis a bhailítear le linn an ghrinnscrúdaithe sin a chosaint le rúndacht ghairmiúil.

(53)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (17) ón gComhairle, a ionadaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, bunaíodh an prionsabal gur cheart íocaíocht iomlán tacaíochtaí áirithe le tairbhithe faoi CBT a nascadh le comhlíonadh rialacha maidir le bainistiú talún, táirgeacht talmhaíochta agus gníomhaíocht talmhaíochta. Léiríodh an prionsabal sin ina dhiaidh sin i Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (18) ón gComhairle agus i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007ón gComhairle (19).

Faoin gcóras 'tras-chomhlíonta', ní mór do na Ballstáit pionóis a fhorchur trí thacaíocht a fuarthas faoi CBT go hiomlán nó i bpáirt a laghdú nó a eisiamh.

(54)

Leis an gcóras tras-chomhlíonta déantar bunchaighdeáin don chomhshaol, d'athrú aeráide, do dhea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil talún, do shláinte phoiblí, do shláinte ainmhithe, do shláinte plandaí agus leas ainmhithe a chorprú in CBT. Leis an nasc sin dírítear ar rannchuidiú le talmhaíocht inbhuanaithe a fhorbairt trí na tairbhithe a chur ar an eolas faoin ngá atá ann na bunchaighdeáin sin a urramú. Dírítear leis freisin ar rannchuidiú le CBT a chomhoiriúnú níos mó d'ionchas an tsochaí trí fheabhaa a chur chomhsheasmhacht an bheartais sin leis na beartais maidir leis an gcomhshaol, le sláinte phoiblí, le sláinte ainmhithe, le sláinte plandaí agus le leas ainmhithe. Is dlúthchuid de CBT é an córas tras-chomhlíonta agus ba cheart é a choimeád dá bharr. Mar sin féin, áfach, ba cheart a raon feidhme, a áirítear go dtí seo i liostaí ar leith de cheanglais reachtúla bhainistithe agus de chaighdeáin maidir le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil talún, a chuíchóiriú ionas go n-áiritheofar comhsheasmhacht an chórais thras-chomhlíonta agus go ndéanfar é níos sofheicthe. Chun na críche sin ba cheart na ceanglais agus na caighdeáin a eagrú i liosta aonair agus a ghrúpáil de réir limistéar agus saincheisteanna. I bhfianaise na taithí a fuarthas is léir nach leor an bhaint atá ag roinnt ceanglas faoi raon feidhme an tras-chomhlíonta le gníomhaíocht talmhaíochta ná le limistéar an ghabháltais nó go mbaineann siad le húdaráis náisiúnta seachas le tairbhithe. Is iomchuí dá bhrí sin raon feidhme an chórais tras-chomhlíonta a choigeartú. Ina theannta sin ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cothabháil féaraigh bhuain in 2015 agus in 2016.

(55)

Ní foláir do na Ballstáit na ceanglais reachtúla bhainistithe a chur chun feidhme go hiomlán chun a bheith oibríochtúil ar leibhéal feirme agus chun cóir chothrom a áirithiú idir feirmeoirí mar is gá.

(56)

De réir Airteagal 22 de Threoir 2000/60/CE, aisghairfear an 23 Nollaig 2013 Treoir 80/68/CEE (20) ón gComhairle. Chun na rialachacéanna faoi thras-chomhlíonadh a bhaineann le cosaint screamhuisce a choimeád mar a leagtar síos iad i dTreoir 80/68/CEE ar lá deireanach a bailíochta, is iomchuí raon feidhme an tras-chomhlíonta a choigeartú agus caighdeán dea-bhaile talmhaíochta agus comhshaoil lena gcuimsítear ceanglais Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Treoir sin a shainiú.

(57)

Tá sé intuigthe sa chóras tras-chomhlíonta go mbeidh srianta áirithe riaracháin ar na tairbhithe agus ar lucht riaracháin náisiúnta araon ós rud é nach mór a áirithiú go gcoinneofar taifid, go ndéanfar seiceálacha agus go gcuirfear pionóis i bhfeidhm nuair is gá. Ba cheart do na pionóis sin a bheith comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach. Ba cheart na pionóis sin a bheith gan dochar do phionóis eile a leagtar síos faoi fhorálacha eile dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, is iomchuí forálacha ábhartha de chuid an Aontais a chumasc in aon ionstraim dlí amháin. I gcás feirmeoirí atá rannpháirteach sa scéim um fheirmeoirí beaga dá dtagraítear i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, féadfar a mheas go sáraíonn na hiarrachtaí atá le déanamh faoin gcóras tras-chomhlíonta an tairbhe a bhaineann leis na feirmeoirí sin a choinneáil faoin gcóras sin. Ar mhaithe le simpliú, ba cheart na feirmeoirí sin a dhíolmhú ón tras-chomhlíonadh agus go háirithe óna chóras rialaithe agus ón riosca maidir le pionóis tras-chomhlíonta. Mar sin féin, ba cheart an díolúine sin a bheith gan dochar don oibleagáid forálacha infheidhme dlí na hearnála a urramú agus don fhéidearthacht go ndéanfaí seiceáil agus go ngearrfaí pionóis faoin dlí sin.

(58)

I Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 bunaítear creat caighdeán maidir le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil na talún nach mór do na Ballstáit caighdeáin náisiúnta a ghlacadh dá réir ag cur san áireamh saintréithe sonracha na limistéar lena mbaineann, lena n-áirítear coinníollacha ithreach agus aeráide agus córais feirmeoireachta atá ann cheana (úsáid talún, rothlú barraí, cleachtais feirmeoireachta) agus struchtúir feirmeacha. Leis na caighdeáin sin maidir le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil na talún dírítear ar rannchuidiú le creimeadh ithreach a chosc, ábhar orgánach ithreach agus struchtúr ithreach a chothabháil, íosleibhéal cothabhála a áirithiú, meathlú gnáthóg a sheachaint agus uisce a chosaint agus a bhainistiú. Ba cheart go n-áireodh raon feidhme níos leithne an chórais thras-chomhlíonta mar a leagtar síos sa Rialachán seo creat ar cheart do na Ballstáit caighdeáin náisiúnta maidir le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil a ghlacadh dá réir. Ba cheart go n-áireodh creat an Aontais rialacha chun díriú níos fearr ar shaincheisteanna uisce, ithreach, stoic carbóin, bithéagsúlachta agus tírdhreacha chomh maith le híosleibhéal cothabhála na talún.

(59)

Ba cheart go dtuigfeadh tairbhithe go soiléir cad iad na hoibleagáidí comhlíonta atá orthu i dtaca le rialacha maidir le tras-chomhlíonadh. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais agus na caighdeáin go léir atá mar chuid de na rialacha sin a chur in iúl ar bhealach uileghabhálach, intuigthe agus mínitheach, lena n-áirítear, nuair is féidir, ar mhodh leictreonach.

(60)

Chun tras-chomhlíonadh a chur chun feidhme go héifeachtach ní foláir fíorú ar leibhéal na dtairbhithe go bhfuil oibleagáidí á gcomhlíonadh. I gcás ina gcinneann Ballstát go n-úsáidfidh sé an rogha gan laghdú ná eisiamh a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil an tsuim lena mbaineann níos lú ná EUR 100, ba cheart don údarás rialaithe inniúil a fhíorú, i gcás sampla tairbhithe le linn na bliana ina dhiaidh sin,go ndearnadh neamhchomhlíonadh a leigheas.

(61)

Chun comhar comhchuí idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le maoiniú chaiteachas CBT a áirithiú agus, go háirithe, chun go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar bhainistiú airgeadais sna Ballstáit agus cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe a imréiteach, ní foláir do na Ballstáit faisnéis áirithe a chur in iúl don Choimisiún nó a choimeád ar fáil dó.

(62)

Chun sonraí a thiomsú atá le cur chuig an gCoimisiún, agus chun go bhféadfadh an Coimisiún rochtain láithreach a fháil ar shonraí caiteachais i bhfoirm páipéir agus go leictreonach, ní foláir rialacha iomchuí maidir le tíolacadh agus tarchur sonraí, lena n-áirítear teorainneacha ama, a leagan síos.

(63)

Ós rud é go bhféadfadh sonraí pearsanta nó rúin ghnó a bheith ag baint leis na córais rialaithe náisiúnta agus an imréiteach comhréireachta a chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún rúndacht na faisnéise a gheofaí sa chomhthéacs sin a ráthú.

(64)

Ar mhaithe le bainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus ar mhaithe le hionramháil neamhchlaonta ar leibhéal na mBallstát agus na dtairbhithe, ba cheart rialacha maidir le húsáid an euro a leagan síos.

(65)

Féadfaidh ráta malartaithe an euro isteach san airgeadra náisiúnta athrú le linn na tréimhse ina gcuirtear an oibríocht i gcrích. Ba cheart, dá bhrí sin, an ráta is infheidhme maidir leis na suimeanna lena mbaineann a chinneadh agus an imeacht trína mbaintear amach cuspóir eacnamaíoch na hoibríochta a chur san áireamh. Ba cheart gurb é an ráta malartaithe a chuirfear i bhfeidhm an ráta a bheidh ann an dáta ar a dtarlóidh an imeacht seo. Ní foláir an imeacht oibríochtúil seo a shonrú nó cur i bhfeidhm na himeachta a tharscaoileadh, ag urramú critéar áirithe agus go háirithe an luas lena gcuirtear gluaiseachtaí airgeadra ar aghaidh. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (CE) Uimh. 2799/98 (21) ón gComhairle agus comhlánaítear leo forálacha eile comhchosúla i Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005. Ar mhaithe le soiléire agus réasúntacht, ba cheart na forálacha ábhartha a chomhtháthú sa ghníomh céanna. Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 2799/98 a aisghairm.

(66)

Ba cheart rialacha ar leith a leagan síos chun déileáil le cásanna eisceachtúla airgeadaíochta a tharlaíonn laistigh den Aontas nó ar an margadh domhanda agus a éilíonn beart láithreach chun a áirithiú go n-oibríonn na socruithe a bhunaítear faoi CBT go héifeachtach.

(67)

Ba cheart go mbeadh an rogha ag Ballstáit nár ghlac leis an euro íocaíochtaí a dhéanamh i leith caiteachais a thig as reachtaíocht CBT in euro seachas san airgeadra náisiúnta. Tá gá le rialacha sonracha chun a áirithiú nach dtiocfaidh aon bhuntáiste éagórach as an rogha seo do pháirtithe a bhfuil íocaíocht á fáil nó á déanamh acu.

(68)

Ba cheart gach beart faoi CBT a bheith faoi réir faireacháin agus meastóireachta chun a cháilíocht a fheabhsú agus chun an méid atá bainte amach tríd a thaispeáint. Sa chomhthéacs sin ba cheart don Choimisiún liosta táscairí a chinneadh agus feidhmíocht an bheartais CBT a mheas i ndáil leis na cuspóirí beartais a ghabhann le táirgeadh inmharthana bia, bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus gníomhaíocht ar son na haeráide agus forbairt chríochach chothrom. Agus measúnú á dhéanamh, go háirithe, ar fheidhmíocht CBT i ndáil le cuspóir an táirgthe inmharthana bia, ba cheart na fachtóirí ábhartha uile, lena n-áirítear éabhlóid na bpraghsanna ionchuir, a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún creat a leagan síos chun córas coiteann meastóireachta agus faireacháin a bhunú lena n-áiritheofaí, i measc rudaí eile, go mbeadh sonraí ábhartha, lena n-áirítear faisnéis faoi na Ballstáit, ar fáil go tráthúil. Agus an méid sin á dhéanamh aige ba cheart dó na riachtanais sonraí agus na sineirgí idir foinsí ionchasacha sonraí a chur san áireamh. Ina theannta sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Buiséad don Eoraip sa bhliain 2020 – Cuid II, dearbhaíodh gur cheart an caiteachas i leith aeráide i mbuiséad foriomlán an Aontais a mhéadú go 20 % ar a laghad ina mbeadh ranníocaíocht ó bheartais éagsúla. Ba cheart gurbh fhéidir leis an gCoimisiún, mar sin, tionchar thacaíocht an Aontais faoi chuimsiú chuspóirí CBT maidir le hathrú aeráide a mheas.

(69)

Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht na sonraí sin, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(70)

Le breithiúnas na Cúirte Bhreithiúnais an 9 Samhain 2010, i gCásanna Uamtha C-92/09 agus 93/09 (24) Volker und Markus Schecke GbR and Hartmut Eifert v Land Hessen, dearbhaíodh, maidir le pointe (8b) d'Airteagal 42 agus le hAirteagal 44a de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, agus le Rialachán (CE) Uimh. 259/2008 (25) ón gCoimisiún go raibh an méid sin neamhbhailí sa mhéid is, maidir leis na daoine nádúrtha a thairbhíonn de na Cistí, go bhforchuireann na forálacha sin oibleagáid faisnéis phearsanta a bhaineann le gach tairbhí a fhoilsiú gan idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar chritéir ábhartha amhail na tréimhsí ina bhfuair na daoine sin an chabhair sin, agus minicíocht, cineál nó méid na cabhrach sin.

(71)

I ndiaidh an bhreithiúnais sin agus toisc nár glacadh rialacha nua go fóill lena gcuirfí agóidí a dhéanann an Chúirt san áireamh, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 259/2008 a leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 410/2011 (26) ón gCoimisiún chun a leagan síos go sainráite nach bhfuil feidhm maidir le daoine nádúrtha ag an oibleagáid faisnéis faoi na tairbhithe a fhoilsiú.

(72)

I mí Mheán Fómhair 2011, d'eagraigh an Coimisiún comhairliúchán leis na geallsealbhóirí agus thug siad le chéile ionadaithe ó eagraíochtaí gairmiúla talmhaíochta nó trádála, ionadaithe ó thionscal an bhia, ionadaithe oibrithe, agus ionadaithe na sochaí sibhialta agus institiúidí an Aontais. Faoin gcreat sin, tá roghanna éagsúla féideartha curtha chun cinn maidir le foilsiú sonraí faoi dhaoine nádúrtha a thairbhíonn de chistí talmhaíochta an Aontais agus maidir le hurramú phrionsabal na comhréireachta agus an fhaisnéis i dtrácht á poibliú. Pléadh ag comhdháil na ngeallsealbhóirí an gá a d'fhéadfadh a bheith ann ainmneacha na ndaoine nádúrtha a fhoilsiú chun freagairt don chuspóir i ndáil le cosaint níos fearr a thabhairt do leasanna airgeadais an Aontais, chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun aird a tharraingt ar an méid atá bainte amach ag na tairbhithe i dtaobh earraí poiblí a sholáthar fad is a áirítear nach dtéitear thar a bhfuil riachtanach chun na haidhmeanna dlisteanacha sin a bhaint amach.

(73)

Sa bhreithiúnas uaithi i gcás Volker und Markus Schecke GbR and Hartmut Eifert v Land Hessen, níor chuir an Chúirt in aghaidh dhlisteanacht an chuspóra maidir le rialú poiblí ar úsáid an airgid ó na Cistí. a neartú. Chuir an Chúirt béim, áfach, ar an ngá atá ann modhanna foilsithe faisnéise a mheas maidir leis na tairbhithe lena mbaineann a bheadh comhsheasmhach le cuspóir an fhoilsithe sin agus ag an am céanna, nach gcuirfí as an oiread sin do chearta na dtairbhithe sin i ndáil lena saol príobháideach i gcoitinne agus i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint go háirithe.

(74)

Ba cheart anailís a dhéanamh ar an gcuspóir rialú poiblí a neartú i ndáil le tairbhithe aonair i bhfianaise an chreata nua bainistithe airgeadais agus rialaithe atá le cur i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2014 agus i bhfianaise an taithí a fuarthas sna Ballstáit. Laistigh den chreat sin, ní féidir rialuithe na riarachán náisiúnta a bheith uileghabhálach agus, go háirithe, i gcás na scéimeanna uile, geall leis, ní féidir ach cuid theoranta den daonra a sheiceáil ar an láthair. Ina theannta sin, foráiltear sa chreat nua go bhféadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, líon na seiceálacha ar an láthair a laghdú.

Dá dtiocfadh ardú leordhóthanach ar na híosrátaí rialaithe, chuirfí, sa chomhthéacs seo, oiread d'ualach breise airgeadais agus riaracháin ar na ranna riaracháin náisiúnta agus nach mbeadh na ranna riaracháin sin in ann déileáil leis.

(75)

Sa chomhthéacs sin, cuirtear bealach ar fáil leis an rialú poiblí ar úsáid na gCistí sin a neartú ach ainmneacha thairbhithe na gCistí a fhoilsiú agus, dá bhrí sin, cuirtear ar bhealach úsáideach leis an gcreat bainistithe agus rialaithe atá ann cheana, ar creat é atá riachtanach chun leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú do leas airgeadais an Aontais. Baintear an méid sin amach go páirteach trí éifeacht choisctheach agus dhíspreagthach an fhoilsithe sin, rud a chuirfidh thairbhithe aonair ó iompar neamhrialta, agus ag an am céanna, trí fhreagracht phearsanta na bhfeirmeoirí a athneartú maidir le húsáid a bhaint as na cistí poiblí a fhaightear.

(76)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart an t-aitheantas ceart a thabhairt don ról atá ag an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na meáin agus eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an méid a dhéanann siad le creat rialaithe na riarachán a neartú i gcoinne calaoise agus aon mhí-úsáide i ndáil leis na cistí poiblí.

(77)

Tá foilsiú na faisnéise ábhartha i gcomhréir freisin leis an gcur chuige amhail a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(78)

Mar rogha eile, d'fhéadfaí freastal ar an gcuspóir rialú poiblí a athneartú i ndáil le tairbhithe aonair trí fhoráil a dhéanamh oibleagáid a chur ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaí rochtain phoiblí ar an bhfaisnéis ábhartha ar iarraidh, gan foilsiú. Ní bheadh an rogha sin chomh héifeachtach céanna, áfach, agus bheadh an baol ann go dtiocfadh dibhéirseachtaí gan iarraidh chun cinn sa chur chun feidhme. Ba cheart, mar sin, go mbeadh na húdaráis náisiúnta in ann brath ar an rialú poiblí i ndáil leis na tairbhithe aonair trí fhoilsiú a n-ainmneacha agus sonraí ábhartha eile.

(79)

An cuspóir maidir le rialú poiblí ar úsáid an airgid ó na Cistí a shaothraítear trí ainmneacha na dtairbhithe a fhoilsiú, ní féidir é a bhaint amach ach trína áirithiú go gcuirtear méid áirithe faisnéise ar na súile don phobal. Ba cheart go n-áireofaí ar an bhfaisnéis sin sonraí maidir le céannacht an tairbhí, an méid a deonaíodh air agus an ciste ónar deonaíodh é, agus cuspóir agus cineál an bhirt atá i dtrácht. Ba cheart an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar bhealach nach gcuirfeadh isteach ró-mhór ar cheart na dtairbhithe maidir le hurraim dá saol príobháideach go ginearálta, agus maidir lena sonraí pearsanta a chosaint go háirithe, ar cearta iad atá aitheanta in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(80)

Lena áirithiú go gcomhlíontar leis an Rialachán seo prionsabal na comhréireachta, scrúdaigh an reachtóir na bealaí eile uile atá ann le cuspóir an rialaithe phoiblí ar úsáid an airgid ó na Cistí. TFT, a bhaint amach, mar a anailísíodh i meabhrán a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad 6370/13 ón gComhairle iad, agus roghnaigh sé an bealach is lú a chuirfeadh as do chearta an duine lena mbaineann.

(81)

Dá bhfoilseofaí sonraí faoin mbeart faoina bhfuil an feirmeoir i dteideal cabhair nó tacaíocht a fháil, agus faoi chineál agus cuspóir na cabhrach nó na tacaíochta, thabharfaí faisnéis nithiúil don phobal i dtaobh na gníomhaíochta fóirdheontais agus an chuspóra dár deonaíodh an cabhair nó an tacaíocht. Chuideodh an méid sin freisin le héifeacht choisctheach agus dhíspreagthach an rialaithe phoiblí i ndáil leis an leas airgeadais a chosaint.

(82)

Chun cothromaíocht a áirithiú idir cuspóir saothraithe an rialaithe phoiblí ar úsáid an airgid ó na Cistí. ar láimh amháin, agus ceart na dtairbhithe maidir le hurraim dá saol príobháideach go ginearálta agus lena sonraí pearsanta a chosaint ar an láimh eile, ba cheart tábhacht na cabhrach a chur san áireamh. Tar éis dul i mbun anailíse cuimsithí agus comhairliúcháin chuimsithigh leis na geallsealbhóirí, ba chosúil gur cheart íostairseach a bhunú maidir leis an íosmhéid cabhrach faoi nár cheart ainm an tairbhí a fhoilsiú, chun éifeachtúlacht an fhoilsithe sin a neartú agus chun srian a chur leis an méid a chuirfear isteach ar chearta na dtairbhithe.

(83)

Ba cheart go mbeadh tairseach sinde-minimis agus go léireofaí léi leibhéal na scéimeanna tacaíochta a bhunaítear faoin gcreat CBT agus go mbeadh sí bunaithe ar leibhéal na scéimeanna tacaíochta sin. Toisc go mbíonn éagsúlachtaí móra idir struchtúir gheilleagair talmhaíochta na mBallstát, agus toisc go bhféadfadh siad a bheith an-éagsúil ón ngnáthstruchtúr feirme san Aontas, ba cheart a cheadú go gcuirfí i bhfeidhm íostairseacha éagsúla a léiríonn staid na mBallstát ar leith. Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 scéim shimplí agus shonrach d'fheirmeacha beaga. Leagtar síos in Airteagal 63 den Rialachán sin na critéir maidir leis an méid cabhrach a ríomh. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, i gcás na mBallstát a bhfuil an scéim á cur i bhfeidhm acu, ba cheart an tairseach atá le cur san áireamh a shocrú ag an leibhéal céanna ag a mbeidh na suimeanna a shocróidh na Ballstáit dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 63(1) nó sa dara fomhír d'Airteagal 63(2) den Rialachán sin. I gcás ina gcinneann na Ballstáit gan an scéim sin a chur i bhfeidhm, ba cheart an tairseach a shocrú ag an leibhéal céanna ag a mbeidh uasmhéid an chúnaimh a d'fhéadfaí a thabhairt faoin scéim, mar a fhoráiltear in Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Faoin tairseach shonrach sin, ba cheart go bhfoilseofaí an fhaisnéis ábhartha ar fad, seachas an t-ainm, chun íomhá chruinn de CBT a thabhairt do na cáiníocóirí.

(84)

Trí rochtain a thabhairt don phobail ar an bhfaisnéis sin, i gcomhar leis an bhfaisnéis ghinearálta don phobal dá bhforáiltear sa Rialachán seo, cuirtear leis an trédhearcacht maidir le húsáid chistí an Aontais sa CBT, agus cuirtear ar an gcaoi sin le hinfheictheacht agus le tuiscint níos fearr ar an mbeartas sin. Cuireann sé ar chumas saoránach páirt níos mó a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta agus ráthaíonn sé go mbíonn an riarachán níos dlisteanaí, níos éifeachtaí agus níos freagraí don saoránach. Bheadh sé ina chabhair freisin do shaoránaigh samplaí nithiúla a fheiceáil de 'earraí poiblí' bheith á soláthar ag earnáil na feirmeoireachta, agus bheadh sé ina bhunús le dlisteanacht na tacaíochta stáit d'earnáil na talmhaíochta.

(85)

Ní mór a mheas, dá bharr sin, nach dtéitear thar a bhfuil riachtanach i sochaí dhaonlathach agus chun leas airgeadais an Aontais a chosaint trí fhoráil a dhéanamh maidir le foilsiú ginearálta na faisnéise ábhartha, agus ualach sáraitheach an chuspóra atá á shaothrú, eadhon rialú poiblí ar úsáid an airgid ó na Cistí. TFT, á chur san áireamh.

(86)

Chun na ceanglais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, ba cheart tairbhithe na gCistí a chur ar an eolas sula bhfoilseofar a sonraí go ndéanfar a sonraí a fhoilsiú agus go bhféadfaidh comhlachtaí iniúchta agus imscrúdúcháin an Aontais agus na mBallstát na sonraí sin a phróiseáil chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ina theannta sin, ba cheart na tairbhithe a chur ar an eolas faoina gcearta faoi Threoir 95/46/CE agus faoi na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis na cearta sin a fheidhmiú.

(87)

Dá bhrí sin, tar éis mionanailís agus mionmheasnúnú a dhéanamh ar an mbealach is iomchuí leis an gceart maidir le cosaint shonraí pearsanta na dtairbhithe a urramú, a bheidh bunaithe freisin ar an bhfaisnéis a chuirfidh an Coimisiún ar fáil le linn na hidirbheartaíochta i ndáil leis an Rialachán seo, ba cheart rialacha nua maidir le foilsiú faisnéise faoi thairbhithe uile na gCistí talmhaíochta a leagan síos sa Rialalchán seo.

(88)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(89)

D'fhonn coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: na nósanna imeachta chun an creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint agus a aistarraingt, agus chun maoirseacht a dhéanamh ar chreidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta; rialacha maidir le bunobair agus le bunseiceálacha dhearbhú bainistíochta na ngníomhaireachtaí íocaíochta, feidhmiú an chomhlachta chomhordaithe agus an comhlacht comhordaithe sin fógra a thabhairt i dtaobh faisnéise don Choimisiún; rialacha a leagan síos maidir le cúraimí na gcomhlachtaí deimhniúcháin, lena n-áirítear na seiceálacha, agus maidir leis na deimhnithe agus na tuarascálacha, mar aon leis na doiciméid a ghabhann leo, atá le tarraingt suas ag na comhlachtaí sin. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEoroa agus ón gComhairle (27).

(90)

Ba cheart go gcumhdófaí freisin le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiún na prionsabail iniúchóireachta a bhfuil tuairimí na gcomhlachta deimhniúcháin bunaithe orthu, lena n-áirítear measúnú rioscaí, rialú inmheánach agus an leibhéal d'fhianaise iniúchóireachta a bhfuil gá leis, na modhanna iniúchóireachta a bheidh le húsáid ag na comhlachtaí deimhniúcháin, ag féachaint do chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiniúchóireacht, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, sampla comhtháite aonair a úsáid le haghaidh gach daonra agus, i gcás inarb iomchuí an deis a bheith páirteach i seiceálacha ar an láthair de chuid na ngníomhaireachtaí íocaíochta.

(91)

Ba cheart go gcumhdófaí freisin leorialacha chun an córas comhairleach feirme a chur chun feidhme go haonfhoirmeach; an cinneadh maidir le híocaíochtaí míosúla ó CERT do na Ballstáit; socrú na méideanna a bhaineann le bearta a mhaoiniú faoin idirghabháil phoiblí; rialacha a bhaineann le maoiniú maidir le fáil an Choimisiúin ar na híomhánna satailíte atá riachtanach do na seiceálacha agus na bearta a dhéanann an Coimisiún trí mheán feidhmchláir chianbhraiteacha a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar acmhainní talmhaíochta; an nós imeachta maidir leis an gCoimisiún fáil a bheith aige ar na híomhánna satailíte sin agus an faireachán a dhéanamh ar acmhainní talmhaíochta, an creat lena rialaítear fáil, beachtú agus úsáid na n-íomhánna satailíte agus na sonraí meitéareolaíocha agus na sprioc-amanna is infheidhme.

(92)

Ba cheart go gcumhdófaí leo freisin, i gcomhthéacs an nós imeachta le haghaidh smacht airgeadais, ráta coigeartaithe na n-íocaíochtaí díreacha mar aon lena oiriúnú chomh maith leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le leithreasaí arna dtabhairt anonn i gcomhréir le hAirteagal 169(3) de Rialachán Uimh. (AE) Uimh. 966/2012 chun na híocaíochtaí díreacha a mhaoiniú; i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le smacht buiséadach, méid na n-íocaíochtaí a shocrú go sealadach agus dáileadh sealadach an bhuiséid atá ar fáil ar na Ballstáit.;

(93)

Thairis sin, ba cheart go gcumhdófaí le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin an tréimhse ama a shocrú faoina mbeidh ar na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe dearbhuithe idirmheánacha caiteachais a bhaineann le cláir forbartha tuaithe a bhunú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún na híocaíochtaí míosúla nó eatramhacha chuig na Ballstáit a laghdú nó a fhionraí; sonraí maidir le cuntais faoi leith a bheith á gcoinneáil ag na gníomhaireachtaí íocaíochta; na coinníollacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir leis an bhfaisnéis atá le cur sna cuntais a choinníonn na gníomhaireachtaí íocaíochta; rialacha maidir le maoiniú agus cuntasaíocht beart idirghabhála i bhfoirm stórála poiblí, agus caiteachas eile a mhaoiníonn na Cistí. TFT; na téarmaí agus na coinníollacha a rialaíonn cur chun feidhme nós imeachta an tsaortha uathoibríoch; an nós imeachta agus na socruithe praiticiúla eile chun íocaíochtaí míosúla ón gCoimisiún chuig na Ballstáit a chur ar fionraí i gceart i gcás go gcuireann na Ballstáit isteach an fhaisnéis go déanach;

(94)

Thairis sin, ba cheart go gcumhdófaí le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin: na nósanna imeachta a bhaineann leis na hoibleagáidí sonracha is gá do na Ballstáit a chomhlíonadh i ndáil le seiceálacha; na nósanna imeachta a bhaineann leis na hoibleagáidí comhair a bheidh le comhlíonadh ag na Ballstáit i ndáil le seiceálacha an Choimisiúin ar an láthair agus rochtain ar fhaisnéis; na nósanna imeachta agus na socruithe praiticiúla eile maidir leis an oibleagáid i ndail le mírialtachtaí agus calaois a thuairisciú, na coinníollacha faoina gceanglaítear go gcoimeádfar doiciméid tacaíochta a bhaineann le híocaíochtaí a dhéantar agus doiciméid a bhaineann le feidhmiú na seiceálacha riaracháin agus fisiceacha a cheanglaítear le dlí an Aontais; an t-imréiteach cuntas agus an t-imréiteach comhréireachta, suimeanna arna ngearradh ar bhuiséad an Aontais a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais, na nósanna imeachta chun íocaíochtaí neamhdhlite móide ús a aisghabháil, agus na cineálacha fógra agus cumarsáide a bheidh le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún maidir le mírialtachtaí;

(95)

Ba cheart go gcumhdófaí le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin: na rialacha is gá a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach oibleagáidí na mBallstát i ndáil le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, na rialacha is gá a ghlacadh d'fhonn go gcuirfear seiceálacha i bhfeidhm go haonfhoirmeach san Aontas, an cur i bhfeidhm agus an ríomh maidir le híocaíochtaí nó na teidlíochtaí íocaíochta a aistarraingt go páirteach nó go hiomlán; íocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil agus pionóis chomh maith le agus i ndáil freisin le teidlíochtaí íocaíochta a leithdháiltear go míchuí agus le cur i bhfeidhm úis. Ba cheart go gcumhdófaí leo freisin cur i bhfeidhm agus ríomh na bpionós riaracháin, na rialacha mionsonraithe chun neamhchomhlíonadh a shainiú mar mhion-neamhchomhlíonadh, na rialacha lena sainaithnítear na cásanna ina bhféadfaidh Ballstáit na pionóis a aisghabhfar a choimeád de bharr chineál na bpionós agus maidir leis na híocaíochtaí do na Ballstáit a chur ar fionraí i gcásanna sonracha a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(96)

Ar an mbealach céanna, ba cheart go gcumhdófaí le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin:, an cineál urrúis atá le taisceadh agus an nós imeachta maidir leis an urrús a thaisceadh, maidir le glacadh leis, agus maidir le hurrús nua a chur in ionad an bhunurrúis; na nósanna imeachta a bhaineann le hurrúis a scaoileadh agus an fógra a thabharfaidh Ballstáit nó an Coimisiún i gcomhthéacs urrús. Ba cheart go gcumhdófaí leo freisin: rialacha atá riachtanach agus a mbeidh údar leo i gcás éigeandála chun fadhbanna sonracha a réiteach maidir le tréimhsí íocaíochta agus réamhíocaíochtaí; rialacha maidir leis na h iarratais ar chabhair nó leis na héilimh íocaíochta, na hiarratais ar theidlíochtaí íocaíochta, lena n-áirítear an dáta deiridh chun na hiarratais a chur isteach, na ceanglais maidir leis an íosmhéid faisnéise atá le háireamh sna hiarratais, forálacha maidir le leasuithe nó maidir le hiarratais ar chabhair a aistarraingt, díolúine ón ngá le hiarratais ar chabhair a chur isteach, agus forálacha a ligeann do na Ballstáit nósanna imeachta simplithe a chur i bhfeidhm nó a ligeann dóibh earráidí follasacha a cheartú;

(97)

Ar an mbealach céanna, ba cheart go gcumhdófaí le cumhachtai cur chun feidhme an Choimisiúin: rialacha maidir le seiceálacha a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíontar oibleagáidí agus cruinneas agus sláine na faisnéise a chuirtear ar fáil san iarratas ar chabhair nó san éileamh íocaíochta, lena n-áirítear rialacha maidir le lamháltais tomhais do na seiceálacha ar an láthair; na sonraíochtaí teicniúla is gá chun an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe a chur chun feidhme go haonfhoirmeach; rialacha maidir le cásanna ina n-aistrítear gabháltais agus ina n-aistrítear aon oibleagáid a bhaineann le hincháilitheacht i ndáil leis an gcabhair i dtrácht, ar oibleagáid í is gá a chomhlíonadh fós; agus rialacha maidir le réamhíocaíochtaí; Ba cheart go gcumhdófaí leo freisin rialacha atá dírithe ar na rialacha maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid tráchtála a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach; na nósanna imeachta a bhaineann le bainc shonraí dhílse na mBallstát agus le banc sonraí iseatópacha anailíseacha a chuideoidh le calaois a bhrath; na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhar agus leis an gcúnamh idir údaráis agus comhlachtaí rialaithe, rialacha maidir leis na seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh caighdeán margaíochta, rialacha maidir leis na húdaráis a bheidh freagrach as na seiceálacha a dhéanamh, agus forálacha maidir le hábhar agus le minicíocht na seiceálacha sin agus leis an gcéim mhargaíochta a mbeidh feidhm ag na seiceálacha sin maidir leo;

(98)

Ba cheart go gcumhdófaí freisin le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin: i gcomhthéacs seiceálacha maidir le hainmníochtaí tionscnaimh agus le tásca geografacha agus le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint, an chumarsáid a bheidh idir na Ballstáit agus an Coimisiún; rialacha ar an údarás atá freagrach as comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an limistéar geografach i dtríú tír, na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur le húsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint; na seiceálacha agus fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil;

Ba cheart go gcumhdófaí leis freisin: rialacha maidir le seiceálacha a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíontar oibleagáidí tras-chomhlíontacha; rialacha sonracha nós imeachta agus rialacha teicniúla a bhaineann le ríomh agus cur i bhfeidhm na bpionós riaracháin ag éirí as neamh-chomhlíonadh na gceanglas tras-chomhlíontacha; rialacha a bhaineann le Ballstáit a chuireann faisnéis in iúl don gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 104; bearta maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a chosaint más rud é gur dóchúil go ndéanfaidh cleachtais eisceachtúla airgeadaíochta a bhaineann leis an airgeadra náisiúnta an cur i bhfeidhm sin a chur i mbaol.

(99)

Thairis sin, ba cheart go gcumhdófaí le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimsiúin an tsraith choitinn táscairí a bheidh sonrach chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT:rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le cur isteach ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún chun críche faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT; rialacha maidir le foirm agus féilire a fhoilsiú faoi thairbhithe na gCistí TFT, rialacha a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach lena gcuirfear in iúl do na tairbhithe go bpoibleofar a sonraí, ba cheart an comhar idir an Coimisiún agus Ballstáit i gcomhthéacs phoibliú liosta tairbhithe na gCistí.

(100)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme áirithe a ghlacadh. Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann ríomh na suimeanna a dhéanann an Coimisiún, cuireann an nós imeachta comhairleach ar chumas an Choimisiúin freagracht a ghlacadh go hiomlán as bainistiú an bhuiséid agus díríonn sé ar éifeachtúlacht mhéadaithe, intuarthacht agus luas, agus na teorainneacha ama agus na nósanna imeachta buiséadacha á gcur san áireamh. Maidir le gníomhartha cur chun feidhme laistigh de chreat na n-íocaíochtaí a dhéantar leis na Ballstáit agus maidir le hoibriú an nós imeachta um imréiteach cuntas, cuireann an nós imeachta comhairleach ar chumas an Choimisiúin freagracht a ghlacadh go hiomlán as bainistiú an bhuiséid agus as cuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí íocaíochta náisiúnta a fhíorú d'fhonn glacadh leis na cuntais sin nó, i gcás caiteachais nár tabhaíodh i gcomhréir le rialacha an Aontais, an caiteachas sin a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais. I gcásanna eile, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

(101)

Ba cheart go dtabharfaí don Choimisiún an chumhacht chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, ar gníomhartha iad a bhaineann leis an glan-iarmhéid atá ar fáil do chaiteachas CERT a shocrú, agus le híocaíochtaí breise nó asbhaintí a dhéanamh faoi chuimsiú an nós imeachta le haghaidh íocaíochtaí míosúla gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm.

(102)

Tagann deacrachtaí praiticiúla sonracha as an trasdul ó fhorálacha na Rialachán arna n-aisghairm ag an Rialachán seo go dtí na forálacha sa Rialachán seo. Chun déileáil leis na deacrachtaí sin a d'fhéadfadh a bheith ann, ba cheart a fhoráil go nglacfadh an Coimisiún na bearta is gá agus a bhfuil údar cuí leo.

(103)

De dheasca na práinne a bhaineann le cur chun feidhme rianúil na bearta a bheartaítear a ullmhú, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(104)

Ós rud é go mbeidh an tréimhse cláraithe le haghaidh clár forbartha tuaithe a mhaoinítear ar bhonn an Rialacháin seo ar siúl ón 1 Eanáir 2014, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón dáta sin. Mar sin féin, ós rud é go.gcumhdaíonn an bhliain airgeadais talmhaíochta caiteachas arna íoc agus ioncam arna fháil agus arna iontráil ag na gníomhaireachtaí íocaíochta i mbuiséid na gCistí i leith bhliain airgeadais "N" dar tús an 16 Deireadh Fómhair den bhliain "N-1" agus dar críoch an 15 Deireadh Fómhair den bhliain "N", ba cheart, maidir leis na forálacha a bhaineann le creidiúnu gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comordúcháin agus cumhachtaí ábhartha an Choimsiúin, le bainistiú airgeadais na gCistí, amhail an uasteorainn bhuiséadach, an cúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta, an smacht buiséadach agus ioncam a shannadh, go mbeadh feidhm acu ó dháta is luaithe a chomhfhreagraíonn do thús bhliain airgeadais 2014, i.e. 16 Deireadh Fómair 2013. Ar an gcúis chéanna, maidir leis na forálacha a bhaineann leis an nós imeachta maidir le híocaíochtaí míosúla arna ndéanamh leis na Ballstáit ag an gCoimisiún, agus le comhlíonadh na dteorainneacha íocaíochta ag na gníomhaireachtaí íocaíochta, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir leis an gcaiteachas arna chur i gcrích amhail ó thús bhliain airgeadais 2014, i.e. 16 Deireadh Fómair 2013.

(105)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ghlac sé tuairim (28).

(106)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú ar bhealach leordhóthanach i bhfianaise na nasc idir é agus ionstraimí eile CBT agus na srianta ar acmhainní airgeadais na mBallstát in Aontas méadaithe, ach gur féidir, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, de bharr ráthaíocht ilbhliantúil maoinithe ón Aontas agus trí dhíriú isteach ar a thosaíochtaí, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Raon feidhme

Leagann an Rialachán seo na rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

maoiniú caiteachais faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), lena n-áirítear caiteachas ar fhorbairt tuaithe;

(b)

an córas comhairleach feirme;

(c)

na córais bhainistithe agus rialaithe atá le cur ar bun ag na Ballstáit;

(d)

an córas tras-chomhlíonta;

(e)

imréiteach cuntas.

Airteagal 2

Téarmaí a úsáidtear sa Rialachán seo

1.   Chun críche an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn "feirmeoir", feirmeoir réir bhrí Airteagal 4 de Rialachán (AE) 1307/2013;

(b)

ciallaíonn "gníomhaíocht talmhaíochta" gníomhaíocht talmhaíochta de réir bhrí Airteagal 4 de Rialachán (AE) 1307/2013

(c)

ciallaíonn "limistéar talmhaíochta" limistéar talmhaíochta de réir bhrí Airteagal 4 de Rialachán (AE) 1307/2013;

(d)

ciallaíonn "gabháltas" gabháltas de réir bhrí Airteagal 4 de Rialachán (AE) 1307/2013[ÍD], seachas mar a fhoráiltear dó in Airteagal 91(3) chun críche Teideal VI de Rialachán (AE) 1307/2013;

(e)

ciallaíonn "íocaíochtaí díreacha" íocaíochtaí díreacha de réir bhrí Airteagal 1 de Rialachán (AE) 1307/2013;

(f)

ciallaíonn "reachtaíocht talmhaíochta earnálach" aon ghníomh is infheidhme a ghlactar ar bhonn Airteagal 43 CFAE faoi chuimsiú CBT agus ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme, aon ghníomhartha tarmligthe nó aon ghníomhartha cur chun feidhme a ghlactar ar bhonn na ngníomhartha sin agus ar bhonn Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid atá feidhm aige maidir le CETFT;

(g)

ciallaíonn "neamhrialtacht" neamhrialtacht de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 2988/95 (CE, Euratom) ón gComhairle.

2.   Chun críche CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, féadfar "force majeure" agus "imthosca eisceachtúla" a aithint go háirithe i gcásanna mar a leanas:

(a)

bás an tairbhí;

(b)

éagumas fadtéarmach gairmiúil an tairbhí;

(c)

tubaiste thromchúiseach nádúrtha a dhéanann dochar mór don ghabháltas;

(d)

scrios foirgneamh beostoic ar an ngabháltas trí thimpiste;

(e)

galar eipeasótach nó galar plandaí a dhéanann difear do chuid de stoc an tairbhí nó don stoc ar fad nó dá bharraí faoi seach;

(f)

díshealbhú an ghabháltais go léir nó cuid mhór de más rud é nárbh fhéidir a bheith ag súil leis sin ar an lá ar taisceadh an t-iarratas.

TEIDEAL II

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE CISTÍ TALMHAÍOCHTA

CAIBIDIL I

Cistí Talmhaíochta

Airteagal 3

Cistí lena maoinítear caiteachas talmhaíochta

1.   Chun cuspóirí CBT a shainítear i CFAE a bhaint amach, is iad na cistí a leanas a dhéanfaidh maoiniú ar na bearta éagsúla a thagann faoi, lena n-áirítear forbairt tuaithe:

(a)

an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT);

(b)

an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

2.   Tiocfaidh CERT agus CETFT (na "Cistí"). faoi bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Caiteachas CERT

1.   Déanfar CERT a chur chun feidhme trí bhainistiú comhpháirteach idir na Ballstáit agus an tAontas. Maoineoidh sé an caiteachas a leanas, a dhéanfar i gcomhréir le dlí an Aontais:

(a)

bearta lena rialaítear nó lena dtugtar tacaíocht do mhargaí talmhaíochta;

(b)

íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi CBT;

(c)

ranníocaíocht an Aontais le bearta faisnéise agus cur chun cinn maidir le táirgí talmhaíochta ar mhargadh inmheánach an Aontais agus i dtríú tíortha, arna gcur i gcrích ag Ballstáit ar bhonn clár seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5 agus arna roghnú ag an gCoimisiún;

(d)

ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Scéim Torthaí agus Glasraí do Scoileanna dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an Aontais agus leis na bearta maidir le galair ainmhithe agus laghdú ar mhuinín na dtomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 155 den Rialachán sin.

2.   Maoineofar le CERT an caiteachas a leanas ar bhealach díreach agus i gcomhréir le dli an Aontais:

(a)

cur chun cinn táirgí talmhaíochta, a dhéanann an Coimisiún go díreach nó a dhéantar trí eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(b)

bearta, a dhéantar i gcomhréir le dlí an Aontais, chun caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht a áirithiú;

(c)

bunú agus cothabháil córas faisnéise cuntasaíochta talmhaíochta;

(d)

córais suirbhéanna talmhaíochta, lena n-áirítear suirbhéanna ar struchtúr gabháltas talmhaíochta.

Airteagal 5

Caiteachas CETFT

Déanfar CETFT a chur chun feidhme trí bhainistiú comhpháirteach idir na Ballstáit agus an tAontas. Maoineofar leis ranníocaíocht airgeadais an Aontais le cláir forbartha tuaithe a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe.

Airteagal 6

Caiteachas eile, lena n-áirítear cúnamh teicniúil

Féadfaidh na Cistí., a mhéid is go bhfuil baint acu leis, an tacaíocht ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus theicniúil a mhaoiniú ar bhealach díreach, ar thionscnamh an Choimisiúin agus/nó thar a cheann, chomh maith le gníomhachtaí meastóireachta, iniúchóireachta agus cigireachta a bhfuil gá leo chun CBT a chur chun feidhme. Áireofar an méid a leanas go háirithe sna bearta sin:

(a)

bearta a bhfuil gá leo chun anailís, bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar CBT, chun faisnéis ina thaobh a mhalartú agus chun CBT a chur chun feidhme, chomh maith le bearta a bhaineann le cur chun feidhme córas rialaithe agus cúnamh teicniúil agus riaracháin;

(b)

fáil na n-íomhánna satailíte ag an gCoimisiún, ar íomhánna satailíte iad a bhfuil gá leo do na seiceálacha i gcomhréir le hAirteagal 21;

(c)

na bearta a dhéanann an Coimisiún trí mheán feidhmchláir chianbhraiteacha a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar acmhainní talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 22;

(d)

bearta a bhfuil gá leo chun modhanna agus bealaí teicniúla a fhorbairt agus a chothabháil ar mhaithe le faisnéis i leith bhainistiú airgeadais na gcistí a úsáidtear chun CBT a mhaoiniú, ar mhaithe le hidirnascadh an bhainistithe sin, faireachán air agus rialú an bhainistithe;

(e)

soláthar faisnéise maidir le CBT i gcomhréir le hAirteagal 45;

(f)

staidéir ar CBT agus meastóireacht ar bhearta a mhaoiníonn na Cistí. TFT, lena n-áirítear feabhas a chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise faoi chleachtais ábhartha faoi CBT;

(g)

nuair is iomchuí, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin arna gcur ar bun i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 (29) ón gComhairle, a ghníomhaíonn i ndáil le CBT;

(h)

bearta a bhaineann le scaipeadh faisnéise, ardú feasachta, cur chun cinn comhair agus malartú taithí ar leibhéal an Aontais, a dhéantar i gcomhthéacs na forbartha tuaithe, lena n-áirítear gréasán a chruthú lena nascfar na páirtithe lena mbaineann;

(i)

bearta a bhfuil gá leo chun lógónna a fhorbairt, a chlárú agus a chosaint faoi chuimsiú bheartais cháilíochta an Aontais agus chun cearta maoine intleachtúla a bhfuil baint acu leis na beartais sin a chosaint, chomh maith leis na forbairtí is gá i dteicneolaíocht na faisnéise (TF).

CAIBIDIL II

Gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile

Airteagal 7

Creidiúnú agus aistarraingt creidiúnaithe de chuid gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe

1.   Ranna nó comhlachtaí de chuid na mBallstát atá freagrach as bainistiú agus rialú an chaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 5 a bheidh i ngníomhaireachtaí íocaíochta.

Cé is moite d'íocaíocht, féadfar cur i gcrích na gcúraimí sin a tharmligean.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na ranna nó na comhlachtaí sin a bhfuil eagrúchán riaracháin agus córas rialaithe inmheánaigh acu lena soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha go bhfuil íocaíochtaí dleathacha agus ceart agus go dtugtar cúiseanna cearta ina leith a chreidiúnú mar ghníomhaireachtaí íocaíochta. Chun na críche sin, cloífidh gníomhaireachtaí íocaíochta leis na coinníollacha íosta le haghaidh an chreidiúnaithe maidir leis an timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid, agus faireachán a leagann an Coimisiún síos de bhun phointe (a) d'Airteagal 8(1).

Ag cur san áireamh a chuid forálacha bunreachtúla, déanfaidh gach Ballstát líon a ghníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe a theorannú do líon nach mó ná ceann amháin ar an leibheál náisiúnta nó, do cheann amháin in aghaidh an réigiúin, más infheidhme. I gcás, áfach, ina mbunófar gníomhaireachtaí íocaíochta ar an leibhéal réigiúnach, déanfaidh Ballstáit gníomhaireacht íocaíochta a chreidiúnú freisin ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh scéimeanna cabhrach nach mór, de bharr chineál na scéimeanna, iad a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta nó bainistiú na scéimeanna sin a chur de chúram ar a ngníomhaireachtaí íocaíochtaí réigiúnacha.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit líon na ngníomhaireachtaí íocaíochta a creidiúnaíodh sular tháinig 20 Nollaig 2013 i bhfeidhm a choimeád ar bun.

Roimh dheireadh 2016, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil chuig chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hoibriú chóras na ngníomhaireachtaí íocaíochta san Aontas, i gceangal, i gcás inarb iomchuí, le tograí reachtacha.

3.   Faoin 15 Feabhra den bhliain tar éis na bliana airgeadais lena mbaineann, déanfaidh an duine atá i gceannas na gníomhaireachta íocaíochta creidiúnaithe an méid a leanas a tharraingt suas:

(a)

na cuntais bhliantúla i leith an chaiteachais a rinneadh i gcur i gcrích na dtascanna a tugadh dá ghníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe, mar aon leis an bhfaisnéis is gá dá imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 51;

(b)

dearbhú bainistithe maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas agus dea-fheidhmiú na gcóras rialaithe inmheánach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, chomh maith le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart;

(c)

achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha iniúchóra deiridh agus na rialuithe a rinneadh, lena n-áirítear anailís ar chineál agus ar mhéid na n-earráidí agus na laigí sna córais a sainaithníodh, chomh maith leis na bearta ceartaitheacha a bheidh le déanamh nó a bheartaítear.

Féadfaidh an Coimisiún spriocdháta an 15 Feabhra a shíneadh, ar bhonn eisceachtúil, chuig dátá nach déanaí ná an 1 Márta, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.

4.   I gcás ina bhfuil níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe amháin ann, ainmneoidh an Ballstát comhlacht poiblí (an "comhlacht comhordaithe"), a sannfaidh sé na cúraimí seo a leanas dó:

(a)

an fhaisnéis atá le cur ar fáil don Choimisiún a bhailiú agus an fhaisnéis sin a sheoladh chuig an gCoimisiún;

(b)

gníomhaíochtaí a ghlacadh nó a chomhordú, de réir mar a tharlaíonn sé, d'fhonn aon easnaimh de chineál coiteann a réiteachagus an Coimisiún a choimeád ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí leantacha;

(c)

cur i bhfeidhm comhchuibhithe rialacha an Aontais a chur chun cinn, agus i gcás inar féidir, a áirithiú.

Maidir le próiseáil na faisnéise airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, beidh an comhlacht comhordaithe faoi réir chreidiúnú sonrach ag na Ballstát.

5.   I gcás nach gcomhlíonann gníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe ceann amháin nó níos mó de na critéir chreidiúnaithe dá dtagraítear i mír 2, nó nach gcomhlíonann sí na critéir sin a thuilleadh, aistarraingeoidh an Ballstát, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún, a creidiúnú mura ndéanann an ghníomhaireacht íocaíochta na hathruithe is gá laistigh de thréimhse a bheidh le cinneadh de réir thromchúis na faidhbe.

6.   Déanfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta rialú na n-oibríochtaí a bhfuil baint acu le hidirghabháil phoiblí, ar oibríochtaí iad a bhfuil siad freagrach astu, a bhainistiú agus a áirithiú agus coinneoidh siad freagracht fhoriomlán sa réimse sin.

Airteagal 8

Cumhachtaí an Choimisiúin

1.   Chun feidhmiú fónta an chórais dá bhforáiltear in Airteagal 7 a áirithiú, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 111 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha íosta le haghaidh gníomhaireachtaí íocaíochta agus le haghaidh comhlachtaí comhordaithe a chreidiúnú dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 7(4) faoi seach;

(b)

oibleagáidí na ngníomhaireachtaí íocaíochta maidir le hidirghabháil phoiblí, chomh maith leis na rialacha maidir lena bhfuil ina bhfreagrachtaí bainistithe agus rialaithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta chun an creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint agus a aistarraingt, chomh maith leis na nósanna imeachta chun maoirseacht a dhéanamh ar chreidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta;

(b)

an obair agus le bunseiceálacha dhearbhú bainistithe na ngníomhaireachtaí íocaíochta;

(c)

feidhmiú an chomhlachta chomhordaithe agus fógra i dtaobh faisnéise a thabhairt don Choimisiún dá dtagraítear in Airteagal 7(4).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 9

Comhlachtaí deimhniúcháin

1.   Is é a bheidh sa chomhlacht deimhniúcháin comhlacht iniúchóireachta poiblí nó príobháideach a ainmneoidh an Ballstát. I gcás inarb é comhlacht iniúchóireachta príobháideach atá i gceist, agus i gcás ina n-éilítear sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta is infheidhme, is é an Ballstát a roghnóidh é faoi nós imeachta tairisceana poiblí. Tabharfaidh sé tuairim, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo ar bhonn idirnáisiúnta, maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht chuntais bhliantúla na gníomhaireachta íocaíochta, dea-fheidhmiú a córais rialaithe inmheánaigh agus dlíthiúlacht agus cirte an chaiteachais ar iarradh aisíocaíocht ina leith ón gCoimisiún. Léireofar sa tuairim sin freisin cibe an chruthófar amhras faoi na nithe a fhógrófar sa dearbhú bainistithe mar thoradh ar an scrúdú.

Beidh an saineolas teicniúl riachtanach ag an gcomhlacht deimhniúcháin. Beidh sé neamhspleách go hoibríochtúil ar an ngníomhaireacht íocaíochta agus ar an gcomhlacht comhordaithe lena mbaineann araon agus ar an údarás a chreidiúnaigh an ghníomhaireacht.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lenaa leagtar síos rialacha maidir le cúraimí na gcomhlachtaí deimhniúcháin, lena n-áirítear na seiceálacha, agus maidir leis na deimhnithe agus na tuarascálacha, mar aon leis na doiciméid a ghabhann leo, atá le tarraingt suas ag na comhlachtaí sin. I bhfianaise an gá atá leis an uasmhéid éifeachtúlachtale tástáil idirbheart agus le breithniúchán gairmiúil iniúchóireachta maidir le cur chuige comhtháite, á chur san áireamh, leagfar an méid seo a leanas síos leis na gníomhartha cur chun feidhme freisin:

(a)

na prionsabail iniúchóireachta a bhfuil tuairimí na gcomhlachtaí deimhniúcháin bunaithe orthu, lena n-áirítear measúnú rioscaí, seiceálacha inmheánacha agus an leibhéal d'fhianaise iniúchóireachta a bhfuil gá leis;

(b)

na modhanna iniúchóireachta a bheidh le húsáid, ag féachaint do chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiniúchóireacht, ag na comhlachtaí deimhniúcháin lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, sampla comhtháite aonair a úsáid le haghaidh gach daonra agus, i gcás inarb iomchuí an deis a bheith páirteach i seiceálacha ar an láthair de chuid na ngníomhaireachtaí íocaíochta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 10

Inghlacthacht íocaíochtaí a dhéanann na gníomhaireachtaí íocaíochta

Ní fhéadfaidh maoiniú ón Aontas an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 5 a chumhdach ach amháin más rud é go ndearna gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe an caiteachas sin.

Airteagal 11

Íocaíocht iomlán le tairbhithe

Mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite i ndlí an Aontais, déanfar íocaíochtaí a bhaineann leis an maoiniú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a íoc ina n-iomláine leis na tairbhithe.

TEIDEAL III

CÓRAS COMHAIRLEACH FEIRME

Airteagal 12

Prionsabal agus raon feidhme

1.   Bunóidh na Ballstáit córas chun comhairle a thabhairt do thairbhithe i dtaobh bainistiú talún agus bainistiú feirme (an 'córas comhairleach feirme'). Déanfar an córas comhairleach feirme a oibriú ag comhlachtaí poiblí ainmnithe agus/nó comhlachtaí príobháideacha roghnaithe.

2.   Cumhdóidh an córas comhairleach feirme an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

oibleagáidí ar leibhéal na feirme atá mar thoradh ar na ceanglais reachtúla do bhainistiú agus na caighdeáin maidir le dea-bhail talmhaíochta agus chomhshaoil talún mar atá siad leagtha síos i gCaibidil I de Theideal VI;

(b)

na cleachtais talmhaíochta atá chun tairbhe na haeráide agus an chomhshaoil mar atá siad leagtha síos i gCaibidil 3 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus cothabháil an limistéir thalmhaíochta mar a thagraítear dó i bpointe (c) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(c)

bearta ar leibhéal na feirme dá bhforáiltear i gcláir forbartha tuaithe lena ndírítear ar fheirmeacha a nuachóiriú, ar iomaíochas a fhorbairt, ar chomhtháthú earnálach, ar nuálaíocht, ar treoshuíomh ó thaobh an mhargaidh agus ar chur chun cinn na fiontraíochta;

(d)

ceanglais ar leibhéal thairbhithe mar a shainmhínítear iad ag Ballstáit le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 11(3) de Threoir 2000/60/CE;

(e)

ceanglais ar thairbhithe mar a shainmhínítear iad ag Ballstáit le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, go háirithe an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2009/128/CE.

3.   Féadfaidh an córas comhairleach feirme an méid seo a leanas, go háirithe, a chumhdach freisin:

(a)

athchóirithe feirmeacha a chur chun cinn agus a gcuid gníomhaíochta eacnamaíche a éagsúlú;

(b)

bainistiú rioscaí agus gníomhaíochtaí coisctheacha iomchuí a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar thubaistí nadúrtha, ar theagmhais thromchúiseacha agus ar ghalair ainmhithe agus phlandaí;

(c)

na híoscheanglais arna mbunú leis an dlí náisiúnta, faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 28(3) agus in Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(d)

an fhaisnéis a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, bithéagsúlacht agus cosaint uisce mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 13

Ceanglais shonracha a bhaineann leis an gcóras comhairleach feirme

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cáilíochtaí cuí ag comhairleoirí a oibríonn sa chóras comhairleach feirme agus go gcuirfear oiliúint orthu go rialta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deighilt ann idir comhairle agus seiceálacha. I ndáil leis sin agus gan dochar do reachtaíocht náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, áiritheoidh na Ballstáit nach nochtfaidh na comhlachtaí roghnaithe agus ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1) faisnéis phearsanta nó faisnéis faoi dhuine aonair agus sonraí pearsanta nó sonraí faoi dhuine aonair a fhaigheann siad le linn a ngníomhaíochta comhairlí do dhaoine seachas an tairbhí a bhainistíonn an gabháltas lena mbaineann, cé is moite d'aon neamhrialtacht nó sárú a aimsíodh le linn a ngníomhaíochta, ar neamhrialtacht í nó ar sárú é atá cumhdaithe ag oibleagáid a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta maidir le húdarás poiblí a chur ar an eolas, go háirithe i gcás cionta coiriúla.

3.   Déanfaidh an t-údarás náisiúnta lena mbaineann, trí mhodhanna leictreonacha go háirithe, liosta cuí na gcomhlachtaí roghnaithe agus ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 12 (1) a chur ar fáil don tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ann.

Airteagal 14

Rochtain ar an gcóras comhairleach feirme

Féadfaidh tairbhithe agus feirmeoirí nach bhfaigheann tacaíocht faoi CBT úsáid a bhaint as an gcóras comhairleach feirme ar bhonn deonach.

Gan dochar don cheathrú fomhír d'Airteagal 99(2), féadfaidh Ballstáit, áfach, a chinneadh, i gcomhréir le critéir oibiachtúla, catagóirí na dtairbhithe a mbeidh rochtain tosaíochta acu ar an gcóras comhairleach feirme, lena n-áirítear líonraí a fheidhmeoidh le hacmhainní teoranta de réir bhrí Airteagal 53, 55 agus 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar tosaíocht do na feirmeoirí sin a bhfuil an rochtain is teoranta acu ar sheirbhís comhairleach seachas an córas comhairleach feirme.

Áiritheoidh an córas comhairleach feirme go mbeidh rochtain ag tairbhithe ar chomhairle atá oiriúnach do staid shonrach a ngabháltais.

Airteagal 15

Cumhachtaí an Choimisiúin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm comhionann an chórais chomhairligh feirme d'fhonn an córas sin a dhéanamh lánoibríochtúil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

TEIDEAL IV

BAINISTIÚ AIRGEADAIS NA gCISTÍ

CAIBIDIL I

CERT

Roinn 1

Caiteachas a Mhaoiniú

Airteagal 16

Uasteorainn buiséid

1.   Is iad na huasmhéideanna atá socruithe ina leith faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 a bheidh san uasteorainn bhliantúil do chaiteachas CERT.

2.   I gcás ina ndéantar foráil i ndlí an Aontais maidir le cur leis na suimeanna dá dtagraítear i mír 1 nó maidir le hiad a laghdú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 116 a chur i bhfeidhm, lena socrófar an t-iarmhéid glan atá ar fáil do chaiteachas CERT ar bhonn na sonraí dá dtagraítear i ndlí an Aontais.

Airteagal 17

Íocaíochtaí míosúla

1.   Cuirfidh an Coimisiún na leithreasaí is gá chun an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a mhaoiniú ar fáil do na Ballstáit i bhfoirm íocaíochtaí míosúla, ar bhonn an chaiteachais arna dhéanamh ag na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe i rith tréimhse tagartha.

2.   Go dtí go n-aistreoidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla, is iad na Ballstáit a bhainfidh úsáid as na hacmhainní is gá chun caiteachas a dhéanamh de réir riachtanais a ngníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe.

Airteagal 18

Nós imeachta le haghaidh íocaíochtaí míosúla

1.   Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 51 agus Airteagal 52, déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí míosúla, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 53 agus Airteagal 54, do chaiteachas a dhéanann na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe i rith na míosa tagartha.

2.   Déanfar íocaíochtaí míosúla le gach Ballstát ar a dhéanaí an tríú lá oibre den dara mí tar éis na míosa ina ndéantar an caiteachas. Measfar gur i mí Dheireadh Fómhair a rinneadh caiteachas a dhéanann Ballstáit idir an 1 agus an 15 Deireadh Fómhair. Measfar gur i mí na Samhna a rinneadh caiteachas a dhéanann Ballstáit idir an 16 agus an 31 Deireadh Fómhair.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadhlena gcinntear na híocaíochtaí míosúla a dhéanann sé, ar bhonn dearbhaithe caiteachais ó na Ballstáit agus ar bhonn na faisnéise arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 102(1), agus laghduithe nó fionraíochtaí arna gcur i bhfeidhm faoi Airteagal 41 nó aon cheartúcháin eile á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

4.   Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 116 a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh íocaíochtaí breise nó asbhaintí a dhéanamh. Sna cásanna sin, cuirfear an coiste dá dtagraítear in Airteagal 116(1) ar an eolas ag a chéad chruinniú eile.

Airteagal 19

Costais riaracháin agus phearsanra

Ní íocfaidh an Ciste as caiteachas a bhaineann le costais riaracháin agus phearsanra arna ndéanamh ag Ballstáit agus ag tairbhithe na cabhrach ó CERT.

Airteagal 20

Caiteachas idirghabhála poiblí

1.   I gcás, i gcomhthéacs chomheagrú na margaí, nach bhfuil suim in aghaidh an aonaid cinntithe maidir le hidirghabháil phoiblí, maoineoidh CERT an beart lena mbaineann ar bhonn méideanna caighdeánacha arb ionann iad ar fud an Aontais, go háirithe i leith cistí ó na Ballstáit a úsáidtear chun táirgí a cheannach isteach, le haghaidh oibríochtaí ábhair a eascraíonn as stóráil agus, i gcás inarb iomchuí, chun táirgí idirghabhála a phróiseáil.

2.   Chun a áirithiú go maoineoidh CERT an caiteachas idirghabhála poiblí, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an cineál beart atá incháilithe do mhaoiniú ón Aontas agus na coinníollacha aisíocaíochta;

(b)

na coinníollacha incháilitheachta agus na modhanna ríomha ar bhonn na faisnéise arna taifeadadh iarbhír ag na gníomhaireachtaí íocaíochta nó ar bhonn rátaí comhréidh arna gcinneadh ag an gCoimisiún, nó ar bhonn méideanna seasta nó méideanna nach bhfuil seasta agus a bhfuil foráil déanta maidir leo i reachtaíocht talmhaíochta earnálach.

3.   Chun bainistiú ceart na leithreasaí a iontráiltear i mbuiséad an Aontais do CERT a áirithiú, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115, lena leagtar síos na rialacha a bhaineann le hoibríochtaí idirghabhála poiblí á luacháil, na bearta atá le déanamh i gcás ina gcaillfear táirgí nó ina dtiocfaidh meath orthu faoin idirghabháil phoiblí agus na méideanna atá le maoiniú a chinneadh.

4.   Déanfaidh an an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena socrófar na méideanna dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

Airteagal 21

Íomhánna satailíte a fháil

Aontóidh an Coimisiún agus na Ballstáit liosta na n-íomhánna satailíte a bhfuil gá leo do sheiceálacha i gcomhréir leis an tsonraíocht a ullmhóidh gach Ballstát.

Déanfaidh an Coimisiún na híomhánna satailíte sin a sholáthar saor in aisce do na comhlachtaí rialaithe nó do sholáthraithe seirbhísí a bhfuil údarú faighte acu ó na comhlachtaí sin chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann.

Beidh úinéireacht na n-íomhánna satailíte fós ag an gCoimisiún agus gheobhaidh sé ar ais iad nuair a bheidh an obair críochnaithe. Féadfaidh sé a cheangal freisin go ndéanfar obair chun feabhas a chur ar theicnící agus ar mhodhanna oibre maidir le cigireacht chianbhraiteach a dhéanamh ar limistéir talmhaíochta.

Airteagal 22

Faireachán ar acmhainní talmhaíochta

Beidh mar aidhm leis na bearta arna maoiniú de bhun phointe (c) d'Airteagal 6 cur ar chumas an Choimisiúin na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

bainistíocht a dhéanamh ar mhargaí talmhaíochta an Aontais i gcomhthéacs domhanda;

(b)

faireachán agranamaíoch agus agra-chomhshaoil ar thailte talmhaíochta, lena n-áirítear agrafhoraoiseacht, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar an mbail atá ar na barra a áirithiú d'fhonn meastacháin a dhéanamh, go háirithe a fhad a bhaineann le táirgeacht agus táirgeadh talmhaíochta;

(c)

rochtain ar na meastacháin sin a roinnt i gcomhthéacs idirnáisiúnta, amhail na tionscnaimh sin arna gcomhordú ag eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe nó ag gníomhaireachtaí idirnáisiúnta eile;

(d)

rannchuidiú le trédhearcacht margaí domhanda; agus

(e)

faireachán teicneolaíochta ar an gcóras agraimeitéareolaíoch a áirithiú.

Baineann na bearta arna maoiniú de bhun phointe (c) d'Airteagal 6 le bailiú nó ceannach sonraí is gá chun CBT a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air, lena n-áirítear sonraí satailíte agus sonraí meitéareolaíocha, cruthú infrastruchtúir sonraí spásúla agus suímh ghréasáin, staidéir shonracha a bhaineann le dálaí aeráide a dhéanamh, teicnící cianbhraiteachta a úsáidtear chun cabhrú i ndáil le faireachán a dhéanamh ar shláinte ithreach agus samhlacha agraimeitéareolaíocha agus eacnaiméadracha a thabhairt cothrom le dáta. I gcás inarb iomchuí, déanfar na bearta sin i gcomhar le saotharlanna agus comhlachtaí náisiúnta.

Airteagal 23

Cumhachtaí cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos:

(a)

rialacha maidir leis an maoiniú de bhun phointe (b) agus phointe (c) d'Airteagal 6;

(b)

an nós imeachta faoina ndéanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21 agus Airteagal 22 chun na cuspóirí arna sannadh a bhaint amach;

(c)

an creat lena rialaítear fáil, beachtú agus úsáid na n-íomhánna satailíte agus na sonraí meitéareolaíocha, agus maidir leis na sprioc-amanna is infheidhme.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Roinn 2

Smacht buiséadach

Airteagal 24

Comhlíonadh na huasteorann

1.   Le linn an nós imeachta bhuiséadaigh agus fad atá an buiséad á chur chun feidhme, ní sháróidh leithreasaí a bhaineann le caiteachas CERT an méid dá dtagraítear in Airteagal 16.

Gach ionstraim reachtach a bheartóidh an Coimisiún agus a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, an Chomhairle nó an Coimisiún, ar ionstraim í a mbeidh tionchar aici ar bhuiséad CERT, comhlíonfaidh sí an méid dá dtagraítear in Airteagal 16.

2.   I gcás ina ndéantar foráil i ndlí an Aontais maidir le huasteorainn airgeadais in euro do chaiteachas talmhaíochta i ndáil le Ballstát, aisíocfar an caiteachas sin faoi réir na teorann sin arna socrú in euro, agus, i gcás ina bhfuil Airteagal 41 infheidhme, déanfar aon choigeartú is gá.

3.   Measfar gur uasteorainneacha in euro iad uasteorainneacha náisiúnta d'íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, arna gcoigeartú i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo.

Airteagal 25

Cúlchiste do ghéarchéimeanna san earnáil talmhaíochta

Bunófar cúlchiste chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil don roinn talmhaíochta sin i gcás géarchéimeanna tromchúiseacha a dhéanfaidh difear don táirgeacht talmhaíochta nó don dáileadh talmhaíochta ("an cúlchiste le haghaidh géarchéimeanna sa roinn talmhaíochta") trí laghdú a chur i bhfeidhm ag tús gach bliana ar íocaíochtaí díreacha leis an sásra smachta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 26.

EUR 2 800 milliún a bheidh i méid iomlán an chúlchiste agus tráthchodanna bliantúla comhionanna de EUR 400 milliún (ag praghsanna 2011) don tréimhse 2014-2020 agus aireofar é faoi Cheanntheideal 2 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013.

Airteagal 26

Smacht airgeadais

1.   D'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na huasteorainneacha bliantúla a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 do mhaoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh agus do mhaoiniú íocaíochtaí díreacha, déanfar ráta coigeartaithe d'íocaíochtaí díreacha ("an ráta coigeartaithe") a chinneadh i gcás ina léiríonn na réamhaisnéisí do mhaoiniú na mbeart a mhaoinítear faoin bhfo-uasteorainn sin do bhliain áirithe airgeadais go sárófar na huasteorainneacha bliantúla is infheidhme.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Márta sa bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an gcoigeartú dá dtagraítear i mír 1 ina leith, togra maidir leis an ráta coigeartaithe a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

3.   Más rud é nach bhfuil an ráta coigeartaithe socraithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, faoin 30 Meitheamh in aon bhliain, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena socraítear an ráta coigeartaithe agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi láithreach. Glacfar gníomharthacur chun feidhme den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

4.   Go dtí an 1 Nollaig, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise nua a bheidh faighte aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar an ráta coigeartaithe arna shocrú i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 a oiriúnú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

5.   De mhaolú ar an gceathrú fomhír d'Airteagal 169(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, aisíocfaidh na Ballstáit na leithreasaí a thabharfar anonn i gcomhréir le hAirteagal 169(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 leis na faighteoirí deiridh a bheidh faoi réir an choigeartaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sa bhliain airgeadais a dtabharfar na leithreasaí anonn chuige.

Ní bheidh feidhm ag an aisíocaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin maidir le tairbhithe deiridh sna Ballstáit ina mbeidh feidhm ag smacht airgeadais sa bhliain airgeadais roimhe sin.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagfar síos na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le leithreasaí arna dtabhairt anonn i gcomhréir le hAirteagal 169(3) de Rialachán Uimhir (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 chun an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) den Rialachán seo a mhaoiniú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

7.   Nuair a chuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm, áireofar sa chinneadh a dhéanfar maidir leis an ráta coigeartaithe an méid don chúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 25. Aon mhéid nach gcuirfear ar fáil le haghaidh beart géarchéimeanna faoi dheireadh na bliana airgeadais, déanfar é a eisíoc i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 27

Nós imeachta maidir le smacht buiséadach

1.   An tráth céanna a chuirfidh sé an dréachtbhuiséad don bhliain airgeadais N faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, cuirfidh an Coimisiún a réamhaisnéisí do na blianta airgeadais N – 1, N agus N + 1 i láthair dóibh.

2.   Más rud é, nuair a tharraingíonn sé suas an dréachtbhuiséad don bhliain airgeadais N, go ndealraíonn sé go bhfuil riosca ann go sárófar an méid dá dtagraítear in Airteagal 16 don bhliain airgeadais N, molfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó don Chomhairle na bearta is gá chun comhlíonadh i dtaobh an mhéid sin a áirithiú.

3.   Ag am ar bith, má mheasann an Coimisiún go bhfuil riosca ann go sárófar an méid dá dtagraítear in Airteagal 16 agus nach féidir leis bearta leordhóthanacha a dhéanamh faoina chumhachtaí chun an scéal a leigheas, molfaidh sé bearta eile chun comhlíonadh i dtaobh an mhéid sin áirithiú. Glacfaidh an Chomhairle na bearta sin i gcás inarb é Airteagal 43(3) CFAE an bunús dlí leis an mbeart ábhartha nó glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iad i gcás inarb é Airteagal 43(2) CFAE an bunús dlí leis an mbeart ábhartha.

4.   Más rud é, ag deireadh na bliana airgeadais N, go sáraíonn iarrataí ar aisíocaíochtaí ó na Ballstáit an méid dá dtagraítear in Airteagal 16, nó más dóchúil go sáróidh siad an méid sin, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

na hiarrataí a bheidh curtha isteach ag na Ballstáit a bhreithniú ar bhonn pro rata agus laistigh de theorainn an bhuiséid atá ar fáil, agus déanfaidh sé, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena socrófar, méid na n-íocaíochtaí don mhí lena mbaineann a shocrú go sealadach;

(b)

a chinneadh, i gcás gach Ballstáit, ar a dhéanaí faoin 28 Feabhra den bhliain dár gcionn, cén staid ina bhfuil sé maidir le maoiniú ón Aontas don bhliain airgeadais roimhe sin;

(c)

gníomhartha chur chun feidhme a ghlacadh lena socrófar méid iomlán an mhaoinithe ón Aontas arna mhiondealú de réir Ballstáit, ar bhonn ráta aonair, laistigh de theorainn an bhuiséid a bhí ar fáil do na híocaíochtaí míosúla;

(d)

aon chúiteamh atá le déanamh i leith Ballstát, ar a dhéanaí nuair a dhéantar na híocaíochtaí míosúla do mhí an Mhárta sa bhliain N+1.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

Airteagal 28

Córas luathrabhaidh agus faireacháin

Chun a áirithiú nach sárófar an uasteorainn bhuiséadach dá dtagraítear in Airteagal 16, déanfaidh an Coimisiún córas míosúil luathrabhaidh agus faireacháin a chur chun feidhme i dtaobh chaiteachas CERT.

Chuige sin, ag tús gach bliana airgeadais, déanfaidh an Coimisiún próifílí míosúla caiteachais a chinneadh chun na críche sin, próifílí a bheidh bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar an meánchaiteachas míosúil sna trí bliana roimhe sin.

Ó am go chéile, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdófar forbairt an chaiteachais arna dhéanamh i ndáil leis na próifílí agus ina mbeidh measúnú ar an gcur chun feidhme intuartha don bhliain airgeadais reatha.

Airteagal 29

Rátaí malairte tagartha

1.   Agus dréachtbhuiséad á ghlacadh ag an gCoimisiún, nó litir leasaitheach a ghabhann leis an dréachtbhuiséad agus a bhaineann le caiteachas talmhaíochta á glacadh aige, úsáidfidh sé, chun meastacháin bhuiséad CERT a bhunú, an meánráta malairte idir an euro agus dollar na Stát Aontaithe a taifeadadh ar an margadh le linn na ráithe is deireanaí dar críoch 20 lá ar a laghad sula nglacann an Coimisiún an doiciméad buiséadach.

2.   Agus dréachtbhuiséad leasaitheach agus forlíontach á ghlacadh nó litir leasaitheach air sin á glacadh ag an gCoimisiún, úsáidfidh sé, a mhéid a bhaineann na doiciméid sin le leithreasaí i dtaca leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal4(1), na nithe seo a leanas:

(a)

an meánráta malairte idir an euro agus dollar na Stát Aontaithe a taifeadadh iarbhír ar an margadh ón 1 Lúnasa an bhliain airgeadais roimhe sin go dtí deireadh na ráithe is deireanaí dar críoch 20 lá ar a laghad sula nglacann an Coimisiún an doiciméad buiséadach agus ar a dhéanaí an 31 Iúil sa bhliain airgeadais reatha, agus

(b)

an meánráta malairte a taifeadadh iarbhír le linn na ráithe is deireanaí dar críoch 20 lá ar a laghad sula nglacann an Coimisiún an doiciméad buiséadach, mar réamhaisnéis don chuid eile den bhliain airgeadais.

CAIBIDIL II

CETFT

Roinn 1

Forálacha ginearálta do cetft

Airteagal 30

Cosc ar chistiú dúbailte

Caiteachas a mhaoinítear faoi CETFT, ní bheidh sé faoi réir aon mhaoinithe eile faoi bhuiséad an Aontais.

Airteagal 31

Forálacha a bhfuil feidhm acu maidir le gach íocaíocht

1.   I gcomhréir le hAirteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. RR 1303/2013, íocaíochtaí ó ranníocaíocht CETFT arna ndéanamh ag an gCoimisiún mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5 den Rialachán seo, ní bheidh siad os cionn na ngealltanas buiséadach.

Sannfar na híocaíochtaí sin don ghealltanas buiséadach is luaithe atá oscailte

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 844 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012

Roinn 2

Maoiniú clár forbartha tuaithe

Airteagal 32

Ranníocaíocht ó CETFT

Déanfar an ranníocaíocht ó CETFT le caiteachas faoi chláir forbartha tuaithe a chinneadh do gach clár, laistigh de na huasteorainneacha arna mbunú ag reachtaíocht an Aontais maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ó CETFT.

Airteagal 33

Gealltanais bhuiséadacha

Maidir le gealltanais bhuiséadacha an Aontais i gcomhair clár forbartha tuaithe, beidh feidhm ag Airteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. RR 1303/2013.

Roinn 3

Ranníocaíocht airgeadais le cláir forbartha tuaithe

Airteagal 34

Forálacha a bhfuil feidhm acu maidir le gach íocaíocht i gcomhair clár forbartha tuaithe

1.   Cuirfear na leithreasaí is gá chun an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 5 a mhaoiniú ar fáil do na Ballstáit i bhfoirm íocaíochtaí réamh-mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochta iarmhéid, mar a thuairiscítear sa Roinn seo.

2.   Ní sháróidh comhiomlán na n-íocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus eatramhacha 95 % de ranníocaíocht CETFT le gach clár forbartha tuaithe.

Nuair a shroichfear an uasteorainn 95 %, leanfaidh na Ballstáit ar aghaidh ag tarchur iarrataí ar íocaíochtaí chuig an gCoimisiún.

Airteagal 35

Socruithe réamh-mhaoinithe

1.   I ndiaidh chinneadh an Choimisiúin lena bhformheastar an clár forbartha tuaithe, íocfaidh an Coimisiún méid réamh-mhaoinithe tosaigh le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad don Bhallstát. Déanfar an méid réamh-mhaoinithe tosaigh sin a íoc i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)

in 2014: 1 % de mhéid na tacaíochta a gheobhaidh an clár forbartha tuaithe ó CETFT ar feadh na clárthréimhse iomláine agus 1.5 % de mhéid na tacaíochta a gheobhaidh an clár forbartha ón CETFT feadh na clárthréimhse iomláine nuair a bhí cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát ó 2010 i leith, i gcomhréir le hAirteagal 122 agus le hAirteagal 143 CFAE, nó ón tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF), nó má bhíonn cúnamh airgeadais á fháil aige an 31 Nollaig 2013 i gcomhréir le hAirteagal 136 agus le hAirteagal 143 CFAE;

(b)

in 2015: 1 % de mhéid na tacaíochta a gheobhaidh an clár forbartha tuaithe ó CETFT ar feadh na clárthréimhse iomláine agus 1.5 % de mhéid na tacaíochta a gheobhaidh an clár forbartha ó CETFT feadh na clárthréimhse iomláine nuair a bhí cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát ó 2010 i leith, i gcomhréir le hAirteagal 122 agus le hAirteagal 143 CFAE, nó ó EFSF, nó má bhíonn cúnamh airgeadais á fháil aige an 31 Nollaig 2014 i gcomhréir le hAirteagal 136 agus le hAirteagal 143 CFAE;

(c)

in 2016: 1 % de mhéid na tacaíochta ó CETFT feadh na clárthréimhse iomláine leis an gclár oibríochta.

I gcás ina nglacfar clár forbartha tuaithe in 2015 nó níos déanaí, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain sin a nglacfar é.

2.   Aisíocfar an méid iomlán arna íoc mar réamh-mhaoiniú leis an gCoimisiún Mura ndéantar aon chaiteachas agus mura seoltar aon dearbhú caiteachais don chlár forbartha tuaithe laistigh de 24 mhí ón dáta ar a n-íocann an Coimisiún an chéad tráthchuid den mhéid réamh-mhaoinithe, aisíocfar an méid iomlán arna íoc mar réamh-mhaoiniú leis an gCoimisiún.

3.   Sannfar ús arna ghiniúint ar an réamh-mhaoiniú don chlár forbartha tuaithe lena mbaineann agus asbhainfear é ón méid caiteachais phoiblí arna shonrú ar an dearbhú caiteachais deiridh.

4.   Imréiteofar an méid iomlán réamh-mhaoinithe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 51 den Rialachán seo sula ndúnfar an clár forbartha tuaithe.

Airteagal 36

Íocaíochtaí eatramhacha

1.   Déanfar íocaíochtaí eatramhacha do gach clár forbartha tuaithe. Déanfar iad a ríomh tríd an ráta cómhaoinithe i gcomhair gach birt a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas poiblí arna dhéanamha bhaineann leis mar a thagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. FT1305/2013.

2.   Ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil, déanfaidh an Coimisiún, agus laghduithe nó fionraíochtaí arna gcur i bhfeidhm faoi Airteagal 41, íocaíochtaí eatramhacha chun an caiteachas arna thabhú ag gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe i gcur chun feidhme na gclár a aisíoc.

3.   Déanfar gach íocaíocht eatramhach ag an gCoimisiún faoi réir chomhlíonadh na gceanglas seo a leanas:

(a)

dearbhú caiteachais a bheidh sínithe ag an ngníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe a tharchur chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 102(1)(c);

(b)

gan aon sárú a bheith ann ar ranníocaíocht iomlán CETFT le gach beart don tréimhse iomlán atá cumhdaithe ag an gclár lena mbaineann;

(c)

an tuarascáil bhliantúil deiridh faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an chláir forbartha tuaithe a tharchur chuig an gCoimisiún.

4.   Mura gcomhlíontar ceann amháin de na ceanglais a leagtar síos i mír 3, cuirfidh an Coimisiún an ghníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe nó an comhlacht comhordaithe ar an eolas láithreach, i gcás inar ceapadh ceann díobh sin. Mura n-urramaítear ceann amháin de na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) nó pointe (c) de mhír 3, ní bheidh an dearbhú caiteachais inghlactha.

5.   Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 51 agus 52, déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí eatramhacha laistigh de 45 lá tar éis dó dearbhú caiteachais a chlárú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo ina leith.

6.   Déanfaidh gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe, go díreach nó tríd an gcomhlacht comhordaithe a úsáid mar idirghabhálaí, i gcás inar ceapadh ceann, dearbhuithe idirmheánacha caiteachais a bhaineann le cláir forbartha tuaithe a bhunú agus a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, laistigh de thréimhsí a shocróidh an Coimisiún.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na tréimhsí do ghníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe chun dearbhuithe idirmheánacha caiteachais maidir le caiteachas a chur ar aghaidh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Cumhdóidh dearbhuithe caiteachais caiteachas a rinne na gníomhaireachtaí íocaíochta le linn gach ceann de na tréimhsí lena mbaineann. I gcásanna, áfach, nach féidir caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. RR 1303/2013 a dhearbhú don Choimisiún sa tréimhse lena mbaineann de bhrí go bhfuiltear ag feitheamh ar fhormheas faoi leasú ar an gclár ón gCoimisiún, féadfar é a dhearbhú i dtréimhsí ina dhiaidh sin.

Déanfar dearbhuithe idirmheánacha caiteachais maidir le caiteachas a dhéanfar ón 16 Deireadh Fómhair ar aghaidh a chlárú faoi bhuiséad na bliana dár gcionn.

7.   Beidh feidhm ag Airteagal 83 de Rialachán (AE) Uimh. RR 1303/2013.

Airteagal 37

Íocaíocht an iarmhéid agus dúnadh an chláir

1.   Tar éis dó an tuarascáil bhliantúil deiridh faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme cláir forbartha tuaithe a fháil, íocfaidh an Coimisiún, ag brath aracmhainní bheith ar fáil agus ar bhonn an phlean airgeadais atá i bhfeidhm, íocfaidh sé iarmhéid na gcuntas bliantúil don bhliain dheireanach de chur i gcrích an chláir ábhartha forbartha tuaithe agus an chinnidh chomhfhreagraigh maidir le himréiteach. Cuirfear na cuntais sin faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta deiridh incháilitheachta maidir le caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus cumhdóidh siad an caiteachas a dhéanfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta suas go dtí an dáta deiridh incháilitheachta maidir le caiteachas.

2.   Íocfar an t-iarmhéid tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Choimisiún a mheas gurb infhála an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus tar éis imréiteach an chuntais bhliantúil deiridh. Gan dochar d'Airteagal 38(5), déanfaidh an Coimisiún na méideanna a bhfuil gealltanas fós déanta ina leith tar éis an iarmhéid a íoc, a shaoradh laistigh de thréimhse shé mhí.

3.   Más rud é, faoin teorainn ama a leagtar amach i mír 1, nár seoladh chuig an gCoimisiún an tuarascáil bhliantúil deiridh faoi dhul chun cinn agus na doiciméid is gá chun cuntais na bliana deireanaí de chur i gcrích an chláir a imréiteach, déanfar an t-iarmhéid a shaoradh go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 38.

Airteagal 38

Saoradh uathoibríoch i gcomhair clár forbartha tuaithe

1.   Aon chuid de ghealltanas buiséadach do chlár forbartha tuaithe nár úsáideadh chun críche réamh-mhaoinithe nó chun íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh nó aon chuid nár cuireadh aon dearbhú caiteachais ina leith, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 36(3), faoi bhráid an Choimisiúin maidir le caiteachas arna dhéanamh faoin 31 Nollaig sa tríú bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, déanfaidh an Coimisiún an chuid sin a shaoradh go huathoibríoch.

2.   An chuid sin de ghealltanais bhuiséadacha atá fós oscailte ar an dáta deiridh incháilitheachta maidir le caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 [RFC] nach ndearnadh dearbhú caiteachais ina leith laistigh de 6 sé mhí tar éis an dáta sin, déanfar an chuid sin a shaoradh go huathoibríoch.

3.   I gcás aon imeachtaí dlíthiúla nó i gcás achomhairc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta acu, cuirfear isteach ar an tréimhse um saoradh uathoibríoch dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, i ndáil leis an méid a bhaineann leis na hoibríochtaí lena mbaineann, ar feadh na n-imeachtaí sin nó an achomhairc riaracháin sin, ar choinníoll go bhfaigheann an Coimisiún fógra réasúnaithe a bhfuil bonn cuí leis ón mBallstát faoin 31 Nollaig sa bhliain N + 3.

4.   Déanfar neamhaird den mhéid seo a leanas agus an saoradh uathoibríoch á ríomh:

(a)

an chuid sin de na gealltanais bhuiséadacha a ndearnadh dearbhú caiteachais ina leith ach ar laghdaigh an Coimisiún a haisíocaíocht nó ar chuir sé ar fionraí í an 31 Nollaig sa bhliain N + 3;

(b)

an chuid sin de na gealltanais bhuiséadacha nach raibh gníomhaireacht íocaíochta ábalta a eisíoc ar chúiseanna force majeure a imríonn tionchar tromchúiseach ar chur chun feidhme an chláir fhorbartha tuaithe. Déanfaidh údaráis náisiúnta a mhaíonn force majeure na hiarmhairtí díreacha ar chur chun feidhme chuid den chlár nó an chláir ar fad a thaispeáint.

Faoin 31 Eanáir, seolfaidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún i dtaobh na n-eisceachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na méideanna a dearbhaíodh faoi dheireadh na bliana roimhe sin.

5.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas in am trátha má tá riosca saortha uathoibríoch ann. Cuirfidh sé ar an eolas iad faoin méid atá i gceist mar a shonraíonn an fhaisnéis atá ina sheilbh é. Beidh dhá mhí ag na Ballstáit ón uair a fhaigheann siad an fhaisnéis sin chun aontú leis an méid i gceist nó chun barúlacha a chur i láthair. Déanfaidh an Coimisiún an saoradh uathoibríoch tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis an sprioc-ama deireanaí a thig as cur i bhfeidhm mhíreanna 1 go 3.

6.   I gcás saortha uathoibríoch, déanfar ranníocaíocht CETFT leis an gclár forbartha tuaithe lena mbaineann a laghdú, don bhliain atá i gceist, leis an méid a saoradh go huathoibríoch. Déanfaidh an Ballstát plean athbhreithnithe airgeadais lena roinnfear laghdú na cabhrach i measc na mbeart, plean a bheidh le formheas ag an gCoimisiún. Mura ndéanann sé amhlaidh, laghdóidh an Coimisiún na méideanna a leithdháiltear le haghaidh gach birt ar bhonn pro rata.

CAIBIDIL III

Forálacha Coiteanna

Airteagal 39

An bhliain airgeadais talmhaíochta

Gan dochar do na forálacha speisialta maidir le dearbhuithe caiteachais agus ioncaim a bhaineann le hidirghabháil phoiblí arna leagan síos ag an gCoimisiún de bhun phointe (a) d'Airteagal 46(6), cumhdóidh an bhliain airgeadais talmhaíochta caiteachas arna íoc agus ioncam arna fháil agus arna iontráil ag na gníomhaireachtaí íocaíochta i gcuntais bhuiséadacha na gCistí i leith na bliana airgeadais "N" dar tús an 16 Deireadh Fómhair den bhliain "N-1" agus dar críoch an 15 Deireadh Fómhair den bhliain "N".

Airteagal 40

Comhlíonadh sprioc-amanna íocaíochta

I gcás ina bhfuil sprioc-amanna íocaíochta leagtha síos ag dlí an Aontais, aon íocaíocht a dhéanfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta leis na tairbhithe roimh an dáta íocaíochta is luaithe is féidir agus tar éis an dáta íocaíochta is déanaí is féidir, ní bheidh sí incháilithe do mhaoiniú ón Aontas, seachas sna cásanna, sna coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha a bheidh le cinneadh agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

Chun go mbeidh caiteachas sa dhéanfar roimh an dáta íocaíochta is luaithe is féidir nó i ndiaidh an dáta is déanaí is féidir incháilithe i gcomhair maoiniú ón Aontas, agus an tionchar airgeadais á theorannú ag an am céanna, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115, de mhaoluithe ar an riail atá sa chéad mhír.

Airteagal 41

Íocaíochtaí míosúla agus eatramhacha a laghdú agus a chur ar fionraí

1.   I gcás ina gcuirfidh dearbhuithe caiteachais nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 102 ar chumas an Choimisiúin a shuíomh go bhfuil caiteachas déanta ag comhlachtaí nach gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe iad, nár urramaíodh tréimhsí íocaíochta nó uasteorainneacha airgeadais arna socrú ag dlí an Aontais nó nach raibh caiteachas a rinneadh ar bhealach eile nach raibh i gcomhréir le rialacha an Aontais, féadfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla nó eatramhacha leis an mBallstát lena mbaineann a laghdú nó a chur ar fionraí faoi chuimse na ngníomhartha cur chun feidhme maidir le híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 18(3) nó i gcomhthéacs na n-íocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 36, tar éis deis a thabhairt don Bhallstát a bharúlacha a thíolacadh.

I gcás nach gcuirfidh na dearbhuithe caiteachais ná an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 102 ar chumas an Choimisiúin a shuíomh go ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le rialacha an Aontais, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát lena mbaineann tuilleadh faisnéise a sholáthar agus a bharúlacha a thíolacadh laistigh de thréimhse nach lú ná 30 lá. Mura bhfreagróidh an Ballstát iarraidh an Choimisiúin laistigh den tréimhse arna cinneadh nó má mheastar nach bhfuil an freagra sásúil nó go léiríonn sé nach ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le rialacha an Aontais, féadfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla nó eatramhacha leis an mBallstát lena mbaineann a laghdú nó a chur ar fionraí faoi chuimse na ngníomhartha cur chun feidhme maidir le híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 18(3) nó i gcomhthéacs na n-íocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 36.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh,lena ndéantar na híocaíochtaí míosúla nó eatramhacha le Ballstát a laghdú nó a chur ar fionraíMurab ann do cheann amháin nó níos mó de chodanna fíorthábhachtacha an chórais rialaithe náisiúnta atá i gceist nó mura bhfuil siad éifeachtach de bharr thromchúis nó mharthanacht na n-easnamh arna n-aimsiú, nó má tá easnaimh thromchúiseacha chomhchosúla sa chóras chun íocaíochtaí neamhrialta a aisghabháil, agus mácchomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leanas:

(a)

is de chineál marthanach na heasnaimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ba iad ba chúis le ar a laghad dhá ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 52, lena n-eisiatar caiteachas an Bhallstáit lena mbaineann ó mhaoiniú an Aontais; nó

(b)

cinneann an Coimisiún nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann in inmhe na bearta leighis is gá a chur chun feidhme sa neastodhchaí, i gcomhréir le plean gníomhaíochta a bhfuil táscairí forbraíochta soiléire ag baint leo, a bhunófar i gcomhairliúchán leis an gCoimisiún.

Cuirfear an laghdú nó an fionraí i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas ábhartha arna dhéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta i gcás inarb ann do na heasnaimh ar feadh tréimhse a bheidh le cinneadh sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo, ar tréimhse í nach mbeidh níos faide ná dhá mhí dhéag. Féadfar an tréimhse sin a fhadú ar feadh tréimhsí eile nach mbeidh níos faide ná, dhá mhí dhéag má leantar de chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir leis an laghdú nó leis an bhfionraí. Ní leanfar den laghdú ná den fhionraí más rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha sin a thuilleadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

Roimh dó na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina rún agus iarrfaidh sé air gníomhú laistigh de thréimhse nach lú ná 30 lá.

Sna gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 18(3) nó na híocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 36, cuirfear na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin mír seo san áireamh.

3.   Déanfar laghduithe agus fionraíochtaí faoin Airteagal seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus beidh siad gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 51 agus Airteagal 52.

4.   Beidh laghduithe agus fionraíochtaí faoin Airteagal seo gan dochar d'Airteagal 19, d'Airteagal 22 agus d'Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. RR 1303/2013.

Déanfar na fionraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19 agus in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 42

Fionraí íocaíochtaí i gcás faisnéis a thíolacadh déanach

I gcás ina gcuirfidh reachtaíocht talmhaíochta earnálach de cheangal ar na Ballstáit faisnéis a thíolacadh, laistigh de thréimhse shonrach ama, maidir le líon na seiceálacha a rinneadh faoi Airteagal 59 agus toradh na seiceálacha sin agus i gcás ina rachaidh na Ballstáit thar an tréimhse sin, féadfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 18 nó na híocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 36 a chur ar fionraí ar an gcoinníoll go ndearna an Coimisiún an fhaisnéis, na foirmeacha agus na míniúcháin go léir a theastaíonn ó na Ballstáit chun na staitisticí a thiomsú a chur ar fáil dóibh in am trátha roimh thús na tréimhse tagartha. Ní mó ná 1,5 % den chaiteachas nár seoladh an fhaisnéis ábhartha staidrimh in am ina leith a bheidh sa mhéid a bheidh le cur ar fionraí. Agus an fionraí á chur i bhfeidhm aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus fad na moille á chur san áireamh. Go háirithe, cuirfear san áireamh an gcuirfear sásra urscaoilte bliantúil an bhuiséid i mbaol mar thoradh ar an tíolacadh déanach faisnéise. Sula gcuirfidh sé na híocaíochtaí míosúla ar fionraí, tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don Bhallstát lena mbaineann. Aisíocfaidh an Coimisiún na méideanna a cuireadh ar fionraí nuair a gheobhaidh sé an fhaisnéis staidrimh ó na Ballstáit lena mbaineann, ar choinníoll nach déanaí ná deireadh mhí Eanáir den bhliain ina dhiaidh sin é dátana hadmhála.

Airteagal 43

Ioncam a shannadh

1.   "Ioncam sannta" a bheidh sa mhéid seo a leanas de réir bhrí Airteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2013:

(a)

suimeanna nach mór a íoc le buiséad an Aontais, lena n-áirítear ús orthu, faoi Airteagal 40 agus Airteagal 51 maidir le caiteachas faoi CERT, agus faoi Airteagal 52 agus Airteagal 54;

(b)

suimeanna a bhailítear nó a aisghabhtar faoi Roinn III de Chaibidil III de Theideal I de Chuid II de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007;

(c)

suimeanna a bailíodh de thoradh pionós i gcomhréir leis na rialacha sonracha a leagtar síos i reachtaíocht talmhaíochta earnálach an Aontais, seachas má fhorálann an reachtaíocht sin go sonrach go bhféadfaidh na Ballstáit na suimeanna sin a choimeád;

(d)

méideanna a fhreagraíonn do phionóis arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha maidir le tras-chomhlíonadh a leagtar síos i gCaibidil II de Theideal VI, maidir le caiteachas faoi CERT;

(e)

aon urrús, taisce nó ráthaíocht arna s(h)oláthar de bhun dlí an Aontais arna glacadh faoi chuimsiú CBT, lena n-eisiatar forbairt tuaithe, agus a fhorghéilltear ina dhiaidh sin. Coimeádfaidh na Ballstáit, áfach, na hurrúis forghéillte arna dtaisceadh agus ceadúnais onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin á n-eisiúint nó faoi nós imeachta tairisceana chun a áirithiú go dtíolacann tairgeoirí tairiscintí dáiríre agus chuige sin amháin.

2.   Déanfar na suimeanna dá dtagraítear i mír 1 a íoc le buiséad an Aontais agus, i gcás ina nathúsáidfear iad, úsáidfear iad chun caiteachas CERT agus CETFT amháin a mhaoiniú.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo mutatis mutandis maidir le hioncam sannta dá dtagraítear i mír 1.

4.   Maidir le CERT, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 170 agus Airteagal 171 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na cuntais ar ioncam sannta dá dtagraítear sa Rialachán seo a choinneáil.

Airteagal 44

Cuntais ar leith a choinneáil

Coinneoidh gach gníomhaireacht íocaíochta tacar cuntas ar leith do na leithreasaí a iontrálfar i mbuiséad an Aontais do na Cistí.

Airteagal 45

Bearta faisnéise

1.   Is í an aidhm a bheidh le soláthar faisnéise a mhaoineofar de bhun phointe (e) d'Airteagal 6, go háirithe, cuidiú le CBT a mhíniú, a chur chun feidhme agus a fhorbairt agus feasacht an phobail i dtaobh a ábhar agus a chuspóirí a ardú, muinín tomhaltóirí a spreagadh arís tar éis géarchéimeanna trí fheachtais faisnéise, feirmeoirí agus daoine eile atá gníomhach i gceantair tuaithe a chur ar an eolas agus múnla Eorpach na talmhaíochta a chur chun cinn chomh maith le cuidiú le saoránaigh é a thuiscint.

Soláthrófar faisnéis chomhtháite oibiachtúil chuimsitheach, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, chun léargas cruinn iomlán a thabhairt ar CBT.

2.   Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith sna bearta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cláir bhliantúla oibre nó bearta sonracha eile arna gcur i láthair ag tríú páirtithe;

(b)

gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ar thionscnamh an Choimisiúin.

Na bearta sin a cheanglaítear le dlí nó na bearta sin a fhaigheann maoiniú cheana faoi ghníomh eile de chuid an Aontais.

Chun gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) a chur chun feidhme féadfaidh saineolaithe seachtracha a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún.

Cuideoidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír freisin le cumarsáid chorparáideach a áirithiúmaidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid is go mbaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

3.   Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain foilseoidh an Coimisiún gairm ar thograí a urramóidh na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

4.   Tabharfar fógra don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 116(1) i leith beart a bheartaítear agus a dhéantar de bhun an Airteagail seo.

5.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Airteagail seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dara bliain.

Airteagal 46

Cumhachtaí an Choimisiúin

1.   Chun ioncam arna bhailiú ag gníomhaireachtaí íocaíochta do bhuiséad an Aontais agus íocaíochtaí á ndéanamh acu ar bhonn na ndearbhuithe caiteachais a thíolaic Ballstáit a chur san áireamh, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis na coinníollacha faoina bhfuil cineálacha áirithe caiteachais agus ioncaim faoi na Cistí le cúiteamh.

2.   Chun na leithreasaí atá ar fáil a leithdháileadh go cothrom i measc na mBallstát, i gcás nach mbeidh buiséad an Aontais glactha ag tús na bliana airgeadais nó i gcás ina sáróidh méid iomlán na réamhghealltanas an tairseach a leagtar síos in Airteagal 170(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 den Rialachán seo maidir leis na an modh is infheidhme maidir leis na gealltanais agus maidir leis na méideanna a íoc.

3.   Chun comhsheasmhacht na sonraí ar thug na Ballstáit fógra ina leith maidir le caiteachas nó maidir le faisnéis eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhíorú, tabharfar an chumhacht don Choimisiún, i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide chun fógra a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 102, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis na híocaíochtaí míosúla do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal a chur siar i ndáil le caiteachas faoi CERT agus na coinníollacha lena rialaítear laghdú nó fionraí íocaíochtaí eatramhacha ón gCoimisiún do na Ballstáit faoi CETFT dá dtagraítear san Airteagal sin.

4.   Le linn Airteagal 42 a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal sin na comhréireachta, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir le rialacha faoin méid seo a leanas:

(a)

liosta na mbeart a thagann faoi Airteagal 42;

(b)

ráta fhionraíocht na n-íocaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal sin

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadhlena leagtar síos tuilleadh rialacha faoin oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 44 a leagan síos, chomh maith leis na coinníollacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir leis an bhfaisnéis atá le cur sna cuntais a choinníonn na gníomhaireachtaí íocaíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadhlenaleagtar síós rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

maoiniú agus cuntasaíocht beart idirghabhála i bhfoirm stórála poiblí, agus caiteachas eile a mhaoiníonn na Cístí;

(b)

na téarmaí agus na coinníollacha a rialaíonn cur chun feidhme nós imeachta an tsaortha uathoibríoch;

(c)

an nós imeachta agus socruithe praiticiúla eile le haghaidh fheidhmiú cuí an tsásra dá bhforáiltear in Airteagal 42.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

CAIBIDIL IV

Cuntais a imréiteach

Roinn I

Forálacha ginearálta

Airteagal 47

Seiceálacha ar an láthair a dhéanann an Coimisiún

1.   Gan dochar do na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit faoi dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta nó faoi Airteagal 287 CFAE nó faoi aon seiceáil a eagraítear faoi Airteagal 322 CFAE nó atá bunaithe ar Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (30), féadfaidh an Coimisiún seiceálacha ar an láthair a eagrú sna Ballstáit d'fhonn an méid seo a leanas, go háirithe, a fhíorú:

(a)

go gcomhlíonann na cleachtais riaracháin rialacha an Aontais;

(b)

go bhfuil ann do na doiciméid tacaíochta is gá agus a gcomhghaol leis na hoibríochtaí a mhaoiníonn CERT nó CETFT;

(c)

na téarmaí faoina ndéantar na hoibríochtaí a mhaoiníonn CERT nó CETFT agus faoina seiceáiltear iad.

(d)

an gcomhlíonann gníomhaireacht íocaíochta na critéir chreidiúnaithe a leagtar síos in Airteagal 7(2) agus an gcuireann an Ballstát forálacha Airteagal 7(5) i bhfeidhm mar is ceart.

Na daoine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar a shon, nó na gníomhairí de chuid an Choimisiúin atá ag feidhmiú laistigh de raon feidhme na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh, beidh rochtain acu ar na leabhair agus ar na doiciméid ar fad eile, lena n-áirítear doiciméid agus meiteashonraí arna dtarraingt suas nó arna bhfáil agus arna dtaifeadadh ar mheán leictreonach, a bhaineann le caiteachas a mhaoiníonn CERT nó CETFT.

Ní dhéanfaidh na cumhachtaí maidir le seiceálacha ar an láthair difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta lena gcoimeádtar gníomhartha áirithe le haghaidh gníomhairí atá ainmnithe go sonrach sa dlí náisiúnta. Gan dochar d'fhorálacha sonracha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 883/2013 (31) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, ní bheidh na daoine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú ar a shon páirteach, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine ar bhonn dhlí an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an mbealach sin, áfach.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún réamhfhógra leordhóthanach maidir le seiceáil ar an láthair don Bhallstát lena mbaineann nó don Bhallstát a bhfuil an tseiceáil le déanamh ar a chríoch, agus an tionchar riaracháin ar ghníomhaireachtaí íocaíochta á chur san áireamh agus seiceálacha á n-eagrú. Féadfaidh gníomhairí ón mBallstát sin a bheith páirteach sna seiceálacha sin.

Ar iarratas ón gCoimisiún agus le comhaontú ón mBallstát, déanfaidh comhlachtaí inniúla an Bhallstáit sin seiceálacha breise nó fiosrúcháin faoi na hoibríochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Féadfaidh gníomhairí an Choimisiúin nó daoine atá údaraithe ag an Coimisiún chun gníomhú ar a shon bheith páirteach sna seiceálacha sin.

Chun na seiceálacha a fheabhsú, féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, cúnamh a iarraidh ó údaráis na mBallstát sin le haghaidh seiceálacha nó fiosrúchán áirithe.

Airteagal 48

Rochtain ar fhaisnéis

1.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fad ar fáil don Choimisiún is gá le haghaidh fheidhmiú rianúil na gCístí, agus déanfaidh siad na bearta iomchuí ar fad is gá chun na seiceálacha a éascú a mheasann an Coimisiún atá oiriúnach i ndáil le maoiniú an Aontais a bhainistiú, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, ar iarratas uaidh, na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a ghlac siad chun gníomhartha dlíthiúla an Aontais a bhaineann le CBT a chur chun feidhme, i gcás ina mbíonn tionchar ag na gníomhartha sin ar CERT nó ar CETFT ó thaobh airgeadais de.

3.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún faoi neamhrialtachtaí agus faoi chalaois amhrasta a braitheadh, chomh maith le faisnéis faoi na bearta a glacadh de bhun Roinn III den Chaibidil seo chun íocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil i ndáil leis na neamhrialtachtaí agus na calaoisí sin de bhun Roinn III den Chaibidil seo.

Airteagal 49

Rochtain ar dhoiciméid

Coimeádfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe doiciméid tacaíochta a bhaineann le híocaíochtaí a dhéantar agus doiciméid a bhaineann le feidhmiú na seiceálacha riaracháin agus fisiceacha a cheanglaítear le dlí an Aontais, agus cuirfidh siad na doiciméid agus an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún. Féadfar na doiciméid tacaíochta sin a choinneáil i bhfoirm leictreonach faoi na coinníollacha a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 50(2).

I gcás ina gcoimeádann údarás atá ag gníomhú faoi tharmligean ó ghníomhaireacht íocaíochta agus atá freagrach as caiteachas a údarú, cuirfidh an t-údarás sin tuarascálacha chuig an ngníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe maidir le líon na seiceálacha a rinneadh, ábhar na seiceálacha agus na bearta a glacadh i bhfianaise thorthaí na seiceálacha sin.

Airteagal 50

Cumhachtaí an Choimisiúin

1.   Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach ceart éifeachtach na forálacha a bhaineann le seiceálacha ar an láthair agus le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis a leagtar amach sa Chaibidil seo, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 lena bhforlíonfar na hoibleagáidí sonracha a bheidh le comhlíonadh ag na Ballstáit faoin gCaibidil seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis:

(a)

na nósanna imeachta a bhaineann leis na hoibleagáidí sonracha is gá do na Ballstáit a chomhlíonadh i ndáil leis na seiceálacha dá bhforáiltear sa Chaibidil seo;

(b)

na nósanna imeachta a bhaineann leis na hoibleagáidí comhair is gá do na Ballstáit a chomhlíonadh chun Airteagal 47 agus Airteagal 48 a chur chun feidhme;

(c)

na nósanna imeachta agus socruithe praicticiúla eile maidir leis an oibleagáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 48(3);

(d)

na coinníollacha faoina gcoinneofar na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 49, lena n-áirítear foirm na ndoiciméad agus an tréimhse ama a stórálfar iad.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Roinn II

Imréiteach

Airteagal 51

Imréiteach cuntas

Roimh an 31 Bealtaine sa bhliain tar éis na bliana buiséadaí sin agus ar bhonn na faisnéise arna tarchur i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 102(1), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh maidir le cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe a imréiteach. Cumhdóidh na gníomhartha cur chun feidhme sin sláine, cruinneas agus fírinne na gcuntas bliantúil arna gcur isteach agus beidh siad gan dochar do chinntí iardain a ghlacfar faoi Airteagal 52.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

Airteagal 52

Imréiteach comhréireachta

1.   I gcás ina bhfaigheann sé amach nár rinneadh an caiteachas mar atá léirithe in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 5, i gcomhréir le dlí an Aontais, agus, i gcás CETFT, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena socraítear na méideanna atá le heisiamh ó mhaoiniú an Aontais Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na méideanna atá le heisiamh ar bhonn a thromchúisí atá an neamhchomhlíonadh a taifeadadh. Tabharfaidh sé aird chuí ar an gcineál sáraithe agus ar an damáiste atá déanta don Aontas i dtéarmaí airgeadais. Bunóidh sé an t-eisiamh sin ar na méideanna a caitheadh go míchuí a shainaithint agus, i gcás nach bhféadfar na méideanna sin a shainaithint le hiarracht chomhréireach, féadfaidh sé ceartúcháin eachtarshuite nó ceartúcháin ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear ceartúcháin ar ráta comhréidh i bhfeidhm ach amháin, de bharr nádúr an cháis nó i gcás nár sholáthar an Ballstát an fhaisnéis riachtanach don Choimisiún, ní fhéadfar an damáiste atá déanta don Aontas i dtéarmaí airgeadais a shainaithint ar bhealach níos cruinne le hiarracht chomhréireach.

3.   Sula nglacfar aon chinneadh maoiniú a dhiúltú, déanfar cinntí chigireacht an Choimisiúin mar aon le freagraí an Bhallstáit a chur in iúl i scríbhinn, agus ina dhiaidh sin féachfaidh an dá pháirtí le teacht ar chomhaontú i leith na mbeart atá le déanamh. Ag an bpointe sin den nós imeachta tabharfar an deis do na Ballstáit a léiriú gur lú ná an measúnú ón gCoimisiún méid iarbhír an neamhchomhlíonta.

Mura dtagtar ar chomhaontú, féadfaidh an Ballstát a iarraidh go n-osclófar nós imeachta atá dírithe ar sheasamh an dá pháirtí a thabhairt chun réitigh laistigh de thréimhse ceithre mhí. Déanfar tuarascáil faoi thoradh an nós imeachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus déanfaidh sé na moltaí atá sa tuarascáil a chur san áireamh sula ndéanfaidh sé cinneadh faoi mhaoiniú a dhiúltú agustabharfaidh sé cúiseanna má chinneann sé gan na moltaí sin a leanúint.

4.   Ní féidir maoiniú a dhiúltú do na nithe seo a leanas:

(a)

caiteachas mar atá léirithe in Airteagal 4(1) a dhéantar níos mó ná 24 mhí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoi chinntí a chigireachta;

(b)

caiteachas ar bhearta ilbhliantúla a thagann faoi raon feidhme Airteagal 4(1) nó faoi raon feidhme na gclár mar atá léirithe in Airteagal 5, i gcás ina gcuirtear an oibleagáid dheireanach ar an bhfaighteoir níos mó ná 24 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoi chinntí a chigireachta;

(c)

caiteachas ar bhearta i gcláir, mar atá léirithe in Airteagal 5, seachas na bearta sin dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, i gcás ina ndéantar an íocaíocht nó an íocaíocht dheireanach ón ngníomhaireacht íocaíochta níos mó ná 24 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoi chinntí a chigireachta.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

neamhrialtachtaí a chumhdaítear i Roinn III den Chaibidil seo;

(b)

cabhair náisiúnta ar ina leith a bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) CFAE nó sáruithe a bhfuil litir fhoirmiúil fógartha tugtha don Bhallstát lena mbaineann ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 258 CFAE;

(c)

sáruithe na mBallstát ar a n-oibleagáidí faoi Chaibidil III de Theideal V den Rialachán seo, ar choinníoll go dtugann an Coimisiún fógra don Bhallstát i scríbhinn faoi chinntí a chigireachta laistigh de 12 mhí ón uair a fhaigheann sé tuarascáil an Bhallstáit maidir le torthaí na seiceálacha ar an gcaiteachas lena mbaineann.

Airteagal 53

Cumhachtaí an Choimisiúin

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme an méid seo a leanas a leagan síos:

(a)

an t-imréiteach cuntas dá bhforáiltear in Airteagal 51 i ndáil leis na bearta atá le déanamh i dtaobh an cinneadh a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear an malartú faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus na spriocdhátaí atá le comhlíonadh;

(b)

an t-imréiteach comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 52 i ndáil leis na bearta atá le déanamh i dtaobh an cinneadh a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear an malartú faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus na spriocdhátaí atá le comhlíonadh mar aon leis an nós imeachta idir-réitigh dá bhforáiltear san Airteagal sin, lena n-áirítear suíomh, cúraimí, déanamh agus socruithe oibre an chomhlachta idir-réitigh.

2.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

3.   Le go mbeidh an Coimisiún in ann leas airgeadais an Aontais a chosaint agus lena áirithiú go gcuirfear na forálacha maidir le himréiteach comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 52 i bhfeidhm go héifeachtúil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis na critéir agus an mhodheolaíocht chun ceartúcháin a chur i bhfeidhm.

Roinn III

Neamhrialtachtaí

Airteagal 54

Forálacha Coiteanna

1.   Má dhéantar íocaíocht neamhdhlite tar éis neamhrialtachta nó faillí, déanfaidh na Ballstáit iarratas ar aisghabháil ón tairbhí laistigh de 18 mí tar éis don ghníomhaireacht íocaíochta nó don chomhlacht atá freagrach as an aisghabháil tuarascáil rialaithe nó doiciméad den chineál sin a fhormheas, agus i gcás inarb infheidhme, a fháil, lena gcuirtear in iúl gur tharla neamhrialtacht. Déanfar na méideanna comhfhreagracha a thaifeadadh, tráth a ndéanfar an t-iarratas ar aisghabháil, i mórleabhar na bhféichiúnaithe atá ag an ngníomhaireacht íocaíochta.

2.   Mura bhfuil an íocaíocht aisghafa laistigh de cheithre bliana ón dáta a fhaightear an t-iarratas ar aisghabháil, nó laistigh d'ocht mbliana i gcás ina gcuirtear an aisghabháil faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta, is ar an mBallstát lena mbaineann a bheidh 50 % d'iarmhairtí airgeadais na neamh-aisghabhála agus is ar bhuiséad an Aontais a bheidh an 50 % eile, gan dochar don cheanglas atá ar an mBallstát lena mbaineann dul i mbun nósanna imeachta aisghabhála d'fhonn Airteagal 60 a chomhlíonadh.

I gcás ina dtaifeadtar in ionstraim riaracháin nó dhlíthiúil de chineál cinntitheach nach ann do neamhrialtacht, i gcomhthéacs an nós imeachta aisghabhála, maífidh an Ballstát lena mbaineann do na Cístí gur caiteachas é an t-ualach airgeadais atá air de réir na chéad fhomhíre.

Mar sin féini gcás nach bhféadfaidh aisghabháil tarlú taobh istigh den teorainn ama a shonraítear sa chéad fho-mhír, ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith an Bhallstáit lena mbaineann, agus má sháraíonn an méid a bheidh le haisghabháil EUR 1 mhilliún, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát, an teorainn ama a shíneadh go dtí tréimhse suas le leath den tréimhse bhunaidh.

3.   Ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan aisghabháil a lorg. Ní féidir an cinneadh sin a dhéanamh ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

más mó ná an méid atá le haisghabháil na costais iomlána atá ann cheana féin nó na costais is dócha a dhéanfar, measfar gur comhlíonadh an coinníoll sin

(i)

mura mbeidh an méid atá le haisghabháil ón tairbhí i gcomhthéacs íocaíocht aonair do scéim cúnaimh nó do bheart tacaíochta, gan ús a bheith san áireamh, níos mó na EUR 100 nó

(ii)

má tá an méid a bheidh le haisghabháil ón tairbhí i gcomhthéacs íocaíochta aonair do scéim cúnaimh v, gan ús a bheith san áireamh, idir EUR 100 agus EUR 150 agus go mbeidh tairseach á cur i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann arb ionann í agus an méid a bheidh le haisghabháil faoina dhlí náisiúnta i dtaca le gan dul sa tóir ar fhiacha náisiúnta nó níos airde ná sin.

(b)

mura bhfuil an aisghabháil indéanta de bharr dhócmhainneacht, arna taifeadadh agus arna haithint faoin dlí náisiúnta, an fhéichiúnaí nó na ndaoine a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an neamhrialtacht.

I gcás ina nglactar an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo sula gcuirtear an méid atá gan íoc faoi réir na rialacha dá dtagraítear i mír 2, is ar bhuiséad an Aontais a bheidh iarmhairt airgeadais na neamh-aisghabhála.

4.   Cuirfidh na Ballstáit na méideanna atá le híoc acu faoi mhír 2 den Airteagal seo isteach sna cuntais bhliantúla atá le cur chuig an gCoimisiún faoi phointe (c) d'Airteagal 102(1. Seiceálfaidh an Coimisiún go bhfuil an méid sin déanta, agus déanfaidh sé aon choigeartú is gá sa ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 51.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, ar fhoráil go bhfuil an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 52(3) leanta aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena n-eiseofar mhaoiniú an Aontais suimeanna arna ngearradh ar bhuiséad an Aontais sna cásanna seo a leanas:

(a)

murar chloígh an Ballstát leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1;

(b)

má mheasann sé nach bhfuil bonn cuí leis an gcinneadh atá glactha ag Ballstát gan aisghabháil a lorg de bhun mhír 3;

(c)

má mheasann sé gur toradh an neamhrialtacht nó an easpa aisghabhála ar neamhrialtacht nó faillí arb iad na húdaráis riaracháin nó comhlacht oifigiúil eile de chuid an Bhallstáit is cúis léi.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

Airteagal 55

Forálacha a bhaineann go sonrach le CERT

Íocfar na suimeanna a aisghabhtar tar éis neamhrialtachta nó faillí agus an t-ús ar na suimeanna sin leis an ngníomhaireacht íocaíochta agus cláróidh an ghníomhaireacht iad mar ioncam arna shannadh do CERT sa mhí chéanna a fhaightear an t-airgead.

Nuair a chuirtear buiséad an Aontais chun sochair, mar a thagraítear dó sa chéad mhír, féadfaidh an Ballstát 20 % de na méideanna comhfhreagracha a choimeád mar chostais aisghabhála ar ráta comhréidh, ach amháin i gcás neamhrialtachta nó faillí arb iad údaráis riaracháin nó comhlachtaí oifigiúla eile an Bhallstáit sin is cúis leo.

Airteagal 56

Forálacha a bhaineann go sonrach le CETFT

I gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí nó faillí in oibríochtaí forbartha tuaithe nó i gcláir, déanfaidh na Ballstáit coigeartuithe airgeadais lena gcuirfear ar ceal an maoiniú lena mbaineann de chuid an Aontais i bpáirt nó ina iomláine. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na cineálacha neamhrialtachtaí a bhraitear agus a thromchúisí atá siad, agus leibhéal an chaillteanais airgeadais ó thaobh CETFT de.

Déanfar na méideanna de mhaoiniú an Aontais a rinneadh faoi CETFT a chuirtear ar ceal agus na méideanna a aisghabhtar, chomh maith leis an ús ar na méideanna sin, a athdháileadh ar an gclár lena mbaineann. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit na cistí Aontais a cuireadh ar ceal nó a aisghabhadh a athúsáid le haghaidh oibríochta faoin gclár forbartha tuaithe céanna ar choinníoll nach n-athdháiltear na cistí ar oibríochtaí a bhí faoi réir coigeartaithe airgeadais. Nuair a dhúntar clár forbartha tuaithe, aisíocfaidh an Ballstát na suimeanna arna n-aisghabháil le buiséad an Aontais.

Airteagal 57

Cumhachtaí an Choimisiúin

1.   Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach ceart éifeachtúil na forálacha a bhaineann leis na coinníollacha chun íocaíochtaí neamhdhlite agus an t-ús orthu sin a aisghabháil, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir le hoibleagáidí sonracha a bheidh le comhlíonadh ag na Ballstáit.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha::

(a)

maidir leis na nósanna imeachta chun íocaíochtaí neamhdhlite agus an t-ús orthu sin a aisghabháil, mar a leagtar amach sa Roinn seo agus na nósanna imeachta chun an Coimisiún a choimeád ar an eolas i ndáil le haisghabhálacha atá ar feitheamh;

(b)

maidir leis na cineálacha fógra agus cumarsáide a bheidh le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Roinn seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

TEIDEAL V

CÓRAIS RIALAITHE AGUS PIONÓIS

CAIBIDIL I

Rialacha ginearálta

Airteagal 58

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh na Ballstáit, faoi chuimsiú CBT, na forálacha reachtacha, rialúcháin agus riaracháin ar fad is gá agus glacfaidh siad aon bhearta eile is gá chun cosaint éifeachtach a áirithiú do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dlíthiúlacht agus cirte na n-oibríochtaí a mhaoiníonn na Cístí a sheiceáil;

(b)

cosaint éifeachtach a áirithiú i gcoinne calaoise, go háirithe maidir leis na réimsí a mbaineann leibhéal níos airde riosca leo, ar bac í an chosaint sin, ag féachaint do na costais agus do na sochair chomh maith le comhréireacht na mbeart;

(c)

neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(d)

pionóis a ghearradh atá éifeachtach athchomhairleach agus comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais, nó ina éagmais sin, leis an dlí náisiúnta, agus imeachtaí dlí a thionscnamh chuige sin, de réir mar is gá;

(e)

íocaíochtaí neamhdhlite móide ús a aisghabháil, agus imeachtaí dlí a thionscnamh chuige sin de réir mar is gá.

2.   Bunóidh na Ballstáit córais éifeachtúla bhainistíochta agus rialaithe chun comhlíonadh na reachtaíochta a rialaíonn scéimeanna tacaíochta an Aontais a áirithiú, arb é atá mar aidhm acu an baol go ndéanfar dochar airgeadais don Aontas a íoslaghdú.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na forálacha arna nglacadh agus faoi na bearta arna ndéanamh faoi mhír 1 agus faoi mhír 2.

Aon choinníollacha a bhunaíonn na Ballstáit mar fhorlíonadh ar na coinníollacha a leagtar síos le rialacha an Aontais maidir le tacaíocht a fháil ó CERT nó ó CETFT, beidh na coinníollacha sin infhíoraithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na rialacha is gá a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a bhaint amach. Féadfaidh baint a bheith ag na rialacha sin leis an méid seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta, na spriocanna, an malartú faisnéise maidir leis na hoibleagáidí mar a leagtar amach iad i mír 1 agus i mír 2 í;

(b)

an fógra agus an chumarsáid a bheidh le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 3.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 59

Prionsabail ghinearálta seiceálacha

1.   Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt, aireofar sa chóras arna bhunú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 58(2) seiceáil chórasach riaracháin na n-iarratas ar chabhair agus na n-éileamh íocaíochta. Déanfar an córas sin a fhorlíonadh le seiceálacha ar an láthair.

2.   Maidir leis na seiceálacha ar an láthair, glacfaidh an t-údarás atá freagrach a shampla seiceála as measc na n-iarratasóirí ar fad agus beidh cuid den sampla sin randamach chun teacht ar ráta earráide ionadaíoch agus beidh cuid de riosca-bhunaithe, i gcás inarb iomchuí, lena ndíreofar ar na limistéir ina bhfuil an baol is airde go ndéanfar earráidí.

3.   Tarraingeoidh an t-údarás atá freagrach suas tuarascáil seiceála ar gach seiceáil ar an láthair.

4.   Nuair is iomchuí, déanfar na seiceálacha ar fad ar an láthair dá bhforáiltear i rialacha an Aontais maidir le cabhair talamhaíochta agus tacaíocht talmhaíochta agus tacaíocht forbartha tuaithe an tráth céanna.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit íosleibhéal seiceálacha ar an láthair is gá chun na rioscaí a bhainistiú go héifeachtach, agus méadóidh siad an leibhéal sin, más gá, nó féadfaidh siad é a laghdú i gcás ina bhfeidhmíonn na córais bhainistíochta agus rialaithe go cuí agus ina bhfuil na rátaí earráide ar leibhéal atá inghlactha.

6.   I gcásanna dá bhforálfaidh an Coimisiún ar bhonn phointe (h) d'Airteagal 62(2), Féadfar iarratais ar chabhair agus éilimh ar íocaíocht nó aon teachtaireachtaí eile, aon éilimh eile nó aon iarrataí eile a cheartú agus a choigeartú tar éis iad a chur isteach i gcás earráidí follasacha arna n-aithint ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 62(2).

7.   Ach amháin i gcásanna forcce majeure agus i gcuinsí eisceachtúla, diúltófar d'iarratas ar chabhair nó d'éileamh ar íocaíocht má chuireann an tairbhí nó a ionadaí cosc ar sheiceáil a dhéanamh ar an láthair ach amháin i gcás force majeure agus in imthosca eisceachtúla.

Airteagal 60

Clásal imchéimniúcháin

Gan dochar d'fhorálacha sonracha, ní dheonófar aon bhuntáiste dá bhforáiltear faoin reachtaíocht talmhaíochta earnálach i bhfabhar duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a shuífear ina leith gur go saorga a cruthaíodh na dálaí is gá chun na buntáistí sin a fháil, contrártha le cuspóirí na reachtaíochta sin.

Airteagal 61

Comhoiriúnacht scéimeanna tacaíochta chun críocha seiceálacha in earnáil an fhíona

Chun na scéimeanna tacaíochta a chur i bhfeidhm in earnáil an fhíona faoi mar a thagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na nósanna imeachta riaracháin agus rialaithe a chuirtear i bhfeidhm ar na scéimeanna sin ag teacht leis an gcóras comhtháite dá dtagraítear i gCaibidil II den Teideal seo maidir leis na heilimintí seo a leanas:

(a)

an bunachar sonraí ríomhairithe;

(b)

na córais aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta;

(c)

na seiceálacha riaracháin.

Ceadóidh na nósanna imeachta feidhmiú coiteann nó malartú sonraí leis an gcóras comhtháite.

Airteagal 62

Cumhachtaí an Choimisiúin maidir le seiceálacha

1.   Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach ceart éifeachtúil na seiceálacha agus go ndéanfar comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a fhíorú ar bhealach éifeachtúil comhtháite agus neamh-idirdhealaitheach lena gcosnófar leas airgeadais an Aontais, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115, lena leagtar síos ceanglais bhreise i ndáil le nósanna imeachta custaim, go háirithe iad siúd a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimhir 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) má theastaíonn sin chun an córas a bhainistiú go cuí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagfar síos na rialacha is gá d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Caibidle seo a bhaint amach san Aontas agus, go háirithe:

(a)

na rialacha maidir le seiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair atá le déanamh ag na Ballstáit maidir le hurramú oibleagáidí, gealltanas agus critéar incháilitheachta a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais;

(b)

na rialacha maidir le híosleibhéal na seiceálacha ar an láthair agus maidir leis an oibleagáid é a mhéadú nó maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfaí é a laghdú faoi mar a leagtar amach in Airteagal 59(5);

(c)

na rialacha agus na modhanna maidir le tuairisc a thabhairt ar na seiceálacha agus ar an bhfíorú a rinneadh agus ar thorthaí na seiceálacha agus an fhíoraithe sin;

(d)

na húdaráis atá freagrach as na seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh agus an t-ábhar, an mhinicíocht agus an chéim margaíochta a mbeidh feidhm ag na seiceálacha sin ina leith;

(e)

maidir le cnáib dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh 1307/2013, rialacha maidir le bearta sonracha rialaithe agus modhanna chun leibhéil teitrihidreacannaibionóil a chinneadh;

(f)

maidir le cadás dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh 1307/2013, córas le haghaidh seiceálacha ar na heagraíochtaí formheasta idirchraoibhe;

(g)

maidir le fíon dá dtagraítear in Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, rialacha maidir le limistéir a thomhas, agus rialacha a bhaineann le seiceálacha agus rialacha lena rialaítear na nósanna imeachta airgeadais sonracha chun seiceálacha a fheabhsú;

(h)

na cásanna ina bhféadfar iarratais ar chabhair agus ar íocaíochtaí nó aon teachtaireachtaí eile, aon éilimh eile nó aon iarrataí eile a cheartú nó a choigeartú tar éis iad a chur isteach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 59(6);

(i)

na tástálacha agus na modhanna atá le cur i bhfeidhm chun incháilitheacht táirgí a shuíomh le haghaidh idirghabhála poiblí agus stórála príobháidí, mar aon le húsáid nósanna imeachta tairisceana, le haghaidh idirghabhála poiblí agus stórála príobháidí araon.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 63

Íocaíochtaí neamhdhlite agus pionóis riaracháin

1.   I gcás ina bhfaightear amach nach gcomhlíonann tairbhí na critéir incháilitheachta, nó na gealltanais nó oibleagáidí eile a bhaineann leis na coinníollacha maidir leis an gcabhair nó leis an tacaíocht a dheonú dá bhforáiltear sa reachtaíocht talmhaíochta earnálach, ní íocfar an chabhair nó tarraingeofar siar an chabhair ina hiomláine nó i bpáirt agus, i gcás inarb ábhartha, ní leithdhálfar na teidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 nó tarraingeofar siar iad.

2.   Ina theannta sin, nuair a fhoráiltear amhlaidh leis an reachtaíocht talmhaíochta earnálach, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm freisin pionóis riaracháin, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 64 agus in Airteagal 77. Déanfar sin gan dochar do na forálacha a leagtar amach in Airteagal 91 go hAirteagal 101 de Theideal VI.

3.   Gan dochar d'Airteagal 54(3), déanfar na méideanna, lena n-airítear an t-ús orthu, agus teidlíochtaí íocaíochta a bhaineann leis an tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 agus leis na pionóis dá dtagraítear i mír 2 a aisghabháil.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 115 lena leagtar síos na coinníollacha i ndáil le tarraingt siar go páirteach nó go hiomlán dá dtagraítear i mír 1.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe nós imeachta agus teicniúla maidir leis an méid a leanas:

(a)

an tarraingt siar go páirteach nó go hiomlán dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus a ríomh;

(b)

íocaíochtaí neamhdhlite agus pionóis a aisghabháil agus i ndáil freisin le teidlíochtaí íocaíochta a leithdháiltear go míchuí agus le cur i bhfeidhm úis.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 64

Pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm

1.   Maidir leis na pionóis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2), beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás neamhchomhlíonta maidir le critéir incháilitheachta, gealltanais nó oibleagáidí eile de thoradh an reachtaíocht talmhaíochta earnálach a chur i bhfeidhm, cé is moite díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 67 go hAirteagal 78 de Chaibidil II den Teideal seo agus in Airteagal 91 go hAirteagal 101 de Theideal VI agus cé is moite díobh sin atá faoi réir na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 89(3) agus in Airteagal 89(4).

2.   Ní fhorchuirfear aon phionóis riaracháin maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás inarb é force majeure is cúis leis an neamhchomhlíonadh;

(b)

i gcás inarb é is cúis leis an neamhchomhlíonadh earráidí soiléire, dá dtagraítear in Airteagal 59(6);

(c)

i gcás inarb é is cúis leis an neamhchomhlíonadh earráid a rinne an t-údarás inniúil nó údarás eile, agus i gcás nach raibh ar chumas an duine lena mbaineann an pionós riaracháin an earráid a bhrath go réasúnach;

(d)

i gcás inar féidir leis an duine lena mbaineann a léiriú go sásúil don údarás inniúil nach bhfuil locht air nó uirthimaidir le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 nó má bhíonn an t-údarás inniúil sásta ar bhealach eile nach bhfuil locht ar an duine lena mbaineann;

(e)

i gcás gur mion-neamhchomhlíonadh an neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear nuair atá sé i bhfoirm tairsí, a bheidh le socrú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) de mhír 7;

(f)

i gcásanna eile nuair nach mbeadh sé oiriúnach pionós a fhorchur, a bheidh le sainmhíniú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) de mhír 6.

3.   Féadfar pionóis riaracháin a ghearradh ar thairbhí na cabhrach nó na tacaíochta, ar dhaoine nádúrtha nó dlíthiúla eile, lena n-áirítear grúpaí nó comhlachais de tairbhithe den sórt sin, faoi cheangal na n-oibleagáidí a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear i mír 1.

4.   Féadfaidh na pionóis riaracháin a bheith i bhfoirm ceann díobh seo a leanas:

(a)

laghdú i méid na cabhrach nó na tacaíochta a bheidh le híoc maidir leis an iarratas ar chabhair nó maidir leis an éileamh íocaíochta a mbíonn tionchar ag an neamhchomhlíonadh nó ag iarratais bhreise orthu; mar sin féin maidir le tacaíocht forbartha tuaithe, déanfar é sin gan dochar don deis a bheidh ann maidir leis an tacaíocht a fhionraí i gcás inar féidir a bheith ag súil go dtabharfaidh an tairbhí aghaidh ar an neamhchomhlíonadh laistigh de thréimhse réasúnach ama;

(b)

íocaíocht ar mhéid a ríomhfar ar bhonn an mhéid nó a bheidh i gceist leis an neamhchomhlíonadh, nó an dá rud;

(c)

formheas, aitheantas nó údarú a fhionraí nó a tharraingt siar;

(d)

eisiamh ón gceart chun bheith rannpháirteach sa scéim cabhrach nó sa bheart tacaíochta nó ó leas a bhaint astu nó ó bheart eile lena mbaineann;

5.   Beidh na pionóis riaracháin i gcomhréir le déine, méid, fad tréimhse agus atarlú an neamhchomhlíonta a aimsítear agus beidh siad céimnithe dá réir, agus cloífear leis na teorainneacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh méid an phionóis riaracháin, de réir mar a thagraítear dó i bpointe (a) de mhír 4, níos mó ná 200 % de mhéid na n-iarratas ar chabhair nó na n-éileamh íocaíochta;

(b)

in ainneoin phointe (a), maidir le forbairt tuaithe, ní rachaidh méid an phionóis riaracháin, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4, thar 100 % den mhéid incháilithe;

(c)

ní bheidh méid an phionóis riaracháin, de réir mar a thagraítear dó i bpointe (b) de mhír 4, níos mó ná 200 % de mhéid atá inchomparáide leis an gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;

(d)

féadfar an fionraí, an aistarraingt nó an t-eisiamh, dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 4 a shocrú d'uastréimhse trí bliana as a chéile, a bhféadfar feidhm a bheith aige arís i gcás aon neamhchomhlíonta nua.

6.   Chun go gcuirfí san áireamh ar láimh amháin, éifeacht dhíspreagach muirear agus pionós a bheidh le forchur, agus saintréithe gach scéime cabhraigh nó gach birt tacaíochta a chumhdaítear le reachtaíocht na hearnála talmhaíochta ar an láimh eile, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 lena sainaithnítear:

(a)

gach scéim cabhrach nó gach beart tacaíochta agus duine lena mbaineann dá dtagraítear i mír 3, ón liosta a leagtar amach i mír 4 agus laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i mír 5, an pionós riaracháin agus an ráta sonrach a bheidh le forchur ag na Ballstáit, lena n-áirítear i gcásanna neamhchomhlíonta neamh-inchainníochtaithe;

(b)

na cásanna nach mbeidh na pionóis riaracháin le forchur ina leith, amhail dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 2.

7.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha nós imeacha agus teicniúla mionsonraithe maidir le cur chun feidhme comhionann an Airteagail seo agus go háirithe:

(a)

rialacha maidir leis na pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm agus a ríomh;

(b)

na mionrialacha chun neamhchomhlíonadh a shainiú mar mhion-neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear tairseach chainníochtúil a shocú a léirítear mar luach ainmniúil nó mar chéatadán den mhéid incháilithe de chúnamh nó de thacaíocht, nach mbeidh, áfach, níos lú ná 1 %; maidir le tacaíocht don fhorbairt tuaithe, ní bheidh an tairseach sin níos lú ná 3 %;

(c)

na rialacha lena sainaithnítear na cásanna ina bhféadfaidh Ballstáit na pionóis a aisghabhfar a choimeád de bharr chineál na bpionós.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 65

Íocaíochtaí do na Ballstáit a chur ar fionraí i gcásanna sonracha a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

1.   I gcás ina n-éileofar le Rialachán (AE) Uimhir 1308/2013 ar Bhallstáit faisnéis shonrach a chur isteach laistigh de thréimhse sheasta agus go dteipeann ar na Ballstáit an fhaisnéis sin laistigh den tréimhse sin nó ar chor ar bith nó go seolann siad an fhaisnéis mhícheart, féadfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 18 a chur ar fionraí ar choinníoll gur chuir an Coimisiún an fhaisnéis, na foirmeacha agus na míniúcháin is gá ar fáil do na Ballstáit in am trátha. Bainfidh an méid le cur ar fionraí leis an gcaiteachas i gcomhair na mbeart margaidh nár seoladh an fhaisnéis is gá ina leith nó nár cuireadh í in am nó go raibh sí mícheart.

2.   Chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal na comhréireachta agus mír 1 á cur i bhfeidhm, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis na bearta margaidh a thagann faoin bhfionraíocht agus faoin ráta agus faoi thréimhse fionraíochta na n-íocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos mionrialacha maidir leis an nós imeachta agus leis na socruithe praiticiúla eile chun íocaíochtaí míosúla a chur ar fionraí i gceart, dá dtagraítear sa chéad mhír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 66

Urrúis

1.   Déanfaidh na Ballstáit, nuair a fhoráiltear leis an reachtaíocht talmhaíochta earnálach amhlaidh, iarratas ar urrús a thaisceadh agus ráthaíocht á tabhairt go n-íocfar suim airgid nó go bhforghéillfear í d'údarás inniúil mura gcomhlíonfar oibleagáid ar leith faoi reachtaíocht talmhaíochta earnálach.

2.   Seachas i gcásanna force majeure, forghéillfear an t-urrús ina iomláine nó i bpáirt i gcás nach gcuirtear oibleagáid ar leith i gcrích nó mura ndéantar é a chur i gcrích ach i bpáirt.

3.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 lena leagtar síos rialacha lena n-áiritheofar cóir neamh-idirdhealaitheach, cothromas agus urramú phrionsabal na comhréireachta nuair a bheidh urrús á thaisceadh agus:

(a)

lena sonraítear an té atá freagrach i gcás nach gcomhlíontar oibleagáid;

(b)

lena leagtar síos na cásanna sonracha nuair a fhéadfaidh an t-údarás inniúil an gá le hurrús a sholáthar a tharscaoileadh;

(c)

lena leagtar síos na coinníollacha a bhaineann leis an urrús atá le taisceadh agus leis an ráthóir agus na coinníollacha a bhaineann leis an urrús a thaisceadh agus a scaoileadh;

(d)

lena leagtar síos na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an urrús a thaisctear faoi chuimsiú réamhíocaíochtaí;

(e)

lena leagtar amach na hiarmhairtí a bhaineann le sárú na n-oibleagáidí dár taisceadh urrús, dá bhforáiltear i mír 1, lena n-áirítear urrúis a fhorghéilleadh, an ráta laghdaithe le cur i bhfeidhm maidir le scaoileadh urrús i gcomhair aisíocaíochtaí, ceadúnas, tairiscintí nó iarratas ar leith agus pionóis airgeadais a íoc nuair nár comhlíonadh oibleagáid a cumhdaíodh leis an urrús sin go páirteach nó go hiomlán, agus cineál na hoibleagáide sin á cur san áireamh, agus an méid lenar sáraíodh an oibleagáid, an tréimhse thar an teorainn ama inar cheart an oibleagáid a chomhlíonadh agus an tráth faoinar tugadh an fhianaise ar láimh gur comhlíonadh an oibleagáid,.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an cineál urrúis atá le taisceadh agus an nós imeachta maidir leis an urrús a thaisceadh, maidir le glacadh leis, agus maidir le hurrús nua a chur in ionad an bhunurrúis;

(b)

na nósanna imeachta maidir le hurrús a scaoileadh;

(c)

na fógraí atá le tabhairt ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

CAIBIDIL II

Córas comhtháite riaracháin agus rialaithe

Airteagal 67

Raon feidhme agus na téarmaí a úsáidtear

1.   Bunóidh gach Ballstát córas comhtháite riaracháin agus rialaithe (an "córas comhtháite').

2.   Beidh feidhm ag an gcóras comhtháite maidir leis na scéimeanna tacaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus maidir leis an tacaíocht arna deonú i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b)d'Airteagal 21(1), le hAirteagal 28 go 31, 33, Airteagal 34 agus 40 de Rialachán 1305/2013 agus, nuair is infheidhme, pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) RR 1303/2013.

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo, áfach, maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 28(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 Ná maidir le bearta faoi phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 21(1)den Rialachán sin a mhéid a bhaineann le costas an bhunaithe.

3.   Beidh feidhm ag an gcóras comhtháite a mhéid is gá maidir leis an tras-chomhlíonadh, faoi mar a leagtar síos i dTeideal VI.

4.   Chun críche na Caibidle seo:

(a)

ciallaíonn "dáileacht talmhaíochta" limistéar leanúnach talúin, atá fógartha feirmeoir amháin, agus nach gclúdaítear leis níos mó ná grúpa barra aonair amháin; má éilítear fógairt ar leith áfach maidir le húsáid limistéir laistigh de ghrúpa barr i gcomhthéacs Rialachán (AE) 3 1307/2013, cuirfear teorainn bhreise leis an úsáid shonrach sin, más gá, ar an dáileacht talmhaíochta; féadfaidh Ballstáit critéir bhreise a leagan síos chun tuilleadh teorannaithe a dhéanamh ar dháileacht talmhaíochta;

(b)

ciallaíonn "íocaíocht dhíreach a bhaineann le limistéar" scéim na híocaíochta bunúsaí, an scéim íocaíochta aonair limistéir agus an íocaíocht athdháilte dá dtagraítear i gCaibidil 1 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh 1307/2013, an íocaíocht i leith cleachtas talmhaíochta atá chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil dá dtagraítear i gCaibidil 3 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh1307/2013, an íocaíocht le haghaidh na limistéar sin a bhfuil srianta nádúrtha iontu mar a thagraítear dó sin i gCaibidil 4 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh1307/2013, an íocaíocht le haghaidh feirmeoirí óga dá dtagraítear i gCaibidil 4 de Theideal III de Rialachán (AE)Uimh 1307/2013, an tacaíocht chúpláilte dheonach a íoctar in aghaidh an heicteáir dá dtagraítear i gCaibidil 1 de Theideal IV, an íocaíocht a bhaineann le barra sonrach i gcás cadáis dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Theideal IV, scéim na bhfeirmeoirí beaga dá dtagraítear i dTeideal V de Rialachán (AE) 1307/2013 agus bearta sonracha talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (CE) 228/2013 (33), áit a n-íoctar tacaíocht in aghaidh an heicteáir, agus bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéach is lú dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), áit a n-íoctar tacaíocht in aghaidh an heicteáir.

Airteagal 68

Eilimintí den chóras comhtháite

1.   Beidh na heilimintí seo a leanas sa chóras comhtháite:

(a)

bunachar sonraí ríomhairithe;

(b)

córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta;

(c)

córas chun teidlíochtaí íocaíochta a aithint agus a chlárú;

(d)

iarratais ar chabhair agus éilimh ar íocaíocht;

(e)

córas comhtháite rialaithe;

(f)

córas aonair chun taifeadadh a dhéanamh ar chéannacht gach tairbhí den tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 67(2) a chuireann isteach iarratas ar chabhair nó éileamh íocaíochta.

2.   I gcás inarb infheidhme, áireofar sa chóras comhtháite córas arna shuíomh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) agus Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle (36),. chun ainmhithe a aithint agus a chlárú

3.   Gan dochar d'fhreagrachtaí na mBallstát maidir leis an gcóras comhtháite a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún cabhair a lorg ó chomhlachtaí speisialaithe nó ó dhaoine speisialaithe chun suíomh, faireachán agusoibriú an chórais chomhtháite a éascú, go háirithe d'fhonn comhairle theicniúil a sholáthar d'údaráis inniúla na mBallstát, i gcás ina n-iarrfadh siad é.

4.   Glacfaidh Ballstáit gach beart breise a mbeidh gá leis chun an córas comhtháite a chur i bhfeidhm i gceart agus tabharfaidh siad an cúnamh frithpháirteach is gá chun críocha na rialuithe a éilítear faoin Rialachán seo.

Airteagal 69

Bunachar sonraí ríomhairithe

1.   Déanfar taifeadadh sa bhunachar sonraí ríomhairithe ("an bunachar sonraí"), i gcás gach tairbhí den tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 67(2), ar na sonraí a fhaightear ó iarratais ar chabhair agus ó éilimh íocaíochta.

Leis an mbunachar sonraí, féadfar na sonraí a bhaineann leis na blianta féilire agus/nó blianta margaíochta reatha agus na deich mbliana den sórt sin roimhe a cheadú trí údarás inniúil an Bhallstáit. Nuair a théann na sonraí a bhaineann le bliain féilire agus/nó le bliain margaíochta níos luaithei gcion ar an leibhéal tacaíochta do na feirmeoirí, ag tosú in 2000, beifear in ann leis an mbunachar sonraí freisin na sonraí a bhaineann leis na blianta a cheadú. Ceadófar leis an mbunachas sonraí freisin go díreach, láithreach na sonraí a bhaineann leis na ceithre bliana féilire roimhe as a chéile ar a laghad. agus maidir le sonraí a bhaineann le "féarach buan" dá sonraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 1120/2009 (37) ón gCoimisiún ina leagan bunaidh agus, do thréimhsí amhail óna dháta cur i bhfeidhmagus le, "tailte féaraigh buana agus féarach buan" amhail a shonraítear i bpointe (h) d'Airteagal 4(1) de Rialachán 1307/2013, a bhaineann leis na cúig bliana féilire roimhe as a chéile ar a laghad.

De mhaolú ar an dara fomhír, ní éileofar ar na Ballstáit a d'aontaigh leis an Aontas in 2004, nó níos déanaí, a áirithiú go mbeifear in ann na sonraí a cheadú ach ó bhliain a n-aontachais.

2.   Féadfaidh na Ballstáit bunachair shonraí dhíláraithe a bhunú ar choinníoll go ndeartar na bunachair shonraí sin, mar aon leis na nósanna imeachta maidir le sonraí a thaifeadadh agus rochtain a fháil orthu, ar bhonn aonchineálach ar fud chríoch an Bhallstáit agus ar choinníoll go bhfuil siad ag luí lena chéile ionas gur féidir cros-seiceálacha a dhéanamh.

Airteagal 70

Córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta

1.   Bunófar an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta ar bhonn léarscáileanna, ar dhoiciméad de chuid chlárlann na talún nó ar thagairtí cartagrafacha eile. Bainfear úsáid teicnící a úsáidfear bunaithe ar chóras ríomhairithe um fhaisnéis gheografach, lena n-áirítear orta-íomhánna aeróige nó spásúil, le caighdeán aonchineálach a ráthaíonn cruinneas atá comhionann ar a laghad le cartagrafaíocht ar scála 1: 10 000 agus, ó 2016 ar aghaidh, ar scála 1:5 000, agus imlíne agus riocht na dáileachta á gcur san áireamh. Socrófar é sin i gcomhréir leis na caighdeáin de chuid an Aontais atá ann cheana.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na Ballstáit leanúint d'úsáid a bhaint as na teicnící sin lena n-áirítear orta-íomhánna aeróige nó spásúla, le caighdeán aonchineálach a ráthaíonn cruinneas atá comhionann ar a laghad le cartagrafaíocht ar scála 1:10 000, a fhaightear ar bhonn conarthaí fadtéarmacha a tugadh chun críche roimh Shamhain 2012.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh brat tagartha sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta chun freastal ar limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht. Cumhdófar leis an tsraith thagartha sin, go háirithe na ceanglais shonracha áirithe agus/nó na scéimeanna deimhniúcháin comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 atá coibhéiseach leis na cleachtais in Airteagal 46 den Rialachán sinsula gcuirfear ar fáil do bhliain éilimh 2018 ar a dhéanaí na foirmeacha iarratais dá dtagraítear in Airteagal 72 den Rialachán seo maidir le híocaíochtaí le haghaidh cleachtas talmhaíochta atá chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil dá dtagraítear in Airteagail 43 go 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

Airteagal 71

Córas chun teidlíochtaí íocaíochta a aithint agus a chlárú

1.   Faoin gcóras chun teidlíochtaí íocaíochta a aithint agus a chlárú, beifear in ann na teidlíochtaí a fhíorú agus cros-seiceálacha a dhéanamh leis na hiarratais ar chabhair agus leis an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta.

2.   Leis an gcóras dá dtagraítear i mír 1, féadfar na sonraí a bhaineann leis na ceithre bliana féilire roimhe sin ar a laghad a cheadú go díreach agus ar an bpointe trí údarás inniúil an Bhallstáit.

Airteagal 72

Iarratais ar chabhair agus éilimh íocaíochta

1.   Gach bliain, cuirfidh tairbhí den tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 67(2) iarratas isteach ar íocaíochtaí díreacha nó éileamh íocaíochta don limistéar ábhartha agus do na bearta forbartha tuaithe a bhaineann le hainmhithe agus luafar ann, nuair is infheidhme:

(a)

na dáileachtaí talmhaíochta ar fad ar an ngabháltas, mar aon leis an limistéar neamhthalmhaíochta a n-éilítear tacaíocht dó i gcomhréir le hAirteagal 67(2);

(b)

na teidlíochtaí íocaíochta a dhearbhaítear le haghaidh gníomhachtú;

(c)

faisnéis ar bith eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó a cheanglaítear d'fhonn an reachtaíocht talmhaíochta earnálach ábhartha a chur chun feidhme nó a éilíonn an Ballstát lena mbaineann.

Maidir leis an íocaíocht dhíreach a bhaineann le limistéar, déanfaidh gach Ballstát an t-íosmhéid a chinneadh maidir leis na dáileachtaí talmhaíochta ar féidir iarratas a dhéanamh ar a son. Mar sin féin, ní bheidh an t-íosmhéid sin níos mó ná 0.3 heicteár.

2.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gá dáileachtaí talmhaíochta de suas le 0,1 ha nár rinneadh iarratas ar íocaíocht ina leith a fhógairt ar choinníoll nach mó ná 1 ha é méid na ndáileachtaí sin, agus/nó féadfaidh siad a chinneadh nach gá d'fheirmeoir nach gcuireann iarratas isteach ar aon íocaíocht dhíreach a bhaineann le limistéar a chuid dáileachtaí talmhaíochta a fhógairt i gcás nach mó ná 1 ha an limistéar iomlán. I ngach cás, cuirfidh an feirmeoir sin in iúl ina iarratas go bhfuil dáileachtaí talmhaíochta faoina réir aige agus, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, cuirfidh sé suíomh na ndáileachtaí sin in iúl.

3.   Soláthróidh na Ballstáit, inter alia, trí mheán leictreonach, foirmeacha réamhshuite bunaithe ar na limistéir a cinneadh an bhliain roimhe sin mar aon le hábhar grafach a léiríonn cá bhfuil na limistéir sin.

Féadfaidh Ballstát a chinneadh go bhfuil an t-iarratas ar chabhair agus an t-éileamh ar íocaíocht:

(a)

bailí má dhearbhaíonn an tairbhí nach ann d'athruithe i gcomparáid leis an iarratas ar chabhair agus leis an éileamh ar íocaíocht a cuireadh isteach an bhliain roimhe,

(b)

nach bhfuil gá le hathruithe ach amháin i gcomparáid leis an iarratas ar chabhair agus leis an éileamh ar íocaíocht a cuireadh isteach don bhliain roimhe.

Mar sin féin, maidir le scéim na bhfeirmeoirí beaga dá bhforáiltear i dTeideal V de Rialachán (AE)Uimh. 1307/2013, tabharfar an deis sin do na feirmeoirí ar fad lena mbaineann.

4.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh go gcumhdófar le hiarratas amháin roinnt scéimeanna tacaíochta agus beart nó na scéimeanna tacaíochta nó bearta ar fad dá dtagraítear in Airteagal 67 nó scéimeanna tacaíochta agus bearta eile.

5.   De mhaolú ar Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (38), cuirfear in oiriúint do riachtanais shonracha an chórais chomhtháite ríomh an dáta faoina gcaithfear iarratas ar chabhair, éileamh ar íocaíocht nó aon doiciméid tacaíochta eile a thíolacadh nó a leasú. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir le rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama nuair is lá saoire poiblí, an Satharn, nó an Domhnach é an dáta deiridh le haghaidh iarratais nó leasuithe a thíolacadh.

Airteagal 73

Córas chun tairbhithe a aithint

Ráthófar leis an gcóras aonair chun céannacht gach tairbhí den tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 68(2) a thaifeadadh, gur féidir na hiarratais ar chabhair agus na héilimh íocaíochta ar fad a chuireann an tairbhí céanna isteach a aithint amhlaidh.

Airteagal 74

Coinníollacha incháilitheachta agus laghduithe a fhíorú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 59, déanfaidh na Ballstáit, tríd na gníomhaireachtaí íocaíochta nó na comhlachtaí atá údaraithe acu le gníomhú ar a son, seiceálacha riaracháin ar an iarratas ar chabhair chun na coinníollacha incháilitheachta don chabhair sin a fhíorú. Déanfar seiceálacha ar-an-láthair le cois na seiceálacha sin.

2.   Chun críche na seiceálacha ar an láthair, tarraingeoidh na Ballstáit suas plean samplála de na gabháltais talmhaíochta agus/nó de na tairbhithe.

3.   Féadfaidh na Ballstáit teicnící cianbhraiteachta agus teicnící an Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte a úsáid chun seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar dháileachtaí talmhaíochta.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha incháilitheachta, beidh feidhm ag Airteagal 63.

Airteagal 75

Íocaíocht le tairbhithe

1.   Déanfar na híocaíochtaí faoi na scéimeanna tacaíochta agus bearta dá dtagraítear in Airteagal 67(2) sa tréimhse idir an 1 Nollaig agus an 30 Meitheamh sa bhliain féilire dar gcionn.

Déanfar na híocaíochtaí in dhá thráthchuid ar a mhéad sa tréimhse sin.

D'ainneoin an chéad fhomhír agus an dara fomhír, féadfaidh na Ballstáit, roimh an 1 Nollaig ach ní roimh an 16 Deireadh Fómhair, réamhíocaíochtaí suas le 50 % a dhéanamh i leith na n-íocaíochtaí díreacha agus suas le 75 % i leith na tacaíochta a deonaíodh faoi fhorbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Maidir le tacaíocht a deonaíodh faoi fhorbairt tuaithe, dá dtagraítear in Airteagal 67(2), beidh feidhm ag an mír seo leis na hiarratais ar chabhair nó leis na héilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach amhail an bhliain éilimh 2018, seachas maidir le réamhíocaíochtaí suas le 75 % a íoc, dá bhforáiltear sa tríú fomhír den mhír seo.

2.   Ní dhéanfar na híocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 sula mbeidh fíorú chomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta, a bheidh ar na Ballstáit a dhéanamh de bhun Airteagal 74, tugtha chun críche.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar réamhíocaíochtaí le haghaidh tacaíochta a dheonaítear faoi fhorbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 67(2) a íoc tar éis na seiceálacha riaracháin de bhun Airteagal 59(1) a bheith tugtha chun críche.

3.   I gcás éigeandála, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá agus a mbeidh údar leo i gcás éigeandála a ghlacadh chun fadhbanna sonracha a réiteach maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil na gníomhartha sin riachtanach agus inchosanta araon. D'fhéadfadh maolú ar mhír 1 agus ar mhír 2 a bheith i gceist leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach a mhéad agus a fhad a mbeidh fíorghá leis.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 76

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm an córas comhtháite dá bhforáiltear sa Chaibidil seo ar bhealach éifeachtúil comhleanúnach agus neamh-idirdhealaitheach a chosnaíonn leasanna airgeadais an Aontais, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na sainmhínithe sonracha is gá chun cur chun feidhme comhchuibhithe an chórais chomhtháite a áirithiú de bhreis ar na cinn sin dá bhforáiltear in Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(b)

maidir le hAirteagail 67 go 75, rialacha maidir le bearta breise is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na riachtanas rialaithe a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa reachtaíocht talmhaíochta earnála le glacadh ag na Ballstáit i dtaca le táirgeoirí, seirbhísí, comhlachtaí, eagraíochtaí nó oibreoirí eile, amhail seamlais nó comhlachais a bhfuil baint acu leis an nós imeachta maidir le cabhair a dheonú, i gcás nach bhforáiltear leis an Rialachán seo do phionóis ábhartha riaracháin;leanfaidh na bearta sin, a mhéad is féidir, mutatis mutandis, na forálacha maidir le pionóis a leagtar amach i míreanna (1) go (5) d'Airteagal 77.

2.   Chun a áirithiú go ndáiltear na cistí ó na hiarratais ar chabhair dá bhforáiltear in Airteagal 72 i gceart ar na tairbhithe atá i dteideal iad a fháil agus chun go bhféadfar a fhíorú go gcomhlíonann na tairbhithe sin na hoibleagáidí a bhaineann leis na hiarratais sin, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na tréithe bunúsacha, na rialacha teicniúla, lena n-áirítear iad siúd maidir le corrlaigh lamháltais iomchuí na ndáileachtaí tagartha a nuashonrú, agus imlíne agus riocht na dáileachta á gcur san áireamh, agus lena n-áirítear rialacha maidir le tréithe tírdhreacha atá lonnaithe cóngarach do dháileacht a áireamh, agus ceanglais cháilíochta maidir leis an gcóras aitheantais do dháileachtaí talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 70 agus maidir leis na tairbhithe a shainaithint dá bhforáiltear in Airteagal 73;

(b)

na tréithe bunúsacha, na rialacha teicniúla agus na ceanglais cháilíochta don chóras um theidlíochtaí íocaíochta a aithint agus a chlárú dá bhforáiltear in Airteagal 71;

(c)

rialacha chun go mbunófar sainmhíniú ar an mbonn le cabhair a ríomh, lena n-áirítear rialacha maidir leis an gcaoi le déileáil le cásanna áirithe ina bhfuil gnéithe tírdhreacha nó crainn sna limistéir incháilithe; ar choinníoll go ligear le rialacha den sórt sin do Bhallstáit, i ndáil le limistéir atá faoi fhéarach buan, tréithe tírdhreacha scaipthe agus crainn scaipthe, nach bhfuil a n-achar iomlán níos mó ná céatadán áirithe na dáileachta tagartha, a mheas mar chuid uathoibríoch den limistéar incháilithe gan ceanglas iad a mhapáil chun na críche sin.

Airteagal 77

Pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm

1.   Maidir leis na pionóis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2), beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás neamhchomhlíonadh maidir le critéir incháilitheachta, le gealltanais nó le hoibleagáidí eile de thoradh chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

2.   Ní fhorchuirfear aon phionóis riaracháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inarb é force majeure is cúis leis an neamhchomhlíonadh;

(b)

i gcás inarb é is cúis leis an neamhchomhlíonadh earráidí soiléire, dá dtagraítear in Airteagal 59(6);

(c)

i gcás inarb é is cúis leis an neamh-chomhlíonadh earráid a rinne an t-údarás inniúil nó údarás eile, agus i gcás nach raibh ar chumas an duine lena mbaineann an pionós riaracháin an earráid a bhrath go réasúnach;

(d)

i gcás inar féidir leis an duine lena mbaineann a léiriú go sásúil don údarás inniúil nach bhfuil locht air nó uirthi maidir le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 nó má bhíonn an t-údarás inniúil sásta ar bhealach eile nach bhfuil locht ar an duine lena mbaineann;

(e)

i gcás gur mion-neamhchomhlíonadh an neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear nuair atá sé i bhfoirm tairsí, a bheidh le socrú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) de mhír 7

(f)

i gcásanna eile nuair nach mbeadh sé oiriúnach pionós a fhorchur, a bheidh le sainmhíniú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) de mhír 7.

3.   Féadfar pionóis riaracháin a fhorchur ar thairbhí na cabhrach nó na tacaíochta, lena n-áirítear grúpaí nó comhlachais díobh, a bheidh faoi cheangal na n-oibleagáidí a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear i mír 1.

4.   D'fhéadfadh na pionóis riaracháin a bheith i bhfoirm ceann díobh seo a leanas:

(a)

laghdú i méid na cabhrach nó na tacaíochta a íocadh nó a bheidh le híoc maidir leis na hiarratais ar chabhair nó maidir leis na héilimh ar íocaíocht a mbeidh tionchar ag an neamhchomhlíonadh orthu agus/nó maidir le hiarratais ar chabhair nó éilimh ar íocaíocht i leith blianta roimhe nó ina dhiaidh;

(b)

íocaíocht ar mhéid a ríomhfar ar bhonn na cainníochta agus/nó an tréimhse a bheidh i gceist leis an neamhchomhlíonadh;

(c)

eisiamh ón gceart chun bheith rannpháirteach sa scéim cabhrach nó sa bheart tacaíochta lena mbaineann.

5.   Beidh na pionóis riaracháin i gcomhréir le déine, méid, fad tréimhse agus atarlú an neamhchomhlíonta a aimsítear agus beidh siad céimnithe dá réir, agus urramófar leo na teorainneacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh méid an phionóis riaracháin do bhliain áirithe, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4, níos mo ná 100 % de mhéideanna na n-iarratas ar chabhair;

(b)

ní bheidh méid an phionóis riaracháin do bhliain áirithe, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4, níos mó ná 100 % de mhéid na n-iarratas ar chabhair nó na n-éileamh ar íocaíocht a gcuirfear an pionós i bhfeidhm maidir leo;

(c)

féadfar an t-eisiamh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 a shocrú ag uasmhéid de thrí bliana as a chéile, a bhféadfar feidhm a bheith aige arísi gcás aon neamhchomhlíonta nua.

6.   D'ainneoin mhír 4 agus mhír 5, maidir leis an íocaíocht dá dtagraítear i gCaibidil 3 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimhir 1307/2013, is i bhfoirm laghdaithe i méid na n-íocaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán sin a bheidh na pionóis riaracháin.

Beidh na pionóis riaracháin dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le déine, méid, ré agus atarlú an neamhchomhlíonta a aimseofar agus beidh siad céimnithe dá réir.

Ní bheidh méid na bpionós riaracháin sin níos mó ná 0 % don chéad dá bhliain a chuirfear i bhfeidhm Caibidil 3 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (blianta éilimh 2015 agus 2016), 20 % don tríú bliain feidhme (bliain éilimh 2017) agus 25 % ag tosú leis an gceathrú bliain feidhme (bliain éilimh 2018), de mhéid na híocaíochta dá dtagraítear i gCaibidil 3 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimhir 1307/2013 a mbeadh an feirmeoir lena mbaineann ina teideal dá gcomhlíonfadh an feirmeoir na coinníollacha don íocaíocht sin.

7.   Chun go gcuirfí san áireamh ar láimh amháin, éifeacht dhíspreagach pionós a bheidh le forchur, agus saintréithe gach scéime cabhraigh nó gach birt tacaíochta ar an láimh eile dá dtagraítear in Airteagal 67(2), tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 lena sainaithnítear:

(a)

gach scéim cabhrach nó gach beart tacaíochta agus duine lena mbaineann dá dtagraítear i mír 3, ón liosta a leagtar amach i mír 4 agus laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i mír 5 agus i mír 6, an pionós riarachán agus an ráta sonrach a bheidh á fhorchur ag Ballstáit, lena n-áirítear i gcásanna neamhchomhlíonta neamh-inchainníochtaithe;

(b)

cásanna nach bhforchuirfear na pionóis riaracháin ina leith, dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 2.

8.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha nós imeachta mionsonraithe agus rialacha teicniúla mionsonraithe maidir le feidhmiú an Airteagail seo i dtaca le:

(a)

rialacha maidir leis na pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm agus a ríomh;

(b)

na rialacha mionsonraithe chun neamhchomhlíonadh a shainiú mar mhion-neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear tairseach chainníochtúil a shocrú a léirítear mar luach ainmniúil nó mar chéatadán den mhéid incháilithe de chúnamh nó de thacaíocht, nach mbeidh, áfach, níos lú ná 0,5 %.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 78

Cumhachtaí cur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an méid seo a leanas:

(a)

na tréithe bunúsacha, rialacha teicniúla agus ceanglais cháilíochta don bhunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 69;

(b)

rialacha maidir leis an iarratas ar chabhair agus na héilimh íocaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 72, agus iarratais ar theidlíochtaí íocaíochta, lena n-áirítear an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach, na ceanglais maidir leis an íosmhéid faisnéise atá le háireamh in iarratais, forálacha maidir le leasuithe nó maidir le hiarratais ar chabhair a aistarraingt, díolúine ón ngá le hiarratas ar chabhair a chur isteach, agus forálacha a ligeann do na Ballstáit nósanna imeachta simplithe a chur i bhfeidhm nó a ligeann dóibh earráidí follasacha a cheartú;

(c)

rialacha maidir le seiceálacha a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíontar oibleagáidí agus cruinneas agus sláine na faisnéise a chuirtear ar fáil san iarratas ar chabhair nó san éileamh íocaíochta, lena n-áirítear rialacha maidir le lamháltais tomhais do na seiceálacha ar an láthair;

(d)

na sonraíochtaí teicniúla is gá chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme go haonfhoirmeach;

(e)

rialacha maidir le cásanna ina n-aistrítear gabháltais agus ina n-aistrítear aon oibleagáid a bhaineann le hincháilitheacht i ndáil leis an gcabhair i dtrácht, ar oibleagáid í is gá a chomhlíonadh fós;

(f)

rialacha maidir leis na réamhíocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 75 a íoc.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

CAIBIDIL III

Grinnscrúdú ar idirbhearta

Airteagal 79

Raon feidhme agus sainmhínithe

1.   Leagtar síos sa Chaibidil seo rialacha sonracha maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid tráchtála na n-eintiteas sin a fhaigheann íocaíochtaí nó a dhéanann íocaíochtaí a bhaineann go díreach nó go hindíreach le córas maoinithe CERT nó a n-ionadaithe, ('gnóthais') chun a fháil amach ar cuireadh chun críche idirbhearta atá mar chuid de chóras maoinithe CERT agus an ndearnadh i gceart iad.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le bearta a chumhdófar leis an gcóras comhtháite dá dtagraítear i gCaibidil II den Teideal seo. D'fhonn freagairt d'athruithe sa reachtaíocht earnálach talmhaíochta agus chun éifeachtúlacht sa chóras rialuithe ex post a bhunaítear sa Chaibidil seo a áirithiú, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 lena mbunófar liosta de bhearta nach n-oireann do rialuithe breise ex post trí dhoiciméid tráchtála a ghrinnscrúdú, de bharr a ndeartha agus a gceanglas rialaithe, agus dá bhrí sin, níl siad le bheith faoi réir grinnscrúdaithe den sórt sin faoin gCaibidil seo.

3.   Chun críche na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn "doiciméad tráchtála" na leabhair, na cláir, na dearbháin agus na doiciméid tacaíochta, na cuntais, na taifid táirgthe agus cháilíochta agus an comhfhreagras a bhaineann le gníomhaíocht gnó an ghnóthais, mar aon le sonraí tráchtála, pé cló a bheidh orthu, lena n-áirítear sonraí a stóráiltear go leictreonach, a mhéid a bhaineann na doiciméid nó na sonraí sin go díreach nó go hindíreach leis na hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

ciallaíonn 'tríú páirtí' aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bainteach go díreach nó go hindíreach le hidirbhearta a dhéanann CERT laistigh den chóras maoinithe.

Airteagal 80

Grinnscrúdú ó na Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit grinnscrúdú córasach ar dhoiciméid tráchtála na ngnóthas, agus cuirfidh siad san áireamh na cineálacha idirbheart a bhfuil grinnscrúdú le déanamh orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go ráthófar le rogha na ngnóthas a bhfuil grinnscrúdú le déanamh orthu, a mhéid is féidir, éifeachtacht na mbeart chun neamhrialtachtaí a bhrath agus a chosc. Cuirfear san áireamh sa rogha, inter alia, an tábhacht a bhaineann leis na gnóthais sa chóras sin ó thaobh airgeadais de, agus fachtóirí riosca eile.

2.   Nuair is iomchuí, leathnófar an grinnscrúdú dá bhforáiltear i mír 1 chun daoine nádúrtha agus dlítheanacha a luaitear gnóthais leo a áireamh, agus chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a áireamh a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 81 a bhaint amach.

3.   Ní dhéanfaidh an grinnscrúdú a dhéanfar de bhun na Caibidle seo dochar do na seiceálacha a dhéanfar de bhun Airteagal 47 agus Airteagal 48.

Airteagal 81

Cuspóirí an ghrinnscrúdaithe

1.   Fíorófar cruinneas na bpríomhshonraí atá faoi ghrinnscrúdú trí roinnt cros-seiceálacha a dhéanamh lena n-áirítear, nuair is gá, doiciméid tráchtála tríú páirtithe a oireann don leibhéal riosca atá i gceist, lena n-áirítear:

(a)

comparáidí le doiciméid tráchtála soláthróirí, custaiméirí, iompróirí agus tríú páirtithe eile;

(b)

seiceálacha fisiciúla, nuair is iomchuí, ar chainníocht agus ar chineál na stoc;

(c)

comparáid le taifid na sreafaí airgeadais is bunús leis na hidirbhearta a dhéanann CERT laistigh den chóras maoinithe, nó atá mar thoradh orthu; agus

(d)

seiceálacha, i ndáil le leabharchoimeád, nó taifid ar ghluaiseachtaí airgeadais a léiríonn, tráth an ghrinnscrúdaithe, gur doiciméid chruinne iad na doiciméid atá i seilbh na gníomhaireachta íocaíochta mar údar leis an gcabhair a íoctar leis an tairbhí.

2.   Go háirithe, i gcás ina gceanglaítear ar ghnóthais taifid leabhair ar leith a choinneáil ar stoc i gcomhréir le forálacha an Aontais nó le forálacha náisiúnta, áireofar i ngrinnscrúdú na dtaifead sin, i gcásanna iomchuí, comparáid leis na doiciméid tráchtála agus, nuair is iomchuí, leis na cainníochtaí iarbhír atá i stoc.

3.   I rogha na n-idirbheart atá le seiceáil, cuirfear an leibhéal riosca atá ann san áireamh ina iomláine.

Airteagal 82

Rochtain ar dhoiciméid tráchtála

1.   Áiritheoidh na daoine atá freagrach as an ngnóthas, nó tríú páirtí, go soláthraítear na doiciméid tráchtála ar fad agus an fhaisnéis bhreise do na hoifigigh atá freagrach as an ngrinnscrúdú nó do na daoine atá údaraithe chun é a dhéanamh ar a son. Soláthrófar na sonraí a stóráiltear go leictreonach ar mheán iomchuí um thacaíocht sonraí.

2.   Féadfaidh na hoifigigh atá freagrach as an ngrinnscrúdú, nó na daoine atá údaraithe chun é a dhéanamh ar a son., a cheangal go soláthrófar sleachta as na doiciméid nó cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 dóibh.

3.   I gcás ina meastar, le linn an ghrinnscrúdaithe a dhéantar de bhun na Caibidle seo, nach bhfuil na doiciméid tráchtála arna gcoimeád ag an ngnóthas leordhóthanach chun críoch grinnscrúdaithe, iarrfar ar an ngnóthas na taifid a theastaíonn ón mBallstát atá freagrach as an ngrinnscrúdú a choimeád amach anseo, gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialacháin eile maidir leis an earnáil lena mbaineann.

Cinnfidh na Ballstáit an dáta ar a mbeidh na taifid sin le suíomh.

I gcás ina bhfuil na doiciméid tráchtála ar fad a cheanglaítear a ghrinnscrúdú de bhun na Caibidle seo, ag gnóthas atá sa ghrúpa tráchtála céanna, sa chomhpháirtíocht chéanna nó sa chomhlachas gnóthas céanna, arna mbainistiú ar bhonn aontaithe, leis an ngnóthas ar a bhfuil grinnscrúdú á dhéanamh, is cuma an bhfuil sé lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, cuirfidh an gnóthas na doiciméid tráchtála sin ar fáil do na hoifigigh atá i mbun an ghrinnscrúdaithe, ag áit agus ag am a bheidh le cinneadh ag an mBallstát atá freagrach as an ngrinnscrúdú a dhéanamh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hoifigigh atá freagrach as an ngrinnscrúdú i dteideal doiciméid tráchtála a urghabháil, nó a chinntiú go n–urghabhfar iad. Feidhmeofar an ceart sin ag féachaint go cuí do na forálacha ábhartha náisiúnta agus beidh sé gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha a rialaíonn imeachtaí i gcúrsaí coiriúla a bhaineann le doiciméid a urghabháil.

Airteagal 83

Cúnamh frithpháirteach

1.   Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun críocha an grinnscrúdú dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil gnóthas nó tríú páirtí suite i mBallstát seachas an Ballstát inar íocadh nó ina bhfuarthas an tsuim atá i dtrácht, nó inar cheart í a bheith íoctha nó faighte;

(b)

i gcás ina bhfuil gnóthas nó tríú páirtí suite i mBallstát seachas an Ballstát sin ina bhfuil na doiciméid agus an fhaisnéis is gá le haghaidh grinnscrúdaithe.

Féadfaidh an Coimisiún comhghníomhaíochtaí a chomhordú ina mbeidh cúnamh frithpháirteach idir dhá Bhallstát nó níos mó.

2.   Le linn na dtrí mhí tar éis bhliain airgeadais íocaíochta CERT, cuirfidh na Ballstáit liosta chuig an gCoimisiún de ghnóthais atá bunaithe i dtríú tír ar íocadh an méid atá i dtrácht leo nó a fuair an méid atá i dtrácht, nó ar cheart é a bheith íoctha leo nó faighte acu, sa Bhallstát sin.

3.   Má tá faisnéis bhreise de dhíth i mBallstát eile mar chuid den ghrinnscrúdú atá á dhéanamh ar ghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 80, agus go háirithe maidir le cros-seiceálacha i gcomhréir le hAirteagal 81, féadfar iarratais shonracha ar ghrinnscrúdú a dhéanamh agus na cúiseanna leis an iarratas a lua. Cuirfear achoimre ar na hiarratais shonracha sin chuig an gCoimisiún gach ráithe, laistigh de mhí tar éis dheireadh gach ráithe. Féadfaidh an Coimisiún cóip de na hiarratais a éileamh.

Comhlíonfar an t-iarratas ar ghrinnscrúdú sé mhí ar a dhéanaí tar éis é a fháil; cuirfear torthaí an ghrinnscrúdaithe in iúl gan mhoill don Bhallstát atá á iarraidh agus don Choimisiún. Rachfar i dteagmháil leis an gCoimisiún gach ráithe, laistigh de mhí tar éis dheireadh gach ráithe.

Airteagal 84

Cláreagrú

1.   Tarraingeoidh na Ballstáit suas cláir le haghaidh grinnscrúdú a bheidh le déanamh de bhun Airteagal 80 le linn na tréimhse grinnscrúdaithe ina dhiaidh sin.

2.   Gach bliain, roimh an 15 Aibreán, cuirfidh Ballstáit a gclár, dá dtagraítear i mír 1, chuig an gCoimisiún agus sonróidh siad:

(a)

líon na ngnóthas a bhfuil grinnscrúdú le déanamh orthu agus miondealú de réir earnála ar bhonn na méideanna a bhaineann leo;

(b)

na critéir arna nglacadh chun an clár a tharraingt suas.

3.   Na cláir a bheidh bunaithe ag na Ballstáit agus a bheidh curtha ar aghaidh acu chuig an gCoimisiún, cuirfidh siad chun feidhme iad, mura mbeidh a thráchtaí curtha in iúl ag an gCoimisiún laistigh d'ocht seachtaine.

4.   Beidh feidhm ag mír 3 mutatis mutandis maidir leis na leasuithe a dhéanann na Ballstáit ar an gclár.

5.   Am ar bith, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfear catagóir gnóthas ar leith san áireamh i gclár Ballstáit.

6.   Maidir le gnóthais ar lú ná EUR 40 000 suim na n-admhálacha nó na n-íocaíochtaí, ní dhéanfar grinnscrúdú orthu i gcomhréir leis an gCaibidil seo ach ar chúiseanna sonracha a bheidh le léiriú ag na Ballstáit ina gclár bliantúil dá dtagraítear i mír 1 nó ag an gCoimisiún in aon leasú atá beartaithe ar an gclár sin. Chun forbairtí eacnamaíocha a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir le leasú a dhéanamh ar an tairseach EUR 40 000.

Airteagal 85

Ranna speisialta

1.   Beidh roinn speisialta i ngach Ballstát a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Caibidle seo. Beidh na ranna sin freagrach, go háirithe, as an méid seo a leanas:

(a)

feidhmiú an ghrinnscrúdú dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a dhéanann oifigigh atá fostaithe go díreach ag an roinn speisialta sin; nó

(b)

comhordú agus faireachas ginearálta ar an ghrinnscrúdú orthe a dhéanann oifigigh ó ranna eile a chomhordú agus faireachas ginearálta a dhéanamh air.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin, go ndéanfarna seiceálacha grinnscrúdaithe a bheidh le déanamh de bhun na Caibidle seo a leithdháileadh idir na ranna speisialta agus ranna náisiúnta eile, ar choinníoll go bhfuil na ranna speisialta freagrach as an gcomhordú.

2.   Déanfar an roinn nó na ranna atá freagrach as an gCaibidil seo a chur i bhfeidhm a eagrú ar bhealach a bheidh neamhspleách ó ranna nó ó chraobhacha na ranna atá freagrach as na híocaíochtaí agus as na seiceálacha grinnscrúdaithe a rinneadh roimh an íocaíocht.

3.   Chun a áirithiú go gcuirfear an Chaibidil seo i bhfeidhm go cuí, déanfaidh an roinn speisialta dá dtagraítear i mír 1 na bearta ar fad is gá, agus tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann di na cumhachtaí ar fad is gá chun na cúraimí dá dtagraítear sa Chaibidil seo a dhéanamh.

4.   Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun pionós a ghearradh ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin gCaibidil seo.

Airteagal 86

Tuarascálacha

1.   Roimh an 1 Eanáir, tar éis na tréimhse grinnscrúdaithe, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún a dtuairimí a mhalartú go minic maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo.

Airteagal 87

Rochtain ar fhaisnéis agus grinnscrúdú a dhéanann an Coimisiún

1.   I gcomhréir leis na dlíthe ábhartha náisiúnta, beidh rochtain ag oifigigh an Choimisiúin ar na doiciméid ar fad a ullmhaítear don ghrinnscrúdú nó tar éis an ghrinnscrúdaithe a eagraítear faoin gCaibidil seo, agus ar na sonraí ar fad, lena n-áirítear na sonraí a stóráiltear sna córais próiseála-sonraí. Soláthrófar na sonraí sin ar iarratas a fháil trí mheán iomchuí um thacaíocht sonraí.

2.   Déanfaidh oifigigh de chuid na mBallstát na grinnscrúduithe sin dá dtagraítear in Airteagal 80. Féadfaidh oifigigh de chuid an Choimisiúin bheith páirteach sna grinnscrúduithe sin. Ní fhéadfaidh siad féin na cumhachtaí grinnscrúdaithe atá tugtha d'oifigigh náisiúnta a fheidhmiú. Mar sin féin, beidh rochtain acu ar na háitribh chéanna agus ar na doiciméid chéanna is atá ag oifigigh na mBallstát.

3.   I gcás grinnscrúdaithe a dhéantar faoi Airteagal 83, féadfaidh oifigigh den Bhallstát iarrthach a bheith i láthair, le comhaontú an Bhallstáit iarrtha, ag an ngrinnscrúdú sa Bhallstát iarrtha, agus beidh rochtain acu ar na háitribh chéanna agus ar na doiciméid chéanna is atá ag oifigigh an Bhallstáit sin.

Beidh oifigigh an Bhallstáit iarrthaigh atá i láthair ag na grinnscrúduithe sa Bhallstát iarrtha in ann cruthúnas ar a gcúram oifigiúil a thaispeáint am ar bith. Is iad oifigigh an Bhallstáit iarrtha a dhéanfaidh na grinnscrúduithe i gcónaí.

4.   Gan dochar d'fhorálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, i gcás ina bhfágann forálacha náisiúnta a bhaineann le himeachtaí coiriúla nach féidir ach le hoifigigh atá ainmnithe go sonrach sa dlí náisiúnta gníomhartha áirithe a dhéanamh, ní bheidh oifigigh an Choimisiúin, ná oifigigh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 3, páirteach sna gníomhartha sin. Ar chaoi ar bith, ní bheidh siad páirteach, go háirithe, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine i gcomhthéacs dhlí coiriúil an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an mbealach sin, áfach.

Airteagal 88

Cumhachtaí an Choimisiúin

Nuair is gá, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha madir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Caibidle agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

feidhmíocht an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 80 i ndáil le gnóthais, ráta agus féilire an ghrinnscrúdaithe a roghnú;

(b)

doiciméid tráchtála a chaomhnú agus na cineálacha doiciméad atá le coinneáil nó na cineálacha sonraí atá le taifeadadh;

(c)

feidhmíocht agus comhordú comhghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 83(1);

(d)

sonraí agus sonraíochtaí maidir le hábhar agus cló na n-iarratas agus an bealach a chuirtear isteach iad, ábhar agus cló an fhógra agus an bealach a chuirtear isteach é agus an bealach a chuirtear isteach agus a mhalartaítear an fhaisnéis atá de dhíth faoi chuimsiú na Caibidle seo;

(e)

dálaí agus modhanna foilsithe nó rialacha agus dálaí sonracha faoin gcaoi a scaipfidh an Coimisiún an fhaisnéis atá ag teastáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo ar údaráis inniúla na mBallstát nó faoin gcaoi a gcuirfidh an Coimisiún ar fáil dóibh í;

(f)

freagrachtaí na ranna speisialta dá dtagraítear in Airteagal 85;

(g)

ábhar na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 86.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

CAIBIDIL IV

Forálacha eile maidir le seiceálacha agus pionóis

Airteagal 89

Seiceálacha eile agus pionóis eile a bhaineann le rialacha margaíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh, nó go mbainfear den mhargadh, na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 119(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nach bhfuil lipéadaithe i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

2.   Gan dochar d'aon fhorálacha sonracha a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh, beidh allmhairí isteach san Aontas de na táirgí atá sonraithe i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 d'Airteagal 189 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 faoi réir seiceálacha le cinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, chun a fhíorú an gcomhlíonann na táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 na rialacha a leagtar síos i Roinn I de Chaibidil I de Theideal II de Chuid II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus cuirfidh siad i bhfeidhm pionóis riaracháin de réir mar is iomchuí.

4.   Gan dochar do ghníomhartha maidir le hearnáil an fhíona a ghlactar ar bhonn Airteagal 64, déanfaidh na Ballstáit pionóis riaracháin a bheidh comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm má sháraítear rialacha in earnáil an fhíona. Ní bheidh feidhm ag na pionóis sin sna cásanna a leagtar amach i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 64(2 agus nuair is mion-neamhchomhlíonadh a bheidh i gceist.

5.   Chun cistí an Aontais agus céannacht, tionscnamh agus cáilíocht fhíon an Aontais a chosaint, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 i dtaobh an mhéid seo a leanas:

(a)

bunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha a bhunú a chuideoidh le calaois a bhrath agus a bheidh le tógáil ar bhonn samplaí arna mbailiú ag na Ballstáit;

(b)

rialacha maidir le comhlachtaí rialaithe agus an cúnamh frithpháirteach eatarthu;

(c)

rialacha maidir le comhúsáid thorthaí thaighde na mBallstát;

6.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir lei:

(a)

na nósanna imeachta a bhaineann le bainc shonraí dhílse na mBallstát agus le banc sonraí iseatópacha anailíseacha a chuideoidh le calaois a bhrath;

(b)

na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhar agus leis an gcúnamh idir údaráis agus comhlachtaí rialaithe;

(c)

maidir leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 3, rialacha maidir leis na seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh caighdeán margaíochta, rialacha maidir leis na húdaráis atá freagrach as na seiceálacha a dhéanamh, agus forálacha maidir le hábhar agus le minicíocht na seiceálacha sin agus leis an gcéim mhargaíochta a mbeidh feidhm ag na seiceálacha sin maidir leo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 90

Seiceálacha maidir le sonrúchán tionscnaimh agus le tásca geografacha agus le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear i Rialachán AE Uimh. 1308/2013.

2.   Ainmneoidh an Ballstát an t-údarás inniúil atá freagrach as na seiceálacha a dhéanamh i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos i Roinn II de Chaibidil I de Theideal II de Chuid 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) agus áiritheoidh sé go bhfuil aon oibreoir a chomhlíonann na hoibleagáidí sin i dteideal a bheith cumhdaithe ag córas seiceálacha.

3.   Laistigh den Aontas, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2 nó comhlacht rialaithe amháin nó níos mó, de réir bhrí phointe 5 den dara fomhír d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 atá ag feidhmiú mar chomhlacht deimhniúcháin táirgí i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 5 den Rialachán sin, a áirithiú go ndéanfar comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú ar bhonn bliantúil, le linn táirgthe agus le linn chomhoiriúnú na fíona nó ina dhiaidh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an chumarsáid a bheidh idir na Ballstáit agus an Coimisiún;

(b)

rialacha ar an údarás atá freagrach as comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an limistéar geografach i dtríú tír;

(c)

na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint;

(d)

na seiceálacha agus an fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

TEIDEAL VI

TRAS-CHOMHLÍONADH

CAIBIDIL I

Raon Feidhme

Airteagal 91

Prionsabal ginearálta

1.   I gcás nach ndéanann tairbhí dá dtagraítear in Airteagal 92 na rialacha maidir le tras-chomhlíonadh mar a leagtar síos in Airteagal 93 a chomhlíonadh, déanfar pionós riaracháin a fhorchur ar an tairbhí sin.

2.   Ní bheidh feidhm leis an bpionós riaracháin dá dtagraítear i mír 1 ach más rud é gur toradh é an neamhchomhlíonadh ar ghníomh nó ar neamhghníomh atá inchurtha go díreach i leith an tairbhí lena mbaineann;agus go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha breise seo a leanas nó an dá cheann díobh:

(a)

baineann an neamhchomhlíonadh le gníomhaíocht talmhaíochta an tairbhí;

(b)

tá limistéar ghabháltas an tairbhí i gceist.

I gcás limistéar foraoise, áfach, ní bheidh feidhm ag an bpionós sin a mhéid nach n-éileofar tacaíocht don limistéar lena mbaineann i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 21(1), le hAirteagal 30 agus le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

3.   Chun críche an Teidil seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn 'gabháltas' gach aonad táirgthe agus gach limistéar a bhainistíonn an tairbhí dá dtagraítear in Airteagal 92 agus atá suite laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna;

(b)

ciallaíonn "ceanglas", gach ceanglas aonair maidir le bainistiú reachtúil faoi dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn II laistigh de ghníomh ar leith, agus atá difriúil ó thaobh substainte de ó aon cheanglas eile atá sa ghníomh céanna.

Airteagal 92

Na tairbhithe lena mbaineann

Beidh feidhm ag Airteagal 91 maidir le tairbhithe a fhaigheann íocaíochtaí díreacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, íocaíochtaí faoi Airteagal 46 agus Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus na préimheanna bliantúla faoi phointe(a) agus phointe (b) d'Airteagal 21(1), Airteagail 28 go 31, Airteagal 33 agus Airteagal34 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 91, áfach, maidir le tairbhithe atá ag glacadh páirte i scéim na bhfeirmeoirí beaga dá dtagraítear i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Ní bheidh feidhm ach oiread ag an bpionós dá bhforáiltear san Airteagal sin maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 28(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

Airteagal 93

Na rialacha maidir le tras-chomhlíonadh

1.   Is éard a bheidh sna rialacha maidir le tras-chomhlíonadh na ceanglais reachtúla bhainistithe faoi dhlí an Aontais agus na caighdeáin a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta maidir le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil talún, a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus a bhaineann leis na réimsí seo a leanas:

(a)

an comhshaol, athrú aeráide, agus dea-bhail talmhaíochta talún;

(b)

sláinte phoiblí, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí;

(c)

leas ainmhithe.

2.   Na gníomhartha dlíthiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn II maidir leis na ceanglais reachtúla bhainistithe, beidh feidhm acu maidir leis an leagan atá i bhfeidhm agus, i gcás Treoracha, faoi mar atá siad á gcur chun feidhme ag na Ballstáit.

3.   Ina theannta sin, maidir leis na blianta 2015 agus 2016, áireofar sna rialacha maidir le tras-chomhlíonadh féarach buan a choinneáil. Na Ballstáit sin ar Ballstáit den Aontas iad an 1 Eanáir 2004, áiritheoidh siad go ndéanfar talamh a bhí faoi fhéarach buan ar an dáta a tugadh do na hiarratais ar chabhair limistéir don bhliain 2003, go ndéanfar é a choinneáil faoi fhéarach buan laistigh de limistéir sainithe. Na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas in 2004, áiritheoidh siad go ndéanfar talamh a bhí faoi fhéarach buan an 1 Bealtaine 2004 a choinneáil faoi fhéarach buan laistigh de limistéir sainithe. Áiritheoidh an Bhulgáir agus an Rómáin go ndéanfar talamh a bhí faoi fhéarach buan an 1 Eanáir 2007 a choinneáil faoi fhéarach buan laistigh de limistéir sainithe. Áiritheoidh an Chróit go ndéanfar talamh a bhí faoi fhéarach buan an 1 Iúil 2013 a choinneáil faoi fhéarach buan laistigh de limistéir sainithe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le talamh faoi fhéarach buan atá le coilltiú, más rud é go bhfuil an coilltiú sin oiriúnach don chomhshaol agus nach fáschoillte crann Nollag ná speiceas gearrthéarmach atá i gceist.

4.   D'fhonn mír 3 a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 lena leagtar síos na rialacha maidir le féarach buan a choinneáil, go háirithe d'fhonn a áirithiú go ndéanfar bearta ionas go leanfaidh an talamh de bheith faoi fhéarach buan ar leibhéal na bhfeirmeoirí, lena n-áirítear oibleagáidí aonair atá le comhlíonadh amhail an oibleagáid limistéir a iompú ar ais ina bhféarach buan nuair a shuitear go bhfuil laghdú ar an gcóimheas talún atá faoi fhéarach buan.

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear oibleagáidí na mBallstát, ar thaobh amháin, agus oibleagáidí na bhfeirmeoirí aonair, ar aon taobh eile, i bhfeidhm i gceart ó thaobh féarach buan a choinneáil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 chun na coinníollacha agus na modhanna atá le húsáid chun an cóimheas atá le coinneáil idir féarach buan agus talamh talmhaíochta a chinneadh.

5.   Chun críche mhír 3 agus mhír 4, ciallaíonn 'féarach buan' féarach buan mar a shainítear é i bpointe (c) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1120/2009 sa leagan bunaidh.

Airteagal 94

Oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil ar gach limistéar talmhaíochta, lena n-áirítear talamh nach n-úsáidtear a thuilleadh chun críoch táirgthe. Saineoidh na Ballstáit, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, íoschaighdeáin maidir le tairbhithe i dtaca le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil talún, ar bhonn Iarscríbhinn II, ag cur san áireamh dóibh saintréithe na limistéar lena mbaineann, lena n-áirítear dálaí ithreach agus aeráide, córais feirmeoireachta atá ann cheana, úsáid talún, uainíocht na mbarr, cleachtais feirmeoireachta, agus struchtúir feirmeacha.

Ní shaineoidh na Ballstáit íoscheanglais nach mbunaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 95

Faisnéis a thabhairt do thairbhithe

Déanfaidh na Ballstáit, trí mheán leictreonach nuair is iomchuí, liosta de na ceanglais agus na caighdeáin atá le cur i bhfeidhm ar an leibhéal sin, mar aon le faisnéis shoiléir agus chruinn ina leith, a sholáthar do na tairbhithe lena mbaineann.

CAIBIDIL II

An córas rialaithe agus pionóis riaracháin a bhaineann le tras-chomhlíonadh

Airteagal 96

Seiceálacha ar thras-chomhlíonadh

1.   Nuair is iomchuí, bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcóras comhtháite a leagtar síos i gCaibidil II de Theideal V agus go háirithe i bpointí (a), (b), (d), (e) agus (f) d'Airteagal 68(1).

Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na córais riaracháin agus rialaithe atá acu cheana chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir le tras-chomhlíonadh.

Na córais sin, go háirithe an córas maidir le hainmhithe a shainaithint agus a chlárú a bunaíodh i gcomhréir le Treoir 2008/71/CE ón gComhairle (40) agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 21/2004, beidh siad comhoiriúnach don chóras comhtháite dá dtagraítear i gCaibidil II de Theideal V den Rialachán seo.

2.   De réir na gceanglas, na gcaighdeán, na ngníomhartha nó na réimsí tras-chomhlíonta a bheidh i gceist, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh seiceálacha riaracháin a dhéanamh, go háirithe iad sin dá bhforáiltear cheana faoi na córais rialaithe is infheidhme maidir leis an gceanglas, leis an gcaighdeán nó leis an réimse tras-chomhlíonta lena mbaineann.

3.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha ar an láthair le fíorú cé acu atá tairbhí ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Teideal seo nó nach bhfuil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagfar síos rialacha a ghlacadh maidir le seiceálacha a dhéanamh le fíorú an bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear faoin Teideal seo á gcomhlíonadh, lena n-áirítear rialacha lena gceadaítear an méid seo a leanas a chur san áireamh san anailís rioscaí:

(a)

rannpháirtíocht feirmeora i gcóras comhairleach feirmeoireachta dá bhforáiltear i dTeideal III den Rialachán seo;

(b)

rannpháirtíocht feirmeora i gcóras deimhniúcháin, má chlúdaíonn an córas sin na ceanglais agus na caighdeáin lena mbaineann.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Airteagal 97

Cur i bhfeidhm an phionóis riaracháin

1.   Déanfar an pionós riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 91 a fhorchur nuair nach gcomhlíontar na rialacha maidir le tras-chomhlíonadh le linn bliana féilire ar leith ('an bhliain féilire lena mbaineann') agus go bhfuil an neamhchomhlíonadh atá i gceist inchurtha go díreach i leith an tairbhí a chuir an t-iarratas ar chabhair nó an t-éileamh íocaíochta isteach sa bhliain féilire lena mbaineann.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír maidir le tairbhithe a gcinntear ina leith nár chomhlíon siad na rialacha maidir le tras-chomhlíonadh am ar bith le linn na dtrí bliana ón 1 Eanáir den bhliain i ndiaidh na bliana féilire inar deonaíodh an chéad íocaíocht faoi na cláir thacaíochta i gcomhair athstruchtúrú agus athchóiriú nó am ar bith le linn tréimhse bliana ón 1 Eanáir den bhliain i ndiaidh na bliana féilire inar deonaíodh an íocaíocht faoi na cláir thacaíochta i gcomhair glasbhuainte dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ('na blianta lena mbaineann').

2.   I gcásanna ina n-aistreofar an talamh le linn na bliana féilire nó na mblianta féilire lena mbaineann, beidh feidhm ag mír 1 freisin nuair atá an neamhchomhlíonadh mar thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh atá inchurtha go díreach i leith an duine ar aistríodh an talamh chuige nó uaidh. De mhaolú ar an gcéad abairtsin, i gcás ina bhfuil iarratas ar chabhair nó éileamh íocaíochta déanta ag an duine a bhfuil an gníomh nó an neamhghníomh inchurtha go díreach ina leith, le linn na bliana féilire nó na mblianta féilire lena mbaineann, déanfar an pionós riaracháin a fhorchur ar bhonn mhéideanna iomlána na n-íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 92 a deonaíodh nó atá le deonú don duine sin.

Chun críche na míre seo, ciallaíonn 'aistriú' aon chineál idirbhirt arb é is toradh dó nach bhfuil an talamh talmhaíochta ar fáil a thuilleadh don aistreoir.

3.   D'ainneoin mhír 1, agus faoi réir na rialacha a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 101, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan pionós riaracháin a chur i bhfeidhm maidir le gach tairbhí in aghaidh na bliana féilire, nuair atá EUR 100 nó níos lú sa phionós.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát an rogha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a úsáid, déanfaidh an t-údarás inniúil an bhliain ina dhiaidh sin, i gcás sampla de thairbhithe, na bearta is gá le fíorú go ndéanfaidh an tairbhí an neamhchomhlíonadh i gceist a leigheas. Tabharfar fógra don tairbhí maidir leis an gcinneadh agus maidir leis an oibleagáid gníomhaíocht feabhais a dhéanamh.

4.   Ní bheidh aon tionchar ag forchur pionóis riaracháin ar dhlíthiúlacht ná ar cirte na n-íocaíochtaí.

Airteagal 98

Cur i bhfeidhm an phionóis riaracháin sa Bhulgáir, sa Chróit agus sa Rómáin

I gcás na Bulgáire agus na Rómáine, déanfar na pionóis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 91 a chur i bhfeidhm ar a dhéanaí ón 1 Eanáir 2016 a fhad a bhaineann leis na ceanglais reachtúla bhainistíochta i réimse leas na n-ainmhithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.

I gcás na Cróite, cuirfear na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 91 i bhfeidhm i gcomhréir leis an sceideal ama a leanas maidir leis na ceanglais reachtúla bhainistíochta (CRB) dá dtagraítear in Iarscríbhinn II:

(a)

ón 1 Eanáir 2014 le haghaidh CRB 1 go CRB 3 agus CRB 6 go CRB 8;

(b)

ón 1 Eanáir 2016 le haghaidh CRB 4, CRB 5, CRB 9 agus CRB 10;

(c)

ón 1 Eanáir 2018 le haghaidh CRB 11 go CRB 13.

Airteagal 99

An pionós riaracháin a ríomh

1.   An pionós riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 91, cuirfear i bhfeidhm é trí laghdú nó eisiamh a dhéanamh ar mhéid iomlán na n-íocaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 92 agus atá deonaithe nó atá le deonú don tairbhí lena mbaineann i dtaca le hiarratais ar chabhair a chuir sé isteach nó a chuirfidh sé isteach le linn na bliana féilire ina n-aimsítear an cás.

Agus na laghduithe agus na heisiaimh sin á ríomh, cuirfear san áireamh déine, forleithne, buaine agus minicíocht an neamhchomhlíonta a aimsíodh, mar aon leis na critéir a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.

2.   I gcás inar de bharr faillí an neamhchomhlíonadh, ní bheidh céatadán an laghdaithe níos mó ná 5 % agus i gcás inar ath-neamhchomhlíonadh é, ní bheidh sé níos mó ná 15 %.

Féadfaidh na Ballstáit córas luathrabhaidh a bhunú a mbeidh feidhm aige maidir le cásanna neamhchomhlíonta nach mbeadh laghdú ná eisiamh mar thoradh orthu, i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí acu, de bharr a ndéine theoranta, forleithne agus marthanachta. I gcás ina gcinnfidh Ballstát an rogha sin a dhéanamh, seolfaidh an t-údarás inniúil luathrabhadh don tairbhí, leis an tairbhí a chur ar an eolas faoin gcinnead agus faoin oibleagáid atá ann gníomhaíocht feabhais a dhéanamh. I gcás ina suífear ina dhiaidh sin nár cuireadh an neamhchomhlíonadh ina cheart, cuirfear an laghdú de bhun na chéad fomhíre i bhfeidhm go haisghníomhach.

Mar sin féin, i gcásanna inar neamhchomhlíonadh é ar baol díreach é don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe, beidh laghdú nó eisiamh mar thoradh air i gcónaí.

Féadfaidh na Ballstáit rochtain tosaíochta ar an gcóras comhairleach feirmeoireachta a thabhairt do na tairbhithe a mbeidh luathrabhadh faighte acu den chéaduair.

3.   I gcás inar neamhchomhlíonadh d'aon ghnó é, ní bheidh céatadán an laghdaithe níos lú ná 20 % i bprionsabal agus d'fhéadfaí láneisiamh féin ó scéim chabhrach amháin nó níos mó, ar feadh bliana féilire amháin nó níos mó, a ghearradh.

4.   I gcaoi ar bith, ní bheidh méid iomlán na laghduithe agus na n-eisiamh in aon bhliain féilire níos mó ná an méid iomlán dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1.

Airteagal 100

Méideanna a thagann as tras-chomhlíonadh

Féadfaidh na Ballstáit 25 % de na méideanna a thiocfaidh as cur i bhfeidhm na laghduithe agus na n-eisiamh dá dtagraítear in Airteagal 99 a choinneáil.

Airteagal 101

Cumhachtaí an Choimisiúin i dtaca leis an gcur i bhfeidhm agus ríomh na bpionós riaracháin

1.   D'fhonn a áirithiú go ndáilfear na cistí ar na tairbhithe atá i dteideal iad a fháil i gceart agus go ndéanfar an tras-chomhlíonadh ar bhealach éifeachtúil comhsheasmhach neamh-idirdhealaitheach, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115:

(a)

chun bonn comhchuibhithe a bhunú do ríomh na bpionós riaracháin ag éirí as an tras-chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 99, agus laghduithe de bharr an smachta airgeadais á gcur san áireamh;

(b)

maidir leis na coinníollacha do ríomh agus cur i bhfeidhm na bpionós riaracháin ag éirí as tras-chomhlíonadh, lena n-áirítear cásanna inar neamh-chomhlíonadh é arb é an tairbhí lena mbaineann faoi ndeara é, gan aon agó.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe nós imeachta agus teicniúla maidir le ríomh agus cur i bhfeidhm na bpionós riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 97 go 99, lena n-áirítear maidir le tairbhithe arb é atá iontu grúpa daoine faoi Airteagal 28 agus faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

TEIDEAL VII

FORÁLACHA COITEANNA

CAIBIDIL I

Cumarsáid

Airteagal 102

Faisnéis a chur in iúl

1.   Mar aon leis na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin earnálacha, cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún an fhaisnéis, na dearbhuithe agus na doiciméid seo a leanas:

(a)

i gcás gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe agus comhlachtaí comhordaithe creidiúnaithe:

(i)

a ndoiciméad creidiúnaithe;

(ii)

a bhfeidhm (gníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe nó comhlacht comhordaithe);

(iii)

nuair is iomchuí, tarraingt siar a gcreidiúnú,

(b)

i gcás comhlachtaí creidiúnaithe:

(i)

a n-ainm;

(ii)

a seoltaí,

(c)

i gcás beart a bhaineann le hoibríochtaí atá á maoiniú ag na Cístí:

(i)

dearbhuithe caiteachais, a mbeidh feidhm iarratas íocaíochta leo freisin, arna síniú ag an ngníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe nó ag an gcomhlacht comhordaithe creidiúnaithe agus an fhaisnéis is gá ag gabháil leo;

(ii)

meastacháin ar a riachtanais airgeadais, maidir le CERT agus, maidir le CETFT, nuashonrú ar dhearbhuithe caiteachais measta a chuirfear isteach le linn na bliana agus dearbhuithe caiteachais measta na bliana airgeadais ina dhiaidh sin;

(iii)

dearbhú bainistíochta agus cuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe;

(iv)

achoimre bhliantúil ar thorthaí gach iniúchóireachta agus seiceála atá ar fáil arna ndéanamh i gcomhréir leis an sceideal agus leis na forálacha mionsonraithe a leagtar síos sna rialacha earnáilsonracha.

Déanfar cuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe a bhaineann le caiteachais ar CETFT a chur isteach ag leibhéal gach clár.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go mion maidir leis na bearta a dhéantar chun an dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 94 a chur chun feidhme agus maidir le sonraí an chórais chomhairligh feirmeoireachta dá dtagraítear i dTeideal III.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go tráthrialta maidir le cur i bhfeidhm an chórais chomhtháite dá dtagraítear i gCaibidil II de Theideal V. Eagróidh an Coimisiún cruinnithe chun tuairimí a roinnt i leith na ceiste sin leis na Ballstáit.

Airteagal 103

Rúndacht

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach beart is gá chun go n-áiritheofar rúndacht na faisnéise a chuirtear in iúl nó a chuirtear ar fáil trí bhíthin cigireachta agus trí bhíthin na mbeart um imréiteach cuntas atá á gcur chun feidhme faoin Rialachán seo.

Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (Euratom, CE) 2185/96 maidir leis an bhfaisnéis sin.

2.   Gan dochar d'fhorálacha náisiúnta maidir le himeachtaí dlí, déanfar faisnéis a bhaileofar le linn an ghrinnscrúdaithe dá bhforáiltear i gCaibidil III de Theideal V a chosaint faoin rúndacht ghairmiúil. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl d'aon duine seachas dóibh sin nach mór, de bharr a gcuid dualgas sna Ballstáit nó in institiúidí an Aontais, eolas a bheith acu uirthi chun na dualgais sin a chomhlíonadh.

Airteagal 104

Cumhachtaí an Choimisiúin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha maidir leis:

(a)

an fhoirm, an t-inneachar, an tréimhsiúlacht, na spriocdhátaí agus na socruithe maidir leis an méid seo a leanas a tharchur chuig an gCoimisiún nó a chur ar fáil dó:

(i)

dearbhuithe caiteachais agus meastacháin chaiteachais mar aon lena nuashonruithe, lena n-áirítear ioncam sannta;

(ii)

dearbhú bainistíochta agus cuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí íocaíochta, mar aon le torthaí gach iniúchta agus rialaithe atá ar fáil;

(iii)

tuarascálacha deimhniúcháin na gcuntas;

(iv)

ainmneacha agus sonraí na ngníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe, na gcomhlachtaí comhordaithe creidiúnaithe agus na gcomhlachtaí deimhniúcháin;

(v)

socruithe maidir le caiteachas atá á mhaoiniú ag na Cístí a chur san áireamh agus a íoc;

(vi)

fógraí i leith coigeartuithe airgeadais a dhéanann na Ballstáit i ndáil le hoibríochtaí nó cláir forbartha tuaithe, agus tuarascálacha achomair ar na nósanna imeachta um ghnóthú atá déanta ag na Ballstáit mar fhreagairt ar neamhrialtachtaí;

(vii)

faisnéis maidir leis na bearta atá déanta de bhun Airteagal 58.

(b)

na socruithe lena rialaítear malartuithe faisnéise agus doiciméad idir an Coimisiún agus na Ballstáit, agus cur chun feidhme córas faisnéise lena n-áirítear cineál, formáid, agus inneachar na sonraí atá le próiseáil ag na córais sin agus na rialacha maidir lena gcoinneáil;

(c)

faisnéis, doiciméid, staitisticí agus tuarascálacha a dtabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu mar aon leis na spriocdhátaí agus na bealaí a dtabharfar an fógra.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

CAIBIDIL II

Úsáid an euro

Airteagal 105

Prionsabail ghinearálta

1.   Na méideanna atá luaite sna cinntí ón gCoimisiún lena nglactar cláir forbartha tuaithe, méideanna na ngealltanas agus na n-íocaíochtaí ón gCoimisiún, méideanna an chaiteachais a dhearbhaítear nó a dheimhnítear, agus méideanna atá i ndearbhuithe caiteachais de chuid na mBallstát, sloinnfear agus íocfar in euro iad.

2.   Na praghsanna agus na méideanna atá socruithe sa reachtaíocht talmhaíochta earnálach, sloinnfear in euro iad.

Deonófar nó baileofar iad in euro i gcás na mBallstát a bhfuil an euro glactha acu agus san airgeadra náisiúnta i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro glactha acu.

Airteagal 106

An ráta malairte agus an imeacht feidhme

1.   Na praghsanna agus na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 105(2), comhshófar iad ina n-airgeadra náisiúnta trí bhíthin ráta malairte i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro glactha acu.

2.   Is éard a bheidh sa teagmhas oibríochtúil don ráta malairte:

(a)

cur i gcrích foirmiúlachtaí allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin i gcás méideanna a bhailítear nó a dheonaítear le linn trádála le tríú tíortha;

(b)

an teagmhas trína mbaintear amach sprioc eacnamaíoch na hoibríochta i ngach cás eile.

3.   I gcás ina ndéantar íocaíocht dhíreach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 1307/2013 le tairbhí in airgeadra seachas an euro, comhshóidh na Ballstáit an méid cabhrach atá sloinnte in euro ina airgeadra náisiúnta ar bhonn an ráta malairte is déanaí a shocraigh an Banc Ceannais Eorpach roimh an 1 Deireadh Fómhair den bhliain ar tugadh an cabhair lena haghaidh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, an comhshó a dhéanamh ar bhonn mheán na rátaí malairte a shocraigh an Banc Ceannais Eorpach le linn na míosa roimh an 1 Deireadh Fómhair den bhliain ar tugadh an chabhair lena haghaidh. Na Ballstáit a roghnóidh an rogha sin, socróidh siad agus foilseoidh siad an meánráta sin roimh an 1 Nollaig den bhliain sin.

4.   Maidir le CERT, agus iad ag tarraingt suas a ndearbhuithe caiteachais, déanfaidh na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu an ráta malairte céanna a chur i bhfeidhm a d'úsáid siad chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe nó chun ioncam a fháil, i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo.

5.   D'fhonn an teagmhas oibríochtúil dá dtagraítear i mír 2 a shonrú nó d'fhonn é a shocrú ar chúiseanna atá sonrach don eagraíocht margaidh nó don mhéid atá i gceist, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115, ina mbeidh rialacha maidir leis na teagmhais oibríochtúla sin agus maidir leis an ráta malairte atá le húsáid. Cinnfear an teagmhas oibríochtúil sonrach agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

oiriúnuithe ar an ráta malairte a bheith infheidhme go hiarbhír a luaithe is féidir;

(b)

a chomhchosúla atá na teagmhais oibríochtúla d'oibríochtaí analógacha a dhéantar faoin eagraíocht margaidh;

(c)

na teagmhais oibríochtúla a bheith comhleanúnach ó thaobh na bpraghsanna agus na méideanna éagsúla a bhaineann leis an eagraíocht margaidh;

(d)

indéantacht agus éifeachtacht na seiceálacha ar chur i bhfeidhm rátaí malairte oiriúnacha.

6.   Ionas nach gcuirfidh na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu rátaí malairte éagsúla i bhfeidhm i gcuntais ina bhfuil ioncam a fhaigheann tairbhithe nó cabhair a íocadh leo in airgeadra seachas an euro, ná sa dearbhú caiteachais a dhéanann an ghníomhaireacht íocaíochta, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir hAirteagal 115 lena leagtar síos rialacha maidir leis an ráta malairte is infheidhme maidir le tarraingt suas dearbhuithe caiteachais agus maidir le hoibríochtaí stórála poiblí a thaifeadadh i gcuntais na gníomhaireachta íocaíochta.

Airteagal 107

Bearta cosanta agus maoluithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a chosaint más rud é gur dóchúil go ndéanfaidh cleachtais eisceachtúla airgeadaíochta a bhaineann leis an airgeadra náisiúnta an cur i bhfeidhm sin a chur i mbaol. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, ní fhéadfar maolú ó na rialacha atá ann ach amháin nuair is gá sin gan aon agó agus ar feadh na tréimhse ama is gá.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Déanfar Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus na Ballstáit a chur ar an eolas gan mhoill maidir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   I gcás inar dóchúil go ndéanfaidh cleachtais eisceachtúla airgeadaíochta a bhaineann le hairgeadra náisiúnta cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a chur i mbaol, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 lena maolaítear ón Roinn seo, go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-úsáideann tír teicnící neamhghnácha malartaithe amhail rátaí éagsúla malairte a bheith acu nó comhaontuithe babhtála a oibriú;

(b)

i gcás ina bhfuil airgeadraí ag tíortha nach bhfuil luaite ar mhargaí airgeadra oifigiúla nó i gcás inar dócha go mbeadh saobhadh trádála ann de bharr threocht na n-airgeadraí sin.

Airteagal 108

An euro á úsáid ag Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu

1.   Má chinneann Ballstáit nach bhfuil an euro glactha aige an caiteachas a thagann as reachtaíocht talmhaíochta earnálach a íoc in euro seachas ina airgeadra náisiúnta, déanfaidh an Ballstát bearta d'fhonn a chinntiú nach mbeidh úsáid an euro ina buntáiste sistéamach le hais an t-airgeadra náisiúnta a úsáid.

2.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta atá beartaithe sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag na bearta go dtí go gcuirfidh an Coimisiún in iúl a chomhaontú ina leith.

CAIBIDIL III

Tuarascáil agus meastóireacht

Airteagal 109

An tuarascáil airgeadais bhliantúil

Roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair gach bliain tar éis bhliain an bhuiséid, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ar riar na gCístí le linn na bliana airgeadais roimhe sin agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

Airteagal 110

Faireachán agus meastóireacht ar CBT

1.   Bunófar creat coiteann faireacháin agus meastóireachta d'fhonn feidhmíocht an Chomhbheartais Talmhaíochta a thomhas, agus an méid a leanas go háirithe:

(a)

na híocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(b)

na bearta margaidh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(c)

na bearta forbartha tuaithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus,

(d)

forálacha an Rialacháin seo.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na bearta beartais seo bunaithe ar thuairisciú ó na Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna Rialacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Bunóidh an Coimisiún plean meastóireachta ilbhliantúil lena n-áireofar meastóireachtaí tréimhsiúla ar ionstraimí sonracha a chuirfear i ngníomh.

D'fhonn a áirithiú go dtomhaisfear an fheidhmíocht ar bhealach éifeachtach, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir le hinneachar agus struchtúr an chreata sin.

2.   Déanfar feidhmíocht na mbeart a bhaineann le CBT dá dtagraítear sa chéad mhír a thomhas maidir leis na cuspóirí seo a leanas:

(a)

táirgeadh inmharthana bia agus béim ar an ioncam talmhaíochta, ar tháirgiúlacht talmhaíochta agus ar chobhsaíocht na bpraghsanna;

(b)

acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, gníomhaíocht ar son na haeráide, agus béim a chur ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa, ar an mbithéagsúlacht, ar ithir agus ar uisce;

(c)

forbairt chríochach chothrom, agus béim ar fhostaíocht tuaithe, ar fhás agus ar an mbochtaineacht i limistéir tuaithe.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos an tacar táscairí atá sonrach do na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

Beidh na táscairí nasctha le struchtúr agus le cuspóirí an bheartais agus cumasófar leo measúnú ar dhul chun cinn, ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an bheartais i dtaca leis na cuspóirí sin.

3.   Léireofar leis an gcreat faireacháin agus meastóireachta struchtúr CBT ar an mbealach seo a leanas:

(a)

maidir leis na híocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, na bearta margaidh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus forálacha an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na hionstraimí seo ar bhonn thuairisciú ó na Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna Rialacháin sin. Bunóidh an Coimisiún plean meastóireachta ilbhliantúil lena mbeidh meastóireachtaí tréimhsiúla ar ionstraimí sonracha a chuirfear i ngníomh faoi fhreagracht an Choimisiúin. Meastóirí neamhspleácha a dhéanfaidh na meastóireachtaí sin agus déanfaidh siad in am trátha iad.

(b)

déanfar an faireachán agus an mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí de chuid an bheartais fhorbairt tuaithe a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 67 go hAirteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéantar comhthionchar ionstraimí uile CBT dá dtagraítear i mír 1 a thomhas agus a mheasúnú i bhfianaise na gcomhchuspóirí dá dtagraítear i mír 2. Déanfar feidhmíocht CBT agus a chomhchuspóirí á mbaint amach aige a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn comhtháscairí tionchair agus déanfar na cuspóirí sainiúla is bun dóibh a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn táscairí torthaí. Bunaithe ar fhianaise a sholáthraítear i meastóireachtaí ar CBT, lena n-áirítear meastóireachtaí ar chláir forbartha tuaithe mar aon le foinsí faisnéise ábhartha eile, ullmhóidh an Coimisiún tuarascálacha maidir le comhfheidhmíocht ionstraimí uile an chomhbheartais talmhaíochta a thomhas agus a mheasúnú.

4.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún gach faisnéis is gá chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta lena mbaineann. A oiread is féidir, beidh an fhaisnéis sin bunaithe ar fhoinsí seanbhunaithe sonraí, amhail an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme agus Eurostat.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh riachtanais sonraí na bhfoinsí féideartha sonraí agus na sineirgí eatarthu, agus go háirithe a n-úsáid chun críocha staidrimh, nuair is iomchuí.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos na rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le cur isteach ag na Ballstáit, agus an gá atá ann le haon ualach riaracháin míchuí a sheachaint á chur san áireamh aige, mar aon le riachtanais sonraí na bhfoinsí féideartha sonraí agus na sineirgí atá eatarthu. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

5.   Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil tosaigh maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na chéad torthaí faoi fheidhmíocht CBT, chuig Pharlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Nollaig 2018. Tíolacfar dara tuarascáil lena n-áirítear measúnú ar fheidhmíocht CBT, faoin 31 Nollaig 2021.

Caibidil IV

Trédhearcacht

Airteagal 111

Foilsiú na dtairbhithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar liosta ex-post thairbhithe na gCístí ar bhonn bliantúil. San fhoilseachán beidh an méid seo a leanas:

(a)

gan dochar don chéad mhír d'Airteagal 112 den Rialachán seo, ainm an tairbhí, mar a leanas:

(i)

an céadainm agus an sloinne más duine nádúrtha é an tairbhí;

(ii)

an t-ainm dlíthiúil iomlán mar a cláraíodh é más duine dlíthiúil é an tairbhí a bhfuil an phearsantacht dhlítheanach uathrialach aige de bhun reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann;

(iii)

ainm iomlán an chomhlachais mar a cláraíodh é nó mar a aithnítear go hoifigiúil ar bhealach eile é más comhlachas é an tairbhí nach bhfuil a bpearsantacht dhlítheanach féin aige;

(b)

an bhardasacht ina bhfuil cónaí ar an tairbhí nó ina bhfuil sé cláraithe agus, más infhaighte, an cód poist nó an chuid de lena sainaithnítear an bhardasacht;

(c)

na méideanna íocaíochta a chomhfhreagraíonn do gach beart a mhaoinítear leis na Cístí TFT a fhaigheann gach tairbhí sa bhliain airgeadais lena mbaineann;

(d)

cineál agus cur síos ar na bearta a mhaoinítear le haon cheann de na Cístí agus faoina ndeonaítear an íocaíocht dá dtagraítear i bpointe (c).

An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear ar fáil í ar láithreán aonair gréasáin do gach Ballstát. Beidh sí ar fáil ansin go ceann dhá bhliain ón dáta a bhfoilseofar den chéad uair í.

2.   Maidir leis na híocaíochtaí a chomhfhreagraíonn do na bearta a mhaoinítear le CETFT dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, comhfreagróidh na méideanna a fhoilseofar leis an maoiniú poiblí iomlán, lena n-áirítear ranníocaíocht an Aontais agus an ranníocaíocht náisiúnta araon.

Airteagal 112

Tairseach

Ní fhoilseoidh na Ballstáit ainm tairbhí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 111(1) den Rialachán seo sna dálaí seo a leanas:

(a)

i gcás na mBallstát a bhunaíonn scéim na bhfeirmeoirí beaga dá bhforáiltear i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, nuair is ionann méid na cabhrach a fhaigheann tairbhí in aon bhliain amháin agus an méid a shocraigh an Ballstát amhail dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 63(1) nó sa dara fomhír d'Airteagal 63(2) den Rialachán sin, nó nuair is lú ná an méid sin é;

(b)

i gcás na mBallstát nach mbunaíonn scéim na bhfeirmeoirí beaga dá bhforáiltear i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, nuair is ionann méid na cabhrach a fhaigheann an tairbhí in aon bhliain amháin agus EUR 1 250 nó nuair is lú ná sin é.

I gcás a bhfuil feidhm ag pointe (a) den chéad fhomhír, poibleoidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na rialacha a glacadh faoi Airteagal 114, na méideanna a shocraigh an Ballstát de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus ar tugadh fógra don Choimisiún faoi faoin Rialachán sin.

I gcás ina mbeidh feidhm ag an gcéad mhír den Airteagal seo, foilseoidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 111(1) agus sainaithneofar an tairbhí le cód. Cinnfidh na Ballstáit cineál an chóid sin.

Airteagal 113

Na tairbhithe a chur ar an eolas

Cuirfidh na Ballstáit in iúl do na tairbhithe go bpoibleofar a sonraí i gcomhréir le hAirteagal 111 agus go bhféadfaidh comhlachtaí iniúchóireachta agus fiosrúcháin de chuid an Aontais agus na mBallstát na sonraí a phróiseáil chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

I gcomhréir le ceanglais Threoir 95/46/CE, sa mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, cuirfidh na Ballstáit na tairbhithe ar an eolas i ndáil lena gcearta faoi na rialacha maidir le cosaint sonraí agus leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis na cearta sin a fheidhmiú.

Airteagal 114

Cumhachtaí an Choimisiúin

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha:

(a)

maidir leis an bhfoirm, lena n-áirítear an nós cur i láthair de réir birt, agus amchlár an fhoilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 111 agus in Airteagal 112;

(b)

maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Airteagal 113;

(c)

rialacha maidir leis an gcomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(3).

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 115

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagail 8, 20, 40, 46, 50, 53, 57, 62, 63, 64, 65, 66, 72, 76, 77, 79, 84, 89, 93, 101, 106, 107, 110 agus 120.

2.   An chumhacht a thabharfar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagail 8, 20, 40, 46, 50, 53, 57, 62, 63, 64, 65, 66, 72, 76, 77, 79, 84, 89, 93, 101, 106, 107, 110 agus 120, tabharfar dó í ar feadh tréimhse seacht mbliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 8, 20, 40, 46, 50, 53, 57, 62, 63, 64, 65, 66, 72, 76, 77, 79, 84, 89, 93, 101, 106, 107, 110 agus 120 a chúlghairm am ar bith. Leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a sonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní bheidh aon tionchar aige ar bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagail 8, 20, 40, 46, 50, 53, 57, 62, 63, 64, 65, 66, 72, 76, 77, 79, 84, 89, 93, 101, 106, 107, 110 agus 120, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura ndearna Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle aon agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ónar tugadh fógra i leith an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh don tréimhse sin dul in éag, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon, in iúl don Choimisiún nach ndéanfadh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 116

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste dá ngairfear "Coiste na gCistí Talmhaíochta" cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

Chun críoch Airteagail 15, 58, 62, 63, 64, 65, 66, 75, 77, 78, 89, 90, 96, 101 agus 104, i ndáil le hábhair a bhaineann le híocaíochtaí díreacha, forbairt tuaithe nó comheagraíocht na margaí, féadfaidh an Coiste um Íocaíochtaí Díreacha, an Coiste um Fhorbairt Tuaithe agus/nó an Coiste um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, faoi seach, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Is Coistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh 182/2011 a bheidh sna coistí sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 8, i gcás nach dtabharfaidh an coiste tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 117

Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint

1.   Baileoidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta chun a n-oibleagáidí bainistithe, rialaithe agus iniúchta faoi seach a chur i ngníomh chomh maith lena n-oibleagáidí faireacháin agus meastóireachta faoin Rialachán seo agus, go háirithe, na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil II de Theideal II, i dTeideal III, i gCaibidil III agus i gCaibidil IV de Theideal IV, i dTeideal V agus i dTeideal VI agus i gCaibidil III de Theideal VII agus chun críocha staidrimh freisin agus ní phróiseálfaidh siad na sonraí sin ar bhealach nach mbeadh comhoiriúnach leis an gcríoch sin.

2.   Nuair a phróiseálfar sonraí pearsanta chun críche faireacháin agus meastóireachta faoi Chaibidil III de Theideal VII agus chun críocha staidrimh freisin, beidh siad anaithnid agus ní próiseálfar ach i bhfoirm chomhiomlánaithe iad.

3.   Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir le rialacha Threoir 95/46/CE agus Rialachán CE) Uimh 45/2001. Go háirithe, ní stórálfar na sonraí sin i bhfoirm a mbeifear in ann ábhair shonraí a aithint go ceann tréimhse níos faide ná mar atá gá leis ar mhaithe leis an gcúis ar bailíodh iad nó lena bpróiseálfar tuilleadh iad agus na tréimhsí íosta coinneála a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais a bhfuil feidhm leo á gcur san áireamh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfios do na daoine is ábhar do na sonraí go bhféadfaidh comhlachtaí náisiúnta agus comhlachtaí an Aontais a sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le mír 1 agus sa mhéid sin go dtairbhíonn siad de na cearta a leagtar amach sna rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint de Threoir 95/46/CE agus de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 faoi seach.

5.   Beidh an tAirteagal seo faoi réir Airteagail 111 go 114.

Airteagal 118

Leibhéal an chur chun feidhme

Beidh na Ballstáit freagrach as cláir a chur chun feidhme agus as a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i ngníomh ar an leibhéal a mheasfaidh siad is iomchuí, i gcomhréir lena gcreata institiúideacha, dlíthiúila agus airgeadais faoi seach agus faoi réir chomhlíonadh an Rialacháin seo agus rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais.

Airteagal 119

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008.

Leanfaidh Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus na rialacha ábhartha cur chun feidhme, áfach, d'fheidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2014.

2.   Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairithe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 120

Bearta idirthréimhseacha

Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na socruithe dá bhforáiltear sna Rialacháin aisghairithe dá dtagraítear in Airteagal 118 chuig na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis na cásanna ina bhféadfaidh feidhm a bheith ag maoluithe ó na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Airteagal 121

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

2.   Mar sin féin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

Airteagail 7, 8, 16, 25, 26 agus 43, ón 16 Deireadh Fómhair 2013 ar aghaidh;

(b)

Airteagal 18 agus Airteagal 40 le haghaidh an chaiteachais a rinneadh ó 16 Deireadh Fómhair 2013 ar aghaidh;

(c)

Airteagal 52, ó 1 Eanáir 2015 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. JUKNA


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 116.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú (IO L 209, 11.8.2005, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíocht dhíreach le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta (Féach leathanach 608 den Iris Oifigiúil seo)

(5)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíochta Comhphobail sa réimse beartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(7)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíochta Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71.).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 165/94 ón gComhairle an 24 Eanáir 1994 maidir le cómhaoiniú a dhéanfaidh an Chomhphobal ar sheiceálacha cianbhraiteacha (IO L 24, 29.1.1994, lch 6).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 an 19 Eanáir 2009 ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna díreacha tacaíochta d'fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d'fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a chumhdaítear leis an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (Féach leathanach 487 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Rialachán (CEE) Uimh. 352/78 ón gComhairle an 20 Feabhra 1978 maidir le creidiúnú urrús, taiscí agus ráthaíochtaí a thugtar faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus a fhorghéilltear ina dhiaidh sin (IO L 50, 22.2.1978, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh 814/2005 ón gComhairle an 17 Aibreán 2000 maidir le bearta faisnéise a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta (IO L 100, 20.4.2000, lch. 7).

(15)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2008 maidir le Ballstáit d’iniúchadh idirbheart ar cuid iad de chóras maoinithe an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (IO L 143, 3.6.2008, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 ag bunú comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus ag bunú scéimeanna áirithe tacaíochta le haghaidh feirmeoirí agus ag leasú Rialacháin (CEE) Uimh. 2019/93, (CE) Uimh. 1452/2001, (CE) Uimh. 1453/2001, (CE) Uimh. 1454/2001, (CE) Uimh. 1868/94, (CE) Uimh. 1251/1999, (CE) Uimh. 1254/1999, (CE) Uimh. 1673/2000, (CEE) Uimh. 2358/71 agus (CE) Uimh. 2529/2001 (IO L 270, 21.10.2003, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 277, 21.10.2005, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú mhargaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha le haghaidh táirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).

(20)  Treoir 80/68/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig 1979 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú de bharr substaintí contúirteacha áirithe (IO L 20, 26.1.1980, lch. 43).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 2799/98 ón gComhairle an 15 Nollaig 1998 lena mbunaítear socruithe agra-airgeadais le haghaidh an euro (IO L 349, 24.12.1998, lch. 1).

(22)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(24)  [2010] ECR I-11063.

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 259/2008 ón gCoimisiún an 18 Márta 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi thairbhithe cistí a thagann ón gCiste Eorpach Ráthaíochta Talmhaíochta (CERT) agus ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Forbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 76, 19.3.2008, lch. 28).

(26)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 410/2011 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 259/2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi thairbhithe cistí a thagann ón gCiste Eorpach Ráthaíochta Talmhaíochta (CERT) agus ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Forbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 108, 28.4.2011, lch. 24).

(27)  Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council of 16 Feabhra 2011 laying down the rules and general principles concerning mechanisms for control by Member States of the Commission's exercise of implementing powers (OJ L 55, 28.2.2011, p. 13).

(28)  IO C 35, 9.2.2012, lch. 1.

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (IO L 11, 16.1.2003, lch. 1).

(30)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaía bheidh le déanamh ag an gCoimisiún chun leasa airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus i gcoinne mírialtachtaí eile (IO L 292, 5.11.1996, lch. 2).

(31)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(32)  Rialachán (CE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 247/2006 (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena nglactar bearta sonracha don talmhaíocht i gcomhair na n-oileán Aeigéach beag agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1405/2006 (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

(36)  Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8).

(37)  Rialachán (CE) Uimh. 1120/2009 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an scéim íocaíochta aonair a chur chun feidhme dá bhforáiltear i dTeideal III de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lean mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta le haghaidh feirmeoirí (IO L 316, 2.12.2009, lch. 1).

(38)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena sonraítear na rialacha a bhaineann le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(40)  Treoir 2008/71/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le sainaithint agus clárú muc (IO L 213, 8.8.2008, lch. 31).


IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS I RÉIMSE AN MHAOLAITHE AR AN ATHRÚ AERÁIDE AGUS AN OIRIÚNAITHE DON ATHRÚ SIN, I RÉIMSE NA BITHÉAGSÚLACHTA AGUS NA COSANTA AR AN UISCE MAR A LEAGTAR SÍOS Í I BPOINTE (D) D'AIRTEAGAL 12(3)

Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin:

Faisnéis maidir leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide sna réigiúin ábhartha agus ag astaíochtaí gás ceaptha teasa na gcleachtas ábhartha feirmeoireachta, agus faisnéis maidir leis an méid is féidir le hearnáil na talmhaíochta a dhéanamh chun é sin a mhaolú le cleachtais fheabhsaithe feirmeoireachta agus agrafhoraoiseachta agus trí thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt ar fheirmeacha.

Faisnéis lena gcabhrófar le feirmeoirí an infheistíocht is fearr a dhéanamh i "ndíonadh" a gcuid feirmeacha ó thaobh na haeráide de, agus maidir le cistí de chuid an Aontais is féidir leo a úsáid chuige sin; agus go háirithe, faisnéis maidir le talamh feirme a oiriúnú do luaineachtaí aeráideacha agus d'athruithe fadtéarmacha agus faisnéis maidir le bearta praiticiúla agranamaíocha lena gcuirfí le buaine na gcóras feirmeoireachta i gcoinne tuilte agus triomach chomh maith le faisnéis maidir le conas feabhas a chur ar leibhéil carbóin na hithreach.

An Bhithéagsúlacht:

Faisnéis maidir leis an gcomhghaol dearfach idir an bhithéagsúlacht agus athléimneacht an agrai-éiceachórais, agus maidir leis an riosca a scaipeadh agus freisin an nasc idir an monashaothrú agus an leochaileacht i dtaobh teip na mbarr agus dochar ó lotnaidí agus ó mhórthubaistí na haeráide

Faisnéis maidir leis an gcaoi is fearr chun cosc a chur ar scaipeadh na speiceas coimhthíocha ionracha agus maidir leis an tábhacht a bhaineann leis sin ó thaobh fheidhmiú éifeachtach an éiceachórais agus ó thaobh a chuid athléimneachta i gcoinne athrú na haeráide, lena n-áirítear faisnéis maidir le cistiú do scéimeanna díothaithe a mbeadh costais bhreise ag roinnt leo

Cosaint an Uisce:

Faisnéis maidir le córais inbhuanaithe, ísealtoirte, uisciúcháin agus leis an gcaoi chun barrfheabhas a chur ar chórais bháisteach-chothaithe, ar mhaithe le húsáid éifeachtúil an uisce a chur chun cinn.

Faisnéis maidir le húsáid an uisce sa talmhaíocht a laghdú, lena n-áirítear roghnúchán na mbarr, faisnéis maidir le húmas na hithreach a fheabhsú chun an choinneáil uisce a mhéadú agus maidir leis na riachtanais uisciúcháin a laghdú.

Ginearálta

Roinnt na scothchleachtas, na hoiliúna agus fhorbairt na n-acmhainní (infheidhme maidir leis an athrú aeráide agus an oiriúnaithe don athrú sin, maidir leis an bithéagsúlacht agus an chosaint ar an uisce l a luaitear thuas san Iarscríbhinn seo).


IARSCRÍBHINN II

NA RIALACHA MAIDIR LE TRAS-CHOMHLÍONADH DE BHUN AIRTEAGAL 93

CRB

:

Ceanglas reachtúil bainistíochta

CDTCT

:

Caighdeáin maidir le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil talún


Réimse

An phríomh-shaincheist

Ceanglais agus caighdeáin

An comhshaol, athrú na haeráide, dea-bhail talmhaíochta talún

Uisce

CRB 1

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1)

Airteagal 4 agus Airteagal 5

CDTCT 1

Stiallacha maoláin a chur feadh uiscebhealaí (1)

 

CDTCT 2

I gcás ina bhfuil úsáid uisce le haghaidh uisciúcháin faoi réir údarú, na nósanna imeachta údarúcháin a chomhlíonadh

 

CDTCT 3

Screamhuisce a chosaint in aghaidh truailliú: toirmeasc ar sceitheadh díreach isteach i screamhuisce agus bearta chun cosc a chur ar thruailliú indíreach screamhuisce de dheasca substaintí contúirteacha a bheith á sceitheadh ar an talamh agus ag síothlú tríd an ithir, ar substaintí iad atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 80/68/CEE sa leagan a bheidh i bhfeidhm ar an lá deireanach a mbeidh an Treoir bailíoch, a mhéid agus a bhaineann le gníomhaíocht thalmhaíochta

 

Ithir agus stoc carbóin

CDTCT 4

Íoschlúdach ithreach

 

CDTCT 5

Íosbhainistiú talún a chuireann san áireamh dálaí atá sonrach don suíomh d'fhonn creimeadh a theorannú

 

CDTCT 6

Leibhéal ábhar orgánaigh na hithreach a choinneáil mar atá sé trí chleachtais iomchuí lena n-áirítear toirmeasc a chur a choinleach arúil a loscadh, ach amháin ar chúiseanna sláinte ainmhithe (2)

 

Bithéagsúlacht

CRB 2

Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7)

Airteagal 3(1), Airteagal 3 (2)(b), Airteagal 4(1), (2) agus (4)

CRB 3

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7)

Airteagal 6(1) agus (2)

Tírdhreach, íosleibhéal cothabhála,

CDTCT 7

Gnéithe den tírdhreach a choinneáil, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, fálta, linnte, díoga, crainn ina sraith, ina ngrúpa nó crainn aonair, imill pháirce agus léibhinn, lena n-áirítear cosc ar fhálta agus crainn a ghearradh le linn shéasúr ghoir agus fáis na n-éan, agus, mar rogha, bearta chun speicis ionracha phlandaí a sheachaint

 

Sláinte phoiblí, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí

Sábháilteacht bia

CRB 4

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1)

Airteagal 14 agus Airteagal 15, Airteagal 17 (1) (3) agus Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 20

CRB 5

Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena n-aisghairtear Treoracha 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/299/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 3)

Airteagal 3 (a), (b), (d) agus (e) agus Airteagail 4, 5 agus 7

Sainaithint agus clárú ainmhithe

CRB 6

Treoir 2008/71/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le sainaithint agus clárú muc (IO L 213, 8.8.2005, lch. 31)

Airteagail 3, 4 agus 5

CRB 7

Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Treoir (CE) Uimh. 820/97.(IO L 204, 11.8.2000, lch. 1)

Airteagal 4 agus Airteagal 7

CRB 8

Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8)

Airteagail 3, 4 agus 5

Galair ainmhithe

CRB 9

Rialachán (EC) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1)

Airteagail 7, 11, 12, 13 agus 15

Táirgí cosanta plandaí

CRB 10

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1)

Airteagal 55, an chéad abairt agus an dara habairt

Leas ainmhithe

Leas ainmhithe

CRB 11

Treoir 2008/119/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos íoschaighdeáin maidir le cosaint laonna (IO L 10, 15.1.2009, lch. 7)

Airteagal 3 agus Airteagal 4

CRB 12

Treoir 2008/120/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos íoschaighdeáin maidir le cosaint muc(IO L 10, 15.1.2009, lch. 5)

Airteagal 3 agus Airteagal 4

CRB 13

Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críoch feirmeoireachta(IO L 221, 8.8.1998, lch. 23)

Airteagal 4


(1)  Caithfidh na stiallacha maoláin, idir mhaoláin atá laistigh de na limistéir leochaileacha a sainíodh de bhun Airteagal 3(2) de Threoir 91/676/CEE agus mhaoláin atá lasmuigh díobh, ar a laghad na ceanglais a bhaineann le leasachán a leathadh ar thalamh atá gar d'uiscebhealaí a chomhlíonadh, ceanglais dá dtagraítear i bpointe A.4 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 91/676/CEE agus atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le cláir ghníomhaíochta na mBallstát a bhunaítear faoi Airteagal 5(4) de Threoir 91/676/CEE.

(2)  Féadfar an ceanglas seo a theorannú go toirmeasc ginearálta a chur ar choinleach arúil a loscadh, ach féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh ceanglais bhreise a fhorordú.

(3)  Go háirithe mar a chuirtear chun feidhme le:

Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 37/2010,

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004: Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn I cuid A (II 4 (g, h, j), 5 (f, h), 6; III 8 (a, b, d, e), 9 (a, c)),

Rialachán (CE) Uimh. 853/2004: Airteagal 3(1) agus Iarscríbhinn III Roinn IX Caibidil 1 (I-1 b, c, d, e; I-2 a (i, ii, iii), b (i, ii), c; I-3; I-4; I-5; II-A 1, 2, 3, 4; II-B 1(a, d), 2, 4 (a, b)), Iarscríbhinn III Roinn X Caibidil 1(1),

Rialachán (CE) Uimh. 183/2005: Airteagal 5(1) agus Iarscríbhinn I, cuid A (I-4 e, g; II-2 a, b, e), Airteagal 5(5) agus Iarscríbhinn III (1, 2), Airteagal 5(6), agus

Rialachán (CE) Uimh. 396/2005: Airteagal 18.


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

1.   Rialachán (CEE) Uimh. 352/78

Rialachán (CEE) Uimh. 352/78

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 43(1)(e)

Airteagal 2

Airteagal 43(2)

Airteagal 3

Airteagal 46(1)

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6


2.   Rialachán (CE) Uimh. 2799/98

Rialachan (CE) Uimh. 2799/98

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 105(2) agus Airteagal 106

Airteagal 3

Airteagal 106

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 107

Airteagal 8

Airteagal 108

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11


3.   Rialachán (CE) Uimh. 814/2000

Rialachan (CE) Uimh. 814/2000

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 45(1)

Airteagal 2

Airteagal 45(2)

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 45(5)

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagail 45(4) agus 116

Airteagal 11


4.   Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005

Rialachan (CE) Uimh. 1290/2005

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 102

Airteagal 9

Airteagal 58

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 16

Airteagal 13

Airteagal 19

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 15

Airteagal 18

Airteagal 16

Airteagal 40

Airteagal 17

Airteagal 41(1)

Airteagal 17a

Airteagal 41(2)

Airteagal 18

Airteagal 24

Airteagal 19

Airteagal 27

Airteagal 20

Airteagal 28

Airteagal 21

Airteagal 29

Airteagal 22

Airteagal 32

Airteagal 23

Airteagal 33

Airteagal 24

Airteagal 34

Airteagal 25

Airteagal 35

Airteagal 26

Airteagal 36

Airteagal 27

Airteagal 41(1)

Airteagal 27a

Airteagal 41(2)

Airteagal 28

Airteagal 37

Airteagal 29

Airteagal 38

Airteagal 30

Airteagal 51

Airteagal 31

Airteagal 52

Airteagal 32

Airteagal 54 agus Airteagal 55

Airteagal 33

Airteagal 54 agus Airteagal 56

Airteagal 34

Airteagal 43

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 48

Airteagal 37

Airteagal 47

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 116

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 109

Airteagal 44

Airteagal 103

Airteagal 44a

Airteagal 113(1)

Airteagal 45

Airteagal 105(1) agusAirteagal 106(3) agus (4)

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 119

Airteagal 48

Airteagal 120

Airteagal 49

Airteagal 121


5.   Rialachán(CE) Uimh. 485/2008

Rialachán (CE)Uimh. 485/2008

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 79

Airteagal 2

Airteagal 80

Airteagal 3

Airteagal 81

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 82(1), (2) agus (3)

Airteagal 6

Airteagal 82(4)

Airteagal 7

Airteagal 83

Airteagal 8

Airteagal 103(2)

Airteagal 9

Airteagal 86

Airteagal 10

Airteagal 84

Airteagal 11

Airteagal 85

Airteagal 12

Airteagal 106(3)

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 87

Airteagal 16

Airteagal 17


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cros-chomhlíonadh

Iarrann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur chun feidhme ag na Ballstáit Threoir 2000/60/CE an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce agus Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach agus, i gcás inarb iomchuí, nuair a chuirfear na Treoracha sin chun feidhme sna Ballstáit uile agus nuair a shainaithneofar na hoibleagáidí sin is infheidhme go díreach maidir le feirmeoirí, togra reachtach a thíolacadh chun codanna ábhartha na dTreoracha sin a áireamh i gcóras an tras-chomhlíonta.


Top