EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1304R(01)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013. maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013)

OJ L 330, 3.12.2016, p. 8–8 (BG, DE, FR, LT)
OJ L 330, 3.12.2016, p. 6–7 (ES, FI)
OJ L 330, 3.12.2016, p. 7–8 (CS)
OJ L 330, 3.12.2016, p. 7–7 (HR, IT, NL, PT, SK)
OJ L 330, 3.12.2016, p. 9–9 (EL, PL)
OJ L 330, 3.12.2016, p. 18–19 (MT)
OJ L 330, 3.12.2016, p. 9–12 (GA)
OJ L 330, 3.12.2016, p. 9–10 (LV)
OJ L 330, 3.12.2016, p. 7–10 (HU)
OJ L 330, 3.12.2016, p. 6–10 (ET)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1304/corrigendum/2016-12-03/oj

3.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

9


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013. maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 Eagrán Speisialta Gaeilge an 20 Nollaig 2013 )

1.

Ar an leathanach clúdaigh agus ar leathanach 470, an teideal:

in ionad:

“RIALACHÁN (AE) Uimh 1304/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle”,

léitear:

“RIALACHÁN (AE) Uimh. 1304/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle”.

2.

Ar leathanach 470, aithris (1), an chéad abairt:

in ionad:

“(1)

Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)

léitear:

“(1)

Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)

3.

Ar leathanach 472, aithris (13), an dara habairt:

in ionad:

“Déantar íosmhéid an chistithe um bheartas comhtháthaithe do CSE a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 84(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013./2013.”,

léitear:

“Déantar íosmhéid an chistithe um bheartas comhtháthaithe do CSE a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 92(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”.

4.

Ar leathanach 474, Airteagal 2(2):

in ionad:

“2.   Déanfaidh CSE a mhisin a leagtar a amach i mír 1 a chomhlánú trí chúnamh a thabhairt do Bhallstáit agus tosaíochtaí agus príomhspriocanna na Straitéise Eoraip 2020 á gcur chun feidhme acu agus trí cheadú do Bhallstáit dul i ngleic lena ndúshain shonracha maidir le cuspóirí na Straitéise Eoraip 2020. Tacóidh CSE le ceapadh agus cur chun feidhme beartas agus gníomhaíochtaí i dtaca lena mhisin, agus na Treoirlínte Comhtháite ábhartha de chuid Eoraip 2020 á gcur san áireamh agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhreir le hAirteagal 121(2) agus leis na moltaí ábhartha ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE agus i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal náisiúnta, na gclár athchóirithe náisiúnta mar aon le straitéisí agus tuarascálacha eile ábhartha náisiúnta.”,

léitear:

“2.   Déanfaidh CSE na misin a leagtar amach i mír 1 a chomhlánú trí chúnamh a thabhairt do Bhallstáit agus tosaíochtaí agus príomhspriocanna straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (‘Straitéis Eoraip 2020’) á gcur chun feidhme acu agus trí cheadú do Bhallstáit dul i ngleic lena ndúshláin shonracha maidir le cuspóirí na Straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach. Tacóidh CSE le ceapadh agus cur chun feidhme beartas agus gníomhaíochtaí i dtaca lena mhisin, agus aird á tabhairt ar na Treoirlínte Comhtháite ábhartha agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus le hAirteagal 148(4) CFAE agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal náisiúnta, ar na cláir athchóirithe náisiúnta mar aon le straitéisí agus tuarascálacha ábhartha náisiúnta eile.”.

5.

Ar leathanach 474, Airteagal 3(1):

in ionad:

“1.   Faoi na cuspóirí téamúla a leagtar amach i bpointí (8), (9), (10) agus (11) den chéad fhomhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a chomhfreagraíonn le pointí (a), (b), (c) agus (d) den mhír seo, agus i gcomhréir lena mhisin, tacóidh CSE leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas:”,

léitear:

“1.   Faoi na cuspóirí téamúla a leagtar amach i bpointí (8), (9), (10) agus (11) den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a chomhfhreagraíonn do phointí (a), (b), (c) agus (d) den mhír seo, agus i gcomhréir lena mhisin, tacóidh CSE leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas:”.

6.

Ar leathanach 476, Airteagal 5(1), an chéad fhomhír:

in ionad:

“1.   Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir agus táirgeachta amhail a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, as táscairí atá sonrach do na cláir i gcomhréir le hAirteagal 27(4) agus le hAirteagal 96(2)(b)(ii) agus (iv) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”,

léitear:

“1.   Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir agus táirgeachta amhail a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, as táscairí clár-shonracha do na cláir i gcomhréir le hAirteagal 27(4) agus le hAirteagal 96(2)(b)(ii) agus (iv) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”.

7.

Ar leathanach 476, Airteagal 5(1), an tríú fomhír:

in ionad:

“Maidir leis na comhtháscairí toraidh agus na táscairí toraidh sin atá sonrach do na cláir a bhfuil spriocluach carnach cainníochtaithe 2023 curtha ar bun, déanfar bonnlínte a shocrú ag baint úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil nó foinsí oiriúnacha faisnéise eile. Féadfar táscairí toraidh clár-shonracha agus spriocanna gaolmhara a chur in iúl i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.”,

léitear:

“Maidir leis na comhtháscairí toraidh agus na táscairí toraidh clár-shonracha do na cláir a bhfuil spriocluach carnach cainníochtaithe 2023 curtha ar bun, déanfar bonnlínte a shocrú ag baint úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil nó foinsí oiriúnacha faisnéise eile. Féadfar táscairí toraidh clár-shonracha agus spriocanna gaolmhara a chur in iúl i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.”.

8.

Ar leathanach 476, Airteagal 5(3):

in ionad:

“3.   Ag an am céanna leis na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, tarchuirfidh gach údarás bainistíochta sonraí leictreonacha maidir le gach tosaíocht infheistíochta. Cuirfear na sonraí isteach do na catagóirí idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 96(2)(b)(vi) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus na táscairí aschuir agus na táscairí toraidh. De mhaolú ar Airteagal 50(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, baineann sonraí a tharchuirfear do tháscairí aschuir agus toraidh le luachanna d'oibríochtaí arna gcur i bhfeidhm go páirteach nó go hiomlán.”,

léitear:

“3.   I dteannta na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, tarchuirfidh gach údarás bainistíochta sonraí struchtúrtha go leictreonach maidir le gach ais tosaíochta arna miondealú de réir tosaíochta infheistíochta. Cuirfear na sonraí isteach do na catagóirí idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 96(2)(b)(vi) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus do na táscairí aschuir agus na táscairí toraidh. De mhaolú ar Airteagal 50(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, bainfidh sonraí a tharchuirfear do tháscairí aschuir agus toraidh le luachanna d'oibríochtaí arna gcur i bhfeidhm go páirteach nó go hiomlán.”.

9.

Ar leathanach 477, Airteagal 11, an teideal:

in ionad:

“Forálacha atá sonrach do chistí maidir le cláir oibríochta”,

léitear:

“Forálacha ciste-shonracha maidir le cláir oibríochta”.

10.

Ar leathanach 478, Airteagal 12(1):

in ionad:

“1.   Féadfaidh CSE tacú le straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail i gceantair uirbeacha agus tuaithe, dá dtagraítear in Airteagal 32, Airteagal 33 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, le comhaontuithe críche agus le tionscnaimh áitiúla le haghaidh fostaíochta, lena n-áirítear fostaíocht don aos óg, oideachais agus cuimsithe shóisialta, maille le hIonstraim chríche comhtháite (ICC) dá dtagraítear in exAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”,

léitear:

“1.   Féadfaidh CSE tacú le straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail i gceantair uirbeacha agus tuaithe, dá dtagraítear in Airteagal 32, Airteagal 33 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, le comhaontuithe críche agus le tionscnaimh áitiúla le haghaidh fostaíochta, lena n-áirítear fostaíocht don aos óg, oideachas agus cuimsithe shóisialta, maille le hInfheistíochtaí críochacha comhtháite (ICC) dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”.

11.

Ar leathanach 478, Airteagal 12(2):

in ionad:

“2.   Mar chomhlánú idirghabhálacha Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) … a shainítear ina chomhaontuithe comhpháirtíochta faoi seach.”,

léitear:

“2.   Mar chomhlánú idirghabhálacha ERDF … a shainítear ina Chomhaontuithe Comhpháirtíochta faoi seach.”.

12.

Ar leathanach 478, Airteagal 13(1):

in ionad:

“1.   Tabharfaidh CSE tacaíocht le haghaidh caiteachais incháilithe, lena bhféadfar a áireamh, dá dtagraítear in Airteagal 120(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, aon acmhainní airgeadais arna dtabhairt ag fostaithe agus oibrithe.”,

léitear:

“1.   Tabharfaidh CSE tacaíocht le haghaidh caiteachais incháilithe, ar caiteachas é dá dtagraítear in Airteagal 120(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ar a bhféadfar aon acmhainní airgeadais arna rannchuidiú ag fostaithe agus oibrithe go comhchoiteann a áireamh.”.

13.

Ar leathanach 478, Airteagal 13(3):

in ionad:

“3.   Suas go dtí teorainn 3 % de bhuiséad chlár oibríochtúil CSE … na cuspóirí téamacha faoi Airteagal 3(1)(a) nó le hAirteagal 3(1)(c) …”,

léitear:

“3.   Suas go dtí teorainn 3 % de bhuiséad chlár oibríochtúil CSE … na cuspóirí téamacha faoi Airteagal 3(1)(a) nó faoi Airteagal 3(1)(c) …”.

14.

Ar leathanach 480, Airteagal 19(2), an chéad fhomhír:

in ionad:

“2.   Beidh faisnéis maidir le cur chun feidhme TFAE sa Tuarascáil Bhliantúil Cur chun Feidhme agus sa tuarascáil dheireanach amhail dá dtagraítear in Airteagal 50(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Tarchuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa achoimre ar na tuarascála sin amhail dá dtagraítear in Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”,

léitear:

“2.   Beidh faisnéis maidir le cur chun feidhme TFAO sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus sa tuarascáil deiridh amhail dá dtagraítear in Airteagal 50(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Tarchuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa achoimre ar na tuarascála sin amhail dá dtagraítear in Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”.

15.

Ar leathanach 480, Airteagal 19(3), an chéad fhomhír:

in ionad:

“3.   Amhail ó Aibreán 2015 agus do na blianta ina dhiaidh sin, agus ag an am céanna leis na tuarascála cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 50(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, tarchuirfidh an t-údarás bainistíochta go leictreonach chuig an gCoimisiún sonraí struchtúrtha maidir le gach ais tosaíochta nó do gach cuid de a thacaíonn le TFAO.Bainfidh sonraí táscaire a tharchuirfear le luachanna do na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, le táscairí atá sonrach do na cláir. Bainfidh siad le hoibríochtaí arna gcur chun feidhme go páirteach nó go hiomlán.”,

léitear:

“3.   Amhail ó Aibreán 2015 agus do na blianta ina dhiaidh sin, agus ag an am céanna leis na tuarascálacha ar chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 50(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, tarchuirfidh an t-údarás bainistíochta go leictreonach chuig an gCoimisiún sonraí struchtúrtha maidir le gach ais tosaíochta nó do gach cuid de a thacaíonn le TFAO. Bainfidh sonraí táscaire a tharchuirfear le luachanna do na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, le táscairí clár-shonracha. Bainfidh siad le hoibríochtaí arna gcur chun feidhme go páirteach nó go hiomlán.”.

16.

Ar leathanach 482, Airteagal 27, an chéad fhomhír:

in ionad:

“Gan dochar do na forálacha a leagtar síos in Airteagal 18 den Rialachán seo, aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.”,

léitear:

“Gan dochar do na forálacha a leagtar síos in Airteagal 26 den Rialachán seo, aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.”.

17.

Ar leathanach 484, pointe (1) d'Iarscríbhinn I, an cúigiú fomhír:

in ionad:

“Déanfar na sonraí maidir le rannpháirithe faoin dá táscaire thuas a sholáthar sna tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla amhail a shonraítear in Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) Uimh. 13032013. Baileofar na sonraí bunaithe ar shampla ionadaíoch de rannpháirtithe faoi chuimsiú gach tosaíochta infheistíochta. Déanfar bailíocht inmheánach an tsampla a áirithiú sa chaoi go bhféadfar na sonraí a ghinearálú ar leibhéal na tosaíochta infheistíochta.”,

léitear:

“Déanfar na sonraí maidir le rannpháirithe faoin dá táscaire thuas a sholáthar sna tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla amhail a shonraítear in Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Baileofar na sonraí bunaithe ar shampla ionadaíoch de rannpháirtithe faoi chuimsiú gach tosaíochta infheistíochta. Déanfar bailíocht inmheánach an tsampla a áirithiú sa chaoi go bhféadfar na sonraí a ghinearálú ar leibhéal na tosaíochta infheistíochta.”.

18.

Ar leathanach 485, Iarscríbhinn II, teideal phointe (1):

in ionad:

“(1)

Comhtháscairí toraidh láithreacha do rannpháirtithe i”,

léitear:

“(1)

Comhtháscairí toraidh láithreacha do rannpháirtithe”.

19.

Ar leathanach 485, pointe (1) d'Iarscríbhinn II, an fonóta a ghabhann leis an gcéad fhomhír:

in ionad:

“Tagairt is ea ‘rannpháirtithe’ (1) do dhaoine a fhaigheann tairbhe dhíreach …

léitear:

“Tagairt is ea ‘rannpháirtithe’ (1) do dhaoine a fhaigheann tairbhe dhíreach ….

20.

Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an fhoirm chuí gramadaí de “téamach” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de “téamúil”.



Top