EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32013R1298
Regulation (EU) No 1298/2013 of the European Parliament and of the Council of 11 December 2013 amending Council Regulation (EC) No 1083/2006 as regards the financial allocation for certain Member States from the European Social Fund
Rialachán (AE) Uimh. 1298/2013 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 maidir leis an leithdháileadh airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe ó Chiste Sóisialta na hEorpa
Rialachán (AE) Uimh. 1298/2013 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 maidir leis an leithdháileadh airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe ó Chiste Sóisialta na hEorpa
OJ L 347, 20.12.2013, p. 256–258
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32013R1303
20.12.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
256 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1298/2013 Ó PHARLAIMINT NA HeORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2013
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 maidir leis an leithdháileadh airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe ó Chiste Sóisialta na hEorpa
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
I gcomhthéacs na caibidlíochta ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil do na blianta 2014-2020, ba cheart aghaidh a thabhairt ar cheisteanna áirithe a eascraíonn as toradh deiridh na caibidlíochta. |
(2) |
Ag a cruinniú an 27 agus an 28 Meitheamh 2013 mheas Comhairle na hEorpa gur cheart teacht ar réiteach buiséadach chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin le haghaidh na mBallstát is mó atá thíos leo, eadhon an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn. |
(3) |
Ag féachaint don ghéarchéim eacnamaíoch reatha, d'fhonn comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, agus chun cuidiú leis an iarracht speisialta atá ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha na dífhostaíochta, go háirithe dífhostaíocht i measc an ógra, agus na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta sa Fhrainc, san Iodáil agus sa Spáinn, ba cheart leithdháiltí Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) do na Ballstát sin don bhliain 2013 a mhéadú. |
(4) |
D'fhonn na méideanna arna leithdháileadh ar na Ballstáit lena mbaineann a bhunú de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (2), ba cheart coigeartú a dhéanamh ar na forálacha lena socraítear acmhainní foriomlána na gCistí do na trí chuspóir a bhfuil siad ag rannchuidiú leo, agus ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin lena mbunaítear na critéir agus an mhodheolaíocht a úsáideann na Ballstáit do mhiondealuithe bliantúla táscacha ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí. |
(5) |
D'fhonn éifeachtacht an mhéadaithe ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don bhliain 2013 a áirithiú agus chun cur chun feidhme clár oibriúcháin a éascú, ba cheart acmhainn ionsúite na mBallstát lena mbaineann maidir le cuspóirí Cóineasaithe agus iomaíochais réigiúnaigh agus fostaíochta réigiúnaí na gCistí a chur san áireamh. |
(6) |
Chun go mbeidh go leor ama ag na cláir oibriúcháin le tairbhe a bhaint as leithdháiltí CSE, is gá freisin an spriocdháta a shíneadh le haghaidh na hoibleagáidí buiséadacha maidir leis na cláir oibríochtúla atá le tairbhe a bhaint as na méideanna nua dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006. |
(7) |
Ós rud é go mbaineann na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí sindon bhliain 2013, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar seo a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19 agus Airteagal 20: “Airteagal 19 Acmhainní do chuspóir an Chóineasaithe Na hacmhainní foriomlána do chuspóir an Chóineasaithe, is 81,53 % de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a bheidh iontu (i.e. iomlán EUR 251 543 760 146) agus déanfar iad a dháileadh ar na comhpháirteanna éagsúla mar seo a leanas:
Airteagal 20 Acmhainní don chuspóir iomaíochais réigiúnaigh agus fostaíochta réigiúnaí Na hacmhainní foriomlána don chuspóir iomaíochais réigiúnaigh agus fostaíochta réigiúnaí, is 15,96 % de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a bheidh iontu (i.e. iomlán EUR 49 239 337 841) agus déanfar iad a dháileadh ar na comhpháirteanna éagsúla mar seo a leanas:
|
(3) |
In Airteagal 21(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh: “Na hacmhainní foriomlána do chuspóir an chomhair chríochaigh Eorpaigh, is 2,51 % de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a bheidh iontu (i.e iomlán EUR 7 759 453 120) agus, seachas an méid dá dtagraítear i mír 22 d'Iarscríbhinn II, déanfar iad a dháileadh ar na comhpháirteanna éagsúla mar seo a leanas:”; |
(4) |
In Airteagal 75, cuirtear isteach an mhír 1b seo a leanas: “1b. De mhaolú ar mhír 1, déanfar na hoibleagáidí buiséadacha do na méideanna dá dtagraítear i mír 32 d'Iarscríbhinn II faoin 30 Meitheamh 2014.”; |
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I: “IARSCRÍBHINN I Miondealú bliantúil ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí idir 2007 agus 2013 (dá dtagraítear in Airteagal 18)
|
(6) |
In Iarscríbhinn II, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. LEŠKEVIČIUS
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 25):