Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1285

Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

OJ L 347, 20.12.2013, p. 1–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1285/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1285/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don bheartas Eorpach um loingseoireacht satailíte dhá chóras um loingseoireacht satailíte a sholáthar don Aontas, eadhon an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo agus córas EGNOS ('na córais'). Eascraíonn na córais seo as clár Galileo agus clár EGNOS faoi seach. Is éard atá i ngach bonneagar díobh satailítí agus gréasán de stáisiúin talún.

(2)

Is é is aidhm do chlár Galileo an chéad bhonneagar domhanda loingseoireachta agus suite satailíte atá deartha go sonrach chun críocha sibhialta a chur ar bun agus a oibriú, ar bonneagar é ar féidir le gníomhaithe éagsúla poiblí agus príobháideacha san Eoraip agus ar fud an domhain a úsáid. Feidhmíonn an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo go neamhspleách ar na córais eile atá ann cheana nó a d'fhéadfadh a bheith ann, ag cur ar an dóigh sin i measc nithe eile le huathriail straitéiseach an Aontais, rud a chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle béim air.

(3)

Is é is aidhm do chóras EGNOS feabhas a chur ar cháilíocht na gcomharthaí oscailte ó na córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann cheana ('GNSS') agus ar na comharthaí sin ón tseirbhís oscailte a thairgtear leis an gcóras a bunaíodh faoi chlár Galileo, nuair a bheidh siad ar fáil. Ba cheart go gclúdófaí, mar thosaíocht, leis na seirbhísí a sholáthraíonn clár EGNOS, críocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip, lena n-áirítear chun na críche seo, na hAsóir, na hOileáin Chanáracha agus Maidéara.

(4)

Thug Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún tacaíocht do chlár Galileo agus do chlár EGNOS i gcónaí.

(5)

Ós rud é go bhfuil a lán forbartha déanta ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS, as a dtagann córais atá ag céim saothraithe, tá gá le hionstraim dlí sonrach chun freastal ar a riachtanais, go háirithe i dtéarmaí rialachais agus slándála, d'fhonn an ceanglas maidir le bainistíocht fhónta airgeadais a shásamh agus d'fhonn úsáid na gcóras a chur chun cinn.

(6)

Is bonneagair iad na córais a chuirtear ar bun mar ghréasáin thras-Eorpacha ar leithne i bhfad a n-úsáid ná teorainneacha náisiúnta na mBallstát. Thairis sin, rannchuidíonn na seirbhísí a thairgtear trí na córais sin le réimse leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, lena n-áirítear gréasáin thras-Eorpacha a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

(7)

Is uirlis de chuid an bheartais thionsclaíoch iad clár Galileo agus clár EGNOS agus is cuid de straitéis Eoraip 2020 iad, mar atá léirithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Samhain 2010 dar teideal 'Beartas comhtháite tionsclaíoch do ré an domhandaithe: an t-iomaíochas agus an inbhuanaitheacht a chur chun tosaigh'. Déantar tagairt dóibh freisin sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2011 dar teideal 'I dtreo straitéise spáis de chuid an Aontais Eorpaigh atá chun leasa a shaoránaigh'. Tá a lán buntáistí do gheilleagar agus do shaoránaigh an Aontais ag na cláir sin, arb é EUR 130 billiún a luach carnach measta don tréimhse 2014-2034.

(8)

Tá líon na n-earnálacha eacnamaíoch, go háirithe na hearnálacha iompair, teileachumarsáide, talmhaíochta agus fuinnimh, a bhaineann úsáid mhéadaithe as córais um loingseoireacht satailíte ag dul i méid. Is féidir le húdaráis phoiblí freisin tairbhe a bhaint as na córais seo i réimsí éagsúla amhail seirbhísí éigeandála, na póilíní, bainistíocht ghéarchéime nó bainistíocht teorann. Tairbheoidh an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol go mór mar gheall ar úsáid loingseoireachta satailíte a fhorbairt. Déantar tairbhí socheacnamaíocha den sórt sin a fho-roinnt ina dtrí phríomhchatagóir: tairbhí díreacha a leanann as fás an mhargaidh spáis, tairbhí díreacha a leanann as fás an mhargaidh iartheachtaigh d'fheidhmchláir agus do sheirbhísí bunaithe ar GNSS, agus tairbhí indíreacha a leanann as teacht chun cinn feidhmchlár nua in earnálacha eile nó a leanann as aistriú teicneolaíochta chuig earnálacha eile, as a dtagann deiseanna nua do mhargaí in earnálacha eile, gnóthaithe táirgiúlachta thar an tionscal agus tairbhí poiblí a ghintear tríd an truailliú a laghdú nó trí leibhéil feabhsaithe sábháilteachta agus slándála a bheith ann.

(9)

Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go dtabharfadh an tAontas tacaíocht d'fhorbairt feidhmchlár agus seirbhísí bunaithe ar na córais. Sa tslí sin, beidh saoránaigh an Aontais in ann tairbhiú de na córais, agus déanfar a áirithiú leis go gcothabhálfar muinín an phobail i gclár Galileo agus i gclár EGNOS. Is é Fís 2020 - an Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht ("Fís 2020") arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an () an ionstraim iomchuí chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta maidir le forbairt feidhmchlár bunaithe ar GNSS a mhaoiniú. Ba cheart, áfach, go ndéanfaí cuid réamhtheachtach atá an-sonrach de ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha a mhaoiniú ón mbuiséad a leithdháilfear do chlár Galileo agus do chlár EGNOS faoin Rialachán seo, sa chás go bhfuil baint ag gníomhaíochtaí den sórt sin le heilimintí bunúsacha amhail slis-seiteanna agus glacadóirí cumasaithe do Galileo, rud a éascóidh forbairt feidhmchlár thar earnálacha difriúla den gheilleagar. Dá ainneoin sin, níor cheart go gcuirfeadh maoiniú den sórt sin imlonnú nó saothrú an bhonneagair a bhunófar faoi na cláir i mbaol.

(10)

I bhfianaise úsáid mhéadaitheach na loingseoireachta satailíte thar líon mór réimsí gníomhaíochta, d'fhéadfadh cur isteach ar sholáthar seirbhísí dochar mór a dhéanamh do shochaí an lae inniu agus caillteanais do go leor oibreoirí eacnamaíocha a bheith mar thoradh air. Ina theannta sin, de bhrí go bhfuil gné straitéiseach ag baint leo, is bonneagair íogaire iad córais um loingseoireacht satailíte, agus d'fhéadfadh sé go mbainfí úsáid mhailíseach astu. Is féidir leis na tosca sin tionchar a imirt ar shlándáil an Aontais, a Bhallstát agus a shaoránach. Ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais slándála a chur san áireamh le linn dhearadh, fhorbairt, imlonnú agus shaothrú na mbonneagar a bhunófar faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS i gcomhréir le cleachtais chaighdeánacha.

(11)

Áirítear i gclár Galileo céim sainithe atá tugtha chun críche, céim forbartha agus bailíochtaithe go dtí 2013, céim imlonnaithe a thosaigh in 2008 agus ar cheart di a bheith críochnaithe in 2020 agus céim saothraithe ar cheart di tosú de réir a chéile ó 2014-15 chun go mbeidh an córas ar fad go hiomlán oibríochtúil in 2020. Tógadh agus láinseáladh an chéad cheithre satailít oibríochtúla tógtha agus láinseáilte le linn na céime forbartha agus bailíochta, agus ba cheart go mbeadh an cnuasach iomlán satailítí críochnaithe le linn na céime imlonnaithe agus ba cheart go ndéanfaí uasghrádú le linn na céime saothraithe. Ba cheart go ndéanfaí an bonneagar ar talamh a bhaineann leis na céimeanna sin a fhorbairt agus a oibriú dá réir sin.

(12)

Tá clár EGNOS ag an gcéim saothraithe ó dearbhaíodh go raibh a sheirbhís oscailte agus a sheirbhís ar a dtugtar 'sábháilteacht bheatha' ag oibriú i Deireadh Fómhair 2009 agus i Márta 2011 faoi seach. Faoi réir na srianta teicniúla agus airgeadais agus ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta, d'fhéadfaí cumhdach geografach na seirbhísí arna soláthar ag córas EGNOS a shíneadh chuig réigiúin eile den domhan, go háirithe chuig críocha na dtíortha is iarrthóirí, chuig críocha na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an Aerspás Eorpach Aonair agus chuig críocha na dtíortha i mBeartas Comharsanachta na hEorpa. Níor cheart, áfach, go ndéanfaí an síneadh sin chuig réigiúin eile den domhan a mhaoiniú le leithreasaí buiséadacha atá sannta do chlár Galileo agus do chlár EGNOS faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an … (3) agus níor cheart go gcuirfeadh an síneadh sin moill ar shíneadh an chumhdaigh ar fud chríocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip.

(13)

Rinneadh athphróifíliú ar bhundearadh sheirbhís sábháilteachta beatha Galileo faoi mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun a idir-inoibritheacht le GNSS eile a áirithiú, chun freagairt go héifeachtúil do riachtanais úsáideora na seirbhíse sábháilteachta beatha agus chun coimpléascacht, rioscaí agus costais an bhonneagair atá ag teastáil a laghdú.

(14)

Chun glacadh sheirbhís sábháilteachta beatha EGNOS a uasmhéadú, ba cheart í a chur ar fáil gan mhuirear dhíreach don úsáideoir. Ba cheart freisin an tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí (PRS) de chuid Galileo a thairiscint saor in aisce do na rannpháirtithe PRS seo a leanas, de réir bhrí Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5): na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ("SEGS") agus gníomhaireachtaí cuí-údaraithe de chuid an Aontais. Ba cheart go mbeadh sé le tuiscint nach ndéanfaidh éagmais na muirear difear do na forálacha maidir leis na costais a bhaineann le feidhmiú údarás inniúil PRS mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1104/2011/AE.

(15)

Chun úsáid na seirbhísí a sholáthraítear a bharrfheabhsú, ba cheart go mbeadh na córais, gréasáin agus seirbhísí a thig as clár Galileo agus as clár EGNOS comhoiriúnach agus idir-inoibritheach lena chéile agus, a mhéid is féidir, le córais eile um loingseoireacht satailíte agus le gnáthmhodhanna radaloingseoireachta, sa chás ina leagfar comhoiriúnacht den sórt sin agus idir-inoibritheacht den sórt sin síos i gcomhaontú idirnáisiúnta, gan dochar do chuspóir na huathrialach straitéisí.

(16)

Ós rud é go bhfuil an tAontas, i bprionsabal, freagrach as clár Galileo agus as clár EGNOS a mhaoiniú go hiomlán, ba cheart a fhoráil gurb ag an Aontas a bheidh úinéireacht na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe uile arna gcruthú nó arna bhforbairt faoi na cláir sin. Chun aon chearta bunúsacha a bhaineann le húinéireacht a chomhlíonadh go hiomlán, ba cheart na socruithe is gá le húinéirí atá ann cheana a dhéanamh, go háirithe maidir le codanna riachtanacha na mbonneagar agus a slándáil. Ba cheart go mbeadh sé le tuiscint nach gcumhdaítear leis na forálacha maidir le húinéireacht sócmhainní doláimhsithe a leagtar síos sa Rialachán seo cearta doláimhsithe nach féidir a aistriú faoi dhlíthe náisiúnta ábhartha. Ba cheart go mbeadh úinéireacht den sórt sin ag an Aontas gan dochar don fhéidearthacht don Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcás ina measfar gurb iomchuí é sin ar bhonn measúnaithe de réir gach cáis ar leith, na sócmhainní sin a chur ar fáil do thríú páirtithe nó iad a dhiúscairt. Ba cheart go mbeadh an tAontas in ann, go háirithe, úinéireacht na gceart maoine intleachtúla a thiocfaidh as an obair a dhéanfar faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS a aistriú go tríú páirtithe nó féadfaidh sé na cearta maoine intleachtúla sin a cheadúnú. Chun glacadh loingseoireachta satailíte sa mhargadh a éascú, is gá a áirithiú gur féidir le tríú páirtithe an úsáid is fearr a bhaint go háirithe as na cearta maoine intleachtúla de chuid an Aontais a thig as clár Galileo agus as clár EGNOS, lena n-áirítear ar an leibhéal sóisialta agus eacnamaíoch.

(17)

Ní dhéanfaidh na forálacha maidir le húinéireacht a leagtar síos sa Rialachán seo difear do na sócmhainní a chruthófar nó a fhorbrófar lasmuigh de chlár Galileo agus de chlár EGNOS. D'fhéadfadh sé, ó am go ham, go mbeadh sócmhainní den sórt sin ábhartha, áfach, d'fheidhmiú na gclár. Chun forbairt teicneolaíochta nua a spreagadh lasmuigh de chlár Galileo agus de chlár EGNOS, ba cheart don Choimisiún spreagadh a thabhairt do thríú páirtithe a aird a tharraingt ar shócmhainní ábhartha doláimhsithe agus ba cheart, i gcás ina mbeadh sé tairbhiúil do na cláir, téarmaí maidir le húsáid iomchuí na sócmhainní sin a chaibidliú.

(18)

Ba cheart céim imlonnaithe agus céim saothraithe chlár Galileo agus céim saothraithe chlár EGNOS a bheith go hiomlán maoinithe ag an Aontas. Mar sin féin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann maoiniú breise a thabhairt do chlár Galileo agus do chlár EGNOS nó ranníocaíocht chomhchineáil a dhéanamh leo, ar bhonn comhaontuithe iomchuí, chun eilimintí breise sna cláir a bhaineann le cuspóirí ionchasacha áirithe na mBallstát lena mbaineann a mhaoiniú. Ba cheart freisin go mbeadh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta in ann rannchuidiú leis na cláir.

(19)

Chun comhleanúnachas agus cobhsaíocht chlár Galileo agus chlár EGNOS a áirithiú agus a ngné Eorpach agus a mbreisluach bunúsach Eorpach á chur san áireamh, beidh maoiniú leordhóthanach agus comhsheasmhach ag teastáil le linn tréimhsí pleanála airgeadais. Is gá freisin an méid airgid a bheidh ag teastáil i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a shonrú, chun críochnú chéim imlonnaithe chlár Galileo agus chéim saothraithe chlár Galileo agus chéim saothraithe chlár EGNOS a mhaoiniú.

(20)

Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 déantar uasmhéid EUR 7 071,73 milliún i bpraghsanna reatha a leithdháileadh do mhaoiniú na ngníomhaíochtaí a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Ar mhaithe le soiléireacht agus d'fhonn rialú costas a éascú, ba cheart an méid foriomlán sin a mhiondealú ina chatagóirí éagsúla. Mar sin féin, ar mhaithe le solúbthacht agus d'fhonn dea-reáchtáil na gclár a áirithiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann cistí a ath-leithdháileadh ó chatagóir amháin go catagóir eile. Ba cheart go mbeadh cosaint na gcóras agus a bhfeidhmithe, lena n-áirítear le linn lainseáil na satailítí, ar áireamh freisin sna gníomhaíochtaí cláir. Chuige sin, d'fhéadfadh an buiséad arna leithdháileadh ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS ranníocaíocht a mhaoiniú leis na costais a ghabhann le seirbhísí atá in ann cosaint den sórt sin a sholáthar, agus sin a mhéid is féidir agus dianbhainistíocht costas á leanúint agus i gcomhlíonadh iomlán an uasmhéid arna bhunú i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Ba cheart ranníocaíocht den sórt sin a úsáid chun sonraí agus seirbhísí a sholáthar agus chuige sin amháin agus ní chun bonneagar a cheannach. Leis an Rialachán seo bunaítear imchlúdach airgeadais chun leanúint le clár Galileo agus le clár EGNOS, agus beidh an clúdach sin, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar i gcúrsaí buiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (7) do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i rith an nós imeachta airgeadais bhliantúil.

(21)

Ba cheart na gníomhaíochtaí dá ndeonófar leithreasaí buiséadacha de chuid an Aontais arna sannadh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS don tréimhse 2014-2020 a shonrú sa Rialachán seo. Ba cheart leithreasaí den sórt sin a dheonú go príomha do ghníomhaíochtaí a bhaineann le céim imlonnaithe chlár Galileo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí bainistíochta agus faireacháin don chéim sin, agus gníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú an chórais a bunaíodh faoi chlár Galileo, lena n-áirítear réamhghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí ullmhúcháin do chéim saothraithe an chláir sin, agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú chóras EGNOS. Ba cheart iad a dheonú freisin chun gníomhaíochtaí áirithe eile a mhaoiniú a bhfuil gá leo chun cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS a bhainistiú agus a bhaint amach, go háirithe tacaíocht do thaighde agus d'fhorbairt eilimintí bunúsacha, amhail slis-seiteanna agus glacadóirí cumasaithe do Galileo, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, modúil bhogearraí le haghaidh faireacháin suite agus sláine. Is comhéadan idir na seirbhísí a thairgeann na bonneagair agus feidhmchláir iartheachtacha iad na heilimintí sin, agus éascaíonn siad forbairt na bhfeidhmchlár ar fud earnálacha éagsúla an gheilleagair. Is catalaíoch iad a bhforbairt in uasmhéadú tairbhí socheacnamaíocha ós rud é go n-éascaíonn sé glacadh sa mhargadh leis na seirbhísí a thairgtear. Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an straitéis a leantar chun costais a bhainistiú.

(22)

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gcuirtear san áireamh sna costais infheistíochta ná sna costais oibriúcháin faoi mar a mheastar don tréimhse 2014-2020 na hoibleagáidí airgeadais gan coinne a bhféadfadh sé go gcaithfidh an tAontas iad a ghlacadh, go háirithe iad siúd a bhaineann le dliteanas a eascraíonn ó chomhlíonadh na seirbhísí nó ó úinéireacht Aontais ar na córais, go háirithe maidir le haon mhífheidhmiú na gcóras. Tá anailís shonrach á déanamh ag an gCoimisiún ar na hoibleagáidí sin.

(23)

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach gcumhdaíonn na hacmhainní buiséadacha a bheartaítear faoin Rialachán seo obair arna maoiniú ag cistí atá sannta do chlár Fís 2020, amhail na cistí a bhaineann le forbairt feidhmchlár atá díorthaithe ó na córais. Le hobair den sórt sin, beifear in ann úsáid na seirbhísí a sholáthraítear faoi chuimsiú chlár Galileo agus chlár EGNOS a bharrfheabhsú, fáltas maith sóisialta agus eacnamaíocha ar na hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag an Aontas a áirithiú agus cur le fios gnó chuideachtaí an Aontais i dtaobh theicneolaíocht na loingseoireachta satailíte. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú gur ann do thrédhearcacht agus do shoiléireacht maidir le foinsí éagsúla maoinithe do ghnéithe éagsúla na gclár.

(24)

Ina theannta sin, ba cheart gurbh ar an Aontas a fhabhródh an t-ioncam a ghinfidh na córais, ar ioncam é a eascróidh, go háirithe, ón tseirbhís tráchtála arna soláthar ag an gcóras a bunaíodh faoi chlár Galileo, chun go gcúiteofaí go páirteach é maidir leis na hinfheistíochtaí a rinne sé roimh ré, agus ba cheart an t-ioncam sin a úsáid chun cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS a thacú. D'fhéadfaí foráil a dhéanamh freisin maidir le sásra comhroinnte ioncaim i gconarthaí a chuirfear i gcrích le heintitis san earnáil phríobháideach.

(25)

Chun costais sa bhreis agus moilleanna a raibh tionchar acu ar fheidhmiú chlár Galileo agus chlár EGNOS roimhe seo a sheachaint, is gá cur leis na hiarrachtaí chun smacht a fháil ar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le costais sa bhreis agus/nó moilleanna, faoi mar a d'iarr Parlaimint na hEorpa ina rún an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an athbhreithniú lár téarma ar na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte: measúnú cur chun feidhme, dúshláin amach anseo agus peirspictíochtaí maoinithe (8) agus faoi mar a iarradh i gconclúidí na Comhairle an 31 Márta 2011 agus mar atá léirithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal 'Buiséad don Eoraip 2020'.

(26)

Éilítear le dea-rialachas poiblí chlár Galileo agus chlár EGNOS go ndéantar, ar thaobh amháin, cúraimí agus freagrachtaí a scaradh óna chéile go docht daingean, go háirithe idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (GES) agus, ar an taobh eile, an rialachas a oiriúnú de réir a chéile do riachtanais oibríochtúla na gcóras.

(27)

Ós rud é go ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais, nach ndéanann, i bprionsabal, ach maoiniú a thabhairt do chlár Galileo agus do chlár EGNOS amháin agus a bhfuil úinéireacht na gcóras aige, ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as dul chun cinn na gclár agus as maoirseacht foriomlán a dhéanamh orthu. Ba cheart dó na cistí arna leithdháileadh ar na cláir faoin Rialachán seo a bhainistiú, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme ghníomhaíochtaí uile na gclár agus leithdháileadh soiléir freagrachtaí agus cúraimí a áirithiú, go háirithe idir an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES. Chuige sin, ba cheart cúraimí sonracha a shannadh don Choimisiún, anuas ar na cúraimí a bhaineann leis na freagrachtaí ginearálta sin agus na cúraimí eile nach mór dó a chur i gcrích faoin Rialacháin seo. Chun acmhainní agus inniúlachtaí na ngeallsealbhóirí éagsúla a bharrfheabhsú, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún cúraimí áirithe a tharmligean trí chomhaontuithe tarmligin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom), Uimh. 966/2012.

(28)

I bhfianaise na tábhachta atá ag cláir bhonneagar ar talamh na gcóras do chlár Galileo agus do chlár EGNOS agus i bhfianaise a thionchair ar a slándáil, ba cheart cinneadh shuíomh an bhonneagair a bheith mar cheann de na cúraimí sonracha a shanntar don Choimisiún. Ba cheart próiseas oscailte agus trédhearcach a leanúint i gcónaí maidir le himlonnadh bhonneagar ar talamh na gcóras. Ba cheart suíomh bonneagair den sórt sin a chinneadh trí na srianta geografacha agus teicniúla a bhaineann le dáileadh barrmhaith geografach an bhonneagair ar talamh a chur san áireamh, chomh maith le haon suiteálacha nó trealamh atá ann cheana a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach do na cúraimí ábhartha, agus chomh maith leis sin trína áirithiú go gcomhlíonfar riachtanais slándála gach stáisiúin ar talamh agus riachtanais náisiúnta slándála gach Ballstáit.

(29)

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) chun cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS a bhaint amach agus cúraimí áirithe a bhaineann le dul chun cinn na gclár sin a chur chun feidhme. Is gníomhaireacht de chuid an Aontais í atá, mar chomhlacht de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, faoi réir na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Ba cheart cúraimí áirithe a bhaineann le slándáil na gclár agus lena hainmniú ionchasach mar údarás inniúil PRS a shannadh dó. Ba cheart freisin go gcuideodh sé le cur chun cinn agus margú na gcóras, lena n-áirítear trí theagmhálacha a bhunú le húsáideoirí agus le húsáideoirí ionchasacha na seirbhísí a chuirfear ar fáil faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS, agus ba cheart dó faisnéis faoina riachtanais agus faoi fhorbairtí ar mhargadh na loingseoireachta satailíte a bhailiú. Ina theannta sin, ba cheart di na cúraimí a thabharfaidh an Coimisiún di a chur i gcrích trí chomhaontú tarmligin amháin nó níos mó lena gcumhdaítear cúraimí éagsúla sonracha eile a bhaineann leis na cláir, go háirithe cúraimí a bhaineann le céimeanna saothraithe na gcóras, lena n-áirítear bainistíocht oibríochtúil na gclár, cur chun cinn na bhfeidhmchlár agus seirbhísí ar mhargadh na loingseoireachta satailíte agus cur chun cinn fhorbairt na n-eilimintí bunúsacha a bhaineann leis na cláir. Chun go mbeidh an Coimisiún, ag déanamh ionadaíochta thar ceann an Aontais, in ann a chumhacht rialaithe a fheidhmiú go hiomlán, ba cheart na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí a thabharfar don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a bheith ar áireamh sna comhaontuithe tarmligin sin.

Ba cheart aistriú freagrachta don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS maidir leis na cúraimí a bhaineann le bainistíocht oibríochtúil chlár Galileo agus chlár EGNOS agus a bhaineann lena saothraithe a dhéanamh céim ar céim agus a bheith ar choinníoll go dtabharfar chun críche athbhreithniú maidir le haistriú go rathúil agus ar choinníoll go mbeidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS ullamh glacadh le cúraimí den sórt sin, d'fhonn leanúnacht na gclár sin a áirithiú. Maidir le EGNOS, ba cheart go ndéanfaí an t-aistriú an 1 Eanáir 2014; maidir le Galileo táthar ag súil leis go ndéanfar an t-aistriú in 2016.

(30)

Maidir le céim imlonnaithe chlár Galileo, ba cheart go gcuirfeadh an tAontas comhaontú tarmligin i gcrích le GES ina leagfar amach cúraimí GES sa chéim sin. Ba cheart don Choimisiún, ag déanamh ionadaíochta thar ceann an Aontais, gach iarracht a dhéanamh an comhaontú tarmligin sin a thabhairt i gcrích laistigh de shé mhí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun go mbeidh an Coimisiún, in ann a chumhacht rialaithe a fheidhmiú go hiomlán, ba cheart na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí a thabharfar do GES a bheith ar áireamh sa chomhaontú tarmligin. I leith na ngníomhaíochtaí a mhaoiníonn an tAontas amháin, ba cheart do choinníollacha den sórt sin leibhéal rialaithe a ráthú atá inchomparáide leis an leibhéal a cheanglófaí dá mba gníomhaireacht de chuid an Aontais í GES.

(31)

Maidir le céim saothraithe chlár Galileo agus chlár EGNOS, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS socruithe oibre a thabhairt i gcrích le GES ina leagfar amach cúraimí GES maidir le glúine na gcóras amach anseo a fhorbairt agus maidir le tacaíocht theicniúil a sholáthar i ndáil le glúin reatha na gcóras. Ba cheart go gcomhlíonfadh na socruithe sin Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Níor cheart go gcuimseofaí leis na socruithe sin ról GES ó thaobh gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde agus teicneolaíocht, ná luathchéimeanna na ngníomhaíochtaí éabhlóide agus taighde a bhaineann leis na bonneagair a bunaíodh faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS. Ba cheart gníomhaíochtaí den sórt sin a mhaoiniú lasmuigh de raon feidhme an bhuiséid a leithdháiltear do na cláir, mar shampla ó chistí a leithdháiltear do Fís 2020.

(32)

Cuimsíonn an fhreagracht as dul chun cinn chlár Galileo agus chlár EGNOS, go háirithe, an fhreagracht as a slándáil agus as slándáil a gcóras agus a bhfeidhmithe. Seachas i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle (10), ar gá í a athbhreithniú chun léiriú a dhéanamh ar athruithe i gclár Galileo agus i gclár EGNOS agus ar athruithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thig ó Chonradh Liospóin, is é an Coimisiún atá freagrach as slándáil, fiú más rud é go dtugtar cúraimí áirithe slándála don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS. Is é an Coimisiún atá freagrach as sásraí a chur ar bun chun comhordú leormhaith a áirithiú idir na heintitis éagsúla atá freagrach as slándáil.

(33)

Maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i ndáil le cúrsaí slándála, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe slándála ábhartha na mBallstát.

(34)

Ós rud é go bhfuil saineolas sonrach ag SEGS agus go mbíonn teagmháil rialta aici le riaracháin tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tá sí in inmhe cuidiú leis an gCoimisiún cúraimí áirithe dá chuid a chur i gcrích, ar cúraimí iad a bhaineann le slándáil na gcóras agus le slándáil chlár Galileo agus chlár EGNOS i réimse an chaidrimh eachtraigh, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (11). Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil SEGS bainteach go hiomlán lena ghníomhaíochtaí maidir le cúraimí a bhaineann le cúrsaí slándála a chur chun feidhme i réimse an chaidrimh sheachtraigh. Chuige sin, ba cheart gach tacaíocht theicniúil riachtanach a chur ar fáil do SEGS.

(35)

Chun cúrsaíocht shlán faisnéise a áirithiú, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go gcuirfí ar fáil leis na rialacháin slándála méid áirithe cosanta d'fhaisnéis rúnaicmithe AE arb ionann sin agus an chosaint a thugtar faoi na rialacha slándála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (12) agus faoi na rialacha slándála de chuid na Comhairle a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh 2013/488/EU (13). Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú go bhfuil a rialacháin náisiúnta slándála infheidhme maidir le gach duine nádúrtha ar a bhfuil sainchónaí ar a chríoch agus maidir le gach eintiteas dlíthiúil atá bunaithe ar a chríoch a dheileáileann le faisnéis rúnaicmithe AE a mhéid a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS. Ba cheart rialacháin slándála GES agus Chinneadh 15.6.2011 ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (14) a mheas a bheith coibhéiseach leis na rialacha slándála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus le rialacha slándála a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE.

(36)

Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le rochtain ar dhoiciméid a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De bhreis air sin, níor cheart go mbeadh sé le tuiscint ón Rialachán seo, go gcuirtear oibleagáid ar Bhallstát neamhaird a thabhairt ar a chuid ceanglas bunreachtúil i ndáil le rochtain ar dhoiciméid.

(37)

Chun cistí de chuid an Aontais arna dtugtar do chlár Galileo agus do chlár EGNOS a leithdháileadh, arb é atá sa leithdháileadh uasteorainn nach cheart don Choimisiún a shárú, ba cheart nósanna imeachta éifeachtacha soláthair phoiblí a chur i bhfeidhm agus, go háirithe, conarthaí a chaibidliú sa chaoi is go ndéantar úsáid bharrmhaith acmhainní, seirbhísí sásúla, reáchtáil rianúil na gclár, dea-bhainistíocht rioscaí agus comhlíonadh an sceidil bheartaithe a áirithiú. Ba cheart don údarás conarthach ábhartha a dhícheall a dhéanamh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh.

(38)

Ós rud é gurb é an tAontas, i bprionsabal, a mhaoineoidh clár Galileo agus clár EGNOS, ba cheart go gcomhlíonfadh an soláthar poiblí faoi na cláir sin rialacha an Aontais maidir le conarthaí poiblí agus ba cheart go bhféachfadh siad, ar an gcéad dul síos, leis an luach is fearr ar airgead a fháil, leis na costais a rialú, leis na rioscaí a mhaolú, le héifeachtúlacht a fheabhsú agus leis an spleáchas ar sholáthraithe aonair a laghdú. Ba cheart go n-áiritheofaí rochtain oscailte agus iomaíocht chóir ar fud an tslabhra soláthair, lena dtabharfaí deiseanna cothroma rannpháirtíochta don tionscal ar gach leibhéal, lena n-áirítear, go háirithe, d'iontrálaithe nua agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide ('FBManna'). Aon mhí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as ceannasacht nó aon spleáchas fadtéarmach a d'fhéadfadh a bheith ann ar sholáthraí aonair, ba cheart iad a sheachaint. Chun rioscaí a bhaineann leis an gclár a mhaolú, spleáchas ar fhoinsí aonair soláthair a sheachaint agus rialú foriomlán níos fearr ar na cláir agus ar a gcostais agus ar a sceidil a áirithiú, ba cheart ilfhoinsiú a shaothrú, nuair is iomchuí. Lena chois sin, ba cheart go ndéanfaí forbairt an tionscail Eorpaigh a chaomhnú agus a chur chun cinn sna réimsí uile a bhaineann le loingseoireacht satailíte, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí an tAontas iontu. Ba cheart an riosca a bhaineann le droch-chomhlíonadh conartha nó le neamhchomhlíonadh conartha a mhaolú chomh fada agus is féidir. Chuige sin, ba cheart do chonraitheoirí inbhuanaitheacht a gcomhlíonta chonarthaigh a léiriú maidir leis na gealltanais arna ndéanamh agus le fad an chonartha. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis chonarthacha, de réir mar is iomchuí, ceanglais a shonrú a bhaineann le hiontaofacht na soláthairtí agus le soláthar na seirbhísí.

Sa bhreis air sin, i gcás earraí agus seirbhísí de chineál atá íogair a cheannach, féadfaidh údaráis chonarthacha ceannach den sórt sin a chur faoi réir ceanglas sonrach, go háirithe d'fhonn slándáil faisnéise a áirithiú. Ba cheart cead a thabhairt do thionscail an Aontais dul ar iontaoibh foinsí neamh-Aontais maidir le comhpháirteanna agus seirbhísí áirithe i gcás ina léirítear go bhfuil buntáistí suntasacha ann i dtéarmaí cáilíochta agus costas, agus aird á tabhairt, áfach, ar chineál straitéiseach na gclár agus ar cheanglais an Aontais maidir le slándáil agus rialú onnmhairithe. Ba cheart leas a bhaint as infheistíocht earnála poiblí agus as taithí agus inniúlacht thionsclaíoch, lena n-áirítear iad sin a fuarthas i gcéim sainithe agus i gcéim forbartha agus bhailíochtaithe na gclár, agus é á áirithiú nach sáraítear na rialacha maidir le tairiscintí iomaíocha.

(39)

Chun meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar chostas iomlán táirge, seirbhíse nó oibre a ndéanfar tairiscint ina leith, lena n-áirítear a gcostas oibriúcháin fadtéarmach, ba cheart an costas iomlán thar shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre a ndéanfar tairiscint ina leith a chur san áireamh de réir mar is iomchuí le linn an tsoláthair, trí chur chuige bunaithe ar chost-éifeachtúlacht a úsáid amhail costáil saolré nuair a leantar nós imeachta soláthair atá bunaithe ar chritéar na dámhachtana tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch. Chun na críche sin, ba cheart don údarás conarthach a chinntiú go luafar go sonrach an mhodheolaíocht lena mbeartaítear costais shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre a ríomh, sna doiciméid chonarthacha nó i bhfógra an chonartha agus go mbeifear in ann cruinneas na faisnéise a thabharfaidh na tairgeoirí a fhíorú.

(40)

Is teicneolaíocht chasta í an loingseoireacht satailíte atá á forbairt an t-am ar fad. Is é an toradh atá air sin ná éiginnteacht agus rioscaí do chonarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS, a mhéid is féidir gealltanais fhadtéarmacha maidir le trealamh nó seirbhísí a bheith i gceist le conarthaí den sórt sin. Fágann na saintréithe sin gur gá bearta ar leith i ndáil le conarthaí poiblí a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a chur chun feidhme. Mar sin, ba cheart go bhféadfadh an t-údarás conarthach machaire réidh a athbhunú i gcás ina bhfuil faisnéis phribhléideach faoi na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nglaoch sin ar thairiscintí ag cuideachta amháin nó níos mó, roimh an nglaoch ar thairiscintí. Ba cheart go bhféadfaí conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist, leasú a thabhairt isteach sa chonradh, faoi choinníollacha áirithe, i gcomhthéacs a chomhlíonta, nó fiú íosleibhéal fochonraitheoireachta a fhorchur. Ar deireadh, mar gheall ar na héiginnteachtaí teicneolaíocha a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS, ní féidir i gcónaí praghsanna conarthaí a thuar go beacht agus is inmhianaithe dá bhrí sin conarthaí a thabhairt i gcrích i bhfoirm shonrach, foirm nach sonraíonn praghas seasta daingean agus a áiríonn clásail chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(41)

Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ("CAE"), nár cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh, ar bearta iad a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS nó do na seirbhísí. Ba cheart a shoiléiriú freisin gur cheart do na Ballstáit lena mbaineann na bearta uile is gá a ghlacadh chun cosaint stáisiún ar talamh a bheidh bunaithe ar a gcríocha a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún obair le chéile agus leis na comhlachtaí iomchuí idirnáisiúnta agus leis na húdaráis rialála iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an speictream raidió is gá don chóras arna bhunú faoi chlár Galileo a chur ar fáil agus go ndéanfar é a chosaint le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme iomlán na bhfeidhmchlár a bheidh bunaithe ar an gcóras sin, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(42)

I bhfianaise chineál domhanda na gcóras, tá sé fíor-riachtanach go dtabharfaidh an tAontas comhaontuithe i gcrích le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhthéacs chlár Galileo agus chlár EGNOS faoi Airteagal 218 CFAE, go háirithe chun a gcur chun feidhme rianúil a áirithiú, déileáil le ceisteanna áirithe a bhaineann le slándáil agus muirear, na seirbhísí a thugtar do shaoránaigh an Aontais a bharrfheabhsú, agus freastal ar riachtanais tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Is fónta freisin, i gcás inar gá, comhaontuithe atá ann cheana a oiriúnú d'athruithe i gclár Galileo agus i gclár EGNOS. Le linn ullmhúchán nó chur chun feidhme na gcomhaontuithe sin, féadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh chúnamh SEGS, GES agus na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS, laistigh de theorainneacha na gcúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo.

(43)

Ba cheart a dheimhniú go bhféadfaidh an Coimisiún, agus cúraimí áirithe neamhrialála dá chuid á gcur i gcrích aige, i gcás inar gá agus a mhéid is gá, dul ar iontaoibh chúnamh teicniúil páirtithe seachtracha áirithe. Féadfaidh eintitis eile a bhfuil baint acu le rialachas poiblí chlár Galileo agus chlár EGNOS úsáid a bhaint as an gcúnamh teicniúil céanna agus cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á gcur i gcrích acu.

(44)

Tá an tAontas fothaithe ar urraim do chearta bunúsacha agus go háirithe ar Airteagal 7 agus ar Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a thugann aitheantas ar leith don cheart bunúsach chun príobháideachta agus do chosaint sonraí pearsanta. Ba cheart cosaint sonraí pearsanta agus an tsaoil phríobháidigh a áirithiú faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS.

(45)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí sin, trí phionóis riaracháin agus airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(46)

Is gá a áirithiú go gcoimeádfar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS, go háirithe maidir le bainistíocht riosca, costas, sceideal agus feidhmíocht. Ina theannta sin, tiocfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile i bPainéal Idirinstitiúideach Galileo i gcomhréir le dearbhú Comhpháirteach maidir le Painéal Idirinstitiúideach Galileo a fhoilsítear in éineacht leis an Rialachán seo.

(47)

Ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí, bunaithe ar tháscairí comhaontaithe, a dhéanamh d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart arna ndéanamh chun cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS a bhaint amach a mheas.

(48)

Chun slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na cuspóirí ardleibhéil is gá chun slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe a áirithiú. Tá sé fíorthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(49)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(50)

Ós rud é go n-éilíonn rialú poiblí fónta bainistíocht aonfhoirmeach chlár Galileo agus chlár EGNOS, cinnteoireacht níos tapa agus rochtain chomhionann ar fhaisnéis, ba cheart go mbeadh ionadaithe na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus GES in ann páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí in obair an Choiste um Chláir Eorpacha GNSS ("an Coiste") a bunaíodh chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go mbeadh ionadaithe tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas in ann páirt a ghlacadh in obair an Choiste faoi réir srianta slándála agus de réir mar a fhoráiltear i dtéarmaí comhaontuithe den sórt sin. Ní bheidh ionadaithe na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS, GES, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i dteideal páirt a ghlacadh i nósanna imeachta vótála de chuid an Choiste.

(51)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon córais um loingseoireacht satailíte a chur ar bun agus a shaothrú, a bhaint amach go leordhóthanach, toisc go dtéann sé thar chumas airgeadais agus teicniúil aon Bhallstáit aonair, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr scála agus éifeachtaí an chuspóra, is féidir é a bhaint amach trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(52)

Scoir Comhghnóthas Galileo, a cruthaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle (17) dá oibríochtaí an 31 Nollaig 2006. Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 a aisghairm.

(53)

I bhfianaise an ghá meastóireacht a dhéanamh ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS, mhéid na leasuithe atá le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, agus ar mhaithe le soiléire agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha maidir le córais a chur chun feidhme agus a shaothrú faoi na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, go háirithe na rialacha a bhaineann le rialachas agus ranníocaíocht airgeadais an Aontais.

Airteagal 2

Córais agus cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte

1.   Le cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, Galileo agus EGNOS, cumhdófar na gníomhaíochtaí go léir is gá chun na córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte, eadhon an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo agus córas EGNOS a shainiú, a fhorbairt, a bhailíochtú, a thógáil, a oibriú, a athnuachan agus a fheabhsú agus slándáil agus idir-inoibritheacht na gcóras sin a áirithiú.

Beidh sé d'aidhm ag na cláir sin tairbhí socheacnamaíocha na gcóras Eorpach um loingseoireacht satailíte a uasmhéadú, go háirithe trí úsáid na gcóras a chur chun cinn agus forbairt feidhmchlár agus seirbhísí atá bunaithe ar na córais sin a chothú.

2.   Bonneagar uathrialaitheach do chóras domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) a bheidh sa chóras a bhunófar faoi chlár Galileo a bheidh comhdhéanta de chnuasach satailítí agus de ghréasán domhanda stáisiún talún. Beidh sé ina córas sibhialta faoi rialú sibhialta.

3.   Bonneagar do chóras réigiúnach um loingseoireacht satailíte a bheidh sa chóras EGNOS lena ndéanfar faireachán agus ceartúchán ar chomharthaí oscailte a astaíonn na córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann cheana, chomh maith leis na comharthaí seirbhíse oscailte a thairgeann na córais arna mbunú faoi chlár Galileo, nuair a bheidh siad ar fáil. Cuimsíonn sé stáisiúin talún agus roinnt trasfhreagróirí atá suiteáilte ar shatailítí geochobhsaí.

4.   Is iad a bheidh mar chuspóirí sonracha ag clár Galileo ná a áirithiú go bhféadfar na comharthaí a astaíonn an córas arna bhunú faoin gclár sin a úsáid chun na feidhmeanna seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

seirbhís oscailte (OS) a thairiscint atá saor in aisce don úsáideoir agus lena soláthraítear faisnéis suite agus sioncronaithe, lena ndírítear go príomha ar fheidhmchláir loingseoireachta satailíte ardtoirte;

(b)

go gcuirfear le seirbhísí faireacháin sláine a dhírítear ar úsáideoirí feidhmchláir sábháilteachta beatha i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, trí chomharthaí seirbhíse oscailte Galileo agus/nó i gcomhar le córais eile um loingseoireacht satailíte;

(c)

seirbhís tráchtála (CS) a thairiscint chun feidhmchláir a fhorbairt le haghaidh úsáide gairmiúla nó tráchtála trí bhíthin feidhmíochta feabhsaithe agus sonraí le breisluach níos mó ná mar a fhaightear tríd an tseirbhís oscailte;

(d)

seirbhís atá faoi rialáil phoiblí (PRS) a thairiscint atá srianta d'úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas amháin, le haghaidh feidhmchlár íogair a éilíonn ardleibhéal leanúnachais seirbhíse, atá saor in aisce do na Ballstáit, don Chomhairle, don Choimisiún, do SEGS agus, i gcás inarb iomchuí, do ghníomhaireachtaí cuí-údaraithe de chuid an Aontais; úsáideann an tseirbhís seo comharthaí láidre criptithe. Déanfar an cheist i dtaobh muirear a ghearradh ar rannpháirtithe eile PRS dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE a mheasúnú de réir gach cáis ar leith agus déanfar forálacha iomchuí a shonrú sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 3(5) den Chinneadh sin;

(e)

cur leis an tseirbhís cuardaigh agus tarrthála (SAR) de chóras COSPAS-SARSAT trí chomharthaí guaise a bhrath a tharchuirfear ó rabhcháin agus trí theachtaireachtaí a chur ar ais chucu.

5.   Is iad a bheidh mar chuspóirí sonracha ag clár EGNOS ná a áirithiú go bhféadfar na comharthaí a astaíonn córas EGNOS a úsáid chun na feidhmeanna seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

seirbhís oscailte (OS) a thairiscint atá saor in aisce don úsáideoir agus lena soláthraítear faisnéis suite agus sioncronaithe, lena ndírítear go príomha ar fheidhmchláir loingseoireachta satailíte ardtoirte sa limistéar a chumhdaítear le córas EGNOS;

(b)

seirbhís do scaipeadh sonraí tráchtála, eadhon Seirbhís Rochtana Sonraí EGNOS (EDAS), a thairiscint chun forbairt feidhmchlár le haghaidh úsáide gairmiúla nó tráchtála a chur chun cinn trí bhíthin feidhmíochta feabhsaithe agus sonraí le breisluach níos mó ná mar a fhaightear trína sheirbhís oscailte;

(c)

seirbhís sábháilteachta beatha (SoL) a thairiscint a dhírítear ar úsáideoirí a bhfuil an tsábháilteacht riachtanach dóibh; leis an tseirbhís seo, a chuirtear ar fáil saor ó mhuirir dhíreacha don úsáideoir, comhlíontar go háirithe riachtanais leanúnachais, infhaighteachta agus cruinnis atá ag earnálacha áirithe agus áirítear leis teachtaireacht sláine lena gcuirtear an t-úsáideoir ar an eolas faoi aon chliseadh i gcórais atá á dtreisiú ag córas EGNOS ar fud an limistéir atá clúdaithe nó faoi aon chomharthaí as lamháltas ó na córais sin;

Mar thosaíocht, soláthrófar na feidhmeanna sin laistigh de chríocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip chomh luath agus is féidir.

D'fhéadfaí clúdach geografach chóras EGNOS a shíneadh chuig réigiúin eile den domhan, go háirithe chuig críocha na dtíortha is iarrthóirí, chuig críocha na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an Aerspás Eorpach Aonair agus chuig críocha thíortha i mBeartas Comharsanachta na hEorpa, faoi réir féidearthachta teicniúla agus ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta. Ní chumhdófar costas sínidh den sórt sin, lena n-áirítear na costais ghaolmhara saothraithe, leis na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 9. Ní chuirfidh síneadh den sórt sin moill ar shíneadh chlúdach geografach chóras EGNOS ar fud chríocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip.

Airteagal 3

Céimniú chlár Galileo

Is iad seo a leanas na céimeanna a bheidh i gclár Galileo:

(a)

céim sainithe inar dearadh struchtúr an chórais agus inar cinneadh a eilimintí agus ar tháinig deireadh léi in 2001;

(b)

céim forbartha agus bhailíochtaithe, atá sceidealaithe le bheith críochnaithe faoin 31 Nollaig 2013, arb é atá inti, tógáil agus lainseáil na gcéad satailítí, cur ar bun na gcéad bhonneagar ar talamh agus na hoibreacha agus na hoibríochtaí go léir is gá chun an córas i bhfithis a bhailíochtú;

(c)

céim imlonnaithe le bheith críochnaithe faoin 31 Nollaig 2020 ina mbeidh:

(i)

tógáil, bunú agus cosaint gach bonneagair spásbhunaithe, go háirithe na satailítí uile atá ag teastáil chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a bhaint amach agus na satailítí breise atá ag teastáil, agus an chothabháil éabhlóideach ghaolmhar agus na hoibríochtaí gaolmhara;

(ii)

tógáil, bunú agus cosaint gach bonneagair ar talamh, go háirithe an bhonneagair atá ag teastáil chun satailítí a rialú agus na sonraí satailíte radaloingseoireachta a phróiseáil, agus ionad seirbhísí agus ionad eile ar talamh, agus an chothabháil éabhlóideach ghaolmhar agus na hoibríochtaí gaolmhara;

(iii)

ullmhúcháin don chéim saothraithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bhaineann le seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a sholáthar;

(d)

céim saothraithe ina mbeidh:

(i)

bainistíocht, cothabháil, feabhas leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair spásbhunaithe, lena n-áirítear uasghrádú agus bainistíocht dífheidhmeachta;

(ii)

bainistíocht, cothabháil, feabhas leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair ar talamh, go háirithe ionad seirbhísí agus ionad eile ar talamh, gréasán agus láithreán, lena n-áirítear uasghrádú agus bainistíocht dífheidhmeachta;

(iii)

forbairt ghlúine an chórais amach anseo agus éabhlóid na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4);

(iv)

na hoibríochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe a bhaineann leis an gclár;

(v)

soláthar agus margú na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4);

(vi)

comhar le GNSS eile; agus

(vii)

gach gníomhaíocht eile is gá chun an córas a fhorbairt agus chun oibriú rianúil an chórais a áirithiú.

Cuirfear tús de réir a chéile leis an gcéim saothraithe idir 2014 agus 2015, nuair a sholáthrófar na seirbhísí tosaigh don tseirbhís oscailte, don tseirbhís cuardaigh agus tarrthála agus don tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí. Cuirfear feabhas ar na seirbhísí tosaigh sin de réir a chéile agus cuirfear na feidhmeanna eile a shonraítear sna cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(4) chun feidhme de réir a chéile d'fhonn acmhainn iomlán oibríochtúil a bhaint amach faoi 31 Nollaig 2020.

Airteagal 4

Céim saothraithe EGNOS

Is éard atá, go príomha, i gcéim saothraithe EGNOS:

(a)

bainistíocht, cothabháil, feabhas leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair spásbhunaithe, lena n-áirítear uasghrádú agus bainistíocht dífheidhmeachta;

(b)

bainistíocht, cothabháil, feabhas leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair ar talamh, go háirithe gréasáin, láithreáin agus saoráidí tacaíochta, lena n-áirítear uasghrádú agus bainistíocht dífheidhmeachta;

(c)

forbairt ghlúine an chórais amach anseo agus éabhlóid na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(5);

(d)

na hoibríochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe a bhaineann leis an gclár;

(e)

soláthar agus margú seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(5);

(f)

na heilimintí ar fad a thugann údar maith le hiontaofacht an chórais agus a shaothraithe;

(g)

gníomhaíochtaí comhordaithe a bhaineann leis na cuspóirí sonracha a chur i gcrích de bhun an dara fomhír agus an triú fomhír d'Airteagal 2(5).

Airteagal 5

Comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht na gcóras

1.   Beidh na córais, gréasáin agus seirbhísí a thig as clár Galileo agus as clár EGNOS comhoiriúnach agus idir-inoibritheach ón taobh teicniúil de.

2.   Beidh na córais, gréasáin agus seirbhísí a thig as clár Galileo agus as clár EGNOS comhoiriúnach agus idir-inoibritheach le córais eile um loingseoireacht satailíte agus le gnáthmhodhanna loingseoireachta, sa chás ina leagfar síos ceanglais den sórt sin maidir le comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht i gcomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 29.

Airteagal 6

Úinéireacht

Beidh an tAontas ina úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir arna gcruthú nó arna bhforbairt faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS. Chuige sin, tabharfar comhaontuithe i gcrích le tríú páirtithe, i gcás inarb iomchuí, maidir le cearta úinéireachta atá ann cheana.

Áiritheoidh an Coimisiún, trí chreat iomchuí, an úsáid is fearr is féidir do shócmhainní dá dtagraítear san Airteagal seo: go háirithe, déanfaidh sé bainistiú chomh héifeachtúil agus is féidir ar na cearta maoine intleachtúla a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS, agus an gá le cosaint agus luach a thabhairt do chearta maoine intleachtúla an Aontais, leasanna na ngeallsealbhóirí go léir, agus an gá le forbairt chomhchuí na margaí agus na dteicneolaíochtaí nua á gcur san áireamh. Chuige sin, déanfaidh sé a áirithiú go n-áireofar sna conarthaí a dhéanfar, faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS, an fhéidearthacht cearta maoine intleachtúla a thiocfaidh as obair a dhéanfar faoi na cláir sin a aistriú go tríú páirtithe nó na cearta maoine intleachtúla sin a cheadúnú do thríú páirtithe.

CAIBIDIL II

RANNÍOCAÍOCHT AGUS SÁSRAÍ BUISÉADACHA

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí

1.   Maidir le leithreasaí buiséadacha an Aontais arna sannadh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS don tréimhse 2014-2020 faoin Rialachán seo, deonófar iad chun na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

céim imlonnaithe chlár Galileo a chur i gcrích de réir mar a thagraítear in Airteagal 3(c);

(b)

céim saothraithe chlár Galileo de réir mar a thagraítear in Airteagal 3(d);

(c)

céim saothraithe chlár EGNOS de réir mar a thagraítear in Airteagal 4;

(d)

bainistíocht agus faireachán chlár Galileo agus chlár EGNOS.

2.   Déanfar leithreasaí buiséadacha an Aontais arna sannadh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS, i gcomhréir le hAirteagal 9(2), a dheonú freisin chun gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde agus forbairt eilimintí bunúsacha a mhaoiniú, amhail slis-seiteanna agus glacadóirí cumasaithe do Galileo.

3.   Déanfaidh leithreasaí buiséadacha an Aontais arna sannadh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS caiteachas an Choimisiúin a chumhdach freisin, ar caiteachas é a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, cigireachta, iniúchta agus meastóireachta is gá chun na cláir a bhainistiú agus chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus (5) a chur chun feidhme. Go háirithe, féadfaidh caiteachas den sórt sin an méid seo a leanas a chumhdach:

(a)

staidéir agus cruinnithe le saineolaithe;

(b)

gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid institiúideach faoi thosaíochtaí beartais an Aontais i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu le cuspóirí an Rialacháin seo, d'fhonn go háirithe sineirgí a chruthú le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais;

(c)

gréasáin teicneolaíochta TF a bhfuil sé mar aidhm acu faisnéis a phróiseáil nó a aistriú;

(d)

aon chúnamh teicniúil nó riaracháin eile a thugtar don Choimisiún chun na cláir a bhainistiú.

4.   Déanfar costais chlár Galileo agus chlár EGNOS agus costais chéimeanna éagsúla na gclár sin a shainaithint go soiléir. Cuirfidh an Coimisiún, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta trédhearcaí, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 36 ("an Coiste") ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir le leithdháileadh chistí de chuid an Aontais, lena n-áirítear an cúlchiste teagmhasach, ar gach ceann de na gníomhaíochtaí a shonraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo agus maidir le húsáid na gcistí sin.

Airteagal 8

Clár Galileo agus chlár EGNOS a mhaoiniú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9, déanfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS dá dtagraítear in Airteagal 7(1), (2) agus (3) a mhaoiniú, chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, gan dochar d'aon ranníocaíocht ó aon fhoinse eile maoinithe, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí sin dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.

2.   Féadfaidh Ballstáit iarraidh a dhéanamh ar mhaoiniú breise do chlár Galileo agus do chlár EGNOS chun eilimintí breise a chlúdach i gcásanna ar leith, ar choinníoll nach gcruthófar leis na heilimintí breise sin aon ualach airgeadais nó teicniúil nó aon mhoill don chlár lena mbaineann. Ar bhonn iarrata ó Bhallstát, cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3), cé acu ar comhlíonadh nó nach comhlíonadh an dá choinníoll sin. Cuirfidh an Coimisiún aon tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm na míre seo ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste.

3.   Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta maoiniú breise a chur ar fáil do chlár Galileo agus do chlár EGNOS freisin. Sonróidh na comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 29 coinníollacha agus socruithe a gcuid páirtíochta.

4.   Is éard a bheidh sa mhaoiniú breise dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 9

Acmhainní

1.   EUR 7 071,73 milliún i bpraghsanna reatha don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a bheidh san uasmhéid arna leithdháileadh ag an Aontas chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 (1), (2) agus (3) a chur chun feidhme agus chun na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin a chlúdach.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Déanfar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhiondealú sna catagóirí caiteachais seo a leanas i bpraghsanna reatha:

(a)

maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 7(1), EUR 1 930 milliún;

(b)

maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 7(1), EUR 3 000 milliún;

(c)

maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 7(1), EUR 1 580 milliún;

(d)

maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 7(1) agus in Airteagal 7(3), EUR 561,73 milliún;

2.   Gan dochar d'aon mhéideanna a leithdháiltear d'fhorbairt feidhmchlár bunaithe ar na córais laistigh do Fís 2020, déanfaidh na leithreasaí buiséadacha a shannfar do chlár Galileo agus do chlár EGNOS, lena n-áirítear caiteachais shannta, na gníomhaíochtaí faoi mar a thagraítear in Airteagal 7(2) a mhaoiniú suas chomh fada le huasmhéid EUR 100 milliún ag praghsanna tairiseacha.

3.   Féadfaidh an Coimisiún cistí a ath-leithdháileadh ó chatagóir caiteachais amháin, mar a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (d) den triú fomhír de mhír 1, chuig catagóir caiteachais eile, suas chomh fada le huasteorainn de 10 % den mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Sa chás go sroicheann an t-ath-leithdháileadh méid carnach is mó ná 10 % den mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le haon ath-leithdháileadh cistí idir catagóirí caiteachais.

4.   Cuirfear na leithreasaí chun feidhme i gcomhréir le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

5.   Leithreasófar na ceangaltais bhuiséadacha le haghaidh chlár Galileo agus chlár EGNOS i dtráthchodanna bliantúla.

6.   Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a bhainistiú ar bhealach trédhearcach agus cost-éifeachtúlach. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an straitéis a leantar chun costais a bhainistiú.

Airteagal 10

Ioncam arna ghiniúint ag clár Galileo agus ag clár EGNOS

1.   Baileoidh an tAontas an t-ioncam a ghintear ó shaothrú na gcóras, íocfar isteach i mbuiséad an Aontais é agus sannfar do chlár Galileo agus do chlár EGNOS é, agus go háirithe don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(1). Má tharlaíonn gur mó an t-ioncam ná an t-ioncam a bheidh riachtanach chun céimeanna saothraithe na gclár a mhaoiniú, déanfar aon oiriúnú ar phrionsabal an leithdháilte a fhormheas ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún.

2.   Féadfar foráil a dhéanamh maidir le sásra comhroinnte ioncaim i gconarthaí a chuirfear i gcrích le cuideachtaí san earnáil phríobháideach.

3.   An t-ús arna ghiniúint ag íocaíochtaí réamh-mhaoinithe arna ndéanamh le heintitis atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach, sannfar é do ghníomhaíochtaí atá faoi réir an chomhaontaithe tarmligin nó an chonartha arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an t-eintiteas lena mbaineann. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, osclóidh na heintitis atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach cuntais chun go bhféadfar na cistí agus an t-ús comhfhreagrach a shainaithint.

CAIBIDIL III

RIALACHAS POIBLÍ CHLÁR GALILEO AGUS CHLÁR EGNOS

Airteagal 11

Prionsabail maidir le rialachas chlár Galileo agus chlár EGNOS

Beidh rialachas poiblí chlár Galileo agus chlár EGNOS bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

leithdháileadh docht maidir leis na cúraimí agus leis na freagrachtaí idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu leis, go háirithe an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES, faoi fhreagracht fhoriomlán an Choimisiúin;

(b)

comhar dílis idir na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) agus na Ballstáit;

(c)

rialú láidir na gclár, lena n-áirítear go gcloíonn gach eintiteas lena mbaineann go docht le costas agus sceideal, ina réimsí freagrachta, maidir le cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS;

(d)

barrfheabhsú agus cuíchóiriú úsáid na struchtúr atá ann cheana, chun dúbailt an tsaineolais theicniúil a sheachaint.

(e)

úsáid a bhaint as na córais bhainistíochta tionscadal dea-chleachtais agus as na teicnící bainistíochta tionscadal dea-chleachtais chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS, i bhfianaise na riachtanas ar leith agus le tacaíocht ó shaineolaithe sa réimse sin.

Airteagal 12

Ról an Choimisiúin

1.   Beidh freagracht foriomlán ag an gCoimisiún maidir le clár Galileo agus le clár EGNOS. Déanfaidh sé bainistiú ar na cistí a leithdháiltear faoin Rialachán seo, agus maoirseacht ar chur i bhfeidhm gach gníomhaíocht sna cláir, go háirithe maidir lena gcostas, sceideal agus bhfeidhmíocht.

2.   I dteannta na freagrachta foriomláine dá dtagraítear i mír 1 agus na cúraimí sonracha dá dtagraítear sa Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

leithdháileadh soiléir na gcúraimí idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu le clár Galileo agus le clár EGNOS a áirithiú agus chuige sin déanfaidh sé, go háirithe trí chomhaontuithe tarmligin, na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus in Airteagal 15 faoi seach a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus do GES;

(b)

cur chun feidhme tráthúil chlár Galileo agus chlár EGNOS laistigh de na hacmhainní a leithdháilfear ar na cláir agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 2 a áirithiú.

Chuige sin, bunóidh sé agus cuirfidh sé i bhfeidhm ionstraimí iomchuí agus bearta struchtúracha a bheidh riachtanach chun na rioscaí a bhaineann leis na cláir a shainaithint, a rialú, a mhaolú agus faireachán a dhéanamh orthu;

(c)

thar ceann an Aontais agus laistigh dá réimse inniúlachta, an caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhainistiú;

(d)

gach faisnéis ábhartha a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS, go háirithe maidir le bainistíocht riosca, le costas foriomlán, le costais oibriúcháin bhliantúil gach míre suntasaí de bhonneagar Galileo, le hioncaim, le sceideal agus le feidhmíocht, chomh maith le forbhreathnú ar chur chun feidhme na gcóras bainistíochta tionscadal agus na dteicnící bainistíochta tionscadal dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 11, a chur ar fáil go tráthúil do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa;

(e)

measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le húsáid na gcóras Eorpach um loingseoireacht satailíte a chur chun cinn agus a áirithiú thar earnálacha éagsúla an gheilleagair, lena n-áirítear trí anailís a dhéanamh ar conas leas a bhaint as na tairbhí a ghintear ag na córais.

3.   Ar mhaithe le dul chun cinn rianúil chéim imlonnaithe agus chéim saothraithe chlár Galileo agus ar mhaithe le dul chun cinn rianúil chéim saothraithe chlár EGNOS dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 faoi seach, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, na bearta atá riachtanach don mhéid seo a leanas a leagan síos:

(a)

na rioscaí is gné dhílis de dhul chun cinn chlár Galileo agus chlár EGNOS a bhainistiú agus a laghdú;

(b)

na príomhchéimeanna cinnteoireachta chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár a shainiú;

(c)

suíomh bhonneagar ar talamh na gcóras a shocrú i gcomhréir le riachtanais slándála, mar thoradh ar phróiseas trédhearcach agus oscailte agus feidhmiú an bhonneagair sin a áirithiú;

(d)

na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla is gá chun na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 2(4) a chomhlíonadh a chinneadh agus éabhlóidí córas a chur chun feidhme.

Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3).

Airteagal 13

Slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe

1.   Áiritheoidh an Coimisiún slándáil chlár Galileo agus chlár EGNOS lena n-áirítear slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

an gá le forbhreathnú agus le comhtháthú maidir le riachtanais agus le caighdeáin a bhaineann le slándáil sna cláir go léir a chur san áireamh;

(b)

a áirithiú go dtacóidh éifeacht fhoriomlán na gceanglas agus na gcaighdeán sin le dul chun cinn rathúil na gclár, go háirithe i dtéarmaí costas, bainistíochta riosca agus sceidil.

(c)

sásraí comhordaithe idir na comhlachtaí éagsúla atá i gceist a bhunú;

(d)

na caighdeáin agus na ceanglais slándála atá i bhfeidhm a chur san áireamh ionas nach n-ísleofar leibhéal ginearálta na slándála agus nach ndéanfar difear d'fheidhmiú na gcóras atá ann cheana féin bunaithe ar na caighdeáin agus ar na riachtanais sin.

2.   Gan dochar d'Airteagal 14 agus d'Airteagal 16 den Rialachán seo agus d'Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35, lena leagfar síos na cuspóirí ardleibhéil is gá chun slándáil chlár Galileo agus chlár EGNOS dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú.

3.   Bunóidh an Coimisiún na sonraíochtaí teicniúla is gá agus bearta eile chun na cuspóirí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 2 a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3).

4.   Leanfaidh SEGS ar aghaidh ag cabhrú leis an gCoimisiún, i bhfeidhmiú a fheidhmeanna i réimse an chaidrimh sheachtraigh, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Chinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 14

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS

1   I gcomhréir leis na treoirlínte a leag an Coimisiún síos, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, an méid seo a leanas:

(a)

maidir le slándáil chlár Galileo agus chlár EGNOS agus gan dochar d'Airteagal 13 agus d'Airteagal 16, a áirithiú:

(i)

trína Bhord um Chreidiúnú Slándála, an creidiúnú slándála i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 912/2010; chuige sin, cuirfidh sí tús le cur chun feidhme nósanna imeachta slándála, déanfaidh sí faireachán orthu agus déanfaidh sí iniúchtaí slándála córais;

(ii)

feidhmiú Ionad Faireacháin Slándála Galileo, dá dtagraítear in Airteagal 6(d) de Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, i gcomhréir leis na caighdeáin agus ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo, chomh maith leis na treoracha de bhun Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES;

(b)

na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE a dhéanamh, agus cabhrú leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 8(6) den Chinneadh sin;

(c)

cur, i gcomhthéacs chéim imlonnaithe agus chéim saothraithe chlár Galileo agus chéim saothraithe chlár EGNOS, le cur chun cinn agus margú na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus (5), lena n-áirítear tríd an anailís mhargaidh is gá a chur i gcrích, go háirithe tríd an tuarascáil mhargaidh a tháirgeann an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS go bliantúil maidir leis an margadh le haghaidh feidhmchlár agus seirbhísí, trí theagmhálacha dlútha a bhunú le húsáideoirí agus le húsáideoirí féideartha na gcóras ar mhaithe le faisnéis a bhailiú ar a gcuid riachtanas, trí fhorbairtí i margaí iartheachtacha loingseoireachta satailíte a leanúint, agus trí phlean gníomhaíochta a dhréachtú maidir le glacadh ag pobal úsáideora na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus (5), a chuimsíonn go háirithe gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le caighdeánú agus deimhniúchán.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS cúraimí eile a bhaineann le cur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS, lena n-áirítear cúraimí bainistíochta na gclár, agus beidh sí cuntasach iontu. Déanfaidh an Coimisiún na cúraimí sin a thabhairt di trí chomhaontú tarmligin arna ghlacadh ar bhonn cinnidh tarmligin, i gcomhréir le hAirteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus lena n-áireofar an méid seo a leanas:

(a)

na gníomhaíochtaí oibríochtúla lena n-áirítear bainistíocht bhonneagar na gcóras, cothabháil agus feabhsú leanúnach na gcóras, na hoibríochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe agus soláthar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus (5);

(b)

gníomhaíochtaí forbartha agus imlonnaithe maidir le héabhlóid na gcóras agus glúine na gcóras atá le teacht agus cur leis an sainmhíniú ar éabhlóidí seirbhíse, lena n-áirítear soláthar.

(c)

forbairt feidhmchlár agus seirbhísí a chur chun cinn bunaithe ar na córais, chomh maith le feasacht feidhmchlár agus seirbhísí den sórt sin a mhúscailt, lena n-áirítear sainaithint, nascadh agus comhordú a dhéanamh ar líonra na n-ionad barr feabhais Eorpach i bhfeidhmchláir agus seirbhísí GNSS, ag tarraingt ar shaineolas na hearnála poiblí agus príobháidí, agus bearta a bhaineann le cur chun cinn den sórt sin agus múscailt feasachta a mheas;

(d)

forbairt eilimintí bunúsacha a chur chun cinn, mar shampla slis-seiteanna agus glacadóirí cumasaithe do Galileo.

3.   Déanfaidh an comhaontú tarmligin dá dtagraítear i mír 2 leibhéal iomchuí uathrialach agus údaráis a bhronnadh ar an nGníomhaireacht Eorpach GNSS, le tagairt ar leith don údarás conarthach, faoi chuimsiú Airteagal 58(1)(c) agus Airteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Ina theannta sin, leagfar síos leis an gcomhaontú sin na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí arna gcur ar iontaoibh na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus, go háirithe, na gníomhartha a bheidh le cur chun feidhme, an maoiniú ábhartha, na nósanna imeachta bainistíochta, bearta faireacháin agus rialaithe, na bearta is infheidhme i gcás ina gcuirtear conarthaí chun feidhme ar bhealach neamhdhóthanach i dtéarmaí costas, sceidil agus feidhmíochta, chomh maith leis na rialacha maidir le húinéireacht sócmhainní uile inláimhsithe agus doláimhsithe.

Déanfar foráil leis na bearta faireacháin agus rialaithe, go háirithe, do chóras réamhaisnéise ar chostais shealadacha, d'fhaisnéis chórasach chuig an gCoimisiún i dtaobh costas agus sceidil, agus, i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir na buiséid bheartaithe, an fheidhmíocht agus an sceideal, do ghníomhaíochtaí ceartaitheacha lena n-áirithítear cur chun feidhme na mbonneagar laistigh de theorainn na mbuiséad arna leithdháileadh.

4.   Rachaidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS i mbun na socruithe oibre le GES a bheidh riachtanach chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo maidir le céim saothraithe chlár Galileo agus chlár EGNOS. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste ar an eolas maidir le socruithe oibre den sórt sin a chuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS i gcrích agus maidir le haon athrú orthu. Aon uair is iomchuí, féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a mheas freisin dul ar iontaoibh eintiteas eile san earnáil phoiblí nó phríobháideach.

5.   I dteannta na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus laistigh de raon feidhme a misin, cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a saineolas teicniúil ar fáil don Choimisiún agus tabharfaidh sí aon fhaisnéis is gá dó chun a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as na córais dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 12(2) a chur chun cinn agus a áirithiú.

6.   Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 36(2). Cuirfear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste ar an eolas roimh ré maidir leis na comhaontuithe tarmligin atá le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS.

7.   Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste a chur ar an eolas maidir le torthaí eatramhacha agus torthaí deiridh na meastóireachta a dhéanfar ar aon tairiscintí soláthair agus ar aon chonarthaí le heintitis san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le fochonraitheoireacht.

Airteagal 15

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis

1.   Maidir le céim imlonnaithe chlár Galileo dá dtagraítear in Airteagal 3(c), cuirfidh an Coimisiún comhaontú tarmligin i gcrích gan mhoill le GES ina sonrófar cúraimí an dara páirtí, go háirithe maidir le dearadh, forbairt agus soláthar an chórais. Tabharfar an comhaontú tarmligin i gcrích le GES ar bhonn cinnidh tarmligin a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

A mhéid is gá do na cúraimí agus do chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligtear, leagfar síos leis an gcomhaontú tarmligin na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí arna gcur ar iontaoibh GES agus, go háirithe, na gníomhartha a bheidh le cur chun feidhme maidir le dearadh, forbairt agus soláthar an chórais, an maoiniú ábhartha, na nósanna imeachta bainistíochta agus na bearta faireacháin agus rialaithe, na bearta is infheidhme i gcás ina gcuirtear conarthaí chun feidhme ar bhealach neamhdhóthanach i dtéarmaí costas, sceidil agus feidhmíochta, chomh maith leis na rialacha maidir le húinéireacht sócmhainní uile inláimhsithe agus doláimhsithe.

Déanfar foráil leis na bearta faireacháin agus rialaithe, go háirithe, do chóras réamhaisnéise ar chostais shealadacha, d'fhaisnéis chórasach chuig an gCoimisiún i dtaobh costas agus sceidil, agus, i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir na buiséid bheartaithe, an fheidhmíocht agus an sceideal, do ghníomhaíochtaí ceartaitheacha lena n-áirithítear cur chun feidhme na mbonneagar laistigh de theorainn na mbuiséad arna leithdháileadh.

2.   Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 36(2). Cuirfear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste ar an eolas roimh ré maidir leis an gcomhaontú tarmligin atá le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus GES.

3.   Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste a chur ar an eolas maidir le torthaí eatramhacha agus torthaí deiridh na meastóireachta a dhéanfar ar thairiscintí soláthair agus ar chonarthaí le heintitis san earnáil phríobháideach atá le tabhairt i gcrích ag GES, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le fochonraitheoireacht.

4.   Maidir le céim saothraithe chlár Galileo agus chlár EGNOS dá dtagraítear in Airteagal 3(d) agus in Airteagal 4, déanfaidh na socruithe oibre idir an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES, dá dtagraítear in Airteagal 14(4) aghaidh a thabhairt ar ról GES le linn na céime seo agus ar a comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach GNSS, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ceapadh, dearadh, faireachán, soláthar agus bailíochtú faoi chuimsiú fhorbairt ghlúine na gcóras amach anseo;

(b)

tacaíocht theicniúil faoi chuimsiú fheidhmiú agus chothabháil ghlúin reatha na gcóras.

Comhlíonfaidh na socruithe seo Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus na bearta arna leagan síos ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(3).

5.   Gan dochar don chomhaontú tarmligin ná do na socruithe oibre dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 faoi seach, féadfaidh an Coimisiún saineolas teicniúil agus faisnéis is gá maidir le cur i gcrích a chúraimí faoin Rialachán seo a iarraidh ar GES.

CAIBIDIL IV

GNÉITHE A BHAINEANN LE SLÁNDÁIL AN AONTAIS NÓ LE SLÁNDÁIL NA mBALLSTÁT

Airteagal 16

Gníomhaíocht Chomhpháirteach

I ngach cás inar féidir le feidhmiú na gcóras dochar a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES.

Airteagal 17

Na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe a chur i bhfeidhm

Faoi raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

áiritheoidh gach Ballstát go dtugann a rialacháin slándála náisiúnta leibhéal cosanta d'fhaisnéis rúnaicmithe AE atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta sin a thugtar faoi na rialacha maidir le slándáil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus faoi na rialacha slándála de chuid na Comhairle a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE;

(b)

cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill maidir leis an rialachán slándála náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a).

(c)

ní fhéadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i dtríú tíortha agus daoine dlítheanacha a bhunaítear i dtríú tíortha plé le faisnéis rúnaicmithe AE a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS ach amháin i gcás ina mbeidh siad faoi réir rialacháin slándála, sna tíortha sin, lena n-áiritheofar leibhéal cosanta atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal cosanta a thugtar faoi rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus le rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE. Sainmhíneofar coibhéis an rialacháin slándála a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhaontú um shlándáil faisnéise idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 218 CFAE agus Airteagal 13 de Chinneadh 2013/488/AE á chur san áireamh;

(d)

gan dochar d'Airteagal 13 de Chinneadh 2013/488/AE agus do na rialacha lena rialaítear réimse na slándála tionsclaíche mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom, féadfar rochtain a thabhairt do dhuine nádúrtha nó do dhuine dlítheanach, do thríú tír nó d'eagraíocht idirnáisiúnta ar fhaisnéis rúnaicmithe AE i gcás ina meastar gur gá sin agus de réir gach cáis ar leith, i gcomhréir le cineál agus inneachar faisnéise den sórt sin, leis an ngá don fhaighteoir a bheith ar an eolas agus le méid an bhuntáiste don Aontas.

CAIBIDIL V

SOLÁTHAR POIBLÍ

ROINN I

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le soláthar poiblí a thugtar i gcrích mar chuid de chéim imlonnaithe agus de chéim saothraithe chlár galileo agus de chéim saothraithe chlár egnos

Airteagal 18

Prionsabail ghinearálta

Gan dochar do bhearta is gá chun leasanna riachtanacha slándála an Aontais nó leasanna riachtanacha slándála poiblí a chosaint nó chun ceanglais an Aontais um rialú onnmhairithe a chomhlíonadh, beidh feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le céim imlonnaithe agus le céim saothraithe chlár Galileo agus maidir le céim saothraithe chlár EGNOS. Thairis sin, beidh feidhm ag na prionsabail ghinearálta seo a leanas maidir le céim imlonnaithe agus céim saothraithe Chlár Galileo agus le céim saothraithe Chlár EGNOS: rochtain oscailte agus iomaíocht chóir tríd an slabhra soláthair tionsclaíoch ar fad, tairiscint ar bhonn faisnéis thrédhearcach thráthúil a chur ar fáil, na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme a chur in iúl go soiléir, critéir roghnúcháin agus dámhachtana chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a thugann machaire réidh do gach tairgeoir féideartha.

Airteagal 19

Cuspóirí sonracha

Le linn an nós imeachta soláthair, saothróidh na húdaráis chonarthacha ina nglaonna ar thairiscintí na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht is mó agus is oscailte is féidir oibreoirí eacnamaíocha uile a chur chun cinn ar fud an Aontais, go háirithe rannpháirtíocht iontrálaithe nua agus FBManna lena n-áirítear trí spreagadh a thabhairt do thairgeoirí dul ar iontaoibh fochonraitheoireachta;

(b)

mí-úsáid cheannasachta a d'fhéadfadh a bheith ann agus spleáchas ar sholáthraí aonair a sheachaint;

(c)

leas a bhaint as infheistíochtaí earnála poiblí roimhe sin agus as na ceachtanna a foghlaimíodh, agus as taithí thionsclaíoch agus as inniúlachtaí tionsclaíocha chomh maith, lena n-áirítear iad sin a fuarthas i gcéim sainithe, céim forbartha agus bhailíochtaithe agus céim imlonnaithe chlár Galileo agus chlár EGNOS, agus a áirithiú chomh maith go gcomhlíonfar na rialacha maidir le tairiscint iomaíoch;

(d)

an t-ilfhoinsiú a shaothrú nuair is iomchuí sin chun rialú foriomlán níos fearr a áirithiú ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS, ar a gcostas agus ar a sceideal;

(e)

an costas iomlán a chur san áireamh nuair is iomchuí thar shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre atá á thairiscint nó atá á tairiscint.

ROINN 2

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le soláthar poiblí a thugtar i gcrích mar chuid de chéim imlonnaithe agus de chéim saothraithe chlár galileo agus de chéim saothraithe chéim egnos

Airteagal 20

Dálaí córa iomaíochta a bhunú

Glacfaidh an t-údarás conarthach na bearta iomchuí chun dálaí córa iomaíochta a áirithiú i gcás ina bhféadfadh rannpháirtíocht roimhe sin cuideachta i ngníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le hábhar an ghlaoigh ar thairiscintí:

(a)

buntáistí suntasacha a thabhairt don chuideachta sin i dtéarmaí faisnéise pribhléidí agus a bheith ina cúis le himní, dá bhrí sin, i dtaobh chomhlíonadh phrionsabal an chaithimh chomhionann; nó

(b)

tionchar a imirt ar ghnáthdhálaí na hiomaíochta nó ar neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht na dámhachtana nó comhlíonadh na gconarthaí.

Ní dhéanfaidh na bearta sin iomaíocht a shaobhadh, nó ní dhéanfaidh siad dochar don iomaíocht nó ní dhéanfaidh siad rúndacht na sonraí arna mbailiú i leith gnóthas, a gcaidrimh ghnó agus a struchtúir chostas a chur i mbaol. Sa chomhthéacs sin, cuirfear san áireamh sna bearta sin cineál agus mionsonraithe an chonartha bheartaithe.

Airteagal 21

Slándáil faisnéise

Nuair a bhíonn faisnéis rúnaicmithe i gceist le conarthaí, nuair a éilítear faisnéis rúnaicmithe iontu, agus/nó nuair a bhíonn faisnéis rúnaicmithe iontu, sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid tairisceana na bearta agus na ceanglais is gá chun slándáil faisnéise den sórt sin a chosaint ag an leibhéal riachtanach.

Airteagal 22

Iontaofacht soláthair

Sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid tairsceana a chuid riachtanais i ndáil le hiontaofacht soláthairtí agus seirbhísí a sholáthar chun an conradh a fhorghníomhú.

Airteagal 23

Conarthaí lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist

1.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist.

2.   Áireoidh conradh lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist céim sheasta lena mbeidh gealltanas buiséadach ag gabháil arb é atá mar thoradh air gealltanas daingean oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a conraíodh don chéim sin a chur ar fáil, agus ceann amháin nó níos mó céimeanna atá coinníollach ó thaobh buiséid agus forghníomhaithe araon. Déanfar tagairt sna doiciméid tairisceana do na gnéithe sonracha a bhaineann le conarthaí lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist. Sonrófar iontu, go háirithe, ábhar an chonartha, an praghas nó na socruithe chun an praghas a chinneadh agus na socruithe le haghaidh soláthar oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí ag gach céim.

3.   Beidh oibleagáidí na céime seasta ina n-iomlán comhsheasmhach; is amhlaidh a bheidh freisin i gcás oibleagáidí gach céime coinníollaí, agus oibleagáidí na gcéimeanna ar fad roimhe sin á gcur san áireamh.

4.   Beidh cur i gcrích gach céime coinníollaí faoi réir chinneadh de chuid an údaráis chonarthaigh, cinneadh a dtugtar fógra ina leith don chonraitheoir i gcomhréir leis an gconradh. I gcás ina ndearbhaítear céim choinníollach go déanach nó nach ndearbhaítear í, féadfaidh an conraitheoir, má fhoráiltear amhlaidh sa chonradh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, tairbhe a bhaint as liúntas go dtí go ndéanfar an dearbhú nó as liúntas neamh-fhorghníomhaithe.

5.   Más rud é, maidir le céim ar leith, go bhfaighidh an t-údarás conarthach nach bhfuil oibreacha, soláthairtí, nó seirbhísí a comhaontaíodh don chéim sin curtha i gcrích, féadfaidh sé damáistí a éileamh agus an conradh a fhoirceannadh, má fhoráiltear amhlaidh sa chonradh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann.

Airteagal 24

Conarthaí um aisíocaíocht costas

1.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú, laistigh de theorainn buaicphraghais, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

Is éard a bheidh sa phraghas a bheidh le híoc maidir le conarthaí den sórt sin ná aisíocaíocht na gcostas díreach ar fad arna dtabhú ag an gconraitheoir le linn dó an conradh a chomhlíonadh, amhail caiteachas ar shaothar, ábhar, tomhaltáin, agus úsáid trealaimh agus bonneagair is gá chun an conradh a chomhlíonadh. Déanfar na costais sin a mhéadú le táille sheasta lena gcumhdaítear costais indíreacha agus an brabús, nó le suim lena gcumhdaítear costais indíreacha agus cúiteamh táille dreasachta bunaithe ar chuspóirí a bhaint amach maidir le feidhmíocht agus sceidil seachadta.

2.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú i gcás nach féidir praghas seasta beacht a shonrú ar bhealach oibiachtúil agus más féidir a thaispeáint go réasúnta go mbeadh praghas seasta den sórt sin as cuimse ard de bharr éiginnteachtaí a bhaineann go dlúth le comhlíonadh an chonartha toisc:

(a)

go bhfuil eilimintí an-chasta nó eilimintí a éilíonn úsáid teicneolaíochta nua sa chonradh agus, dá bhrí sin, go bhfuil líon suntasach rioscaí teicniúla ag baint leis; nó

(b)

nach mór, ar chúiseanna oibríochtúla, tús a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí atá faoi réir an chonartha, cé nach féidir fós praghas seasta daingean a shocrú go hiomlán mar gheall ar rioscaí suntasacha nó toisc go mbraitheann comhlíonadh an chonartha i bpáirt ar chomhlíonadh conarthaí eile.

3.   Is é a bheidh sa bhuaicphraghas maidir le conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó le conradh um aisíocaíocht pháirteach costas an t-uasphraghas atá iníoctha. Ní fhéadfar é a shárú ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar maith leo faoi réir chomhaontú an údaráis chonarthaigh roimh ré.

4.   Sonrófar an méid seo a leanas i ndoiciméid tairisceana nós imeachta soláthair a bhaineann le conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó le conradh um aisíocaíocht pháirteach costas:

(a)

cineál an chonartha, is é sin le rá arb é atá i gceist leis conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas laistigh de theorainn buaicphraghais;

(b)

i gcás conartha um aisíocaíocht pháirteach costas, eilimintí an chonartha atá faoi réir aisíocaíochta costas;

(c)

an buaicphraghas iomlán;

(d)

na critéir dámhachtana, lena gcaithfear a bheith in ann creatúlacht an bhuiséid fhoriomláin mheasta, na gcostas is inaisíoctha, na sásraí chun na costais sin a chinneadh, agus an bhrabúis dá dtagraítear sa tairiscint a mheas;

(e)

cineál an mhéadaithe dá dtagraítear i mír 1 atá le cur i bhfeidhm ar chostais dhíreacha;

(f)

na rialacha agus na nósanna imeachta lena gcinntear incháilitheacht na gcostas atá beartaithe ag an tairgeoir chun an conradh a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 5;

(g)

na rialacha cuntasaíochta nach mór do na tairgeoirí a chomhlíonadh;

(h)

i gcás conartha um aisíocaíocht pháirteach costas atá le hathrú go conradh le praghas seasta daingean, na méadrachtaí a bhaineann le hathrú den sórt sin.

5.   Ní bheidh na costais arna ndearbhú ag an tairgeoir le linn dó conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a chomhlíonadh incháilithe ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá siad tabhaithe iarbhír i rith an chonartha, cé is moite de chostais an trealaimh, na mbonneagar agus na sócmhainní seasta doláimhsithe is gá chun an conradh a chomhlíonadh, nithe a fhéadfar a mheas mar incháilithe chomh fada le hiomlán a luacha ceannaigh;

(b)

tá tagairt déanta dóibh sa bhuiséad foriomlán measta a fhéadfar a athbhreithniú le leasuithe ar an gconradh tosaigh;

(c)

tá gá leo chun an conradh a chomhlíonadh;

(d)

is toradh iad ar chomhlíonadh an chonartha agus tá siad inchurtha i leith chomhlíonadh an chonartha;

(e)

is féidir iad a shainaithint agus a fhíorú, tá taifead orthu i dtaifead cuntasaíochta an chonraitheora agus tá siad cinntithe i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear sna sonraíochtaí agus sa chonradh;

(f)

comhlíonann siad forálacha na reachtaíochta cánach agus sóisialta is infheidhme;

(g)

ní mhaolaíonn siad ar théarmaí an chonartha;

(h)

tá siad réasúnta, tá údar maith leo agus comhlíonann siad ceanglais na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe maidir le barainneacht agus éifeachtúlacht.

Beidh an conraitheoir freagrach as a chuntasaíocht costála féin, as taifid fhónta chuntasaíochta a choinneáil nó as aon doiciméad eile is gá chun a thaispeáint gur tabhaíodh na costais a n-iarrann sé aisíocaíocht ina leith agus go gcomhlíonann siad na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo a choinneáil. Meastar nach incháilithe na costais nach féidir leis an gconraitheoir bunús a thabhairt leo agus diúltaítear iad a aisíoc.

6.   Beidh an t-údarás conarthach freagrach as na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích chun a áirithiú go ndéantar conarthaí um aisíocaíocht costas a chomhlíonadh i gceart:

(a)

cinnfidh sé an buaicphraghas is réalaí is féidir, agus an tsolúbthacht is gá chun na rioscaí teicniúla a chur san áireamh á tabhairt ag an am céanna;

(b)

athróidh sé conradh um aisíocaíocht pháirteach costas go conradh le praghas iomlán seasta daingean a luaithe is féidir, le linn chomhlíonadh an chonartha, praghas seasta daingean den sórt sin a chinneadh. Chuige sin, cinnfidh sé na paraiméadair i leith athraithe chun conradh a tugadh i gcrích ar bhonn aisíocaíochta costas a athrú go conradh le praghas seasta daingean;

(c)

cuirfidh sé bearta faireacháin agus rialaithe chun feidhme a dhéanfaidh foráil, go háirithe, do chóras réamhaisnéise ar chostais mheasta;

(d)

déanfaidh sé prionsabail, uirlisí agus nósanna imeachta oiriúnacha do chomhlíonadh an chonartha a chinneadh, go háirithe chun incháilitheacht na gcostas arna ndearbhú ag an gconraitheoir nó ag a fhochonraitheoirí le linn chomhlíonadh an chonartha a shainaithint agus a sheiceáil, agus chun leasuithe ar an gconradh a thabhairt isteach;

(e)

seiceálfaidh sé go gcomhlíonann an conraitheoir agus a fhochonraitheoirí na caighdeáin chuntasaíochta a sonraítear sa chonradh agus an oibleagáid a gcuid doiciméad cuntasaíochta a sholáthar ar cheart dóibh léargas fíor agus cóir ar na cuntais a thabhairt;

(f)

déanfaidh sé a áirithiú go leanúnach, ar feadh chomhlíonadh an chonartha, éifeachtacht na bprionsabal, na n-uirlisí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (d).

Airteagal 25

Leasuithe

Féadfaidh an t-údarás conarthach agus na conraitheoirí an conradh a athrú le leasú ar choinníoll go gcomhlíonann an leasú na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

ní athraíonn sé ábhar an chonartha;

(b)

ní chuireann sé as do chothromaíocht eacnamaíoch an chonartha;

(c)

ní thugann sé isteach coinníollacha, ar coinníollacha iad, dá mba rud é go raibh siad i ndoiciméid an chonartha ar dtús, a thabharfadh cead isteach do thairgeoirí seachas iad siúd ar tugadh cead isteach dóibh ar dtús nó a thabharfadh cead glacadh le tairiscint seachas an tairiscint ar glacadh léi ar dtús.

Airteagal 26

Fochonraitheoireacht

1.   Iarrfaidh an t-údarás conarthach ar an tairgeoir sciar den chonradh a ligean ar fochonradh, trí chóras tairiscintí iomaíocha ar leibhéil iomchuí fochonraitheoireachta, do chuideachtaí seachas na cuideachtaí sin lena mbaineann grúpa an tairgeora féin go háirithe d'iontrálaithe nua agus do FBManna.

2.   Sloinnfidh an t-údarás conarthach sciar riachtanach an chonartha atá le ligean ar fochonradh mar raon ó íoschéatadán go uaschéatadán., Áiritheoidh sé go bhfuil céadatáin den sórt sin comhréireach le cuspóir agus luach an chonartha,agus aird á tabhairt ar chineál na hearnála gníomhaíochta lena mbaineann, agus go háirithe, ar na dálaí iomaíochta agusar an acmhainneacht thionsclaíoch arna mbreathnú.

3.   Má thugann an tairgeoir le fios ina thairscint nach bhfuil sé ar intinn aige aon sciar den chonradh a chur ar fochonradh nó sciar níos lú ná íosmhéid an raoin dá dtagraítear i mír 1a a chur ar fochonradh, cuirfidh sé na cúiseanna a bhaineann leis sin faoi bhráid an údaráis chonarthaigh. Cuirfidh an t-údarás conarthach an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   Féadfaidh an t-údarás conarthach diúltú do na fochonraitheoirí roghnaithe ag an iarrthóir ag céim nós imeachta dámhachtana an phríomhchonartha nó roghnaithe ag an tairgeoir ar glacadh leis do chomhlíonadh an chonartha. Tabharfaidh sé údar maith i scríbhinn lena dhiúltú, diúltú nach féidir leis a bheith bunaithe ach ar na critéir arna n-úsáid chun tairgeoirí a roghnú don phríomhchonradh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Airteagal 27

Cláreagrú

Glacfaidh an Coimisiún clár oibre bliantúil i bhfoirm phlean cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí is gá chun cuspóirí sonracha chlár Galileo a leagtar síos in Airteagal 2(4) a chomhlíonadh i gcomhréir leis na céimeanna a leagtar amach in Airteagal 3 agus le cuspóirí sonracha chlár EGNOS a leagtar amach in Airteagal 2(5). Déanfaidh an clár oibre bliantúil foráil chomh maith do mhaoiniú na ngníomhaíochtaí sin.

Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3).

Airteagal 28

Gníomhaíochtaí na mBallstát

Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun go n-áiritheofar dea-fheidhmiú chlár Galileo agus chlár EGNOS lena n-áirítear bearta chun a áirithiú go ndéanfar na stáisiúin talún atá ar a gcríocha a chosaint, ar bearta iad a bheidh ar a laghad coibhéiseach leo siúd a theastaíonn chun na bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a chosaint de réir bhrí Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (18). Ní ghlacfaidh na Ballstáit aon bhearta lena bhféadfaí dochar a dhéanamh do na cláir nó do na seirbhísí a chuirtear ar fáil trína saothrú, go háirithe i dtéarmaí leanúnachas fheidhmiú na mbonneagar.

Airteagal 29

Comhaontuithe idirnáisiúnta

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 CFAE.

Airteagal 30

Cúnamh teicniúil

Chun na cúraimí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh an chúnaimh theicniúil is gá, go háirithe inniúlacht agus shaineolas na n-údarás náisiúnta atá inniúil i réimse an spáis, nó cúnaimh saineolaithe neamhspleách agus comhlachtaí atá in ann anailís agus tuairimí neamhchlaonta a sholáthar faoi dhul chun cinn chlár Galileo agus chlár EGNOS.

Féadfaidh na heintitis a bhfuil baint acu le rialachas poiblí na gclár, seachas an Coimisiún, go háirithe, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES, an cúnamh teicniúil céanna a fháil i gcur i gcrích na gcúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo.

Airteagal 31

Sonraí pearsanta agus príobháideacht a chosaint

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar sonraí pearsanta agus príobháideacht a chosaint le linn dhearadh, chur chun feidhme agus shaothrú na gcóras agus go n-áireofar cosaintí iomchuí iontu.

2.   Déanfar na sonraí pearsanta uile a láimhseáiltear i gcomhthéacs na gcúraimí agus na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a phróiseáil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

Airteagal 32

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn seiceálacha ar dhoiciméid agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

Féadfaidh an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann maoiniú den sórt sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i i Rialachán (AE Euratom) Uimh 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (21) ón gComhairle (22) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le maoiniú an Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, trí chomhaontuithe idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais agus trí chonarthaí a thig ón Rialachán seo a chur i bhfeidhm, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí ar an láthair den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 33

Faisnéis a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

1.   Áiritheoidh an Coimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo. Gach bliain, nuair a thíolacfaidh sé an réamh-dhréachtbhuiséad, tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS. Beidh sa tuarascáil sin an fhaisnéis go léir a bhaineann leis na cláir, go háirithe i dtéarmaí na bainistíochta riosca, costas foriomlán, costas oibriúcháin bliantúil, ioncam, sceidil agus feidhmíochta, dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 12(2) agus maidir le feidhmiú na gcomhaontuithe tarmligin a thugtar i gcrích de bhun Airteagal 14(2) agus 15(1). Áireofar sa tuarascáil:

(a)

forbhreathnú ar leithdháileadh agus úsáid cistí a leithdháileadh ar na cláir mar a thagraítear in Airteagal 7(4);

(b)

faisnéis ar an straitéis bhainistíochta costas arna saothrú ag an gCoimisiún mar a thagraítear in Airteagal 9(6);

(c)

measúnú ar bhainistíocht cearta maoine intleachtúla;

(d)

forbhreathnú ar chur chun feidhme na gcóras agus na dteicnící bainistíochta tionscadal, lena n-áirítear córais agus teicnící bainistíochta riosca, mar a thagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 12(2);

(e)

meastóireacht ar na bearta a rinneadh chun tairbhí socheacnamaíocha na gclár a bharrfheabhsú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir le torthaí eatramhacha agus torthaí deiridh na meastóireachta a dhéanfar ar thairiscintí soláthair agus ar chonarthaí le heintitis san earnáil phríobháideach a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES de bhun Airteagal 14(7) agus Airteagal 15(3) faoi seach.

Cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle freisin:

(a)

maidir le haon ath-leithdháileadh cistí idir catagóirí caiteachais a dhéantar de bhun Airteagal 9(3);

(b)

maidir le haon tionchar ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS a eascraíonn ó chur i bhfeidhm Airteagal 8(2).

Airteagal 34

Athbhreithniú ar chur cun feidhme an Rialacháin seo

1.   Faoin 30 Meitheamh 2017, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, d'fhonn cinneadh a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí, ar bearta iad a bhaineann le:

(a)

cuspóirí na mbeart sin a bhaint amach, i dtéarmaí torthaí agus tionchar araon;

(b)

héifeachtacht úsáid acmhainní;

(c)

breisluach Eorpach.

Sa mheastóireacht tabharfar aghaidh freisin ar fhorbairtí teicneolaíochta a bhaineann leis na córais, ar an scóip atá ann do shimpliú, ar a comhsheasmhacht inmheánach agus sheachtrach, ar ábharthacht na gcuspóirí ar fad, chomh maith leis an méid a chuireann na bearta le tosaíochtaí an Aontais i dtéarmaí fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh. Cuirfear san áireamh inti torthaí na meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach na mbeart roimhe sin.

2.   Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí sonracha chlár Galileo agus chlár EGNOS a leagtar síos in Airteagal 2(4) agus (5) faoi seach, ar bhonn táscairí feidhmíochta mar shampla:

(a)

i gcomhair Galileo agus maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

imlonnú a bhonneagair:

líon agus infhaighteacht a satailítí oibríochtúla, agus líon na satailítí breise ar talamh atá ar fáil i gcoinne líon na satailítí atá beartaithe dá dtagraítear sa chomhaontú tarmligin;

infhaighteacht iarbhír eilimintí an bhonneagair ar talamh (ar nós stáisiún talún, lárionad rialaithe) i gcoinne infhaighteachta pleanáilte;

(ii)

leibhéal seirbhíse:

mapa infhaighteachta seirbhíse i gcoinne doiciméid sainmhínithe seirbhíse

(iii)

costas:

innéacs feidhmíochta costais in aghaidh na míre mórchostais den chlár bunaithe ar chóimheas lena gcuirtear costas iarbhír i gcomparáid le costas buiséadaithe;

(iv)

sceideal:

innéacs feidhmíochta sceidil in aghaidh mhórmhír an chláir bunaithe ar chostas buiséadaithe na hoibre a rinneadh a chur i gcomparáid le costas buiséadaithe na hoibre sceidealaithe.

(v)

leibhéal margaidh:

treocht margaidh bunaithe ar an gcéatadán de ghlacadóirí Galileo agus de ghlacadóirí EGNOS i líon iomlán na samhlacha glacadóirí a áirítear sa tuarascáil margaidh a chuireann an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS ar fáil dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(1).

(b)

i gcomhair EGNOS agus maidir le:

(i)

síneadh a chumhdaigh:

dul chun cinn an tsínidh chumhdaigh i gcoinne plean comhaontaithe sínidh chumhdaigh;

(ii)

leibhéal seirbhíse:

innéacs infhaighteachta seirbhíse bunaithe ar líon na n-aerfort a bhfuil nósanna imeachta ascnaimh acu atá bunaithe ar EGNOS agus a bhfuil stádas oibríochtúil acu i gcoinne líon iomlán na n-aerfort a bhfuil nósanna imeachta ascnaimh acu atá bunaithe ar EGNOS;

(iii)

costas:

innéacs feidhmíochta costais bunaithe ar chóimheas lena gcuirtear costas iarbhír i gcomparáid le costas buiséadaithe;

(iv)

sceideal:

innéacs feidhmíochta sceidil bunaithe ar chostas buiséadaithe na hoibre a rinneadh a chur i gcomparáid le costas buiséadaithe na hoibre sceidealaithe.

3.   Déanfaidh na comhlachtaí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo na sonraí agus an fhaisnéis is gá chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann a sholáthar don Choimisiún.

CAIBIDIL VII

TARMLIGEAN AGUS BEARTA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 1 Eanáir 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh an cinneadh maidir le cúlghairm deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   Glacfaidh ionadaithe na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus GES páirt mar bhreathnóirí in obair an Choiste faoi na coinníollacha a leagtar síos ina rialacha nós imeachta.

5.   Féadfar foráil a dhéanamh le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabharfaidh an tAontas i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 29, de réir mar is iomchuí, do rannpháirtíocht ionadaithe tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta in obair an Choiste faoi na coinníollacha a leagtar síos ina rialacha nós imeachta.

6.   Tiocfaidh an Coiste le chéile go tráthrialta, de rogha ar cheithre huaire sa bhliain, ar bhonn ráithiúil. Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil maidir le dul chun cinn na gclár ag gach cruinniú. Beidh forbhreathnú ginearálta sna tuarascálacha sin maidir le stádas agus le forbairtí na gclár, go háirithe i dtéarmaí bainistíochta riosca, costais, sceidil agus feidhmíochta. Uair amháin in aghaidh na bliana, ar a laghad, áireofar sna tuarascálacha sin na táscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 37

Aisghairmeacha

1.   Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Aon bheart a rinneadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 nó Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige.

3.   Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh 683/2008, arna aisghairm, a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil arna leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 179.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 [lena mbunaítear Fís 2020 - An Creatchlár um thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/AE (Féach leathanach 104den Iris Oifigiúil seo)

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (Féach leathanach 884den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur chun feidhme tuilleadh (IO L 196, 24.7.2008, lch. 1).

(5)  Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha i leith rochtana ar an tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí a sholáthraítear ag an gcóras domhanda um loingseoireacht satailíte arna bhunú faoi chlár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  IO L 420du 20.12.2013, p. 1

(8)  IO C 380 E, 11.12.2012, lch. 84.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (IO L 276, 20.10.2010, lch. 11).

(10)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe fheidhmiú an chórais Eorpaigh um radaloingseoireacht satailíte a imríonn tionchar ar shlándáil an Aontais Eorpaigh (IO L 246, 20.7.2004, lch. 30).

(11)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(12)  2001/844/CE,CEGC,Euratom: Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha (IO L 317, 3.12.2001, lch. 1).

(13)  2013/488/AE: Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(14)  IO C 304, 15.10.2011, lch. 7.

(15)  Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an Speictream Raidió (IO L 81, 21.3.2012, lch. 7).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2002 lena ndéantar Comhghnóthas Galileo a chur ar bun (IO L 138, 28.5.2002, lch. 1).

(18)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthabhachtacha Eorpacha a aithint agus a ainmniú agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann a gcosaint a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(20)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(22)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 683/2008

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 1

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 6

Airteagal 9

Airteagal 7

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12(1)

Airteagal 11

Airteagal 12(2) agus (3)

Airteagal 12

Airteagal 13(1), (2) agus (3)

Airteagal 13

Airteagal 13(4)

Airteagal 16

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 15

Airteagal 27

Airteagal 16

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 18 go hAirteagal 26

Airteagal 18

Airteagal 15

Airteagal 19(1) go (4)

Airteagal 36

Airteagal 19(5)

Airteagal 35

Airteagal 20

Airteagal 31

Airteagal 21

Airteagal 32

Airteagal 22

Airteagal 33

Airteagal 23

 

Airteagal 24

Airteagal 38

Iarscríbhinn

Airteagal 1


Dearbhú comhpháirteach

ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le PAINÉAL IDIRINSTITIÚIDEACH GALILEO (GIP)

1.

Ag féachaint do thábhacht, d'uathúlacht agus do chastacht na gclár Eorpach GNSS, d'úinéireacht Aontais na gcóras a leanann ó na cláir, do mhaoiniú iomlán na gclár ag buiséad an Aontais don tréimhse 2014-2020, aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an gá atá le dlúthchomhar idir na trí institiúid.

2.

Tiocfaidh Painéal Idirinstitiúideach Galileo (GIP) le chéile agus é mar aidhm aige a éascú do gach institiúid de chuid an Chomhphobail a freagracht faoi seach a fheidhmiú. Chuige sin, bunófar an GIP chun na nithe seo a leanas a leanúint go dlúth:

(a)

an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár Eorpach GNSS, go háirithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe fála agus conartha, go háirithe maidir leis an GES;

(b)

na Comhaontuithe Idirnáisiúnta le tríú tíortha gan dochar d'fhorálacha Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(c)

ullmhú na margaí loingseoireachta satailíte;

(d)

éifeachtúlacht na socruithe rialachais; agus

(e)

athbhreithniú bliantúil ar an gclár oibre.

3.

I gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, urramóidh an GIP an gá atá le discréid, go háirithe ag féachaint do rúndacht tráchtála agus d'íogaireacht sonraí áirithe.

4.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tuairimí a nochtfaidh an GIP.

5.

Beidh an GIP comhdhéanta de sheachtar ionadaithe, mar atá:

triúr ón gComhairle,

triúr ó Pharlaimint na hEorpa,

ionadaí amháin ón gCoimisiún,

agus tiocfaidh sé le chéile go rialta (i bprionsabal ceithre huaire sa bhliain).

6.

Ní dhéanfaidh an GIP difear do na freagrachtaí bunaithe nó do na caidrimh idirinstitiúideacha.


Top