EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32013R0227
Regulation (EU) No 227/2013 of the European Parliament and of the Council of 13 March 2013 amending Council Regulation (EC) No 850/98 for the conservation of fishery resources through technical measures for the protection of juveniles of marine organisms and Council Regulation (EC) No 1434/98 specifying conditions under which herring may be landed for industrial purposes other than direct human consumption
Rialachán (AE) Uimh. 227/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 lena sonraítear na coinníollacha faoinar féidir scadáin a chur i dtír chun críche tionsclaíche seachas chun a gcaite go díreach ag daoine
Rialachán (AE) Uimh. 227/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 lena sonraítear na coinníollacha faoinar féidir scadáin a chur i dtír chun críche tionsclaíche seachas chun a gcaite go díreach ag daoine
OJ L 78, 20.3.2013, p. 1–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 04 Volume 008 P. 335 - 356
No longer in force, Date of end of validity: 13/08/2019; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32019R1241
20.3.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 227/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Márta 2013
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 lena sonraítear na coinníollacha faoinar féidir scadáin a chur i dtír chun críche tionsclaíche seachas chun a gcaite go díreach ag daoine
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle an 27 Samhain 2009 lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011 (3) agus Rialachán (AE) Uimh. 579/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011 (4), déantar foráil maidir le leanúint le bearta teicniúla áirithe arna mbunú i Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 ón gComhairle an 16 Eanáir 2009 lena socraítear na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara i leith stoc áirithe éisc agus i leith grúpaí stoc éisc don bhliain 2009, ar nithe iad sin a mbeidh feidhm acu in uiscí an Chomhphobail agus, maidir le soithí Comhphobail, in uiscí ina bhfuil gá le teorainneacha ar ghabhálacha (5) agus maidir le leanúint leis na bearta sin ar bhonn idirthréimhseach go dtí an 31 Nollaig 2012. |
(2) |
Táthar ag súil le creat nua do bhearta teicniúla caomhnaithe nuair a dhéanfar an t-athchóiriú ar an gComhbheartas Iascaigh (CFP). Ós rud é nach dócha go mbeidh an creat nua sin bunaithe faoi dheireadh 2012, is ceart feidhmiú na mbeart teicniúil idirthréimhseach sin a shíneadh. |
(3) |
D’fhonn a áirithiú go leanfar d’acmhainní bitheolaíochta muirí a chaomhnú agus a bhainistiú go cuí, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle (6) a nuashonrú trí na bearta teicniúla idirthréimhseacha a chur san áireamh ann. |
(4) |
D’fhonn a áirithiú go leanfar d’acmhainní bitheolaíochta muirí a chaomhnú agus a bhainistiú go cuí sa Mhuir Dhubh, ba cheart go n-áireofaí íosmhéideanna maidir le cur i dtír agus le mogalra don iascach turbaird i Rialachán (CE) Uimh. 850/98 seo mar a bunaíodh iad i reachtaíocht an Aontais roimhe seo. |
(5) |
Ba cheart go leanfadh cleachtas roghnú na scotha de bheith faoi thoirmeasc i ngach limistéar CITM ar mhaithe le líon na n-éisc de chuid na speiceas cuóta a chaitear ar ais san uisce a laghdú. |
(6) |
Ar bhonn na gcomhairliúchán a rinneadh in 2009 idir an tAontas, an Iorua agus na hOileáin Fharó, d’fhonn líon na ngabhálacha de thaisme a laghdú, ba cheart toirmeasc a thabhairt isteach ar speicis áirithe a scaoileadh nó a shleamhnú, chomh maith le ceanglas go mbogfaí na meánna nuair a bheadh éisc róbheag in 10 % den ghabháil. |
(7) |
I bhfianaise comhairle ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI), ba cheart na srianta ar scadáin a gabhadh in Roinn IIa CITM a chur i dtír nó a choinneáil ar bord a choinneáil. |
(8) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ní gá a thuilleadh an limistéar a choinneáil iata chun scadáin sceiteacha a chosaint i Roinn VIa CITM sa chaoi go n-áiritheofaí saothrú inbhuanaithe an speicis sin; agus ba cheart an dúnadh sin a aisghairm dá bhrí sin. |
(9) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI a nascann easnamh na gcorr gainimh le drochphórú saidhbhéar, ba cheart limistéar i bhFolimistéar IV de CITM a choimeád iata, ach amháin d’iascach teoranta gach bliain chun faireachán a dhéanamh ar an stoc. |
(10) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid gléasanna nach ngabhann gliomaigh na hIorua a údarú i limistéir áirithe ina bhfuil cosc ar iascaireacht ghliomaigh na hIorua. |
(11) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart an limistéar atá iata i Roinn VIb de CITM chun óg-chadóg a chosaint a choimeád iata. |
(12) |
I bhfianaise comhairle ó CITM agus ó CETEI, ba cheart bearta teicniúla caomhnaithe áirithe a choinneáil in uiscí siar ó Alba (Roinn VIa CITM) chun stoic na dtrosc, na gcadóg agus na bhfaoitíní a chosaint, ar mhaithe le caomhnú na stoc éisc. |
(13) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid línte láimhe agus trealamh uathoibrithe díreoige le haghaidh glasán i Roinn VIa de CITM a cheadú. |
(14) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI maidir le leathadh spáis trosc i Roinn VIa de CITM lena léirítear go ngabhtar tromlach mór na ngabhálacha trosc ó thuaidh ó 59° T, ba cheart cead a thabhairt chun eangacha geolbhaigh a úsáid ó theas ón líne sin. |
(15) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid na n-eangach geolbhaigh a cheadú le haghaidh na bhfíogach beag i Roinn VIa de CITM. |
(16) |
Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar oiriúnacht tréithe na ngléasanna sa mhaolú ar iascaireacht le tráil, le líonta saighne grinneallacha, nó le gléasanna cosúla eile in Roinn VIa CITM i bhfianaise comhairle eolaíche d’fhonn iad a leasú nó a aisghairm. |
(17) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart an limistéar atá iata i Roinn VIa de CITM chun óg-throsc a chosaint a thabhairt isteach. |
(18) |
Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar oiriúnacht an toirmisc ar iascaireacht trosc, cadóg agus faoitíní i bhFolimistéar VI de CITM i bhfianaise comhairle eolaíche d’fhonn é sin a leasú nó a aisghairm. |
(19) |
I bhfianaise comhairle ó CITM agus ó CETEI, ba cheart bearta chun stoic na dtrosc a chosaint sa Mhuir Cheilteach (Roinn VIIf agus g CITM) a choinneáil. |
(20) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart bearta a choimeád chun comhbhailiúcháin sceite langaí gorma i Roinn VIa de CITM a chosaint. |
(21) |
Ba cheart bearta a bhunaigh an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) in 2011 chun péirsí mara a chosaint in uiscí idirnáisiúnta i bhFolimistéar I agus i bhFolimistéar II de CITM a choimeád. |
(22) |
Ba cheart bearta a bhunaigh an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) in 2011 d’fhonn péirsí mara a chosaint i Muir Irminger agus sna huiscí taobh léi a choimeád. |
(23) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart leanúint d’iascaireacht le trál bíoma a bhaineann úsáid as sruth bíge leictreach a cheadú i Roinn IVc agus i Roinn IVb Theas CITM faoi choinníollacha áirithe. |
(24) |
Ar bhonn na gcomhairliúchán a rinneadh in 2009 idir an tAontas agus an Iorua agus na hOileáin Fharó, ba cheart bearta áirithe a chur chun feidhme ar bhonn buan d’fhonn na hinniúlachtaí láimhseála agus scaoilte gabhála atá ag soithí peiligeacha a shrianadh, ar soithí iad atá dírithe ar iascaireacht an ronnaigh, an scadáin agus an bholmáin san Atlantach Thoir Thuaidh. |
(25) |
I bhfianaise comhairle ó CITM, ba cheart bearta teicniúla caomhnaithe a choimeád chun stoic de throisc fhásta a chosaint i Muir Éireann le linn an tséasúir sceite. |
(26) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid greillí sórtála a cheadú in limistéar teoranta de Roinn VIa de CITM. |
(27) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, níor cheart iascaireacht le heangacha geolbhaigh agus líonta fostúcháin i Ranna IIIa, VIa, VIb, VIIb, VIIc, VIIj, VIIk agus Folimistéir CITM, VIII, IX, X agus XII soir ó 27° I de CITM a cheadú in uiscí atá níos doimhne ná 200 méadar ach atá níos éadoimhne ná 600 méadar ach amháin faoi choinníollacha áirithe lena soláthraítear cosaint le haghaidh speiceas domhainfharraige atá leochaileach ó thaobh na bitheolaíochta de. |
(28) |
Tá sé tábhachtach go soiléireofaí an t-idirghníomhú i measc na réimeas a bhfuil feidhm acu maidir le hiascaireacht a dhéanamh le heagacha geolbhaigh i bhFolimistéar VII de CITM ach go háirithe. Agus níos tábhachtaí fós, ba cheart a shoiléiriú nach gceadaítear maolú sonrach don iascaireacht le heangacha geolbhaigh arb ionann méid a mogall agus 100 mhilliméadar nó ar mó é ná sin i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j agus k de CITM agus coinníollacha sonracha a bhaineann leis an iascaireacht sin, ach amháin in uiscí ar mó ná 200 méadar agus ar lú ná 600 méadar a ndoimhneacht dheimhnithe agus, dá bharr sin, go bhfuil feidhm ag na rialacha réamhshocraithe maidir le raon méid an mhogaill agus comhdhéanamh na gabhála a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 850/98, maidir le Ranna VIIa, VIId, VIIe, VIIf, VIIg agus VIIh de CITM agus in uiscí ar lú a ndoimhneacht dheimhnithe ná 200 méadar maidir le Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j agus k de CITM. |
(29) |
I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid eangach traimil a cheadú i bhFolimistéar IX de CITM in uiscí a bhfuil a ndoimhneacht cairte níos mó ná 200 méadar ach níos lú ná 600 méadar. |
(30) |
Ba cheart úsáid gléasanna áirithe roghnaíocha a cheadú i gcónaí i mBá na Bioscáine chun a áirithiú go ndéantar stoic colmóirí agus stoic ghliomaigh na hIorua a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe agus chun méid ábhar muirí aischurtha na speiceas sin a laghdú. |
(31) |
Ba cheart na srianta ar iascaireacht i limistéir áirithe chun gnáthóga domhainfharraige leochaileacha a chosaint i Limistéar Rialála NEAFC arna nglacadh ag NEAFC in 2004 a choimeád, mar aon leis na srianta ar iascaireacht laistigh de limistéir áirithe i Ranna VIIc, j agus k de CITM agus Roinn VIIIc de CITM arna nglacadh ag an Aontas in 2008. |
(32) |
De réir comhairle ó chomhghrúpa oibre an Aontais/na hIorua maidir le bearta teicniúla, níl an toirmeasc atá ar iascaireacht scadán, ronnach nó salán ag an deireadh seachtaine le tráil nó le peaslíonta saighne in Skagerrak agus in Kattegat ina chuidiú a thuilleadh le caomhnú na stoc éisc pheiligigh toisc go bhfuil athrú tagtha ar na pátrúin iascaireachta, agus ba cheart, dá thoradh sin, ar bhonn na gcomhairliúchán a rinneadh idir an tAontas, an Iorua agus na hOileáin Fharó in 2011, an toirmeasc seo a chúlghairm. |
(33) |
Ar son soiléireachta agus rialála níos fearr, ba cheart roinnt forálacha atá tite as feidhm a scriosadh. |
(34) |
Chun na hathruithe sna patrúin iascaireachta a léiriú agus úsáid gléasanna áirithe roghnaíocha a ghlacadh, ba cheart raonta méid mogaill, na spriocspecis agus céatadáin riachtantacha na gabhála a bhfuil feidhm acu in Skagerrak agus in Kattegat a choinneáil. |
(35) |
Ba cheart na híosmhéideanna atá luaite le breallach féithghearr a athbhreithniú i bhfianaise na sonraí bitheolaíochta. |
(36) |
Tá íosmhéid leagtha síos d’ochtapais i ngabhálacha ó uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tíortha agus atá lonnaithe i limistéar an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) chun cuidiú le caomhnú ochtapas agus go háirithe chun ochtapais óga a chosaint. |
(37) |
Ba cheart go ndéanfaí méid atá coibhéiseach leis an íosmhéid maidir le hainseabhaithe a chur i dtír ó thaobh líon na n-éisc in aghaidh an kg de a thabhairt isteach, de bhrí go ndéanfaí an obair ar bord soithí lena ndírítear ar an speiceas sin a shimpliú leis agus go n-éascófaí bearta rialaithe ar an mórthír dá bharr. |
(38) |
Ba cheart na sonraíochtaí maidir le greille sórtála a úsáidfear chun an fhoghabháil in iascaigh ghliomach na hIorua a laghdú i Roinn IIIa, Folimistéar VI agus Roinn VIIa de CITM, a choinneáil. |
(39) |
Ba cheart sonraíochtaí maidir le painéil ina bhfuil mogaill chearnógacha a úsáid faoi choinníollacha áirithe le haghaidh iascaigh a bhfuil gléasanna áirithe tarraingthe acu i mBá na Bioscáine a choimeád. |
(40) |
Ba cheart úsáid painéal 2 mhéadar le mogaill chearnógacha a cheadú i soithí ar lú cumhacht a n-inneall ná 112 kW i limistéir theoranta i Roinn VIa de CITM. |
(41) |
Úsáideadh an téarma “Comhphobal” i bhforálacha achtacháin Rialachán (CE) Uimh. 850/98, agus ba cheart é sin a athrú, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liosbóin an 1 Nollaig 2009. |
(42) |
D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme rialacha i ndáil le húsáid gléasanna a bhfuil ardroghnaíocht choibhéiseach acu agus iascaireacht ghliomaigh na hIorua ar siúl i Roinn VIa CITM agus rialacha maidir le hiascaigh shonracha de chuid Ballstáit a eisiamh ó chur i bhfeidhm an toirmisc ar eangacha geolbhaigh, fostúcháin nó traimil i bhFolimistéir VIII, IX, X de CITM inar beag líon na bhfoghabhálacha sioirc agus líon na siorc a chaitear ar ais san uisce, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (7) a chur i bhfeidhm. |
(43) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 850/98 a leasú dá réir. |
(44) |
Foráiltear do choinníollacha sonracha faoinar féidir scadáin a chur i dtír chun críche tionsclaíche seachas chun críche a n-ithe ag an duine le Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 (8) ón gComhairle. Maidir leis an maolú sonrach ar na coinníollacha maidir le foghabhálacha de scadáin a chur i dtír in iascaigh bheaga mhogaill i Roinn IIIa CITM, Folimistéar IV, Roinn VIId agus uiscí an Aontais de Roinn IIa CITM a bhíodh san áireamh faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais, ba cheart é a thabhairt isteach sa Rialachán sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 850/98
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh.-850/98 mar a leanas:
(1) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 1a In Airteagal 4(2)(c), in Airteagal 46(1)(b) agus in Iarscríbhinn I, fonóta (5), cuirtear an t-ainmfhocal ‘Aontas’ nó an aidiacht chomhfhreagrach in ionad an ainmfhocail ‘Comhphobal’, nó na haidiachta comhfhreagraí, agus déantar aon choigeartú gramadaí a is gá de bharr an athraithe sin.”; |
(2) |
cuirtear isteach an pointe seo a leanas in Airteagal 2(1):
|
(3) |
cuirtear isteach an fomhír seo a leanas in Airteagal 11(1): “Beidh feidhm ag an maolú seo gan dochar d’Airteagal 34b(2)(c).”; |
(4) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 11a I Réigiún 9, beidh íosmhéid 400 milliméadar ag na mogaill eangacha gheolbhaigh ghrinneallsocraithe, nuair a úsáidtear iad chun turbaird a ghabháil.”; |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: “Airteagal 17 Tá orgánach muirí róbheag má tá toisí aige atá níos lú ná na toisí íosta a shonraítear in Iarscríbhinn XII agus in Iarscríbhinn XIIa le haghaidh an speicis ábhartha agus an limistéir gheografaigh ábhartha.”; |
(6) |
cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 19: “4. Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le Réigiún 9.”; |
(7) |
cuirtear isteach an teideal seo a leanas: “TEIDEAL IIIa Bearta chun líon na n-iasc a chuirtear ar ais san uisce a laghdú Airteagal 19a Toirmeasc ar roghnú na scotha 1. Laistigh de Réigiúin 1, 2, 3 agus 4, beidh toirmeasc, le linn oibríochtaí iascaireachta, ar speicis a chaitheamh ar ais san uisce ar specis iad atá faoi réir cuóta agus ar féidir iad a thabhairt i dtír go dleathach. 2. Tá na forálacha dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do na hoibleagáidí atá leagtha amach sa Rialachán seo nó in aon ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i réimse an iascaigh. Airteagal 19b Forálacha maidir le hathrú láithreach agus toirmeasc ar shleamhnú 1. Laistigh de Réigiúin 1, 2, 3 agus 4, i gcás ina sáraíonn líon na ronnach, na scadán nó na mbolmán atá róbheag 10 % d’iomlán na gabhála i dtarraingt amháin, aistreofar an soitheach go láthair iascaireachta eile. 2. Laistigh de Réigiúin 1, 2, 3 agus 4, beidh toirmeasc ar ronnach, scadáin nó bolmán a scaoileadh ar ais san uisce sula mbeidh an eangach tarraingthe amach go hiomlán ar bord an tsoithigh agus a mbeadh éisc mharbha nó éisc i mbéil a mbáis mar thoradh air.”; |
(8) |
scriostar pointe (d) in Airteagal 20(1); |
(9) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 20a Srianta ar iascaireacht an scadáin in uiscí an Aontais de chuid Roinn IIa de CITM Scadáin a gabhadh in uiscí an Aontais de chuid Roinn IIA de CITM sa tréimhse ó 1 Eanáir go dtí 28 Feabhra, agus ó 16 Bealtaine go dtí 31 Nollaig, beidh toirmeasc ar iad a chur i dtír nó a choinneáil ar bord.”; |
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29a: “Airteagal 29a Limistéar le haghaidh iascach corr gainimh i bhFolimistéar IV de CITM a iamh 1. Beidh toirmeasc ar chorra gainimh a thabhairt i dtír nó a choinneáil ar bord, ar corra gainimh iad a ghabhtar sa limistéar geografach a bhfuil cósta thoir Shasana agus na hAlban mar theorainn aige, agus atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
2. Ceadófar iascaigh chun críche an taighde eolaíoch d’fhonn faireachán a dhéanamh ar stoc na gcorr gainimh sa limistéar agus tionchar an iaimh.”; |
(11) |
cuirtear an méid seo in ionad mhír 3 in Airteagal 29b: “3. De mhaolú ar an toirmeasc atá leagtha síos i mír 1, déanfar iascaireacht le cléibh nach ngabhann gliomaigh na hIorua a údarú sna limistéir gheografacha agus le linn na dtréimhsí atá leagtha amach sa mhír sin.”; |
(12) |
cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas: “Airteagal 29c Bosca na gCadóg Rocal i bhFolimistéar VI de CITM 1. Beidh toirmeasc ar iascaireacht chadóg Rocal, seachas le spiléir, sna limistéir atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
Airteagal 29d Srianta ar iascaireacht na dtrosc, na gcadóg agus na bhfaoitíní i bhFolimistéar VI de CITM 1. Beidh toirmeasc ar iascaireacht trosc, cadóg agus faoitíní laistigh den chuid sin de Roinn VIa de CITM atá soir nó ó dheas ó na rumlínte sin atá ceangailte go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
2. Aon soitheach iascaireachta atá sa limistéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh sé go bhfuil aon ghléas iascaireachta atá ar bord fáiscthe síos agus stuáilte i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (10). 3. De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin ag baint úsáide as eangacha éighníomhacha cladaigh atá daingnithe le cuaillí, as dreidirí muiríní, dreidirí diúilicíní, línte láimhe, díreoga meicnithe, eangacha tarraingthe agus eangacha saighne cladaigh, agus as potaí agus cléibh, ar an gcoinníoll:
4. De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin ag baint úsáide as líonta a bhfuil méid a mogall níos lú ná 55 milliméadar, ar an gcoinníoll:
5. De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin, ag baint úsáide as eangacha geolbhaigh ar lú méid a mogall ná 120 milliméadar, ar an gcoinníoll:
6. De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin, ag baint úsáide as eangacha geolbhaigh ar lú méid a mogall ná 90 milliméadar, ar an gcoinníoll:
7. De mhaolú ar mhír 1, ceadófar iascaireacht ghliomach na hIorua laistigh den limistéar a leagtar amach sa mhír sin, ar an gcoinníoll:
Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn tuairime fabhraí ón CETEI gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinnfear cén ghléasanna a mheasfar a mbeidh ardroghnaíocht choibhéiseach acu chun críche phointe (a). 8. Ní bheidh feidhm ag mír 7 laistigh den limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
9. De mhaolú ar mhír 1, ceadófar iascaireacht le tráil, le líonta saighne grinneallacha, nó le gléasanna cosúla eile laistigh den limistéar atá leagtha amach sa mhír sin ar an gcoinníoll:
10. Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2015 agus nach déanaí ná gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, i bhfianaise comhairle ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thréithe na ngléasanna a sonraítear i mír 9 agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra le haghaidh leasaithe ar mhír 9 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 11. Ní bheidh feidhm ag mír 9 laistigh den limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
12. Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig gach bliain, beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta a chur i gcrích agus úsáid á baint as aon cheann de na gléasanna a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean fadtéarmach do stoic troisc agus do na hiascaigh ina saothraítear na stoic (11) sin sna limistéir sin de Roinn VIa de CITM atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
Ní thabharfaidh máistir soithigh iascaireachta ná duine eile ar bord cúis ná cead d’aon duine ar bord iarracht a dhéanamh iascaireacht sa limistéar sainiúil, éisc a thabhairt i dtír, a athlastáil nó a bheith ar bord acu, ar éisc iad a gabhfar sa limistéar sainiúil. 13. Cuirfidh gach Ballstát lena mbaineann clár breathnóireachta ar bord chun feidhme ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig gach bliain chun samplaí a thógáil de na gabhálacha agus d’ábhar muirí aischurtha na soithí a dtéann na maoluithe dá bhforáiltear i míreanna 5, 6, 7 agus 9 chun tairbhe dóibh. Tabharfar faoi na cláir bhreathnóireachta gan dochar do na hoibleagáidí faoi na rialacha ábhartha agus beidh siad dírithe ar ghabhálacha trosc, cadóg agus faoitíní a mheas mar aon le hábhar muirí aischurtha ag díriú ar leibhéal beachtais de 20 % ar a laghad. 14. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann tuarascáil a sholáthar ar mhéid iomlán ghabhálacha éisc na soithí atá faoi réir an chláir bhreathnóireachta, agus líon iomlán na n-iasc a caitheadh ar ais san uisce ó na soithí sin i rith gach bliana féilire agus déanfaidh siad í a thíolacadh don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 1 Feabhra na bliana féilire ina dhiaidh sin. 15. Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2015 agus nach déanaí ná gach dhá bhliain ina dhiaidh sin déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid stoc trosc, cadóg agus faoitíní sa limistéar a sonraítear i mír 1 i bhfianaise comhairle ó CETEI agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra le haghaidh an leasaithe ar an Airteagal seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Airteagal 29e Srianta ar iascaireacht na dtrosc i bhFolimistéar VI de CITM 1. Ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta gach bliain, beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta sa chuid d’Fholimistéar VII de CITM atá comhdhéanta de thriantáin staitistiúla de CITM: 30E4, 31E4, 32E3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin laistigh de sé mhuirmhíle ón mbonnlíne. 2. De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta ag baint úsáide as líonta éighníomhacha cladaigh arna bhfeistiú le cuaillí, dreidirí muiríní, dreidirí diúilicíní, líonta tarraingthe agus líonta saighne cladaigh, línte láimhe, díreoga meicnithe, agus potaí agus cléibh laistigh den limistéar agus na tréimhsí ama dá dtagraítear sa mhír sin, ar an gcoinníoll:
3. De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin, ag baint úsáide as líonta a bhfuil méid a mogall níos lú ná 55 mhilliméadar, ar choinníoll:
Airteagal 29f Rialacha speisialta maidir le langaí gorma a chosaint 1. Ón 1 Márta go dtí an 31 Bealtaine de gach bliain, beidh toirmeasc ar aon chainníocht de langa gorm a choinneáil ar bord ar mó í ná 6 thonna do gach turas iascaireachta sna limistéir sin de Roinn VIa de CITM atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
Gan an limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas a áireamh, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
2. Agus é ag dul isteach sna limistéir dá dtagraítear i mír 1 nó ag imeacht uathu, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta an dáta, an t-am, agus an áit iontrála agus imeachta a thaifeadadh sa logleabhar. 3. Má ghabhann soitheach 6 thonna de langa gorm i gceachtar den dá limistéar dá dtagraítear i mír 1:
4. Déanfaidh na breathnóirí dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 an 16 Nollaig 2002 ón gComhairle lena mbunaítear ceanglais shonracha rochtana agus coinníollacha gaolmhara is infheidhme maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach (12) atá sannta do shoithí iascaireachta atá i láthair i gceann de na limistéir dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na breathnóirí sin, i dteannta na cúraimí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin, i gcás líon samplaí iomchuí de ghabhálacha langaí gorma, na héisc sna samplaí a thomhas agus aibíocht ghnéasach iasc a nglactar foshampla díobh a chinneadh. Ar bhonn comhairle ón CETEI, bunóidh na Ballstáit prótacail maidir le sampláil mhionsonraithe agus le comhthiomsú torthaí. 5. Ón 15 Feabhra go dtí an 15 Aibreán gach bliain, beidh toirmeasc ar úsáid trál grinnill, spiléar agus eangacha geolbhaigh laistigh de limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
Airteagal 29g Bearta maidir le hiascach na bpéirsí mara in uiscí idirnáisiúnta Fholimistéar I agus Fholimistéar II de CITM 1. Ní cheadófar iascaireacht dhírithe ar phéirsí mara in uiscí idirnáisiúnta Fholimistéar I agus Fholimistéar II de CITM ach amháin sa tréimhse idir an 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig gach bliain ag soithí a bhí páirteach san iascach péirsí mara roimhe sin i limistéar rialála an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC), mar a shonraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú a mbeidh feidhm aige sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (13). 2. Cuirfidh soithí teorainn lena bhfoghabhálacha de phéirsí mara in iascaigh eile sa dóigh is nach mbeidh níos mó ná 1 % den ghabháil iomlán a choinnítear ar bord ina fhoghabháil den sórt sin. 3. Is é 1,70 an ráta coinbhéartachta a bheidh le cur i bhfeidhm ar phéirsí gorma atá glanta agus dícheannta, lena n-áirítear gearradh Seapánach, agus a gabhadh san iascach seo. 4. De mhaolú ar Airteagal 9(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, tabharfaidh máistrí soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochta san iascach sin tuairisc laethúil ar a ngabhálacha. 5. I dteannta fhorálacha Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, ní bheidh údarú le haghaidh iascaireachta péirsí mara bailí ach amháin má dhéantar na tuarascálacha a tharchuireann na soithí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin agus a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de. 6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh breathnóirí eolaíocha faisnéis eolaíoch ar bord soithí a bhfuil a mbrat ar foluain acu. Ar a laghad, beidh san fhaisnéis a bhaileofar sonraí ionadaíocha ar a bhfuil sa ghabháil maidir le gnéas, aois agus fad, de réir doimhneachta. Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis sin in iúl do CITM. 7. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin dáta a thugann Rúnaíocht NEAFC fógra do pháirtithe conarthacha NEAFC gur úsáideadh an ghabháil iomlán is incheadaithe (TAC) ina hiomláine. Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar iascach atá dírithe ar phéirsí mara ag soithí a bhfuil a mbrat ar foluain acu ón dáta sin. Airteagal 29h Bearta maidir le hiascach na bpéirsí mara i Muir Irminger agus sna huiscí taobh léi 1. Beidh toirmeasc ar phéirsí mara a ghabháil in uiscí idirnáisiúnta Fholimistéar V de CITM agus uiscí an Aontais i bhFolimistéar XII agus i bhFolimistéar XIV de CITM. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ceadófar gabháil phéirsí mara ón 11 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig sa limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84 (“Limistéar Caomhnaithe na bPéirsí Mara”):
2. D’ainneoin mhír 1, féadfar iascach a cheadú do phéirsí mara, trí ghníomh dlíthiúl de chuid an Aontais, lasmuigh de Limistéar Caomhnaithe na bPéirsí Mara i Muir Irminger agus na huiscí taobh léi ón 11 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig gach bliain ar bhonn comhairle eolaíche agus ar an gcoinníoll go bhfuil plean athshlánaithe ag NEAFC do na péirsí mara sa limistéar geografach sin. Ní bheidh páirteach san iascach sin ach amháin soithí de chuid an Aontais a bhfuil an t-údarú cuí faighte acu óna mBallstát agus a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010. 3. Beidh toirmeasc ar úsáid trál a bhfuil méid a mogall níos lú ná 100 milliméadar. 4. Is é 1,70 an ráta coinbhéartachta a bheidh le cur i bhfeidhm ar phéirsí gorma atá glanta agus dícheannta, lena n-áirítear gearradh Seapánach ar phéirsí gorma, agus a gabhadh san iascach seo. 5. Déanfaidh máistrí na soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta lasmuigh de Limistéar Caomhnaithe na bPéirsí Mara an tuarascáil gabhála dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 a tharchur ar bhonn laethúil nuair a bheidh gníomhaíochtaí iascaireachta an lae féilire sin curtha i gcrích. Léireofar sa tuarascáil sin na gabhálacha a tugadh ar bord ón uair dheireanach a rinneadh na gabhálacha a thuairisc. 6. I dteannta fhorálacha Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, ní bheidh údarú le haghaidh iascaireachta péirsí mara bailí ach amháin má dhéantar na tuarascálacha a tharchuireann na soithí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de. 7. Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 6 i gcomhréir leis na rialacha ábhartha. |
(13) |
cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 30: “(1a) Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le Réigiún 9.”; |
(14) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 31a Iascaireacht Leictreach i Roinn IVc agus i Roinn IVb de CITM 1. De mhaolú ar Airteagal 31, ceadófar iascaireacht le trál bíoma ina mbaintear úsáid as sruth bíge leictreach i Roinn IVc agus i Roinn IVb de CITM ó dheas ó rumlíne atá ceangailte ag na pointí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras comhordanáide WGS84:
2. Ní cheadófar iascaireacht bíge leictrí ach sna cásanna seo a leanas:
|
(15) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 32a Srianta ar shoithí peiligeacha maidir le láimhseáil agus scaoileadh gabhálacha 1. 10 milliméadar a bheidh san uas-spás idir barraí sa deighilteoir uisce ar bord soithí peiligeacha iascaireachta atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010. Beidh na barraí táthaithe dá n-áit. Má úsáidtear poill sa deighilteoir uisce seachas barraí, ní mó ná 10 milliméadar a bheidh in uasmhéid trastomhais na bpoll. 15 mhilliméadar ar a mhéad a bheidh mar thrastomhas ar na poill sna fánáin atá os comhair an deighilteora uisce. 2. I gcás gach soithigh pheiligigh atá ag oibriú i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, beidh toirmeasc ar éisc a scaoileadh faoi bhun líne uisce an tsoithigh ó umair mhaolánacha nó ó umair uisce farraige cuisnithe. 3. Seolfaidh máistir an tsoithigh dearaí a bhaineann le hinniúlachtaí láimhseála agus scaoilte soithí peiligeacha atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, dearaí atá deimhnithe ag údaráis inniúla na mBallstát brataí, mar aon le modhnú ar bith a dhéanfar orthu sin, seolfaidh sé na dearaí sin chuig údaráis inniúla iascaireachta an Bhallstáit bhrataí. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát brataí na soithí fíoruithe tréimhsiúla ar chruinneas na ndearaí a chuirtear faoina bhráid. Beidh cóipeanna de na dearaí sin ar bord i gcónaí.”; |
(16) |
cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas: “Airteagal 34a Bearta teicniúla caomhnaithe i Muir Éireann 1. Ón 14 Feabhra go dtí an 30 Aibreán, beidh cosc ar aon trál grinneallach, líon saighne nó líon tarraingthe cosúil eile, aon eangach gheolbhaigh, traimil, líonta fostúcháin nó aon líon éighníomhach cosúil eile nó aon ghléas iascaireachta a ionchorpraíonn duáin laistigh den chuid sin de Roinn VIIa de CITM atá iniata ag:
2. De mhaolú ar mhír 1, laistigh den limistéar agus den tréimhse dá dtagraítear sa mhír sin:
Airteagal 34b Úsáid eangach geolbhaigh i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j, k de CITM agus i bhFolimistéir VIII, IX, X agus XII de CITM soir ó 27° I 1. Ní úsáidfidh soithigh an Aontais eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin ná traimil áit ar bith ina bhfuil an doimhneacht cairte níos mó ná 200 méadar i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j, k de CITM agus i bhFolimistéir VIII, IX agus X agus XII de CITM soir ó 27° I. 2. De mhaolú ar mhír 1, ceadófar na gléasanna seo a leanas a úsáid:
3. Ní bheidh feidhm ag an maolú seI, áfach, i Limistéar Rialála an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC). 4. Aon soitheach a úsáideann eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe nó líonta fostúcháin nó traimil áit ar bith ina bhfuil an doimhneacht cairte níos mó ná 200 méadar i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j, k de CITM agus i bhFolimistéir XII soir ó 27° I, VIII, IX agus X de CITM, eiseofar údarú iascaireachta dó i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. 5. Ní choinneofar ach cineál amháin de na gléasanna a bhfuil cur síos orthu i mír 2(a), i mír 2(b) nó i mír 2(d) ar bord an tsoithigh ag am ar bith. Féadfaidh soithí líonta a iompar ar bord a bhfuil a bhfad iomlán 20 % níos faide ná uasfhad na gcabhlach is féidir a úsáid ag aon am amháin. 6. Maidir le máistir soithigh a bhfuil údarú iascaireachta aige dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh sé an méid gléasanna agus faid na ngléasanna sin atá á n-iompar ag soitheach sula bhfágann sé an calafort agus nuair a fhilleann sé ar an gcalafort a thaifeadadh sa logleabhar, agus tabharfaidh sé cuntas ar aon neamhréireacht idir an dá chainníocht. 7. Beidh an ceart ag na húdaráis inniúla gléas atá fágtha gan faire ar an bhfarraige a bhaint i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j, k agus i bhFolimistéir XII soir ó 27° I, VIII, IX agus X de CITM, sna cásanna seo a leanas:
8. Déanfaidh máistir soithigh a bhfuil údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 4 aige an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar le linn gach turais iascaireachta:
9. Ní cheadófar do shoithí iascaireachta a bhfuil údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 4 acu teacht i dtír ach amháin sna calafoirt atá ainmnithe ag na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002. 10. Ní bheidh cainníocht na siorc a choinneofar ar bord aon soithigh a bhfuil an cineál gléis a ndéantar cur síos air i mír 2(b) agus 2(d) níos mó ná 5 %, de bheomheáchan iomlán na n-orgánach muirí ar fad a choinnítear ar bord. 11. Tar éis dó dul i gcomhairle le CETEI, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar iascaigh shonracha de chuid Ballstáit, i bhFolimistéir VIII, IX, X de CITM, a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhír 1 go mír 9 ina léirítear le faisnéis a sholáthair na Ballstáit gur beag líon na bhfoghabhálacha sioirc agus líon na siorc a chaitear ar ais san uisce de bharr na n-iascach sin. Airteagal 34c Coinníollacha d’iascaigh a úsáideann gléasanna tarraingthe áirithe atá údaraithe i mBá na Bioscáine 1. De mhaolú ar na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 ón gCoimisiún an 19 Márta 2002 lena mbunaítear bearta teicniúla breise chun stoc colmóirí i bhFolimistéir III, IV, V, VI agus VII agus ranna VIIIa, b, d, e de CITM a athshlánú (15), ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta ag baint úsáide as tráil, líonta saighne Danmhargacha agus gléasanna cosúla, seachas tráil bhíoma, a bhfuil méid a mogall sa réimse 70-99 milliméadar sa limistéar atá sainmhínithe in Airteagal 5(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 má tá an gléas feistithe le painéal ina bhfuil mogaill chearnógacha i gcomhréir le hIarscríbhinn XIVb. 2. Nuair atáthar ag iascaireacht i Ranna VIII a agus b de CITM, ceadófar greille roghnach agus a forbhaill a úsáid os comhair cheann an tráil agus/nó painéal ina bhfuil mogaill chearnógacha agus méid na mogall comhionann le 60 milliméadar nó níos mó a úsáid, sa chuid is ísle den síneadh atá os comhair cheann an tráil. Ní bheidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 4(1), Airteagal 6 agus Airteagal 9(1) den Rialachán seo agus in Airteagal 3(a) agus (b) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 maidir leis an gcuid sin den trál ina bhfuil na feistí roghnacha sin. Airteagal 34d Bearta chun gnáthóga domhainfharraige leochaileacha a chosaint i Limistéar Rialála Choimisiún Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) 1. Toirmeascfar trál grinnill a dhéanamh nó iascaireacht a dhéanamh le gléas iascaireachta éighníomhach, lena n-áirítear eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus spiléir ghrinneallsocraithe, laistigh de na limistéir atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:
2. Más rud é, le linn oibriúcháin iascaireachta i limistéir nua agus reatha iascaireachta grinnill, laistigh de Limistéar Rialála NEAFC, go sáraítear in aon ghabháil amháin 60 kg de choiréalach beo agus/nó 800 kg de spúinse beo in aghaidh gach gléas, beidh ar an soitheach an méid sin a chur in iúl dá bhratstát, beidh orthu stopadh ó bheith ag iascaireacht san áit sin agus beidh orthu bogadh ar a laghad 2 mhuirmhíle ón ionad is giorra don áit go beacht, de réir na fianaise, ina ndearnadh an ghabháil. Airteagal 34e Bearta le cosaint a dhéanamh ar ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha atá i Ranna ICES VIIc, j agus k 1. Toirmeascfar trál grinnill a dhéanamh nó iascaireacht a dhéanamh le gléas iascaireachta éighníomhach, lena n-áirítear eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus spiléir grinneallsocraithe, laistigh de na limistéir atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras comhordanáide WGS84:
2. Caithfidh gach soitheach peiligeach atá ag iascaireacht sna limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo iad bheith ar liosta de shoithí údaraithe agus údarú iascaireachta bheith eisithe dóibh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Gléas iascaireachta peiligeach amháin a bheidh ar bord soithí a áireofar ar an liosta de shoithí údaraithe. 3. Gach soitheach peiligeach a bhfuil sé ar intinn aige dul ag iascaireacht i limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo tabharfaidh sé ceithre uair an chloig réamhfholáirimh d’Ionad Faireacháin Iascaigh na hÉireann (IFI) mar a shainmhínítear in Airteagal 4(15) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Cuirfidh siad méid an éisc atá ar bord in iúl ag an am chéanna. 4. Soithí peiligeacha atá ag iascaireacht i limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1, beidh Córas um Fhaireachán Soithí (VMS) atá oibríochtúil, slán agus ag feidhmiú go hiomlán acu agus ina gcomhlíontar na rialacha faoi seach go hiomlán maidir le bheith i limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha. 5. Soithí peiligeacha atá ag iascaireacht i limistéir ina dtugtar cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1, tabharfaidh siad tuairisc VMS gach uair an chloig. 6. Soithí peiligeacha atá críochnaithe le bheith ag iascaireacht i limistéar a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1, cuirfidh siad sin in iúl d’Ionad Faireacháin Iascaigh na hÉireann (IFI) ar fhágáil an limistéir sin dóibh. Cuirfidh siad méid an éisc atá ar bord in iúl ag an am chéanna. 7. Tá srianadh ar iascaireacht speicis pheiligigh i limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1 sa dóigh is nach féidir a bheith acu ach líonta, atá ar bord nó atá á n-úsáid ag iascaireacht, lena ngabhann réimse méide mogaill 16-31 mhilliméadar nó 32-54 mhilliméadar. Airteagal 34f Bearta le cosaint a dhéanamh ar ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha atá i Roinn CITM VIIIc 1. Toirmeascfar trál grinnill a dhéanamh nó iascaireacht a dhéanamh le gléas iascaireachta éighníomhach, lena n-áirítear eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus spiléir grinneallsocraithe, laistigh den limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84: El Cachucho:
2. De mhaolú ar an toirmeasc atá leagtha amach i mír 1, aon soithí a bhí ag déanamh iascaireachta a bhí dírithe ar an gcolmóir gabhlach mór le spiléir grinneallsocraithe sna blianta 2006, 2007 agus 2008, féadfaidh siad údarú iascaireachta a fháil óna n-údaráis iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 lena gceadaítear dóibh leanúint leis an iascach sin sa limistéar ó dheas ó 44°00.00′ T. Úsáidfidh gach soitheach a fhaigheann an t-údarú iascaireachta sin, gan aird ar a bhfad foriomlán, Córas um Fhaireachán Soithí (VMS) atá oibríochtúil, slán agus ag feidhmiú go hiomlán agus a ina gcomhlíontar na rialacha faoi seach go hiomlán, nuair a bhíonn siad ag déanamh iascaireachta sa limistéar atá leagtha amach i mír 1. |
(17) |
scriostar Airteagal 38; |
(18) |
scriostar Airteagal 47; |
(19) |
leasaítear Iarscríbhinní I, IV, XII agus XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/98 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(20) |
cuirtear isteach Iarscríbhinní XIIa, XIVa, XIVb, XIVc agus XIVd i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1434/98
Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1434/98:
“1a. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le scadáin a gabhtar i Roinn IIIa, Folimistéar IV agus Roinn VIId agus in uiscí an AE de chuid Roinn IIa de CITM.”.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Márta 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. CREIGHTON
(1) IO C 351, 15.11.2012, lch. 83.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Feabhra 2013.
(3) IO L 347, 24.12.2009, lch. 6.
(4) IO L 165, 24.6.2011, lch. 1.
(5) IO L 22, 26.1.2009, lch.1.
(6) IO L 125, 27.4.1998, lch. 1.
(7) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(8) IO L 191, 7.7.1998, lch. 10.
(9) IO L 347, 30.12.2011, lch. 44.”;
(10) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(11) IO L 348, 24.12.2008, lch. 20.
(12) IO L 351, 28.12.2002, lch. 6.
(13) IO L 348, 31.12.2010, lch. 17.”;
(14) IO L 41, 13.2.2002, lch. 1.
(15) IO L 77, 20.3.2002, lch. 8.”;
IARSCRÍBHINN
Leasaítear na hIarscríbhini a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/98 mar a leanas:
(1) |
scriostar fonóta 6 den tábla in Iarscríbhinn I; |
(2) |
in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla: “Gléasanna tarraingthe: Skagerrak agus Kattegat Raonta méid mogaill, na spriocspecis agus céatadáin riachtantacha na gabhála is infheidhme maidir le raon méid an mhogaill a úsáid
|
(3) |
leasaítear an tábla in Iarscríbhinn XII mar a leanas:
|
(4) |
cuirtear isteach an iarscríbhinn seo a leanas: “IARSCRÍBHINN XII a Íosmhéideanna do réigiún 9
|
(5) |
cuirtear na hainmneacha seo a leanas in Iarscríbhinn XIV in ord aibítre a ngnáth-ainmneacha:
|
(6) |
cuirtear isteach na hiarscríbhinní seo a leanas: “IARSCRÍBHINN XIVa SONRAÍOCHTAÍ DO GHREILLE SÓRTÁLA
IARSCRÍBHINN XIVb COINNÍOLLACHA D’IASCAIGH ATÁ AG ÚSÁID GLÉASANNA TARRAINGTHE ÁIRITHE ATÁ ÚDARAITHE I mBÁ NA BIOSCÁINE 1. Sonraíochtaí an phainéil ar barr ina bhfuil mogaill chearnógacha Giota dronuilleogach de líontán a bheidh sa phainéal. Ní bheidh ach an t-aon phainéal amháin ann. Ní chuirfidh forbhall inmheánach ná forbhall seachtrach aon bhac ar an bpainéal ar dhóigh ar bith air. 2. Láthair an phainéil Ionsáfar an painéal i lár an bharrphainéil den chuid bharrchaolaithe ar chúl an tráil díreach, os comhair an choda neamh-bharrchaolaithe atá comhdhéanta den síneadh agus de cheann an tráil. Tiocfaidh deireadh leis an bpainéal laistigh de 12 mhogall ón tsraith lámhthrilsithe mogall idir an síneadh agus an chuid bharrchaolaithe ar chúl an tráil. 3. Méid an phainéil Beidh fad an phainéil ar a laghad 2 mhéadar agus leithead an phainéil ar a laghad 1 mhéadar. 4. Líontán an phainéil Beidh 100 mhilliméadar mar íosmhéid na hoscailte ag na mogaill. Mogaill chearnógacha a bheidh sna mogaill, i.e. beidh barraí uile gearrtha i bhfeidhm ar na ceithre thaobh de líontán an phainéil. Beidh an líontán feistithe sa chaoi go mbíonn na barraí ag imeacht comhthreomhar agus ingearach le fad-ais cheann an tráil. Corda singil a bheidh sa líontán. Ní bheidh tiús an chorda níos mó ná 4 mhilliméadar. 5. Ionsá an phainéil sa líontán le mogaill mhuileatacha Beidh cead dlúthchiumhais a cheangal ar cheithre thaobh an phainéil. Ní bheidh trastomhas na dlúthchiumhaise níos mó ná 12 mhilliméadar. Beidh fad sínte an phainéil ar chomhfhad le fad sínte na mogall muileatach atá ceangailte d’fhadtaobh an phainéil. Beidh líon na mogall muileatach den bharrphainéal atá ceangailte den taobh is lú den phainéal (i.e. an taobh atá aon mhéadar ar fad agus ingearach le fad-ais cheann an tráil) ar a laghad ar chóimhéid le líon na mogall muileatach iomlán atá ceangailte d’fhadtaobh an phainéil roinnte ar 0,7. 6. Tá ionsá an phainéil sa trál léirithe thíos.
IARSCRÍBHINN XIVc PAINÉAL INA bhFUIL MOGAILL CHEARNÓGACHA DO SHOITHÍ ATÁ NÍOS MÓ NÁ 15 MHÉADAR 1. Sonraíochtaí an phainéil ar barr ina bhfuil mogaill chearnógacha Giota dronuilleogach de líontán a bheidh sa phainéal. Corda singil a bheidh sa líontán. Mogaill chearnógacha a bheidh sna mogaill, i.e. beidh “barraí uile gearrtha” i bhfeidhm ar na ceithre thaobh de líontán an phainéil. Beidh méid an mhogaill cothrom le 120 milliméadar nó níos mó. Beidh an painéal ar a laghad 3 mhéadar ar fad seachas nuair atá siad ionchorpraithe i líonta atá á dtarraingt ag soithí de níos lú ná 112 kW, agus sa chás sin beidh sé 2 mhéadar ar fad ar a laghad. 2. Láthair an phainéil Ionsáfar an painéal i mbarrphainéal cheann an tráil. Beidh an t-imeall is faide ar chúl laistigh de 12 mhéadar ó cheann an tráil mar atá sainmhínithe in Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 3440/84 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 1984 maidir le feistí a cheangal le tráil, le saighní Danmhargacha, nó le líonta den tsamhail chéanna (9). 3. Ionsá an phainéil sa líontán le mogaill mhuileatacha Ní bheidh níos mó na dhá mhogall mhuileatacha oscailte idir fadtaobh an phainéil agus an dlúthchiumhais taobh leis. Beidh fad sínte an phainéil ar chomhfhad le fad sínte na mogall muileatach atá ceangailte d’fhadtaobh an phainéil. Nuair is 80 milliméadar ceann an tráil, trí mhogall mhuileatacha le mogall cearnógach amháin a bheidh sa ráta ceangailte idir mogaill mhuileatacha bharrphainéal cheann an tráil agus an taobh is lú den phainéal, nó dhá mhogall mhuileatacha le mogall cearnógach nuair is 120 milliméadar ceann an tráil, seachas i gcás barraí imill an phainéil ón dá thaobh. IARSCRÍBHINN XIVd PAINÉAL INA bhFUIL MOGAILL CHEARNÓGACHA DO SHOITHÍ ATÁ NÍOS LÚ NÁ 15 MHÉADAR 1. Sonraíochtaí an phainéil ar barr ina bhfuil mogaill chearnógacha Giota dronuilleogach de líontán a bheidh sa phainéal. Corda singil a bheidh sa líontán. Mogaill chearnógacha a bheidh sna mogaill, i.e. beidh “barraí uile gearrtha” i bhfeidhm ar na ceithre thaobh de líontán an phainéil. Beidh méid an mhogaill cothrom le 110 milliméadar nó níos mó. Beidh an painéal ar a laghad 3 mhéadar ar fad seachas nuair atá siad ionchorpraithe i líonta atá á dtarraingt ag soithí de níos lú ná 112 kW, agus sa chás sin beidh sé 2 mhéadar ar fad ar a laghad. 2. Láthair an phainéil Ionsáfar an painéal i mbarrphainéal cheann an tráil. Beidh an t-imeall is faide ar chúl laistigh de 12 mhéadar ó cheann an tráil mar atá sainmhínithe in Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 3440/84. 3. Ionsá an phainéil sa líontán le mogaill mhuileatacha Ní bheidh níos mó na dhá mhogall mhuileatacha oscailte idir fadtaobh an phainéil agus an dlúthchiumhais taobh leis. Beidh fad sínte an phainéil ar chomhfhad le fad sínte na mogall muileatach atá ceangailte d’fhadtaobh an phainéil. Beidh an ráta ceangailte idir na lúba muileatacha ar bharr phainéil cheann an tráil agus an taobh is lú den phainéal trí mhogall muileatach le mogall cearnógach amháin, seachas barraí imill na fuinneoige ón dá thaobh. |
(1) Laistigh de cheithre muirmhíle amháin ó na bonnlínte.
(2) Lasmuigh de cheithre muirmhíle ó na bonnlínte.
(3) Ón 1 Márta go 31 Deireadh Fómhair in Skagerrak agus ón 1 Márta go 31 Iúil in Kattegat.
(4) Ón 1 Samhain go dtí an lá deireanach de mhí Feabhra in Skagerrak agus ón 1 Lúnasa go dtí an lá deireanach de mhí Feabhra in Kattegat.
(5) Nuair a bheidh raon méid an mhogaill á chur i bhfeidhm déanfar ceann an tráil de líontán mogaill atá cearnógach a bhfuil greille sórtála air i gcomhréir le hIarscríbhinn XIVa den Rialachán seo.
(6) Ní bheidh an ghabháil a choinnítear ar bord níos mó ná 10 % aon mheascán de na héisc a leanas: trosc, cadóg, colmóir, leathóg, leathóg bhán, sól geal, sól, turbard, broit, leith, ronnach, scoilteán, faoitín, daba, glasán, gliomach an Iorua agus gliomach.
(7) Ní bheidh an ghabháil a choinnítear ar bord níos mó ná 50 % aon mheascán de na héisc a leanas: trosc, cadóg, colmóir, leathóg, leathóg bhán, sól geal, sól, turbard, broit, leith, ronnach, scoilteán, daba, glasán, gliomach an Iorua agus gliomach.
(8) Ní bheidh an ghabháil a choinnítear ar bord níos mó ná 60 % aon mheascán de na héisc a leanas: trosc, cadóg, colmóir, leathóg, leathóg bhán, sól geal, sól, turbard, broit, leith, scoilteán, faoitín, daba, glasán, agus gliomach.”;