EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R1219

Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha

OJ L 351, 20.12.2012, p. 40–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 11 Volume 127 P. 188 - 194

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1219/oj

20.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/40


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1219/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2012

lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, áirítear infheistíocht dhíreach choigríche ar liosta na n-ábhar a thig faoin gcomhbheartas tráchtála. I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), tá inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach i dtaca leis an gcomhbheartas tráchtála. Dá réir sin, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse sin a ghlacadh. Ní bheidh na Ballstáit iad féin in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE.

(2)

Ina theannta sin, leagtar síos i gCaibidil 4, de Theideal IV de Chuid a Trí CFAE comhrialacha maidir le gluaiseacht caipitil idir Ballstáit agus tríú tíortha, lena n-áirítear i leith gluaiseachtaí caipitil lena mbaineann infheistíochtaí. Is féidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hinfheistíocht choigríche a dhéanfaidh Ballstáit difear a dhéanamh do na rialacha sin.

(3)

Tá an Rialachán seo gan dochar do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhréir le CFAE.

(4)

Nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, choimeád na Ballstáit líon suntasach comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha i bhfeidhm. Níl forálacha idirthréimhseacha follasacha ar bith i CFAE le haghaidh chomhaontuithe den sórt sin ar comhaontuithe iad a thig faoi inniúlacht eisiach an Aontais anois. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh forálacha i roinnt de na comhaontuithe sin a dhéanfadh difear do na comhrialacha maidir le gluaiseachtaí caipitil arna leagan síos i gCaibidil 4 de Theideal IV de Chuid a Trí CFAE.

(5)

Bíodh is go mbeidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ceangailteach i gcónaí ar na Ballstáit faoin dlí poiblí idirnáisiúnta agus go ndéanfar comhaontuithe Aontais eile ar an ábhar céanna a chur ina n-ionad go comhleanúnach, beidh gá le bainistiú iomchuí a dhéanamh ar choinníollacha a marthana leanúnaí, agus ar a gcaidreamh le beartais infheistíochta an Aontais. Forbróidh an caidreamh sin a thuilleadh de réir mar a fheidhmeoidh an tAontas a inniúlacht.

(6)

Ar mhaithe le hinfheisteoirí an Aontais agus lena n-infheistíochtaí i dtríú tíortha, agus ar mhaithe le Ballstáit atá ina n-óstach d’infheisteoirí agus d’infheistíochtaí coigríche, ba cheart comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ina sonraítear agus ina ráthaítear go ndéanfar na coinníollacha infheistíochta a choimeád i bhfeidhm, agus go ndéanfar comhaontuithe infheistíochta de chuid an Aontais a chur ina n-ionad go comhleanúnach, ina bhforálfaí do chaighdeáin arda maidir le hinfheistíocht a chosaint.

(7)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go dtabharfaí aghaidh ar an stádas atá ag comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta na mBallstát faoi dhlí an Aontais, ar comhaontuithe iad a síníodh roimh 1 Nollaig 2009. Is féidir na comhaontuithe sin a choimeád i bhfeidhm, nó is féidir leo teacht i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(8)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí síos coinníollacha faoina gcumhachtófaí do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a thabhairt i gcrích agus/nó a choimeád i bhfeidhm, ar comhaontuithe iad a síníodh idir an 1 Nollaig 2009 agus an 9 Eanáir 2013.

(9)

Thairis sin, ba cheart go leagfaí amach leis an Rialachán seo na coinníollacha faoina dtugtar cumhachtaí do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích le tríú tíortha tar éis an 9 Eanáir 2013.

(10)

I gcás ina ndéanann na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha a choimeád i bhfeidhm faoin Rialachán seo, nó i gcás inar tugadh údaruithe chun tús a chur le caibidlíocht nó chun comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích, níor cheart go gcuirfí cosc leis sin ar an Aontas comhaontuithe infheistíochta a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích.

(11)

Tá ceangal ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh le neamhluithe, nuair is ann dóibh, le dlí an Aontais, mar atá i gcomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta atá tugtha i gcrích eatarthu agus tríú tíortha a dhíchur. Tá cur chun feidhme an Rialacháin seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 258 CFAE maidir le mainneachtain Bhallstáit oibleagáidí á gcomhlíonadh faoi dhlí an Aontais.

(12)

Go háirithe, ba cheart go ndéanfadh an t-údarú chun comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích dá bhforáiltear sa Rialachán seo ligean do Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar aon neamhluí idir a gcomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta agus dlí an Aontais, seachas na neamhluithe a éiríonn as leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar nithe iad a dtugtar aghaidh orthu sa Rialachán seo.

(13)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh, inter alia, ar an ngá atá ann leanúint de Chaibidil III a chur i bhfeidhm. I gcás ina moltar sa tuarascáil deireadh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chaibidil III nó i gcás ina moltar na forálacha sin a mhodhnú, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.

(14)

Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a áirithiú go gcaithfí le haon fhaisnéis a aithnítear mar fhaisnéis rúnda i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (2).

(15)

Níor cheart go gcumhdófaí comhaontuithe infheistíochta idir Ballstáit leis an Rialachán seo.

(16)

Is gá go ndéanfar foráil maidir le socruithe áirithe chun a áirithiú go leanfadh na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta, ar comhaontuithe iad a choimeádtar i bhfeidhm de bhun an Rialacháin seo, de bheith oibríochtúil i gcónaí, lena n-áirítear maidir le réiteach díospóide, agus inniúlacht eisiach an Aontais á hurramú ag an am céanna.

(17)

Chun coinníollacha comhionanna maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (3).

(18)

Go sonrach, ba cheart na cumhachtaí sin a thabhairt don Choimisiún ós rud é go gcumhachtaítear do na Ballstáit leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 9, in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 gníomhú i réimsí inniúlacht eisiach an Aontais agus ní mór na cinntí maidir leis an méid sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

(19)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun údaruithe a ghlacadh de bhun Airteagal 9, Airteagal 11 agus Airteagal 12, ós rud é go bhfuiltear chun na húdaruithe sin a thabhairt ar bhonn chritéir shoiléire arna mbunú leis an Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí arna mbunú ag CFAE, tugtar aghaidh sa Rialachán seo ar an stádas atá ag comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta na mBallstát faoi dhlí an Aontais, agus bunaítear na téarmaí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta leis, faoina n-údaraítear do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma “comhaontú déthaobhach infheistíochta” aon chomhaontú le tríú tír ina mbeidh forálacha maidir le hinfheistíocht a chosaint. Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo ach amháin na forálacha sin de chomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ina ndéileáiltear le hinfheistíocht a chosaint.

CAIBIDIL II

COMHAONTUITHE DÉTHAOBHACHA INFHEISTÍOCHTA ATÁ ANN CHEANA A CHOIMEÁD I BHFEIDHM

Airteagal 2

Fógra a thabhairt don Choimisiún

Faoin 8 Feabhra 2013 nó laistigh de 30 lá ó dháta a n-aontachas leis an Aontas, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le gach comhaontú déthaobhach infheistíochta le tríú tíortha a síníodh roimh an 1 Nollaig 2009 nó roimh dháta a n-aontachas, cibé acu is déanaí, agus ar mian leo iad a choimeád i bhfeidhm nó a cheadú dóibh teacht i bhfeidhm faoin gCaibidil seo. Áireofar cóip de na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta sin leis an bhfógra. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin i leith aon athruithe dá éis sin ar stádas na gcomhaontuithe sin.

Airteagal 3

Coimeád i bhfeidhm

Gan dochar do na ceanglais eile atá ar na Ballstáit faoi dhlí an Aontais, féadfar comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo a choimeád i bhfeidhm, nó teacht i bhfeidhm, i gcomhréir le CFAE agus leis an Rialachán seo, go dtí go dtiocfaidh comhaontú déthaobhach infheistíochta i bhfeidhm idir an tAontas agus an tríú tír céanna.

Airteagal 4

Foilsiú

1.   Gach 12 mhí, foilseoidh an Coimisiún liosta na gcomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2, Airteagal 11(6) nó Airteagal 12(6) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Déanfar an liosta de na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú den chéad uair tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an spriocdháta le haghaidh fógraí arna ndéanamh de bhun Airteagal 2.

Airteagal 5

Measúnú

Féadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2, trí mheastóireacht a dhéanamh ar cibé an constaic thromchúiseach aon cheann amháin nó níos mó dá bhforálacha ar an Aontas do chaibidliú nó do thabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha, chun go ndéanfaí ionadú go comhleanúnach ar na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2.

Airteagal 6

Dualgas an chomhair

1.   Déanfaidh na Ballstáit aon bhearta iomchuí lena áirithiú nach mbeidh forálacha na gcomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2 ina gconstaic thromchúiseach ar an Aontas do chaibidliú nó do thabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha, chun go ndéanfaí ionadú go comhleanúnach ar na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2.

2.   Má shuíonn an Coimisiún gur constaic aon cheann amháin nó níos mó d’fhorálacha comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2 ar an Aontas do chaibidliú nó do thabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha, chun go ndéanfaí ionadú go comhleanúnach ar na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2, rachaidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann i mbun comhairliúcháin go pras agus comhoibreoidh siad d’fhonn na gníomhaíochtaí iomchuí a aithint chun an t-ábhar sin a réiteach. Ní faide ná 90 lá a mhairfidh na comhairliúcháin sin.

3.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 60 lá tar éis dheireadh na gcomhairliúchán, a léiriú cé na bearta iomchuí a bheidh le déanamh ag an mBallstát lena mbaineann d’fhonn na constaicí dá dtagraítear i mír 2 a bhaint.

CAIBIDIL III

ÚDARÚ CHUN COMHAONTUITHE DÉTHAOBHACHA INFHEISTÍOCHTA A LEASÚ NÓ A THABHAIRT I GCRÍCH

Airteagal 7

Údarú chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích

Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 8 go hAirteagal 11, údarófar do Bhallstát dul i gcaibidlíocht le tríú tír chun comhaontú déthaobhach infheistíochta atá ann cheana a leasú nó chun comhaontú déthaobhach nua infheistíochta a thabhairt i gcrích.

Airteagal 8

Fógra a thabhairt don Choimisiún

1.   I gcás inar mian le Ballstát dul i gcaibidlíocht le tríú tír chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Choimisiún maidir lena bhfuil ar intinn aige.

2.   Áireofar san fhógra dá dtagraítear i mír 1 doiciméadacht ábhartha agus léiriú ar na forálacha a bhfuiltear chun aghaidh a thabhairt orthu sna caibidlíocht nó atá le hathchaibidliú, cuspóirí na gcaibidlíocht agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

3.   Déanfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 a tharchur cúig mhí ar a laghad sula gcuirfear tús le caibidlíocht foirmiúla.

4.   I gcás nach leor an fhaisnéis a tharchuir an Ballstát chun tosach caibidlíocht foirmiúla a údarú i gcomhréir le hAirteagal 9, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, má iarrtar í, an doiciméadacht tionlacain, a chur ar fáil do na Ballstáit eile faoi réir cheanglais na rúndachta ata leagtha síos in Airteagal 14.

Airteagal 9

Údarú chun tús a chur le caibidlíocht foirmiúla

1.   Údaróidh an Coimisiún do na Ballstáit caibidlíocht foirmiúla a thosú le triú tíortha chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích mura gcinneann sé gurb amhlaidh, maidir le caibidlíocht den sórt sin a thosú:

(a)

go mbeadh an méid sin ar neamhréir le dlí an Aontais seachas na neamhluithe a eascraíonn as leithdháileadh inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit;

(b)

go mbeadh an méid sin iomarcach, mar gur thíolaic an Coimisiún moladh, nó gur chinn sé a mholadh, go ndéanfaí tús a chur le caibidlíocht leis an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 218(3) CFAE;

(c)

nach mbeadh an méid sin ag teacht le prionsabail agus le cuspóirí an Aontais le haghaidh gníomhaíochta seachtraí mar a chumtar iad i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos i gCaibidil I de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach; nó

(d)

go mbeadh an méid sin ina chonstaic thromchúiseach ar an Aontas do chaibidil nó do thabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha.

2.   Mar chuid den údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát aon chlásail a chur san áireamh i gcaibidlíocht den sórt sin agus i gcomhaontú déthaobhach infheistíochta ionchais den sórt sin nó aon chlásail a eisiamh ó chaibidlíocht den sórt sin agus ó chomhaontú déthaobhach infheistíochta ionchais den sórt sin nuair is gá sin, chun comhsheasmhacht le beartas infheistíochta an Aontais nó comhréireacht le dlí an Aontais a áirithiú.

3.   Maidir leis an údarú dá dtagraítear i mír 1, tabharfar é i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 90 lá tar éis dó an fógra dá dtagraítear in Airteagal 8 a fháil. Sa chás gur gá faisnéis bhreise le cinneadh a dhéanamh, tosóidh an tréimhse 90 lá an dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise.

4.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cinntí a rinneadh de bhun mhír 3.

5.   I gcás nach dtugann an Coimisiún an t-údarú de bhun mhír 1, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé na cúiseanna a bheidh leis an méid sin.

Airteagal 10

Rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcaibidlíocht

Coinneofar an Coimisiún ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcaibidlíocht chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích le linn na gcéimeanna éagsúla, agus féadfaidh sé iarraidh páirt a ghlacadh sna caibidlíocht a bhaineann le hinfheistíocht idir an Ballstát agus an tríú tír.

Airteagal 11

Údarú chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a shíniú agus a thabhairt i gcrích

1.   Sula síneoidh sé comhaontú déthaobhach infheistíochta, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le toradh na gcaibidlíocht agus déanfaidh sé téacs comhaontaithe den sórt sin a tharchur chuig an gCoimisiún.

2.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a caibidlíodh roimh an9 Eanáir 2013, ach ar comhaontuithe iad nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide fógra a thabhairt dá bhforáiltear faoi Airteagal 2 ná faoi Airteagal 12.

3.   Chomh luath agus a gheobhaidh sé fógra, déanfaidh an Coimisiún measúnú cibé acu an bhfuil an comhaontú déthaobhach infheistíochta a caibidlíodh ar neamhréir le ceanglais Airteagal 9(1) agus (2).

4.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún go bhfuil comhaontú déthaobhach infheistíochta ann mar thoradh ar na caibidlíocht agus go gcomhlíonann sé ceanglais Airteagal 9(1) agus (2), údaróidh sé don Bhallstát comhaontú den sórt sin a shíniú agus a thabhairt i gcrích. Beidh feidhm ag Airteagal 3, Airteagal 5 agus Airteagal 6 maidir le comhaontuithe den sórt sin, amhail is dá mbeadh fógra tugtha ina leith faoi Airteagal 2.

5.   Déanfar cinntí de bhun mhír 4 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 90 lá tar éis na fógraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a fháil. I gcás inar gá faisnéis bhreise leis an gcinneadh a dhéanamh, tosóidh an tréimhse 90 lá an dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise.

6.   I gcás ina dtugann an Coimisiún údarú de bhun mhír 4, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le tabhairt i gcrích agus teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe dhéthaobhaigh infheistíochta, agus maidir le haon hathruithe sin a dhéanfar ar stádas an chomhaontaithe sin dá éis sin.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cinntí a rinneadh de bhun mhír 4.

8.   I gcás nach dtugann an Coimisiún an t-údarú de bhun mhír 4, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus luafaidh sé na cúiseanna a bheidh leis an méid sin.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Comhaontuithe a shínigh na Ballstáit idir an 1 Nollaig 2009 agus an 9 Eanáir 2013

1.   I gcás inar shínigh Ballstát, idir 1 Nollaig 2009 agus an 9 Eanáir 2013, comhaontú déthaobhach infheistíochta, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún i ndáil le comhaontú den sórt sin ar mian leis é a choimeád i bhfeidhm nó a cheadú dó teacht i bhfeidhm, faoin 8 Feabhra 2013. Áireofar cóip de chomhaontú déthaobhach den sórt sin leis an bhfógra.

2.   Chomh luath agus a gheobhaidh sé fógra, déanfaidh an Coimisiún measúnú cibé acu an bhfuil an comhaontú déthaobhach infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo ar neamhréir le ceanglais Airteagal 9(1) agus (2).

3.   Sa chás go bhfaigheann an Coimisiún go gcomhlíonann comhaontú déthaobhach infheistíochta a dtugtar fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 9 (1) agus (2), údaróidh sé comhaontú den sórt sin a choimeád i bhfeidhm nó a theacht i bhfeidhm faoi dhlí an Aontais.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo laistigh de 180 lá tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil. I gcás inar gá faisnéis bhreise leis an gcinneadh a dhéanamh, tosóidh an tréimhse 180 lá ar an dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise. Is i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a ghlacfar cinntí de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

5.   Mura rud é gur údaraíodh comhaontú déthaobhach infheistíochta de bhun mhír 4 den Airteagal seo, ní thógfaidh an Ballstát aon chéim eile chun comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích, agus tarraingeoidh sé siar na céimeanna sin nó déanfaidh sé iad a fhreaschur.

6.   I gcás ina dtugann an Coimisiún údarú de bhun mhír 4 den Airteagal seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe dhéthaobhaigh infheistíochta, agus maidir le haon athruithe ar an stádas a bheidh ag comhaontú den sórt sin dá éis sin. Beidh feidhm ag Airteagal 3, ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 6 maidir le comhaontú den sórt sin amhail is dá mbeadh fógra tugtha ina leith faoi Airteagal 2.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cinntí a rinneadh de bhun mhír 3.

8.   I gcás nach dtugann an Coimisiún údarú de bhun mhír 4, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé na cúiseanna a bheidh leis an méid sin.

Airteagal 13

Iompar na mBallstát maidir le comhaontú déthaobhach infheistíochta le tríú tír

I gcás ina dtig comhaontú déthaobhach infheistíochta faoi raon feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

an Coimisiún a chur ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí maidir le gach cruinniú a tharlóidh faoi fhorálacha an chomhaontaithe. Tabharfar an clár oibre agus an fhaisnéis ábhartha uile don Choimisiún d’fhonn cur ar a chumas na hábhair atá le plé ag na cruinnithe sin a thuiscint. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann. I gcás ina bhféadfadh saincheist atá le plé difear a dhéanamh do chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an mBallstát lena mbaineann seasamh ar leith a ghlacadh.

(b)

an Coimisiún a chur ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí maidir le gach uiríoll a dhéantar leis go bhfuil beart ar leith ar neamhréir leis an gcomhaontú. Ina theannta sin, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir le haon iarraidh ar réiteach díospóide a thaisctear faoi choimirce an chomhaontaithe dhéthaobhaigh infheistíochta chomh luath is a bhíonn an Ballstát ar an eolas maidir le hiarraidh den sórt sin. Comhoibreoidh an Ballstát agus an Coimisiún le chéile go hiomlán agus déanfaidh siad gach beart is gá chun cosaint éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an Coimisiún a bheith rannpháirteach sa nós imeachta.

(c)

aontú a lorg ón gCoimisiún sula ndéanfaidh sé aon sásra ábhartha le haghaidh réiteach díospóide in aghaidh tríú tíre a áirítear leis an gcomhaontú déthaobhach infheistíochta a ghníomhachtú, agus déanfaidh sé na sásraí sin a ghníomhachtú má iarrann an Coimisiún é. Áireofar leis na sásraí sin comhairliúcháin leis an bpáirtí eile sa chomhaontú agus sa réiteach díospóide i gcás ina ndéantar foráil dóibh sa chomhaontú. Comhoibreoidh an Ballstát agus an Coimisiún le chéile go hiomlán le linn na nósanna imeachta a sheoladh faoi chuimsiú na sásraí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an Coimisiún a bheith rannpháirteach sa nós imeachta ábhartha.

Airteagal 14

Rúndacht

Nuair a thugtar fógra don Choimisiún maidir le caibidlíocht agus a dtoradh i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 11, féadfaidh na Ballstáit a léiriú cibé an bhfuil aon chuid den fhaisnéis a chuirtear ar fáil le meas mar fhaisnéis rúnda nó nach bhfuil, agus cibé an bhféadtar é a chomhroinnt leis na Ballstáit eile nó nach bhféadtar.

Airteagal 15

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 10 Eanáir 2020, tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Cuimseoidh an tuarascáil forbhreathnú ar údaruithe a iarradh agus a tugadh faoi Chaibidil III chomh maith le hathbhreithniú ar an ngá atá ann leanúint den Chaibidil sin a chur i bhfeidhm.

3.   I gcás ina moltar sa tuarascáil go gcuirfear deireadh le cur chun feidhme Chaibidil III nó go modhnófar forálacha na Caibidle sin, beidh togra reachtach iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 16

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste le haghaidh na gComhaontuithe Infheistíochta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2012 (IO C 352 E, 16.11.2012, lch. 23). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(3)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.


DEARBHÚ Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN

Ní fasach é an Rialachán seo, lena n-áirítear aithris 17, aithris 18 agus aithris 19, lena bhforáiltear na nósanna imeachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid i gcás rialachán a bheidh ann amach anseo, lena gceadófar don Aontas cumhacht a thabhairt do na Ballstáit faoi Airteagal 2(1) CFAE reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí i réimse ina dtugtar inniúlacht eisiach don Aontas. Thairis sin, sa Rialachán seo, ní mheasfar go mbeidh fasach á leagan síos do na rialacháin a bheidh ann amach anseo lena mbunófar creat don chomhbheartas tráchtála, tríd an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid in ionad an nós imeachta scrúdúcháin.


Top