EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R0387

Rialachán (AE) Uimh. 387/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

OJ L 129, 16.5.2012, p. 7–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 04 Volume 011 P. 141 - 145

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32014R0508

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/387/oj

16.5.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/7


RIALACHÁN (AE) Uimh. 387/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Aibreán 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais atá ann ar fud an domhain agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meathlú mór tagtha ar dhálaí airgeadais agus eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Go sonrach, tá deacrachtaí tromchúiseacha ag Ballstáit áirithe nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go háirithe fadhbanna a bhaineann lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus fadhbanna a bhaineann le meathlú ar a riocht easnaimh agus fiachais, de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais.

(2)

Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, chun éifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú, tá tionchar na géarchéime airgeadais ar an ngeilleagar réadach, ar mhargadh an tsaothair agus ar na saoránaigh le brath go forleathan. Tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus ba cheart tuilleadh a dhéanamh chun an brú sin a mhaolú tríd an úsáid is mó agus an úsáid is éifeachtaí a bhaint as cistiú ón gCiste Eorpach Iascaigh.

(3)

De bhun Airteagal 122(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena bhforáiltear go mbeidh an fhéidearthacht ann cúnamh airgeadais Aontais a dheonú do Bhallstát a bhfuil deacrachtaí aige nó a bhfuil géardheacrachtaí ag dianbhagairt air arb éard is cúis leo, inter alia, tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, rinneadh i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (3) sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach a bhunú, d’fhonn cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE ón gComhairle (4) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE ón gComhairle (5), faoi seach, rinneadh cúnamh airgeadais Aontais den sórt sin a dheonú d’Éirinn agus don Phortaingéil.

(5)

Bhí deacrachtaí tromchúiseacha ag an nGréig maidir lena cobhsaíocht airgeadais cheana sular tháinig Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 i bhfeidhm. Níorbh fhéidir, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais don Ghréig a bhunú ar an Rialachán sin.

(6)

Tháinig an Comhaontú Idirchreidiúnaíoch agus an Comhaontú Saoráide Iasachta don Ghréig, a síníodh an 8 Bealtaine 2010, i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2010. Tá an Comhaontú Idirchreidiúnaíoch chun leanúint de lánfheidhm a bheith aige agus de lánéifeacht a bheith leis ar feadh clárthréimhse trí bliana fad is a bheidh aon mhéideanna gan íoc faoin gComhaontú Saoráide Iasachta.

(7)

Le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach do Bhallstáit i leith chomharduithe a n-íocaíochtaí (6) foráiltear go bhfuil an Chomhairle chun cúnamh frithpháirteach a dheonú i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag Ballstát nár ghlac an euro, nó ina bhfuil deacrachtaí ag dianbhagairt ar Bhallstát den sórt sin maidir le comhardú a íocaíochtaí.

(8)

Le Cinneadh 2009/102/CE ón gComhairle (7), le Cinneadh 2009/290/CE ón gComhairle (8) agus le Cinneadh 2009/459/CE ón gComhairle (9), faoi seach, rinneadh cúnamh airgeadais Aontais den sórt sin a dheonú don Ungáir, don Laitvia agus don Rómáin.

(9)

Tá an tréimhse ar lena linn a bhfuil an cúnamh airgeadais ar fáil d’Éirinn, don Ungáir, don Laitvia, don Phortaingéil agus don Rómáin leagtha amach sna Cinntí ábhartha ón gComhairle. Chuaigh an tréimhse ar lena linn a cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil don Ungáir in éag an 4 Samhain 2010.

(10)

Tá an tréimhse ar lena linn a bhfuil cúnamh airgeadais faoin gComhaontú Idirchreidiúnaíoch agus faoin gComhaontú Saoráide Iasachta ar fáil don Ghréig éagsúil do gach Ballstát atá rannpháirteach sna hionstraimí sin.

(11)

Mar thoradh ar an gCinneadh ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2011, shínigh airí airgeadais 17 mBallstát an limistéir euro an Conradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach an 11 Iúil 2011. De bharr cinntí a rinne Ceannairí Stáit agus Rialtais an limistéir euro an 21 Iúil agus an 9 Nollaig 2011, rinneadh an Conradh a mhodhnú chun éifeachtacht an tsásra a fheabhsú agu síníodh an Conradh an 2 Feabhra 2012. Faoin gConradh sin, glacfaidh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, faoin mbliain 2013, na cúraimí air féin atá á gcomhlíonadh ag an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach agus ag an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart an sásra sin is sásra a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh cheana leis an Rialachán seo.

(12)

Ina conclúidí an 23 agus an 24 Meitheamh 2011, d’fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh an rún ón gCoimisiún maidir leis na sineirgíochtaí idir an clár iasachta don Ghréig agus cistí an Aontais a fheabhsú, agus thacaigh sí leis na hiarrachtaí cur le cumas na Gréige cistí Aontais a chomhghabháil chun fás agus fostaíocht a spreagadh trí athdhíriú ar an iomaíochas agus ar chruthú fostaíochta a fheabhsú. Thairis sin, d’fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh chlár cuimsitheach cúnaimh theicniúil don Ghréig atá á ullmhú ag an gCoimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, agus thacaigh sí leis an ullmhúchán sin. Cuireann an Rialachán seo leis na hiarrachtaí sin chun sineirgíochtaí a fheabhsú.

(13)

Chun bainistíocht chistiú Aontais a éascú, le gur féidir infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin a luathú agus chun tionchar an chistithe ar an ngeilleagar a mhéadú, is gá, i gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, go sealadach agus gan dochar don tréimhse cláraithe ó 2014 go dtí 2020, go gceadófaí méadú a dhéanamh ar íocaíochtaí eatramhacha ón gCiste Eorpach Iascaigh de réir méid a chomhfhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta i gcás Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha i ndán dóibh i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais agus ar Ballstáit iad a d’iarr leas a bhaint as an mbeart sin, arb é an toradh a bhí air ná laghdú comhfhreagrach sa chontrapháirt náisiúnta. De bharr chineál shealadach an mhéadaithe sin, agus chun na rátaí bunaidh cómhaoinithe a choimeád mar phointe tagartha maidir leis na méideanna arna méadú go sealadach a ríomh, níor cheart go léireofaí na hathruithe a eascraíonn as cur i bhfeidhm an tsásra sa phlean airgeadais a áirítear sna cláir oibríochtúla. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé indéanta cláir oibríochtúla a nuashonrú chun na cistí a dhíriú ar iomaíochas, ar fhás agus ar fhostaíocht agus chun a spriocanna agus a gcuspóirí a ailíniú leis an laghdú ar an gcistiú iomlán atá ar fáil.

(14)

Maidir le Ballstát a dhéanann iarraidh ar an gCoimisiún chun leas a bhaint as maolú faoin Rialachán seo, ba cheart dó an fhaisnéis uile is gá, a thíolacadh le go gcuirfí ar chumas an Choimisiúin a shuíomh, trí bhíthin sonraí maidir le riocht maicreacnamaíoch agus fioscach an Bhallstáit, nach bhfuil acmhainní ar fáil don chontrapháirt náisiúnta. Ba cheart dó freisin a thaispeáint go bhfuil gá le méadú ar íocaíochtaí is íocaíochtaí a thig ón maolú a dheonú chun cur chun feidhme leantach na gclár oibríochtúil a choimirciú agus a thaispeáint go leanann na fadhbanna maidir leis an gcumas comhghabhála de bheith ann fiú amháin más rud é go mbaintear úsáid as na huasteorainneacha is infheidhme i leith rátaí cómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 53(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle (10).

(15)

Maidir leis an mBallstát a dhéanann iarraidh ar an gCoimisiún chun leas a bhaint as maolú faoin Rialachán seo, ba cheart don Bhallstát sin an tagairt a sholáthar freisin don Chinneadh ábhartha ón gComhairle nó don ghníomh dlíthiúil eile ar dá bhun atá an Ballstát sin incháilithe chun leas a bhaint as an maolú. Tá tréimhse iomchuí ag teastáil ón gCoimisiún, is tréimhse a thosódh ón tráth a dhéantar iarraidh an Bhallstáit a thíolacadh, ina bhféadfaidh sé a chirte atá an fhaisnéis arna tíolacadh a fhíorú agus aon agóid ina thaobh a dhéanamh. Chun go mbeadh an maolú éifeachtach agus oibríochtúil, ba cheart go mbeadh toimhde ann ar dá réir ba cheart a mheas go bhfuil údar cuí le hiarraidh den sórt sin mura ndéanann an Coimisiún agóid. Má dhéanann an Coimisiún agóid i gcoinne iarraidh an Bhallstáit, ba cheart go ndéanfadh sé cinneadh a ghlacadh chuige sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus na cúiseanna á lua.

(16)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh, dá réir sin, ar na rialacha i leith íocaíochtaí eatramhacha, agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i ndáil le cláir oibríochtúla, a ríomh i rith na tréimhse ar lena linn a fhaigheann na Ballstáit an cúnamh airgeadais Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

(17)

Is gá a áirithiú go mbeidh tuairisciú iomchuí ann maidir le húsáid na méideanna méadaithe arna gcur ar fáil do na Ballstáit a bhaineann leas as méadú sealadach ar íocaíochtaí eatramhacha faoin Rialachán seo.

(18)

Tar éis dheireadh na tréimhse ar lena linn a cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá sna meastóireachtaí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006, le measúnú a dhéanamh, i dtaobh, inter alia, an dtagann imeacht suntasach ó na spriocanna a leagadh síos ar dtús as an laghdú ar an gcomhchistiú náisiúnta. D’fhéadfadh athbhreithniú ar an gclár oibríochtúil teacht as meastóireachtaí den sórt sin.

(19)

Ós rud é go bhfuil gá le freagairt phras mar gheall ar an ngéarchéim nár tháinig a samhail riamh roimhe, is géarchéim lena ndéantar difear do mhargaí idirnáisiúnta airgeadais, agus mar gheall ar an gcor chun donais eacnamaíoch nár tháinig a samhail riamh roimhe, ar nithe iad sin ar dá mbarr a bhfuil díobháil thromchúiseach déanta do chobhsaíocht airgeadais roinnt Ballstát, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir chun go mbeifí in ann gníomhú i gcoinne na n-éifeachtaí ar an ngeilleagar ina iomláine. I bhfianaise chúinsí eisceachtúla na mBallstát lena mbaineann, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith aige, a thosódh ón mbliain bhuiséadach 2010, nó ón dáta ar cuireadh an cúnamh airgeadais ar fáil, agus é sin ag brath ar stádas an Bhallstáit iarrthaigh, maidir leis na tréimhsí ar lena linn a fuair na Ballstáit cúnamh airgeadais ón Aontas nó ó Bhallstáit eile de chuid an limistéir euro chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

(20)

I gcás ina mbeartaítear méadú sealadach a dhéanamh ar íocaíochtaí eatramhacha, ba cheart go ndéanfaí an méadú sealadach sin a mheas chomh maith i gcomhthéacs na srianta buiséadacha atá i ndán do na Ballstáit uile, agus ba cheart na srianta buiséadacha sin a léiriú go hiomchuí i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ós rud é gurb é príomhchuspóir an tsásra aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí sonracha atá ann faoi láthair, ba cheart cur i bhfeidhm an tsásra a theorannú ó thaobh ama de. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtosódh an sásra d’fheidhm a bheith aige an 1 Eanáir 2010 agus ba cheart go n-oibreodh sé ar feadh tréimhse teoranta go dtí an 31 Nollaig 2013.

(21)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76 agus Airteagal 77:

“Airteagal 76

Rialacha maidir le híocaíochtaí eatramhacha a ríomh

1.   Déanfar íocaíochtaí eatramhacha a ríomh tríd an ráta cómhaoinithe arna bhunú faoin bplean reatha maoinithe maidir leis an ais tosaíochta sin agus leis an gcuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe sin a chur i bhfeidhm ar an ranníocaíocht phoiblí arna dearbhú sa ráiteas caiteachais atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin faoi gach ais tosaíochta agus faoi gach cuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe.

2.   De mhaolú ar mhír 1, mar fhreagairt ar iarraidh shonrach ón mBallstát, is iarraidh a bhfuil foras cuí léi, is é a bheidh i gceist nuair a dhéantar íocaíocht eatramhach a ríomh méid an chúnaimh Aontais atá íoctha nó atá dlite le híoc leis na tairbhithe i leith na haise tosaíochta agus an chuspóra. Ní mór an méid sin a bheith sonraithe ag an mBallstát sa ráiteas caiteachais.

3.   De mhaolú ar Airteagal 53(3), arna iarraidh sin do Bhallstát, déanfar íocaíochtaí eatramhacha a mhéadú le méid a chomhfhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta, ach é sin suas le céatadán uasta de 100 %, ar méid é a bheidh le cur i bhfeidhm i leith mhéid an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú den chéad uair i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais arna thíolacadh le linn na tréimhse ina gcomhallann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (11) nó tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó ag Ballstáit eile de chuid an limistéir euro roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán sin;

(b)

tá cúnamh airgeadais meántéarmach curtha ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach do Bhallstáit i leith chomharduithe a n-íocaíochtaí (12);

(c)

tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, is Conradh a síníodh an 2 Feabhra 2012.

4.   Chun íocaíochtaí eatramhacha a ríomh tar éis don Bhallstát scor de leas a bhaint as an gcúnamh airgeadais Aontais dá dtagraítear i mír 3, ní dhéanfaidh an Coimisiún na méideanna méadaithe arna n-íoc i gcomhréir leis an mír sin a chur san áireamh.

Déanfar, áfach, na méideanna sin a chur san áireamh chun críche Airteagal 79(1).

5.   Cuirfear na híocaíochtaí eatramhacha méadaithe a eascraíonn as cur i bhfeidhm mhír 3 ar fáil don údarás bainistíochta laistigh den tréimhse ama is lú agus ní úsáidfear iad ach amháin le haghaidh íocaíochtaí a dhéanamh i dtaca le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil.

6.   I gcomhthéacs an tuairiscithe bhliantúil, i gcomhréir le hAirteagal 67(1), déanfaidh na Ballstáit faisnéis iomchuí a sholáthar don Choimisiún maidir le húsáid an mhaolaithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, is faisnéis ina léireofar an tslí ar chuir na méideanna méadaithe tacaíochta le hiomaíochas, le fás agus le poist a chur chun cinn sa Bhallstát lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur san áireamh agus an tuairisciú bliantúil dá bhforáiltear le hAirteagal 68(1) á ullmhú aige.

Airteagal 77

Rialacha maidir le híocaíochtaí an iarmhéid a ríomh

1.   Déanfar íocaíochtaí an iarmhéid a theorannú do cibé ceann den dá mhéid seo a leanas is lú:

(a)

an méid arna ríomh tríd an ráta cómhaoinithe arna bhunú faoin bplean reatha maoinithe maidir leis an ais tosaíochta sin agus leis an gcuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe sin a chur i bhfeidhm maidir leis an ranníocaíocht phoiblí arna dearbhú sa ráiteas deiridh caiteachais atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin faoi gach ais tosaíochta agus faoi gach cuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe;

(b)

méid an chúnaimh Aontais atá íoctha nó atá dlite le híoc leis na tairbhithe i leith gach aise tosaíochta agus gach cuspóra. Ní mór an méid sin a bheith sonraithe ag an mBallstát sa ráiteas deiridh caiteachais, is ráiteas atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin i leith gach aise tosaíochta agus gach cuspóra.

2.   De mhaolú ar Airteagal 53(3), arna iarraidh sin do Bhallstát, déanfar íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a mhéadú le méid a chomhfhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta, ach é sin suas le céatadán uasta de 100 %, ar méid é a bheidh le cur i bhfeidhm i leith mhéid an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú den chéad uair i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais arna thíolacadh le linn na tréimhse ina gcomhallann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 76(3).

3.   Chun íocaíocht an iarmhéid deiridh a ríomh tar éis don Bhallstát scor de leas a bhaint as an gcúnamh airgeadais Aontais dá dtagraítear in Airteagal 76(3), ní dhéanfaidh an Coimisiún na méideanna méadaithe arna n-íoc i gcomhréir leis an mír sin a chur san áireamh.

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 77a

Teorainn ar ranníocaíocht an Aontais trí íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid

1.   D’ainneoin Airteagal 76(3) agus Airteagal 77(2), ní bheidh ranníocaíocht an Aontais trí íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an ranníocaíocht phoiblí agus uasmhéid an chúnaimh ó CEI maidir le gach ais tosaíochta agus le gach cuspóir mar atá leagtha síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an maolú dá dtagraítear in Airteagal 76(3) agus in Airteagal 77(2) a dheonú arna iarraidh sin i scríbhinn do Bhallstát a chomhallann ceann amháin de na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 76(3). Déanfar an iarraidh sin a thíolacadh faoin 17 Iúil 2012 nó laistigh de dhá mhí ón dáta a gcomhallann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 76(3).

3.   San iarraidh a thíolacfaidh sé don Choimisiún, tabharfaidh an Ballstát údar cuí maidir leis an ngá atá leis an maolú dá dtagraítear in Airteagal 76(3) agus in Airteagal 77(2) trí fhaisnéis a sholáthar is faisnéis is gá chun an méid seo a leanas a shuíomh:

(a)

trí bhíthin sonraí maidir lena riocht maicreacnamaíoch agus fioscach, nach bhfuil acmhainní ar fáil i gcomhair na contrapháirte náisiúnta;

(b)

go bhfuil gá le méadú íocaíochtaí mar a thagraítear dó in Airteagal 76(3) agus in Airteagal 77(2) chun cur chun feidhme leantach na gclár oibríochtúil a choimirciú;

(c)

go leanann fadhbanna de bheith ann fiú amháin má úsáidtear na huasteorainneacha is infheidhme i leith rátaí cómhaoinithe d’Airteagal 53(3);

(d)

go gcomhallann an Ballstát ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c), d’Airteagal 76(3), agus údar cuí á thabhairt leis an méid sin, trí thagairt a dhéanamh do Chinneadh ón gComhairle nó do ghníomh dlíthiúil eile, chomh maith leis an dáta iarbhír ónar cuireadh an cúnamh airgeadais ar fáil don Bhallstát.

Déanfaidh an Coimisiún fíorú i dtaobh an dtugtar, leis an bhfaisnéis a tíolacadh, údar cuí leis an maolú a dheonú. Déanfaidh an Coimisiún aon agóid maidir leis an bhfaisnéis sin laistigh de 30 lá ón dáta a thíolacfar an iarraidh. Má chinneann an Coimisiún agóid a dhéanamh i gcoinne iarraidh an Bhallstáit, déanfaidh sé, cinneadh a ghlacadh chuige sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus déanfaidh sé na cúiseanna a lua.

Más rud é nach ndéanann an Coimisiún agóid i gcoinne iarraidh an Bhallstáit, measfar go bhfuil údar cuí leis an iarraidh.

4.   Sonrófar freisin san iarraidh ón mBallstát an úsáid atá beartaithe maidir leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 76(3) agus in Airteagal 77(2), agus tabharfaidh sé faisnéis maidir le bearta comhlántacha atáthar ag brath a dhéanamh chun go ndíreofar na cistí ar iomaíochas, ar fhás agus ar fhostaíocht, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, modhnú clár oibríochtúil.

5.   Ní bheidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 76(3) agus in Airteagal 77(2) maidir le ráitis chaiteachais a thíolacfar tar éis an 31 Nollaig 2013.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm chúlghabhálach aige, áfach, maidir leis na Ballstáit seo a leanas:

(a)

i gcásanna na hÉireann, na Gréige agus na Portaingéile, le héifeacht ón dáta ar cuireadh an cúnamh airgeadais ar fáil do na Ballstáit sin de bhun Airteagal 76(3);

(b)

i gcásanna na hUngáire, na Laitvia agus na Rómáine, le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 19 Aibreán 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BØDSKOV


(1)  IO C 24, 28.1.2012, lch. 84.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Márta 2012.

(3)  IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

(4)  IO L 30, 4.2.2011, lch. 34.

(5)  IO L 159, 17.6.2011, lch. 88.

(6)  IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.

(7)  IO L 37, 6.2.2009, lch. 5.

(8)  IO L 79, 25.3.2009, lch. 39.

(9)  IO L 150, 13.6.2009, lch. 8.

(10)  IO L 223, 15.8.2006, lch. 1.

(11)  IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

(12)  IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.”;


Top