EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1176

Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú

OJ L 306, 23.11.2011, p. 25–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 10 Volume 005 P. 186 - 193

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj

23.11.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/25


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1176/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart comhordú ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát laistigh den Aontas a fhorbairt i gcomhthéacs na mór-threoirlínte beartais eacnamaíocha agus na dtreoirlínte fostaíochta mar a fhoráiltear dóibh sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus ba cheart go mbéarfadh an comhordú sin comhlíonadh na dtreoirphrionsabal arb iad praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe agus dálaí airgeadaíochta atá fónta agus inbhuanaithe, agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí.

(2)

Is gá foghlaim ón gcéad deich mbliana d’fheidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus go háirithe tá gá le rialachas eacnamaíoch feabhsaithe san Aontas ar rialachas é atá bunaithe ar thiomantas náisiúnta níos láidre.

(3)

Ba cheart a mheas gur cuid d’oibriú cuí agus rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta margadh inmheánach dinimiciúil a ghnóthú agus a choimeád ar bun.

(4)

Ba cheart go mbeadh an creat um rialachas eacnamaíoch feabhsaithe bunaithe ar roinnt beartas d’fhás inbhuanaithe agus do phoist, ar beartais iad a bheadhidirnasctha agus comhleanúnach, go háirithe straitéis Aontais d’fhás agus do phoist, lena leagfaí béim ar leith ar an margadh inmheánach a fhorbairt agus a neartú, an trádáil idirnáisiúnta agus an t-iomaíochas a chothú, Seimeastar Eorpach chun comhordú neartaithe a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha agus buiséadacha (an Seimeastar Eorpach), creat éifeachtúil chun easnaimh rialtais iomarcacha a chosc agus a cheartú (An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF)), creat urrúnta chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, ceanglais íosta le haghaidh creataí buiséadacha náisiúnta, agus rialáil agus maoirseacht feabhsaithe ar an margadh airgeadais, lena n-áirítear maoirseacht macrastuamachta ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS).

(5)

Ba cheart go n-áireofaí le neartú rialachais eacnamaíoch, rannpháirtíocht ní ba dhlúithe agus ní ba thráthúla ar thaobh Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta. Agus é á aithint aige gurb iad institiúidí ábhartha an Aontais agus a n-ionadaithe contrapháirtithe Pharlaimint na hEorpa i gcomhthéacs an idirphlé, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa an deis a thairiscint do Bhallstát is ábhar do mholadh nó do chinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 7(2), le hAirteagal 8(2) nó le hAirteagal 10(4) den Rialachán seo, a bheith rannpháirteach i malartú tuairimí. Is faoin mBallstát féin é a chinneadh i dtaobh an nglacfaidh sé páirt i malartú tuairimí den sórt sin nó nach nglacfaidh.

(6)

Ba cheart ról níos láidre sa nós imeachta faireachais a bheith ag an gCoimisiún maidir le measúnuithe is sonrach do gach Ballstát faoi seach, faireachán, misin ar an láthair, moltaí agus foláirimh.

(7)

Go háirithe, ba cheart an faireachas ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát a leathnú thar fhaireachas buiséadach chun creat níos mionsonraithe agus níos foirmiúla a áireamh ionas go ndéanfaí míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a chosc agus chun cabhrú leis na Ballstáit dá ndéantar difear pleananna ceartaitheacha a bhunú sula dtagann na dibhéirseachtaí chun bheith buanseasmhach. Ba cheart go dtarlódh leathnú den sórt sin maidir leis an bhfaireachas a dhéantar ar bheartais eacnamaíocha ar shlí atá comhthreomhar le doimhniú an fhaireachais fhioscaigh.

(8)

Chun cuidiú le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha den sórt sin a cheartú, is gá nós imeachta mionsonraithe a leagan síos sa reachtaíocht.

(9)

Is iomchuí an nós imeachta um faireachas iltaobhach dá dtagraítear in Airteagal 121(3) agus (4) den CFAE a fhorlíonadh le rialacha sonracha maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath, maraon le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha laistigh den Aontas a chosc agus a cheartú Tá sé sár-riachtanach an nós imeachta sin a ailíniú le timthriail bhliantúil an fhaireachais iltaobhaigh.

(10)

Ba cheart, sa nós imeachta sin, sásra foláirimh a bhunú chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha atá ag teacht chun cinn a bhrath go luath. Ba cheart é a bheith bunaithe ar “scórchlár” táscach trédhearcach, a mbeadh tairseacha táscacha ann, i gcomhcheangal le breithiúnas eacnamaíoch. Ba cheart a chur san áireamh sa bhreithiúnas sin, inter alia, cóineasú ainmniúil agus cóineasú réadach laistigh den limistéar euro agus lasmuigh de.

(11)

Chun feidhmiú go héifeachtach mar eilimint den sásra foláirimh, ní mór gurb éard a bheadh sa scórchlár ná tacar teoranta de tháscairí eacnamaíocha, airgeadais agus struchtúracha atá ábhartha maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath, mar aon le tairseacha táscacha a chomhfhreagraíonn dóibh. Ba cheart na táscairí agus na tairseacha a choigeartú nuair is gá chun iad a chur in oiriúint do chineál athraitheach na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, inter alia mar gheall ar bhagairtí don chobhsaíocht maicreacnamaíoch a bheadh ag éabhlóidiú agus mar gheall ar fháil fheabhsaithe a bheith ar staidrimh ábhartha. Níor cheart na táscairí a thuiscint mar spriocanna do bheartas eacnamaíoch ach mar uirlisí chun cineál éabhlóideach na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha laistigh den Aontas a chur san áireamh.

(12)

Ba cheart don Choimisiún comhoibriú go dlúth leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa le linn dó an scórchlár agus an tacar de tháscairí maicreacnamaíocha agus macra-airgeadais i leith na mBallstát a tharraingt suas. Ba cheart don Choimisiún moltaí le haghaidh tráchtaí a chur faoi bhráid choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le pleananna chun na táscairí agus na tairseacha a bhunú agus a choigeartú. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir le haon athruithe ar na táscairí agus na tairseacha agus ba cheart dó na cúiseanna a bhí aige le hathruithe den sórt sin a mholadh a mhíniú.

(13)

Agus an scórchlár á fhorbairt, ba cheart breithniú cuí a dhéanamh i dtaobh freastal ar imthosca eacnamaíocha ilchineálacha, lena n-áirítear éifeachtaí i ndáil le breith suas le cúrsaí.

(14)

Ní gá go gciallódh sárú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na tairseacha táscacha go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ag teacht chun cinn, óir ba cheart idirnaisc idir athróga maicreacnamaíocha a chur san áireamh agus beartais eacnamaíocha á gceapadh. Níor cheart teacht ar chonclúidí ar bhonn léimh uathoibrithigh ar an scórchlár: leis an mbreithiúnas eacnamaíoch, ba cheart a áirithiú go dtuigtear na píosaí faisnéise uile ina gceart, bíodh an fhaisnéis sin le fáil ón scórchlár nó ná bíodh, agus go go dtiocfaidh siad chun bheith mar chuid d’anailís chuimsitheach.

(15)

Ar bhonn an nós imeachta um fhaireachas iltaobhach agus an tsásra foláirimh, nó i gcás forbairtí eacnamaíocha suntasacha gan choinne leo ar dá mbarr a bhfuil gá le hanailís phráinneach chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit atáchun bheith ina n-ábhar d’athbhreithniú grinn a shainaithint. Ba cheart an t-athbhreithniú grinn a dhéanamh gan an toimhde a bheith ann go bhfuil míchothromaíocht ann agus ba cheart anailís chríochnúil ar fhoinsí míchothromaíochtaí sa Bhallstát atá faoi athbhreithniú a chuimsiú san athbhreithniú sin, agus aird chuí á tabhairt ar dhálaí eacnamaíocha agus ar imthosca eacnamaíocha is sonrach do thír áirithe agus ar thacar níos leithne d’uirlisí anailíse, de tháscairí agus d’fhaisnéis cháilíochtúil, ar nithe iad de chineál is sonrach do thír áirithe. Le linn don Choimisiún an t-athbhreithniú grinn a dhéanamh, ba cheart don Bhallstát comhoibriú leis chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil don Choimisiún chomh hiomlán agus chomh ceart agus is féidir. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún aon fhaisnéis eile a bhreithniú go cuí, ar faisnéis í atá ábhartha, de réir thuairim an Bhallstáit lena mbaineann, agus ar faisnéis í a chuir an Ballstát ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(16)

Ba cheart an t-athbhreithniú grinn a phlé i dtionól na Comhairle, agus i dtionól an Ghrúpa Euro i gcás na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Leis an athbhreithniú grinn, ba cheart go gcuirfí san áireamh, i gcás inarb iomchuí, moltaí nó iarrataí ón gComhairle arna ndíriú chuig na Ballstáit atá faoi athbhreithniú ar moltaí nó iarrataí iad arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121, le hAirteagal 126 agus le hAirteagal 148 CFAE agus faoi Airteagail 6, 7, 8 agus 10 den Rialachán seo, agus na beartais atá beartaithe ag an mBallstát atá faoi athbhreithniú, mar a léirítear ina chlár náisiúnta um athchóiriú iad, mar aon leis na cleachtais idirnáisiúnta is fearr i ndáil le táscairí agus modheolaíochtaí. Nuair a chinnfidh an Coimisiún tabhairt faoi athbhreithniú grinn i gcás forbairtí eacnamaíocha suntasacha atá ann, agus gan choinne leo, ar dá mbarr a bhfuil gá le hanailís phráinneach, ba cheart dó na Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas faoi.

(17)

Agus míchothromaíochtaí macra-eacnamaíocha á measúnú, ba cheart aird a thabhairt ar a dhéine atá siad agus ar a iarmhairtí diúltacha ionchasacha eacnamaíocha agus airgeadais lena gcuirtear le leochaileacht gheilleagar an Aontais agus atá ina mbagairt ar oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Tá gá le gníomhaíochtaí i ngach Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus ar dhibhéirseachtaí maidir le hiomaíochas, go háirithe sa limistéar euro. D’fhéadfadh sé go mbeadh difríocht shuntasach, áfach, idir cineál, tábhacht agus práinn na ndúshlán beartais, ag brath ar na Ballstáit lena mbaineann. I bhfianaise na leochaileachta agus freisin ollmhéid an choigeartaithe atá riachtanach, tá gá ar leith le gníomhaíocht bheartais sna Ballstáit ina léirítear easnaimh mhóra cuntas reatha go buanseasmhach maraon le caillteanais mhóra iomaíochais. Thairis sin, sna Ballstáit a dhéanann barrachais móra a charnadh ó thaobh na gcuntas reatha de, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm sna beartais, bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme, ar bearta iad lena gcabhraítear a n-éileamh intíre agus a bpoiteainseal fáis a neartú.

(18)

Ba cheart a chur san áireamh, freisin, acmhainn coigeartaithe eacnamaíoch agus teist an Bhallstáit lena mbaineann maidir le comhlíonadh moltaí a eisíodh roimhe sin faoin Rialachán seo agus comhlíonadh moltaí eile arna n-eisiúint faoi Airteagal 121 CFAE mar chuid den fhaireachas iltaobhach, go háirithe mór-threoirlínte beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais.

(19)

Beidh uirlisí faireachais feabhsaithe, atá bunaithe ar na huirlisí sin a úsáidtear sa nós imeachta um fhaireachas iltaobhach, ag teastáil le haghaidh nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha díobhálacha agus chun iad a cheartú, ar nós imeachta é ina bhfuil codanna coisctheacha agus ceartaitheacha. D’fhéadfaí a áireamh leis an méid sin misin faireachais fheabhsaithe chuig Ballstáit arna ndéanamh ag an gCoimisiún i gcomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu nó do Bhallstáit a ghlac páirt i gComhaontú an 16 Márta 2006 idir an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát atá lasmuigh den limistéar euro, lena leagtar síos na nósanna imeachta oibriúchain le haghaidh meicníochta rátaí malairte i gcéim a trí den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadais (4) (MRM II), agus chomh maith leis sin d’fhéadfaí a áireamh leis tuairisciú breise ag Ballstáit i gcás míchothromaíochtaí tromaí, lena n-áirítear míchothromaíochtaí lena ndéantar oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt. Ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta agus do gheallsealbhóirí náisiúnta eile a bheith rannpháirteach san idirphlé, i gcás inarb iomchuí.

(20)

Má shainaithnítear míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, ba cheart moltaí, a mbeadh na coistí ábhartha rannpháirteach iontu i gcás inarb iomchuí, a chur faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann chun treoir a sholáthar maidir le freagairtí iomchuí ó thaobh beartais. Ba cheart go mbeadh freagairt bheartais an Bhallstáit lena mbaineann tráthúil agus ba cheart go mbainfí úsáid léi as gach ionstraim beartais atá ar fáil agus atá faoi rialú na n-údarás poiblí. I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeadh geallsealbhóirí náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, rannpháirteach freisin i gcomhréir le forálacha CFAE agus le socruithe náisiúnta dlí agus le socruithe náisiúnta polaitiúla. Ba cheart an fhreagairt bheartais a shaincheapadh do thimpeallacht shonrach agus do imthosca sonracha an Bhallstáit lena mbaineann agus ba cheart príomhréimsí beartais eacnamaíoch a chumhdach léi, ar réimsí iad a bhféadfadh a bheith ar áireamh iontu réimsí amhail beartais fhioscacha agus beartais phá, margaí an tsaothair, margaí táirgí agus seirbhísí agus rialáil ar an earnáil airgeadais. Is gá aird a thabhairt ar na gealltanais a rinneadh faoi MRM II.

(21)

Leis na foláirimh agus na moltaí ó BERS do Bhallstáit nó don Aontas, dírítear ar rioscaí de chineál macra-airgeadais. Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfaí leo siúd údar maith le gníomhaíocht leantach iomchuí ón gCoimisiún i gcomhthéacs faireachas a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí i gcás inarb iomchuí. Ba cheart rúndacht agus neamhspleáchas BERS a urramú ar bhealach docht.

(22)

Má shainaithnítear míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha tromaí, lena n-áirítear míchothromaíochtaí lena gcuirtear oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta i mbaol, ba cheart tús a chur le nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach, ar nós imeachta é ar bhféadfaí an méid seo a áireamh: moltaí a eisiúint don Bhallstát, ceanglais fheabhsaithe maidir le faireachas agus faireachán agus, i gcás Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, an fhéidearthacht go ndéanfaí forfheidhmiúchán i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú (5) i gcás mainneachtana marthanaí i leith gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh.

(23)

Maidir le Ballstát is ábhar don nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach, ba cheart dó plean gníomhaíochta ceartaithí a bhunú ina leagfar amach mionsonraí a chuid beartas, ar beartais iad arna gceapadh chun moltaí na Comhairle a chur chun feidhme. Ba cheart amchlár cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a bheith sa phlean gníomhaíochta ceartaithí. Ba cheart go dtacófaí leis an plean sin le moladh ón gComhairle. Ba cheart an moladh sin a chur chuig Parlaimint na hEorpa.

(24)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle chun cinntí aonair a ghlacadh lena suitear neamhchomhlíonadh na moltaí arna nglacadh ag an gComhairle faoi chuimsiú an phlean gníomhaíochta ceartaithísin. Mar chuid den chomhordú ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát arna sheoladh i dtionól na Comhairle, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 121(1) CFAE, is bearta leantacha lárnacha iad na cinntí aonair sin i ndáil leis na moltaí arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 121(4) CFAE i gcomhthéacs an phlean gníomhaíochta ceartaithí.

(25)

Le linn don Chomhairle agus don Choimisiún an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart dóibh ról na bparlaimintí náisiúnta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú go hiomlán, mar aon leis na difríochtaí i gcórais náisiúnta amhail na córais um shocrú pá a urramú.

(26)

Má mheasann an Chomhairle nach ndéanann míchothromaíocht mhacraicneamaíoch iomarcach difear do Bhallstát a thuilleadh, ba cheart deireadh a chur leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha tar éis don Chomhairle a moltaí ábhartha a aisghairm, ar bhonn molta ón gCoimisiún. Bunófar an aisghairm sin ar anailís chuimsitheach arna déanamh ag an gCoimisiún lena léirítear gur ghníomhaigh an Ballstát i gcomhréir leis na moltaí ábhartha ón gComhairle agus lena léirítear nach ann a thuilleadh do na bunchúiseanna agus do na rioscaí gaolmhara a sainaithníodh sa mholadh ón gComhairle, ar moladh é lenar cuireadh tús leis an nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach, agus aird á tabhairt, inter alia, ar fhorbairtí maicreacnamaíocha, ionchais mhaicreacnamaíocha agus éifeachtaí iarmharta maicreacnamaíocha. Ba cheart a phoibliú gur cuireadh deireadh leis an nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach.

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspoír an Rialacháin seo, eadhon creat éifeachtach a bhunú chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath agus chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a chosc agus a cheartú a bhaint amach go leordhóthanach, mar gheall ar na hidirnaisc dhoimhne trádála agus airgeadais idir na Ballstáit agus iarmhairtí beartas eacnamaíoch náisiúnta ar an Aontas agus ar an limistéar euro ina iomláine, agus ós rud é gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar amach rialacha mionsonraithe chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath, chomh maith le rialacha chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a chosc agus a cheartú laistigh den Aontas.

2.   Déanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh mar a leagtar amach é i Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (6) (An Seimeastar Eorpach).

3.   Le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar Airteagal 152 CFAE a urramú go hiomlán, agus, leis na moltaí a eiseofar faoin Rialachán seo, déanfar cleachtais náisiúnta agus institiúidí náisiúnta um shocrú pá a urramú. Tugtar aird leis an Rialachán seo ar Airteagal 28 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus dá réir sin, ní dhéanann sé difear don cheart comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidil, a thabhairt i gcrích nó a fhorfheidhmiú ná gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “míchothromaíochtaí” aon treocht as a eascraíonn forbairtí maicreacnamaíocha lena ndéantar difear a bhelach díobhálach, nó lena bhféadfaí difear a dhéanamh ar bhealach díobhálach, d’oibriú rianúil geilleagair Bhallstáit, d’oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, nó d’oibriú rianúil an Aontais ina iomláine;

(2)

ciallaíonn “míchothromaíochtaí iomarcacha” míchothromaíochtaí tromaí, lena n-áirítear míchothromaíochtaí lena ndéantar oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt nó a bhfuil seans ina leith go bhféadfaí é a chur i gcontúirt dá mbarr.

CAIBIDIL II

MÍCHOTHROMAÍOCHTAÍ A BHRATH

Airteagal 3

Sásra foláirimh

1.   Bunófar sásra foláirimh chun go n-éascófar míchothromaíochtaí a shainaithint go luath agus faireachán a dhéanamh orthu go luath. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ina bhfuil measúnú eacnamaíoch agus airgeadais cáilíochtúil atá bunaithe ar scórchlár ina bhfuil tacar táscairí a ndéantar a luachanna a chur i gcomparáid lena tairseacha táscacha, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 4. Déanfar an tuarascáil bhliantúil lena n-áirítear luachanna tháscairí an scórchláir a phoibliú.

2.   Is éard a bheidh sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún measúnú eacnamaíoch agus airgeadais, rud a fhágann gur féidir gluaiseacht na dtáscairí a fheiceáil ina ceart, agus leas á bhaint as táscairí eacnamaíocha agus airgeadais ábhartha eile, más gá, agus éabhlóid na míchothromaíochtaí á measúnú. Ní thiocfar ar chonclúidí de dhroim léamh meicniúil a dhéanamh ar tháscairí an scórchláir. Cuirfear san áireamh leis an measúnú sin éabhlóid na míchothromaíochtaí san Aontas agus sa limistéar euro. Ina theannta sin, tabharfar le fios sa tuarascáil an gciallaíonn tairseacha a bheith sáraithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit go bhféadfadh sé go mbeadh míchothromaíochtaí ag teacht chun cinn. D’fhéadfadh sé go mbeadh difríocht idir an measúnú a dhéantar ar na Ballstáit ina léirítear easnaimh mhóra sa chuntas reatha agus an measúnú a dhéantar ar na Ballstáit a bhfuil barrachas mór á charnadh sa chuntas reatha acu.

3.   Sainaithneofar sa tuarascáil bhliantúil na Ballstáit a measann an Coimisiún go bhféadfadh míchothromaíochtaí difear a dhéanamh dóibh nó go bhféadfadh sé go bhfuil an baol ann go ndéanfadh míchothromaíochtaí difear dóibh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta ar bhealach tráthúil.

5.   Mar chuid den fhaireachas iltaobhach i gcomhréir le hAirteagal 121(3) CFAE, déanfaidh an Chomhairle an tuarascáil bhliantúíl ón gCoimisiún a phlé agus measúnú foriomlán a dhéanamh uirthi. Déanfaidh an Grúpa Euro an tuarascáil a phlé a mhéid a bhaineann sí le Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Airteagal 4

Scórchlár

1.   Úsáidfear an scórchlár arb éard atá ar áireamh ann ná tacar tascáirí mar uirlis chun gur fusa míchothromaíochtaí a shainaithint go luath agus faireachán a dhéanamh orthu go luath.

2.   Is éard a bheidh sa scórchlár líon beag táscairí maicreacnamaíocha agus maicreairgeadais do Bhallstáit atá ábhartha, praiticiúil, simplí, intomhaiste agus ar fáil. Leis an scórchlár, féadfar míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a shainaithint go luath, ar míchothromaíochtaí iad a thagann chun cinn sa ghearrthéarma agus, ina theannta sin, a eascraíonn mar gheall ar threochtaí struchtúracha agus fadtéarmacha.

3.   Cuimseofar sa scórchlár, inter alia, táscairí a bheidh úsáideach chun na nithe seo a leanas a shainaithint go luath:

(a)

míchothromaíochtaí inmheánacha, lena n-áirítear na míchothromaíochtaí sin ar féidir leo eascairt as féichiúnas poiblí agus príobháideach, agus as forbairtí margaidh airgeadais agus forbairtí margaidh sócmhainní lena n-áirítear tithíocht, éabhlóid an tsreafa creidmheasa san earnáil phríobháideach agus éabhlóid na dífhostaíochta;

(b)

míchothromaíochtaí seachtracha, lena n-áirítear na míchothromaíochtaí sin ar féidir leo eascairt as éabhlóid riochtaí chuntais reatha agus riochtaí glan-infheistíochta Ballstát, fíor-rátaí malairte éifeachtacha, scaireanna sa mhargadh onnmhairíochta agus athruithe ar fhorbairtí maidir le praghas agus le costas; agus iomaíochas neamh-phraghais, agus aird á tabhairt ar na comhchodanna éagsúla den táirgiúlacht.

4.   Agus a léamh eacnamaíoch ar an scórchlár atá sa sásra folairimh á dhéanamh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar fhorbairtí sa gheilleagar réadach lena n-áirítear fás eacnamaíoch, an fheidhmíocht fostaíochta agus dífhostaíochta, cóineasú ainmniúil agus cóineasú réadach laistigh agus lasmuigh den limistéar euro, forbairtí táirgiúlachta agus na nithe lena gcuirtear an táirgiúlacht chun cinn amhail taighde agus forbairt agus infheistíocht eachtrach agus intíre, chomh maith le forbairtí earnálacha, lena n-áirítear fuinneamh, ar nithe iad lena ndéantar difear d’OTI agus d’fheidhmíocht cuntais reatha.

Áireofar sa scórchlár freisin tairseacha táscacha le haghaidh na dtáscairí, chun feidhmiú mar leibhéil foláirimh. Le rogha na dtáscairí agus na dtairseach, cabhrófar le hiomaíochas a chur chun cinn san Aontas.

Beidh tairseacha foláirimh uasta agus tairseacha foláirimh íosta i scórchlár na dtáscairí freisin, mura mbeidh sé sin míchuí, ar tairseacha iad a dhéanfar a dhifreáil do Bhallstáit atá sa limistéar euro agus do Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro más rud é go bhfuil údar maith leis sin de bharr gnéithe sonracha den aontas airgeadaíochta agus imthosca eacnamaíocha ábhartha. Agus an scórchlár á fhorbairt, ba cheart machnamh cuí a dhéanamh i dtaobh freastal ar imthosca eacnamaíocha ilchineálacha, lena n-áirítear éifeachtaí i ndáil le breith suas le cúrsaí.

5.   Déanfar obair BERS a bhreithniú mar is cuí agus táscairí á dtarraingt suas atá ábhartha maidir le cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais. Iarrfaidh an Coimisiún ar BERS a thuairimí a thabhairt i leith dréacht-tháscairí, is dréacht-tháscairí atá ábhartha maidir le cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais.

6.   Déanfaidh an Coimisiún an tacar táscairí agus na tairseacha atá sa scórchlár a phoibliú.

7.   Déanfaidh an Coimisiún oiriúnacht an scórchláir, lena n-áirítear comhdhéanamh na dtáscairí, na tairseacha a leagtar síos agus an mhodheolaíocht a úsáidtear, a mheasúnú go tráthrialta agus déanfaidh sé iad a choigeartú nó a mhodhnú i gcás inar gá. Déanfaidh an Coimisiún aon athrú ar bhun-mhodheolaíocht agus ar chomhdhéanamh an scórchláir agus ar na tairseacha a bhaineann leis a phoibliú.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil ar a laghad, na luachanna i gcomhair na dtáscairí ar an scórchlar a nuashonrú.

Airteagal 5

Athbhreithniú grinn a dhéanamh

1.   Agus na pléití i dtionól na Comhairle agus i dtionól an Ghrúpa Euro, dá bhforáiltear in Airteagal 3(5), á chur san áireamh go cuí aige, nó i gcás forbairtí eacnamaíocha suntasacha gan choinne leo ar gá anailís phráinneach a dhéanamh dá mbarr chun críocha an Rialacháin seo, tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú grinn ar gach Ballstát ar ina leith a measann sé go bhféadfaí difear a dhéanamh dó le míchothromaíochtaí nó go bhféadfadh sé go bhfuil an baol ann go ndéanfaí difear dó le míchothromaíochtaí.

Cuirfidh an t-athbhreithniú grinn le hanailís mhionsonraithe ar imthosca is sonrach do thír áirithe, lena n-áirítear riochtaí tosaigh éagsúla na mBallstát; déanfar san athbhreithniú sin réimse leathan d’athróga eacnamaíocha a scrúdú agus beidh sé i gceist leis uirlisí anailíse agus faisnéis cháilíochtúil is sonrach do thír áirithe a úsáid. Tabharfar aitheantas ann do na sainiúlachtaí náisiúnta atá ann i ndáil leis an gcaidreamh tionsclaíoch agus leis an idirphlé sóisialta.

Déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis eile a bhreithniú go cuí freisin, ar faisnéis í a mheasann an Ballstát lena mbaineann gur faisnéis í atá ábhartha agus ar faisnéis í a chuir an Ballstát in iúl don Choimisiún.

Tabharfaidh an Coimisiún faoina athbhreithniú grinn i gcomhcheangal le misin faireachais chuig an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 13.

2.   Áireofar in athbhreithniú grinn an Choimisiúin meastóireacht i dtaobh an ndéantar difear le míchothromaíochtaí don Bhallstát lena mbaineann, agus i dtaobh an míchothromaíochtaí iomarcacha iad na míchothromaíochtaí sin. Déanfaidh sé tionscnamh na míchothromaíochtaí arna mbrath a scrúdú, i bhfianaise pé imthosca eacnamaíocha a bheidh ann ag an am, lena n-áirítear an t-idirnascadh domhain trádála agus airgeadais idir Ballstáit agus éifeachtaí iarmhartacha beartas eacnamaíoch náisiúnta. Leis an athbhreithniú grinn, déanfar anailís ar fhorbairtí ábhartha a bhaineann le straitéis an Aontais le haghaidh fáis agus post. Measfar ann freisin a ábhartha atá forbairtí eacnamaíocha san Aontais agus sa limistéar euro ina iomláine. Tabharfar aird leis ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

i gcás inarb iomchuí, moltaí nó iarrataí ón gComhairle atá dírithe chuig Ballstáit atá faoi athbhreithniú arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121, le hAirteagal 126 agus le hAirteagal 148 CFAE agus faoi Airteagail 6, 7, 8 agus 10 den Rialachán seo;

(b)

na beartais atá beartaithe ag an mBallstát atá faoi athbhreithniú, mar a léirítear iad ina chláir náisiúnta um athchóiriú agus, i gcás inarb iomchuí, ina chlár cobhsaíochta nó ina chlár um chóineasú;

(c)

aon fholáirimh nó aon mholtaí ó BERS maidir le rioscaí sistéameacha arna ndíriú chuig an mBallstát atá faoi athbhreithniú nó is ábhartha dó. Urramófar rúndacht BERS.

3.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe ghrinn agus déanfaidh sé iad a phoibliú.

Airteagal 6

Gníomhaíocht choisctheach

1.   Más rud é, ar bhonn an athbhreithnithe ghrinn dá dtagraítear in Airteagal 5, go measann an Coimisiún go bhfuil Ballstát áirithe faoi réir míchothomraíochtaí, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Grúpa Euro ar an eolas dá réir. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí is gá a chur faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 121(2) CFAE.

2.   Cuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin moladh agus déanfaidh sé é a phoibliú.

3.   Leis na moltaí ón gComhairle agus ón gCoimisiún, déanfar Airteagal 152 CFAE a urramú go hiomlán, agus tabharfar aird ar Airteagal 28 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.   Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar a moladh gach bliain i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus féadfaidh sí é a choigeartú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL III

AN NÓS IMEACHTA UM MÍCHOTHROMAÍOCHT IOMARCACH

Airteagal 7

Tús a chur leis an nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach

1.   Más rud é, ar bhonn an athbhreithnithe ghrinn dá dtagraítear in Airteagal 5, go measann an Coimisiún go bhfuil difear á dhéanamh le míchothomraíochtaí iomarcacha don Bhallstát lena mbaineann, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Grúpa Euro ar an eolas dá réir.

Cuirfidh an Coimisiún na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta ábhartha agus BERS ar an eolas freisin. Iarrtar ar BERS na bearta a dhéanamh a mheasann sé is gá.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(4) CFAE lena suitear gurb ann do míchothromaíocht iomarcach agus lena moltar don Bhallstát lena mbaineann gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh.

Leis an moladh ón gComhairle, leagfar amach cineál agus impleachtaí na míchothromaíochtaí agus sonrófar ann tacar moltaí beartais atá le comhlíonadh agus spriocdháta faoina gcaithfidh an Ballstát lena mbaineann plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh. Féadfaidh an Chomhairle, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 121(4) CFAE, a moladh a phoibliú.

Airteagal 8

Plean gníomhaíochta ceartaithí

1.   Maidir le haon Bhallstát a gcuirtear tús le nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach ina leith, cuirfidh sé plean gníomhaíochta ceartaithí faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, ar plean é a bheidh bunaithe ar an moladh ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus déanfaidh sé an méid sin sin laistigh de spriocdháta a bheidh le sainiú sa mholadh sin. Leagfar amach sa phlean gníomhaíochta ceartaithí na gníomhaíochtaí beartais sonracha atá curtha chun feidhme ag an mBallstát lena mbaineann nó a bhfuil beartaithe aige a chur chun feidhme agus áireofar amchlár cur chun feidhme i leith na ngníomhaíochtaí sin ann freisin. Déanfar leis an bplean gníomhaíochta ceartaithí tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na ngníomhaíochtaí beartais a chur san áireamh agus beidh an plean comhchuí leis na mór- threoirlínte beartais eacnamaíocha agus leis na treoirlínte don fhostaíocht.

2.   Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún, measúnú ar an bplean ceartaitheach laistigh de dhá mhí tar éis an plean sin a thíolacadh. Más rud é, ar bhonn moladh ón gCoimisiún, go measann an Chomhairle go bhfuil an plean sin leordhóthanach, tacóidh sí leis„ trí bhíthin molta lena liostaítear na gníomhaíochtaí sonracha a cheanglaítear a dhéanamh agus na spriocdhátaí faoina dhéanfar iad agus bunóidh sí amchlár le haghaidh faireachais, agus aird chuí á tabhairt aici ar na bealaí tarchuir agus á aithint go bhféadfadh sé go mbeadh moilleanna fada idir glacadh na gníomhaíochta ceartaithí agus tráth réitithe iarbhír na míchothromaíochtaí.

3.   Má mheasann an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, nach bhfuil na gníomhaíochtaí nó an t-amchlár atá beartaithe sa phlean gníomhaíochta ceartaithí leordhóthanach, déanfaidh an Chomhairle moladh, laistigh de dhá mhí, go hiondúil, is moladh a chuirfear faoi bhráid an Bhallstáit, a ghlacadh go ndéanfaí plean gníomhaíochta ceartaithí nua a thíolacadh. Is i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo a scrúdóidh an Chomhairle an plean gníomhaíochta ceartaithí nua.

4.   Déanfar an plean gníomhaíochta ceartaithí, an tuarascáil ón gCoimisiún agus an moladh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a phoibliú.

Airteagal 9

Faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht cheartaitheach

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an mholta ón gComhairle arna ghlacadh faoi Airteagal 8(2). Chun na críche sin, déanfaidh an Ballstát tuarascálacha maidir le dul chun cinn a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún go tráthrialta, ar tuarascálacha iad a ndéanfaidh an Chomhairle a minice a dhéanfar iad a chinneadh sa mholadh dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

2.   Déanfaidh an Chomhairle tuarascálacha na mBallstát ar dhul chun cinn a phoibliú.

3.   Féadfaidh an Coimisiún misin faireachais fheabhsaithe a chur i gcrích sa Bhallstát lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ceartaithí, i gcomhar le BCE, i gcás ina mbaineann na misin sin le Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu nó le Ballstáit a ghlacann páirt in ERM II. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí náisiúnta eile rannpháirteach in idirphlé le linn na misean sin.

4.   I gcás mórathruithe ábhartha ar imthosca eacnamaíocha, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí arna nglacadh faoi Airteagal 8(2) i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal sin a leasú. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an Chomhairle ar an mBallstát lena mbaineann plean gníomhaíochta ceartaithí athbhreithnithe a thíolacadh agus déanfaidh sí measúnú ar an bplean ceartaitheach athbhreithnithe sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 8.

Airteagal 10

Measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíocht cheartaitheach

1.   Ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún, déanfaidh an Chomhairle measúnú i dtaobh an ndearna an Ballstát lena mbaineann an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle arna eisiúint faoi Airteagal 8(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún a tuarascáil a phoibliú.

3.   Déanfaidh an Chomhairle a measúnú faoin spriocdháta a leagfaidh an Chomhairle síos ina cuid moltaí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 8(2).

4.   I gcás ina measann an Chomhairle nach ndearna an Ballstát an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh, glacfaidh sí cinneadh, ar mholadh ón gCoimisiún, lena suífear neamhchomhlíonadh, maraon le moladh lena socrófar spriocdhátaí nua chun gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. Sa chás sin, cuirfidh an Comhairle an Chomhairle Eorpach ar an eolas, agus déanfaidh sí conclúidí na misean faireachais dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a phoibliú.

Measfar gur ghlac an Chomhairle an moladh ón gCoimisiún lena suitear neamhchomhlíonadh, mura gcinnfidh sí, trí thromlach cáilithe, diúltú don mholadh laistigh de dheich lá ó thráth a ghlactha ag an gCoimisiún. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh go gcomórfaí cruinniú den Chomhairle laistigh den tréimhse sin chun go nglacfaí vóta ar an gcinneadh.

5.   I gcás ina measann an Chomhairle, ar bhonn na tuarascála ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1, go ndearna an Ballstát an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh i gcomhréir le hAirteagal 8(2), measfar go mbeidh an nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach ag feidhmiú mar is ceart agus cuirfear ar stad é. Os a choinne sin, leanfar de bheith ag déanamh faireacháin i gcomhréir leis an amchlár arna leagan amach sa mholadh faoi Airteagal 8(2). Déanfaidh an Chomhairle na cúiseanna ar dá réir a chinn sí an nós imeachta a chur ar stad a phoibliú agus na gníomhaíochtaí beartais ceartaithí a rinne an Ballstát lena mbaineann á n-aithint aici.

Airteagal 11

Deireadh a chur leis an nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach

Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moltaí arna n-eisiúint faoi Airteagal 7, Airteagal 8 nó Airteagal 10 a aisghairm a luaithe a mheasfaidh sí nach bhfuil difear á dhéanamh don Bhallstát lena mbaineann a thuilleadh le míchothromaíochtaí iomarcacha mar a leagtar amach sa mholadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Déanfaidh an Chomhairle ráiteas poiblí ina léireofar an méid sin.

Airteagal 12

Vótáil i dtionól na Comhairle

I gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7 go hAirteagal 11, gníomhóidh an Chomhairle gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn don Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Misin faireachais

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh idirphlé buan ann le húdaráis na mBallstát, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún, go háirithe, misin i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch reatha sa Bhallstát agus chun aon rioscaí nó aon deacrachtaí a bheidh ann a shainaithint i ndáil le cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

2.   Chun críocha faireachán ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi mhisin faireachais fheabhsaithe i gcás Ballstát ar ina leith a bhfuil moladh ann maidir leis an ábhar go bhfuil míchothromaíocht iomarcach ann faoi Airteagal 7(2).

3.   I gcás inar Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige é an Ballstát lena mbaineann nó i gcás inar Ballstát a ghlacann páirt in ERM II é an Ballstát sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh, más iomchuí, ar ionadaithe de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh páirt a ghlacadh i misin faireachais.

4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil don Chomhairle ar thorthaí na misean dá dtagraítear i mír 2 agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh chun na torthaí a phoibliú.

5.   Le linn don Choimisiún na misin dá dtagraítear i mír 2 a eagrú, déanfaidh sé a chuid torthaí sealadacha a tharchur chuig an mBallstát lena mbaineann le haghaidh tráchtaí.

Airteagal 14

An tIdirphlé Eacnamaíoch

1.   Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí nó ar Uachtarán an Ghrúpa Euro láithriú os comhair an choiste chun plé a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)

faisnéis arna cur ar fáil ag an gComhairle maidir leis na mór-threoirlínte beartais eacnamaíocha de bhun Airteagal 121(2) CFAE;

(b)

mór-threoir do Bhallstáit arna heisiúint ag an gCoimisiún ag tús na timthrialach faireachais bliantúil;

(c)

na conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le treoshuímh le haghaidh beartas eacnamaíoch i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh;

(d)

torthaí an fhaireachais iltaobhaigh arna dhéanamh faoin Rialachán seo;

(e)

na conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis na treoshuímh le haghaidh an fhaireachais iltaobhaigh, agus maidir le torthaí an fhaireachais sin;

(f)

athbhreithniú arna dhéanamh ag deireadh an tSeimeastair Eorpaigh ar an dóigh inar seoladh an faireachas iltaobhach;

(g)

na moltaí arna nglacadh de bhun Airteagal 7(2), Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(4) den Rialachán seo.

2.   Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa an deis a thairiscint do Bhallstát is ábhar do mholadh nó do chinneadh ón gComhairle páirt a ghlacadh i malartú tuairimí faoi Airteagal 7(2), Airteagal 8(2) nó Airteagal 10(4).

3.   Cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta maidir le torthaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 15

Tuaraisciú Bliantúil

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar bhonn bhliantúil i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear nuashonrú arna déanamh ar an scórchlár mar atá leagtha amach in Airteagal 4 agus déanfaidh sé a fhionnachtana a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

Airteagal 16

Athbhreithniú

1.   Faoin 14 Nollaig 2014, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a athbhreithniú agus déanfaidh sé tuarascáil ina leith.

Déanfar meastóireacht leis na tuarascálacha sin, inter alia ar na nithe seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Rialacháin seo;

(b)

an dul chun cinn chun comhordú níos dlúithe ar bheartas eacnamaíocha na mBallstát agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra maidir le leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis na tuarascálacha sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá i ndiaidh lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  IO C 150, 20.5.2011, lch. 1.

(2)  IO C 218, 23.7.2011, lch. 53.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2011.

(4)  IO C 73, 25.3.2006, lch. 21.

(5)  Féach leathanach 8 den Iris Oifigiúil seo.

(6)  Féach leathanach 12 den Iris Oifigiúil seo.


Top