EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011D0199

2011/199/AE: Cinneadh ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2011 lena leasaítear Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le sásra cobhsaíochta le haghaidh na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu

OJ L 91, 6.4.2011, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 10 Volume 003 P. 213 - 214

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/199/oj

6.4.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE EORPACH

an 25 Márta 2011

lena leasaítear Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le sásra cobhsaíochta le haghaidh na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu

(2011/199/AE)

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 48(6) de,

Ag féachaint don togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chuir Rialtas na Beilge faoi bhráid na Comhairle Eorpaí an 16 Nollaig 2010,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach (2),

Tar éis di tuairim a fháil ón mBanc Ceannais Eorpach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 48(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ceadaítear don Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d’aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoimisiún agus, i gcásanna áirithe, leis an mBanc Ceannais Eorpach, cinneadh a ghlacadh lena leasaítear na forálacha i gCuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go hiomlán nó go páirteach. Maidir le cinneadh den sórt sin, ní fhéadfar na hinniúlachtaí a thugtar don Aontas leis na Conarthaí a mhéadú leis, agus tá de choinníoll lena theacht i bhfeidhm go ndéanfaidh na Ballstáit é a fhormheas ina dhiaidh sin i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

(2)

D’aontaigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach a bhí ann an 28 agus an 29 Deireadh Fómhair 2010, go gcaithfeadh na Ballstáit buansásra géarchéime a bhunú le cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine a choimirciú agus d’iarr siad ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí dul i mbun comhairliúcháin le comhaltaí na Comhairle Eorpaí maidir le hathrú teoranta a chaithfí a chur ar an gConradh chuige sin.

(3)

An 16 Nollaig 2010, chuir Rialtas na Beilge togra faoi bhráid na Comhairle Eorpaí, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 48(6) CAE, le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 136 CFAE trí mhír a chur isteach ann faoina bhféadfaidh na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu sásra cobhsaíochta a bhunú a bheidh le gníomhachtú má tá sé sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine a choimirciú agus ina luafar go mbeidh deonú aon chúnaimh airgeadais a bheidh ag teastáil faoin sásra faoi réir coinníollachta doichte. An tráth céanna, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an sásra cobhsaíochta a bheidh ann amach anseo (mír 1 go mír 4).

(4)

Leis an sásra cobhsaíochta, soláthrófar an uirlis is gá chun déileáil le cásanna ina mbeadh riosca ann do chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine, amhail na cásanna a bhí ann sa bhliain 2010, agus, dá bharr sin, cuideofar le cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais an Aontais féin a choimirciú. Ag an gcruinniú a bhí aici an 16 agus an 17 Nollaig 2010, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach, ós rud é go gceaptar an sásra seo chun cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine a choimirciú, nach mbeidh gá le hAirteagal 122(2) CFAE a thuilleadh chun na gcríoch sin. Dá bhrí sin, d’aontaigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais nár cheart é a úsáid chun na gcríoch sin.

(5)

An 16 Nollaig 2010, chinn an Chomhairle Eorpach, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 48(6) CAE, go rachadh sí i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún maidir leis an togra. Chinn sí freisin go rachadh sí i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach. Ghlac Parlaimint na hEorpa (1), an Coimisiún (2) agus an Banc Ceannais Eorpach (3) tuairimí maidir leis an togra.

(6)

Baineann an leasú le foráil atá i gCuid a Trí de CFAE agus ní chuirtear méadú leis an leasú ar na hinniúlachtaí a thugtar don Aontas leis na Conarthaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

“3.   Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu sásra cobhsaíochta a bhunú atá le gníomhachtú má tá sé sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine a choimirciú. Beidh deonú aon chúnaimh airgeadais atá ag teastáil faoin sásra faoi réir coinníollachta doichte.”.

Airteagal 2

Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill d’Ardrúnaí na Comhairle faoi na nósanna imeachta a bheith tugtha chun críche maidir leis an gCinneadh seo a fhormheas i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013, ar an gcoinníoll go mbeidh na fógraí uile dá dtagraítear sa chéad mhír faighte, nó, ina éagmais sin, an chéad lá den mhí a leanfaidh an dáta a bhfaighfear an ceann deiridh de na fógraí dá dtagraítear sa chéad mhír.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2011.

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

H. VAN ROMPUY


(1)  Tuairim an 23 Márta 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 15 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Tuairim an 17 Márta 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


Top