EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0683

Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur chun feidhme tuilleadh

OJ L 196, 24.7.2008, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 13 Volume 041 P. 191 - 201

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32013R1285

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/683/oj

24.7.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 683/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur chun feidhme tuilleadh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 156 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don bheartas Eorpach um loingseoireacht satailíte dhá chóras loingseoireachta satailíte (dá ngairfear ‘na córais’ anseo feasta) a sholáthar don Chomhphobal. Bunaítear na cláir sin faoi chláir EGNOS agus Galileo (dá ngairfear ‘na cláir’ anseo feasta). Is éard atá i ngach bonneagar díobh satailítí agus gréasán de stáisiúin talún.

(2)

Is é is aidhm do chlár Galileo an chéad bhonneagar domhanda loingseoireachta agus suite satailíte atá deartha go sonrach chun críocha sibhialta a chur ar bun. Tá an córas a eascraíonn ó chlár Galileo neamhspleách go hiomlán ar na córais eile atá ann cheana nó a d'fhéadfadh a bheith ann.

(3)

Is é is aidhm do chóras EGNOS cáilíocht na gcomharthaí ó na córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann (dá ngairfear ‘GNSS’ anseo feasta) a fheabhsú.

(4)

Tá alán tacaíocht tugtha i gcónaí ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta do na cláir.

(5)

Tá forbairt na loingseoireachta satailíte ag teacht go hiomlán le Straitéis Liospóin agus le beartais eile an Chomhphobail amhail an beartas iompair a leagtar amach i bPáipéar Bán an Choimisiúin an 12 Meán Fómhair 2001 dar teideal ‘Beartas iompair na hEorpa do 2010: an t-am le cinneadh a dhéanamh’. Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt, más iomchuí, ina chlár oibre, ar fhorbairt feidhmeanna agus seirbhísí GNSS.

(6)

Tá na cláir ar cheann de na príomhthionscadail a áirítear i gClár Liospóin um Fhás agus Fostaíocht a bheartaigh an Coimisiún, agus a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach. Meastar go mbeidh siad ar cheann de chrainn taca Chlár Spáis na hEorpa sa todhchaí, a ndéantar cur síos air i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2007 maidir le Beartas Spáis na hEorpa.

(7)

Tá céim sainithe, céim forbartha agus bailíochtaithe, céim imlonnaithe agus céim saothraithe i gclár Galileo. Tá sé beartaithe céim an imlonnaithe a thosú in 2008 agus í a chríochnú in 2013. Ba cheart go mbeadh an córas ag oibriú faoi 2013.

(8)

Bhí céim an tsainithe agus céim forbartha agus bailíochtaithe chlár Galileo, arb iad na codanna den chlár iad atá dírithe ar an taighde, á maoiniú go substaintiúil as buiséad an Chomhphobail do ghréasáin thras-Eorpacha agus ag Gníomhaireacht Eorpach Spáis (dá ngairfear ‘an GES’ anseo feasta). Ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh céim an imlonnaithe á maoiniú go hiomlán ag an gComhphobal. Féadfar a chinneadh ag tráth níos déanaí go bhfuil comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha nó conarthaí d'aon chineál eile leis an earnáil phríobháideach iomchuí chun an córas a oibriú, a chothabháil agus a athnuachan tar éis 2013.

(9)

Féadfaidh an Lárionad um Shábháilteacht Beatha i Maidrid a chinneadh go bhforbrófaí é mar Lárionad Rialaithe Satailíte Galileo a bheidh coibhéiseach agus láncháilithe agus a mbeidh a shócmhainní faoi úinéireacht an Chomhphobail. Ní chuirfidh an infheistíocht atá riachtanach don fhorbairt sin costais bhreise ar bhuiséad comhaontaithe an Chomhphobail i leith na gclár don tréimhse 2007-2013. Sa chás sin, áiritheoidh an Coimisiún, má tá sé in ann gan difear a dhéanamh do chumas oibríochta na Lárionad Rialaithe Satailíte in Oberpfaffenhofen agus in Fucino, go mbeidh an Lárionad i Maidrid láncháilithe mar Lárionad Rialaithe Satailíte Galileo ó thaobh oibríochta de faoi dheireadh 2013, agus go n-áireofar é i ngréasán Galileo de chuid na lárionad thuasluaite ar choinníoll go mbeidh sé in ann na ceanglais go léir atá infheidhme maidir le gach lárionad a chomhall.

(10)

Tá sé tábhachtach go n-áiritheodh an Comhphobal go maoineofaí córas EGNOS, lena n-áirítear a oibríochtaí, a inbhuanaitheacht agus a mhargú. D'fhéadfaí oibriú EGNOS a chur faoi réir conartha seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná sin, go háirithe le heintitis na hearnála príobháidí, go dtí go ndéanfar í a chomhtháthú in oibríochtaí Galileo.

(11)

Toisc go bhfuil ardchéim foirfeachta bainte amach ag na cláir anois agus go bhfuil siad imithe thar chreat na dtionscadal simplí taighde, is gá bunús dlí sonrach a sholáthar dóibh ar fearr a fhéadfaidh sé a riachtanais a shásamh agus freagairt don ghá atá le bainistíocht fhónta airgeadais.

(12)

Na córais a bhunaítear faoi na cláir, is bonneagair iad a bhunaítear mar ghréasáin thras-Eorpacha ar leithne i bhfad a n-úsáid ná teorainneacha náisiúnta na mBallstát. Fairis sin, cuidíonn na seirbhísí a thairgtear trí na córais sin le gréasáin thras-Eorpacha a fhorbairt i réimsí bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

(13)

Éilíonn rialachas fónta poiblí chláir Galileo agus EGNOS, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaí freagrachtaí a roinnt go comhionann idir an Coimisiún, Údarás Eorpach Maoirseoireachta GNSS (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) agus an GES, agus ar an dara dul síos, go ndéanfadh an Comhphobal, a bhfuil an Coimisiún mar ionadaí air, bainistiú na gclár a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún na hionstraimí iomchuí a bhunú agus na hacmhainní is gá a bheith aige, go háirithe i dtéarmaí an chúnaimh a éilíonn sé.

(14)

I bhfianaise thábhacht, uathúlacht agus chastacht na gclár, úinéireacht an Chomhphobail ar na córais a eascraíonn as na cláir, agus lánmhaoiniú na gclár ón mbuiséad Comhphobail don tréimhse 2008-2013, aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an buntáiste atá le dlúthchomhar idir na trí institiúid. Chuige sin, tiocfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile i bPainéal Idirinstitiúideach Galileo i gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach an 9 Iúil 2008 maidir le Painéal Idirinstitiúideach Galileo.

(15)

Bunaítear an tÚdarás le Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (3). Is gníomhaireacht Chomhphobail é an t-údarás agus, mar chomhlacht de réir bhrí Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (4) (dá ngairfear ‘an Rialachán Airgeadais’ anseo feasta), tá sé faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos do ghníomhaireachtaí Comhphobail.

(16)

Agus ról an Choimisiúin mar bhainisteoir ar na cláir á urramú agus i gcomhréir le treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún, ba cheart don Údarás creidiúnú slándála na gcóras agus oibriú lárionad slándála Galileo a áirithiú, agus cur le hullmhú do thráchtálú na gcóras ar mhaithe le hoibriú, soláthar rianúil seirbhísí gan bhriseadh agus dul i bhfód níos mó ar an margadh. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh an t-údarás tascanna i gcrích freisin a chuirfidh an Coimisiún faoina chúram i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, go háirithe feidhmeanna agus seirbhísí a chur chun cinn agus deimhniú chomhpháirteanna na gcóras a áirithiú.

(17)

Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh chun struchtúir bhainistíochta na gclár a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a ailíniú go foirmiúil le róil nua an Choimisiúin agus an Údaráis.

(18)

D'fhonn a ráthú go leanfar leis na cláir, is gá creat iomchuí airgeadais agus dlí a bhunú chun go mbeidh an Comhphobal in ann leanúint leis na cláir sin a mhaoiniú. Is gá a shonrú freisin an méid airgid a bheidh ag teastáil idir an 1 Eanáir 2007 agus an 31 Nollaig 2013 chun fuíoll chéim forbartha agus chéim imlonnaithe Galileo a mhaoiniú, oibriú EGNOS agus an t-ullmhúchán le haghaidh chéim saothraithe na gclár a mhaoiniú.

(19)

Chinn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle gur EUR 3 405 milliún méid measta iomlán na gcostas chun córais Galileo agus EGNOS a oibriú don tréimhse 2007-2013. Cuireadh suim EUR 1 005 milliún in áirithe i dtosach sa chlárú airgeadais ilbhliantúil (2007-2013). Tá méadú EUR 2 000 milliún (5) curtha ar an méid sin. Fairis sin, cuireadh suim EUR 400 milliún ar fáil trí Sheachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh do ghníomhaíochtaí taighde, forbartha teicneolaíochta agus taispeána (2007-2013) (6) (dá ngairfear ‘an Seachtú Clár Réime’ anseo feasta), rud a fhágfaidh gur EUR 3 405 milliún an buiséad iomlán a bheidh ar fáil do na cláir sa tréimhse 2007-2013.

(20)

I leithroinnt na gcistí Comhphobail sin, is den bhunriachtanas é nósanna imeachta éifeachtúla soláthair agus caibidlithe conarthaí a bheith ann ar bhealach a gheobhaidh an luach is fearr ar airgead agus a áiritheoidh go gcuirfear an fheidhmíocht i gcrích, agus go mbeidh leanúnachas gan bhriseadh ann idir na cláir, go ndéanfar riosca a bhainistiú agus go gcloífear leis an amchlár a bheartófar. Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún na nithe sin.

(21)

De bhun an Rialacháin Airgeadais, féadfaidh Ballstáit, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta rannchuidiú ó thaobh an airgeadais de nó i gcomhchineál leis na cláir ar bhonn comhaontuithe iomchuí.

(22)

Ba cheart a léiriú nach ndéanann costais infheistíochta agus costais oibríochta chláir Galileo agus EGNOS, mar atá siad sa mheastachán reatha le haghaidh na tréimhse 2007-2013, oibleagáidí airgeadais a chur san áireamh nach bhfuil coinne leo agus a bhféadfadh sé a bheith d'oibleagáid ar an gComhphobal iad a iompar, go háirithe na hoibleagáidí a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach de bharr úinéireacht phoiblí na gcóras, go háirithe maidir le force majeure agus cliseadh tubaisteach.

(23)

Thairis sin, ba cheart go mbaileodh an Comhphobal Eorpach an t-ioncam a thiocfaidh ó oibriú chórais Galileo agus EGNOS a eascraíonn, go háirithe, ó sheirbhís tráchtála a chuirfear ar fáil tríd an gcóras a bhunófar le clár Galileo, chun a áirithiú go ndéanfar na hinfheistíochtaí a rinne sé níos luaithe a ghnóthú. Ba cheart go bhféadfaí foráil a dhéanamh, áfach, do shásra comhroinnte ioncaim in aon chonradh a chuirfear i gcrích le heintitis san earnáil phríobháideach.

(24)

Ba cheart don Chomhphobal comhaontú ilbhliantúil maidir le tarmligean a chur i gcrích leis an GES lena gcumhdófaí gnéithe teicniúla agus pleanála na gclár. Chun go mbeidh an Coimisiún, mar ionadaí don Chomhphobal, in ann a chumhacht iniúchta a fheidhmiú go hiomlán, ba cheart go n-áireodh an comhaontú maidir le tarmligean na coinníollacha ginearálta maidir le bainistiú na gcistí a chuirfear ar iontaoibh GES.

(25)

Ó tharla go mbeidh na cláir á maoiniú ag an gComhphobal, ba cheart go gcomhlíonódh soláthar poiblí faoi na cláir prionsabail an Chomhphobail maidir le conarthaí poiblí agus ba cheart gurbh é a bheadh mar aidhm aige, go príomha, luach a thabhairt ar airgead, costais a rialú, rioscaí a mhaolú, éifeachtúlacht a fheabhsú agus an spleáchas ar sholáthraithe aonair a laghdú. Ba cheart go saothrófaí sna Ballstáit trí chéile rochtain oscailte agus iomaíocht chóir tríd an slabhra soláthair tionsclaíoch ar fad, rud a thabharfaidh deis chothrom don tionscal a bheith rannpháirteach ar gach leibhéal, lena n-áirítear, go háirithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Aon mhí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as ceannasacht nó aon spleáchas fadtéarmach a d'fhéadfadh a bheith ann ar sholáthróirí aonair, ba cheart iad a sheachaint. D'fhonn rioscaí do na cláir a mhaolú, spleáchas ar fhoinsí aonair a sheachaint agus rialú iomlán níos fearr a áirithiú ar na cláir, ar a gcostais agus ar a sceidil, ba cheart go leanfaí leis an défhoinsiú, nuair is iomchuí. Ba cheart go dtabharfaí an deis do thionscail Eorpacha brath ar fhoinsí neamh-Eorpacha maidir le comhpháirteanna áirithe agus seirbhísí áirithe i gcás ina léireofaí go bhfuil buntáistí suntasacha ann i dtéarmaí na cáilíochta agus na gcostas, agus aird á tabhairt, áfach, ar chineál straitéiseach na gclár agus ar cheanglais an Aontais Eorpaigh maidir le slándáil agus rialú onnmhairithe. Ba cheart leas a bhaint as infheistíochtaí agus as taithí thionsclaíoch agus as inniúlachtaí tionsclaíocha, lena n-áirítear iad sin a fuarthas i gcéim sainithe agus i gcéim forbartha agus bailíochtaithe na gclár, agus é á áirithiú ag an am céanna nach ndéanfar dochar do na rialacha maidir le tairiscint iomaíoch.

(26)

Na pacáistí oibre go léir a bheidh faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí a bhaineann le céim imlonnaithe Galileo, ba cheart go mbeidís faoi réir ag an uasleibhéal iomaíochta, i gcomhréir le prionsabail an Aontais Eorpaigh maidir le soláthar. D'fhonn soláthar sásúil a áirithiú, ba cheart go mbeadh na pacáistí oibre lánoscailte d'iontrálaithe nua agus do FBManna, agus go n-áiritheofaí ardchaighdeán feabhais teicneolaíochta agus cost-éifeachtacht leo.

(27)

Toisc go n-éilíonn rialú poiblí fónta bhainistíocht aonfhoirmeach na gclár, cinnteoireacht níos tapa agus rochtain chomhionann ar fhaisnéis, d'fhéadfadh ionadaithe an Údaráis agus an GES baint a bheith acu le hobair an Choiste um Chláir Eorpacha GNSS (dá ngairfear ‘an Coiste’ anseo feasta) a bunaíodh chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

(28)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(29)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún aon bhearta is gá a ghlacadh chun comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht na gcóras a áirithiú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad le heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(30)

Ba cheart gurb é an Comhphobal a bheadh mar úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir a chruthófar nó a fhorbrófar faoi na cláir. Ba cheart go ndéanfaí na comhaontuithe is gá le húinéirí atá ann cheana a thabhairt i gcrích d'fhonn aon chearta bunúsacha a bhaineann le húinéireacht a urramú go hiomlán.

(31)

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dheimhniú EGNOS maidir le gach modh iompair, go háirithe maidir le heitlíocht, d'fhonn a dhearbhú go bhfuil an córas ag oibriú agus d'fhonn úsáid an chórais a cheadú a luaithe is féidir.

(32)

Chun go leanfar leis na cláir, leagtar síos leis an Rialachán seo leithroinnt airgeadais arb í an phríomhthagairt í, de réir bhrí phointe 37 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 maidir leis an smacht buiséadach agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(33)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon córais um loingseoireacht satailíte a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach, ón uair go dtéann sé thar acmhainní airgeadais agus teicniúla aon Bhallstáit aonair, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(34)

Is gá a áirithiú go gcoimeádfar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme na gclár,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal 1

Córais agus cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte

1.   Le cláir EGNOS agus Galileo cumdhófar na gníomhaíochtaí go léir is gá chun an dá chóras Eorpacha um loingseoireacht satailíte, eadhon córas EGNOS agus an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo a shainiú, a fhorbairt, a bhailíochtú, a thógáil, a oibriú, a athnuachan agus a fheabhsú.

2.   Is bonneagar é córas EGNOS a dhéanann monatóireacht agus ceartú ar chomharthaí a astaítear ó chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann cheana. Cuimsíonn sé stáisiúin talún agus roinnt trasfhreagróirí atá suiteáilte ar shatailítí geochobhsaí.

3.   Is bonneagar uathrialaitheach domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) é an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo atá comhdhéanta de chnuasach satailítí agus de ghréasán domhanda stáisiún talún.

4.   Leagtar cuspóirí sonracha na gclár amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha maidir leis na cláir a chur chun feidhme tuilleadh, lena n-áirítear na rialacha maidir le rialachas agus maidir le ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail.

Airteagal 3

Céimeanna chlár Galileo

Beidh córas Galileo comhdhéanta de na céimeanna seo a leanas:

(a)

céim an tsainithe inar dearadh struchtúr an chórais agus inar cinneadh a eilimintí agus ar tháinig deireadh léi in 2001;

(b)

céim na forbartha agus an bhailíochtaithe, arb éard a bheidh inti, tógáil agus lainseáil na gcéad shatailítí, bunú na gcéad bhonneagar ar talamh agus na hoibreacha agus na hoibríochtaí go léir is gá chun an córas i bhfithis a bhailíochtú. Is í an aidhm go dtiocfaidh deireadh leis an gcéim sin in 2010;

(c)

céim an imlonnaithe a chomhdhéanfar de bhunú na mbonneagar spáis agus na mbonneagar ar talamh uile chomh maith le hoibríochtaí gaolmhara. Is í an aidhm go rithfeadh an chéim sin ó 2008 go 2013. Áireoidh sí ullmhúcháin do chéim an tsaothraithe;

(d)

céim an tsaothraithe arb éard a bheidh inti bainistíocht an bhonneagair, cothabháil, feabhsú leanúnach agus athnuachan an chórais, na hoibríochta deimhniúcháin agus caighdeánaithe a bhaineann leis an gclár, margú an chórais agus gach gníomhaíocht eile is gá chun an córas a fhorbairt agus chun oibriú rianúil an chórais a áirithiú. Tá sé beartaithe go dtosóidh céim an tsaothraithe ach a dtiocfaidh deireadh le céim an imlonnaithe ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Clár Galileo a mhaoiniú

1.   Maoineoidh an Comhphobal agus an GES céim na forbartha agus céim an bhailíochtaithe.

2.   Maoineoidh an Comhphobal céim an imlonnaithe gan dochar do mhír 4 ná do mhír 5.

3.   In 2010, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra maidir leis na cistí poiblí agus tiomantais phoiblí is gá do thréimhse chláraithe an mhaoinithe dar tús 2014, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, in éineacht lena athbhreithniú meántéarma agus cumhdófar leis an togra aon oibleagáid airgeadais i dtaca le céim an tsaothraithe a eascraíonn ó fhreagracht an Choimisiúin maidir le húinéireacht phoiblí an chórais, an sásra comhroinnte ioncaim maidir le céim an tsaothraithe agus cuspóirí do bheartas praghsála lena n-áiritheofar go bhfaighidh custaiméirí seirbhísí ardchaighdeáin ar phraghsanna córa. Áireofar ann, go háirithe, staidéar réasúnaithe féidearthachta ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le conarthaí lamháltas seirbhíse nó conarthaí seirbhíse poiblí a úsáid le heintitis san earnáil phríobháideach.

I gcás inarb infheidhme, molfaidh an Coimisiún freisin, in éineacht lena athbreithniú meántéarma, aon bhearta iomchuí a éascóidh forbairt feidhmchlár agus seirbhísí loingseoireachta satailíte.

4.   Féadfaidh na Ballstáit maoiniú breise a chur ar fáil do chlár Galileo chun an infheistíocht san fhorás chuig an ailtireacht chomhaontaithe chórais a chumhdach i gcásanna áirithe. Is éard a bheidh san ioncam a thiocfaidh ó na ranníocaíochtaí sin ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 18(2) den Rialachán Airgeadais. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta trédhearcaí, cuirfidh an Coimisiún aon tionchar a bheidh ag cur i bhfeidhm na míre seo ar chlár Galileo in iúl don Choiste.

5.   Féadfaidh tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta maoiniú breise a chur ar fáil do chlár Galileo freisin. Déanfar na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe a bhaineann le rannpháirtíocht eintiteas den sórt sin a leagan síos le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal leo, de bhun Airteagal 300 den Chonradh.

Airteagal 5

Córas EGNOS a oibriú

Is éard a bheidh i gceist go príomha le hoibriú chóras EGNOS bainistíocht bhonneagair, cothabháil, feabhsú leanúnach agus athnuachan an chórais, na hoibríochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe a bhaineann leis an gclár, agus margú.

Airteagal 6

Oibriú chóras EGNOS a mhaoiniú

1.   Maoineoidh an Comhphobal oibriú EGNOS, gan dochar d'aon ranníocaíocht ó aon fhoinse eile, lena n-áirítear na foinsí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4.

2.   Beidh oibriú EGNOS faoi réir conartha seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná conradh seirbhíse poiblí amháin i dtosach.

3.   Féadfaidh na Ballstáit maoiniú breise a chur ar fáil do chlár EGNOS. Is éard a bheidh san ioncam a thiocfaidh ó na ranníocaíochtaí sin ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 18(2) den Rialachán Airgeadais.

4.   Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta maoiniú breise a chur ar fáil do chlár EGNOS freisin. Déanfar na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe a bhaineann le rannpháirtíocht eintiteas den sórt sin a leagan síos le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal leo, de bhun Airteagal 300 den Chonradh.

Airteagal 7

Comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht na gcóras

1.   Déanfaidh an Coimisiún gach iarracht chun comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht chórais, ghréasáin agus sheirbhísí EGNOS agus Galileo a áirithiú agus saothróidh sé buntáistí chomhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht EGNOS agus Galileo le córais eile um loingseoireacht agus, i gcás inar féidir é, le modhanna traidisiúnta loingseoireachta.

2.   Déanfar aon bhearta is gá chuige sin agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(5).

Airteagal 8

Úinéireacht

Beidh an Comhphobal mar úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir arna gcruthú nó arna bhforbairt faoi na cláir agus, chuige sin, tabharfar comhaontuithe i gcrích le tríú páirtithe, i gcás inarb iomchuí, maidir le cearta úinéireachta atá ann cheana.

CAIBIDIL II

RANNÍOCAÍOCHT AGUS SÁSRAÍ BUISÉADACHA

Airteagal 9

Gníomhaíochtaí lena mbaineann

1.   Maidir le leithreasaí buiséadacha an Chomhphobail arna leithroinnt ar na cláir faoin Rialachán seo, deonófar iad chun na nithe seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim forbartha agus bailíochtaithe chlár Galileo a thabhairt chun críche;

(b)

na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim imlonnaithe chlár Galileo, lena n-áirítear gníomhartha chun bainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcéim seo;

(c)

na gníomhaíochtaí a bhaineann le hoibriú EGNOS chomh maith le gníomhartha roimh chéim saothraithe na gclár nó mar ullmhúchán le haghaidh na céime saothraithe sin.

2.   Chun go mbeifear in ann costais na gclár agus costais chéimeanna éagsúla na gclár a shainaithint go soiléir, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta trédhearcaí, an Coiste ar an eolas gach bliain maidir le leithroinnt chistí an Chomhphobail ar gach ceann de na gníomhaíochtaí a shonraítear i mír 1.

Airteagal 10

Na hacmhainní buiséadacha

1.   Is é EUR 3 405 milliún an méid atá leithroinnte don tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2013 chun na gníomhaíochtaí a shonraítear in Airteagal 9 a chur chun feidhme. Áirítear leis sin EUR 400 milliún a chuirtear ar fáil ón Seachtú Clár Réime.

2.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí ar bhonn bliantúil laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais.

3.   Leithreasófar na ceangaltais bhuiséadacha le haghaidh na gclár i dtráthchodanna bliantúla.

Airteagal 11

Ioncam oibríochta

1.   Baileoidh an Comhphobal an t-ioncam ó oibriú na gcóras agus íocfar isteach i mbuiséad an Chomhphobail é agus leithdháilfear ar na cláir é. Má tharlaíonn gur mó an t-ioncam ná an t-ioncam a bheidh riachtanach do na cláir, beidh aon oiriúnú ar phrionsabal na leithroinnte faoi réir a fhormheasta ag an údarás buiséadach ar bhonn togra ón gCoimisiún.

2.   Féadfar foráil a dhéanamh do shásra comhroinnte ioncaim i gceann ar bith de na conarthaí a chuirfear i gcrích le heintitis san earnáil phríobháideach.

CAIBIDIL III

RIALACHAS POIBLÍ NA gCLÁR

Airteagal 12

Creat ginearálta le haghaidh rialú na gclár

1.   Bunófar rialachas poiblí na gclár ar an bprionsabal go roinnfear freagrachtaí go daingean idir an Comhphobal, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó, an tÚdarás agus an GES.

2.   Beidh an Coimisiún, a dtabharfaidh an Coiste cúnamh dó, freagrach as bainistiú na gclár agus seolfaidh sé ar bhealach trédhearcach iad. Seachnóidh sé dúblú struchtúr agus feidhmeanna trí na cúraimí a roinnt go soiléir leis an Údarás agus leis an GES. Féadfaidh saineolaithe ó na Ballstáit cúnamh a thabhairt dó agus déanfaidh sé iniúchtaí airgeadais agus teicniúla.

3.   Bunóidh an Coimisiún na hionstraimí iomchuí, lena n-áirítear bainistiú riosca lánpháirtithe ar gach leibhéal de na cláir a chur chun feidhme, mar aon le bearta struchtúracha chun rioscaí a aithint, a rialú, a mhaolú agus chun monatóireacht a dhéanamh orthu, agus áiritheoidh sé go bhfuil na hacmhainní is gá aige chun an cúram sin a chur i gcrích. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún príomhphointí cinnidh d'athbhreithnithe ar chur chun feidhme na gclár a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 13

Rialachas ábhar slándála

1.   Déanfaidh an Coimisiún gach ceist a bhaineann le slándáil na gcóras a bhainistiú, agus déanfaidh sé maoirseoireacht agus lánpháirtiú na gceanglas slándála sna cláir iomlána a chur san áireamh go cuí.

2.   Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(4), lena leagfar síos na príomhcheanglais theicniúla chun rialú a dhéanamh ar rochtain ar na teicneolaíochtaí a chuireann slándáil ar fáil do na córais agus ar láimhseáil na dteicneolaíochtaí sin.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar gach ní is gá chun go gcomhlíonfar na bearta dá dtagraítear i mír 2 agus chun go sásófar aon cheanglais bhreise a bhaineann le slándáil na gcóras, agus sainchomhairle á cur san áireamh go hiomlán.

4.   Nuair a d'fhéadfadh sé go ndéanfadh oibriú na gcóras difear do shlándáil an Aontais Eorpaigh nó do shlándáil Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe d'oibriú an chórais Eorpaigh um loingseoireacht satailíte a dhéanann difear do shlándáil an Aontais Eorpaigh (8).

5.   Ní thiocfaidh ábhair a thagann go heisiach faoi Theideal V agus/nó faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach faoi chúram an Choiste.

Airteagal 14

Rialacháin slándála a chur i bhfeidhm

1.   I dtaca le rialacháin slándála lena n-áiritheofar leibhéal cosanta a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal cosanta a ráthaítear le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (9) agus le rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/264/CE ón gComhairle (10), áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh feidhm acu maidir le gach duine nádúrtha a bhfuil cónaí air ar a chríoch agus maidir le gach eintiteas dlíthiúil a bhunaítear ar a chríoch a phléann le faisnéis rúnaicmithe AE a bhaineann leis na cláir.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le glacadh na rialachán slándála náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.

3.   Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i dtríú tíortha agus eintitis dhlíthiúla a bhunaítear i dtríú tíortha plé le faisnéis rúnaicmithe AE a bhaineann leis na cláir ach amháin i gcás ina mbeidh siad faoi réir na rialachán slándála sna tíortha sin lena n-áiritheofar leibhéal cosanta a bheidh coibhéiseach leis an leibhéal cosanta a ráthaítear le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún agus le rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/264/CE. Measfar go bhfuil rialacháin slándála an GES coibhéiseach leis na rialacha agus na rialacháin sin. Féadfar coibhéiseacht na rialachán slándála a fheidhmítear i dtríú tír a aithint i gcomhaontú leis an tír sin.

Airteagal 15

Clárú

1.   Bainisteoidh an Coimisiún na cistí a leithroinnfear ar na cláir faoin Rialachán seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún bearta chun creat straitéiseach a shonrú d'fhonn clár oibre a bhunú i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. Áireofar leis an gcreat straitéiseach na príomhghníomhaíochtaí, an buiséad measta agus an t-amchlár is gá chun na cuspóirí a leagtar síos san Iarscríbhinn a chomhlíonadh.

Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(5).

3.   Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre a áireoidh plean cur chun feidhme an chláir agus an maoiniú a bhaineann leis, a ndéanfar athbhreithniú orthu ar bhonn bliantúil, agus glacfaidh sé aon leasuithe orthu i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

4.   Déanfar na bearta a mhaoineofar faoin Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 16

Ról an Údaráis Eorpaigh Maoirseachta GNSS

Faoi réir fhorálacha Airteagal 12 agus faoi réir urraime do ról an Choimisiúin mar bhainisteoir ar na cláir, cuirfidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas i gcrích laistigh de na cláir i gcomhréir leis na treoirlínte a eiseoidh an Coimisiún:

(a)

maidir le slándáil na gclár agus gan dochar d'Airteagal 13 agus d'Airteagal 14, áiritheoidh sé:

(i)

creidiúnú slándála; chuige sin, cuirfidh sé tús le cur chun feidhme nósanna imeachta slándála, déanfaidh sé monatóireacht air agus déanfaidh sé iniúchtaí slándála córais;

(ii)

oibriú ionad slándála Galileo, a chuirfear chun feidhme i gcomhréir le cinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 13 agus leis na treoracha a chuirfear ar fáil faoi Ghníomh Comhpháirteach 2004/552/CBES;

(b)

cuideoidh sé le hullmhú do thráchtálú na gcóras, lena n-áirítear an anailís mhargaidh is gá;

(c)

cuirfidh sé cúraimí eile i gcrích a d'fhéadfadh an Coimisiún a chur faoina chúram, i gcomhréir le hAirteagal 54(2)(b) den Rialachán Airgeadais maidir le saincheisteanna sonracha a mbeidh nasc acu leis na cláir, amhail:

(i)

cur chun cinn na bhfeidhmeanna agus na seirbhísí sa mhargadh loingseoireachta satailíte;

(ii)

a áirithiú go mbeidh comhpháirteanna na gcóras deimhnithe ag na comhlachtaí deimhnithe iomchuí cuí-údaraithe.

Airteagal 17

Prionsabail soláthair a bhaineann le céim imlonnaithe chlár Galileo

1.   Maidir le rialacha an Chomhphobail um sholáthar poiblí, go háirithe rochtain oscailte agus iomaíocht chothrom tríd an slabhra soláthair tionsclaíoch ar fad, tairiscint ar bhonn faisnéis thrédhearcach thráthúil a chur ar fáil, na rialacha soláthair infheidhme a chur in iúl go soiléir, critéir roghnúcháin agus aon fhaisnéis ábhartha eile a thugann cothrom na féinne do gach tairgeoir féideartha, beidh feidhm acu maidir le céim imlonnaithe chlár Galileo gan dochar do bhearta is gá chun leasanna riachtanacha slándála an Aontais Eorpaigh nó leasanna riachtanacha slándála poiblí a chosaint nó chun ceanglais an Aontais Eorpaigh um rialú onnmhairithe a chomhlíonadh.

2.   Le linn an tsoláthair, saothrófar na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht chothrom ón tionscal ar gach leibhéal, lena n-áirítear FBManna go háirithe, a chur chun cinn sna Ballstáit trí chéile;

(b)

mí-úsáid fhéideartha ceannasachta agus spleáchas fadtéarmach ar sholáthróirí aonair a sheachaint;

(c)

leas a bhaint as infheistíochtaí earnála poiblí roimhe sin agus as na ceachtanna a foghlaimíodh agus as taithí thionsclaíoch agus as inniúlachtaí tionsclaíocha chomh maith, lena n-áirítear iad sin a fuarthas i gcéim shainmhíniú, fhorbairt agus bhailíochtú na gclár, agus a áirithiú chomh maith nach ndéanfar dochar do na rialacha maidir le tairiscint iomaíoch.

3.   Chuige sin, is iad na prionsabail seo a leanas a mbeidh feidhm acu maidir le soláthar na ngníomhaíochtaí do chéim imlonnaithe chlár Galileo:

(a)

déanfar soláthar an bhonneagair a dheighilt i sraith de shé phríomhphacáiste oibre (tacaíocht d'innealtóireacht córais, críochnú bonneagair do mhisin ar talamh, críochnú bonneagair do rialú ar talamh, satailítí, lainseálaithe agus oibríochtaí), mar aon le líon pacáistí oibre breise, trí mhiondealú cuimsitheach a dhéanamh ar an soláthar iomlán; ní chuirtear as an áireamh leis sin go bhféadfadh sé go mbeadh ilsnáithíní soláthair ann i gcomhthráth do phacáistí oibre aonair, lena n-áirítear pacáistí do shatailítí;

(b)

áireofar tairiscint iomaíoch ar gach pacáiste agus, i gcás na sé phríomhphacáiste oibre, cuirfear nós imeachta aonair i bhfeidhm faoina bhféadfaidh aon eintiteas dlíthiúil neamhspleách amháin, nó aon ghrúpa a bhfuil ionadaíocht á déanamh air chun na críche sin ag eintiteas dlíthiúil ar cuid den ghrúpa sin é, tairiscint a dhéanamh ar ról an phríomhchonraitheora i gcás dhá phríomhphacáiste oibre ar a mhéad as na sé phríomhphacáiste oibre;

(c)

40 % ar a laghad de luach comhiomlánaithe na ngníomhaíochtaí a thabharfar ar fochonradh trí thairiscint iomaíoch ar leibhéil éagsúla do chuideachtaí seachas na cuideachtaí a bhaineann le grúpaí eintiteas a bheidh ina bpríomhchonraitheoirí ar aon cheann de na príomhphacáistí oibre; tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil go tráthrialta don Choiste maidir le comhlíonadh an phrionsabail sin. I gcás ina léireoidh réamh-mheastacháin go bhféadfadh sé nach bhféadfaí 40 % a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 19(3);

(d)

saothrófar défhoinsiú nuair is iomchuí d'fhonn rialú iomlán níos fearr a áirithiú ar an gclár, ar a chostais agus ar a sceideal.

Airteagal 18

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis

1.   Ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 17, déanfaidh an Comhphobal, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, comhaontú ilbhliantúil tarmligin leis an GES, ar bhonn cinnidh tarmligin a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 54(2) den Rialachán Airgeadais agus lena gcumhdófar na cúraimí a tharmligtear agus cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le cur chun feidhme chlár Galileo, go háirithe céim an imlonnaithe.

2.   A mhéid is gá do na cúraimí agus do chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligtear faoi mhír 1, leagfar síos leis an gcomhaontú tarmligin na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí a chuirtear faoi chúram an GES agus, go háirithe, na gníomhartha a bheidh le cur chun feidhme, an maoiniú ábhartha, na nósanna imeachta bainistíochta, na bearta monatóireachta agus cigireachta, na bearta is infheidhme i gcás fheidhmiú neamhdhóthanach conarthaí agus na rialacha maidir le húinéireacht sócmhainní uile inláimhsithe agus doláimhsithe.

3.   Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 19(2), maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfear an Coiste ar an eolas maidir leis an gcomhaontú ilbhliantúil tarmligin a thabharfar i gcrích idir an Comhphobal, a mbeidh an Coimisiún mar ionadaí dó, agus an GES.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an Coiste ar an eolas maidir le toradh idirmheánach agus toradh deiridh na meastóireachta a dhéanfar ar na tairiscintí soláthair agus ar na conarthaí le heintitis san earnáil phríobháideach a thabharfaidh an GES i gcrích.

Airteagal 19

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste dar teideal ‘An Coiste um Chláir Eorpacha GNSS’ (an Coiste) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

5.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de.

6.   Féadfaidh ionadaithe an Údaráis agus an GES baint a bheith acu, mar bhreathnóirí, le hobair an Choiste faoi na coinníollacha a leagtar síos i rialacha nós imeachta an Choiste.

7.   Féadfar foráil le comhaontuithe a thabharfaidh an Comhphobal i gcrích de bhun Airteagal 4(5) agus Airteagal 6(4) do rannpháirtíocht tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta in obair an Choiste faoi na coinníollacha a leagfar síos ina rialacha nós imeachta.

Airteagal 20

Sonraí pearsanta agus príobháideacht a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachta a ráthú agus go ndéanfar cosaintí iomchuí a chomhtháthú i struchtúir theicniúla na gcóras.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint

1.   Nuair a chuirfear gníomhartha arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail trí bhearta coisctheacha i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtúla a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis choiriúla a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (11), i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (12) agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (13).

2.   Maidir leis na gníomhartha Comhphobail arna maoiniú faoin Rialachán seo, ciallóidh ‘neamhrialtacht’ a dtagraítear dó in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil den dlí Comhphobail nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach atá de dheasca gnímh nó neamhghnímh a rinne oibreoir eacnamaíoch, a bhfuil sé d'éifeacht aige nó a mbeadh sé d'éifeacht aige, de bharr míre caiteachais gan údar, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó do bhuiséid a bheidh a mbainistiú aige.

3.   Déanfar foráil leis na comhaontuithe a thiocfaidh as an Rialachán seo, lena n-áirítear comhaontuithe a chuirtear i gcrích le tríú tíortha rannpháirteacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, do mhaoirseacht agus do rialú airgeadais ag an gCoimisiún, nó ag aon ionadaí a údaróidh sé, agus d'iniúchtaí ón gCúirt Iniúchóirí, ar an toirt más gá.

Airteagal 22

Faisnéis a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Áiritheoidh an Coimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo. Gach bliain, nuair a thíolacfaidh sé a réamh-dhréachtbhuiséad, tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme na gclár. Chun Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir leis an dul chun cinn a rinneadh ar na cláir, déanfar athbhreithniú lárthéarma in 2010, ina mbeidh athbhreithniú ar chostais agus ar rioscaí na seirbhísí a thairgfidh Galileo, ar an teacht isteach ionchasach ó na seirbhísí sin, lena n-áirítear athbhreithniú i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus margaidh.

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 an 21 Bealtaine 2002 lena mbunaítear Comhghnóthas Galileo (14) le héifeacht ón 25 Iúil 2009.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Iúil 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  IO C 221, 8.9.2005, lch. 28.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Iúil 2008.

(3)  IO L 246, 20.7.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1942/2006 (IO L 367, 22.12.2006, lch. 18).

(4)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1525/2007 (IO L 343, 27.12.2007, lch. 9).

(5)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséid agus bainistíocht fhónta airgeadais (IO C 139, 14.6.2006, lch. 1). Comhaontú arna leasú le Cinneadh 2008/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 6, 10.1.2008, lch. 7).

(6)  IO L 412, 30.12.2006, lch. 1.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(8)  IO L 246, 20.7.2004, lch. 30.

(9)  Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha (IO L 317, 3.12.2001, lch. 1). Cinneadh arna leasú go deireanach le Cinneadh 2006/548/CE (IO L 215, 5.8.2006, lch. 38).

(10)  Cinneadh 2001/264/CE ón gComhairle an 19 Márta 2001 lena nglactar rialacháin slándála na Comhairle (IO L 101, 11.4.2001, lch. 1). Cinneadh arna leasú go deireanach le Cinneadh 2007/438/CE (IO L 164, 26.6.2007, lch. 24).

(11)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1233/2007 ón gCoimisiún (IO L 279, 23.10.2007, lch. 10).

(12)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(14)  IO L 138, 28.5.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1943/2006 (IO L 367, 22.12.2006, lch. 21).


IARSCRÍBHINN

CUSPÓIRÍ SONRACHA NA gCLÁR EORPACH UM LOINGSEOIREACHT SATAILÍTE

Is iad cuspóirí sonracha chlár Galileo a áirithiú go bhféadfar na comharthaí a astóidh an córas a úsáid chun na cúig fheidhm seo a leanas a chomhlíonadh:

seirbhís oscailte a thairiscint (dá ngairtear ‘Open Service’ nó OS) atá saor in aisce le haghaidh an úsáideora agus lena soláthraítear faisnéis suite agus sioncrónaithe, le haghaidh feidhmeanna loingseoireachta satailíte ardtoirte,

seirbhís sábháilteachta beatha (dá ngairtear ‘safety-of-life’ nó SoL) a thairiscint a dhírítear ar úsáideoirí a bhfuil an tsábháilteacht riachtanach dóibh. Comhlíonann an tseirbhís sin freisin ceanglais earnálacha áirithe maidir leis an leanúnachas, leis an infhaighteacht agus leis an gcruinneas agus áirítear teachtaireacht sláine a dhíríonn aird an úsáideora ar aon loic sa chóras,

seirbhís tráchtála a thairiscint (dá ngairtear ‘Commercial Service’ nó CS) d'fhonn feidhmeanna a fhorbairt le haghaidh úsáide gairmiúla nó tráchtála de bharr feidhmíochta agus sonraí feabhsaithe, le breisluach níos mó ná mar a fhaightear tríd an tseirbhís oscailte,

seirbhís atá faoi rialáil phoiblí a thairiscint (dá ngairtear ‘Public Regulated Service’ nó PRS) atá srianta d'úsáideoirí atá údaraithe ag rialtais, le haghaidh feidhmeanna íogaire a éilíonn ardleibhéal leanúnachais seirbhíse. Úsáideann an tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí comharthaí láidre criptithe,

bheith rannpháirteach sa tseirbhís cuardaigh agus tarrthála (dá ngairtear ‘Search and Rescue Support Service’ nó SAR) den chóras COSPAS-SARSAT trí chomharthaí éigeandála ó rabhcháin a bhrath agus trí theachtaireachtaí a chur ar ais chucu.

Is iad cuspóirí sonracha EGNOS a áirithiú go gcomhlíonfaidh córas EGNOS na trí fheidhm seo a leanas:

seirbhís oscailte a thairiscint (dá ngairtear ‘Open Service’ nó OS) atá saor in aisce le haghaidh an úsáideora agus lena soláthraítear faisnéis suite agus sioncrónaithe, le haghaidh feidhmeanna loingseoireachta satailíte ardtoirte,

seirbhís tráchtála a thairiscint d'fhonn feidhmeanna a fhorbairt le haghaidh úsáide gairmiúla nó tráchtála de bharr feidhmíochta agus sonraí feabhsaithe, le breisluach níos mó ná mar a fhaightear tríd an tseirbhís oscailte,

seirbhís sábháilteachta beatha (SoL) a thairiscint a dhírítear ar úsáideoirí a bhfuil an tsábháilteacht riachtanach dóibh. Comhlíonann an tseirbhís sin go háirithe ceanglais earnálacha áirithe maidir leis an leanúnachas, leis an infhaighteacht agus leis an gcruinneas agus áirítear teachtaireacht sláine a dhíríonn aird an úsáideora ar aon loic sa chóras sa réimse a chumhdaítear.


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH

ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

maidir le

PAINÉAL IDIRINSTITIÚIDEACH GALILEO (‘GIP’)

1.

Ag féachaint do thábhacht, d'uathúlacht agus do chastacht na gclár Eorpach GNSS, d'úinéireacht Chomhphobail na gcóras a leanann ó na cláir, do mhaoiniú iomlán na gclár ag buiséad an Chomhphobail don tréimhse 2008-2013, aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an gá atá le dlúthchomhar idir na trí institiúid.

2.

Tiocfaidh Painéal Idirinstitiúideach Galileo (GIP) le chéile agus é mar aidhm aige a éascú do gach institiúid de chuid an Chomhphobail a freagracht faoi seach a fheidhmiú. Chuige sin, bunófar an GIP chun na nithe seo a leanas a leanúint go dlúth:

(a)

an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár Eorpach GNSS, go háirithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe fála agus conartha, go háirithe maidir leis an GES;

(b)

na Comhaontuithe Idirnáisiúnta le tríú tíortha gan dochar d'fhorálacha Airteagal 300 den Chonradh;

(c)

ullmhú na margaí loingseoireachta satailíte;

(d)

éifeachtúlacht na socruithe rialachais; agus

(e)

athbhreithniú bliantúil ar an gclár oibre.

3.

I gcomhréir leis na rialacha atá ann, urramóidh an GIP an gá atá le discréid, go háirithe ag féachaint do rúndacht tráchtála agus d'íogaireacht sonraí áirithe.

4.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tuairimí a nochtfaidh an GIP.

5.

Beidh an GIP comhdhéanta de sheachtar ionadaithe, mar atá:

3 ón gComhairle,

3 ó Pharlaimint na hEorpa,

1 ón gCoimisiún,

agus tiocfaidh sé le chéile go rialta (i bprionsabal 4 huaire sa bhliain).

6.

Ní dhéanfaidh an GIP difear do fhreagrachtaí bunaithe ná do chaidrimh idirinstitiúideacha.


Top