This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025A01553
Agreement between the European Union and the Republic of Armenia establishing a framework for the participation of the Republic of Armenia in European Union crisis management operations
AISTRIÚCHÁN comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na hAirméine in oibríochtaí bainistíochta géarchéime an Aontais Eorpaigh
AISTRIÚCHÁN comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na hAirméine in oibríochtaí bainistíochta géarchéime an Aontais Eorpaigh
ST/6193/2025/INIT
IO L, 2025/1553, 31.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/1553/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/1553/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1553 |
31.7.2025 |
AISTRIÚCHÁN
comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht na hAirméine in oibríochtaí bainistíochta géarchéime an Aontais Eorpaigh
TÁ AN tAONTAS EORPACH (‘an tAontas’),
de pháirt, agus
POBLACHT NA hAIRMÉINE (‘an Airméin’),
den pháirt eile,
dá ngairfear le chéile ‘na Páirtithe’ anseo feasta,
AGUS É Á AITHINT ACU go bhféadfaidh an tAontas, faoi chuimsiú a chomhbheartais slándála agus cosanta, a chinneadh oibríochtaí bainistíochta géarchéime a ghabháil de láimh, a bhféadfaidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagail 42(1) agus 43(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar a chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh (‘an Chomhairle’), a áireamh iontu;
AGUS É Á AITHINT ACU a thábhachtaí atá an tsíocháin dhomhanda d’fhorbairt na Stát uile, agus iad FÓS TIOMANTA do rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil a choinneáil ina gcomharsanachtaí faoi seach agus ar fud an domhain mhóir, bunaithe ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe;
I bhFIANAISE a thiomanta atá na Páirtithe a gcomhar a neartú i gcúrsaí a bhaineann leis an tslándáil agus leis an gcosaint, agus é á aithint acu go bhféadfaí cumais agus inniúlachtaí phearsanra agus fhórsaí na hAirméine a úsáid in oibríochtaí bainistíochta géarchéime an Aontais;
ÓS MIAN LEO coinníollacha ginearálta a leagan síos maidir le rannpháirtíocht na hAirméine in oibríochtaí bainistíochta géarchéime an Aontais i gcomhaontú lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht fhéideartha mar sin amach anseo, seachas na coinníollacha sin a shainiú de réir an cháis do gach oibríocht lena mbaineann;
DE BHRÍ gur cheart don Chomhaontú seo a bheith gan dochar d’uathriail chinnteoireachta an Aontais, agus gan dochar don chinneadh atá déanta ag an Airméin a rannpháirtíocht in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais a shocrú de réir an cháis;
DE BHRÍ go gcinnfidh an tAontas cibé an n-iarrfar nó nach n-iarrfar ar thríú Stáit páirt a ghlacadh in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais. Féadfaidh an Airméin glacadh leis an iarraidh ón Aontas agus a rannchuidiú a thairiscint. Sa chás sin, cinnfidh an tAontas an nglacfaidh sé nó nach nglacfaidh sé leis an rannchuidiú atá beartaithe;
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
ROINN I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cinntí a bhaineann le rannpháirtíocht
1. I ndiaidh don Aontas cinneadh a dhéanamh a iarraidh ar an Airméin páirt a ghlacadh in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, déanfaidh an Airméin, agus an Comhaontú seo á chur chun feidhme aici, cinneadh a údaráis inniúil maidir lena rannpháirtíocht, lena n-áirítear an rannchuidiú atá beartaithe aici, a chur in iúl don Aontas.
2. Cuirfidh an tAontas in iúl don Airméin go luath an ranníocaíocht is dócha a dhéanfaidh sí le costais chomhchoiteanna na hoibríochta a luaithe is féidir d’fhonn cuidiú leis an Airméin a tairiscint a fhoirmliú.
3. An measúnú a dhéanfaidh an tAontas ar an rannchuidiú atá beartaithe ag an Airméin, déanfar é i gcomhairle leis an Airméin.
4. Cuirfidh an tAontas in iúl don Airméin i scríbhinn toradh a mheasúnaithe agus a chinnidh maidir leis an rannchuidiú atá beartaithe ag an Airméin, d’fhonn rannpháirtíocht na hAirméine a áirithiú, i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
5. Beidh an rannchuidiú atá beartaithe ag an Airméin de bhun mhír 1, agus glacadh an Aontais leis de bhun mhír 4, mar bhonn do chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo maidir le gach oibríocht shonrach bainistíochta géarchéime an Aontais.
6. Féadfaidh an Airméin, ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Aontas, agus tar éis comhairliúcháin idir na Páirtithe, rannpháirtíocht in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach tráth ar bith.
Airteagal 2
Creat
1. Beidh baint ag an Airméin leis an gcinneadh ábhartha trína gcinnfidh an Chomhairle go seolfaidh an tAontas oibríocht bainistíochta géarchéime, agus le haon chinneadh eile lena gcinnfidh an Chomhairle síneadh a chur le hoibríocht bainistíochta géarchéime, i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus le haon socruithe cur chun feidhme a cheanglaítear.
2. Beidh rannchuidiú na Airméine le hoibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais gan dochar d’uathriail chinnteoireachta an Aontais.
Airteagal 3
Stádas phearsanra agus fhórsaí na hAirméine
1. Maidir le stádas an phearsanra a thugann an Airméin ar iasacht d’oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais agus stádas an phearsanra agus na bhfórsaí a rannchuidíonn sí le hoibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais, déanfar é a rialú leis an gcomhaontú ábhartha maidir le stádas na bhfórsaí nó an comhaontú ábhartha maidir le stádas an mhisin, má thugtar an comhaontú sin i gcrích, nó le haon socrú eile idir an tAontas agus an Stát nó na Stáit ina ndéantar an oibríocht. Cuirfear an méid sin in iúl don Airméin.
2. Maidir le stádas an phearsanra a thugtar ar iasacht don cheanncheathrú nó d’eilimintí ceannasaíochta atá lonnaithe lasmuigh den Stát nó de na Stáit ina ndéantar oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, rialófar é le socruithe idir an cheanncheathrú agus na heilimintí ceannasaíochta lena mbaineann agus údaráis inniúla na hAirméine.
3. Gan dochar don chomhaontú maidir le stádas na bhfórsaí ná don chomhaontú maidir le stádas an mhisin dá dtagraítear i mír 1, feidhmeoidh an Airméin dlínse ar a phearsanra atá rannpháirteach in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais. I gcás ina n-oibríonn fórsaí na hAirméine ar bord soithigh nó aerárthaigh Ballstáit den Aontas, féadfaidh an Ballstát sin dlínse a fheidhmiú faoi réir aon chomhaontuithe atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, agus i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin agus leis an dlí idirnáisiúnta.
4. Beidh an Airméin freagrach as freagairt ar aon éilimh a bhfuil baint acu lena rannpháirtíocht in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais ó aon bhall dá phearsanra nó maidir le haon bhall dá phearsanra agus beidh sé freagrach as aon chaingean a thabhairt, go háirithe caingean dlí nó caingean araíonachta, i gcoinne aon bhall dá phearsanra i gcomhréir lena dlíthe agus lena rialacháin.
5. Comhaontaíonn na Páirtithe aon éileamh agus na héilimh uile, seachas éilimh chonarthacha, i gcoinne a chéile a tharscaoileadh maidir le díobháil do shócmhainní atá faoi úinéireacht ceachtar Páirtí nó atá á n-oibriú ag ceachtar Páirtí, nó maidir le cailleadh nó díothú na sócmhainní sin, nó maidir le díobháil nó bás pearsanra de chuid ceachtar Páirtí, ar éilimh iad a éiríonn as comhlíonadh a ndualgas oifigiúil i ndáil le gníomhaíochtaí faoin gComhaontú seo, ach amháin i gcás mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.
6. Geallann an Airméin go ndéanfaidh sí dearbhú maidir le tarscaoileadh éileamh i gcoinne aon Stát atá rannpháirteach in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais ina bhfuil an Airméin rannpháirteach, agus go ndéanfaidh sí é sin agus an Comhaontú seo á shíniú aici.
7. Geallann an tAontas go n-áiritheoidh sé go ndéanfaidh na Ballstáit dearbhú maidir le tarscaoileadh éileamh i gcás rannpháirtíocht na hAirméine amach anseo in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, agus go ndéanfaidh sé é sin agus an Comhaontú seo á shíniú aige.
Airteagal 4
Faisnéis rúnaicmithe
1. Déanfaidh an Airméin bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint i gcomhréir le rialacha slándála na Comhairle chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint mar atá i gCinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (1), agus i gcomhréir le treoir bhreise arna heisiúint ag údaráis inniúla, lena n-áirítear ag Ceannasaí Oibríochta an Aontais i gcás oibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais, nó ag Ceann Misin an Aontais i gcás oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais.
2. I gcás ina dtabharfaidh na Páirtithe comhaontú i gcrích maidir le nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, beidh feidhm ag an gcomhaontú sin i gcomhthéacs oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais.
ROINN II
FORÁLACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT IN OIBRÍOCHTAÍ SIBHIALTACHA BAINISTÍOCHTA GÉARCHÉIME AN AONTAIS
Airteagal 5
Pearsanra a thugtar ar iasacht d’oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais
1. Déanfaidh Poblacht na hAirméine an méid seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go ndéanfaidh a phearsanra arna thabhairt ar iasacht d’oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais a mhisean a ghabháil de láimh i gcomhréir leis an méid a leanas:
|
|
(b) |
aon athrú i dtaca lena rannchuidiú le hoibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais a chur in iúl do Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha an Aontais in am trátha. |
2. Maidir le baill den phearsanra a thabharfaidh an Airméin ar iasacht d’oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais, cuirfidh údarás inniúil na hAirméine faoi scrúdú leighis iad, déanfaidh sé iad a vacsaíniú (de réir mar is gá) agus tabharfaidh sé deimhniú go bhfuil siad ábalta ó thaobh liachta de dá gcuid dualgas, agus soláthróidh an pearsanra cóip den deimhniú sin.
3. Déanfaidh an pearsanra atá ar iasacht ón Airméin a ndualgais a chomhlíonadh agus iad féin a iompar agus aird á tabhairt ar leasanna oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais amháin, agus cloífidh siad, ag an am céanna, leis na caighdeáin iompair is airde a leagtar amach sna beartais is infheidhme maidir le hoibríochtaí sibhialtacha bainistíochta géarchéime an Aontais.
Airteagal 6
An slabhra ceannais
1. Beidh an pearsanra uile a bheidh rannpháirteach in oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais i gcónaí faoi láncheannas a n-údarás náisiúnta.
2. Aistreoidh na húdaráis náisiúnta an rialú oibríochtúil chuig Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha an Aontais.
3. Is é Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha an Aontais a ghlacfaidh an fhreagracht maidir le hoibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais agus a fheidhmeoidh ceannas agus rialú uirthi ar an leibhéal straitéiseach.
4. Is é Ceann Misin an Aontais a ghlacfaidh an fhreagracht maidir le hoibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais agus a fheidhmeoidh ceannas agus rialú uirthi ar leibhéal na n-oibríochtaí agus déanfaidh sé bainistiú uirthi ar bhonn laethúil.
5. Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag an Airméin agus a bheidh ag na Ballstáit sin den Aontas atá rannpháirteach san oibríocht, a mhéid a bhaineann le bainistiú laethúil na hoibríochta, i gcomhréir leis na hionstraimí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1).
6. Beidh Ceann Misin an Aontais freagrach as rialú araíonachta ar phearsanra oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais. I gcás inar gá, déanfaidh an t-údarás náisiúnta lena mbaineann gníomhaíocht araíonachta.
7. Ceapfaidh an Airméin Pointe Teagmhála na nDíormaí Náisiúnta (‘NPC’) chun ionadaíocht a dhéanamh dá díorma náisiúnta in oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais. Tuairisceoidh an NPC do Cheann Misin an Aontais i dtaca le hábhair náisiúnta agus beidh sé freagrach as smacht a choinneáil ar an díorma ón Airméin ar bhonn laethúil.
8. Is é an tAontas a dhéanfaidh an cinneadh deireadh a chur le hoibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais, tar éis dul i gcomhairle leis an Airméin má tá an Airméin fós ag rannchuidiú leis an oibríocht sin ar an dáta sin.
Airteagal 7
Gnéithe airgeadais
1. Gan dochar d’Airteagal 8, beidh an Airméin freagrach as na costais go léir a bhaineann lena rannpháirtíocht in oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais, cé is moite de na costais reatha, mar a leagtar amach i mbuiséad oibriúcháin na hoibríochta.
2. I gcás báis, díobhála, caillteanais nó damáiste do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ón Stát nó ó na Stáit ina ndéantar oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais, déanfar saincheisteanna dliteanais agus cúitimh fhéideartha arna n-íoc ag an Airméin a rialú de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú is infheidhme maidir le stádas an mhisin dá dtagraítear in Airteagal 3(1) nó aon fhorálacha infheidhme eile.
Airteagal 8
Ranníocaíocht leis an mbuiséad oibriúcháin
1. Faoi réir mhír 4 den Airteagal seo agus d’ainneoin Airteagal 1(5), rannchuideoidh an Airméin le maoiniú an bhuiséid oibríochtúil maidir le hoibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais lena mbaineann.
2. Ríomhfar an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn ceachtar de na foirmlí seo a leanas, cibé acu is ísle:
|
(a) |
an sciar den mhéid tagartha don bhuiséad oibriúcháin atá i gcomhréir leis an gcóimheas idir ollioncam náisiúnta (OIN) na hAirméine agus OIN iomlána na Stát uile a rannchuidíonn le buiséad oibriúcháin na hoibríochta; nó |
|
(b) |
an sciar den mhéid tagartha don bhuiséad oibriúcháin atá i gcomhréir leis an gcóimheas idir líon an phearsanra ón Airméin atá rannpháirteach san oibríocht agus líon iomlán phearsanra na Stát uile atá rannpháirteach san oibríocht. |
3. D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ní dhéanfaidh an Airméin aon ranníocaíocht i leith mhaoiniú na liúntas per diem a íoctar le pearsanra Bhallstáit an Aontais.
4. D’ainneoin mhír 1, déanfaidh an tAontas, i bprionsabal, an Airméin a dhíolmhú ó ranníocaíochtaí airgeadais le hoibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime áirithe dan Aontais i gcás:
|
(a) |
ina measann an tAontas go bhfuil rannchuidiú suntasach á dhéanamh ag an Airméin atá riachtanach don oibríocht sin; nó |
|
(b) |
nach bhfuil OIN per capita na hAirméine níos mó ná OIN aon Bhallstáit den Aontas. |
5. Faoi réir mhír 1, is idir údaráis inniúla na bPáirtithe a bheidh aon socrú maidir le ranníocaíochtaí a dhéanfaidh an Airméin le buiséad oibriúcháin oibríocht shibhialtach bainistíochta géarchéime an Aontais, agus áireofar ann, inter alia, forálacha maidir le:
|
(a) |
méid na ranníocaíochta airgeadais lena mbaineann; |
|
(b) |
na socruithe maidir leis an ranníocaíocht airgeadais a íoc; agus |
|
(c) |
an nós imeachta iniúchóireachta. |
ROINN III
FORÁLACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT IN OIBRÍOCHTAÍ MÍLEATA BAINISTÍOCHTA GÉARCHÉIME AN AONTAIS
Airteagal 9
Rannpháirtíocht in oibríochtaí míleata bainistíochta géarchéime an Aontais
1. Déanfaidh Poblacht na hAirméine an méid seo a leanas:
|
(a) |
áiritheoidh sí go dtabharfaidh a fórsaí agus a pearsanra atá rannpháirteach in oibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais faoina misean i gcomhréir le:
agus, |
|
(b) |
cuirfidh sí aon athrú i dtaca lena rannpháirtíocht in oibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais in iúl do Cheannasaí Oibríochta an Aontais in am trátha. |
2. Déanfaidh an pearsanra atá ar iasacht ón Airméin a ndualgais a chomhlíonadh agus iad féin a iompar agus aird á tabhairt ar leasanna oibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais amháin, agus cloífidh siad, ag an am céanna, leis na caighdeáin iompair is airde a leagtar amach sna beartais is infheidhme maidir le hoibríochtaí míleata bainistíochta géarchéime an Aontais.
Airteagal 10
An slabhra ceannais
1. Beidh na fórsaí agus an pearsanra uile a bheidh rannpháirteach in oibríochtaí míleata bainistíochta géarchéime an Aontais i gcónaí faoi láncheannas a n-údarás náisiúnta.
2. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta ceannas agus/nó rialú oibríochtúil agus oirbheartaíoch a bhfórsaí, a sócmhainní agus a bpearsanra a aistriú chuig Ceannasaí Oibríochta an Aontais, atá i dteideal a údarás a tharmligean.
3. Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag an Airméin agus a bheidh ag na Ballstáit sin den Aontas atá rannpháirteach san oibríocht, a mhéid a bhaineann le bainistiú laethúil oibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais, i gcomhréir leis na hionstraimí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1).
4. Féadfaidh Ceannasaí Oibríochta an Aontais, tar éis dul i gcomhairle leis an Airméin, a iarraidh, tráth ar bith, go dtarraingeofar siar an rannchuidiú ón Airméin.
5. Ceapfaidh an Airméin Ionadaí Míleata Sinsearach chun ionadaíocht a dhéanamh dá díorma náisiúnta in oibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais.Rachaidh an tIonadaí Míleata Sinsearach i gcomhairle le Ceannasaí Fórsa an Aontais maidir le gach ábhar lena ndéantar difear don oibríocht, agus beidh sé freagrach as smacht a choinneáil ar an díorma ón Airméin ar bhonn laethúil.
Airteagal 11
Gnéithe airgeadais
1. Gan dochar d’Airteagal 12, beidh an Airméin freagrach as na costais ar fad a bhaineann lena rannpháirtíocht in oibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais mura bhfuil na costais faoi réir cistiú comhchoiteann dá bhforáiltear sna hionstraimí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1), agus i gCinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle (2).
2. I gcás báis, díobhála, caillteanais nó damáiste do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ón Stát nó ó na Stáit ina ndéantar oibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais, déanfar saincheisteanna dliteanais agus cúitimh fhéideartha arna n-íoc ag an Airméin a rialú de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú is infheidhme maidir le stádas na bhfórsaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) nó aon fhorálacha infheidhme eile.
Airteagal 12
Ranníocaíocht leis na costais choiteanna
1. Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo agus d’ainneoin Airteagal 1(5), rannchuideoidh an Airméin le maoiniú na gcostas coiteann maidir le hoibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime an Aontais lena mbaineann.
2. Ríomhfar an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn ceachtar de na foirmlí seo a leanas, cibé acu is ísle:
|
(a) |
an sciar de na costais choiteanna atá i gcomhréir le OIN na hAirméine agus OIN iomlána na Stát uile a rannchuidíonn le costais choiteanna na hoibríochta; nó |
|
(b) |
an sciar de na costais choiteanna atá i gcomhréir leis an gcóimheas idir líon an phearsanra ón Airméin atá rannpháirteach san oibríocht agus líon iomlán phearsanra na Stát uile atá rannpháirteach san oibríocht. |
I gcás ina n-úsáidtear an fhoirmle faoi phointe (b) agus nach gcuireann an Airméin pearsanra ach chuig ceanncheathrú na hoibríochta nó an fhórsa, is é cóimheas a pearsanra le líon iomlán phearsanra na ceanncheathrún faoi seach a úsáidfear. I gcásanna eile, is é cóimheas an phearsanra ar fad a chuirfidh an Airméin le pearsanra iomlán na hoibríochta an cóimheas a úsáidfear.
3. D’ainneoin mhír 1, déanfaidh an tAontas, i bprionsabal, an Airméin a dhíolmhú ó ranníocaíochtaí airgeadais le hoibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime áirithe an Aontais i gcás:
|
(a) |
ina measann an tAontas go bhfuil rannchuidiú suntasach á dhéanamh ag an Airméin atá riachtanach don oibríocht sin; nó |
|
(b) |
nach bhfuil OIN per capita na hAirméine níos mó ná OIN aon Bhallstáit den Aontas. |
4. Faoi réir mhír 1, is idir údaráis inniúla na bPáirtithe a bheidh aon socruithe maidir le ranníocaíochtaí a dhéanfaidh an Airméin leis na costais choiteanna, agus áireofar iontu, i measc nithe eile, forálacha maidir le:
|
(a) |
méid na ranníocaíochta airgeadais lena mbaineann, |
|
(b) |
na socruithe maidir leis an ranníocaíocht airgeadais a íoc; agus |
|
(c) |
an nós imeachta iniúchóireachta. |
ROINN IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 13
Socruithe maidir leis an gComhaontú a chur chun feidhme
Gan dochar d’Airteagal 8(5) agus 12(3), is idir údaráis inniúla na bPáirtithe a bheidh aon socruithe teicniúla agus riaracháin is gá de bhun chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 14
Údaráis Inniúla
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, is í an Aireacht Gnóthaí Eachtracha a bheidh mar údaráis inniúla na hAirméine, mura dtugtar fógra eile don Aontas.
Airteagal 15
Neamhchomhlíonadh
Más rud é go mainneoidh ceachtar Páirtí a oibleagáidí faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh, beidh an ceart ag an bPáirtí eile an Comhaontú a fhoirceannadh trí fhógra aon mhí amháin a thabhairt i scríbhinn.
Airteagal 16
Réiteach Díospóidí
Díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó feidhmiú an Chomhaontaithe seo, déanfar iad a réiteach trí bhealaí taidhleoireachta idir na Páirtithe.
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm, ré agus foirceannadh
1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis an mhí ina dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha dlíthiúla is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm.
2. Déanfar an Comhaontú seo a athbhreithniú ar iarraidh ó cheachtar Páirtí.
3. Féadfar an Comhaontú seo a leasú ar bhonn comhaontaithe i scríbhinn idir na Páirtithe. Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 1.
4. Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra foirceanta i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile. Beidh feidhm ag foirceannadh mar sin 6 mhí tar éis don Pháirtí eile fógra a fháil.
Á FHIANÚ SIN, tá an Comhaontú seo sínithe againne a bhfuil ár síniú thíos, agus sinn údaraithe go cuí chuige sin.
Arna dhéanamh i mBéarla agus in Airméinis, agus comhúdarás ag an dá théacs.
(1) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO AE L 274, 15.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/488/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle an 27 Márta 2015 lena mbunaítear sásra riartha chun na costais choiteanna a bhaineann le hoibríochtaí an Aontais Eorpaigh a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta ag gabháil leo a mhaoiniú (Athena) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/871/CBES (IO AE L 84, 28.3.2015, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/528/oj).
DEARBHÚ Ó BHALLSTÁIT AN AONTAIS A BHFUIL CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE Á CHUR I bhFEIDHM ACU MAIDIR LE hOIBRÍOCHT MHÍLEATA BAINISTÍOCHTA GÉARCHÉIME AN AONTAIS INA BHFUIL POBLACHT NA hAIRMÉINE RANNPHÁIRTEACH, I nDÁIL LE hÉILIMH A THARSCAOILEADH
‘Ballstáit an Aontais a bhfuil Cinneadh ón gComhairle a bhaineann le hoibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais ina bhfuil an Airméin rannpháirteach á chur i bhfeidhm acu, déanfaidh siad a seacht ndícheall, a mhéid a cheadófar sin lena gcórais inmheánacha dlíthiúla, na héilimh i gcoinne na hAirméine a tharscaoileadh a mhéid is féidir maidir le díobháil dá bpearsanra, nó bás a bpearsanra, nó damáiste d’aon sócmhainní nó caillteanais aon sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus atá á n-úsáid ag oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, más fíor an méid a leanas faoin díobháil, bás, damáiste nó caillteanas sin:
|
— |
is é an pearsanra a chuir an Airméin chuig oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, is cúis leis an díobháil, bás, damáiste nó caillteanas sin, a tharla agus a ndualgais i ndáil leis an oibríocht sin á gcur i gcrích acu, seachas i gcás mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil; nó |
|
— |
gur eascair an díobháil, bás, damáiste nó caillteanas sin as úsáid sócmhainní faoi úinéireacht na hAirméine, ar an gcoinníoll go raibh na sócmhainní á n-úsáid i gcomhar le hoibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, seachas i gcás mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil i ndáil le pearsanra a chuir an Airméin chun tacú leis an oibríocht sin, agus na sócmhainní sin á n-úsáid acu.’. |
DEARBHÚ Ó PHOBLACHT NA hAIRMÉINE MAIDIR LE hÉILIMH I gCOINNE AON STÁT ATÁ RANNPHÁIRTEACH IN OIBRÍOCHTAÍ BAINISTÍOCHTA GÉARCHÉIME AN AONTAIS A THARSCAOILEADH
‘Déanfaidh an Airméin, a chomhaontaigh a bheith rannpháirteach in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, a seacht ndícheall, a mhéid a cheadófar sin lena córas inmheánach dlíthiúil, aon éilimh i gcoinne aon Stát atá rannpháirteach in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais a tharscaoileadh a mhéid is féidir maidir le díobháil dá bpearsanra, nó bás a bpearsanra, nó damáiste d'aon sócmhainní nó caillteanais aon sócmhainní atá faoina úinéireacht agus atá á n-úsáid ag oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, más fíor an méid a leanas faoin díobháil, bás, damáiste nó caillteanas sin:
|
— |
is é an pearsanra, a chuir aon Stát atá rannpháirteach in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, is cúis leis an díobháil, bás, damáiste nó caillteanas sin, a tharla agus a ndualgas i ndáil leis an oibríocht sin á gcur i gcrích acu, seachas i gcás mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil; nó |
|
— |
gur eascair an díobháil, bás, damáiste nó caillteanas sin as úsáid sócmhainní faoi úinéireacht na Stát atá rannpháirteach in oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais, ar an gcoinníoll go raibh na sócmhainní á n-úsáid i gcomhar leis an oibríocht sin, seachas i gcás mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil i ndáil le pearsanra de chuid oibríocht bainistíochta géarchéime an Aontais agus na sócmhainní sin á n-úsáid acu.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/1553/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)