Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1904

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 88/2024 an 26 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1904]

IO L, 2024/1904, 8.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1904/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1904/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1904

8.8.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 88/2024

an 26 Aibreán 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1904]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2194 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte céatapróifein i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2203 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte rafocsainíd i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13 (Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32023 R 2194: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2194 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 (IO L, 2023/2194, 20.10.2023),

32023 R 2203: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2203 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 (IO L, 2023/2203, 23.10.2023).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2194 agus (AE) 2023/2203 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 27 Aibreán 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2023/2194, 20.10.2023.

(2)   IO L, 2023/2203, 23.10.2023.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1904/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top