This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1628
Decision of the EEA Joint Committee No 79/2024 of 15 March 2024 amending Annex XXI (Statistics) to the EEA Agreement [2024/1628]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 79/2024 an 15 Márta 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1628]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 79/2024 an 15 Márta 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1628]
IO L, 2024/1628, 4.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1628/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1628 |
4.7.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 79/2024
an 15 Márta 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1628]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2021/2010 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí, a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
De bhua Chinneadh Uimh. 145/2014 ó Chomhchoiste LEE an 1 Meitheamh 2015, níl feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 24d (Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32021 R 2010: Rialachán (AE) 2021/2010 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 (IO L 410, 18.11.2021, lch. 4).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2021/2010 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 16 Márta 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Márta 2024.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 410, 18.11.2021, lch. 4.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1628/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)