This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0798
Decision of the EEA Joint Committee No 178/2023 of 5 July 2023 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/798]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 178/2023 an 5 Iúil 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/798]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 178/2023 an 5 Iúil 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/798]
IO L, 2024/798, 21.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/798/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/798 |
21.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 178/2023
an 5 Iúil 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/798]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/196 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le réamhtheachtaithe drugaí áirithe a chur le liosta na substaintí sceidealaithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 15x (Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32023 R 0196: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/196 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 (IO L 27, 31.1.2023, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/196 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Iúil 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Iúil 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 27, 31.1.2023, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/798/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)