This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0317
Decision of the EEA Joint Committee No 198/2021 of 9 July 2021 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) and Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/317]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 198/2021 an 09 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/317]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 198/2021 an 09 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/317]
IO L, 2024/317, 8.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/317/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/317 |
8.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 198/2021
an 09 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/317]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2021/616 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhair le haghaidh beanalacsaile, beanalacsail-M, déchlóibeinile, fluaipicilíde, prócuineaisíde agus pireadailile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán (AE) 2021/618 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhar déchlófop, fluaipioram, fluaipicilíd, iopconasóil agus tríbhúitiolaisín i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán (AE) 2021/644 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhar flucsaipiorocsaid, himeacsasóil, meataimíotróin, peanfluifein agus spiriteitreamat i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Rialachán (AE) 2021/663 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar chlóirdeacóin i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha agus ábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha agus ábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 40 (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘— |
32021 R 0616: Rialachán (AE) 2021/616 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2021 (IO L 131, 16.4.2021, lch. 4), |
— |
32021 R 0618: Rialachán (AE) 2021/618 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 (IO L 131, 16.4.2021, lch. 55), |
— |
32021 R 0644: Rialachán (AE) 2021/644 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 (IO L 133, 20.4.2021, lch. 9), |
— |
32021 R 0663: Rialachán (AE) 2021/663 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 (IO L 139, 23.4.2021, lch. 148).’ |
Airteagal 2
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 54zzy (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘— |
32021 R 0616: Rialachán (AE) 2021/616 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2021 (IO L 131, 16.4.2021, lch. 4), |
— |
32021 R 0618: Rialachán (AE) 2021/618 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 (IO L 131, 16.4.2021, lch. 55), |
— |
32021 R 0644: Rialachán (AE) 2021/644 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 (IO L 133, 20.4.2021, lch. 9), |
— |
32021 R 0663: Rialachán (AE) 2021/663 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 (IO L 139, 23.4.2021, lch. 148).’ |
Airteagal 3
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2021/616, (AE) 2021/618, (AE) 2021/644 agus (AE) 2021/663 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 09 Iúil 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf EINAR FIFE
(1) IO L 131, 16.4.2021, lch. 4.
(2) IO L 131, 16.4.2021, lch. 55.
(3) IO L 133, 20.4.2021, lch. 9.
(4) IO L 139, 23.4.2021, lch. 148.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/317/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)