This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0314
Decision of the EEA Joint Committee No 192/2021 of 9 July 2021 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2024/314]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 192/2021 an 9 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/314]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 192/2021 an 9 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/314]
IO L, 2024/314, 8.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/314/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/314 |
8.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 192/2021
an 9 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/314]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/329 an 24 Feabhra 2021 maidir le húdarú ullmhóid ion–1,4-béite-xiolanáise agus ion–1,3(4) béite-ghlúcanáise a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: AVEVE NV), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1091/2009, (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/330 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 maidir le húdarú ullmhóid 3-fíotáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii CECT 13094 mar bhreiseán beathaithe do mhuca le haghaidh ramhrú, mionspeicis mhucúla, turcaithe le haghaidh ramhrú agus tógtha le haghaidh pórúcháin (sealbhóir údaraithe: Fertinagro Biotech S.L.) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/343 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le húdarú ullmhóid Lactobacillus buchneri DSM 29026 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/344 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le monaláráit soirbíotáin a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhí (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/346 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le hullmhóid Lactobacillus parafarraginis DSM 32962 a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis ainmhithe (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(6) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/363 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 maidir le hullmhóid fhúmainisine eistearáise arna táirgeadh le Komagataella phaffii DSM 32159 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhí (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(7) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/367 ón gCoimisiún an 01 Márta 2021 maidir le húdarú ullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 (sealbhóir ar údarú S.I. Lesaffre) (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(8) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/329 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1091/2009 ón gCoimisiún (8), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá bharr faoi Chomhaontú LEE. |
(9) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/367 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 ón gCoimisiún (9), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá bharr faoi Chomhaontú LEE. |
(10) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 391 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2121 ón gCoimisiún):
|
2. |
Scriostar téacsanna phointí 1zzzzzt (Rialachán (CE) Uimh. 1091/2009 ón gCoimisiún) agus 2j (Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/329, (AE) 2021/330, (AE) 2021/343, (AE) 2021/344, (AE) 2021/346, (AE) 2021/363 agus (AE) 2021/367 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 65, 25.2.2021, lch. 38.
(2) IO L 65, 25.2.2021, lch. 43.
(3) IO L 68, 26.2.2021, lch. 157.
(4) IO L 68, 26.2.2021, lch. 160.
(5) IO L 68, 26.2.2021, lch. 167.
(6) IO L 70, 1.3.2021, lch. 3.
(7) IO L 71, 2.3.2021, lch. 1.
(8) IO L 299, 14.11.2009, lch. 6.
(9) IO L 265, 8.10.2010, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/314/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)