This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0280
Decision of the EEA Joint Committee No 220/2021 of 9 July 2021 amending Annex XX (Environment) to the EEA Agreement [2024/280]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 220/2021 an 9 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/280]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 220/2021 an 9 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/280]
IO L, 2024/280, 8.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/280/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/280 |
8.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 220/2021
an 9 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/280]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2020/1071 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le heitiltí isteach ón Eilvéis a eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasófar pointe 21al (Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:
|
2. |
Athuimhrítear oiriúnú (u) mar oiriúnú (v). |
3. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (t):
|
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Tarmligthe (AE) 2020/1071 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 234, 21.7.2020, lch. 16.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/280/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)