Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0189

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 168/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VI (Slándáil shóisialta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/189]

IO L, 2024/189, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/189/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/189/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/189

1.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 168/2021

an 11 Meitheamh 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn VI (Slándáil shóisialta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/189]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Uimh. H9 an 17 Meitheamh 2020 maidir le spriocdhátaí a luaitear in Airteagail 67 agus 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i gCinneadh Uimh. S9 a chur siar de dheasca Phaindéim COVID-19 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 3.H8 (Cinneadh Uimh. H8) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘3.H9

32020 D 0807(01): Cinneadh Uimh. H9 an 17 Meitheamh 2020 maidir le spriocdhátaí a luaitear in Airteagail 67 agus 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i gCinneadh Uimh. S9 a chur siar de dheasca Phaindéim COVID-19 (IO C 259, 7.8.2020, lch. 9).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Uimh. H9 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)   IO C 259, 7.8.2020, lch. 9.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/189/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top