This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0187
Decision of the EEA Joint Committee No 170/2021 of 11 June 2021 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2024/187]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 170/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/187]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 170/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/187]
IO L, 2024/187, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/187/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/187 |
1.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 170/2021
an 11 Meitheamh 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/187]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/744 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh ríomh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse i gcomhair tuarascála le dátaí tagartha ón 31 Márta 2021 go dtí an 29 Meitheamh 2021 i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1zo (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/178 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘1zp. |
32021 R 0744: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/744 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh ríomh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse le haghaidh tuarascála le dátaí tagartha ón 31 Márta 2021 go dtí an 29 Meitheamh 2021 i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (IO L 160, 7.5.2021, lch. 3).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/744 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 160, 7.5.2021, lch. 3.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/187/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)