This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0177
Decision of the EEA Joint Committee No 185/2021 of 11 June 2021 amending Annex XX (Environment) to the EEA Agreement [2024/177]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 185/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/177]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 185/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/177]
IO L, 2024/177, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/177/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/177 |
1.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 185/2021
an 11 Meitheamh 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/177]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1222 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2020 maidir le formheas soilsiú seachtrach éifeachtúil feithicle ina n-úsáidtear dé-óidí astaithe solais mar theicneolaíocht nuálach chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma arna gcumhachtú ag inneall dócháin inmheánaigh a laghdú i ndáil le coinníollacha NEDC de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1232 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2020 maidir le formheas fheidhm éifeachtach an ghineadóra a úsáidtear i mótarfheithiclí 12 Volta lena n-úsáid i ngluaisteáin paisinéirí agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma, lena n-áirítear feithiclí hibrideacha leictreacha áirithe agus feithiclí atá in ann oibriú ar bhreoslaí malartacha, mar theicneolaíocht nuálach de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21azfa (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1713 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘21azg. |
32020 D 1222: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1222 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2020 maidir le formheas soilsiú seachtrach éifeachtúil feithicle ina n-úsáidtear dé-óidí astaithe solais mar theicneolaíocht nuálach chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma arna gcumhachtú ag inneall dócháin inmheánaigh a laghdú i ndáil le coinníollacha NEDC de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 279, 27.8.2020, lch. 5). |
21azh. |
32020 D 1232: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1232 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2020 maidir le formheas fheidhm éifeachtach an ghineadóra a úsáidtear i mótarfheithiclí 12 Volta lena n-úsáid i ngluaisteáin paisinéirí agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma, lena n-áirítear feithiclí hibrideacha leictreacha áirithe agus feithiclí atá in ann oibriú ar bhreoslaí malartacha, mar theicneolaíocht nuálach de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 280, 28.8.2020, lch. 18).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1222 agus (AE) 2020/1232 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 279, 27.8.2020, lch. 5.
(2) IO L 280, 28.8.2020, lch. 18.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/177/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)