Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D2566

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 169/2023 an 13 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2566]

PUB/2023/743

IO L, 2023/2566, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2566/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2566/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2566

30.11.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 169/2023

an 13 Meitheamh 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2566]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir Tarmligthe (AE) 2023/544 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na díolúintí maidir le húsáid luaidhe i gcóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe, i gcóimhiotail chopair agus i gceallraí áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2462 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 32e (Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32023 L 0544: Treoir Tharmligthe (AE) 2023/544 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 (IO L 73, 10.3.2023, lch. 5).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 32fhd (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún):

‘-

32022 D 2462: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2462 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 (IO L 321, 15.12.2022, lch. 42).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Threoir Tharmligthe (AE) 2023/544 agus Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2462 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 73, 10.3.2023, lch. 5.

(2)   IO L 321, 15.12.2022, lch. 42.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2566/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top