Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0030

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 225/2019 an 27 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/30]

IO L 4, 5.1.2023, p. 40–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/30/oj

5.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 4/40


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 225/2019

an 27 Meán Fómhair 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/30]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12w (Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 R 0636: Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2019 (IO L 109, 24.4.2019, lch. 6).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/636 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Meán Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(1)   IO L 109, 24.4.2019, lch. 6.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top