Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D2222

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 200/2019 an 10 Iúil 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2222]

IO L 298, 17.11.2022, p. 37–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2222/oj

17.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 298/37


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 200/2019

an 10 Iúil 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2222]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú), (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Treoir (AE) 2017/1132, aisghairtear Treoracha 82/891/CEE (2), 89/666/CEE (3); 2005/56/CE (4), 2009/101/CE (5), 2011/35/AE (6) agus 2012/30/AE (7), atá ionchorpraithe i gcomhaontú LEE agus atá, dá bharr sin, le haisghairm faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 1 (Treoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

32017 R 1132: Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú) (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha na Treorach oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

Beidh na bearta idirthréimhseacha a luaitear in Airteagal 160 infheidhme freisin maidir le Stáit CSTE.

(b)

Cuirfear an méid seo a leanas le hIarscríbhinn I:

‘—

An Íoslainn:

hlutafélag;

Lichtinstéin:

Aktiengesellschaft;

An Iorua:

allmennaksjeselskap’.

(c)

Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Iarscríbhinn II:

‘—

An Íoslainn:

hlutafélag, einkahlutafélag, samlagsfélag;

Lichtinstéin:

die Aktiengesellschaft, die Gesellschaft mit beschränkter Haftung, die Kommanditaktiengesellschaft;

An Iorua:

aksjeselskap, allmennaksjeselskap”.’

2.

Scriostar téacsanna phointí 2 (Treoir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), phointe 3 (Treoir 2011/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), phointe 5 (an Séú Treoir 82/891/CEE ón gComhairle), phointe 8 (An tAonú Treoir Déag 89/666/CEE ón gComhairle) agus phointe 10e (Treoir 2005/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2017/1132 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Iúil 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(1)   IO L 169, 30.6.2017, lch. 46.

(2)   IO L 378, 31.12.1982, lch. 47.

(3)   IO L 395, 30.12.1989, lch. 36.

(4)   IO L 310, 25.11.2005, lch. 1.

(5)   IO L 258, 1.10.2009, lch. 11.

(6)   IO L 110, 29.4.2011, lch. 1.

(7)   IO L 315, 14.11.2012, lch. 74.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top