EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022D1892
Decision of the EEA Joint Committee No 192/2022 of 10 June 2022 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2022/1892]
Cinneadh Uimh. 192/2022 ó Chomhchoiste LEE an 10 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1892]
Cinneadh Uimh. 192/2022 ó Chomhchoiste LEE an 10 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1892]
OJ L 267, 13.10.2022, p. 45–45
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 01/01/1001
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 267/45 |
CINNEADH Uimh. 192/2022 Ó CHOMHCHOISTE LEE
an 10 Meitheamh 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1892]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh (AE) 2021/2147 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2021 maidir le trealamh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an marcáil “Stampa AE” a fhormheas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 66hf (Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
“66hg. |
32021 D 2147: Cinneadh (AE) 2021/2147 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2021 maidir le trealamh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an marcáil ‘Stampa AE’ a fhormheas (IO L 433, 6.12.2021, lch. 25).” |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh (AE) 2021/2147 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Meitheamh 2022.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 433, 6.12.2021, lch. 25.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.