EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D1867

Cinneadh Uimh. 167/2022 ó Chomhchoiste LEE an 10 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1867]

OJ L 267, 13.10.2022, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1867/oj

13.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 267/5


CINNEADH Uimh. 167/2022 Ó CHOMHCHOISTE LEE

an 10 Meitheamh 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1867]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2051 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 maidir le hullmhóid de Bacillus velezensis PTA-6507, Bacillus velezensis NRRL B-50013 agus Bacillus velezensis NRRL B-50104 a údarú mar bhreiseán beathaithe do thurcaithe lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Danisco Animal Nutrition arna ionadú ag Genencor International B.V.) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2080 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 maidir le monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas iasc eite (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2090 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 maidir le húdarú dé-ocsaíde tíotáiniam a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 435 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2094 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

“436.

32021 R 2051: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2051 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 maidir le hullmhóid de Bacillus velezensis PTA-6507, Bacillus velezensis NRRL B-50013 agus Bacillus velezensis NRRL B-50104 a údarú mar bhreiseán beathaithe do thurcaithe lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Danisco Animal Nutrition arna ionadú ag Genencor International B.V.) (IO L 420, 25.11.2021, lch. 19).

437.

32021 R 2080: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2080 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 maidir le monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas iasc eite (IO L 426, 29.11.2021, lch. 23).

438.

32021 R 2090: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2090 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 maidir le húdarú dé-ocsaíde tíotáiniam a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 427, 30.11.2021, lch. 160).”

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2051, (AE) 2021/2080 agus (AE) 2021/2090 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Meitheamh 2022.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)  IO L 420, 25.11.2021, lch. 19.

(2)  IO L 426, 29.11.2021, lch. 23.

(3)  IO L 427, 30.11.2021, lch. 160.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top