EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22021A0430(03)

Na dearbhuithe dá dtagraítear sa Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus an Chomhaontaithe a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe

ST/8118/2021/INIT

OJ L 149, 30.4.2021, p. 2549–2559 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/declar/2021/689/oj

Related Council decision

30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 149/2549


Na dearbhuithe dá dtagraítear sa Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus an Chomhaontaithe a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE COMHAR RIALÁLA SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE

1.

Comhaontaíonn an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhar rialála struchtúrtha a bhunú maidir le seirbhísí airgeadais, chun caidreamh marthanach cobhsaí a bhunú idir dlínsí uathrialacha. Tá na socruithe sin bunaithe ar chomhthiomantas chun cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí a chaomhnú, agus fágfaidh siad go bhféadfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

malartuithe déthaobhacha tuairimí agus anailíse a bhaineann le tionscnaimh rialála agus saincheisteanna eile leasa;

trédhearcacht agus idirphlé iomchuí sa phróiseas maidir le cinntí coibhéise a ghlacadh, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar; agus

comhar feabhsaithe agus comhordú feabhsaithe, lena n-áirítear i gcomhlachtaí idirnáisiúnta de réir mar is iomchuí.

2.

Faoi Mhárta 2021, tiocfaidh an dá Pháirtí ar chomhaontú maidir le Meabhrán Tuisceana lena mbunófar an creat don chomhar seo. Déanfaidh na Páirtithe plé, inter alia , ar an mbealach is fearr chun dul chun cinn a dhéanamh ar an dá thaobh le cinntí coibhéise idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, gan dochar don phróiseas cinnteoireachta aontaobhach uathrialach a bhaineann le gach taobh.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH POLAITIÚIL MAIDIR LE CUR I gCOINNE CÓRAS CÁNACH DÍOBHÁLACH

Tacaíonn an tAontas Eorpach (1) agus an Ríocht Aontaithe ( “na Rannpháirtithe”) leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil seo a leanas maidir le Cur i gCoinne Córas Cánach Díobhálach.

Dearbhaíonn na Rannpháirtithe, agus iad ag tabhairt aire ar na Prionsabail Dhomhanda maidir le hiomaíochas cothrom cánach, a dtiomantas do chur i gcoinne chóras cánach díobhálach, go háirithe na córais a d'fhéadfadh creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis a éascú i gcomhréir le Gníomh 5 de Phlean Gníomhaíochta ECFE um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS). Sa chomhthéacs sin, dearbhaíonn na Rannpháirtithe a dtiomantas do na prionsabail maidir le cur i gcoinne córas cánach díobhálach a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil seo.

Le córais chánach dhíobhálacha cumhdaítear córais cánachais gnó a dhéanfaidh difear, nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh, ar bhealach suntasach do shuíomh na gníomhaíochta gnó, lena n-áirítear suíomh grúpaí cuideachtaí, laistigh de na Rannpháirtithe. Le córais chánach áirítear dlíthe nó rialacháin agus cleachtais riaracháin.

Má chomhlíonann córas cánach critéar na tairsí maidir le leibhéal éifeachtach cánachais atá i bhfad níos ísle, ná na leibhéil sin a bhfuil feidhm acu go ginearálta sna Rannpháirtithe, ba cheart a mheas go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh dó. Féadfaidh leibhéal cánachais den sórt sin oibriú de bhua an ráta cánach ainmniúil, an bhoinn cánach nó aon toisc ábhartha eile.

Sa chomhthéacs sin, agus an cur chuige a leagtar amach ar leibhéal domhanda á chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil córas cánachais gnó den sórt sin díobhálach, ba cheart a chur san áireamh an bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na príomhghnéithe seo a leanas:

a)

an ndéanfar buntáistí a imfhálú ón ngeilleagar baile, sa chaoi nach ndéanfaidh siad difear don bhonn cánach náisiúnta, nó an dtabharfar buntáistí do neamhchónaitheoirí agus do neamhchónaitheoirí amháin;

b)

an ndeonófar buntáistí fiú mura n-éileoidh córas aon ghníomhaíocht eacnamaíoch shubstaintiúil agus gláithreacht eacnamaíoch shubstaintiúil laistigh den Pháirtí a thairgfeadh buntáistí cánach den sórt sin;

c)

maidir leis na rialacha le haghaidh cinneadh brabúis i leith gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa ilnáisiúnta cuideachtaí, an imeoidh siad ó phrionsabail a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, go háirithe na rialacha a comhaontaíodh laistigh de ECFE;

d)

an bhfuil easpa trédhearcachta sna córais chánach, lena n-áirítear i gcás ina maolaítear forálacha dlíthiúla ar leibhéal riaracháin ar bhealach neamh-thrédhearcach nó i gcás nach bhfuil aon mhalartú éifeachtach faisnéise ann maidir leis an gcóras sin.

Ba cheart do na Rannpháirtithe, faoi chuimsiú a socruithe bunreachtúla, cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a spreagadh sna críocha a bhfuil freagrachtaí speisialta orthu nó sainchumais chánachais acu ina leith.

Ba cheart idirphlé bliantúil a bheith ag na Rannpháirtithe chun saincheisteanna maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a phlé.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH ÓN AONTAS EORPACH AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE MAIDIR LE BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA AGUS RIALÚ FÓIRDHEONTAIS

Deimhníonn na Páirtithe a dtuiscint fhrithpháirteach nach dtagann gníomhaíochtaí a dhéanann banc ceannais agus beartais airgeadaíochta á saothrú acu faoi raon feidhme Chaibidil 3 de Theideal XI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE BEARTAIS UM RIALÚ FÓIRDHEONTAIS

Formhuiníonn an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (“na Rannpháirtithe”) an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil seo a leanas maidir le Beartais um Rialú Fóirdheontais.

Is ionann an treoir sa dearbhú comhpháirteach seo agus tuiscint chomhroinnte na Rannpháirtithe ar na beartais fóirdheontais iomchuí sna réimsí atá leagtha amach thíos.

Cé nach bhfuil sé ceangailteach ar na Rannpháirtithe, féadfaidh siad an treoir seo a chur san áireamh ina gcórais rialaithe fóirdheontais faoi seach.

Féadfaidh na Rannpháirtithe comhaontú ar an treoir seo a thabhairt cothrom le dáta.

Fóirdheontais le haghaidh forbairt limistéar faoi mhíbhuntáiste

1.

Féadfar fóirdheontais a dheonú chun limistéir nó réigiúin dhíothacha nó faoi mhíbhuntáiste a fhorbairt. Agus méid an fhóirdheontais á chinneadh féadfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:

staid shocheacnamaíoch an limistéir faoi mhíbhuntáiste lena mbaineann;

méid an tairbhí; agus

méid an tionscadail infheistíochta.

2.

Ba cheart don tairbhí a ranníocaíocht shubstaintiúil féin leis na costais infheistíochta a sholáthar. Níor chóir go mbeadh sé mar phríomhchuspóir ná mar phríomhéifeacht ag an bhfóirdheontas an tairbhí a dhreasú chun an ghníomhaíocht chéanna nó gníomhaíocht chomhchosúil a aistriú ó chríoch Páirtí amháin go críoch an Pháirtí eile.

Iompar

1.

Féadfar fóirdheontais a dheonú d'aerfoirt le haghaidh infheistíochtaí bonneagair agus costais oibriúcháin agus méid an aerfoirt ó thaobh líon bliantúil iomlán an tráchta paisinéirí á gcur san áireamh. Chun fóirdheontais a fháil chun costais oibriúcháin a mhaoiniú, ba cheart d'aerfort, seachas aerfort réigiúnach beag, a léiriú go bhfuil sé in ann a inmharthanacht amach anseo a áirithiú laistigh de thréimhse ama a cheadódh deireadh a chur de réir a chéile leis an bhfóirdheontas.

2.

Féadfar fóirdheontais ar thionscadail bonneagair bóithre a dheonú mura bhfuil siad deartha go roghnaitheach chun tairbhe do ghníomhaí nó d'earnáil eacnamaíoch aonair, ach, ina ionad sin, sochair a sholáthar don tsochaí i gcoitinne. Agus an fóirdheontas á dheonú, ba cheart a áirithiú go bhfuil rochtain oscailte ar bhonneagar ar fáil do gach úsáideoir ar bhonn neamh-idirdhealaitheach (2).

3.

Féadfar fóirdheontais ar chalafoirt a dheonú le haghaidh dreidireachta nó le haghaidh tionscadal bonneagair má tá siad teoranta don íosmhéid is gá chun tús a chur leis an tionscadal.

Taighde agus forbairt

Féadfar fóirdheontais a dheonú le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus forbartha (3). Áirítear leis sin taighde bunúsach, taighde tionsclaíoch agus forbairt thurgnamhach, go háirithe forbairt teicneolaíochta nua agus an-nuálaíoch lena spreagtar fás táirgiúlachta agus iomaíochas, má tá siad riachtanach, comhréireach, agus nach bhfuil sé mar phríomhchuspóir ná mar phríomhéifeacht acu gníomhaíochtaí den sórt sin a aistriú nó a dhúnadh i gcríoch an Pháirtí eile. Féadfar fóirdheontais a dheonú freisin i ndáil le tionscnaimh eile, amhail le haghaidh próiseas táirgthe nua, bonneagar ábhartha, braislí nuálaíochta agus moil dhigiteacha. Ba cheart go léireofaí le méid an fhóirdheontais, i measc fachtóirí eile, an riosca agus an méid nuálaíochta teicneolaíochta atá i gceist leis an tionscadal, cé chomh gar is atá an tionscadal don mhargadh agus rannchuidiú an tionscadail le táirgeadh eolais.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH ÓN AONTAS AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE MAIDIR LE hIARSCRÍBHINN 29

Maidir leis an gcuspóir an leas is fearr is féidir a bhaint as na tairbhí trádála dá dtagraítear in Iarscríbhinn 29, tuigeann na Páirtithe go gciallaíonn sin, laistigh de na srianta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, gur cheart:

na socruithe trádála a bheith chomh héifeachtúil agus is féidir; agus

sreabha a théann trasna idirnascairí leictreachais atá comhsheasmhach leis na praghsanna i margaí lá roimh ré na bPáirtithe a bheith de thoradh na socruithe trádála sin, sa ghnáthshaol.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE hAIRTEAGAL 412 AGUS LE hAIRTEAGAL 415

Dearbhaíonn na Páirtithe a gcomhthuiscint faoin méid seo a leanas:

1.

Ní eisíonn Airteagal 412 agus Airteagal 415 a chéile. Go háirithe, níl sé curtha as an áireamh go gcáilíonn leas slándála Páirtí go comhuaineach mar “leas slándála riachtanach” chun críocha Airteagal 415 agus mar ábhar “slándála poiblí” nó “oird phoiblí” chun críocha Airteagal 412.

2.

Déanfar Airteagal 412 agus Airteagal 415, lena n-áirítear go háirithe na téarmaí “leasanna bunúsacha slándála”, “slándáil phoiblí”, “an mhoráltacht phoiblí” agus “ord poiblí”, a léirmhíniú i gcomhréir le rialacha léirmhínithe an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 516.

DEARBHÚ POLAITIÚIL COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE TARLÓIRÍ BÓTHAIR

Tugann na Páirtithe dá n-aire cé nach bpléann an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe le socruithe víosa nó le socruithe teorann le haghaidh tarlóirí bóthair a oibríonn i gcríoch an pháirtí eile, go bhfuil sé tábhachtach socruithe víosa agus teorann le haghaidh tarlóirí bóthair a bhainistiú go maith agus go héifeachtúil le haghaidh gluaiseacht earraí, go háirithe trasna theorainn na Ríochta Aontaithe agus an Aontais.

Chuige sin, agus gan dochar do chearta gach Páirtí rialú a dhéanamh ar theacht isteach daoine nádúrtha, nó ar a bhfanacht shealadach ar a chríoch, comhaontaíonn na Páirtithe iontráil agus fanacht shealadach tiománaithe a dhéanann na gníomhaíochtaí atá ceadaithe faoi Theideal I de Cheannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú seo a éascú go hiomchuí laistigh dá ndlíthe faoi seach.

DEARBHÚ POLAITIÚIL COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE TEARMANN AGUS FILLEADH

Cé nach n-áirítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe forálacha maidir le tearmann, filleadh, athaontú teaghlaigh do mhionaoisigh neamhthionlactha, nó imirce neamhdhleathach, tugann na Páirtithe dá n-aire a thábhachtaí atá sé sreabha imirce a bhainistiú go maith, agus aithníonn siad na cúinsí speisialta a eascraíonn as na socruithe rialaithe neasa, as seirbhísí farantóireachta rolladh ann-rolladh as, as Nasc Seasta Mhuir nIocht agus as an gComhlimistéar Taistil.

Chuige sin, tugann na Páirtithe dá n-aire go bhfuil sé ar intinn ag an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh i bplé déthaobhach leis na Ballstáit is mó lena mbaineann chun socruithe praiticiúla oiriúnacha a phlé maidir le tearmann, athaontú teaghlaigh do mhionaoisigh neamhthionlactha nó imirce neamhdhleathach, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na bPáirtithe faoi seach.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH POLAITIÚIL MAIDIR LE TEIDEAL III DE CHUID A TRÍ

Maidir le húsáid éifeachtach a bhaint as Sonraí Taifid Ainmneacha Paisinéirí (PNR) i ndáil le modhanna iompair seachas eitiltí, amhail iompróirí de mhuir, d'iarnród agus de bhóthar, aithníonn na Páirtithe go bhfuil luach oibríochtúil ag baint leis an úsáid sin chun sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus dearbhaíonn siad go bhfuil rún acu an comhaontú ar thángthas air i dTeideal III de Chuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a athbhreithniú agus, más gá, síneadh a chur leis, má bhunaíonn an tAontas creat dlí inmheánach chun sonraí PNR a aistriú agus a phróiseáil le haghaidh modhanna iompair eile.

Ní dhéanann an Comhaontú difear don deis atá ag na Ballstáit agus ag an Ríocht Aontaithe comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh agus a oibriú maidir le córas chun sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil ó sholáthraithe iompair seachas na soláthraithe iompair sin a shonraítear sa chomhaontú, ar choinníoll go ngníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH POLAITIÚIL MAIDIR LE TEIDEAL VII DE CHUID A TRÍ

Foráiltear le hAirteagal 597 de Theideal VII de Chuid a Trí nach mór comhar maidir leis an mbarántas gabhála a bheith riachtanach agus comhréireach, agus cearta an duine is faighteoir iarrata mar aon le leasanna na n-íospartach á gcur san áireamh, ag féachaint do thromchúis an ghnímh, don phionós is dócha a d'fhorchuirfí, agus don fhéidearthacht go ndéanfadh Stát bearta nach bhfuil chomh comhéigneach leis an duine is faighteoir iarrata a thabhairt suas, go háirithe d'fhonn tréimhsí coinneála roimh an triail gan ghá a sheachaint.

Tá prionsabal na comhréireachta ábhartha i rith an phróisis a ndéanfar an cinneadh tabhartha suas a leagtar amach i dTeideal VII dá thoradh. I gcás ina mbeidh imní ar an údarás breithiúnach forghníomhúcháin faoi phrionsabal na comhréireachta, iarrfaidh sé an fhaisnéis fhorlíontach is gá chun gur féidir leis an údarás breithiúnach eisiúna a thuairimí maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta a leagan amach.

Le hAirteagail 597 agus 613, tugann an dá Pháirtí dá aire go gcumasaítear d'údaráis bhreithiúnacha inniúla na mBallstát prionsabal na comhréireachta agus fad féideartha na coinneála roimh an triail a chur san áireamh agus Teideal VII á chur chun feidhme, agus tugann siad dá n-aire go bhfuil sin comhsheasmhach lena ndlíthe intíre féin.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH POLAITIÚIL MAIDIR LE TEIDEAL IX DE CHUID A TRÍ

Aithníonn na Páirtithe go bhfuil sé tábhachtach faisnéis faoi chiontuithe coiriúla a bheith ann agus faoi aon dícháiliú ábhartha a eascraíonn as ciontuithe den sórt sin, maidir le daoine a earcaíonn siad le haghaidh gníomhaíochtaí deonacha gairmiúla nó eagraithe a bhfuil teagmháil dhíreach nó thráthrialta le daoine soghonta ag baint leo. Dearbhaíonn na Páirtithe go bhfuil rún acu Teideal IX de Chuid a Trí a athbhreithniú agus, más gá, síneadh a chur leis, má leasaíonn an tAontas a chreat dlíthiúil ina leith sin.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH ÓN AONTAS EORPACH AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE MAIDIR LE FAISNÉIS RÚNAICMITHE A MHALARTÚ AGUS A CHOSAINT

Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé socruithe a dhéanamh a luaithe is féidir lena bhféadfar faisnéis rúnaicmithe a mhalartú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. I ndáil leis sin, déanfaidh na Páirtithe a ndícheall an chaibidlíocht maidir le socrú cur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Slándáil Faisnéise a thabhairt chun críche , a luaithe is indéanta le réasún, chun go mbeidh feidhm ag an gComhaontú maidir le Slándáil Faisnéise, de réir mar a cheanglaítear faoi Airteagal 19(2) den Chomhaontú. Idir an dá linn, féadfaidh na Páirtithe faisnéis rúnaicmithe a mhalartú i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin faoi seach.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR DE CHUID AN AONTAIS AGUS ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ CLÁR

Aithníonn na Páirtithe an tairbhe fhrithpháirteach a bhaineann le comhar i réimsí leasa choitinn, amhail an eolaíocht, an taighde agus an nuálaíocht, an taighde núicléach agus an spás núicléach. Chun comhar a spreagadh amach anseo sna réimsí sin, tá sé ar intinn ag na Páirtithe bonn foirmiúil a bhunú le haghaidh comhair amach anseo i bhfoirm rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sna cláir chomhfhreagracha de chuid an Aontais faoi choinníollacha cothroma agus iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, i bhfoirm rochtana ar sheirbhísí áirithe a sholáthraítear faoi chláir an Aontais.

Aithníonn na Páirtithe nach bhféadfaí téacs Phrótacal I “Cláir agus gníomhaíochtaí ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt” lena mbunaítear comhlachas de chuid na Ríochta Aontaithe maidir le rannpháirtíocht i gcláir agus i ngníomhaíochtaí áirithe de chuid an Aontais, agus Prótacal II “maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí áirithe arna soláthar faoi chláir agus gníomhaíochtaí an Aontais” a thabhairt chun críche le linn na caibidlíochta faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, toisc nach bhfuil an Creat Airgeadais Ilbhliantúil agus ionstraimí dlíthiúla comhfhreagracha an Aontais glactha go fóill tráth a síneofar an Comhaontú.

Dearbhaíonn na Páirtithe gur comhaontaíodh i bprionsabal na dréacht-phrótacail a leagtar amach thíos agus go gcuirfear faoi bhráid an Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais iad lena bplé agus lena nglacadh. Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach a gceart chun athmhachnamh a dhéanamh ar rannpháirtíocht sna cláir, sna gníomhaíochtaí agus sna seirbhísí atá liostaithe i bPrótacail [I agus II] sula nglacfar iad, ós rud é go bhféadfadh sé go dtiocfadh athrú ar na hionstraimí dlí lena rialaítear cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais. D'fhéadfadh sé nár mhór na dréacht-phrótacail a leasú freisin chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na hionstraimí sin mar a glacadh iad.

Tá sé de rún daingean ag na Páirtithe go nglacfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais na Prótacail a luaithe is féidir ionas go bhféadfar iad a chur chun feidhme a luaithe is féidir, go háirithe leis an sprioc go mbeadh eintitis na Ríochta Aontaithe in ann a bheith rannpháirteach ó thús na gclár agus na ngníomhaíochtaí a shainaithneofar, agus á áirithiú go mbeidh socruithe agus comhaontuithe ábhartha i bhfeidhm, a mhéid is féidir agus i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.

Meabhraíonn na Páirtithe freisin a dtiomantas do chlár PEACE+ a bheidh ina ábhar do chomhaontú maoinithe ar leith.

DRÉACHT-PHRÓTACAL I

Cláir agus gníomhaíochtaí ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt

Airteagal 1: Raon feidhme rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe

1.   Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gcláir agus gníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, agus rannchuideoidh sí [ón 1 Eanáir 2021] leis na cláir agus leis na gníomhaíochtaí sin, arna mbunú leis na gníomhartha bunúsacha seo a leanas:

a)

Rialachán XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (4), a mhéid a bhaineann sé leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gcomhpháirt dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 3 den Rialachán sin; [Copernicus]

b)

Rialachán XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh (5), a mhéid a bhaineann sé leis na rialacha is infheidhme maidir leis na comhpháirteanna dá dtagraítear i mír 3(a) agus (aa) d'Airteagal 1 den Rialachán sin;

c)

Cinneadh XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gclár sonrach a bhunú chun Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur chun feidhme (6);

d)

Rialachán XXX ón gComhairle lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, Euratom, don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (7) (“Clár Euratom”);

e)

Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER (“F4E”) agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó (“Cinneadh ón gComhairle F4E”) (8).

Airteagal 2: Fad rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe

1.   Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 1 [Raon feidhme rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe] ón [1 Eanáir 2021] ar feadh a ré nó ar feadh an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, cibé acu is giorra.

2.   Beidh an Ríocht Aontaithe nó eintitis na Ríochta Aontaithe incháilithe faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 711, maidir le nósanna imeachta dámhachtana an Aontais, lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha na gclár agus na ngníomhaíochtaí nó codanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 1 [Raon feidhme rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe] laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo.

3.   Déanfar an Prótacal seo a fhadú agus beidh feidhm aige don tréimhse 2026-2027 faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna do chomharba Chlár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, Euratom (“Clár Euratom”), mura rud é, laistigh de 3 mhí tar éis an clár comharba sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, go dtabharfaidh ceachtar Páirtí fógra faoina chinneadh gan an Prótacal seo a shíneadh chuig an gclár comharba sin. I gcás fógra den sórt sin, ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo amhail ón 1 Eanáir 2026 i leith chomharba Chlár Euratom. Beidh an méid sin gan dochar do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir agus i ngníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais, nó i gcodanna díobh.

Airteagal 3: Téarmaí agus coinníollacha sonracha rannpháirtíochta sa Chlár Spáis

1.   Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal 711, glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt i gcomhpháirt Copernicus den chlár Spáis agus bainfidh sí tairbhe as seirbhísí agus táirgí Copernicus ar an mbealach céanna le tíortha rannpháirteacha eile (9).

2.   Beidh rochtain iomlán ag an Ríocht Aontaithe ar Sheirbhís Bainistithe Éigeandála Copernicus. Beidh na modúlachtaí maidir le gníomhachtú agus úsáid faoi réir comhaontú sonrach.

Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar sheirbhísí den sórt sin sa chomhaontú faoi seach lena n-áirítear i ndáil le hoibriú sonrach Airteagail 718(4), 719(4) agus 720(5).

3.   Beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe, mar úsáideoir údaraithe, ar ghnéithe Sheirbhís Slándála Copernicus a mhéid a chomhaontófar an comhar idir na páirtithe sna réimsí beartais ábhartha. Beidh na modúlachtaí maidir le gníomhachtú agus úsáid faoi réir comhaontuithe sonracha.

Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar sheirbhísí den sórt sin sna comhaontuithe faoi seach lena n-áirítear i ndáil le hoibriú sonrach Airteagail 718(4), 719(4) agus 720(5).

4.   Chun críocha mhír 3, cuirfear tús leis an gcaibidlíocht idir eintitis na Ríochta Aontaithe nó an Ríocht Aontaithe agus an comhlacht ábhartha de chuid an Aontais a luaithe is féidir tar éis rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in Copernicus a bhunú sa Phrótacal seo agus i gcomhréir leis na forálacha lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí den sórt sin.

I gcás ina gcuirfear moill shuntasach ar chomhaontú den sórt sin nó ina mbeadh sé dodhéanta é a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais scrúdú ar an mbealach chun rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in Copernicus agus a mhaoiniú a choigeartú, agus an staid sin á cur san áireamh.

5.   Rialófar rannpháirtíocht ionadaithe na Ríochta Aontaithe i gcruinnithe an Bhoird um Chreidiúnú Slándála leis na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le páirt a ghlacadh sa bhord sin, agus stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír á chur san áireamh.

Airteagal 4: Téarmaí agus coinníollacha sonracha rannpháirtíochta sa Chlár Fís Eorpach

1.   Faoi réir Airteagal 6, beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach mar thír chomhlachaithe i ngach cuid den chlár Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán XXX arna chur chun feidhme tríd an gclár sonrach arna bhunú le Cinneadh XXX maidir leis an gclár sonrach a bhunú lena gcuirfear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus trí ranníocaíocht airgeadais leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008.

2.   Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal 711, féadfaidh eintitis na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) agus i ngníomhaíochtaí indíreacha faoi choinníollacha coibhéiseacha mar iad sin is infheidhme maidir le heintitis de chuid an Aontais.

3.   I gcás ina nglacfaidh an tAontas bearta chun Airteagail 185 agus 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus eintitis na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach sna struchtúir dhlíthiúla a chruthaítear faoi na forálacha sin, i gcomhréir leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann leis na struchtúir dhlíthiúla sin a bhunú.

4.   Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (10), arna leasú, agus Cinneadh XXX maidir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Beidh feidhm ag Borradh a chur faoi Thallann agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa (11), mar atá arna leasú, maidir le rannpháirtíocht eintitis na Ríochta Aontaithe i bPobail Eolais agus Nuálaíochta i gcomhréir le hAirteagal 711.

5.   I gcás ina mbeidh eintitis na Ríochta Aontaithe rannpháirteach i ngníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, beidh sé de cheart ag ionadaithe na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí ar Bhord Gobharnóirí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, gan cearta vótála. Faoi réir an choinníll sin, rialófar an rannpháirtíocht sin leis na rialacha agus na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe na mBallstát, lena n-áirítear cearta labhartha agus nósanna imeachta maidir le faisnéis agus doiciméadacht a fháil i ndáil le pointe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe.

6.   Chun an ranníocaíocht oibríochtúil de bhun Airteagal 714(5) a ríomh, na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí tosaigh arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais arna ghlacadh go cinntitheach i leith na bliana is infheidhme chun Fís Eorpach a mhaoiniú, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta an chláir, déanfar iad a mhéadú leis na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d'ioncam sannta seachtrach faoi [Airteagal XXX] de Rialachán [XXX] ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú le téarnamh i ndiaidh phaindéim COVID-19 (12).

7.   Isiad na cearta ionadaíochta agus rannpháirtíochta sa Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus ina fhoghrúpaí na cearta is infheidhme maidir le tíortha comhlachaithe na cearta ionadaíochta agus rannpháirtíochta a bheidh ag an Ríocht Aontaithe.

8.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i gCuibhreannas Bonneagair Taighde Eorpaigh (“ERIC”) i gcomhréir leis na gníomhartha dlí lena mbunaítear ERIC agus a rannpháirtíocht sa chlár Fís 2020 á cur san áireamh i gcomhréir leis na téarmaí a bhfuil feidhm acu maidir leis an rannpháirtíocht sin díreach roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo agus lena rannpháirtíocht sa chlár Fís Eorpach mar a bhunaítear sa Phrótacal seo iad.

Airteagal 5: Modúlachtaí maidir le sásra ceartúcháin uathoibríoch a chur i bhfeidhm ar an gClár Fís Eorpach faoi Airteagal 716

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 716 maidir leis an gclár Fís Eorpach.

2.   Beidh feidhm ag na modúlachtaí seo a leanas:

a)

chun an ceartúchán uathoibríoch a ríomh, ciallaíonn “deontais iomaíocha” deontais a bhronntar trí ghlaonna ar thograí ar féidir na tairbhithe deiridh a shainaithint tráth a ríomhtar an ceartú uathoibríoch, cé is moite de thacaíocht airgeadais do thríú páirtithe mar a shainmhínítear in Airteagal 204 den Rialachán Airgeadais (13) is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais;

b)

igcás ina bhfuil gealltanas dlíthiúil sínithe le comhordaitheoir cuibhreannais, is iad na méideanna a úsáidfear chun méideanna tosaigh an ghealltanais dhlíthiúil dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 716 na méideanna carnacha tosaigh a leithdháilfear sa ghealltanas dlíthiúil ar chomhaltaí cuibhreannais ar eintitis na Ríochta Aontaithe iad.

c)

Bunófar gach méid gealltanas dlíthiúil trí úsáid a bhaint as córas leictreonach ECORDA an Choimisiúin Eorpaigh;

d)

Ciallaíonn “costais neamh-idirghabhálacha” costais cláir oibríochtúil seachas deontais iomaíocha, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta, riarachán clár-shonrach, gníomhaíochtaí eile (14);

e)

measfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad na méideanna a leithdháiltear ar eagraíochtaí idirnáisiúnta mar eintitis dhlíthiúla arb iad an tairbhí deiridh (15) iad.

3.   Cuirfear an sásra i bhfeidhm mar a leanas:

a)

Ceartúcháin uathoibríocha do bhliain N i ndáil le forghníomhú leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí do bhliain N, cuirfear i bhfeidhm iad bunaithe ar shonraí bhliain N agus bhliain N+1 ó eCorda dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 i mbliain N+2 tar éis aon choigeartú de bhun Airteagal 714(8) a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le Fís Eorpach. Is é an méid a bhreithneofar an méid deontas iomaíoch a bhfuil na sonraí ar fáil ina leith.

b)

Déanfar méid an cheartaithe uathoibríoch a ríomh tríd an difríocht idir na nithe seo a leanas a ghlacadh:

i)

méid iomlán na ndeontas iomaíoch sin arna gcionroinnt ar eintitis na Ríochta Aontaithe mar ghealltanais arna ndéanamh maidir le leithreasaí buiséadacha do bhliain N; agus

ii)

méid ranníocaíocht choigeartaithe na Ríochta Aontaithe do bhliain N arna iolrú faoin gcóimheas idir:

(A)

méid na ndeontas iomaíoch arna dtabhairt ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí do bhliain N le haghaidh an chláir seo, agus

(B)

iomlán na ngealltanas dlíthiúil uile a rinneadh maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí do bhliain N, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta.

I gcás ina ndéantar aon choigeartú i gcásanna ina ndéantar eintitis na Ríochta Aontaithe a eisiamh, de bhun Airteagal 714(8) a chur i bhfeidhm, ní áireofar na méideanna comhfhreagracha deontais iomaíocha sa ríomh.

Airteagal 6: Eisiamh ó Chiste na Comhairle Eorpaí Nuálaíochta

1.   Ní bheidh eintitis na Ríochta Aontaithe ná an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gCiste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE) arna bhunú faoi Fhís Eorpach. Is é Ciste CNE an ionstraim airgeadais atá mar chuid de Luasaire CNE Fís Eorpach a chuireann infheistíocht ar fáil trí chothromas nó trí fhoirm inaisíoctha eile (16).

2.   Ón mbliain 2021, agus go dtí 2027, gach bliain, déanfar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le Fís Eorpach a choigeartú faoi mhéid a gheofar trí na méideanna measta le leithdháileadh ar thairbhithe Chiste CNE arna bhunú faoin gclár, cé is moite den mhéid a thagann as aisíocaíochtaí agus athshreabha, a iolrú faoin scála ranníocaíochta mar a shainítear in Airteagal 714(6).

3.   I ndiaidh aon bhliain N ina ndearnadh coigeartú faoi mhír 2, coigeartófar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe, sna blianta ina dhiaidh sin, suas nó ísliú, tríd an difríocht idir an méid measta arna leithdháileadh ar thairbhithe Chiste CNE, dá dtagraítear in Airteagal 6(2), agus an méid a leithdháiltear ar thairbhithe Chiste CNE i mbliain N, a iolrú faoin scála ranníocaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 714(6).

Airteagal 7: Téarmaí agus coinníollacha sonracha rannpháirtíochta i gClár Euratom

1.   Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach mar thír chomhlachaithe i ngach cuid de Chlár Euratom.

2.   Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal 711, féadfaidh eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach i ngach gné de Chlár Euratom faoi choinníollacha coibhéiseacha leis na coinníollacha is infheidhme maidir le heintitis dhlíthiúla Euratom.

3.   Féadfaidh eintitis na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí díreacha JRC i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Phrótacal seo.

Airteagal 8: Téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, Comhaontú ITER agus an Comhaontú maidir le Cur Chuige Níos Leithne

1.   Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach mar chomhalta den Chomhghnóthas um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a fhorbairt (F4E) i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle F4E, agus a Reachtanna atá i gceangal léi (“Reachtanna F4E”), arna leasú go deireanach nó le leasú amach anseo, ag rannchuidiú leis an gcomhar eolaíoch agus teicneolaíoch a bheidh ann amach anseo i réimse an chomhleá núicléach rialaithe trí chomhlachas na Ríochta Aontaithe le Clár Euratom.

2.   Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal 711, féadfaidh eintitis na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí uile F4E faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir le heintitis dhlíthiúla Euratom.

3.   Glacfaidh ionadaithe ón Ríocht Aontaithe páirt i gcruinnithe F4E i gcomhréir le Reachtanna F4E.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 7 den Chinneadh ón gComhairle F4E, déanfaidh an Ríocht Aontaithe an Prótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach a chur i bhfeidhm ar an gComhghnóthas, ar a Stiúrthóir agus ar a foireann i dtaca lena ngníomhaíochtaí de bhun Chinneadh ón gComhairle F4E. I gcomhréir le hAirteagal 8 den Chinneadh ón gComhairle F4E, déanfaidh an Ríocht Aontaithe freisin na buntáistí go léir dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Conradh Euratom a thabhairt don Chomhghnóthas F4E laistigh de raon feidhme a gníomhaíochtaí oifigiúla.

5.   Comhaontaíonn na Páirtithe an méid seo a leanas:

a)

Beidh feidhm ag an gComhaontú maidir le hEagraíocht Idirnáisiúnta Fuinnimh Comhleá ITER a bhunú chun tionscadal ITER a chur chun feidhme go comhpháirteach (Comhaontú ITER) maidir le críoch na Ríochta Aontaithe, agus chun críocha chur i bhfeidhm an Airteagail seo, measfar gur comhaontú ábhartha chun críocha Airteagal 21 de Chomhaontú ITER é an Prótacal seo;

b)

Beidh feidhm ag an gComhaontú maidir le Pribhléidí agus Díolúintí Eagraíocht Idirnáisiúnta Fuinnimh Comhleá ITER do Chur Chun Feidhme Comhpháirteach Thionscadal ITER (Comhaontú maidir leis na Pribhléidí agus na Díolúintí) maidir le críoch na Ríochta Aontaithe, agus chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, measfar gur comhaontú ábhartha chun críocha Airteagal 24 den Chomhaontú ar na Pribhléidí agus ar na Díolúintí é an Prótacal seo; agus

c)

Beidh feidhm ag an gComhaontú idir Euratom agus Rialtas na Seapáine maidir le cur chun feidhme comhpháirteach na nGníomhaíochtaí Cur Chuige Leathain i réimse an taighde ar fhuinneamh comhleá (Comhaontú Cur Chuige Níos Leithne) maidir le críoch na Ríochta Aontaithe, go háirithe na pribhléidí agus na díolúintí faoi Airteagail 13 agus 14.5, agus chun críocha chur i bhfeidhm an Airteagail seo, measfar gur comhaontú ábhartha é an Prótacal seo chun críocha Airteagal 26 den Chomhaontú maidir le Cur Chuige Níos Leithne.

6.   Cuirfidh Euratom an Ríocht Aontaithe ar an eolas má tá Comhaontú ITER, an Comhaontú maidir le Cur Chuige Níos Leithne nó an Comhaontú maidir leis na Pribhléidí agus na Díolúintí le leasú. Déanfar aon leasú a dhéanfadh difear do chearta nó d'oibleagáidí na Ríochta Aontaithe a phlé ina leith sin sa Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais d'fhonn rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe a choigeartú don staid nua. Maidir le haon leasú a dhéanfadh difear do chearta agus d'oibleagáidí na Ríochta Aontaithe, tá gá le comhaontú foirmiúil na Ríochta Aontaithe sula ngabhfaidh éifeacht leis i ndáil leis an Ríocht Aontaithe.

7.   Féadfaidh Euratom agus an Ríocht Aontaithe teacht ar chomhaontú sonrach go bhféadfaidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe san Aontas a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na Ríochta Aontaithe a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag F4E.

Airteagal 9: Cómhalartacht

Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn “eintiteas de chuid an Aontais” aon chineál eintitis, bíodh sé ina dhuine nádúrtha, ina dhuine dlítheanach nó ina eintiteas de chineál eile, a bhfuil cónaí air san Aontas nó atá bunaithe san Aontas.

Féadfaidh eintitis incháilithe de chuid an Aontais a bheith rannpháirteach i gcláir na Ríochta Aontaithe atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1 [Raon feidhme rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe] den Phrótacal seo i gcomhréir le dlí agus rialacha na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 10: Maoin intleachtúil

Maidir leis na cláir agus na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 1 agus faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal 711, beidh cearta agus oibleagáidí coibhéiseacha ag eintitis na Ríochta Aontaithe atá rannpháirteach i gcláir a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, maidir le húinéireacht, saothrú agus scaipeadh faisnéise agus maoine intleachtúla a eascraíonn as rannpháirtíocht den sórt sin, mar eintitis atá bunaithe san Aontas atá rannpháirteach sna cláir agus sna gníomhaíochtaí i gceist. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir leis na torthaí a gheofar ó thionscadail ar tosaíodh orthu roimh an bPrótacal seo a chur i bhfeidhm.

DRÉACHT-PHRÓTACAL II

Maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí arna mbunú faoi chláir agus gníomhaíochtaí áirithe de chuid an Aontais nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu

Airteagal 1: Raon feidhme na rochtana

Beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe ar na seirbhísí seo a leanas faoi na téarmaí agus na coinníollacha arna mbunú sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, sna bunghníomhartha agus in aon rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme na gclár agus na ngníomhaíochtaí ábhartha de chuid an Aontais:

a)

Seirbhísí Faireachais agus Rianaithe Spáis (SST) mar a shainmhínítear in Airteagal 54 de Rialachán XXX (17) [an Rialachán Spáis].

Go dtí go dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos coinníollacha an tríú tír do na trí sheirbhís SST atá ar fáil go poiblí, cuirfear seirbhísí SST dá dtagraítear in Airteagal 5.1 de Chinneadh Uimh. 541/2014/AE ar fáil don Ríocht Aontaithe agus d'úinéirí agus d'oibreoirí spásárthaí poiblí agus príobháideacha atá ag feidhmiú sa Ríocht Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 5.2 den chinneadh seo (nó aon reachtaíocht a chuirfear ina ionad trí mhodhnú nó gan mhodhnú).

Airteagal 2: Fad na rochtana

Beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe ar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 1 ar feadh a ré iomlán nó ar feadh thréimhse iomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, cibé acu is giorra.

Airteagal 3: Téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le rochtain ar sheirbhísí SST

Tabharfar rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí SST atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 54(1) den Rialachán sin (18) i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán XXX, arna iarraidh sin agus faoi réir na gcoinníollacha is infheidhme maidir le tríú tíortha.

Beidh rochtain na Ríochta Aontaithe ar na seirbhísí SST dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 54(1) den bhunghníomh, nuair a bheidh siad ar fáil (19), faoi réir na gcoinníollacha is infheidhme maidir le tríú tíortha.

DEARBHÚ MAIDIR LE CINNTÍ LEORDHÓTHANACHTA A GHLACADH I nDÁIL LEIS AN RÍOCHT AONTAITHE

Tugann na Páirtithe dá n-aire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach an nós imeachta a sheoladh go pras chun cinntí leordhóthanachta a ghlacadh i ndáil leis an Ríocht Aontaithe faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus faoin Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, agus go bhfuil sé ar intinn aige oibriú go dlúth chuige sin leis na comhlachtaí agus na hinstitiúidí eile atá rannpháirteach sa nós imeachta cinnteoireachta ábhartha.


(1)  Chun críocha na ngealltanas atá sa Dearbhú seo, i ndáil leis an Aontas Eorpach, tuigfear gur don Aontas Eorpach, dá Bhallstáit, don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit, de réir mar a bheidh, a thagraítear le tagairtí do Rannpháirtithe.

(2)  Chun na críche seo, ciallaíonn idirdhealú go gcaitear ar bhealach éagsúil le cásanna inchomparáide agus nach bhfuil údar oibiachtúil leis an idirdhealú.

(3)  Taighde agus Forbairt mar a shainmhínítear i Lámhleabhar Frascati ECFE.

(4)  [cuir isteach an tagairt don IO].

(5)  [cuir isteach an tagairt don IO].

(6)  [cuir isteach an tagairt don IO].

(7)  [cuir isteach an tagairt don IO].

(8)  [cuir isteach tagairt IO] (arna leasú).

(9)  Déanfar tagairtí do “tíortha rannpháirteacha” a thabhairt chun críche i gcomhréir le téarmaíocht na mbunghníomhartha nuair a ghlacfar iad.

(10)  IO L 97, 9.4.2008.

(11)  [IO L …].

(12)  [IO L …; COM(2020) 441].

(13)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(14)  D'fhéadfaí a áireamh le “gníomhaíochtaí eile” duaiseanna, ionstraimí airgeadais, soláthar seirbhísí teicniúla/eolaíocha ag JRC, Síntiúis (ECFE, Eureka, IPEEC, IEA, ...), comhaontuithe tarmligin, Saineolaithe (meastóirí, faireachán ar thionscadail).

(15)  Ní mheasfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin más tairbhithe deiridh iad. Ní bheidh feidhm aige sin sa chás inar comhordaitheoir ar thionscadal í eagraíocht idirnáisiúnta (agus cistí á ndáileadh ar chomhordaitheoirí eile).

(16)  Cuirtear an sainmhíniú ó ghníomh reachtach in ionad an tsainmhínithe sin le tagairt i bhfonóta a ghabhann leis an ngníomh reachtach sin sa leagan críochnaitheach den phrótacal (is é an sainmhíniú is déanaí ar Chiste CNE sa chlár Fís 2020 Cinneadh C(2020) 4001 ón gCoimisiún lena leasaítear cinneadh C(2019) 5323). I gcás nach mbeidh aon sainmhíniú ar fáil maidir le Fís Eorpach nuair a bheidh an prótacal tugtha chun críche, d'fhéadfadh sé go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú.

(17)  Rialachán XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE [COM/2018/447 final] [IO L ...].

(18)  Tá sé sin faoi réir choinníoll deiridh an bhunghnímh agus ar choinníoll go dtagann an dá Pháirtí ar chomhaontú maidir leis an gcoinníoll chun seirbhís SST a sholáthar.

(19)  Tá sé sin faoi réir choinníoll deiridh an bhunghnímh agus ar choinníoll go dtagann an dá Pháirtí ar chomhaontú maidir leis an gcoinníoll chun seirbhís SST a sholáthar.


Top