EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12020W/TXT

Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

OJ L 29, 31.1.2020, p. 7–187 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force: This act has been changed. Current consolidated version: 13/06/2020

31.1.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 29/7


COMHAONTÚ

maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

TÁ AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

AGUS

RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,

ÓS RUD É go ndearna Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) an 29 Márta 2017, tar éis toradh reifrinn a reáchtáladh sa Ríocht Aontaithe agus tar éis di cinneadh ceannasach a dhéanamh an tAontas Eorpach a fhágáil, fógra a thabhairt go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach (“an tAontas”) agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“Euratom”) i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”), a bhfuil feidhm aige maidir le Euratom de bhua Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (“Conradh Euratom”),

ÓS MIAN LEO socruithe a leagan amach maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus as Euratom, ag féachaint don chreat dá gcaidreamh sa todhchaí,

Á dTABHAIRT DÁ nAIRE na treoirlínte a sholáthair an Chomhairle Eorpach an 29 Aibreán agus an 15 Nollaig 2017 agus an 23 Márta 2018 a bheidh mar bhonn ag an Aontas agus é ag tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe lena leagfar amach na socruithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus as Euratom,

Á MHEABHRÚ DÓIBH, de bhun Airteagal 50 CAE, i gcomhar le hAirteagal 106a de Chonradh Euratom, agus faoi réir na socruithe a leagtar síos sa Chomhaontú seo, go scoirfidh dlí uile an Aontais agus Euratom d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm,

Á CHUR I bhFÁTH DÓIBH gurb é cuspóir an Chomhaontaithe seo a áirithiú gur féidir leis an Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas agus as Euratom ar bhealach rianúil,

Á AITHINT DÓIBH gur gá cosaint chómhalartach a sholáthar do shaoránaigh den Aontas agus do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, agus dá mbaill teaghlaigh féin, i gcás ina mbeidh cearta saorghluaiseachta feidhmithe acu faoi dháta a leagtar síos sa Chomhaontú seo, agus chun a áirithiú go mbeidh a gcearta faoin gComhaontú seo in‐fhorfheidhmithe agus bunaithe ar phrionsabal an neamh‐idirdhealaithe; á aithint dóibh freisin gur cheart cearta a eascraíonn ó thréimhsí árachais slándála sóisialta a chosaint,

AR É A BHEITH BEARTAITHE ACU tarraingt siar rianúil a áirithiú trí fhorálacha idirscartha éagsúla arb é is aidhm dóibh bac a chur ar shuaitheadh agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do shaoránaigh agus d’oibreoirí eacnamaíocha, mar aon le húdaráis bhreithiúnacha agus riaracháin san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, agus, san am céanna, gan é a chur as an áireamh go bhféadfadh an comhaontú nó na comhaontuithe ar an gcaidreamh sa todhchaí ionad na bhforálacha idirscartha ábhartha a ghabháil,

ÓS RUD É go bhfuil sé ar leas an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon idirthréimhse nó tréimhse cur chun feidhme a chinneadh inar cheart – d’ainneoin gach iarmharta a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus go háirithe, ar an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, scor shainorduithe chomhaltaí uile na n‐institiúidí, na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais a ainmníodh, a ceapadh nó a toghadh i dtaca le comhaltas na Ríochta Aontaithe san Aontas – ba cheart dlí an Aontais, lena n‐áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta, a bheith infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, agus, de riail ghinearálta, chun na héifeachta céanna i dtaca leis na Ballstáit, chun go seachnófar suaitheadh sa tréimhse ina ndéanfar an comhaontú/na comhaontuithe maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí a chaibidliú,

Á AITHINT DÓIBH, fiú más rud é go mbeidh dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse, go gciallaíonn na sonraíochtaí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe mar Stát atá tarraingthe siar as an Aontas go mbeidh sé tábhachtach don Ríocht Aontaithe a bheith in ann bearta a dhéanamh chun socruithe idirnáisiúnta nua dá cuid féin a ullmhú agus a bhunú, lena n‐áirítear i réimsí ina dtugtar inniúlacht eisiach don Aontas, ar choinníoll nach dtiocfaidh comhaontuithe den sórt sin i bhfeidhm ná nach gcuirfear i bhfeidhm iad le linn na tréimhse sin, mura rud é gur údaraigh an tAontas amhlaidh,

Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil sé comhaontaithe ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe go n‐urramóidh siad na gealltanais fhrithpháirteacha a tugadh le socrú airgeadais aonair le linn don Ríocht Aontaithe a bheith ina comhalta den Aontas,

ÓS RUD É gur den bhunriachtanas forálacha a bhunú a áiritheoidh rialachas foriomlán chun léiriú agus cur i bhfeidhm ceart an Chomhaontaithe seo agus comhlíonadh na gceanglas faoin gComhaontú seo a ráthú, go mór mór réiteach ceangailteach ar dhíospóidí agus rialacha forfheidhmiúcháin a dhéanann lánurramú ar neamhspleáchas dhlíchórais an Aontais agus na Ríochta Aontaithe faoi seach, mar aon le stádas tríú tír na Ríochta Aontaithe,

Á ADMHÁIL DÓIBH, chun gur féidir leis an Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas ar bhealach rianúil, gur gá freisin socruithe marthanacha a bhunú, i bprótacail ar leith a ghabhann leis an gComhaontú seo, lena dtabharfar aghaidh ar chásanna an‐sonrach a bhaineann le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir,

Á ADMHÁIL DÓIBH fós, chun gur féidir leis an Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas ar bhealach rianúil, gur gá freisin na socruithe sonracha a bhunú, i bprótacal ar leith a ghabhann leis an gComhaontú seo, i ndáil le Giobráltar, socruithe a bheidh infheidhme le linn na hidirthréimhse go háirithe,

Á CHUR i dTREIS DÓIBH gur ar chothromaíocht fhoriomlán idir na sochair, na cearta agus na hoibleagáidí atá ann don Aontas agus don Ríocht Aontaithe atá an Comhaontú seo bunaithe,

Á dTABHAIRT DÁ nAIRE go bhfuil Dearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann déanta ag na Páirtithe go comhthreomhar leis an gComhaontú seo,

ÓS RUD É gur gá don Ríocht Aontaithe agus don Aontas araon na céimeanna riachtanacha ar fad a thógáil chun tús a chur, a luaithe agus is féidir ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, le caibidlíocht fhoirmiúil maidir le comhaontú amháin nó le comhaontuithe éagsúla lena rialófar a gcaidreamh sa todhchaí, d’fhonn a áirithiú, a mhéid is féidir, go mbeidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm ó dheireadh na hidirthréimhse,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

CUID A hAON

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 1

Cuspóir

Leagtar amach leis an gComhaontú seo na socruithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach (“an tAontas”) agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“Euratom”).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “dlí an Aontais”:

(i)

an Conradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”), an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (“Conradh Euratom”), mar atá arna leasú nó arna bhforlíonadh, chomh maith leis na Conarthaí Aontachais agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear le chéile “na Conarthaí”;

(ii)

prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais;

(iii)

na gníomhartha arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais;

(iv)

na comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas agus na comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit ag gníomhú dóibh thar ceann an Aontais;

(v)

na comhaontuithe idir na Ballstáit a rinne siad ina gcáil mar Bhallstáit de chuid an Aontais;

(vi)

gníomhartha de chuid Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle Eorpach nó i gComhairle an Aontais Eorpaigh (“an Chomhairle”);

(vii)

na dearbhuithe arna ndéanamh i gcomhthéacs na gcomhdhálacha idir-rialtasacha a ghlac na Conarthaí;

(b)

ciallaíonn na “Ballstáit” Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard‐Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne;

(c)

ciallaíonn “Saoránach den Aontas” aon duine ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit;

(d)

ciallaíonn “náisiúnach den Ríocht Aontaithe” náisiúnach den Ríocht Aontaithe, mar a shainmhínítear sa Dearbhú Nua ó Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann an 31 Nollaig 1982 maidir leis an sainmhíniú ar an téarma “náisiúnaigh” (1), agus i nDearbhú Uimh. 63 atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na comhdhála idir-rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin (2);

(e)

ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 126;

(f)

ciallaíonn “lá” lá féilire, mura bhfuil a mhalairt d’fhoráil ann sa Chomhaontú seo, nó i bhforálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú seo.

Airteagal 3

Raon feidhme críochach

1.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Chomhaontú seo nó i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú seo, tuigfear gur tagairtí don mhéid seo a leanas iad na tagairtí a dhéantar sa Chomhaontú seo don Ríocht Aontaithe nó dá críoch:

(a)

an Ríocht Aontaithe;

(b)

Giobráltar, a mhéid a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir leis roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(c)

Oileáin Mhuir nIocht agus Oileán Mhanann, a mhéid a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir leo roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(d)

Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia sa Chipir, a mhéid is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe a leagtar amach sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir atá i gceangal leis an nGníomh i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach;

(e)

na tíortha agus na críocha thar lear atá liostaithe in Iarscríbhinn II CFAE a bhfuil caidreamh speisialta acu leis an Ríocht Aontaithe (3), i gcás ina mbaineann forálacha an Chomhaontaithe seo leis na socruithe speisialta le haghaidh chomhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas.

2.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Chomhaontú seo nó i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú seo, aon tagairtí a dhéantar sa Chomhaontú seo do na Ballstáit, nó dá gcríoch, tuigfear go gcumhdaítear leis an tagairt sin críocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 355 CFAE.

Airteagal 4

Modhanna agus prionsabail a bhaineann le héifeacht, le cur chun feidhme agus le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo

1.   Maidir leis na forálacha atá sa Chomhaontú seo, agus na forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú seo, is ionann na héifeachtaí dlíthiúla a bheidh acu i ndáil leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe agus na héifeachtaí a bheidh acu san Aontas agus ina Bhallstáit.

Dá réir sin, beidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábalta brath go díreach ar na forálacha atá sa Chomhaontú seo nó forálacha dá dtagraítear sa Chomhaontú seo a chomhlíonann na coinníollacha um éifeacht dhíreach faoi dhlí an Aontais.

2.   Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go gcomhlíonfar mír 1, lena n‐áirítear a mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí atá ag teastáil ó na húdaráis bhreithiúnacha agus riaracháin gan forálacha náisiúnta atá neamh‐chomhsheasmhach nó atá ar neamhréir a chur i bhfeidhm trí bhíthin reachtaíocht phríomha náisiúnta.

3.   Forálacha an Chomhaontaithe seo a thagraíonn do dhlí an Aontais nó d’fhorálacha dá chuid, léireofar agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis na modhanna agus na prionsabail ghinearálta atá i ndlí an Aontais.

4.   Forálacha an Chomhaontaithe seo a thagraíonn do dhlí an Aontais nó do choincheapa nó d’fhorálacha i ndlí an Aontais, léireofar iad, agus iad á gcur chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm, i gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leagfar síos roimh dheireadh na hidirthréimhse.

5.   I léiriú agus i gcur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin na Ríochta Aontaithe an aird chuí ar chásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leagfar síos tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

Airteagal 5

Meon macánta

Tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe cúnamh dá chéile, de mheon macánta agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun na cúraimí a eascraíonn ón gComhaontú seo a dhéanamh.

Déanfaidh siad gach beart iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn ón gComhaontú seo agus staonfaidh siad ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur i mbaol.

Ní dochar an tAirteagal seo do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe seo, go háirithe prionsabal an chomhair dhílis.

Airteagal 6

Tagairtí do dhlí an Aontais

1.   Cé is moite de Chuid a Ceathair agus Cuid a Cúig, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Chomhaontú seo, tuigfear go bhfuil gach tagairt a dhéantar sa Chomhaontú seo do dhlí an Aontais ina tagairt do dhlí an Aontais, lena n‐áirítear dlí an Aontais arna leasú nó arna ionadú, de réir mar is infheidhme ar lá deiridh na hidirthréimhse.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt sa Chomhaontú seo do ghníomhartha an Aontais nó d’fhorálacha de ghníomhartha an Aontais, tuigfear, i gcás inarb ábhartha, go n‐áirítear sna tagairtí sin tagairt do dhlí an Aontais nó d’fhorálacha de dhlí an Aontais a leanfaidh d'fheidhm a bheith acu i gcomhréir leis an ngníomh sin, fiú má ghabhann an gníomh dá dtagraítear a n‐ionad.

3.   Chun críocha an Chomhaontaithe seo, na tagairtí d’fhorálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú seo, tuigfear go n‐áirítear iontu tagairtí do na gníomhartha ábhartha de chuid an Aontais lena bhforlíontar na forálacha sin nó lena gcuirtear chun feidhme iad.

Airteagal 7

Tagairtí don Aontas agus do na Ballstáit

1.   Chun críocha an Chomhaontaithe seo, gach tagairt do na Ballstáit agus d’údaráis inniúla na mBallstát sna forálacha sin i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú seo, tuigfear go n‐áirítear iontu an Ríocht Aontaithe agus a húdaráis inniúla, ach amháin a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

ainmniú, ceapadh nó toghadh na gcomhaltaí d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chomh maith leis an rannpháirtíocht sa chinnteoireacht agus leis an bhfreastal ar chruinnithe de chuid na n‐institiúidí;

(b)

rannpháirtíocht i gcinnteoireacht agus rialachas chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais;

(c)

an freastal ar chruinnithe na gcoistí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ar chruinnithe grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin nó eintiteas comhchosúil nó ar chruinnithe grúpaí saineolaithe nó eintiteas comhchosúil de chuid chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Chomhaontú seo.

2.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Chomhaontú seo, aon tagairt a dhéantar don Aontas, tuigfear go n‐áirítear inti Euratom.

Airteagal 8

Rochtain ar líonraí, córais faisnéise agus bunachair sonraí

Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Chomhaontú seo, ag deireadh na hidirthréimhse, scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith i dteideal rochtain a thuilleadh ar aon líonra, córas faisnéise ná bunachar sonraí arna mbunú ar bhonn dhlí an Aontais. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe bearta iomchuí chun a áirithiú nach mbeidh teacht aici ar aon líonra, córas faisnéise ná bunachar sonraí nach bhfuil sí i dteideal a rochtain a thuilleadh.

CUID A DÓ

CEARTA NA SAORÁNACH

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 9

Sainmhínithe

Chun críocha na Coda seo, agus gan dochar do Theideal III, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “baill teaghlaigh” na daoine seo a leanas, gan beann ar a náisiúntacht, a thagann faoin raon feidhme pearsanta dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo:

(i)

baill teaghlaigh de shaoránaigh den Aontas nó baill teaghlaigh de náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe mar atá sainmhínithe i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(ii)

daoine seachas iad siúd a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2004/38/CE a bhfuil gá ag saoránaigh den Aontas nó ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe leo chun nach mbainfear de shaoránaigh sin an Aontais nó de náisiúnaigh sin na Ríochta Aontaithe ceart chun cónaí a tugadh leis an gCuid seo;

(b)

ciallaíonn “oibrithe trasteorann” saoránaigh den Aontas nó náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a ghabhann le gníomhaíocht eacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 45 nó Airteagal 49 CFAE i Stát amháin nó níos mó nach bhfuil siad ina gcónaí ann;

(c)

ciallaíonn “Stát óstach”:

(i)

maidir le saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh, an Ríocht Aontaithe, má d’fheidhmigh siad a gceart chun cónaí sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus má leanann siad de bheith ina gcónaí inti dá éis sin;

(ii)

maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe agus a mbaill teaghlaigh, an Ballstát inar fheidhmigh siad a gceart chun cónaí i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanfaidh siad de bheith ina gcónaí ann dá éis sin;

(d)

ciallaíonn “Stát oibre”:

(i)

maidir le saoránaigh den Aontas, an Ríocht Aontaithe, má shaothraigh siad gníomhaíocht eacnamaíoch mar oibrithe trasteorann inti roimh dheireadh na hidirthréimhse agus má leanann siad dá saothrú dá éis sin;

(ii)

maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, Ballstát ina ndearna siad gníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú mar oibrithe trasteorann roimh dheireadh na hidirthréimhse agus ina leanfaidh siad dá saothrú dá éis sin;

(e)

ciallaíonn “cearta coimeádta” cearta coimeádta de réir bhrí phointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle (6), lena n‐áirítear cearta coimeádta a fhaightear trí bhreithiúnas, trí oibriú an dlí nó trí chomhaontú a bhfuil éifeacht dhlíthiúil aige.

Airteagal 10

Raon feidhme pearsanta

1.   Gan dochar do Theideal III, beidh feidhm ag an gCuid seo maidir leis na daoine a leanas:

(a)

saoránaigh den Aontas a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann de bheith ina gcónaí ansin dá éis sin;

(b)

náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann de bheith ina gcónaí ann dá éis sin;

(c)

saoránaigh den Aontas a d’fheidhmigh a gceart mar oibrithe trasteorann sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann dá fheidhmiú amhlaidh dá éis sin;

(d)

náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gceart mar oibrithe trasteorann i mBallstát amháin nó níos mó i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann dá fheidhmiú amhlaidh éis sin;

(e)

baill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d), ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceann de na coinníollacha a leanas:

(i)

go raibh cónaí orthu sa Stát óstach i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus go leanann de bheith ina gcónaí ann dá éis sin;

(ii)

go raibh baint dhíreach acu le duine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) agus go raibh siad ina gcónaí lasmuigh den Stát óstach roimh dheireadh na hidirthréimhse, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2004/38/CE tráth a iarrfaidh siad cónaí faoin gCuid seo d’fhonn a bheith in éineacht leis an duine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den mhír seo;

(iii)

gur rugadh iad do dhaoine, nó gur uchtaíodh go dlíthiúil iad ag daoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) tar éis dheireadh na hidirthréimhse, cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát óstach é, agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (2) (c) d’Airteagal 2 de Threoir 2004/38/CE tráth a iarrfaidh siad cónaí faoin gCuid seo d’fhonn a bheith in éineacht leis an duine dá dtagraítear i bpointe (a) go (d) den mhír seo agus go gcomhlíonann siad ceann amháin de na coinníollacha a leanas:

gur daoine iad an dá thuismitheoir dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d);

gur duine é tuismitheoir amháin dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) agus gur náisiúnach den Stát óstach é an tuismitheoir eile; nó

gur duine é tuismitheoir amháin dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) agus go bhfuil cearta coimeádta aonair nó comhchearta coimeádta an linbh ag an duine sin, i gcomhréir leis na rialacha dlí teaghlaigh is infheidhme de chuid Ballstáit nó de chuid na Ríochta Aontaithe, lena n‐áirítear rialacha dlí idirnáisiúnta príobháideacha is infheidhme faoina n‐aithnítear cearta coimeádta a bunaíodh faoi dhlí tríú Stáit sa Bhallstát nó sa Ríocht Aontaithe, go háirithe maidir le leas an linbh, agus gan dochar do ghnáthfheidhmiú an chineáil sin rialacha dlí idirnáisiúnta príobháideacha is infheidhme (7);

(f)

baill teaghlaigh a chónaigh sa Stát óstach i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13, Airteagal 16(2) agus Airteagal 17 agus Airteagal 18 de Threoir 2004/38/CE roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann de bheith ina gcónaí ann ina dhiaidh sin.

2.   Daoine a thagann faoi phointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2004/38/CE ar éascaigh an Stát óstach a gcónaí i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Treoir sin, coimeádfaidh na daoine sin a gceart chun cónaí sa Stát óstach i gcomhréir leis an gCuid seo, ar choinníoll go leanfaidh siad de bheith ina gcónaí sa Stát óstach dá éis sin.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 freisin maidir le daoine a thagann faoi phointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2004/38/CE a rinne iarratas ar theacht isteach agus ar chónaí a éascú roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus a mbeidh a gcónaí á éascú ag an Stát óstach i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta dá éis sin.

4.   Gan dochar d’aon cheart chun cónaí a d’fhéadfadh a bheith ag na daoine lena mbaineann ina gcáil féin, déanfaidh an Stát óstach, i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta agus i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2004/38/CE, teacht isteach agus cónaí a éascú don pháirtnéir lena bhfuil caidreamh marthanach ag an duine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, a bhfuil fianaise iomchuí leis, ina ndearna an páirtnéir sin cónaí lasmuigh den Stát óstach roimh dheireadh na hidirthréimhse, ar choinníoll go raibh an caidreamh marthanach roimh dheireadh na hidirthréimhse agus go mbeidh sé marthanach tráth a iarrfaidh an páirtnéír cónaí faoin gCuid seo.

5.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4, tabharfaidh an Stát óstach faoi scrúdú forleathan ar chúinsí pearsanta na ndaoine lena mbaineann agus cuirfidh siad údar le haon diúltú teacht isteach nó cónaithe do na daoine sin.

Airteagal 11

Leanúnachas cónaithe

Ní dhéanfaidh neamhláithreachtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(2) difear do leanúnachas cónaithe chun críocha Airteagal 9 agus Airteagal 10.

Ní mheasfar go bhfuil ceart buanchónaithe a fuarthas faoi Threoir 2004/38/CE roimh dheireadh na hidirthréimhse mar cheart caillte de dheasca neamhláithreacht ón Stát óstach ar feadh tréimhse a shonraítear in Airteagal 15(3).

Airteagal 12

Neamh‐idirdhealú

Laistigh de raon feidhme na Coda seo, agus gan dochar d’aon fhorálacha speisialta atá inti, toirmiscfear aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta de réir bhrí na chéad fhomhíre d’Airteagal 18 CFAE sa Stát óstach agus sa Stát oibre i leith na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo.

TEIDEAL II

CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ

Caibidil 1

CEARTA A BHAINEANN LE CÓNAÍ, DOICIMÉID CHÓNAITHE

Airteagal 13

Cearta cónaithe

1.   Beidh sé de cheart ag saoránaigh den Aontas agus ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe cónaí sa Stát óstach faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 21, Airteagal 45 nó Airteagal 49 CFAE agus in Airteagal 6(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c) d’Airteagal 7(1), Airteagal 7(3), Airteagal 14, Airteagal 16(1) nó Airteagal 17(1) de Threoir 2004/38/CE.

2.   Beidh sé de cheart ag baill teaghlaigh ar saoránaigh den Aontas iad nó ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe iad cónaí sa Stát óstach mar a leagtar amach in Airteagal 21 CFAE agus in Airteagal 6(1), pointe (d) d’Airteagal 7(1), Airteagal 12(1) nó (3), Airteagal 13(1), Airteagal 14, Airteagal 16(1) nó Airteagal 17(3) agus (4) de Threoir 2004/38/CE, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar amach sna forálacha sin.

3.   Beidh sé de cheart ag baill teaghlaigh nach saoránaigh den Aontas ná náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe iad cónaí sa Stát óstach faoi Airteagal 21 CFAE agus mar a leagtar amach in Airteagal 6(2), Airteagal 7(2), Airteagal 12(2) nó (3), Airteagal 13(2), Airteagal 14, Airteagal 16(2), Airteagal 17(3) nó (4) nó Airteagal 18 de Threoir 2004/38/CE, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar amach sna forálacha sin.

4.   Ní fhéadfaidh an Stát óstach aon teorainn nó coinníoll maidir le cearta cónaithe a fháil, a choimeád nó a chailliúint a fhorchur ar na daoine dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3, cé is moite díobh sin dá bhforáiltear sa Teideal seo. Ní bheidh aon rogha ann maidir leis na teorainneacha agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Teideal seo a chur i bhfeidhm, ach amháin i bhfabhar an duine lena mbaineann.

Airteagal 14

Ceart imeachta agus teacht isteach

1.   Beidh sé de cheart ag saoránaigh den Aontas agus ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, a mbaill teaghlaigh féin, agus daoine eile, atá ina gcónaí i gcríoch an Stáit óstaigh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Teideal seo an Stát óstach a fhágáil agus teacht isteach sa Stát óstach, mar a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 5(1) de Threoir 2004/38/CE, le pas bailí nó cárta aitheantais náisiúnta i gcás saoránaigh den Aontas agus i gcás náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, agus le pas bailí i gcás a mbaill teaghlaigh féin agus daoine eile nach saoránaigh den Aontas ná náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe iad.

Cúig bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse, féadfaidh an Stát óstach cinneadh a dhéanamh gan glacadh le cártaí aitheantais náisiúnta chun críocha teacht isteach ina chríoch nó imeacht aisti mura mbeidh slis ar na cártaí sin a chomhlíonann na caighdeáin is infheidhme de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a bhaineann le sainaithint bhithmhéadrach.

2.   Ní cheanglófar ar shealbhóirí doiciméid bhailí arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 18 nó Airteagal 26 aon víosa imeachta, víosa teacht isteach nó foirmiúlacht choibhéiseach a bheith acu.

3.   I gcás ina gceanglóidh an Stát óstach víosa teacht isteach a bheith ag daoine den teaghlach a rachaidh isteach le bheith in éineacht leis an saoránach den Aontas nó leis an náisiúnach den Ríocht Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse, tabharfaidh an Stát óstach gach deis do na daoine sin na víosaí is gá a fháil. Eiseofar na víosaí sin saor in aisce a luaithe is féidir, agus ar bhonn nós imeachta luathaithe.

Airteagal 15

Ceart buanchónaithe

1.   Beidh sé de cheart ag saoránaigh den Aontas agus ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, agus ag a mbaill teaghlaigh féin, a chónaigh go dlíthiúil sa Stát óstach i gcomhréir le dlí an Aontais ar feadh tréimhse leanúnach cúig bliana nó ar feadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 17 de Threoir 2004/38/CE, cónaí go buan sa Stát óstach faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18 de Threoir 2004/38/CE. Áireofar tréimhsí cónaithe dhlíthiúil nó tréimhsí oibre i gcomhréir le dlí an Aontais roimh agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse i ríomh na tréimhse cáilithí is gá chun an ceart chun buanchónaí a fháil.

2.   Cinnfear leanúnachas cónaithe chun críocha an ceart chun buanchónaí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 16(3) agus Airteagal 21 de Threoir 2004/38/CE.

3.   Nuair a gheofar é, ní chaillfear an ceart chun buanchónaí ach amháin trí neamhláithreacht as an Stát óstach ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana as a chéile.

Airteagal 16

Tréimhsí carntha

Beidh sé de cheart ag saoránaigh den Aontas agus ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, agus ag a mbaill teaghlaigh féin, a raibh cónaí orthu go dlíthiúil sa Stát óstach roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 7 de Threoir 2004/38/CE ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig bliana, cónaí go buan faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15 den Chomhaontú seo nuair a bheidh na tréimhsí cónaithe riachtanacha tugtha chun críche acu. Áireofar tréimhsí cónaithe dhlíthiúil nó tréimhsí oibre i gcomhréir le dlí an Aontais roimh agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse i ríomh na tréimhse cáilithí is gá chun an ceart chun buanchónaí a fháil.

Airteagal 17

Stádas agus athruithe

1.   Ní dhéanfar difear do cheart saoránach den Aontas ná náisiúnach den Ríocht Aontaithe, agus a mbaill teaghlaigh féin, brath go díreach ar an gCuid seo nuair a athrófar a stádas, mar shampla idir mac léinn, oibrí, duine féinfhostaithe agus duine atá neamhghníomhach ó thaobh na heacnamaíochta de. Ní féidir le daoine a bhfuil ceart chun cónaí acu, ag deireadh na hidirthréimhse, ina gcáil mar bhaill teaghlaigh saoránach den Aontas nó baill teaghlaigh náisiúnach den Ríocht Aontaithe, teacht chun bheith ina ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 10(1).

2.   Coimeádfar na cearta dá bhforáiltear sa Teideal seo do bhaill teaghlaigh ar cleithiúnaithe de chuid saoránaigh den Aontas nó náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe iad roimh dheireadh na hidirthréimhse, fiú tar éis dóibh scor de bheith ina gcleithiúnaithe.

Airteagal 18

Eisiúint doiciméad cónaithe

1.   Féadfaidh an Stát óstach a cheangal ar shaoránaigh den Aontas nó ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, ar a mbaill teaghlaigh faoi seach agus ar dhaoine eile, atá ina gcónaí ina chríoch i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Teideal seo, iarratas a dhéanamh ar stádas cónaithe nua a thugann na cearta faoin Teideal seo agus doiciméad a fhianaíonn an stádas sin agus féadfaidh an doiciméad sin a bheith i bhfoirm dhigiteach.

Beidh iarratas ar an stádas cónaithe sin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

is é is cuspóir don nós imeachta iarratais a fhíorú an bhfuil an t‐iarratasóir i dteideal na gceart cónaithe a leagtar amach sa Teideal seo. Sa chás sin, beidh sé de cheart ag an iarratasóir go ndeonófar dó nó di an stádas cónaithe, agus an doiciméad a fhianaíonn an stádas sin;

(b)

ní bheidh an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh níos lú ná sé mhí ó dheireadh na hidirthréimhse, do dhaoine a chónaíonn sa Stát óstach roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Maidir le daoine a bhfuil an ceart acu dul chun cónaí sa Stát óstach tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir leis an Teideal seo, is é trí mhí tar éis teacht dóibh nó tar éis dul in éag don tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cibé acu is déanaí, an spriocdháta chun an t‐iarratas a dhéanamh.

Eiseofar deimhniú ar an iarratas ar an stádas cónaithe láithreach;

(c)

déanfar an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (b) a fhadú faoi aon bhliain go huathoibríoch i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag an Aontas don Ríocht Aontaithe, nó ina mbeidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Aontas, gur chuir fadhbanna teicniúla cosc ar an Stát óstach an t‐iarratas a chlárú nó an deimhniú ar iarratas dá dtagraítear i bpointe (b) a eisiúint. Foilseoidh an Stát óstach an fógra sin agus cuirfidh sé faisnéis phoiblí iomchuí ar fáil do na daoine lena mbaineann in am trátha;

(d)

i gcás nach gcomhlíonann na daoine lena mbaineann an spriocdháta leis an iarratas a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (b), déanfaidh na húdaráis inniúla na himthosca agus na cúiseanna uile nár comhlíonadh an spriocdháta a mheas agus ligfidh siad do na daoine sin iarratas a dhéanamh laistigh de thréimhse ama bhreise réasúnach má bhíonn forais réasúnacha ann leis an mainneachtain an spriocdháta a chomhlíonadh;

(e)

áiritheoidh an Stát óstach gur nós imeachta réidh trédhearcach simplí aon nós imeachta riaracháin maidir le hiarratas, agus go seachnófar aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis;

(f)

beidh foirmeacha iarratais gearr, simplí, agus éasca le húsáid agus oiriúnófar iad do chomhthéacs an Chomhaontaithe seo; má dhéanann teaghlaigh iarratais san aon am amháin, measúnófar le chéile iad;

(g)

déanfar an doiciméad a fhianaíonn an stádas a eisiúint saor in aisce nó ar mhuirear nach mó ná an méid a fhorchuirtear ar shaoránaigh nó ar náisiúnaigh den Stát óstach maidir le doiciméid den tsamhail sin a eisiúint;

(h)

daoine a bhfuil doiciméad buanchónaithe bailí ina seilbh acu a eisíodh faoi Airteagal 19 nó Airteagal 20 de Threoir 2004/38/CE nó doiciméad inimirce náisiúnta bailí lena dtugtar buancheart chun cónaí sa Stát óstach roimh dheireadh na hidirthréimhse, beidh sé de cheart acu an doiciméad sin a mhalartú laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo ar dhoiciméad cónaithe nua nuair a bheidh iarratas déanta tar éis fhíorú a gcéannachta, seiceáil coiriúlachta agus slándála i gcomhréir le pointe (p) den mhír seo agus dearbhú ar a gcónaí leanúnach; ní ghearrfar táille ar na doiciméid chónaithe nua sin a eisiúint;

(i)

déanfar céannacht na n‐iarratasóirí a fhíorú trí phas bailí nó cárta aitheantais náisiúnta a thíolacadh i gcás saoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, agus trí phas bailí a thíolacadh i gcás a mbaill teaghlaigh féin agus daoine eile nach saoránaigh den Aontas ná náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe iad; ní dhéanfar glacadh na n doiciméad aitheantais sin a chur faoi réir aon chritéar seachas bailíocht an doiciméid. I gcás ina gcoimeádfaidh údaráis inniúla an Stáit óstaigh an doiciméad aitheantais le linn an t‐iarratas a bheith ar feitheamh, tabharfaidh an Stát óstach an doiciméad sin ar ais gan mhoill ar é a iarraidh, sula ndéanfar an cinneadh ar an iarratas;

(j)

féadfar cóip de dhoiciméid tacaíochta seachas doiciméid aitheantais, amhail doiciméid stádais shibhialta, a thíolacadh. Is i gcásanna sonracha amháin ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le barántúlacht na ndoiciméad tacaíochta a tíolacadh, agus sna cásanna sin amháin, a fhéadfar bunchóipeanna de na doiciméid tacaíochta a éileamh;

(k)

is ar shaoránaigh den Aontas agus ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, agus ar na daoine sin amháin, a fhéadfaidh an Stát óstach a cheangal na doiciméid tacaíochta seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2004/38/CE a thíolacadh chomh maith leis na doiciméid aitheantais dá dtagraítear i bpointe (i) den mhír seo:

(i)

i gcás ina mbeidh siad ina gcónaí sa Stát óstach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 7(1) de Threoir 2004/38/CE mar oibrithe nó féinfhostaithe, dearbhú ar fhostú ón bhfostóir nó deimhniú fostaíochta, nó cruthúnas go bhfuil siad féinfhostaithe;

(ii)

i gcás ina mbeidh siad ina gcónaí sa Stát óstach i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 7(1) de Threoir 2004/38/CE mar dhaoine atá neamhghníomhach ó thaobh na heacnamaíochta de, fianaise go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu dóibh féin agus dá mbaill teaghlaigh chun nach mbeidh siad ina n‐ualach ar chóras cúnaimh shóisialta an Stáit óstaigh le linn a dtréimhse cónaithe agus go bhfuil clúdach cuimsitheach árachais breoiteachta acu sa Stát óstach; nó

(iii)

i gcás ina mbeidh siad ina gcónaí sa Stát óstach i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 7(1) de Threoir 2004/38/CE mar mhic léinn, cruthúnas ar chlárú le hinstitiúid atá creidiúnaithe nó maoinithe ag an Stát óstach ar bhonn a reachtaíochta nó a chleachtais riaracháin, cruthúnas ar chlúdach cuimsitheach árachais breoiteachta, agus dearbhú nó modh coibhéiseach cruthúnais, go bhfuil a acmhainní leordhóthanacha acu dóibh féin agus dá mbaill teaghlaigh gan a bheith ina n‐ualach ar chóras cúnaimh shóisialta an Stáit óstaigh le linn a dtréimhse cónaithe. Ní fhéadfaidh an Stát óstach a cheangal go ndéanfar tagairt sna dearbhuithe sin d’aon mhéid sonrach acmhainní.

Maidir leis an gcoinníoll i dtaobh acmhainní leordhóthanacha, beidh feidhm ag Airteagal 8(4) de Threoir 2004/38/CE;

(l)

is ar bhaill teaghlaigh a thagann faoi réim phointe (e)(i) d’Airteagal 10(1) nó Airteagal 10(2) nó (3) den Chomhaontú seo, ar baill teaghlaigh iad atá ina gcónaí sa Stát óstach i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 7(1) nó Airteagal 7(2) de Threoir 2004/38/CE, agus ar na daoine sin amháin, a fhéadfaidh an Stát óstach a cheangal na doiciméid tacaíochta seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 8(5) nó in Airteagal 10(2) de Threoir 2004/38/CE a thíolacadh i dteannta na ndoiciméad aitheantais dá dtagraítear i bpointe (i) den mhír seo:

(i)

doiciméad a fhianaíonn go bhfuil cóngas teaghlaigh nó páirtnéireacht chláraithe ann;

(ii)

an deimhniú clárúcháin nó, in éagmais córas clárúcháin, aon chruthúnas eile, maidir leis an saoránach den Aontas nó an náisiúnach den Ríocht Aontaithe lena bhfuil siad ina gcónaí, go bhfuil sé nó sí ina chónaí nó ina cónaí iarbhír sa Stát óstach;

(iii)

maidir le sliochtaigh dhíreacha atá faoi bhun 21 bhliain d’aois nó atá ina gcleithiúnaithe agus ina ngaolta díreacha cleithiúnacha sa líne shinsearach, agus sliochtaigh de chuid an chéile nó an pháirtnéara chláraithe, fianaise dhoiciméadach go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) nó pointe (d) d’Airteagal 2(2) de Threoir 2004/38/CE á gcomhlíonadh acu;

(iv)

maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 10(2) nó (3) den Chomhaontú seo, doiciméad arna eisiúint ag an údarás ábhartha sa Stát óstach i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2004/38/CE.

Maidir leis an gcoinníoll i dtaobh acmhainní leordhóthanacha maidir le baill teaghlaigh ar saoránaigh den Aontas nó náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe iad féin, beidh feidhm ag Airteagal 8(4) de Threoir 2004/38/CE;

(m)

is ar bhaill teaghlaigh a thagann faoi réim phointe (e)(ii) d’Airteagal 10(1) nó Airteagal 10(4) den Chomhaontú seo, agus ar na daoine sin amháin, a fhéadfaidh an Stát óstach a cheangal na doiciméid tacaíochta seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 8(5) agus Airteagal 10(2) de Threoir 2004/38/CE a thíolacadh i dteannta na ndoiciméad aitheantais dá dtagraítear i bpointe (i) den mhír seo:

(i)

doiciméad a fhianaíonn go bhfuil cóngas teaghlaigh nó páirtnéireacht chláraithe ann;

(ii)

an deimhniú clárúcháin nó, in éagmais córas clárúcháin, aon chruthúnas eile, maidir leis an saoránach den Aontas nó na náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil siad ag teacht isteach sa Stát óstach chun bheith in éineacht leo, go bhfuil cónaí air nó uirthi nó orthu sa Stát óstach;

(iii)

do chéilí nó do pháirtnéirí cláraithe, doiciméad a fhianaíonn go raibh cóngas teaghlaigh nó páirtnéireacht chláraithe ann roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(iv)

maidir le sliochtaigh dhíreacha atá faoi bhun 21 bhliain d’aois nó atá ina gcleithiúnaithe agus ina ngaolta díreacha cleithiúnacha sa líne shinsearach, agus sliochtaigh de chuid an chéile nó an pháirtnéara chláraithe, fianaise dhoiciméadach go raibh siad gaolta le saoránaigh den Aontas nó le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) nó pointe (d) d’Airteagal 2(2) de Threoir 2004/38/CE maidir le haois nó cleithiúnas;

(v)

maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Chomhaontú seo, cruthúnas go raibh caidreamh marthanach le saoránaigh den Aontas nó le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe ann roimh dheireadh na hidirthréimhse agus go leanann an caidreamh de bheith ann ina dhiaidh sin.

(n)

i gcásanna seachas iad siúd a leagtar amach i bpointe (k), pointe (l) agus pointe (m), ní cheanglóidh an Stát óstach ar iarrthóirí doiciméid tacaíochta a thíolacadh a théann thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun fianaise a sholáthar go bhfuil na coinníollacha a bhaineann leis an gceart chun cónaí faoin Teideal seo comhlíonta;

(o)

cabhróidh údaráis inniúla an Stáit óstaigh leis na hiarratasóirí a n‐incháilitheacht a chruthú agus aon earráidí nó easnaimh a sheachaint ina n‐iarratais; tabharfaidh siad deis do na hiarratasóirí fianaise fhorlíontach a sholáthar agus aon easpaí, earráidí nó easnaimh a cheartú;

(p)

féadfar seiceálacha coiriúlachta agus slándála a dhéanamh go córasach ar iarratasóirí, agus é mar aidhm eisiach leo a fhíorú an bhféadfaidh na srianta a leagtar amach in Airteagal 20 den Chomhaontú seo a bheith infheidhme. Chun na críche sin, féadfar go gceanglófar ar iarrthóirí ciontuithe coiriúla roimhe sin atá sonraithe ina dtaifead coiriúil i gcomhréir le dlí an Stáit inar ciontaíodh iad, a dhearbhú tráth an iarratais. Féadfaidh an Stát óstach, má mheasann sé gur gá sin, an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27(3) de Threoir 2004/38/CE a chur i bhfeidhm maidir le ceisteanna a cuireadh ar Stáit eile faoi thaifid choiriúla roimhe sin;

(q)

áireofar sa doiciméad cónaithe nua ráiteas gur eisíodh é i gcomhréir leis an gComhaontú seo;

(r)

beidh rochtain ag an iarratasóir ar nósanna imeachta um shásamh breithiúnach agus, i gcás inarb iomchuí, nósanna imeachta um shásamh riaracháin sa Stát óstach in aghaidh aon chinneadh lenar diúltaíodh an stádas cónaithe a dheonú. Ceadóidh na nósanna imeachta sásaimh scrúdú ar dhlíthiúlacht an chinnidh, agus ar na fíricí agus na himthosca ar a bhfuil an cinneadh atá beartaithe bunaithe. Áiritheofar leis na nósanna imeachta sásaimh sin nach rud neamhréireach atá sa chinneadh.

2.   Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo agus an síneadh bliana amháin is féidir a chur léi faoi phointe (c) den mhír sin, measfar go bhfuil feidhm ag gach ceart dá bhforáiltear sa Chuid seo maidir le saoránaigh den Aontas nó náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, lena mbaill teaghlaigh féin, agus le daoine eile atá ina gcónaí sa Stát óstach, i gcomhréir leis na coinníollacha agus faoi réir na srianta a leagtar amach in Airteagal 20.

3.   Go dtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh críochnaitheach maidir le haon iarratas dá dtagraítear i mír 1, agus go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach i gcás sásamh breithiúnach a lorgaíodh i gcoinne aon diúltú d’iarratas den sórt sin ó na húdaráis inniúla riaracháin, measfar go bhfuil feidhm ag na cearta uile dá bhforáiltear sa Chuid seo maidir leis an iarratasóir, lena n‐áirítear Airteagal 21 maidir le coimircí agus ceart achomhairc, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 20(4).

4.   I gcás inar roghnaigh Stát óstach gan a cheangal ar shaoránaigh den Aontas nó ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, ar a mbaill teaghlaigh agus ar dhaoine eile atá ina gcónaí ina chríoch i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Teideal seo, iarratas a dhéanamh ar an stádas nua cónaithe dá dtagraítear i mír 1 mar choinníoll le haghaidh cónaí dlíthiúil, beidh sé de cheart ag na daoine atá incháilithe do chearta cónaithe faoin Teideal seo, doiciméad cónaithe a fháil, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE, agus féadfaidh an doiciméad sin a bheith i bhfoirm dhigiteach, agus beidh ar áireamh ann ráiteas gur eisíodh é i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

Airteagal 19

Eisiúint doiciméad cónaithe le linn na hidirthréimhse

1.   Le linn na hidirthréimhse, féadfaidh Stát óstach cead a thabhairt iarratais ar stádas cónaithe nó ar dhoiciméad cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (4) a dhéanamh go deonach ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.   Déanfar cinntí glacadh leis na hiarratais sin nó iad a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus (4). Ní bheidh éifeacht ag cinntí faoi Airteagal 18(1) go dtí deireadh na hidirthréimhse.

3.   Má ghlactar le hiarratas faoi Airteagal 18(1) roimh dheireadh na hidirthréimhse, ní fhéadfaidh an Stát óstach an cinneadh lenar tugadh an stádas cónaithe a tharraingt siar roimh dheireadh na hidirthréimhse ar aon fhoras seachas na forais a leagtar amach i gCaibidil VI agus Airteagal 35 de Threoir 2004/38/CE.

4.   Má dhiúltaítear iarratas roimh dheireadh na hidirthréimhse, féadfaidh an t‐iarratasóir iarratas a dhéanamh athuair tráth ar bith roimh dhul in éag don tréimhse a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 18(1).

5.   Gan dochar do mhír 4, beidh na nósanna imeachta sásaimh faoi phointe (r) d’Airteagal 18(1) ar fáil ó dháta diúltaithe iarratais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 20

Srianta ar na cearta chun cónaí agus teacht isteach

1.   Déanfar iompar saoránach den Aontas nó náisiúnach den Ríocht Aontaithe, a mbaill teaghlaigh, agus daoine eile, a fheidhmíonn cearta faoin Teideal seo, i gcás inar tharla an t‐iompar sin roimh dheireadh na hidirthréimhse, a mheas i gcomhréir le Caibidil VI de Threoir 2004/38/CE.

2.   Féadfaidh iompar saoránach den Aontas nó náisiúnach den Ríocht Aontaithe, a mbaill teaghlaigh, agus daoine eile, a fheidhmíonn cearta faoin Teideal seo, i gcás inar tharla an t‐iompar sin tar éis dheireadh na hidirthréimhse, a bheith ina bhforais ag an Stát óstach leis an gceart chun cónaí a shrianadh nó leis an gceart teacht isteach sa Stát oibre a shrianadh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

3.   Féadfaidh an Stát óstach nó an Stát oibre na bearta is gá a ghlacadh chun aon cheart a thugtar leis an Teideal seo a dhiúltú, a fhoirceannadh nó a tharraingt siar i gcás mhí‐úsáid na gceart sin nó i gcás calaoise, mar a leagtar amach in Airteagal 35 de Threoir 2004/38/CE. Beidh na bearta sin faoi réir na gcoimircí nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Chomhaontú seo.

4.   Féadfaidh an Stát óstach nó an Stát oibre iarrthóirí a rinne iarratais chalaoiseacha nó mhí‐úsáideacha a chur as a chríoch faoi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE, go háirithe Airteagal 31 agus Airteagal 35 de, fiú sula dtabharfar breithiúnas críochnaitheach i gcás sásamh breithiúnach a lorgófar i gcoinne diúltú aon iarratais den sórt sin.

Airteagal 21

Coimircí agus ceart achomhairc

Beidh feidhm ag na coimircí a leagtar amach in Airteagal 15 agus i gCaibidil VI de Threoir 2004/38/CE maidir le haon chinneadh ón Stát óstach a chuireann srian ar chearta cónaithe na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo.

Airteagal 22

Cearta gaolmhara

I gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2004/38/CE, gan beann ar náisiúntacht, beidh sé de cheart ag baill teaghlaigh saoránach den Aontas nó náisiúnach den Ríocht Aontaithe a bhfuil ceart chun cónaí nó ceart chun buanchónaí aige sa Stát óstach nó sa Stát oibre a bheith i dteideal gabháil le fostaíocht nó féinfhostaíocht ann.

Airteagal 23

An chóir chomhionann

1.   I gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir 2004/38/CE, faoi réir na bhforálacha sonracha dá bhforáiltear sa Teideal seo agus i dTeideal I agus Teideal IV den Chuid seo, gheobhaidh saoránaigh uile an Aontais nó náisiúnaigh uile na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí ar bhonn an Chomhaontaithe seo i gcríoch an Stáit óstaigh cóir atá comhionann leis an gcóir a fhaigheann náisiúnaigh an Stáit sin faoi chuimsiú na Coda seo. Déanfar leas an chirt sin a leathnú chuig na baill teaghlaigh sin de shaoránach den Aontas nó de náisiúnach den Ríocht Aontaithe a bhfuil an ceart chun cónaí nó chun buanchónaí acu.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Stát óstach teidlíocht a thabhairt chun cúnaimh shóisialta le linn tréimhsí cónaithe ar bhonn Airteagal 6 nó phointe (b) d’Airteagal 14(4) de Threoir 2004/38/CE, ná ní bheidh sé d’oibleagáid air, sula bhfaighidh duine an ceart chun buanchónaí i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chomhaontú seo, cúnamh cothabhála a dheonú le haghaidh staidéir, lena n‐áirítear gairmoiliúint, i bhfoirm deontas do mhic léinn nó iasachtaí do mhic léinn do dhaoine seachas oibrithe, daoine féinfhostaithe, daoine a bhfuil an stádas sin coimeádta acu nó á mbaill dteaghlaigh.

Caibidil 2

CEARTA OIBRITHE AGUS DAOINE FÉINFHOSTAITHE

Airteagal 24

Cearta oibrithe

1.   Faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach in Airteagal 45(3) agus (4) CFAE, maidir leis na cearta a ráthaítear le hAirteagal 45 CFAE agus na cearta a thugtar le Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh na cearta sin ag oibrithe sa Stát óstach agus ag oibrithe trasteorann sa Stát nó sna Stáit oibre (8). Áirítear ar na cearta sin:

(a)

an ceart nach ndéanfar idirdhealú ina n‐aghaidh ar fhorais náisiúntachta maidir le fostaíocht, luach saothair agus dálaí eile oibre agus fostaíochta;

(b)

an ceart chun gabháil le gníomhaíocht agus í a shaothrú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le náisiúnaigh den Stát óstach nó den Stát oibre;

(c)

an ceart chun cúnaimh a thugann oifigí fostaíochta an Stáit óstaigh nó an Stáit oibre mar a thairgtear dá náisiúnaigh féin;

(d)

an ceart chun córa comhionainne maidir le dálaí fostaíochta agus oibre, go háirithe maidir le luach saothair, dífhostú agus, i gcás dífhostaíochta, athchur sa phost nó athfhostú;

(e)

an ceart chun buntáistí cánach agus buntáistí sóisialta;

(f)

cearta comhchoiteanna;

(g)

na cearta agus na sochair a thugtar d’oibrithe náisiúnta i gcúrsaí tithíochta;

(h)

an ceart go ligfear a leanaí isteach sna cúrsaí ginearálta oideachais, printíseachta agus gairmoiliúna faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le náisiúnaigh den Stát óstach nó den Stát oibre, má tá na leanaí sin ina gcónaí sa chríoch ina bhfuil an t‐oibrí ag obair.

2.   I gcás ina mbeidh sliochtach díreach de chuid oibrí a scoir de bheith ina chónaí nó ina cónaí sa Stát óstach ag dul faoi oideachas sa Stát sin, beidh sé de cheart ag cúramóir príomha an tsliochtaigh sin cónaí sa Stát sin go dtí go sroichfidh an sliochtach lán‐aois, agus tar éis na lán‐aoise má leanann cúram an chúramóra phríomha de bheith ag teastáil ón sliochtach sin chun leanúint dá oideachas nó dá hoideachas agus é a chur i gcrích.

3.   Beidh sé de cheart ag oibrithe trasteorann atá fostaithe teacht isteach sa Stát oibre agus imeacht uaidh i gcomhréir le hAirteagal 14 den Chomhaontú seo, agus fágfar acu na cearta a bhí acu le linn dóibh a bheith ina n‐oibrithe ann, ar choinníoll go bhfuil siad le háireamh faoi cheann de na cúinsí a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c) agus (d) d’Airteagal 7(3) de Threoir 2004/38/CE, fiú mura n‐aistríonn siad a n‐áit chónaithe chuig an Stát oibre.

Airteagal 25

Cearta daoine féinfhostaithe

1.   Faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach in Airteagal 51 agus Airteagal 52 CFAE, beidh na cearta a ráthaítear le hAirteagal 49 agus Airteagal 55 CFAE ag daoine féinfhostaithe sa Stát óstach agus ag oibrithe trasteorann féinfhostaithe sa Stát nó sna Stáit oibre. Áirítear ar na cearta sin:

(a)

an ceart chun gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe agus gnóthais a bhunú agus a bhainistiú faoi na coinníollacha a leagtar síos ag an Stát óstach dá náisiúnaigh féin, mar a leagtar amach in Airteagal 49 CFAE;

(b)

na cearta mar a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (h) d’Airteagal 24(1) den Chomhaontú seo.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 24(2) maidir le sliochtaigh dhíreacha oibrithe féinfhostaithe.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 24(3) maidir le hoibrithe trasteorann féinfhostaithe.

Airteagal 26

Doiciméad lena n‐aithnítear cearta oibrithe trasteorann a eisiúint

Féadfaidh an Stát oibre a cheangal ar shaoránaigh den Aontas agus ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil cearta acu mar oibrithe trasteorann faoin Teideal seo iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad lena ndeimhneofar go bhfuil na cearta sin acu faoin Teideal seo. Beidh sé de cheart ag na saoránaigh sin den Aontas agus ag na náisiúnaigh sin den Ríocht Aontaithe go n‐eiseofar an doiciméad sin dóibh.

Caibidil 3

CÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA

Airteagal 27

Cáilíochtaí gairmiúla aitheanta

1.   An t‐aitheantas a thug Stát óstach nó Stát oibre do cháilíochtaí gairmiúla, mar atá sainmhínithe i bpointe (b) d’Airteagal 3(1) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), saoránach den Aontas nó náisiúnach den Ríocht Aontaithe agus a mball teaghlaigh roimh dheireadh na hidirthréimhse, leanfar dá éifeachtaí sa Stát i gceist, lena n‐áirítear an ceart a ngairm a shaothrú faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le náisiúnaigh den Stát faoi seach, ar choinníoll gur tugadh an t‐aitheantas sin i gcomhréir le haon cheann de na forálacha seo a leanas:

(a)

Teideal III de Threoir 2005/36/CE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint i gcomhthéacs fheidhmiú na saoirse bunaíochta, cibé acu faoin gcóras ginearálta chun fianaise ar oiliúint a aithint, faoin gcóras chun aitheantas a thabhairt ar thaithí ghairmiúil nó faoin gcóras chun aitheantas a fháil ar bhonn chomhordú na gcoinníollacha oiliúna íosta a tháinig an t‐aitheantas sin;

(b)

Airteagal 10(1) agus (3) de Threoir 98/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le cead isteach a fháil chuig gairm an dlíodóra sa Bhallstát óstach nó sa Stát oibre;

(c)

Airteagal 14 de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) i leith iniúchóirí reachtúla ó Bhallstát eile a cheadú;

(d)

Treoir 74/556/CEE ón gComhairle (12) maidir le fianaise a ghlacadh ar an eolas agus ar an gcumas is gá chun gabháil le gníomhaíochtaí daoine féinfhostaithe agus idirghabhálaithe i mbun trádála agus dáileadh táirgí nó gníomhaíochtaí a bhaineann le húsáid ghairmiúil táirgí tocsaineacha nó chun na gníomhaíochtaí sin a shaothrú.

2.   Áireofar ar aitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

aitheantas ar cháilíochtaí gairmiúla a bhain tairbhe as Airteagal 3(3) de Threoir 2005/36/CE;

(b)

cinntí a thugann rochtain pháirteach ar ghníomhaíocht ghairmiúil i gcomhréir le hAirteagal 4f de Threoir 2005/36/CE;

(c)

aitheantais ar cháilíochtaí gairmiúla chun críocha bunaíochta arna ndéanamh faoi Airteagal 4d de Threoir 2005/36/CE.

Airteagal 28

Nósanna imeachta leanúnacha maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint

Airteagal 4, Airteagal 4d i leith aitheantas ar cháilíochtaí gairmiúla chun críocha bunaíochta, Airteagal 4f agus Teideal III de Threoir 2005/36/CE, Airteagal 10(1), (3) agus (4) de Threoir 98/5/CE, Airteagal 14 de Threoir 2006/43/CE agus Treoir 74/556/CEE, beidh feidhm acu maidir le húdarás inniúil an Stáit óstaigh nó an Stáit oibre scrúdú a dhéanamh ar aon iarratas ar aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla a thug saoránaigh den Aontas nó náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe isteach roimh dheireadh na hidirthréimhse agus maidir leis an gcinneadh ar aon iarratas den sórt sin.

Beidh feidhm ag Airteagal 4a, Airteagal 4b agus Airteagal 4e de Threoir 2005/36/CE freisin a mhéid is ábhartha chun na nósanna imeachta maidir le haitheantas cáilíochtaí gairmiúla a chur i gcrích chun críocha a mbunaíochta faoi Airteagal 4d den Treoir sin.

Airteagal 29

Comhar riaracháin maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla

1.   Maidir leis na hiarratais atá ar feitheamh dá dtagraítear in Airteagal 28, comhoibreoidh an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit chun cur i bhfeidhm Airteagal 28 a éascú. D’fhéadfadh sé go n‐áireofaí ar an gcomhoibriú sin malartú faisnéise, lena n‐áirítear faisnéis faoi ghníomhaíocht araíonachta nó smachtbhannaí coiriúla a fhorchuirfear nó aon imthoisc thromchúiseach agus shonrach eile a bhféadfadh iarmhairtí a bheith acu i leith na ngníomhaíochtaí a thagann faoi na Treoracha dá dtagraítear in Airteagal 28 a shaothrú.

2.   De mhaolú ar Airteagal 8, ar feadh tréimhse nach faide ná naoi mí ó dheireadh na hidirthréimhse, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal córas faisnéise inmheánach an mhargaidh a úsáid i leith iarratais dá dtagraítear in Airteagal 28 a mhéid a bhaineann siad le nósanna imeachta maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint chun críocha a mbunaíochta faoi Airteagal 4d de Threoir 2005/36/CE.

TEIDEAL III

CÓRAS SLÁNDÁLA SÓISIALTA A CHOMHORDÚ

Airteagal 30

Daoine atá cumhdaithe

1.   Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir leis na daoine a leanas:

(a)

saoránaigh den Aontas atá faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí;

(b)

náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá faoi réir reachtaíocht Ballstáit ag deireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí;

(c)

saoránaigh den Aontas atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus atá faoi réir reachtaíocht Ballstáit ag deireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí;

(d)

náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí i mBallstát, agus atá faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí;

(e)

daoine nach dtagann faoi phointe (a) go pointe (d) ach a mbaineann an méid a leanas leo:

(i)

saoránaigh den Aontas a ghabhann le gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, agus atá, ar bhonn Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), faoi réir reachtaíocht Ballstáit, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí; nó

(ii)

náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i mBallstát amháin nó níos mó ag deireadh na hidirthréimhse, agus atá, bunaithe ar Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí;

(f)

daoine gan stát agus dídeanaithe, atá ina gcónaí i mBallstát nó sa Ríocht Aontaithe, atá i gceann de na cásanna a thuairiscítear i bpointe (a) go pointe (e), chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí;

(g)

náisiúnaigh tríú tíortha, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí, atá i gceann de na cásanna a thuairiscítear i bpointe (a) go pointe (e), ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle (14).

2.   Déanfar na daoine dá dtagraítear i mír 1 a chumhdach chomh fada agus a leanfaidh siad gan bhriseadh de bheith i gceann de na cásanna a leagtar amach sa mhír sin a bhaineann le Ballstát agus leis an Ríocht Aontaithe araon ag an am céanna.

3.   Beidh feidhm an Teideal seo chomh maith i gcás daoine nach bhfuil le háireamh faoi phointe (a) go pointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo, nó daoine nach bhfuil le háireamh feasta faoi na pointí sin, ar daoine iad atá le háireamh, áfach, faoi Airteagal 10 den Chomhaontú seo, mar aon leis na baill teaghlaigh atá acu agus marthanóirí.

4.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 3, leanfaidh siad de bheith faoi chumhdach fad a leanfaidh siad den cheart chun cónaí sa Stát óstach a bheith acu faoi Airteagal 13 den Chomhaontú seo, nó den cheart chun obair a dhéanamh sa Stát oibre a bheith acu faoi Airteagal 24 nó Airteagal 25 den Chomhaontú seo.

5.   Más rud é gur do bhaill teaghlaigh agus do mharthanóirí a thagraíonn an tAirteagal seo, ní chumhdófar na daoine sin leis an Teideal seo ach amháin a mhéid atá cearta ag dul dóibh, agus oibleagáidí sa cháil sin, faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Airteagal 31

Rialacha maidir le slándáil shóisialta a chomhordú

1.   Beidh feidhm ag na rialacha agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 48 CFAE, Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) maidir leis na daoine a chumhdaítear leis an Teideal seo.

Tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe aird iomchuí ar Chinntí agus ar Mholtaí an Choimisiúin Riaracháin maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta a ghabhann leis an gCoimisiún Eorpach, arna mbunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (“an Coimisiún Riaracháin”) a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 9 den Chomhaontú seo, chun críocha an Teidil seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

3.   Maidir le náisiúnaigh tríú tír a chomhlíonann coinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 859/2003, chomh maith lena mbaill teaghlaigh nó a marthanóirí faoi chuimsiú an Teidil seo, tuigfear go bhfuil na tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 sa Teideal seo ina dtagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle (16) agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle (17) faoi seach. Tuigfear go bhfuil tagairtí d’fhorálacha sonracha Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ina dtagairtí do na forálacha comhfhreagracha de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

Airteagal 32

Cásanna speisialta atá cumhdaithe

1.   Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas sna cásanna a seo leanas chomh fada agus a leagtar amach san Airteagal seo, a mhéid a bhaineann siad le daoine nach gcumhdaítear le hAirteagal 30 nó nach gcumhdaítear a thuilleadh le hAirteagal 30:

(a)

cumhdófar na daoine seo a leanas leis an Teideal seo chun críocha spleáchas ar thréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe, agus chun críocha a gcomhiomlánaithe, lena n‐áirítear cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as na tréimhsí sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004:

(i)

saoránaigh den Aontas, chomh maith le daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí i mBallstát agus náisiúnaigh tríú tír a chomhlíonann coinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 859/2003, a bhí faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus lena marthanóirí;

(ii)

náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, chomh maith le daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus náisiúnaigh tríú tír a chomhlíonann coinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 859/2003, a bhí faoi réir reachtaíocht Ballstáit roimh dheireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí;

chun críocha comhiomlánaithe tréimhsí, cuirfear san áireamh tréimhsí ar tháinig deireadh leo roimh nó tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004;

(b)

leanfaidh na rialacha a leagtar amach in Airteagal 20 agus in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 d'fheidhm a bheith acu maidir le daoine a d’iarr údarú roimh dheireadh na hidirthréimhse do chúrsa réamhbheartaithe i gcóireáil cúraim sláinte de bhun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, go dtí deireadh na cóireála. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta aisíocaíochta comhfhreagracha fiú tar éis dheireadh na cóireála. Beidh sé de cheart ag na daoine sin agus ag na daoine tionlacain teacht isteach i Stát na cóireála agus é a fhágáil i gcomhréir le hAirteagal 14, mutatis mutandis;

(c)

leanfaidh na rialacha a leagtar amach in Airteagal 19 agus in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 d'fheidhm a bheith acu maidir le daoine a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus atá ar thréimhse fanachta ag deireadh na hidirthréimhse i mBallstát nó sa Ríocht Aontaithe, go dtí deireadh a dtréimhse fanachta. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta aisíocaíochta comhfhreagracha fiú tar éis na tréimhse fanachta nó tar éis dheireadh na cóireála;

(d)

leanfaidh na rialacha a leagtar amach in Airteagal 67, in Airteagal 68 agus in Airteagal 69 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 d'fheidhm a bheith acu, fad a chomhlíonfar na coinníollacha, maidir le dámhachtainí sochar teaghlaigh a bhfuil teidlíocht ag na daoine a leanas orthu ag deireadh na hidirthréimhse:

(i)

saoránaigh den Aontas, daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí i mBallstát chomh maith le náisiúnaigh tríú tíortha a chomhlíonann coinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 agus atá ina gcónaí i mBallstát, atá faoi réir reachtaíocht Ballstáit agus a bhfuil baill teaghlaigh acu atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse;

(ii)

náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, chomh maith le daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus náisiúnaigh tríú tír a chomhlíonann coinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 agus atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe, atá faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe agus a bhfuil baill teaghlaigh acu atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse.

(e)

sna cásanna a leagtar amach i bpointe (d)(i) agus (ii) den mhír seo, maidir le haon duine a bhfuil cearta aige mar bhaill teaghlaigh ag deireadh na hidirthréimhse faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, amhail cearta díorthaithe ar shochair bhreoiteachta chomhchineáil, leanfaidh an Rialachán sin agus na forálacha comhfhreagracha de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 d'fheidhm a bheith acu fad a chomhlíonfar na coinníollacha dá bhforáiltear ann.

2.   Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil 1 de Theideal III de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le sochair bhreoiteachta maidir le daoine a fhaigheann sochair faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.

Beidh feidhm ag an mír seo mutatis mutandis maidir le sochair theaghlaigh atá bunaithe ar Airteagal 67, Airteagal 68 agus Airteagal 69 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Airteagal 33

Náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Lichtinstéin, na hIorua agus na hEilvéise

1.   Maidir leis na forálacha sa Teideal seo atá infheidhme maidir le saoránaigh an Aontais, beidh feidhm leo maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise ar choinníoll:

(a)

go bhfuil comhaontuithe comhfhreagracha tugtha i gcrích leis an Ríocht Aontaithe ag an Íoslainn, ag Prionsacht Lichtinstéin, ag Ríocht na hIorua, agus ag Cónaidhm na hEilvéise, de réir mar is infheidhme, agus á gcur i bhfeidhm acu, is comhaontuithe a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh an Aontais; agus

(b)

go bhfuil comhaontuithe comhfhreagracha tugtha i gcrích leis an Aontas ag an Íoslainn, ag Prionsacht Lichtinstéin, ag Ríocht na hIorua, agus ag Cónaidhm na hEilvéise, de réir mar is infheidhme, agus á gcur i bhfeidhm acu, is comhaontuithe a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe.

2.   Ar fhógra a fháil ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas maidir leis an dáta a thiocfaidh na comhaontuithe seo dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm, déanfaidh an Comhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164 (“an Comhchoiste”) an dáta a shocrú óna mbeidh feidhm ag forálacha an Teidil seo maidir le náisiúnaigh na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 34

Comhar riaracháin

1.   De mhaolú ar Airteagal 7 agus Airteagal 128(1), ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh stádas breathnóra sa Choimisiún Riaracháin ag an Ríocht Aontaithe. Féadfaidh sí, i gcás ina mbainfidh na míreanna ar an gclár oibre a bhaineann leis an Teideal seo leis an Ríocht Aontaithe, ionadaí a chur, le bheith i láthair i gcáil chomhairleach, chuig cruinnithe an Choimisiúin Riaracháin agus chuig cruinnithe na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 73 agus Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, i gcás a ndéantar plé ar na míreanna sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 8, beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) agus íocfaidh sí as na costais a bhaineann leis sin.

Airteagal 35

Aisíocaíocht, aisghabháil agus fritháireamh

Maidir leis na forálacha atá i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 maidir le haisíocaíocht, aisghabháil agus fritháireamh, is forálacha iad a leanfar dóibh maidir leis na teagmhais, a mhéid a bhaineann siad le daoine nach gcumhdaítear le hAirteagal 30, ar teagmhais iad:

(a)

a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse; nó

(b)

a tharlaíonn tar éis dheireadh na hidirthréimhse agus a bhfuil baint acu le daoine a bhí cumhdaithe le hAirteagal 30 nó Airteagal 32 nuair a tharla an teagmhas.

Airteagal 36

Forbairt dlí agus oiriúnuithe ar ghníomhartha de chuid an Aontais

1.   I gcás ina ndéanfar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a leasú nó a ionadú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, tuigfear tagairtí do na Rialacháin sin sa Chomhaontú seo mar thagairtí do na Rialacháin sin arna leasú nó arna n‐ionadú, i gcomhréir leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

Déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo agus ailíneoidh sé é le haon ghníomh lena leasófar nó lena n‐ionadófar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE ) Uimh. 987/2009 a luaithe a ghlacfaidh an tAontas an gníomh sin. Chun na críche sin, déanfaidh an tAontas, a luaithe is féidir tar éis a ghlactha, an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas laistigh den Chomhchoiste faoi aon ghníomh lena leasófar nó lena n‐ionadófar na Rialacháin sin.

2.   De mhaolú ar an dara fomhír de mhír 1, déanfaidh an Comhchoiste measúnú ar éifeachtaí gnímh lena leasófar nó lena n‐ionadófar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 i gcás ina ndéanfaidh an gníomh sin:

(a)

na nithe a chumhdaítear le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú nó a ionadú; nó

(b)

sochar airgid in‐onnmhairithe i gcás ina raibh an sochar airgid sin neamh-in‐onnmhairithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ag deireadh na hidirthréimhse, nó sochair airgid neamh‐in‐onnmhairithe, i gcás ina raibh an sochar airgid sin in‐onnmhairithe ag deireadh na hidirthréimhse; nó

(c)

sochair airgid in‐onnmhairithe ar feadh tréimhse ama neamhtheoranta, i gcás nach raibh an sochar airgid sin in‐onnmhairithe ach ar feadh tréimhse ama theoranta faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ag deireadh na hidirthréimhse, nó sochair airgid nach féidir a onnmhairiú ach ar feadh tréimhse ama theoranta, i gcás ina raibh an sochar airgid sin in‐onnmhairithe ar feadh tréimhse ama neamhtheoranta faoin Rialachán sin ag deireadh na hidirthréimhse.

Agus an measúnú á dhéanamh aige, measfaidh an Comhchoiste de mheon macánta scála na n‐athruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le feidhmiú maith leanúnach Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE ) Uimh. 987/2009 idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus an tábhacht a bhaineann le Stát inniúil a bheith ann maidir le daoine aonair faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Má chinneann an Comhchoiste sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón uair a fhaigheann sé an fhaisnéis a thugann an tAontas de bhun mhír 1, ní dhéanfar Cuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo a ailíniú leis an ngníomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Chun críocha na míre seo:

(a)

ciallaíonn “in‐onnmhairithe” iníoctha faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 le duine nó maidir le duine atá ina chónaí i mBallstát seachas an ceann ina bhfuil an institiúid atá freagrach as an sochar a sholáthar suite; déanfar “do-onnmhairithe” a léiriú dá réir sin; agus

(b)

ciallaíonn “in‐onnmhairithe ar feadh tréimhse ama neamhtheoranta” in‐onnmhairithe fad a chomhlíonfar na coinníollacha óna n‐eascraíonn na teidlíochtaí.

3.   Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tuigfear gurb iad Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 na hoiriúnuithe a liostaítear i gCuid III d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, a luaithe is féidir tar éis a ghlactha, aon athrú ar fhorálacha náisiúnta is ábhartha maidir le Cuid III d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo a chur in iúl don Aontas.

4.   Chun críocha an Chomhaontaithe seo, is éard a thuigfear le Cinntí agus Moltaí an Choimisiúin Riaracháin gurb iad na cinntí agus na moltaí atá liostaithe i gCuid I d’Iarscríbhinn I a chuimsítear iontu. Leasóidh an Comhchoiste Cuid I d’Iarscríbhinn I chun aon Chinneadh nó Moladh nua a ghlacann an Coimisiún Riaracháin a léiriú. Chun na críche sin, a luaithe agus is féidir tar éis ghlacadh chinntí agus mholtaí an Choimisiúin Riaracháin, cuirfidh an tAontas an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoi sin laistigh den Chomhchoiste. Déanfaidh an Comhchoiste leasuithe na leasuithe sin ar mholadh ón Aontas nó ón Ríocht Aontaithe.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA EILE

Airteagal 37

Poiblíocht

Scaipfidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe faisnéis faoi chearta agus oibleagáidí daoine a chumhdaítear leis an gCuid seo, go háirithe trí fheachtais ardaithe feasachta, de réir mar is iomchuí, trí na meáin náisiúnta agus áitiúla agus modhanna cumarsáide eile.

Airteagal 38

Forálacha níos fabhraí

1.   Ní dhéanfaidh an Chuid seo difear d’aon dlí, rialachán ná foráil riaracháin is infheidhme i Stát óstach nó i Stát oibre a bheadh níos fabhraí do na daoine lena mbaineann. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le Teideal III.

2.   Ní dochar Airteagal 12 agus Airteagal 23(1) do shocruithe an Chomhlimistéir Taistil idir an Ríocht Aontaithe agus Éire maidir le cóir níos fabhraí a d’fhéadfadh éirí as na socruithe sin do na daoine lena mbaineann.

Airteagal 39

Cosaint ar feadh an tsaoil

Beidh na daoine a chumhdaítear leis an gCuid seo ag teachtadh na gceart dá bhforáiltear i dTeidil ábhartha na Coda seo ar feadh a saoil, mura scoirfidh siad de na coinníollacha a leagtar amach sna Teidil sin a chomhlíonadh.

CUID A TRÍ

FORÁLACHA IDIRSCARTHA

TEIDEAL I

MAIDIR LE hEARRAÍ A CHUIRTEAR AR AN MARGADH

Airteagal 40

Sainmhínithe

Chun críocha an Teidil seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(a)

ciallaíonn “a chur ar fáil ar an margadh” aon earra a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce;

(b)

ciallaíonn “a chur ar an margadh” an chéad uair a chuirfear earra ar fáil ar an margadh san Aontas nó sa Ríocht Aontaithe;

(c)

ciallaíonn “earra a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid” go bhfuil earra atá ann cheana agus atá inaitheanta go leithleach, tar éis na céime monaróireachta, ina ábhar comhaontaithe i scríbhinn nó ó bhéal idir beirt daoine dhlítheanacha nó nádúrtha nó níos mó le haghaidh aistriú úinéireachta, aon cheart maoine eile, nó seilbh a bhaineann leis an earra atá i gceist, nó go bhfuil sé ina ábhar tairisceana do dhuine dlítheanach nó nádúrtha amháin nó níos mó chun comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích;

(d)

ciallaíonn “a chur i seirbhís” an chéad úsáid a bhaineann úsáideoir deiridh as earra laistigh den Aontas nó den Ríocht Aontaithe chun na gcríoch dá raibh sé beartaithe nó, i gcás trealamh muirí, a chur ar bord;

(e)

ciallaíonn “faireachas margaidh” na gníomhaíochtaí agus na bearta a dhéanann údaráis um fhaireachas margaidh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh earraí na ceanglais is infheidhme agus nach gcuirfidh siad sláinte, sábháilteacht nó aon ghné eile de chosaint leas an phobail i mbaol;

(f)

ciallaíonn “údarás um fhaireachas margaidh” údarás de chuid Ballstáit nó de chuid na Ríochta Aontaithe atá freagrach as faireachas margaidh a dhéanamh ina chríoch;

(g)

ciallaíonn “coinníollacha maidir le hearraí a mhargú” ceanglais maidir le saintréithe earraí amhail leibhéil cháilíochta, feidhmíocht, sábháilteacht nó toisí, lena n‐áirítear comhdhéanamh na n‐earraí sin nó an téarmaíocht, na siombailí, an tástáil agus na modhanna tástála, an pacáistiú, an mharcáil, an lipéadú agus na nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta a úsáidtear maidir leis na hearraí sin; cuimsíonn an téarma ceanglais modhanna agus próisis táirgthe freisin, i gcás ina mbeidh tionchar acu sin ar shaintréithe táirge;

(h)

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta lena n‐áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht;

(i)

ciallaíonn “comhlacht dá dtugtar fógra” comhlacht um measúnú comhréireachta a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta lena n‐áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht;

(j)

ciallaíonn “táirgí ainmhithe” táirgí de thionscnamh ainmhíoch, fotháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe dá dtagraítear i bpointe (29), pointe (30) agus pointe (31) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) faoi seach, beatha de thionscnamh ainmhíoch, agus bia agus beatha ina bhfuil táirgí de thionscnamh ainmhíoch.

Airteagal 41

Saorchúrsaíocht leanúnach earraí a chuirtear ar an margadh

1.   Féadfar aon earra a chuirtear ar an margadh go dlíthiúil san Aontas nó sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse:

(a)

a chur ar fáil a thuilleadh ar mhargadh an Aontais nó ar mhargadh na Ríochta Aontaithe agus a chur i saorchúrsaíocht idir an dá mhargadh sin go dtí go sroichfidh sé a úsáideoir deiridh;

(b)

i gcás ina bhforáiltear dó sna forálacha is infheidhme i ndlí an Aontais, a chur i seirbhís san Aontas nó sa Ríocht Aontaithe.

2.   Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 34 agus in Airteagal 35 CFAE agus i ndlí ábhartha an Aontais lena rialaítear margaíocht ar earraí, lena n‐áirítear na coinníollacha maidir le margaíocht ar earraí, is infheidhme maidir leis na hearraí lena mbaineann, maidir leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na hearraí atá ann cheana féin agus atá inaitheanta go leithleach de réir bhrí Theideal II de Chuid a Trí CFAE, ach amháin i gcás shaorchúrsaíocht na n‐earraí seo a leanas idir margadh an Aontais agus margadh na Ríochta Aontaithe nó vice versa:

(a)

ainmhithe beo agus táirgí geirmeacha;

(b)

táirgí ainmhithe.

4.   Maidir le gluaiseacht ainmhithe beo nó táirgí geirmeacha idir Ballstát agus an Ríocht Aontaithe, nó vice versa, beidh feidhm ag na forálacha sin i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar choinníoll gur dháta roimh dheireadh na hidirthréimhse an dáta imeachta.

5.   Ní dochar an tAirteagal seo don deis a bheith ag an Ríocht Aontaithe, ag Ballstát nó ag an Aontas bearta a dhéanamh chun toirmeasc nó srian a chur le hearra dá dtagraítear i mír 1, nó catagóir earraí den sórt sin, a bheith curtha ar fáil ar a mhargadh, i gcás inar ceadmhach sin agus a mhéid is ceadmhach de réir dhlí an Aontais.

6.   Ní dochar forálacha an Teidil seo d’aon riail is infheidhme maidir le módúlachtaí a bhaineann le díol, maoin intleachtúil, nósanna imeachta custaim, taraifí agus cánacha.

Airteagal 42

Cruthúnas ar chur ar an margadh

I gcás ina mbeidh oibreoir eacnamaíoch ag brath ar Airteagal 41(1) maidir le hearra ar leith, is ar an oibreoir sin a bheidh an dualgas cruthúnas a thabhairt á léiriú, ar bhonn aon doiciméad ábhartha, gur cuireadh an t‐earra sin ar an margadh san Aontas nó sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Airteagal 43

Faireachas margaidh

1.   Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát agus údaráis um fhaireachas margaidh na Ríochta Aontaithe aon fhaisnéis ábhartha arna bailiú faoi na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 41(1) i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh féin a mhalartú gan mhoill. Déanfaidh siad, go háirithe, aon fhaisnéis a bhainfidh leis na hearraí sin a bhfuil riosca tromchúiseach ag gabháil leo, chomh maith le haon bheart a dhéanfar maidir le hearraí neamhchomhlíontacha, a chur in iúl dá chéile, lena n‐áirítear faisnéis ábhartha arna tarraingt as líonraí, córais faisnéise agus bunachair sonraí arna mbunú faoi dhlí an Aontais nó na Ríochta Aontaithe faoi na hearraí sin.

2.   Tarchuirfidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe aon iarraidh ó údaráis um fhaireachas margaidh de chuid na Ríochta Aontaithe nó de chuid Ballstáit, faoi seach, chuig comhlacht um measúnú comhréireachta atá bunaithe ina gcríoch, i gcás ina mbaineann an iarraidh sin le measúnú comhréireachta arna dhéanamh ag an gcomhlacht sin ina cháil mar chomhlacht dá dtugtar fógra roimh dheireadh na hidirthréimhse. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe go dtabharfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta aghaidh ar aon iarraidh den sórt sin go pras.

Airteagal 44

Comhaid agus doiciméid a bhaineann le nósanna imeachta leanúnacha a aistriú

Déanfaidh an Ríocht Aontaithe na comhaid nó na doiciméid ábhartha go léir maidir le measúnuithe, formheasanna agus údaruithe leanúnacha a aistriú gan mhoill chuig údarás inniúil Ballstáit arna ainmniú i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais is infheidhme an lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus faoi stiúir údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 (19), Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (20), Treoir 2001/83/CE (21) agus Treoir 2001/82/CE (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 45

Faisnéis a chur ar fáil faoi nósanna imeachta údaraithe arna n‐úsáid maidir le táirgí íocshláinte san am a caitheadh

1.   Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, ar iarraidh réasúnaithe ó Bhallstát nó ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an sainchomhad údaraithe margaíochta ar tháirge íocshláinte a bheidh údaraithe ag údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe roimh SWdheireadh na hidirthréimhse a chur ar fáil gan mhoill, i gcás inar gá an sainchomhad sin chun measúnú a dhéanamh ar iarratas ar údarú margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 10a de Threoir 2001/83/CE nó Airteagal 13 agus Airteagal 13a de Threoir 2001/82/CE.

2.   Déanfaidh Ballstát, ar iarraidh réasúnaithe ón Ríocht Aontaithe, an sainchomhad údaraithe margaíochta ar tháirge íocshláinte a bheidh údaraithe ag údarás inniúil de chuid an Bhallstáit sin roimh dheireadh na hidirthréimhse a chur ar fáil gan mhoill, i gcás inar gá an sainchomhad sin chun measúnú a dhéanamh ar iarratas ar údarú margaíochta sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le ceanglais reachtacha na Ríochta Aontaithe, a mhéid a dhéanann na ceanglais reachtacha sin cúinsí Airteagal 10 agus Airteagal 10a de Threoir 2001/83/CE nó Airteagal 13 agus Airteagal 13a de Threoir 2001/82/CE a mhacasamhlú.

Airteagal 46

Faisnéis a chur ar fáil atá i seilbh comhlachtaí dá dtugtar fógra agus atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe nó i mBallstát

1.   Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go ndéanfar faisnéis a shealbhaíonn comhlacht um measúnú comhréireachta atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe i ndáil lena ghníomhaíochtaí mar chomhlacht dá dtugtar fógra faoi dhlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse a chur ar fáil, gan mhoill, ar iarraidh sin do shealbhóir an deimhnithe, do chomhlacht dá dtugtar fógra atá bunaithe i mBallstát mar a bheidh léirithe ag sealbhóir an deimhnithe.

2.   Áiritheoidh Ballstáit go ndéanfar faisnéis a shealbhaíonn comhlacht dá dtugtar fógra, atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann i ndáil lena ghníomhaíochtaí roimh dheireadh na hidirthréimhse a chur ar fáil, gan mhoill, ar iarraidh sin do shealbhóir an deimhnithe, do chomhlacht um measúnú comhréireachta atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe mar a bheidh léirithe ag sealbhóir an deimhnithe.

TEIDEAL II

NÓSANNA IMEACHTA LEANÚNACHA CUSTAIM

Airteagal 47

Stádas earraí an Aontais

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) maidir le hearraí de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (23) d’Airteagal 5 den Rialachán sin, i gcás ina n‐ aistreofar na hearraí sin ó chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe go críoch chustaim an Aontais, nó vice versa, ar choinníoll gur thosaigh an ghluaiseacht roimh dheireadh na hidirthréimhse agus gur tháinig deireadh léi dá éis sin. Déileálfar le gluaiseacht earraí a thosaigh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus ar tháinig deireadh léi dá éis sin mar ghluaiseacht laistigh den Aontas ó thaobh ceanglais cheadúnúcháin maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú i ndlí an Aontais.

2.   Chun críocha mhír 1, ní bheidh feidhm ag an toimhde maidir le stádas custaim earraí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 153(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Ní mór stádas custaim na n‐earraí sin mar earraí de chuid an Aontais, chomh maith leis an bhfíoras gur tosaíodh an ghluaiseacht dá dtagraítear i mír 1 roimh dheireadh na hidirthréimhse, a chruthú i leith gach gluaiseachta a dhéanfaidh an duine lena mbaineann ar aon cheann de na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 199 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (24). Cuirfear cruthúnas thús na gluaiseachta ar fáil le doiciméad iompair a bhaineann leis na hearraí.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le hearraí de chuid an Aontais a iomprófar d’aer agus a luchtaíodh nó a trasloingsíodh in aerfort i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe lena gcoinsíniú go críoch chustaim an Aontais nó a luchtaíodh nó a trasloingsíodh in aerfort i gcríoch chustaim an Aontais lena gcoinsíniú go críoch chustaim na Ríochta Aontaithe, i gcás ina ndéanfar na hearraí sin a iompar faoi chumhdach doiciméad aonair iompair arna eisiúint i gceachtar de na críocha custaim lena mbaineann, ar choinníoll gur thosaigh an t‐aeriompar roimh dheireadh na hidirthréimhse agus gur tháinig deireadh leis dá éis sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le hearraí de chuid an Aontais a iomprófar ar muir agus a sheolfar idir calafoirt i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe agus calafoirt i gcríoch chustaim an Aontais trí sheirbhís rialta loingseoireachta, dá dtagraítear in Airteagal 120 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (25), ar choinníoll:

(a)

gur thosaigh an turas a chuimsíonn na calafoirt i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe agus na calafoirt i gcríoch chustaim an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus gur tháinig deireadh leis dá éis sin; agus

(b)

go ndeachaigh an t‐árthach seirbhíse rialta loingseoireachta i dtír i gcalafort amháin nó roinnt calafort i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe nó i gcríoch chustaim an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse.

5.   Nuair a thiocfaidh an t‐árthach seirbhíse rialta loingseoireachta i dtír i gcalafort amháin nó roinnt calafort i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe le linn an turais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 tar éis dheireadh na hidirthréimhse:

(a)

maidir le hearraí a luchtófar roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a dhíluchtófar sna calafoirt sin, ní athrófar an stádas custaim a bhaineann le hearraí an Aontais;

(b)

maidir le hearraí a luchtófar i gcalafoirt a shroichtear tar éis dheireadh na hidirthréimhse, ní athrófar an stádas custaim a bhaineann le hearraí an Aontais ar choinníoll go gcruthófar é i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 48

Dearbhú iontrála achomair agus dearbhú réamh‐imeachta

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le dearbhuithe iontrála achoimre a taisceadh in oifig chustaim an chéad teacht isteach i gcomhréir le Caibidil I de Theideal IV den Rialachán sin roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus beidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna ag na dearbhuithe sin i gcríoch chustaim an Aontais agus i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le dearbhuithe réamh‐imeachta a taisceadh i gcomhréir le Caibidil I de Theideal VIII den Rialachán sin roimh dheireadh na hidirthréimhse agus, i gcás inarb infheidhme, i gcás earraí a scaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 194 den Rialachán sin roimh dheireadh na hidirthréimhse. Beidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna ag na dearbhuithe sin i gcríoch chustaim an Aontais agus i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

Airteagal 49

Nósanna imeachta stórála sealadaí nó custaim a chríochnú

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le hearraí neamh‐Aontais a bhí i stóráil shealadach dá dtagraítear i bpointe (17) d’Airteagal 5 den Rialachán sin ag deireadh na hidirthréimhse, agus maidir le hearraí a bhí faoi aon cheann de na nósanna imeachta custaim dá dtagraítear i bpointe (16) d’Airteagal 5 den Rialachán sin i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse go dtí go mbeidh deireadh leis an stóráil shealadach sin, go dtí go mbeidh ceann de na nósanna imeachta speisialta custaim críochnaithe, go dtí go scaoilfear na hearraí le haghaidh saorchúrsaíochta, nó go dtí go nglacfar na hearraí as an gcríoch, ar choinníoll go dtarlóidh an teagmhas sin tar éis dheireadh na hidirthréimhse ach tráth nach déanaí ná deireadh na teorann comhfhreagraí ama dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.

Ní bheidh feidhm, áfach, ag pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 148(5) ná ag Airteagal 219 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le gluaiseachtaí earraí idir críoch chustaim na Ríochta Aontaithe agus críoch chustaim an Aontais a chríochnóidh tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, Cinneadh 2014/335/AE, Euratom, ón gComhairle (26), Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle (27) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (28) maidir le haon fhiacha custaim a thiocfaidh chun cinn tar éis dheireadh na hidirthréimhse ó dheireadh na stórála sealadaí nó an scaoilte chun saorchúrsaíochta dá dtagraítear i mír 1.

3.   Beidh feidhm ag Roinn 1 de Chaibidil 1 de Theideal II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 maidir le hiarrataí ar thairbhe a bhaint as cuótaí taraifí ar ghlac na húdaráis chustaim leo i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe agus i gcás inar chuir na húdaráis chustaim i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe na doiciméid tacaíochta riachtanacha ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 50 den Rialachán sin roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus beidh feidhm acu maidir le cealú iarrataí agus tuairisceán cainníochtaí na n‐iarrataí sin a leithdháileadh nár úsáideadh.

Airteagal 50

Rochtain ar líonraí ábhartha, córais faisnéise agus bunachair sonraí ábhartha

De mhaolú ar Airteagal 8, beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe, a mhéid is fíorghá d’fhonn a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Teideal seo, ar na líonraí, na córais faisnéise agus na bunachair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas a aisíoc i leith na gcostas iarbhír arna dtabhú ag an Aontas de thoradh an rochtain sin a éascú. Faoin 31 Márta gach bliain go dtí deireadh na tréimhse dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, cuirfidh an tAontas méid na gcostas sin in iúl don Ríocht Aontaithe. I gcás ina mbeidh difríocht mhór ann idir an méid a chuirtear in iúl de na costais iarbhír arna dtabhú agus na meastacháin ba chruinne a chuir an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe roimh shíniú an Chomhaontaithe seo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe méid na meastachán ba chruinne leis an Aontas gan moill a dhéanamh, agus cinnfidh an Comhchoiste an chaoi a láimhseálfar an difríocht idir na costais iarbhír arna dtabhú agus méid na meastachán ba chruinne.

TEIDEAL III

ÁBHAIR LEANÚNACHA MAIDIR LE CÁIN BHREISLUACHA AGUS DLEACHT MHÁIL

Airteagal 51

Cáin bhreisluacha (CBL)

1.   Beidh feidhm ag Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (29) maidir le hearraí a sheoladh nó a iompar ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch Bhallstáit, agus vice versa, ar choinníoll gur thosaigh an seoladh nó an t‐iompar roimh dheireadh na hidirthréimhse agus gur tháinig deireadh leis dá éis sin.

2.   Leanfaidh Treoir 2006/112/CE d'fheidhm a bheith aici go dtí cúig bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir le cearta agus oibleagáidí an duine inchánach maidir le hidirbhearta ag a bhfuil gné thrasteorann idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstát a bhí ar bun roimh dheireadh na hidirthréimhse agus maidir le hidirbhearta a chumhdaítear le mír 1.

3.   De mhaolú ar mhír 2 agus ar Airteagal 15 de Threoir 2008/9/CE ón gComhairle (30), déanfar iarratais aisíocaíochta a bhaineann le CBL a rinne duine inchánach bunaithe sa Ríocht Aontaithe a íoc i mBallstát nó a rinne duine inchánach bunaithe i mBallstát a íoc sa Ríocht Aontaithe, faoi choinníollacha na Treorach sin an 31 Márta 2021 ar a dhéanaí.

4.   De mhaolú ar mhír 2 agus ar Airteagal 61(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle (31), leasuithe ar thuairisceáin CBL a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 364 nó le hAirteagal 369f de Threoir 2006/112/CE sa Ríocht Aontaithe maidir le seirbhísí a soláthraíodh i mBallstáit tomhaltais roimh dheireadh na hidirthréimhse, nó i mBallstát maidir le seirbhísí a soláthraíodh sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfar iad an 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí.

Airteagal 52

Earraí faoi réir dleacht mháil

Beidh feidhm ag Treoir 2008/118/CE ón gComhairle (32) maidir le gluaiseachtaí earraí faoi réir dleacht mháil faoi shocrú cur ar fionraí dleachtanna agus maidir le gluaiseachtaí táirgí faoi réir dleacht mháil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch Bhallstáit, nó vice versa, ar choinníoll gur tosaíodh an ghluaiseacht roimh dheireadh na hidirthréimhse agus gur tháinig deireadh léi dá éis sin.

Airteagal 53

Rochtain ar líonraí ábhartha, córais faisnéise agus bunachair sonraí ábhartha

De mhaolú ar Airteagal 8, beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe, a mhéid is fíorghá d’fhonn a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Teideal seo, ar na líonraí, na córais faisnéise agus na bunachair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas a aisíoc i leith na gcostas iarbhír arna dtabhú ag an Aontas de thoradh an rochtain sin a éascú. Faoin 31 Márta gach bliain go dtí deireadh na tréimhse dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, cuirfidh an tAontas méid na gcostas sin in iúl don Ríocht Aontaithe. I gcás ina mbeidh difríocht mhór ann idir an méid a chuirtear in iúl de na costais iarbhír arna dtabhú agus na meastacháin ba chruinne a chuir an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe roimh shíniú an Chomhaontaithe seo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe méid na meastachán ba chruinne leis an Aontas gan moill a dhéanamh, agus cinnfidh an Comhchoiste an chaoi a láimhseálfar an difríocht idir na costais iarbhír arna dtabhú agus méid na meastachán ba chruinne.

TEIDEAL IV

MAOIN INTLEACHTÚIL

Airteagal 54

Cosaint leanúnach sa Ríocht Aontaithe ar chearta cláraithe nó deonaithe

1.   Beidh sealbhóir aon cheann de na cearta maoine intleachtúla seo a leanas a cláraíodh nó a tugadh roimh dheireadh na hidirthréimhse ina shealbhóir cirt maoine intleachtúla cláraithe in‐fhorfheidhmithe inchomparáide sa Ríocht Aontaithe faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, gan aon athscrúdú:

(a)

beidh sealbhóir trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh atá cláraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) ina shealbhóir trádmhairc sa Ríocht Aontaithe, déanta den chomhartha céanna, i gcás na n‐earraí nó na seirbhísí céanna;

(b)

beidh sealbhóir dearaidh Comhphobail atá cláraithe agus, i gcás inarb infheidhme, a foilsíodh tar éis chur siar an fhoilsithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle (34) ina shealbhóir cirt dearaidh chláraithe sa Ríocht Aontaithe don dearadh céanna;

(c)

beidh sealbhóir cirt Comhphobail maidir le cineálacha plandaí a tugadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle (35) ina shealbhóir cirt maidir le cineálacha plandaí sa Ríocht Aontaithe don chineál céanna planda.

2.   I gcás ina mbeidh cosaint san Aontas ar lá deiridh na hidirthréimhse ar thásc geografach, ar shonrúchán tionscnaimh, nó ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), nó ar thásc geografach, ar shonrúchán tionscnaimh, nó ar théarma traidisiúnta ar fhíon de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), nó ar thásc geografach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), nó tásc geografach de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), agus an chosaint sin ann de bhua na Rialachán sin, na daoine sin atá i dteideal tásc geografach a úsáid, nó an sonrúchán tionscnaimh, nó an sainearra traidisiúnta atá faoi ráthaíocht, nó an téarma traidisiúnta ar fhíon, is daoine iad a bheidh i dteideal, ó dheireadh na hidirthréimhse amach, gan aon athscrúdú, an tásc geografach a úsáid, nó an sonrúchán tionscnaimh, nó an sainearra traidisiúnta atá faoi ráthaíocht, nó an téarma traidisiúnta ar fhíon lena mbaineann sa Ríocht Aontaithe, rud a ndeonófar dó ar a laghad an leibhéal cosanta céanna faoi dhlí na Ríochta Aontaithe agus atá aige faoi na forálacha seo a leanas i ndlí an Aontais:

(a)

pointe (i), pointe (j) agus pointe (k) d’Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40); agus

(b)

i dtaca leis an tásc geografach, an sonrúchán tionscnaimh, an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, nó an téarma traidisiúnta ar fhíon lena mbaineann, Airteagail 13, 14(1), 24, 36(3), 38 agus 44, agus pointe (b) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012; Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41); Airteagal 100(3), Airteagal 102(1), Airteagal 103 agus 113, agus pointe (c)(x) d’Airteagal 157(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; Airteagal 62(3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún (42); an chéad fhomhír d’Airteagal 15(3), Airteagal 16 agus Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus, sa mhéid go dtagann comhlíonadh fhorálacha an Rialacháin sin i gceist, Airteagal 24(1) den Rialachán sin; nó Airteagal 19(1) agus Airteagal (20) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

I gcás ina scoirfidh tásc geografach, sonrúchán tionscnaimh, sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht ná do théarma traidisiúnta ar fhíon dá dtagraítear sa chéad fhomhír de chosaint a bheith aige san Aontas tar éis dheireadh na hidirthréimhse, scoirfidh an chéad fhomhír d'fheidhm a bheith aici maidir leis an tásc geografach, an sonrúchán tionscnaimh, an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, ná an téarma traidisiúnta ar fhíon sin.

Ní bheidh feidhm leis an gcéad fhomhír i gcás ina n‐eascraíonn cosaint san Aontas ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an t‐Aontas ina páirtí iontu.

Beidh feidhm ag an mír seo mura dtiocfaidh comhaontú mar a thagraítear dó in Airteagal 184 i bhfeidhm, is comhaontú a ghabhfaidh ionad na míre seo, agus go dtí go dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme.

3.   D’ainneoin mhír 1, i gcás ina ndearbhófar go bhfuil ceart maoine intleachtúla dá dtagraítear sna míreanna sin neamhbhailí nó cúlghairthe, nó, i gcás ina ndearbhófar go bhfuil ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí ar neamhní go hiomlán nó i gcás ina gcuirfear ar ceal é san Aontas de bharr nós imeachta riaracháin nó breithiúnach a bheidh fós ar siúl ar lá deiridh na hidirthréimhse, dearbhófar go bhfuil an ceart comhfhreagrach sin sa Ríocht Aontaithe neamhbhailí nó cúlghairthe, nó ar neamhní go hiomlán, nó ar ceal chomh maith. An dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an dearbhú nó leis an gcúlghairm nó leis an gcealú sa Ríocht Aontaithe, sin dáta na héifeachta sin san Aontas.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Ríocht Aontaithe a dhearbhú go bhfuil an ceart comhfhreagrach sa Ríocht Aontaithe neamhbhailí ná ní bheidh sé d’oibleagáid uirthi é a chúlghairm, i gcás nach mbeidh feidhm sa Ríocht Aontaithe ag an bhforas le neamhbhailíocht nó le cúlghairm an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh nó an dearaidh Comhphobail chláraithe.

4.   Ceart trádmhairc nó ceart dearaidh cláraithe a thiocfaidh chun cinn sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 1, beidh mar chéad dáta athnuachana aige an dáta a n‐athnuafar an ceart maoine intleachtúla comhfhreagrach arna chlárú i gcomhréir le dlí an Aontais.

5.   Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis na trádmharcanna sa Ríocht Aontaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

beidh an dáta comhdúcháin céanna agus an dáta tosaíochta céanna ag an trádmharc agus atá ag trádmharc an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb iomchuí, beidh an tsinsearacht trádmhairc de chuid na Ríochta Aontaithe aige a éilítear faoi Airteagal 39 nó Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2017/1001;

(b)

ní dhlífear an trádmharc a chúlghairm ar an bhforas nach raibh fíorúsáid bainte as an trádmharc comhfhreagrach de chuid an Aontais Eorpaigh i gcríoch na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(c)

úinéir trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil cáil faighte aige san Aontas, beidh sé i dteideal cearta atá comhionann leo sin dá bhforáiltear i bpointe (c) d’Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5(3) de Threoir (AE) 2015/2436 maidir leis an trádmharc comhfhreagrach, beidh sé i dteideal na cearta sin a fheidhmiú sa Ríocht Aontaithe ar bhonn na cáile atá faighte aige san Aontas faoi dheireadh na hidirthréimhse agus, as sin amach, beidh cáil leanúnach an trádmhairc sin bunaithe ar úsáid an mhairc sa Ríocht Aontaithe.

6.   Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cearta dearaidh cláraithe agus cearta maidir le cineálacha plandaí sa Ríocht Aontaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1:

(a)

beidh an téarma cosanta faoi dhlí na Ríochta Aontaithe comhionann ar a laghad leis an méid den tréimhse chosanta atá fágtha faoi dhlí an Aontais ag an dearadh Comhphobail cláraithe comhfhreagrach nó ag an gceart Comhphobail comhfhreagrach maidir le cineálacha plandaí;

(b)

beidh an dáta comhdúcháin céanna agus an dáta tosaíochta céanna ag na cearta agus atá ag an dearadh Comhphobail cláraithe comhfhreagrach nó ag an gceart Comhphobail comhfhreagrach maidir le cineálacha plandaí.

Airteagal 55

An nós imeachta clárúcháin

1.   Déanfaidh na heintitis ábhartha sa Ríocht Aontaithe an clárú, an deonú, nó an chosaint atá ann de bhun Airteagal 54(1) agus (2) den Chomhaontú seo a chur i gcrích saor in aisce, trí úsáid a bhaint as na sonraí atá ar fáil i gclárlanna Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí agus an Choimisiúin Eorpaigh. Measfar gur clárlann chun críche an Airteagail seo í Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

2.   Chun críocha mhír 1, sealbhóirí na gceart maoine intleachtúla dá dtagraítear in Airteagal 54(1) agus iad sin atá i dteideal úsáid a bhaint as tásc geografach, sonrúchán tionscnaimh, sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, nó téarma traidisiúnta ar fhíon dá dtagraítear in Airteagal 54(2), ní cheanglófar orthu iarratas a chur isteach ná tabhairt faoi aon nós imeachta riaracháin ar leith. Sealbhóirí na gceart maoine intleachtúla dá dtagraítear in Airteagal 54(1), ní bheidh de cheangal orthu seoladh comhfhreagrais a bheith acu sa Ríocht Aontaithe sna trí bliana a chaithfear tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

3.   An t‐eolas atá ag teastáil i gcomhair an chláraithe, an deonaithe nó na cosanta sa Ríocht Aontaithe, is eolas é a chuirfidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí, agus an Coimisiún Eorpach ar fáil do na heintitis ábhartha sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 54(1) nó (2).

4.   Ní dochar an tAirteagal seo do tháillí athnuachana a bhféadfaidh feidhm a bheith acu tráth a dhéanfar na cearta a athnuachan, nó don fhéidearthacht atá ag na sealbhóirí lena mbaineann a gcearta maoine intleachtúla a thabhairt suas sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha i ndlí na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 56

Cosaint leanúnach sa Ríocht Aontaithe do chláruithe idirnáisiúnta lena n‐ainmnítear an tAontas

Daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh cosaint faighte acu roimh dheireadh na hidirthréimhse do thrádmharcanna atá cláraithe go hidirnáisiúnta nó do dhearaí lena n‐ainmnítear an tAontas de bhun chóras Mhaidrid maidir le clárú idirnáisiúnta marcanna, nó de bhun chóras na Háige maidir le taisceadh idirnáisiúnta dearaí tionscail, déanfaidh an Ríocht Aontaithe bearta chun a áirithiú go mbeidh cosaint ag na daoine sin sa Ríocht Aontaithe dá dtrádmharcanna nó dá ndearaí tionscail i dtaca leis na cláruithe idirnáisiúnta sin.

Airteagal 57

Cosaint leanúnach sa Ríocht Aontaithe do dhearaí Comhphobail neamhchláraithe

Sealbhóir cirt i dtaca le dearadh Comhphobail neamhchláraithe a thiocfaidh chun cinn roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, beidh sé, ipso iure, i dtaca leis an dearadh Comhphobail neamhchláraithe sin, ina shealbhóir cirt maoine intleachtúla in‐fhorfheidhmithe sa Ríocht Aontaithe, faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, ar ceart é a thugann an leibhéal céanna cosanta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. Beidh téarma cosanta an chirt sin faoi dhlí na Ríochta Aontaithe comhionann ar a laghad leis an méid den tréimhse chosanta atá fágtha ag an dearadh Comhphobail neamhchláraithe comhfhreagrach faoi Airteagal 11(1) den Rialachán sin.

Airteagal 58

Cosaint leanúnach do bhunachair sonraí

1.   Sealbhóir cirt i dtaca le bunachar sonraí maidir leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43) a thiocfaidh chun cinn roimh dheireadh na hidirthréimhse, coinneoidh sé, i dtaca leis an mbunachar sonraí sin, ceart maoine intleachtúla in‐fhorfheidhmithe sa Ríocht Aontaithe, faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, ar ceart é a thugann an leibhéal céanna cosanta agus an méid dá bhforáiltear i dTreoir 96/9/CE, ar choinníoll go leanfaidh sealbhóir an chirt sin de cheanglais Airteagal 11 den Treoir sin a chomhlíonadh. Beidh téarma cosanta an chirt sin faoi dhlí na Ríochta Aontaithe comhionann ar a laghad leis an méid den tréimhse chosanta atá fágtha faoi Airteagal 10 de Threoir 96/9/CE.

2.   Measfar go bhfuil ceanglais Airteagal 11 de Threoir 96/9/CE á gcomhlíonadh ag na daoine agus na gnóthais seo a leanas:

(a)

náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe;

(b)

daoine nádúrtha ar a bhfuil gnáthchónaí sa Ríocht Aontaithe;

(c)

gnóthais atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, ar choinníoll, i gcás nach gurb í a oifig chláraithe amháin atá ag an ngnóthas sa Ríocht Aontaithe, a bhfuil fíornasc ag a oibríochtaí ar bhonn leanúnach le geilleagar na Ríochta Aontaithe nó le geilleagar Ballstáit.

Airteagal 59

An ceart tosaíochta i dtaca le hiarratais ar feitheamh ar thrádmharcanna an Aontais Eorpaigh, dearaí Comhphobail agus cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí

1.   I gcás ina mbeidh iarratas curtha isteach ag duine ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh nó ar dhearadh Comhphobail i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus i gcás ina mbeidh dáta comhdúcháin tugtha don iarratas sin, beidh an ceart ag an duine sin iarratas a chur isteach sa Ríocht Aontaithe, laistigh de naoi mí ó dheireadh na hidirthréimhse, ar an trádmharc céanna i dtaca le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo sin nó a áirítear orthu sin ar cuireadh an t‐iarratas isteach ina leith, nó beidh an ceart aige iarratas a dhéanamh ar an dearadh céanna. Measfar go bhfuil an dáta comhdúcháin céanna agus an dáta tosaíochta céanna ag aon iarratas a rinneadh de bhun an Airteagail seo agus atá ag an iarratas comhfhreagrach a rinneadh san Aontas, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh aige sinsearacht trádmhairc de chuid na Ríochta Aontaithe a éilítear faoi Airteagal 39 nó Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2017/1001.

2.   I gcás ina mbeidh iarratas curtha isteach ag duine ar cheart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse, beidh ceart tosaíochta ad hoc ag an duine sin sa Ríocht Aontaithe, chun críocha iarratas a chur isteach ar an gceart céanna maidir le cineálacha plandaí sa Ríocht Aontaithe, ar feadh sé mhí ó dheireadh na hidirthréimhse. Leis an gceart tosaíochta, measfar gurb é dáta tosaíochta an iarratais ar an gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí dáta an iarratais ar cheart maidir le cineálacha plandaí sa Ríocht Aontaithe, chun sainiúlacht, úrnuacht agus teidlíocht ar an gceart a dhéanamh amach.

Airteagal 60

Iarratais atá ar feitheamh i gcomhair deimhnithe forlíontacha cosanta sa Ríocht Aontaithe

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 (44) agus ag Rialachán Uimh. 469/2009 (45) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar dheimhnithe forlíontacha cosanta le haghaidh táirgí cosanta plandaí agus táirgí íocshláinte faoi seach, agus maidir le hiarratais ar shíneadh a chur le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe sin, i gcás ina dtíolacfar na hiarratais sin chuig údarás sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse agus ina mbeidh an nós imeachta riaracháin maidir le deonú an deimhnithe lena mbaineann, nó le deonú an tsínidh le tréimhse bhailíochta an deimhnithe, fós ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse.

2.   Le haon deimhniú a dheonófar de bhun mhír 1, forálfar maidir leis an leibhéal céanna cosanta agus an méid dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 nó Rialachán (CE) Uimh. 469/2009.

Airteagal 61

Cearta a ídiú

Cearta maoine intleachtúla a bheidh ídithe san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe araon roimh dheireadh na hidirthréimhse faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí an Aontais, leanfaidh siad de bheith ídithe san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe araon.

TEIDEAL V

COMHAR PÓILÍNEACHTA AGUS BREITHIÚNACH LEANÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA

Airteagal 62

Imeachtaí comhair bhreithiúnaigh leanúnaigh in ábhair choiriúla

1.   Sa Ríocht Aontaithe, agus sna Ballstáit i gcásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, beidh feidhm mar a leanas ag na gníomhartha seo a leanas:

(a)

an Coinbhinsiún ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (46), agus an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (47), beidh feidhm acu maidir le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a gheobhaidh an t‐údarás lárnach nó an t‐údarás breithiúnach faoin ionstraim lena mbaineann roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(b)

beidh feidhm ag Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (48) maidir le barántais ghabhála Eorpacha i gcás inar gabhadh an duine iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse chun críocha barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú, gan beann ar an gcinneadh ón údarás forghníomhaitheach breithiúnach i dtaobh an gcoimeádfar an duine iarrtha faoi choinneáil nó an scaoilfear saor é go sealadach;

(c)

beidh feidhm ag Cinneadh Réime 2003/577/CGB ón gComhairle (49) maidir le horduithe calctha a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag údarás lárnach nó ag an údarás breithiúnach inniúil lena bhforghníomhú, nó ag an údarás breithiúnach sa Stát forghníomhaitheach nach bhfuil dlínse aige ordú calctha a aithint ná a fhorghníomhú ach a tharchuireann an t‐ordú calctha ex officio chuig an údarás breithiúnach inniúil lena fhorghníomhú;

(d)

beidh feidhm ag Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle (50) maidir le cinntí a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag an údarás lárnach nó ag an údarás inniúil sa Stát forghníomhaitheach nó ag údarás de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh nach bhfuil dlínse aige cinneadh a aithint ná a fhorghníomhú ach a tharchuireann an cinneadh ex officio chuig an údarás inniúil lena fhorghníomhú;

(e)

beidh feidhm ag Cinneadh Réime 2006/783/CGB ón gComhairle (51) maidir le horduithe coigistíochta a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag údarás lárnach nó ag údarás inniúil an Stáit fhorghníomhaithigh nó ag údarás sa Stát forghníomhaitheach nach bhfuil dlínse aige ordú coigistíochta a aithint ná a fhorghníomhú ach a tharchuireann an t‐ordú coigistíochta ex officio chuig an údarás inniúil lena fhorghníomhú;

(f)

beidh feidhm ag Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle (52):

(i)

maidir le breithiúnais a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag údarás inniúil an Stáit fhorghníomhaithigh nó ag údarás de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh nach bhfuil inniúlacht aige breithiúnas a aithint ná a fhorfheidhmiú ach a tharchuireann an breithiúnas ex officio chuig an údarás inniúil lena fhorghníomhú;

(ii)

chun críocha Airteagal 4(6) nó Airteagal 5(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, i gcás ina bhfuil an Cinneadh Réime sin infheidhme de bhua phointe (b) den mhír seo.

(g)

beidh feidhm ag Cinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle (53) maidir le himeachtaí coiriúla nua de réir bhrí Airteagal 3 den Chinneadh Réime sin a thionscnaítear roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(h)

beidh feidhm ag Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (54) maidir le hiarrataí ar fhaisnéis faoi chiontú a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag an údarás lárnach; mar sin féin, tar éis dheireadh na hidirthréimhse, ní tharchuirfear freagraí ar iarrataí den sórt sin tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a bunaíodh de bhun Chinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle (55);

(i)

beidh feidhm ag Cinneadh Réime 2009/829/CGB ón gComhairle (56) maidir le bearta maoirseachta a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag an údarás lárnach nó ag an údarás inniúil sa Stát forghníomhaitheach nó ag údarás de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh nach bhfuil inniúlacht aige cinneadh a aithint ach a chuireann ar aghaidh é ex officio chuig an údarás inniúil lena fhorghníomhú;

(j)

beidh feidhm ag Airteagal 10(3) de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57) maidir le hiarrataí ar fhaisnéis a bheidh faighte ag an údarás lárnach roimh dheireadh na hidirthréimhse; mar sin féin, tar éis dheireadh na hidirthréimhse, ní tharchuirfear freagraí ar iarrataí den sórt sin tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a bunaíodh de bhun Chinneadh 2009/316/CGB;

(k)

beidh feidhm ag Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58) maidir le horduithe cosanta Eorpacha a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag údarás lárnach nó ag údarás inniúil an Stáit fhorghníomhaithigh nó ag údarás de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh nach bhfuil inniúlacht aige ordú cosanta Eorpach a aithint ach a chuireann ar aghaidh é ex officio chuig an údarás inniúil lena fhorghníomhú;

(l)

beidh feidhm ag Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59) maidir le hOrduithe Imscrúdaithe Eorpacha a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag an údarás lárnach nó ag an údarás forghníomhaitheach nó ag údarás sa Stát forghníomhaitheach nach bhfuil inniúlacht aige Ordú Imscrúdaithe Eorpach a aithint ná a fhorghníomhú agus a chuireann ar aghaidh é ex officio chuig an údarás forghníomhaitheach lena fhorghníomhú;

2.   Féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe leanúint de bheith rannpháirteach sna foirne comhpháirteacha um imscrúdú ina raibh siad rannpháirteach roimh dheireadh na hidirthréimhse, i gcás inar bunaíodh na foirne um imscrúdú sin i gcomhréir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, a bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nó i gcomhréir le Cinneadh Réime 2002/465/CGB (60).

De mhaolú ar Airteagal 8 den Chomhaontú seo, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) a úsáid, ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin tar éis dheireadh na hidirthréimhse, a mhéid amháin is gá chun faisnéis a mhalartú laistigh de na foirne comhpháirteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Na costais iarbhír arna dtabhú ag an Aontas de thoradh úsáid SIENA a éascú don Ríocht Aontaithe, is costais iad a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe a chúiteamh leis an Aontas. Cuirfidh an tAontas méid na gcostas sin in iúl don Ríocht Aontaithe faoin 31 Márta 2021. I gcás ina mbeidh difríocht mhór ann idir an méid a chuirtear in iúl de na costais iarbhír arna dtabhú agus na meastacháin ba chruinne a chuir an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe roimh shíniú an Chomhaontaithe seo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe méid na meastachán ba chruinne leis an Aontas gan mhoill, agus cinnfidh an Comhchoiste an chaoi a mbeidh an difríocht idir na costais iarbhír arna dtabhú agus méid na meastachán ba chruinne le láimhseáil.

3.   Arna iarraidh sin don Ríocht Aontaithe, agus faoi réir phointe (a) d’Airteagal 26a(7) agus Airteagal 27 de Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle (61) a chomhlíonadh, féadfaidh Eurojust faisnéis a sholáthar, lena n‐áirítear faisnéis phearsanta, óna chóras Bainistithe Cásanna, más gá chun na nósanna imeachta leanúnacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e) agus (l) de mhír 1 den Airteagal seo nó gníomhaíochtaí na bhfoirne comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a thabhairt i gcrích. Féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, arna iarraidh sin orthu, faisnéis atá ina seilbh a sholáthar do Eurojust más gá chun na nósanna imeachta leanúnacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e) agus (l) de mhír 1 den Airteagal seo nó gníomhaíochtaí na bhfoirne comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a thabhairt i gcrích. I gcás ina mbeidh costais de chineál urghnách ann mar gheall ar chur i bhfeidhm na míre seo, cinnfidh an Comhchoiste an chaoi a dtabharfar aghaidh ar chostais den sórt sin.

Airteagal 63

Imeachtaí comhair i bhforfheidhmiú an dlí, comhar póilíneachta agus malartú faisnéise atá ar siúl

1.   Sa Ríocht Aontaithe, agus sna Ballstáit i gcásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, beidh feidhm mar a leanas ag na gníomhartha seo a leanas:

(a)

Airteagal 39 agus Airteagal 40 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme (“Coinbhinsiún Cur Chun Feidhme Schengen”) (62), i gcomhar le hAirteagal 42 agus le hAirteagal 43 de, beidh feidhm acu maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

iarrataí i gcomhréir le hAirteagal 39 de Choinbhinsiún Cur Chun Feidhme Schengen a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag an gcomhlacht lárnach sa Pháirtí Conarthach atá freagrach as comhar idirnáisiúnta póilíneachta nó ag na húdaráis inniúla de chuid an Pháirtí iarrtha nó ag na húdaráis phóilíneachta iarrtha nach bhfuil an chumhacht acu déileáil leis an iarraidh agus a chuireann an iarraidh ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla;

(ii)

iarrataí ar chúnamh i gcomhréir le hAirteagal 40(1) de Choinbhinsiún Cur Chun Feidhme Schengen a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag údarás atá ainmnithe ag Páirtí Conarthach;

(iii)

faireachas trasteorann a dhéantar gan réamhúdarú, i gcomhréir le hAirteagal 40(2) de Choinbhinsiún Cur Chun Feidhme Schengen i gcás inar thosaigh an faireachas sin roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(b)

an Coinbhinsiún um chúnamh agus comhar frithpháirteach idir riaracháin chustaim (63), a tarraingíodh suas ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh feidhm aige maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

iarrataí ar fhaisnéis a bheidh faighte ag an údarás iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(ii)

iarrataí ar fhaireachas a bheidh faighte ag an údarás iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(iii)

iarrataí ar fhiosrúcháin a bheidh faighte ag an údarás iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(iv)

iarrataí ar fhógra a bheidh faighte ag an údarás iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(v)

iarrataí ar fhaireachas trasteorann a údarú nó ar bhreathnóireacht a chur de chúram ar oifigigh an Bhallstáit ar ar a chríoch a dhéantar an bhreathnóireacht, a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag údarás atá ainmnithe ag Ballstát iarrtha a bhfuil an chumhacht aige an t‐údarú iarrtha a dheonú nó an iarraidh a chur ar aghaidh;

(vi)

faireachas trasteorann a dhéantar gan réamhúdarú, i gcomhréir le hAirteagal 40(2) de Choinbhinsiún Cur Chun Feidhme Schengen i gcás inar thosaigh an faireachas sin roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(vii)

iarrataí ar sheachadadh rialaithe a bheidh faighte ag an údarás iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(viii)

iarrataí ar imscrúduithe folaitheacha a údarú a bheidh faighte ag an údarás iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(ix)

foirne comhpháirteacha um imscrúdú a bhunaítear de bhun Airteagal 24 den Choinbhinsiún sin, roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(c)

Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (64), beidh feidhm aige maidir le hiarrataí a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag an Aonad um Fhaisnéis Airgeadais iarrtha;

(d)

Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (65), beidh feidhm aige maidir le hiarrataí a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag an údarás forfheidhmithe dlí inniúil iarrtha;

(e)

Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle (66), beidh feidhm aige maidir leis an malartú faisnéise forlíontaí i gcás ina mbeidh, roimh dheireadh na hidirthréimhse, amas ar fholáireamh arna eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen, ar choinníoll go mbeidh feidhm ag a chuid forálacha maidir leis an Ríocht Aontaithe ar an lá deireanach den idirthréimhse. De mhaolú ar Airteagal 8 den Chomhaontú seo, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal an Bonneagar Cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Chinneadh 2007/533/CGB a úsáid, ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí ag deireadh na hidirthréimhse agus a mhéid is gá sin chun críocha faisnéis fhorlíontach den sórt sin a mhalartú. Maidir leis na costais iarbhír arna dtabhú ag an Aontas de thoradh úsáid an Bhonneagair Cumarsáide a éascú don Ríocht Aontaithe, is costais iad a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe a chúiteamh leis an Aontas. Cuirfidh an tAontas méid na gcostas sin in iúl don Ríocht Aontaithe faoin 31 Márta 2021. I gcás ina mbeidh difríocht mhór ann idir an méid a chuirtear in iúl de na costais iarbhír arna dtabhú agus na meastacháin ba chruinne a chuir an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe roimh shíniú an Chomhaontaithe seo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe méid na meastachán ba chruinne leis an Aontas gan moill a dhéanamh, agus cinnfidh an Comhchoiste an chaoi a láimhseálfar an difríocht idir na costais iarbhír arna dtabhú agus méid na meastachán ba chruinne.

(f)

Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle (67), beidh feidhm aige maidir le hiarrataí a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag Oifig um Aisghabháil Sócmhainní;

(g)

Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68), beidh feidhm aici maidir le hiarrataí a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse ag an aonad faisnéise faoi phaisinéirí i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 10 den Treoir sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 8, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) a úsáid, ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin tar éis dheireadh na hidirthréimhse a mhéid is gá sin chun na nósanna imeachta a bheidh ar siúl dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (f) agus (g) de mhír 1 den Airteagal seo a thabhairt i gcrích. Na costais iarbhír arna dtabhú ag an Aontas de thoradh úsáid SIENA a éascú don Ríocht Aontaithe, is costais iad a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe a chúiteamh leis an Aontas. Cuirfidh an tAontas méid na gcostas sin in iúl don Ríocht Aontaithe faoin 31 Márta 2021. I gcás ina mbeidh difríocht mhór ann idir an méid a chuirtear in iúl de na costais iarbhír arna dtabhú agus na meastacháin ba chruinne a chuir an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe roimh shíniú an Chomhaontaithe seo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe méid na meastachán ba chruinne leis an Aontas gan moill a dhéanamh, agus cinnfidh an Comhchoiste an chaoi a mbeidh an difríocht idir na costais iarbhír arna dtabhú agus méid na meastachán ba chruinne le láimhseáil.

Airteagal 64

Dearbhú fála nó gabhála

1.   Féadfaidh an t‐údarás inniúil eisiúna nó iarrthach a iarraidh go n‐admhófar go bhfuarthas cinneadh nó iarraidh bhreithiúnach dá dtagraítear i bpointí (a), (c) go (e), (f)(i) agus (h) go (l) d’Airteagal 62(1) agus pointí (a)(i) agus (ii), pointí (b)(i) go (v) agus (vii), (viii) agus (ix), agus pointí (c), (d), (f) agus (g) d’Airteagal 63(1) laistigh de 10 lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcás ina mbeidh amhras air an bhfuair an t‐údarás forghníomhaitheach nó iarrtha an cinneadh nó an iarraidh bhreithiúnach sin roimh dheireadh na hidirthréimhse.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 62(1), i gcás ina mbeidh amhras ar an údarás inniúil eisiúna ar gabhadh an duine iarrtha de bhun Airteagal 11 de Chinneadh Réime 2002/584/CGB roimh dheireadh na hidirthréimhse, féadfaidh sé dearbhú na gabhála a iarraidh ar an údarás inniúil forghníomhaitheach breithiúnach laistigh de 10 lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

3.   Mura soláthrófar dearbhú de bhun na bhforálacha is infheidhme de dhlí an Aontais, tabharfaidh an t‐údarás forghníomhaitheach nó iarrtha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 freagra ar iarraidh ar an dearbhú fála nó gabhála laistigh de 10 lá tar éis dó an iarraidh a fháil.

Airteagal 65

Gníomhartha eile de chuid an Aontais is infheidhme

Beidh feidhm ag Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (69) agus ag Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (70) maidir leis na himeachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 62(1) den Chomhaontú seo.

TEIDEAL VI

COMHAR BREITHIÚNACH LEANÚNACH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS THRÁCHTÁLA

Airteagal 66

An dlí is infheidhme maidir le hábhair chonarthacha agus neamhchonarthacha

Sa Ríocht Aontaithe, beidh feidhm mar a leanas ag na gníomhartha seo a leanas:

(a)

Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (71), beidh feidhm aige maidir le conarthaí a tugadh i gcrích roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(b)

Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (72), beidh feidhm aige maidir le teagmhais as a n‐éireoidh damáiste, i gcás inar tharla na teagmhais sin roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Airteagal 67

Dlínse, aithint agus forfheidhmiú cinntí breithiúnacha, agus comhar ábhartha idir údaráis lárnacha

1.   Sa Ríocht Aontaithe, agus sna Ballstáit i gcásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, beidh feidhm ag na gníomhartha nó na forálacha seo a leanas maidir le himeachtaí dlíthiúla a tionscnaíodh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus maidir le himeachtaí nó gníomhaíochtaí a bhaineann leis na himeachtaí dlíthiúla sin de bhun Airteagal 29, Airteagal 30 agus Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (73), Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 nó Airteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle (74):

(a)

na forálacha maidir le dlínse i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012;

(b)

na forálacha maidir le dlínse i Rialachán (AE) 2017/1001, Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (75) agus Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (76);

(c)

na forálacha maidir le dlínse i Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003;

(d)

na forálacha maidir le dlínse i Rialachán (CE) Uimh. 4/2009.

2.   Sa Ríocht Aontaithe, agus sna Ballstáit i gcásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, beidh feidhm mar a leanas ag na gníomhartha agus na forálacha seo a leanas maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas, cinntí, ionstraimí barántúla, socraíochtaí cúirte agus comhaontuithe:

(a)

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, beidh feidhm aige maidir le haithint agus le forfheidhmiú breithiúnas a bheidh tugtha in imeachtaí dlíthiúla a bheidh tionscanta roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus maidir le hionstraimí barántúla a bheidh dréachtaithe nó cláraithe go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte a bheidh formheasta nó tugtha i gcrích roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(b)

na forálacha maidir le haithint agus forfheidhmiú i Rialachán (AE) Uimh. 2201/2003, beidh feidhm acu maidir le breithiúnais a bheidh tugtha in imeachtaí dlíthiúla a bheidh tionscanta roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus maidir le doiciméid a bheidh dréachtaithe nó cláraithe go foirmiúil mar ionstraimí barántúla, agus maidir le comhaontuithe a bheidh tugtha i gcrích roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(c)

na forálacha maidir le haithint agus forfheidhmiú i Rialachán (AE) Uimh. 4/2009, beidh feidhm acu maidir le cinntí a bheidh tugtha in imeachtaí dlíthiúla a bheidh tionscanta roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus maidir le socraíochtaí cúirte a bheidh formheasta nó tugtha i gcrích, agus maidir le hionstraimí barántúla a bheidh bunaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(d)

Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (77), beidh feidhm aige maidir le breithiúnais a bheidh tugtha in imeachtaí dlíthiúla a bheidh tionscanta roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus maidir le socraíochtaí cúirte a bheidh formheasta nó tugtha i gcrích, agus maidir le hionstraimí barántúla a bheidh dréachtaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse, ar choinníoll go mbeidh an t‐iarratas ar dheimhniúchán mar Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach curtha isteach roimh dheireadh na hidirthréimhse.

3.   Sa Ríocht Aontaithe, agus sna Ballstáit i gcásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, beidh feidhm mar a leanas ag na forálacha seo a leanas:

(a)

Caibidil IV de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003, beidh feidhm aici maidir le hiarrataí agus iarratais a bheidh faighte ag an údarás lárnach nó ag údarás inniúil eile de chuid an Stáit iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(b)

Caibidil VII de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009, beidh feidhm aici maidir le hiarratais ar aithint nó ar fhorfheidhmiú dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo agus maidir le hiarrataí a bheidh faighte ag an údarás lárnach an Stáit iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(c)

Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (78), beidh feidhm aige maidir le himeachtaí dócmhainneachta, agus maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go mbeidh na príomhimeachtaí tionscanta roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(d)

Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (79), beidh feidhm aige maidir le horduithe íocaíochta Eorpacha a mbeidh iarratais déanta ina leith roimh dheireadh na hidirthréimhse; más rud é, tar éis iarratas den sórt sin, go n‐aistreofar imeachtaí de réir Airteagal 17(1) den Rialachán sin, measfar na himeachtaí a bheith tionscanta roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(e)

Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (80), beidh feidhm aige maidir le nósanna imeachta um éilimh bheaga a mbeidh an t‐iarratas déanta ina leith déanta roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(f)

Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (81), beidh feidhm aige maidir le deimhnithe a bheidh eisithe roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Airteagal 68

Nósanna imeachta maidir le comhar breithiúnach a bheidh ar siúl

Sa Ríocht Aontaithe agus sna Ballstáit i gcásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, beidh feidhm mar a leanas ag na gníomhartha seo a leanas:

(a)

Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (82), beidh feidhm aige maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a fuair ceann acu seo a leanas chun críocha seirbheála roimh dheireadh na hidirthréimhse:

(i)

gníomhaireacht fála;

(ii)

comhlacht lárnach de chuid an Stáit ina ndéanfar an tseirbheáil; nó

(iii)

gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha, seirbhísí postála nó oifigigh bhreithiúnacha, oifigigh nó daoine inniúla eile de chuid an Stáit a ndírítear air, dá dtagraítear in Airteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán sin;

(b)

Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle (83), beidh feidhm aige maidir le hiarrataí a fuair ceann acu seo a leanas roimh dheireadh na hidirthréimhse:

(i)

cúirt iarrtha;

(ii)

comhlacht lárnach de chuid an Stáit inar iarradh fianaise a ghlacadh; nó

(iii)

comhlacht lárnach nó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán sin;

(c)

Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle (84), beidh feidhm aige maidir le hiarrataí a bheidh faighte roimh dheireadh na hidirthréimhse; féadfaidh an pointe teagmhála iarrthach admháil fála a iarraidh laistigh de sheacht lá ó dheireadh na hidirthréimhse i gcás ina mbeidh amhras air an bhfuarthas an iarraidh roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Airteagal 69

Forálacha eile is infheidhme

1.   Sa Ríocht Aontaithe agus sna Ballstáit i gcásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, beidh feidhm mar a leanas ag na gníomhartha seo a leanas:

(a)

Treoir 2003/8/CE ón gComhairle (85), beidh feidhm aici maidir le hiarratais ar chúnamh dlí a bheidh faighte ag an údarás fála roimh dheireadh na hidirthréimhse. Féadfaidh an t‐údarás iarrthach admháil fála a iarraidh laistigh de sheacht lá ó dheireadh na hidirthréimhse i gcás ina mbeidh amhras air an bhfuarthas an iarraidh roimh an dáta sin;

(b)

Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (86), beidh feidhm aici sna cásanna seo a leanas, más rud é go dtarlóidh siad roimh dheireadh na hidirthréimhse:

(i)

i gcás ina gcomhaontóidh na páirtithe ar leas a bhaint as idirghabháil tar éis don díospóid teacht chun cinn;

(ii)

i gcás ina mbeidh idirghabháil ordaithe ag an gcúirt; nó

(iii)

i gcás ina mbeidh cuireadh tugtha ag an gcúirt do na páirtithe leas a bhaint as idirghabháil;

(c)

Treoir 2004/80/CE ón gComhairle (87), beidh feidhm aici maidir le hiarratais a bheidh faighte ag an údarás breithiúnach roimh dheireadh na hidirthréimhse.

2.   Pointe (a) de mhír 1 agus pointe (a) de mhír 2 d’Airteagal 67 den Chomhaontú seo, beidh feidhm acu sin freisin maidir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 de réir mar is infheidhme de bhua an chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (88).

3.   Pointe (a) d’Airteagal 68 den Chomhaontú seo, beidh feidhm aige freisin maidir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 de réir mar is infheidhme de bhua an chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil in ábhair shibhialta agus thráchtála (89).

TEIDEAL VII

SONRAÍ AGUS FAISNÉIS A PRÓISEÁLADH NÓ A FUARTHAS ROIMH DHEIREADH NA hIDIRTHRÉIMHSE, NÓ AR BHONN AN CHOMHAONTAITHE SEO

Airteagal 70

Sainmhíniú

Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn “dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta”:

(a)

Rialachán (AE) 2016/679, cé is moite de Chaibidil VII de;

(b)

Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (90);

(c)

Treoir 2002/58/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (91);

(d)

agus aon fhorálacha eile de dhlí an Aontais lena rialaítear cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 71

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta sa Ríocht Aontaithe i dtaca le sonraí pearsanta ábhar sonraí lasmuigh den Ríocht Aontaithe a phróiseáil, ar choinníoll:

(a)

gur próiseáladh na sonraí pearsanta faoi dhlí an Aontais sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse; nó

(b)

go bpróiseálfar na sonraí pearsanta sa Ríocht Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse ar bhonn an Chomhaontaithe seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 a mhéid atá próiseáil na sonraí pearsanta dá dtagraítear inti faoi réir leibhéal leordhóthanach cosanta mar a bhunaítear i gcinntí is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 36(3) de Threoir (AE) 2016/680.

3.   A mhéid ar scoir cinneadh dá dtagraítear i mír 2 de bheith infheidhme, áiritheoidh an Ríocht Aontaithe leibhéal cosanta do shonraí pearsanta arb ionann é go bunúsach agus an leibhéal cosanta faoi dhlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta atá ann i dtaca le sonraí pearsanta ábhar sonraí a phróiseáil dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 72

Cóireáil rúnda agus úsáid shrianta sonraí agus faisnéise sa Ríocht Aontaithe

Gan dochar d’Airteagal 71, sa bhreis ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, beidh feidhm ag na forálacha i ndlí an Aontais i dtaca le cóireáil rúnda, srian ar úsáid, teorainn stórála agus an ceanglas sonraí a léirscriosadh, maidir le sonraí agus faisnéis a bheidh faighte ag údaráis nó ag comhlachtaí oifigiúla de chuid na Ríochta Aontaithe nó istigh inti nó ag eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/25/SE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (92), ar de chuid na Ríochta Aontaithe iad nó atá sa Ríocht Aontaithe:

(a)

roimh dheireadh na hidirthréimhse; nó

(b)

ar bhonn an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 73

Cóireáil sonraí agus faisnéise a fhaightear ón Ríocht Aontaithe

Ní chaithfidh an tAontas le sonraí ná le faisnéis a fhaightear ón Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse, nó a fhaightear tar éis dheireadh na hidirthréimhse ar bhonn an Chomhaontaithe seo, ar bhealach éagsúil leis na sonraí agus an fhaisnéis a fhaightear ó Bhallstát, gan d’fhoras leis acu gur tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas.

Airteagal 74

Slándáil faisnéise

1.   Na forálacha i ndlí an Aontais i dtaca le faisnéis rúnaicmithe an Aontais agus faisnéis rúnaicmithe Euratom a chosaint, beidh feidhm acu maidir leis an bhfaisnéis rúnaicmithe a gheobhaidh an Ríocht Aontaithe nó a gheobhaidh an tAontas nó Ballstát ón Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse nó ar bhonn an Chomhaontaithe seo nó a gheobhaidh an tAontas nó Ballstát ón Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse nó ar bhonn an Chomhaontaithe seo.

2.   Na hoibleagáidí a eascraíonn ó dhlí an Aontais i dtaca le slándáil thionsclaíoch, beidh feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe i gcásanna inar seoladh an nós imeachta tairisceana, an nós imeachta conarthach nó an nós imeachta um dhámhachtain deontas le haghaidh an chonartha rúnaicmithe, an fhochonartha rúnaicmithe nó an chomhaontaithe deontas rúnaicmithe roimh dheireadh na hidirthréimhse.

3.   Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe nach n‐aistreofar chuig tríú tír táirgí cripteagrafacha a úsáideann algartaim chripteagrafacha rúnaicmithe a forbraíodh faoi rialú Údarás um Fhormheas Cripteagrafach Ballstáit nó d na Ríochta Aontaithe, agus ar mheas agus ar fhormheas an tÚdarás um Fhormheas Cripteagrafach sin iad, atá formheasta ag an Aontas faoi dheireadh na hidirthréimhse agus atá sa Ríocht Aontaithe.

4.   Beidh feidhm maidir leis na táirgí sin ag aon cheanglas, aon teorainn agus aon choinníoll a leagtar amach i bhformheas an Aontais ar tháirgí cripteagrafacha.

TEIDEAL VIII

NÓSANNA IMEACHTA SOLÁTHAIR PHOIBLÍ AGUS NÓSANNA IMEACHTA COMHCHOSÚLA ATÁ AR SIÚL

Airteagal 75

Sainmhíniú

Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn “rialacha ábhartha” prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais is infheidhme maidir le dámhachtain conarthaí poiblí, Treoracha 2009/81/CE (93), 2014/23/AE (94), 2014/24/AE (95) agus 2014/25/AE (96) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 (97) agus Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 (98) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle (99), Airteagal 11 agus Airteagal 12 de Threoir 96/67/CE ón gComhairle (100), Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (101), Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (102), agus aon fhorálacha sonracha eile i ndlí an Aontais lena rialaítear nósanna imeachta um sholáthar poiblí.

Airteagal 76

Rialacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta leanúnacha

1.   Beidh feidhm ag na rialacha ábhartha:

(a)

gan dochar do phointe (b), maidir le nósanna imeachta arna seoladh ag údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha ó na Ballstáit nó ón Ríocht Aontaithe faoi na rialacha sin roimh dheireadh na hidirthréimhse agus nach bhfuil críochnaithe fós ar lá deiridh na hidirthréimhse, lena n‐áirítear nósanna imeachta a úsáideann córais dhinimiciúla ceannaigh chomh maith le nósanna imeachta a bhfuil an glao ar iomaíocht i bhfoirm fógra réamhfhaisnéise nó fógra táscach tréimhsiúil nó fógra maidir le córas cáilíochta; agus

(b)

maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29(2), (3) agus (4) de Threoir 2009/81/CE, Airteagal 33(2) go (5) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 51(2) de Threoir 2014/25/AE a bhaineann le feidhmiú na gcreat‐chomhaontuithe seo a leanas arna dtabhairt i gcrích ag údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha ó na Ballstáit nó ón Ríocht Aontaithe, lena n‐áirítear dámhachtain conarthaí bunaithe ar na creat‐chomhaontuithe sin:

(i)

creat‐chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích roimh dheireadh na hidirthréimhse agus nach ndeachaigh in éag ná nár foirceannadh ar lá deiridh na hidirthréimhse; nó

(ii)

creat‐chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le nós imeachta a thagann faoi réim phointe (a) den mhír seo.

2.   Gan dochar d’aon srian a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais, comhlíonfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha prionsabal an neamh‐idirdhealaithe maidir le tairgeoirí nó, de réir mar is infheidhme, daoine atá i dteideal, ar bhealach eile, iarratais a thíolacadh, ó na Ballstáit agus ón Ríocht Aontaithe maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1.

3.   Measfar nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 a bheith seolta nuair a bheidh glao ar iomaíocht nó aon chuireadh eile iarratais a thíolacadh déanta i gcomhréir leis na rialacha ábhartha. I gcás ina gceadaíonn na rialacha ábhartha nósanna imeachta a úsáid nach gá, dá réir, glao ar iomaíocht nó cuirí eile a úsáid chun iarratais a thíolacadh, measfar an nós imeachta a bheith seolta tar éis don údarás conarthach nó don eintiteas conarthach teagmháil a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha maidir leis an nós imeachta sonrach.

4.   Measfar go bhfuil nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcrích:

(a)

ar fhógra dámhachtana conartha a fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha ábhartha nó, i gcás nach gceanglaítear leis na rialacha sin fógra dámhachtana conartha a fhoilsiú, ar an gconradh iomchuí a thabhairt i gcrích; nó

(b)

ar na cúiseanna nach ndearnadh an conradh a dhámhachtain a chur in iúl do thairgeoirí nó do dhaoine atá i dteideal, ar shlí eile, iarratais a thíolacadh, de réir mar a bheidh, má chinn an t‐údarás conarthach nó an t‐eintiteas conarthach gan conradh a dhámhachtain.

5.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do rialacha an Aontais ná do rialacha na Ríochta Aontaithe maidir le custam, gluaiseacht earraí, seirbhísí a sholáthar, cáilíochtaí gairmiúla a aithint nó maoin intleachtúil.

Airteagal 77

Nósanna imeachta athbhreithnithe

Beidh feidhm ag Treoir 89/665/CEE (103) agus Treoir 92/13/CEE (104) ón gComhairle maidir leis na nósanna imeachta um sholáthar poiblí dá dtagraítear in Airteagal 76 den Chomhaontú seo a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha sin.

Airteagal 78

Comhar

De mhaolú ar Airteagal 8 den Chomhaontú seo, beidh feidhm ag Airteagal 61(2) de Threoir 2014/24/AE ar feadh tréimhse nach faide ná naoi mí ó dheireadh na hidirthréimhse i leith na nósanna imeachta faoin Treoir sin a sheol údaráis chonarthacha ón Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse agus nár tugadh chun críche fós ar an lá deiridh den idirthréimhse.

TEIDEAL IX

SAINCHEISTEANNA A BHAINEANN LE EURATOM

Airteagal 79

Sainmhínithe

Chun críocha an Teidil seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(a)

ciallaíonn “an Comhphobal” an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;

(b)

ciallaíonn “coimircí” gníomhaíochtaí chun a fhíorú nach ndéantar ábhar agus trealamh núicléach a atreorú ón úsáid atá beartaithe dóibh mar a dhearbhaigh na húsáideoirí agus na gníomhaíochtaí chun a fhíorú go ndéantar oibleagáidí idirnáisiúnta dlíthiúla chun ábhar agus trealamh núicléach a úsáid chun críocha síochánta a urramú;

(c)

ciallaíonn “ábhair inscoilte speisialta” ábhair inscoilte speisialta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 197 de Chonradh Euratom;

(d)

ciallaíonn “mianta” mianta mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 197 de Chonradh Euratom;

(e)

ciallaíonn “bunábhair” bunábhair mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 197 de Chonradh Euratom;

(f)

ciallaíonn “ábhar núicléach” mianta, bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta;

(g)

ciallaíonn “breosla spíonta” agus “dramhaíl radaighníomhach” breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach mar a shainmhínítear i bpointe (7) agus pointe (11) d’Airteagal 3 de Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (105).

Airteagal 80

Deireadh le freagracht an Chomhphobail maidir le hábhair a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe

1.   Beidh an fhreagracht iomlán ar an Ríocht Aontaithe as a áirithiú go ndéanfar na mianta, na bunábhair agus na hábhair inscoilte speisialta ar fad atá cumhdaithe le Conradh Euratom agus atá i láthair ar chríoch na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse a láimhseáil i gcomhréir leis na conarthaí agus na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme, lena n‐áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí, neamhleathadh agus cosaint fhisiciúil ábhar núicléach, agus conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht i mbainistiú breosla spíonta agus i mbainistiú dramhaíola radaighníomhaí.

2.   Beidh an Ríocht Aontaithe freagrach go hiomlán as a áirithiú go gcomhlíonfaidh sí na hoibleagáidí idirnáisiúnta a eascraíonn mar thoradh ar bheith ina comhalta sa Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach nó de dhroim an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach nó aon chonarthaí nó coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha eile inar páirtí an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 81

Coimircí

Cuirfidh an Ríocht Aontaithe córas coimircí chun feidhme. Cuirfidh an réimeas coimircí sin córas i bhfeidhm a thairgeann éifeachtúlacht agus cumhdach comhionann mar a sholáthraíonn an Comhphobal i gcríoch na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an gComhaontú idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach maidir le Cur I bhFeidhm Coimircí i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann Maidir leis an gConradh ar Neamhleathadh Arm Núicléach [INFCIRC/263], arna leasú.

Airteagal 82

Oibleagáidí sonracha faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta

Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go gcomhlíonfar aon oibleagáidí sonracha faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le haon trealamh núicléach, aon ábhar núicléach, nó aon mhíreanna núicléacha eile atá i láthair ar chríoch na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, nó socruithe iomchuí a shainaithint ar shlí eile i gcomhaontú leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann.

Airteagal 83

Úinéireacht agus cearta úsáide agus tomhaltais ábhar inscoilte speisialta sa Ríocht Aontaithe

1.   Maidir le hábhair inscoilte speisialta ar chríoch na Ríochta Aontaithe a mbeidh feidhm ag Airteagal 86 de Chonradh Euratom ina leith go deireadh na hidirthréimhse, scoirfidh siad de bheith i seilbh an Chomhphobail ag deireadh na hidirthréimhse.

2.   Beidh na hábhair inscoilte speisialta dá dtagraítear i mír 1 i seilbh na ndaoine nó na ngnóthas a raibh ceart úsáide agus tomhaltais neamhtheoranta na n‐ábhar sin acu ag deireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 87 de Chonradh Euratom.

3.   I gcás ina mbeidh ceart úsáide agus tomhaltais ábhar inscoilte speisialta dá dtagraítear i mír 2 (“ábhair lena mbaineann”) ag Ballstát, nó ag daoine nó gnóthais atá bunaithe ar chríoch Bhallstáit, chun sláine an bheartais comhsholáthair a bunaíodh faoi Chaibidil 6 de Theideal II de Chonradh Euratom agus den chómhargadh núicléach a bunaíodh faoi Chaibidil 9 den Teideal sin a chosaint, lena n‐áirítear maidir le leibhéal na gcoimircí is infheidhme maidir leis na hábhair lena mbaineann, beidh feidhm ag na nithe a leanas:

(a)

ag féachaint d’Airteagal 5 den Chomhaontú seo, beidh an ceart ag an gComhphobal a cheangal go dtaiscfear na hábhair lena mbaineann leis an nGníomhaireacht arna bunú faoi phointe (b) d’Airteagal 52(2) de Chonradh Euratom nó i stórais eile atá á maoirsiú ag an gCoimisiún Eorpach nó ar féidir leis an gCoimisiún Eorpach iad a mhaoirsiú;

(b)

beidh an ceart ag an gComhphobal conarthaí a thabhairt i gcrích a bhaineann le soláthar na n‐ábhar lena mbaineann d’aon duine nó d’aon ghnóthas a bunaíodh i gcríoch na Ríochta Aontaithe nó i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 52(2) de Chonradh Euratom;

(c)

beidh feidhm ag Airteagal 20 de Rialachán (Euratom) Uimh. 302/2005 ón gCoimisiún (106), cé is moite de phointe (b) agus de phointe (c) de mhír 1, maidir leis na hábhair lena mbaineann;

(d)

is iad údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil an duine nó an gnóthas a bhfuil an ceart aige na hábhair lena mbaineann a úsáid agus a thomhailt bunaithe ann a údaróidh onnmhairiú na n‐earraí lena mbaineann chuig tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (107);

(e)

maidir leis na hábhair lena mbaineann, beidh an ceart ag an gComhphobal aon chearta eile a fheidhmiú a eascraíonn, faoi Chonradh Euratom, ó úinéireacht de bhun Airteagal 86 den Chonradh sin.

4.   Na Ballstáit, na daoine nó na gnóthais a bhfuil ceart neamhtheoranta úsáide agus tomhaltais ábhar inscoilte speisialta atá i láthair ar chríoch na Ríochta Aontaithe acu ag deireadh na hidirthréimhse, coimeádfaidh siad an ceart sin.

Airteagal 84

Trealamh agus maoin eile a bhaineann le coimircí a sholáthar

1.   Beidh an Ríocht Aontaithe ina húinéir ar threalamh an Chomhphobail agus maoin eile a bhaineann le coimircí a sholáthar faoi Chonradh Euratom atá suite sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe luach an trealaimh sin agus na maoine eile a aisíoc leis an Aontas, agus beidh a ríomh bunaithe ar an luach a shanntar don trealamh sin agus do mhaoin eile sna cuntais chomhdhlúite don bhliain 2020.

2.   Glacfaidh an Ríocht Aontaithe gach ceann de chearta, dliteanais agus oibleagáidí an Chomhphobail a bhaineann leis an trealamh agus leis an maoin eile dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 85

Breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach

Beidh feidhm ag Airteagal 4(1) agus (2) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 4(4) de Threoir 2011/70/Euratom maidir le freagracht deiridh na Ríochta Aontaithe as breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a gineadh sa Ríocht Aontaithe agus atá i láthair ar chríoch Bhallstáit ag deireadh na hidirthréimhse.

TEIDEAL X

NÓSANNA IMEACHTA BREITHIÚNACHA AGUS RIARACHÁIN AN AONTAIS

Caibidil 1

NÓSANNA IMEACHTA BREITHIÚNACHA

Airteagal 86

Cásanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh atá ar feitheamh

1.   Leanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de dhlínse a bheith aici in aon imeachtaí arna dtionscnamh ag an Ríocht Aontaithe nó i gcoinne na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse. Beidh feidhm ag an dlínse sin maidir le gach céim de na himeachtaí, lena n‐áirítear imeachtaí achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais agus imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta má tharchuirtear an cás ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta.

2.   Leanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de dhlínse a bheith aici réamhrialuithe a thabhairt ar iarrataí ó chúirteanna agus ó bhinsí de chuid na Ríochta Aontaithe a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse.

3.   Chun críocha na Caibidle seo, measfar imeachtaí a bheith tugtha os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus iarrataí ar réamhrialuithe a bheith déanta, an tráth a bheidh an doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí cláraithe ag clárlann na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, de réir mar a bheidh.

Airteagal 87

Cásanna nua os comhair na Cúirte Breithiúnais

1.   Má mheasann an Coimisiún Eorpach gur mhainnigh an Ríocht Aontaithe oibleagáid a chomhlíonadh faoi na Conarthaí nó faoi Chuid a Ceathair den Chomhaontú seo roimh dheireadh na hidirthréimhse, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, laistigh de 4 bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse, an t‐ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 258 CFAE nó leis an dara fomhír d’Airteagal 108(2) CFAE, de réir mar a bheidh. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i leith na gcásanna sin.

2.   I gcás nach gcomhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 95(1) den Chomhaontú seo, nó ina mainneoidh sí éifeacht dhlíthiúil a thabhairt i ndlíchóras na Ríochta Aontaithe do chinneadh, dá dtagraítear san fhoráil sin, a díríodh chuig duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina chónaí nó atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, laistigh de 4 bliana ó dháta an chinnidh lena mbaineann, an t‐ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 258 CFAE nó leis an dara fomhír d’Airteagal 108(2) CFAE, de réir mar a bheidh. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i leith na gcásanna sin.

3.   Trína chinneadh ábhair a thionscnamh faoin Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún Eorpach na prionsabail chéanna agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le Ballstát a chur i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 88

Rialacha nós imeachta

Na forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear an nós imeachta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, beidh feidhm acu maidir leis na himeachtaí agus na hiarrataí ar réamhrialuithe dá dtagraítear sa Teideal seo.

Airteagal 89

Brí cheangailteach breithiúnas agus orduithe agus iad a bheith inchurtha i bhfeidhm

1.   Breithiúnais agus orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar roimh dheireadh na hidirthréimhse, chomh maith leis na breithiúnais agus na horduithe sin a thugtar tar éis dheireadh na hidirthréimhse, sna himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 86 agus Airteagal 87, beidh brí cheangailteach acu ina n‐iomláine maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.

2.   Más rud é, i mbreithiúnas dá dtagraítear i mír 1, go suífidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur mhainnigh an Ríocht Aontaithe oibleagáid faoi na Conarthaí nó faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ríocht Aontaithe na bearta is gá chun an breithiúnas sin a chomhlíonadh.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 280 agus Airteagal 299 CFAE sa Ríocht Aontaithe maidir le forfheidhmiú na mbreithiúnas agus na n‐orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 90

An ceart idirghabháil a dhéanamh agus páirt a ghlacadh sa nós imeachta

Go dtí gur breithiúnais chríochnaitheacha agus orduithe críochnaitheacha iad na breithiúnais agus na horduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ngach imeacht agus i ngach iarraidh ar réamhrialú dá dtagraítear in Airteagal 86, féadfaidh an Ríocht Aontaithe idirghabháil a dhéanamh ar an gcaoi chéanna le Ballstát nó, i gcásanna a thionscnaítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, páirt a ghlacadh sa nós imeachta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an gcaoi chéanna agus a nglacann Ballstát páirt ann. Le linn na tréimhse sin, tabharfaidh Cláraitheoir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh fógra don Ríocht Aontaithe, an tráth céanna agus ar an gcaoi chéanna a thabharfar fógra do na Ballstáit, faoi aon chás a bheidh tarchurtha ag cúirt nó binse de chuid Ballstáit chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le réamhrialú a fháil.

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe idirghabháil a dhéanamh ar an gcaoi chéanna le Ballstát nó páirt a ghlacadh sa nós imeachta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an gcaoi chéanna agus a nglacann Ballstát páirt ann:

(a)

maidir le cásanna a bhaineann le mainneachtain oibleagáidí faoi na Conarthaí a chomhlíonadh, i gcás ina raibh an Ríocht Aontaithe faoi réir na n‐oibleagáidí céanna roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus i gcás inar tugadh na cásanna sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 258 CFAE roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(1) nó, de réir mar a bheidh, go dtí an tráth, nó tar éis dheireadh na tréimhse sin, a ndearnadh breithiúnas nó ordú críochnaitheach ar bhonn Airteagal 87(1) den bhreithiúnas nó den ordú deiridh a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(b)

maidir le cásanna a bhaineann le gníomhartha nó forálacha de dhlí an Aontais is infheidhme roimh dheireadh na hidirthréimhse maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe agus a tugadh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(1) nó, de réir mar a bheidh, go dtí an tráth, nó tar éis dheireadh na tréimhse sin, a ndearnadh breithiúnas nó ordú críochnaitheach ar bhonn Airteagal 87(1) den bhreithiúnas nó den ordú deiridh a thug an Chúirt Bhreithiúnais; agus

(c)

maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 95(3).

Airteagal 91

Ionadaíocht os comhair na Cúirte

1.   Gan dochar d’Airteagal 88, más rud é, roimh dheireadh na hidirthréimhse, go ndearna dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na Ríochta Aontaithe ionadaíocht ar pháirtí, nó más rud é gur thug sé cúnamh do pháirtí, in imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó maidir le hiarrataí ar réamhrialuithe a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse, féadfaidh an dlíodóir sin leanúint de bheith ag déanamh ionadaíocht ar an bpáirtí sin, nó ag tabhairt cúnamh don pháirtí sin, sna himeachtaí sin nó maidir leis na hiarrataí sin. Beidh feidhm ag an gceart sin maidir le gach céim de na himeachtaí, lena n‐áirítear imeachtaí achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais agus imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta má tharchuirtear an cás ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta.

2.   Gan dochar d’Airteagal 88, féadfaidh dlíodóirí atá údaraithe chun cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na Ríochta Aontaithe ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtí, nó cúnamh a thabhairt do pháirtí, os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 87 agus Airteagal 95(3). Dlíodóirí atá údaraithe cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na Ríochta Aontaithe, féadfaidh siad ionadaíocht a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe, nó cúnamh a thabhairt di, in imeachtaí a chumhdaítear faoi Airteagal 90 ina bhfuil cinneadh déanta ag an Ríocht Aontaithe idirghabháil a dhéanamh nó páirt a ghlacadh sa nós imeachta.

3.   Le linn do dhlíodóirí atá údaraithe cleachtadh os comhair chúirteanna agus bhinsí na Ríochta Aontaithe ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtí, nó cúnamh a thabhairt do pháirtí, os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, caithfear leo i ngach slí mar dhlíodóirí atá údaraithe cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na mBallstát agus atá ag déanamh ionadaíocht ar pháirtí, nó atá ag tabhairt cúnamh do pháirtí, os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Caibidil 2

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Airteagal 92

Nósanna imeachta riaracháin atá ar siúl

1.   Leanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais de bheith inniúil maidir le nósanna imeachta riaracháin a tionscnaíodh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais a bheith á chomhlíonadh ag an Ríocht Aontaithe, nó ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe; nó

(b)

dlí an Aontais a bhaineann le hiomaíocht a bheith á chomhlíonadh sa Ríocht Aontaithe.

2.   Gan dochar do mhír 3, measfar, chun críocha na Caibidle seo, nós imeachta riaracháin a bheith tionscanta an tráth a bheidh sé cláraithe go foirmiúil le hinstitiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais.

3.   Chun críocha na Caibidle seo:

(a)

measfar nós imeachta riaracháin maidir le státchabhair arna rialú le Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (108) a bheith tionscanta an tráth a bheidh cásuimhir sannta don nós imeachta;

(b)

measfar imeachtaí maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE arna seoladh ag an gCoimisiún Eorpach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (109) a bheith tionscanta an tráth a bheidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún Eorpach imeachtaí a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún (110);

(c)

measfar imeachtaí maidir le rialú comhchruinnithe idir gnóthais arna rialú le Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (111) a bheith tionscanta an tráth:

(i)

a bheidh fógra faoi chomhchruinniú a bhfuil gné Aontais ag baint leis tugtha don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 1, Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(ii)

a bheidh an teorainn ama 15 lá oibre dá dtagraítear in Airteagal 4(5) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ídithe gan easaontas maidir leis an iarraidh an cás a tharchur chuig an gCoimisiún Eorpach a bheith curtha in iúl ag aon cheann de na Ballstáit atá inniúil ar an gcomhchruinniú a scrúdú faoina ndlí náisiúnta iomaíochta; nó

(iii)

a bheidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún Eorpach, nó a mheasfar cinneadh a bheith déanta aige, an comhchruinniú a scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(d)

a mheasfar imscrúdú de chuid an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí ar shárú líomhnaithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (112) nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (113) a bheith tionscanta an tráth a bheidh oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin ceaptha ag an Údarás sin i gcomhréir le hAirteagal 23e(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 nó Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

4.   Déanfaidh an tAontas liosta de na nósanna imeachta riaracháin uile atá ar siúl agus a thagann faoi raon feidhme mhír 1 a chur ar fáil don Ríocht Aontaithe laistigh de 3 mhí tar éis dheireadh na hidirthréimhse. De mhaolú ar an gcéad abairt, i gcás nósanna imeachta riaracháin atá ar siúl ag an Údarás Baincéireachta Eorpach, ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus ag an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, déanfaidh an tAontas liosta de na nósanna imeachta riaracháin sin a chur ar fáil don Ríocht Aontaithe laistigh d’aon mhí amháin tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

5.   I nós imeachta riaracháin maidir le státchabhair arna rialú le Rialachán (AE) 2015/1589, beidh an cásdlí agus na dea-chleachtais is infheidhme de cheangal ar an gCoimisiún Eorpach maidir leis an Ríocht Aontaithe, amhail is dá mba Bhallstát fós í an Ríocht Aontaithe. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach, go háirithe, laistigh de thréimhse ama réasúnach, ceann de na cinntí seo a leanas a ghlacadh:

(a)

cinneadh lena suitear nach cabhair de bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2015/1589 atá sa bheart;

(b)

cinneadh gan agóidí a dhéanamh de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2015/1589;

(c)

cinneadh imeachtaí foirmiúla imscrúdúcháin a thionscnamh de bhun Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2015/1589.

Airteagal 93

Nósanna imeachta nua maidir le státchabhair agus maidir leis an Oifig Eorpach Frith‐Chalaoise

1.   Maidir le cabhair a dheonaítear roimh dheireadh na hidirthréimhse, go ceann tréimhse ceithre bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse, beidh an Coimisiún Eorpach inniúil, a fhad a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, ar nósanna imeachta riaracháin nua a thionscnamh maidir le státchabhair arna rialú le Rialachán (AE) 2015/1589.

Leanfaidh an Coimisiún Eorpach de bheith inniúil tar dheireadh na tréimhse ceithre bliana maidir le nósanna imeachta a thionscnaítear roimh dheireadh na tréimhse sin.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 92(5) den Chomhaontú seo.

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoi aon imeachtaí nua riaracháin maidir le státchabhair a thionscnófar faoin gcéad fhomhír den mhír seo laistigh de 3 mhí ón imeacht sin a thionscnamh.

2.   Gan dochar d’Airteagal 136 agus d'Airteagal 138 den Chomhaontú seo, beidh an Oifig Eorpach Frith‐Chalaoise (OLAF) inniúil, ar feadh tréimhse ceithre bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse, ar imscrúduithe nua arna rialú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (114) a thionscnamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

fíorais a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse; nó

(b)

aon fhiachas custaim a tháinig chun cinn roimh dheireadh na hidirthréimhse de dhroim na nósanna imeachta maidir le hurscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 49(1) den Chomhaontú seo.

Leanfaidh OLAF de bheith inniúil tar éis dheireadh na tréimhse ceithre bliana ar nósanna imeachta a thionscnaítear roimh dheireadh na tréimhse sin.

Cuirfidh OLAF an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoi aon imscrúdú nua a thionscnófar faoin gcéad fhomhír den mhír seo laistigh de 3 mhí ón imscrúdú sin a thionscnamh.

Airteagal 94

Rialacha nós imeachta

1.   Maidir leis na forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear na cineálacha éagsúla nósanna imeachta riaracháin a chumhdaítear sa Chaibidil seo, beidh feidhm acu maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 92, Airteagal 93 agus Airteagal 96.

2.   Le linn do dhlíodóirí atá údaraithe cleachtadh os comhair chúirteanna agus bhinsí na Ríochta Aontaithe ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtí, nó cúnamh a thabhairt do pháirtí, maidir leis na nósanna imeachta riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 92 agus Airteagal 93, caithfear leo i ngach slí mar dhlíodóirí atá údaraithe cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na mBallstát agus atá ag déanamh ionadaíocht ar pháirtí, nó atá ag tabhairt cúnamh do pháirtí, maidir leis na nósanna imeachta riaracháin sin.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 128(5) a mhéid is gá, tar éis dheireadh na hidirthréimhse, maidir le nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 92 agus Airteagal 93.

Airteagal 95

Brí cheangailteach agus in‐fhorfheidhmitheacht cinntí

1.   Maidir le cinntí a ghlacann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse, nó a ghlactar tar éis dheireadh na hidirthréimhse sna nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 92 agus Airteagal 93, agus ina ndírítear ar an Ríocht Aontaithe nó ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, beidh siad ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.

2.   Mura gcomhaontaítear a mhalairt idir an Coimisiún Eorpach agus an t‐údarás iomaíochta náisiúnta a d’ainmnigh an Ríocht Aontaithe, leanfaidh an Coimisiún Eorpach de bheith inniúil ar fhaireachán a dhéanamh ar ghealltanais a tugadh nó leigheasanna a forchuireadh sa Ríocht Aontaithe, nó maidir leis an Ríocht Aontaithe, agus ar na gealltanais nó na leigheasanna sin a fhorfheidhmiú, maidir le haon imeachtaí a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE arna seoladh ag an gCoimisiún Eorpach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 nó le haon imeachtaí arna seoladh ag an gCoimisiún Eorpach faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú. Más rud é go gcomhaontaíonn an Coimisiún Eorpach agus an t‐údarás iomaíochta náisiúnta a d’ainmnigh an Ríocht Aontaithe amhlaidh, déanfaidh an Coimisiún Eorpach faireachán agus forfheidhmiú na ngealltanas nó na leigheasanna sin sa Ríocht Aontaithe a aistriú chuig an údarás iomaíochta náisiúnta a d’ainmnigh an Ríocht Aontaithe.

3.   Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a dhéanfaidh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE ar dhlíthiúlacht cinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 299 CFAE sa Ríocht Aontaithe maidir le forfheidhmiú na gcinntí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo lena bhforchuirtear oibleagáidí airgeadais ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe.

Airteagal 96

Nósanna imeachta agus oibleagáidí tuairiscithe eile atá ar siúl

1.   Scrúduithe teicniúla a rinne Oifig Scrúduithe na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 a bhí ar siúl ar an lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, leanfaidh na scrúduithe teicniúla sin ar aghaidh agus tabharfar i gcrích iad i gcomhréir leis an Rialachán sin.

2.   Airteagal 12(2a) agus (3) agus Airteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (115), beidh feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le gáis cheaptha teasa a astaítear le linn na bliana deiridh den idirthréimhse.

3.   Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (116) agus Airteagal 26 agus Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (117), beidh feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le sonraí a thuairisciú maidir leis an mbliain deiridh den idirthréimhse.

4.   Airteagal 8(1), (2), (3) agus (7) de Rialachán (CE) 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (118), agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, agus ag Airteagal 8(1), (2), (3), (8) agus (10) de Rialachán (AE) 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (119), agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, agus ag Airteagal 2 go hAirteagal 5, Airteagal 7 agus Airteagal 8(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1014/2010 ón gCoimisiún agus Airteagal 3 go hAirteagal 6 agus Airteagal 8 agus Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 293/2012 ón gCoimisiún (120), beidh feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le faireachán agus tuairisciú astaíochtaí ábhartha de charbón dé-ocsaíde feithicle le linn na bliana deiridh den idirthréimhse.

5.   Beidh feidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le gáis cheaptha teasa a astófar in 2019 agus 2020 ag Airteagail 5, 7, 9 agus 10, Airteagal 11(3), pointe (a) agus pointe (d) d’Airteagal 17(1), agus Airteagal 19, Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (121) agus ag Airteagal 3, Airteagal 7 agus Airteagal 11 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (122), agus beidh feidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún (123) go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an dara tréimhse gealltanais de chuid Phrótacal Kyoto.

6.   De mhaolú ar Airteagal 8 den Chomhaontú seo:

(a)

a mhéid is gá chun mír 2, mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo a chomhlíonadh, beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe agus ag oibreoirí sa Ríocht Aontaithe orthu seo a leanas:

(i)

clárlann an Aontais agus Clárlann na Ríochta Aontaithe maidir le Prótacal Kyoto a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 389/2013; agus

(ii)

stór Sonraí Lárnach na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1014/2010, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 293/2012 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún (124);

(b)

a mhéid is gá chun mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh, beidh rochtain ag gnóthais sa Ríocht Aontaithe orthu seo a leanas:

(i)

an uirlis tuairiscithe atá bunaithe ar an bhformáid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1191/2014 ón gCoimisiún (125) chun críocha gáis cheaptha teasa fhluairínithe a bhainistiú agus a thuairisciú; agus

(ii)

an Stór Sonraí Gnó arna úsáid ag gnóthais chun tuairisciú a dhéanamh faoi Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009.

Ar iarratas na Ríochta Aontaithe, ar feadh tréimhse dar críoch bliain amháin tar éis dheireadh na hidirthréimhse, cuirfidh an tAontas an fhaisnéis is gá ar fáil don Ríocht Aontaithe le go bhféadfaidh sí:

(a)

a hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh faoi Airteagal 7 de Phrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin; agus

(b)

pionóis a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 agus Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009.

Airteagal 97

Ionadaíocht in imeachtaí atá ar siúl os comhair Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Más rud é, roimh dheireadh na hidirthréimhse, i gcás duine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach os comhair Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, go raibh an duine sin ag déanamh ionadaíocht ar pháirtí i nós imeachta a tugadh os comhair na hOifige sin, féadfaidh an t‐ionadaí sin leanúint de bheith ag déanamh ionadaíocht ar an bpáirtí sin sa nós imeachta sin. Beidh feidhm ag an gceart seo maidir le gach céim den nós imeachta os comhair na hOifige sin.

Agus ionadaíocht á déanamh ar pháirtí os comhair Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh sna himeachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, caithfear le hionadaí den sórt sin i ngach slí mar ionadaí gairmiúil atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach os comhair Oifige Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le dlí an Aontais.

TEIDEAL XI

NÓSANNA IMEACHTA UM CHOMHAR RIARACHÁIN IDIR NA BALLSTÁIT AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE

Airteagal 98

Comhar riaracháin maidir le custam

1.   Maidir le nósanna imeachta um chomhar riaracháin idir Ballstát agus an Ríocht Aontaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus a seoladh i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse, tabharfaidh an Ballstát sin agus an Ríocht Aontaithe i gcrích iad i gcomhréir leis na forálacha ábhartha i ndlí an Aontais.

2.   Maidir le nósanna imeachta um chomhar riaracháin idir Ballstát agus an Ríocht Aontaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus a seoladh laistigh de 3 bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse ach a bhaineann le fíorais a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse, tabharfaidh an Ballstát sin agus an Ríocht Aontaithe i gcrích iad i gcomhréir leis na forálacha ábhartha i ndlí an Aontais.

Airteagal 99

Comhar riaracháin maidir le hábhair a bhaineann le cáin indíreach

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (126) go dtí ceithre bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le CBL sna Ballstáit agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le hidirbhearta a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus i ndáil leis na hidirbhearta a chumhdaítear le hAirteagal 51(1) den Chomhaontú seo.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (127) go dtí ceithre bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le dleachtanna máil sna Ballstáit agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le gluaiseachtaí earraí máil a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus i ndáil le gluaiseachtaí earraí máil a chumhdaítear le hAirteagal 52 den Chomhaontú seo.

3.   De mhaolú ar Airteagal 8, beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe, a mhéid is fíorghá d’fhonn a cearta a fheidhmiú agus a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Airteagal seo, ar na líonraí, na córais faisnéise agus na bunachair sonraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV. Na costais iarbhír arna dtabhú ag an Aontas de thoradh an rochtain sin a éascú don Ríocht Aontaithe, is costais iad a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe a chúiteamh leis an Aontas. Faoin 31 Márta gach bliain go dtí deireadh na tréimhse dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, cuirfidh an tAontas méid na gcostas sin in iúl don Ríocht Aontaithe. I gcás ina mbeidh difríocht mhór ann idir an méid a chuirtear in iúl de na costais iarbhír arna dtabhú agus na meastacháin ba chruinne a chuir an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe roimh shíniú an Chomhaontaithe seo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe méid na meastachán ba chruinne leis an Aontas gan moill a dhéanamh, agus cinnfidh an Comhchoiste an chaoi a bhfuill an difríocht idir na costais iarbhír arna dtabhú agus méid na meastachán ba chruinne le láimhseáil.

Airteagal 100

Cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a aisghabháil

1.   Beidh feidhm ag Treoir 2010/24/AE (128) go dtí cúig bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe maidir le héilimh a bhaineann le méideanna a bhí dlite roimh dheireadh na hidirthréimhse, éilimh a bhaineann le hidirbhearta a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse ach a bhí dlite tar éis na tréimhse sin, agus éilimh maidir le hidirbhearta a chumhdaítear le hAirteagal 51(1) den Chomhaontú seo nó gluaiseachtaí earraí máil a chumhdaítear le hAirteagal 52 den Chomhaontú seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 8, beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe, a mhéid is fíorghá d’fhonn a cearta a fheidhmiú agus a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Airteagal seo, ar na líonraí, na córais faisnéise agus na bunachair sonraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV. Na costais iarbhír arna dtabhú ag an Aontas de thoradh an rochtain sin a éascú don Ríocht Aontaithe, is costais iad a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe a chúiteamh leis an Aontas. Faoin 31 Márta gach bliain go dtí deireadh na tréimhse dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, cuirfidh an tAontas méid na gcostas sin in iúl don Ríocht Aontaithe. I gcás ina mbeidh difríocht mhór ann idir an méid a chuirtear in iúl de na costais iarbhír arna dtabhú agus na meastacháin ba chruinne a chuir an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe roimh shíniú an Chomhaontaithe seo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe méid na meastachán ba chruinne leis an Aontas gan moill a dhéanamh, agus cinnfidh an Comhchoiste an chaoi a bhfuil an difríocht idir na costais iarbhír arna dtabhú agus méid na meastachán ba chruinne le láimhseáil.

TEIDEAL XII

PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ

Airteagal 101

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn “comhaltaí na n‐institiúidí”, gan beann ar a náisiúntacht, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, comhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh, Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoirí agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, comhaltaí orgáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh, comhaltaí orgáin an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, chomh maith le gach duine eile atá comhshamhlaithe le haon cheann de na catagóirí daoine sin faoi dhlí an Aontais chun críocha an Phrótacail (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh (“an Prótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí”). Ní chuimsíonn an téarma “comhaltaí na n‐institiúidí” comhaltaí Pharlaimint na hEorpa.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (EURATOM, CEGC, CEE) Uimh. 549/69 ón gComhairle (129) maidir le catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile a chumhdaítear le hAirteagal 110 go hAirteagal 113 den Chomhaontú seo a chinneadh.

Caibidil 1

Maoin, cistí, sócmhainní agus oibríochtaí an Aontais

Airteagal 102

Dosháraitheacht

Beidh feidhm ag Airteagal 1 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí maidir le háitreabh, foirgnimh, maoin agus sócmhainní an Aontais sa Ríocht Aontaithe a úsáideann an tAontas roimh dheireadh na hidirthréimhse, go dtí nach mbeidh siad á n‐úsáid go hoifigiúil a thuilleadh nó gur baineadh amach iad as an Ríocht Aontaithe. Tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe nuair nach mbeidh a háitreabh, a foirgnimh, a maoin nó a sócmhainní á n‐úsáid a thuilleadh nó nuair a bhainfear amach as an Ríocht Aontaithe iad.

Airteagal 103

Cartlanna

Beidh feidhm ag Airteagal 2 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí maidir le gach cartlann de chuid an Aontais sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, go dtí go mbainfear amach as an Ríocht Aontaithe iad. Tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe faoi aon cheann dá cartlanna a bhaintear amach as an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 104

Cánachas

Beidh feidhm ag Airteagal 3 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí i leith shócmhainní, ioncam agus maoin eile an Aontais sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, go dtí nach mbeidh siad á n‐úsáid go hoifigiúil a thuilleadh nó go dtí go mbainfear amach as an Ríocht Aontaithe iad.

Caibidil 2

CUMARSÁID

Airteagal 105

Cumarsáid

Beidh feidhm ag Airteagal 5 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí sa Ríocht Aontaithe maidir leis na cumarsáidí oifigiúla, an comhfhreagras oifigiúil, agus maidir le doiciméid a tharchur i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe seo.

Caibidil 3

COMHALTAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 106

Díolúine do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa

Beidh feidhm ag Airteagal 8 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí sa Ríocht Aontaithe i leith na dtuairimí arna gcur in iúl nó na vótaí arna gcaitheamh roimh dheireadh na hidirthréimhse ag comhaltaí Pharlaimint na hEorpa, lena n‐áirítear iarchomhaltaí, gan beann ar a náisiúntacht, i gcomhlíonadh a ndualgas.

Airteagal 107

Slándáil shóisialta

Beidh iarchomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, gan beann ar a náisiúntacht, a tharraingíonn pinsean sa cháil sin, chomh maith le daoine atá i dteideal pinsean marthanóra mar mharthanóirí de chuid iarchomhaltaí, gan beann ar a náisiúntacht, díolmhaithe ó chleamhnacht éigeantach agus ó íocaíocht isteach sna córais náisiúnta slándála sóisialta sa Ríocht Aontaithe, faoi na coinníollacha céanna a bhí infheidhme ar an lá deiridh den idirthréimhse, ar choinníoll go raibh iarchomhaltaí Pharlaimint na hEorpa ina gcomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Airteagal 108

Cánachas dúbailte a sheachaint ar phinsin agus ar liúntais idirthréimhseacha

Beidh feidhm ag Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Chinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa (130) sa Ríocht Aontaithe maidir le pinsin agus liúntais idirthréimhseacha a íoctar le hiarchomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, gan beann ar a náisiúntacht, agus beidh feidhm ag Airteagal 17 den Chinneadh sin maidir le daoine atá i dteideal pinsean marthanóra mar mharthanóirí iarchomhaltaí, gan beann ar a náisiúntacht, a mhéid a tuilleadh an teidlíocht ar phinsean nó ar liúntas idirthréimhseach roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Caibidil 4

IONADAITHE AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN RÍOCHT AONTAITHE A GHLACANN PÁIRT IN OBAIR INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS

Airteagal 109

Pribhléidí, díolúintí agus saoráidí

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 10 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí sa Ríocht Aontaithe maidir le hionadaithe ar na Ballstáit agus ar an Ríocht Aontaithe a ghlacann páirt in obair institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, a gcuid comhairleoirí agus saineolaithe teicniúla, agus comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha an Aontais, gan beann ar a náisiúntacht, maidir lena rannpháirtíocht san obair sin:

(a)

a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(b)

a tharlaíonn tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir le gníomhaíochtaí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe seo.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 10 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí san Aontas maidir le hionadaithe ar an Ríocht Aontaithe a ghlacann páirt in obair institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcuid comhairleoirí agus saineolaithe teicniúla, maidir lena rannpháirtíocht san obair sin:

(a)

a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(b)

a tharlaíonn tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir le gníomhaíochtaí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe seo.

Caibidil 5

COMHALTAÍ NA nINSTITIÚIDÍ, OIFIGIGH AGUS SEIRBHÍSIGH EILE

Airteagal 110

Pribhléidí agus Díolúintí

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 11(a) den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí sa Ríocht Aontaithe maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar, lena n‐áirítear i leith na bhfocal a deir nó a scríobhann comhaltaí na n‐institiúidí, oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais, lena n‐áirítear iarchomhaltaí, iaroifigigh agus iarsheirbhísigh eile, d’aon náisiúntacht, ina gcáil oifigiúil:

(a)

roimh dheireadh na hidirthréimhse;

(b)

tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir le gníomhaíochtaí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe seo.

2.   Beidh feidhm ag an gcéad mhír, an dara mír agus an tríú mír d’Airteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 3) ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa Ríocht Aontaithe maidir le Breithiúna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na hAbhcóidí Ginearálta go dtí go mbeidh cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ngach imeacht agus iarratas ar réamhrialuithe dá dtagraítear in Airteagal 86 agus in Airteagal 87 den Chomhaontú seo ina gcinntí críochnaitheacha, agus beidh feidhm acu dá éis sin, lena n‐áirítear maidir le hiarBhreithiúna agus iarAbhcóidí Ginearálta, maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a dhéanann siad ina gcáil oifigiúil, lena n‐áirítear focail labhartha nó scríofa, roimh dheireadh na hidirthréimhse nó i ndáil leis na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 86 agus in Airteagal 87.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 11(b) go (e) den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí sa Ríocht Aontaithe i leith oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais d’aon náisiúntacht, chomh maith lena gcéile agus daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, más rud é go ndeachaigh na hoifigigh sin nó seirbhísigh eile isteach i seirbhís an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse, go dtí go mbeidh na daoine sin tar éis a n‐athlonnú chuig an Aontas a chur i gcrích.

Airteagal 111

Cánachas

Beidh feidhm ag Airteagal 12 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí sa Ríocht Aontaithe i leith chomhaltaí na n‐institiúidí, oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais d’aon náisiúntacht, lena n‐áirítear iarchomhaltaí, iaroifigigh agus iarsheirbhísigh eile, i gcás ina ndeachaigh na comhaltaí, na hoifigigh nó na seirbhísigh eile sin isteach i seirbhís an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse, ar choinníoll go bhfuil na daoine lena mbaineann dlite cáin a íoc chun tairbhe an Aontais ar na tuarastail, an pá, na díolaíochtaí agus na pinsin a íocann an tAontas leo.

Airteagal 112

Sainchónaí chun críocha cánach

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 13 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí maidir le comhaltaí na n‐institiúidí, oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais d’aon náisiúntacht, a chuaigh isteach i seirbhís an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus gan beann ar a náisiúntacht, maidir le céilí nach bhfuil ag gabháil go leithleach do phost sochrach agus leanaí atá cleithiúnach ar na comhaltaí, na hoifigigh nó na seirbhísigh eile sin agus faoina gcúram.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin maidir le daoine a bhunaigh a n‐áit chónaithe i mBallstát de bhíthin chomhlíonadh a gcuid dualgas i seirbhís an Aontais amháin agus a raibh a sainchónaí sa Ríocht Aontaithe chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís an Aontais, agus maidir le daoine a bhunaigh a n‐áit chónaithe sa Ríocht Aontaithe amháin de bhíthin chomhlíonadh a gcuid dualgas i seirbhís an Aontais amháin agus a raibh a sainchónaí i mBallstát chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís an Aontais.

Airteagal 113

Ranníocaíochtaí slándála sóisialta

Beidh comhaltaí na n‐institiúidí, oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais d’aon náisiúntacht, lena n‐áirítear iarchomhaltaí, iaroifigigh agus iarsheirbhísigh eile, a chuaigh isteach i seirbhís an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe, agus, gan beann ar a náisiúntacht, céilí nach bhfuil ag gabháil go leithleach do phost shochrach agus leanaí atá cleithiúnach ar na comhaltaí, na hoifigigh nó na seirbhísigh eile sin agus faoina gcúram, beidh siad díolmhaithe ó chleamhnú éigeantach agus íocaíocht isteach i gcórais slándála sóisialta náisiúnta sa Ríocht Aontaithe, faoi na coinníollacha céanna ab infheidhme ar an lá deiridh den idirthréimhse, ar choinníoll go bhfuil na daoine lena mbaineann cleamhnaithe le scéim slándála sóisialta an Aontais.

Airteagal 114

Cearta pinsin a aistriú

Maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais d’aon náisiúntacht, lena n‐áirítear iaroifigigh agus iarsheirbhísigh eile, a tháinig isteach i seirbhís an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a iarrann cearta pinsin a aistriú as an Ríocht Aontaithe nó isteach sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 11(1), (2) nó (3) agus Airteagal 12 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (131) nó Airteagal 39, Airteagal 109 agus Airteagal 135 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, is ionann oibleagáidí na Ríochta Aontaithe agus na hoibleagáidí atá ann cheana roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Airteagal 115

Árachas dífhostaíochta

Beidh feidhm ag Airteagal 28a, Airteagal 96, agus Airteagal 136 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh maidir le seirbhísigh eile an Aontais d’aon náisiúntacht, lena n‐áirítear iarsheirbhísigh eile, a rinne ranníocaíochtaí i scéim dífhostaíochta an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse má tá siad ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus má tá siad cláraithe le húdaráis dífhostaíochta na Ríochta Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

Caibidil 6

FORÁLACHA EILE

Airteagal 116

Tarscaoileadh díolúintí agus comhar

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 17 agus Airteagal 18 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí i leith pribhléidí, díolúintí agus saoráidí a thabharfar leis an Teideal seo.

2.   Agus cinneadh á dhéanamh faoi Airteagal 17 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí maidir le díolúine a tharscaoileadh arna iarraidh sin d’údaráis na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an tAontas an iarraidh sin a mheas ar an gcaoi chéanna agus a dhéanann sé iarrataí ó údaráis na mBallstát i gcásanna inchomparáide a mheas.

3.   Arna iarraidh sin d’údaráis na Ríochta Aontaithe, tabharfaidh an tAontas fógra do na húdaráis sin faoi stádas aon duine atá ábhartha maidir le teidlíocht an duine sin ar phribhléid nó díolúine faoin Teideal seo.

Airteagal 117

An Banc Ceannais Eorpach

1.   Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach (“BCE”), comhaltaí a orgán, foireann BCE, agus ionadaithe na mbanc ceannais náisiúnta sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (“CEBC”) a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí BCE.

2.   Beidh feidhm ag an dara mír d’Airteagal 22 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí maidir le BCE, comhaltaí a orgán, foireann BCE, ionadaithe na mbanc ceannais náisiúnta in CEBC a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí BCE, agus aon mhaoin, sócmhainní agus oibríochtaí de chuid BCE sa Ríocht Aontaithe a bheidh á sealbhú, á mbainistiú nó á ndéanamh de bhun an Phrótacail (Uimh. 4) ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 freisin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

maoin agus sócmhainní de chuid BCE a shealbhófar sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse; agus

(b)

oibríochtaí de chuid BCE sa Ríocht Aontaithe nó oibríochtaí a dhéantar le macasamhlacha BCE sa Ríocht Aontaithe, agus gníomhaíochtaí coimhdeacha a bhaineann leo, a bhí ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse, nó a thionscnófar tar éis dheireadh na hidirthréimhse mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun oibríochtaí a bhí ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse a choinneáil ar bun go tráth a n‐aibíochta deiridh, a ndiúscartha nó a gcríochnaithe.

Airteagal 118

An Banc Eorpach Infheistíochta

1.   Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (“BEI”), comhaltaí a orgán, foireann BEI agus ionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt ina chuid gníomhaíochtaí, chomh maith le haon fhochuideachtaí nó eintitis eile arna mbunú ag BEI roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Phrótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, go háirithe an Ciste Eorpach Infheistíochta.

2.   Beidh feidhm ag an dara mír d’Airteagal 21 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí maidir le BEI, comhaltaí a orgán, foireann BEI agus ionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí BEI, chomh maith le haon fhochuideachtaí nó aon eintiteas eile a bhunaigh BEI roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Phrótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, go háirithe an Ciste Eorpach Infheistíochta.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 freisin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

maoin agus sócmhainní de chuid BEI nó d’aon fhochuideachtaí agus eintitis eile a bhunaigh BEI roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Phrótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, go háirithe an Ciste Eorpach Infheistíochta, a bheidh á sealbhú sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse; agus

(b)

oibríochtaí iasachta, maoinithe, ráthaíochta, infheistíochta, cistíochta agus cúnaimh theicniúil BEI agus aon fhochuideachtaí agus eintitis eile a bhunaigh BEI roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Phrótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, go háirithe an Ciste Eorpach Infheistíochta, sa Ríocht Aontaithe nó le macasamhlacha BEI sa Ríocht Aontaithe, agus gníomhaíochtaí coimhdeacha a bhaineann leo, a bhí ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse nó a thionscnófar tar éis dheireadh na hidirthréimhse, mar chuid dá ngníomhaíochtaí chun oibríochtaí a bhí ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse a choinneáil ar bun go tráth a n‐aibíochta deiridh, a ndiúscartha nó a gcríochnaithe.

Airteagal 119

Comhaontuithe maidir le hóstú

Beidh feidhm maidir leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus le hIonad Faireacháin Slándála Galileo, faoi seach, ag an gComhaontú Ceanncheathrún idir an Ríocht Aontaithe agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach an 8 Bealtaine 2012, an Malartú Litreacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Phrótacail sa Ríocht Aontaithe ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach an 24 Meitheamh 1996, agus an Comhaontú maidir le hóstú Ionad Faireacháin Slándála Galileo an 17 Iúil 2013, go dtí go mbeidh athlonnú na n‐eintiteas sin chuig Ballstát curtha i gcrích. Is ionann dáta an fhógra ón Aontas maidir le dáta críochnaithe an athlonnaithe agus dáta foirceanta na gcomhaontuithe sin maidir le hóstú.

TEIDEAL VIII

SAINCHEISTEANNA EILE A BHAINEANN LE FEIDHMIÚ INSTITIÚIDÍ, CHOMHLACHTAÍ, OIFIGÍ AGUS GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS

Airteagal 120

Oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil

Beidh feidhm ag Airteagal 339 CFAE agus forálacha eile de dhlí an Aontais a fhorchuireann oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil ar dhaoine aonair agus ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais sa Ríocht Aontaithe i leith aon fhaisnéis den chineál a chumhdaítear faoi oibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil a fuarthas roimh dheireadh na hidirthréimhse nó a fuarthas tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir le gníomhaíochtaí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe seo. Urramóidh an Ríocht Aontaithe cibé oibleagáidí atá ar dhaoine aonair agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar iad laistigh dá críoch.

Airteagal 121

Oibleagáid maidir le discréid ghairmiúil

Beidh feidhm ag Airteagal 19 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus forálacha eile de dhlí an Aontais a fhorchuireann oibleagáid maidir le discréid ghairmiúil ar dhaoine áirithe sa Ríocht Aontaithe i leith aon fhaisnéis a fuarthas roimh dheireadh na hidirthréimhse nó tar éis dheireadh na hidirthréimhse i dtaca le gníomhaíochtaí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe seo. Urramóidh an Ríocht Aontaithe cibé oibleagáidí atá ar dhaoine aonair agus áiritheoidh sí go gcomhlíonfar iad laistigh dá críoch.

Airteagal 122

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Chun críocha na bhforálacha ábhartha i ndlí an Aontais maidir le rochtain ar dhoiciméid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, tuigfear faoi gach tagairt do na Ballstáit agus dá n‐údaráis go bhfuil an Ríocht Aontaithe agus a húdaráis san áireamh inti i leith doiciméid arna dtarraingt suas nó arna bhfáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais:

(a)

roimh dheireadh na hidirthréimhse; nó

(b)

tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir le gníomhaíochtaí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe seo.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (132) agus Airteagal 5 de Chinneadh BCE/2004/3 ón mBanc Ceannais Eorpach (133) sa Ríocht Aontaithe maidir leis na doiciméid go léir a thagann faoi raon feidhme na bhforálacha sin agus a gheobhaidh an Ríocht Aontaithe:

(a)

roimh dheireadh na hidirthréimhse; nó

(b)

tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir le gníomhaíochtaí an Aontais de bhun an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 123

An Banc Ceannais Eorpach

1.   Beidh feidhm ag Airteagail 9.1, 17, 35.1, 35.2, agus 35.4 den Phrótacal (Uimh. 4) ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le BCE, comhaltaí a orgán, foireann BCE, ionadaithe na mbanc ceannais náisiúnta in CEBC a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí BCE, agus aon mhaoin, sócmhainní agus oibríochtaí de chuid BCE sa Ríocht Aontaithe arna sealbhú, arna mbainistiú nó arna seoladh de bhun an Phrótacail sin. Beidh BCE díolmhaithe ó cheanglais clárú sa Ríocht Aontaithe nó aon chineál ceadúnais, ceada nó údaraithe nó aon chineál ceada eile a fháil ón Ríocht Aontaithe chun a chuid oibríochtaí a dhéanamh.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

maoin agus sócmhainní de chuid BCE a shealbhófar sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse; agus

(b)

oibríochtaí de chuid BCE sa Ríocht Aontaithe nó oibríochtaí a dhéantar le macasamhlacha BCE sa Ríocht Aontaithe, agus gníomhaíochtaí coimhdeacha a bhaineann leo, a bhí ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse, nó a thionscnófar tar éis dheireadh na hidirthréimhse mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun oibríochtaí a bhí ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse a choinneáil ar bun go tráth a n‐aibíochta deiridh, a ndiúscartha nó a gcríochnaithe.

Airteagal 124

An Banc Eorpach Infheistíochta

1.   Beidh feidhm ag Airteagail 13, 20(2), 23(1), 23(4) agus 26 agus ag an gcéad mhír d’Airteagal 27 den Phrótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta maidir le BEI, comhaltaí a orgán, foireann BEI agus ionadaithe ó na Ballstáit a ghlacann páirt ina ghníomhaíochtaí, chomh maith le haon fhochuideachtaí nó eintitis eile arna mbunú ag BEI roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Phrótacal sin, go háirithe an Ciste Eorpach Infheistíochta. Beidh BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta díolmhaithe ó cheanglais i leith clárú sa Ríocht Aontaithe nó aon chineál ceadúnais, ceada nó údaraithe nó aon chineál ceada eile a fháil ón Ríocht Aontaithe chun a gcuid oibríochtaí a dhéanamh. Fanfaidh airgeadra na Ríochta Aontaithe inaistrithe agus inmhalartaithe gan srian, i gcomhréir le hAirteagal 23(2) den Phrótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta maidir le hinmhalartacht airgeadra na Ríochta Aontaithe go hairgeadra stáit nach Ballstát é, chun críocha na n‐oibríochtaí sin.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

maoin agus sócmhainní de chuid BEI nó d’aon fhochuideachtaí agus eintitis eile a bhunaigh BEI roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Phrótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, go háirithe an Ciste Eorpach Infheistíochta, a bheidh á sealbhú sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse; agus

(b)

oibríochtaí iasachtaíochta, maoinithe, ráthaíochta, infheistíochta, cistíochta agus cúnaimh theicniúil BEI nó aon fhochuideachtaí agus eintitis eile arna mbunú ag BEI roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Phrótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, go háirithe an Ciste Eorpach Infheistíochta, sa Ríocht Aontaithe nó le macasamhlacha BEI sa Ríocht Aontaithe, agus gníomhaíochtaí coimhdeacha a bhaineann leo, a bhí ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse nó a tionscnaíodh tar éis dheireadh na hidirthréimhse, mar chuid dá ngníomhaíochtaí chun oibríochtaí a bhí ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse a choinneáil ar bun go tráth a n‐aibíochta deiridh, a ndiúscartha nó a gcríochnaithe.

Airteagal 125

Scoileanna Eorpacha

1.   Beidh an Ríocht Aontaithe faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún lena sainmhínítear Reacht na Scoileanna Eorpacha (134), chomh maith leis na Rialacháin maidir le Scoileanna Eorpacha Creidiúnaithe arna nglacadh ag Bord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha, go dtí deireadh na scoilbhliana atá ar siúl ag deireadh na hidirthréimhse.

2.   Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, maidir le daltaí a fuair Baccalaureate Eorpach roimh an 31 Lúnasa 2021 agus maidir le daltaí atá cláraithe i dtimthriall staidéir meánscoile i Scoil Eorpach roimh an 31 Lúnasa 2021 agus a gheobhaidh Baccalaureate Eorpach tar éis an dáta sin, go dteachtfaidh na daltaí sin na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) den Choinbhinsiún lena sainmhínítear Reacht na Scoileanna Eorpacha.

CUID A CEATHAIR

IDIRTHRÉIMHSE

Airteagal 126

Idirthréimhse

Beidh idirthréimhse nó tréimhse cur chun feidhme ann, a thosóidh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus a chríochnóidh an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 127

Raon feidhme na hidirthréimhse

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, beidh dlí an Aontais infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse.

Mar sin féin, ní bheidh na forálacha seo a leanas de chuid na gConarthaí, agus na gníomhartha seo a leanas arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse:

(a)

forálacha na gConarthaí agus gníomhartha nach raibh, de bhun Phrótacal Uimh. 15 maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh nó Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, nó de bhun fhorálacha na gConarthaí maidir le comhar feabhsaithe, ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, chomh maith le gníomhartha lena leasaítear na gníomhartha sin;

(b)

Airteagal 11(4) CAE, pointe (b) d’Airteagal 20(2), Airteagal 22 agus an chéad mhír d’Airteagal 24 CFAE, Airteagal 39 agus Airteagal 40 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus na gníomhartha arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha sin.

2.   I gcás ina dtiocfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú lena rialófar a gcaidreamh sa todhchaí i réimsí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála agus an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta a thiocfaidh chun bheith infheidhme le linn na hidirthréimhse, scoirfidh Caibidil 2 de Theideal V CAE agus na gníomhartha arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha sin d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta chur i bhfeidhm an chomhaontaithe sin.

3.   Le linn na hidirthréimhse, beidh ag dlí an Aontais is infheidhme de bhun mhír 1 na héifeachtaí dlíthiúla céanna maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe agus a bheidh aige laistigh den Aontas agus dá chuid Ballstát, agus déanfar na héifeachtaí sin a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na modhanna céanna agus na prionsabail ghinearálta chéanna is infheidhme laistigh den Aontas.

4.   Ní ghlacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt in aon chomhar feabhsaithe:

(a)

a ndeonófar údarú ina leith tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo; nó

(b)

nár glacadh aon ghníomhartha laistigh dá chreat roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

5.   Le linn na hidirthréimhse, maidir le bearta lena leasófar, lena n‐ionadófar nó lena gcuirfear le beart atá ann cheana arna ghlacadh de bhun Theideal V de Chuid a Trí CFAE a mbeidh an Ríocht Aontaithe faoi cheangal aige roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, leanfaidh Airteagal 5 den Phrótacal (Uimh. 19) maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 4a den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, d'fheidhm a bheith acu mutatis mutandis i ndáil leo. Ní bheidh an ceart ag an Ríocht Aontaithe, áfach, fógra a thabhairt gur mian léi a bheith rannpháirteach i gcur i bhfeidhm beart nua de bhun Theideal V de Chuid a Trí CFAE cé is moite de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4a de Phrótacal Uimh. 21.

Chun tacú le comhar leanúnach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, faoi na coinníollacha a leagtar amach le haghaidh comhar le tríú tíortha sna bearta ábhartha, féadfaidh an tAontas cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe a bheith ag obair i gcomhar leis maidir le bearta nua arna nglacadh faoi Theideal V de Chuid III CFAE.

6.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, le linn na hidirthréimhse, tuigfear go bhfuil an Ríocht Aontaithe san áireamh in aon tagairt do Bhallstáit i ndlí an Aontais is infheidhme de bhun mhír 1, lena n‐‐áirítear mar a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme é agus mar a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm é.

7.   De mhaolú ar mhír 6:

(a)

chun críocha Airteagal 42(6) agus Airteagal 46 CAE agus Phrótacal (Uimh. 10) maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha arna bhunú le hAirteagal 42 CAE, tuigfear i gcás aon tagairtí do Bhallstáit, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe san áireamh iontu. Ní chuirfidh sin as an áireamh an fhéidearthacht go dtabharfar cuireadh don Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh mar thríú tír i dtionscadail aonair faoi na coinníollacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle (135) ar bhonn eisceachtúil, nó in aon fhoirm eile comhair a mhéid a cheadaítear agus faoi na coinníollacha a bheidh leagtha amach i ngníomhartha an Aontais sa todhchaí arna nglacadh ar bhonn Airteagal 42(6) agus Airteagal 46 CAE;

(b)

i gcás ina bhfuil i ngníomhartha de chuid an Aontais foráil maidir le Ballstáit, náisiúnaigh de chuid Ballstát nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i mBallstát a bheith rannpháirteach i malartú faisnéise, nós imeachta nó clár a leantar dá chur chun feidhme nó a thosaíonn tar éis dheireadh na hidirthréimhse, agus i gcás ina dtabharfadh an rannpháirtíocht sin rochtain ar fhaisnéis íogair a bhaineann le slándáil nach bhfuil ach Ballstáit, náisiúnaigh de chuid Ballstát nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i mBallstát, le bheith ar an eolas fúithi, sna himthosca eisceachtúla sin, tuigfear nach n‐áirítear an Ríocht Aontaithe sna tagairtí do Bhallstáit i ngníomhartha den sórt sin de chuid an Aontais. Tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe maidir le cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin;

(c)

chun oifigigh agus seirbhísigh eile d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais a earcú, tuigfear nach n‐áireofar an Ríocht Aontaithe in aon tagairtí do Bhallstáit in Airteagal 27 agus Airteagal 28(a) de na Rialacháin Foirne agus in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leo agus in Airteagal 12, Airteagal 82 agus Airteagal 128 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, nó sna forálacha ábhartha de na rialacha foirne eile is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí sin.

Airteagal 128

Socruithe institiúideacha

1.   D’ainneoin Airteagal 127, beidh feidhm ag Airteagal 7 i rith na hidirthréimhse.

2.   Chun críocha na gConarthaí, le linn na hidirthréimhse, ní mheasfar gur parlaimint náisiúnta Ballstáit í parlaimint na Ríochta Aontaithe, ach amháin i dtaca le hAirteagal 1 den Phrótacal (Uimh. 1) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach agus, i dtaobh tograí atá san fhearann poiblí, i dtaca le hAirteagal 2 den Phrótacal sin.

3.   Le linn na hidirthréimhse, tuigfear nach n‐áireofar an Ríocht Aontaithe i bhforálacha na gConarthaí lena dtugtar cearta institiúideacha do Bhallstáit lenar féidir leo tograí, tionscnaimh nó iarratais a thíolacadh chuig na hinstitiúidí (136).

4.   Chun críocha rannpháirtíochta sna socruithe institiúideacha a leagtar síos in Airteagal 282 agus Airteagal 283 CFAE agus i bPrótacal (Uimh. 4) ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, seachas Airteagal 21(2) den Phrótacal sin, ní mheasfar, le linn na hidirthréimhse, gur banc ceannais náisiúnta Ballstáit é Banc Shasana.

5.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus ar Airteagal 7, le linn na hidirthréimhse, féadfaidh ionadaithe nó saineolaithe de chuid na Ríochta Aontaithe, nó saineolaithe arna n‐ainmniú ag an Ríocht Aontaithe, arna iarraidh sin orthu, freastal go heisceachtúil ar chruinnithe nó ar chodanna de chruinnithe de na coistí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, cruinnithe nó codanna de chruinnithe de ghrúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin, cruinnithe nó codanna de chruinnithe d’eintitis eile den chineál céanna, agus cruinnithe nó codanna de chruinnithe comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí, ina nglacfaidh ionadaithe nó saineolaithe de chuid na mBallstát nó saineolaithe arna n‐ainmniú ag na Ballstáit páirt agus nuair a ghlacfaidh siad páirt iontu, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha a leanas:

(a)

go mbaineann an plé le gníomhartha aonair atá le díriú le linn na hidirthréimhse chuig an Ríocht Aontaithe nó chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe;

(b)

gur gá an Ríocht Aontaithe a bheith ann agus gurb é leas an Aontais í a bheith ann, go háirithe chun dlí an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach le linn na hidirthréimhse.

Le linn na gcruinnithe sin nó na gcodanna de na cruinnithe sin, ní bheidh aon chearta vótála ag ionadaithe ná saineolaithe na Ríochta Aontaithe ná saineolaithe arna n‐ainmniú ag an Ríocht Aontaithe agus beidh a láithreacht teoranta do na míreanna sonracha ar an gclár oibre a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b).

6.   Le linn na hidirthréimhse, ní ghníomhóidh an Ríocht Aontaithe mar phríomhúdarás le haghaidh measúnuithe riosca, scrúduithe, ceaduithe nó údaruithe ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, dá dtagraítear sna gníomhartha agus sna forálacha a liostaítear in Iarscríbhinn VII.

7.   Le linn na hidirthréimhse, i gcás ina sainaithneofar nó ina dtagrófar go díreach i ndréachtghníomhartha de chuid an Aontais d’údaráis, nósanna imeachta nó doiciméid shonracha de chuid na mBallstát, rachaidh an tAontas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir leis na dréachtaí sin, d’fhonn cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm ceart na ngníomhartha sin ag an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe a áirithiú.

Airteagal 129

Socruithe sonracha a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais

1.   Gan dochar d’Airteagal 127(2), le linn na hidirthréimhse, beidh an Ríocht Aontaithe faoi cheangal ag na hoibleagáidí a eascraíonn ó na comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, ag na Ballstáit atá ag gníomhú thar a cheann, nó ag an Aontas agus a Bhallstáit ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 2 (*1).

2.   Le linn na hidirthréimhse, ní ghlacfaidh ionadaithe ón Ríocht Aontaithe páirt in obair aon chomhlachtaí arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, nó ag Ballstáit atá ag gníomhú thar a cheann, nó ag an Aontas agus a Bhallstáit ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, mura rud é:

(a)

go bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ceart féin; nó

(b)

gur iarr an tAontas go heisceachtúil ar an Ríocht Aontaithe freastal ar chruinnithe nó ar chodanna de chruinnithe na gcomhlachtaí sin, mar chuid de thoscaireacht an Aontais, i gcás ina measfaidh an tAontas gur gá an Ríocht Aontaithe a bheith ann agus gurb é leas an Aontais í a bheith ann, go háirithe chun na comhaontuithe sin a chur chun feidhme go héifeachtach le linn na hidirthréimhse; ní cheadófar an láithreacht sin ach amháin i gcás ina gceadófar rannpháirtíocht Ballstát faoi na comhaontuithe is infheidhme.

3.   I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, staonfaidh an Ríocht Aontaithe, le linn na hidirthréimhse, ó aon ghníomhaíocht nó tionscnamh ar dóigh di nó dó dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, go háirithe faoi chuimsiú aon eagraíocht, aon ghníomhaireacht, aon chomhdháil nó aon fhóram idirnáisiúnta ina bhfuil an Ríocht Aontaithe ina páirtí ina ceart féin.

4.   D’ainneoin mhír 3, le linn na hidirthréimhse, féadfaidh an Ríocht Aontaithe comhaontuithe idirnáisiúnta, arna ndéanamh ina cáil féin i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, a chaibidil, a shíniú agus a dhaingniú, ar choinníoll nach dtiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm ná nach mbeidh feidhm acu le linn na hidirthréimhse, mura n‐údaróidh an tAontas amhlaidh.

5.   Gan dochar d’Airteagal 127(2), nuair is gá comhordú a dhéanamh, féadfar dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe, de réir an cháis.

6.   Tar éis cinneadh ón gComhairle a thagann faoi Chaibidil 2 de Theideal V CAE, féadfaidh an Ríocht Aontaithe dearbhú foirmiúil a thabhairt d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, lena léirítear nach ndéanfaidh sí, ar chúiseanna ríthábhachtacha agus sonraithe i dtaobh beartas náisiúnta, an cinneadh a chur i bhfeidhm sna cásanna eisceachtúla sin. Staonfaidh an Ríocht Aontaithe, de mheon dlúthpháirtíochta frithpháirtí, ó aon ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ar neamhréir le gníomhaíocht de chuid an Aontais a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin, nó ar dóigh di an ghníomhaíocht sin a bhac, agus urramóidh na Ballstáit seasamh na Ríochta Aontaithe.

7.   Le linn na hidirthréimhse, ní sholáthróidh an Ríocht Aontaithe ceannairí oibríochtaí sibhialta, cinn misin, ceannairí oibríochta ná ceannairí fórsa i gcomhair misin nó oibríochtaí a dhéanfar faoi Airteagal 42, Airteagal 43 agus Airteagal 44 CAE, ná ní sholáthróidh sí an cheanncheathrú oibriúcháin do mhisin nó d’oibríochtaí den chineál sin, ná ní fhónfaidh sí mar chreatnáisiún do chathghrúpaí de chuid an Aontais. Le linn na hidirthréimhse, ní sholáthróidh an Ríocht Aontaithe ceann aon ghníomhaíochtaí oibriúcháin faoi Airteagal 28 CAE.

Airteagal 130

Socruithe sonracha a bhaineann le deiseanna iascaireachta

1.   Maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú de réir bhrí Airteagal 43(3) CFAE le haghaidh aon tréimhse a thagann faoin idirthréimhse, rachfar i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i dtaobh na ndeiseanna iascaireachta a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, lena n‐áirítear i gcomhthéacs comhairliúcháin agus caibidlíocht idirnáisiúnta ábhartha a ullmhú.

2.   Chun críocha mhír 1, tabharfaidh an tAontas an deis don Ríocht Aontaithe tuairimí a thabhairt faoin Teachtaireacht Bhliantúil ón gCoimisiún Eorpach maidir le deiseanna iascaireachta, faoin gcomhairle eolaíoch ó na comhlachtaí eolaíochta ábhartha agus faoi na tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh aon tréimhse a thagann faoin idirthréimhse.

3.   D’ainneoin phointe (b) d’Airteagal 129(2), d’fhonn a cheadú don Ríocht Aontaithe a comhaltas i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha sa todhchaí a ullmhú, féadfaidh an tAontas cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe go heisceachtúil freastal, mar chuid de thoscaireacht an Aontais, ar chomhairliúcháin agus ar chaibidlíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a mhéid a cheadófar do Bhallstáit agus a cheadófar leis an bhfóram sonrach.

4.   Gan dochar d’Airteagal 127(1), coimeádfar na scálaí cobhsaíochta coibhneasta maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 131

Maoirsiú agus forfheidhmiú

Le linn na hidirthréimhse, beidh na cumhachtaí arna dtabhairt dóibh le dlí an Aontais, i ndáil leis an Ríocht Aontaithe agus le daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Go háirithe, beidh an dlínse dá bhforáiltear sna Conarthaí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an gcéad mhír freisin, le linn na hidirthréimhse, maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 132

Síneadh a chur leis an idirthréimhse

1.   D’ainneoin Airteagal 126, féadfaidh an Comhchoiste, roimh an 1 Iúil 2020, aon chinneadh amháin a ghlacadh lena gcuirfear síneadh leis an idirthréimhse go ceann tréimhse suas le haon bhliain amháin nó dhá bhliain. (*2)

2.   I gcás ina nglacfaidh an Comhchoiste cinneadh faoi mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 127(6), measfar an Ríocht Aontaithe a bheith ina tríú tír chun críocha chur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais a gealladh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh á chur i bhfeidhm ó 2021 ar aghaidh;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 127(1) agus gan dochar do Chuid a Cúig den Chomhaontú seo, maidir le dlí an Aontais is infheidhme i dtaca le hacmhainní dílse an Aontais a bhaineann leis na blianta airgeadais a chumhdaítear le síneadh na hidirthréimhse, ní beidh feidhm aige maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis an 31 Nollaig 2020;

(c)

de mhaolú ar Airteagal 127(1) den Chomhaontú seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 CFAE maidir le bearta de chuid údaráis na Ríochta Aontaithe, lena n‐áirítear i ndáil leis an bhforbairt tuaithe, lena dtacaítear le táirgeadh táirgí talmhaíochta sa Ríocht Aontaithe agus trádáil sa chéanna suas go leibhéal bliantúil tacaíochta nach mó ná méid iomlán an chaiteachais arna thabhú sa Ríocht Aontaithe faoin gComhbheartas Talmhaíochta in 2019, agus ar choinníoll go mbeidh céatadán íosta den tacaíocht dhíolmhaithe sin i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht. Déanfar an céatadán íosta sin a chinneadh ar bhonn an chéatadáin dheireanaigh atá ar fáil trína raibh an caiteachas foriomlán faoin gComhbheartas Talmhaíochta san Aontas i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht. I gcás nach iolrú ar dhá mhí dhéag an tréimhse a chuirtear mar shíneadh leis an idirthréimhse, maidir le huasleibhéal bliantúil na tacaíochta díolmhaithe sa bhliain dá gcumhdaítear tréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag san idirthréimhse a gcuirtear síneadh léi, déanfar é a laghdú ar bhonn pro rata;

(d)

don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go deireadh na hidirthréimhse, déanfaidh an Ríocht Aontaithe ranníocaíocht le buiséad an Aontais, arna cinneadh i gcomhréir le mír 3;

(e)

faoi réir phointe (d) de mhír 3, ní dhéanfar difear do Chuid a Cúig den Chomhaontú seo.

3.   Le cinneadh ón gComhchoiste faoi mhír 1, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

méid iomchuí ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le buiséad an Aontais don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go deireadh na hidirthréimhse a bhunú, agus stádas na Ríochta Aontaithe le linn na tréimhse sin á chur san áireamh, chomh maith leis na módúlachtaí chun an méid sin a íoc;

(b)

uasleibhéal na tacaíochta díolmhaithe a shonrú, chomh maith leis an gcéatadán íosta di lena gcomhlíonfar forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht, dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2;

(c)

aon bheart eile is gá a leagan síos le haghaidh chur chun feidhme mhír 2;

(d)

na dátaí nó na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagail 51, 62, 63, 84, 96, 125, 141, 156, 157 agus in Iarscríbhinn IV agus in Iarscríbhinn V a oiriúnú chun an síneadh leis an idirthréimhse a chur in iúl.

CUID A CÚIG

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Caibidil 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 133

An t‐airgeadra atá le húsáid idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe

Gan dochar do dhlí an Aontais is infheidhme maidir le hacmhainní dílse an Aontais, déanfar gach méid, dliteanas, ríomh, cuntas agus íocaíocht dá dtagraítear sa Chuid seo a tharraingt suas agus a chur chun feidhme in euro.

Airteagal 134

Saoráid a thairgfear d’iniúchóirí i ndáil leis na forálacha airgeadais

Cuirfidh an Ríocht Aontaithe an tAontas ar an eolas faoi na heintitis a gcuirfidh sí de chúram orthu iniúchadh a dhéanamh ar chur chun feidhme na bhforálacha airgeadais a chumhdaítear leis an gCuid seo.

Ar iarraidh na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an tAontas aon fhaisnéis a d’fhéadfaí a iarraidh air go réasúnach maidir le cearta agus oibleagáidí na Ríochta Aontaithe faoin gCuid seo a sholáthar do na heintitis a gcuirfear an cúram sin orthu agus soláthróidh sé cúnamh leordhóthanach dóibh chun ligean dóibh a gcúram a chur i gcrích. Agus faisnéis agus cúnamh á soláthar nó á sholáthar faoin Airteagal seo, gníomhóidh an tAontas i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Féadfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe agus an Aontais comhaontú ar shocruithe riaracháin iomchuí chun cur i bhfeidhm na chéad mhíre agus an dara mír a éascú.

Caibidil 2

RANNÍOCAÍOCHT AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT NA RÍOCHTA AONTAITHE MAIDIR LE BUISÉAD AN AONTAIS

Airteagal 135

Ranníocaíocht agus rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcur chun feidhme bhuiséid an Aontais do na blianta 2019 agus 2020

1.   I gcás na mblianta 2019 agus 2020, i gcomhréir le Cuid a Ceathair, rannchuideoidh an Ríocht Aontaithe le buiséid an Aontais a chur chun feidhme agus beidh sí rannpháirteach ann.

2.   De mhaolú ar Chuid a Ceathair, ní bheidh feidhm ag leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh 1311/2013 ón gComhairle (137) nó Cinneadh 2014/335/AE, Euratom a ghlacfar ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó dá éis sin maidir leis an Ríocht Aontaithe a mhéid a bheidh tionchar ag na leasuithe sin ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 136

Forálacha is infheidhme tar éis an 31 Nollaig 2020 maidir le hacmhainní dílse

1.   Leanfaidh an dlí is infheidhme de chuid an Aontais maidir le hacmhainní dílse an Aontais a bhaineann le blianta airgeadais go dtí 2020 d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis an 31 Nollaig 2020, lena n‐áirítear i gcás ina gcuirfear ar fáil na hacmhainní dílse lena mbaineann, arna cheartú coigeartuithe nó faoina réir tar éis an dáta sin.

2.   Gan dochar d’Airteagal 135(2), áireofar le dlí an Aontais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go háirithe na gníomhartha agus na forálacha seo a leanas, lena n‐áirítear aon leasú orthu, gan beann ar dháta glactha, dáta theacht i bhfeidhm nó dáta chur i bhfeidhm an leasaithe:

(a)

Cinneadh 2014/335/AE, Euratom;

(b)

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, agus go háirithe Airteagal 12 den Rialachán sin maidir leis an ús ar mhéideanna a chuirfear ar fáil go déanach agus Airteagal 11 den Rialachán sin maidir le láimhseáil an diúltaithe;

(c)

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 agus go háirithe Airteagal 1 den Rialachán sin maidir le ríomh an iarmhéid agus Airteagal 2 go hAirteagal 8 maidir leis na bearta cur chun feidhme do chóras na n‐acmhainní dílse;

(d)

Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle (138);

(e)

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (139);

(f)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/195 ón gCoimisiún (140);

(g)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194 ón gCoimisiún (141);

(h)

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (142) (an “Rialachán Airgeadais”);

(i)

Airteagal 287 CFAE maidir le ról na Cúirte Iniúchóirí chomh maith le rialacha eile maidir leis an institiúid sin;

(j)

Airteagal 325 CFAE maidir le calaois a chomhrac agus gníomhartha gaolmhara, go háirithe Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (143) agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (144);

(k)

na buiséid bhliantúla do na blianta airgeadais go dtí 2020 nó, i gcás nár glacadh an buiséad bliantúil, na rialacha is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 315 CFAE.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, beidh feidhm ag na rialacha a leanas maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis an 31 Nollaig 2020:

(a)

beidh aon mhéideanna a d’eascair, i leith na Ríochta Aontaithe, ó choigeartuithe d’acmhainní dílse a chuirtear isteach sa bhuiséad agus ó choigeartuithe a bhaineann leis an mbarrachas nó an easnamh, maidir le maoiniú bhuiséid an Aontais go dtí 2020 i gcomhréir le dlí an Aontais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, dlite ag an Ríocht Aontaithe nó dlite don Ríocht Aontaithe;

(b)

más rud é, de réir dhlí an Aontais is infheidhme maidir le hacmhainní dílse an Aontais, go bhfuil an dáta ar a mbeidh na hacmhainní dílse le cur ar fáil ann tar éis an 28 Feabhra 2021, déanfar an íocaíocht ar an dáta is luaithe dá dtagraítear in Airteagal 148(1) tar éis an dáta a mbeidh na hacmhainní dílse le cur ar fáil;

(c)

chun críche íocaíochta acmhainní dílse traidisiúnta ag an Ríocht Aontaithe tar éis an 28 Feabhra 2021, déanfar méid na dteidlíochtaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 tar éis laghdú na gcostas bailithe i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus le hAirteagal 10(3) de Chinneadh 2014/335/AE, Euratom, a laghdú faoi sciar na Ríochta Aontaithe den mhéid sin;

(d)

de mhaolú ar Airteagal 7 den Chomhaontú seo, féadfaidh ionadaithe nó saineolaithe na Ríochta Aontaithe, nó saineolaithe arna n‐ainmniú ag an Ríocht Aontaithe, arna iarraidh sin orthu, freastal go heisceachtúil, gan cearta vótála, ar chruinnithe aon choiste arna bhunú ag an dlí is infheidhme de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, amhail cruinnithe an Choiste Chomhairligh ar Acmhainní Dílse arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 nó cruinnithe an Choiste OIN arna bhunú le hAirteagal 4 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003, a mhéid a bhaineann obair na gcoistí sin leis na blianta airgeadais go dtí 2020;

(e)

ní dhéanfar aon cheartú ná coigeartú ar na hacmhainní dílse atá bunaithe ar CBL agus ar ollioncam náisiúnta mura ndéanfar na bearta ábhartha de bhun na bhforálacha dá dtagraítear I mír 1 agus mír 2 a shocrú tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2028;

(f)

déanfar an cuntas ar leith d’acmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a leachtú go hiomlán faoin 31 Nollaig 2025. Roimh an 20 Feabhra 2026, cuirfear ar fáil sciar de na méideanna atá fós sa chuntas sin ar an 31 Nollaig 2025 agus gan a bheith faoi réir thorthaí cigireachta an Choimisiúin Eorpaigh a cuireadh in iúl roimh an dáta sin faoi reachtaíocht na n‐acmhainní dílse do bhuiséad an Aontais a fhreagraíonn don sciar de na méideanna a cuireadh ar fáil don Aontas ar na suimeanna arna dtuairisciú don Ríocht Aontaithe chuig an gCoimisiún Eorpach faoi chuimsiú an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 137

Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais in 2019 agus 2020

1.   De réir Chuid a Ceathair, déanfar cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais a gealladh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (“CAI 2014-2020”) nó faoi pheirspictíochtaí airgeadais roimhe sin a chur chun feidhme in 2019 agus 2020 maidir leis an Ríocht Aontaithe ar bhonn an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.

Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (145) de réir mar is infheidhme sa bhliain 2020, ní bheidh feidhm aige sa Ríocht Aontaithe don bhliain éilimh 2020. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 13 den Rialachán sin maidir le scéim íocaíochtaí díreacha na Ríochta Aontaithe don bhliain éilimh 2020, ar choinníoll gurb ionann scéim den sórt sin agus scéim Rialachán (AE) Uimh 1307/2013, de réir mar is infheidhme sa bhliain 2020.

2.   De mhaolú ar Chuid a Ceathair, ní bheidh an Ríocht Aontaithe agus tionscadail atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe incháilithe ach amháin le haghaidh oibríochtaí airgeadais a dhéantar laistigh d’ionstraimí airgeadais a bhainistítear go díreach nó go hindíreach faoi Theideal X den Rialachán Airgeadais nó oibríochtaí airgeadais arna ráthú ag buiséad an Aontais faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (146) agus an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (147), ar choinníoll gur cheadaigh na heintitis agus na comhlachtaí sin na hoibríochtaí airgeadais sin, lena n‐áirítear BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (“CEI”), nó ag daoine ar cuireadh de chúram orthu cuid de na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, fiú má síníodh na hoibríochtaí airgeadais sin tar éis an dáta sin. Maidir leis na hoibríochtaí airgeadais sin arna gceadú tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, déileálfar le heintitis atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe mar eintitis atá lonnaithe lasmuigh den Aontas.

Airteagal 138

Dlí an Aontais is infheidhme tar éis an 31 Nollaig 2020 i ndáil le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais a gealladh faoi CAI 2014-2020 nó faoi pheirspictíochtaí airgeadais roimhe sin

1.   Maidir le cur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais a gealladh faoi CAI 2014-2020 nó faoi pheirspictíochtaí airgeadais roimhe sin, leanfaidh an dlí is infheidhme de chuid an Aontais, lena n‐áirítear na rialacha maidir le ceartuithe airgeadais agus imréiteach cuntas, d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis an 31 Nollaig 2020 go dtí go ndúnfar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais.

2.   Áireofar leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1 go háirithe na forálacha a leanas, lena n‐áirítear aon leasuithe ar na forálacha sin, gan beann ar dháta glactha, dáta theacht i bhfeidhm nó dáta chur i bhfeidhm an leasaithe:

(a)

an Rialachán Airgeadais;

(b)

na gníomhartha bunúsacha, de réir bhrí phointe (4) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena mbunaítear cláir nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear sna nótaí tráchta buiséid maidir le teidil, caibidlí, airteagail nó míreanna faoinar gealladh na leithreasuithe;

(c)

Airteagal 299 CFAE maidir le hoibleagáidí airgid a bheith inchurtha i bhfeidhm;

(d)

Airteagal 287 CFAE maidir le ról na Cúirte Iniúchóirí chomh maith le rialacha eile maidir leis an institiúid sin;

(e)

Airteagal 325 CFAE maidir le calaois a chomhrac agus gníomhartha gaolmhara, go háirithe Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95.

3.   De mhaolú ar Airteagal 7, féadfaidh ionadaithe nó saineolaithe na Ríochta Aontaithe, nó saineolaithe arna n‐ainmniú ag an Ríocht Aontaithe, arna iarraidh sin orthu, freastal go heisceachtúil, gan cearta vótála, ar chruinnithe na gcoistí a chabhraíonn leis an gCoimisiún Eorpach i gcur chun feidhme agus bainistiú na gclár arna mbunú leis an dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1 nó arna mbunú ag an gCoimisiún Eorpach i leith chur chun feidhme an dlí sin, a mhéid a bhaineann a gcuid oibre leis na blianta airgeadais go dtí 2020.

4.   De mhaolú ar Airteagal 8, beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe, a mhéid is fíorghá chun na cláir agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a chur chun feidhme, ar na líonraí, na córais faisnéise agus na bunachair sonraí a bunaíodh faoi na bunghníomhartha ábhartha nó na rialacha cur chun feidhme gaolmhara a thagann as na bunghníomhartha sin.

5.   Ar mholadh ón gCoiste maidir leis na forálacha airgeadais dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 165(1), féadfaidh an Comhchoiste bearta teicniúla a ghlacadh, i gcomhréir leis na rialacha a bunaíodh in Airteagal 166, chun dúnadh na gclár agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a éascú nó chun an Ríocht Aontaithe a dhíolmhú ó oibleagáidí gníomhartha a dhéanamh, le linn dhúnadh na na gclár agus na ngníomhaíochtaí sin nó dá éis sin, nach bhfuil ábhartha d’iar-Bhallstát, ar choinníoll nach mbeidh na bearta teicniúla sin ag teacht salach ar phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus nach mbeadh buntáiste dá bharr ag an Ríocht Aontaithe ná ag tairbhithe na Ríochta Aontaithe ar na Ballstáit ná na tríú tíortha a ghlacann páirt sna cláir agus sna gníomhaíochtaí céanna a mhaoinítear le buiséad an Aontais.

Airteagal 139

Sciar na Ríochta Aontaithe

Beidh sciar na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 136(3), agus in Airteagal 140 go hAirteagal 147 ina chéatadán a ríomhfar mar an cóimheas idir na hacmhainní dílse a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil sna blianta 2014 go 2020 agus na hacmhainní dílse a chuir na Ballstáit uile agus an Ríocht Aontaithe ar fáil le linn na tréimhse sin arna choigeartú de réir an mhéid a cuireadh in iúl do na Ballstáit roimh an 1 Feabhra 2022 i gcomhréir le hAirteagal 10b(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

Airteagal 140

Gealltanais gan íoc

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas i leith an Aontais maidir le sciar na Ríochta Aontaithe de ghealltanais bhuiséadacha bhuiséad an Aontais agus de bhuiséid ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais nár comhlíonadh an 31 Nollaig 2020 agus beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas sciar na Ríochta Aontaithe de na gealltanais a rinneadh i 2021 maidir le tabhairt anonn leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí ón mbuiséad do 2020.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na gealltanais a bheidh gan íoc ar an 31 Nollaig 2020:

(a)

na gealltanais sin a bhaineann leis na cláir agus na comhlachtaí lena mbaineann Airteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis an Ríocht Aontaithe;

(b)

na gealltanais sin a mhaoinítear le hioncam sannta i mbuiséad an Aontais.

Maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, ní dhéanfar méid a ngealltanas dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur san áireamh ach amháin i gcomhréir leis an sciar de ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais ina n‐ioncam foriomlán don tréimhse 2014-2020.

2.   Ríomhfaidh an tAontas méid na ngealltanas dá dtagraítear i mír 1 an 31 Nollaig 2020. Cuirfidh sé an méid sin in iúl don Ríocht Aontaithe faoin 31 Márta 2021 agus cuirfidh sé liosta leis ar a mbeidh eochair thagartha de gach gealltanas, na línte buiséid a bhaineann leo, agus an méid a bhaineann le gach líne buiséid.

3.   Déanfaidh an tAontas, faoin 31 Márta gach bliain, ag tosú in 2022, maidir leis na gealltanais dá dtagraítear i mír 1, an méid seo a leanas a chur in iúl don Ríocht Aontaithe:

(a)

faisnéis faoi mhéid na ngealltanas nár comhlíonadh 31 Nollaig na bliana roimhe sin agus maidir leis na híocaíochtaí agus na saoraí a rinneadh an bhliain roimhe sin, lena n‐áirítear nuashonrú ar an liosta dá dtagraítear i mír 2;

(b)

meastachán ar na híocaíochtaí ionchais sa bhliain reatha bunaithe ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad;

(c)

meastachán ar ranníocaíocht ionchasach na Ríochta Aontaithe ar íocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b); agus

(d)

faisnéis eile, amhail réamhaisnéis íocaíochta mheántéarmach.

4.   Déanfar an méid bliantúil is iníoctha a ríomh mar sciar na Ríochta Aontaithe den mheastachán dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 arna choigeartú de réir na difríochta idir na híocaíochtaí a rinne an Ríocht Aontaithe sa bhliain roimhe sin agus sciar na Ríochta Aontaithe de na híocaíochtaí a rinne an tAontas an bhliain roimhe sin maidir leis na gealltanais gan íoc dá dtagraítear i mír 1, arna laghdú de réir ghlanmhéid na gceartuithe airgeadais maidir le cláir agus gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi CAI 2014-2020 nó faoi pheirspictíochtaí airgeadais roimhe sin agus arna laghdú ag na fáltais ó aon nósanna imeachta sáraithe a bhaineann le Ballstáit gan acmhainní dílse a chur ar fáil a bhaineann le blianta airgeadais go dtí 2020, ar choinníoll go bhfuarthas na méideanna sin sa bhuiséad an bhliain roimhe sin agus go bhfuil siad cinntitheach. Ní choigeartófar an méid bliantúil is iníoctha ag an Ríocht Aontaithe an bhliain áirithe sin.

In 2021, laghdófar an méid bliantúil is iníoctha ag an Ríocht Aontaithe faoi sciar na Ríochta Aontaithe i maoiniú an bhuiséid don bhliain 2020 maidir le méid na leithreasuithe íocaíochta a thabharfar anonn ó 2020 go 2021 i gcomhréir le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 den Rialachán Airgeadais agus faoi sciar na Ríochta Aontaithe de mhéid iomlán na n‐acmhainní dílse traidisiúnta a chuirfear ar fáil don Aontas i mí Eanáir agus i mí Feabhra 2021 ar bunaíodh teidlíochtaí an Aontais ina leith i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2020. Ina theannta sin, déanfaidh an tAontas sciar na Ríochta Aontaithe de mhéid iomlán na n‐acmhainní dílse traidisiúnta a chuir na Ballstáit ar fáil tar éis an 31 Nollaig 2020 a aisíoc leis an Ríocht Aontaithe le haghaidh earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht i leith nósanna imeachta stórála sealadaí nó custaim, dá dtagraítear in Airteagal 49(2) a thosaigh roimh nó ar an dáta seo, a chríochnú nó a scaoileadh.

5.   Arna iarraidh sin ag an Ríocht Aontaithe tar éis an 31 Nollaig 2028 ar a luaithe, déanfaidh an tAontas meastachán ar na méideanna atá fágtha le híoc ag an Ríocht Aontaithe faoin Airteagal seo, ar bhonn rialach, agus méid na ngealltanas nár comhlíonadh ag deireadh na bliana agus meastachán ar aon saoraí ar na gealltanais sin nár comhlíonadh, aon cheartuithe airgeadais agus aon fháltais ó na nósanna imeachta sáraithe tar éis dheireadh na bliana á gcur san áireamh aige. Tar éis don Ríocht Aontaithe a dheimhniú gur ghlac sí leis an togra chuig an gCoiste maidir leis na forálacha airgeadais dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 165(1) agus an Comhchoiste, íocfaidh an Ríocht Aontaithe an méid measta, arna choigeartú i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, i ndáil leis na híocaíochtaí a rinne an Ríocht Aontaithe an bhliain roimhe sin. Déanfar íocaíocht na méideanna dá dtagraítear sa mhír seo na hoibleagáidí atá fágtha ag an Ríocht Aontaithe nó ag an Aontas faoin Airteagal seo a mhúchadh.

Airteagal 141

Fíneálacha arna gcinneadh roimh nó ar an 31 Nollaig 2020

1.   Maidir le fíneáil a shocróidh an tAontas roimh an 31 Nollaig 2020 nó dá éis sin a d’éirigh cinntitheach agus nach ionann í agus ioncam sannta, aisíocfaidh an tAontas a sciar de mhéid na fíneála a bhailigh an tAontas leis an Ríocht Aontaithe, mura rud é go bhfuil an méid sin taifeadta cheana mar ioncam an bhuiséid i mbuiséad an Aontais an 31 Nollaig 2020 nó roimhe sin.

2.   Maidir le fíneáil a shocróidh an tAontas tar éis an 31 Nollaig 2020 i nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 92(1), aisíocfaidh an tAontas leis an Ríocht Aontaithe a sciar de mhéid na fíneála a bhailigh an tAontas chomh luath agus a éiríonn an fhíneáil sin cinntitheach.

Airteagal 142

Dliteanais an Aontais faoi dheireadh 2020

1.   Beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas maidir leis an Aontas as a sciar de mhaoiniú dhliteanais an Aontais a thabhófar go dtí an 31 Nollaig 2020, cé is moite de na nithe a leanas:

(a)

dliteanais ag a bhfuil sócmhainní comhfhreagracha, lena n‐áirítear: sócmhainní iasachta chúnamh airgeadais an Aontais agus na dliteanais a bhaineann leis an gclár comhardaithe, sócmhainní a fhreagraíonn do réadmhaoin, gléasra agus trealamh agus forálacha a bhaineann le díchóimeáil suíomhanna núicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, agus na hoibleagáidí uile a bhaineann le léasanna, sócmhainní doláimhsithe agus fardail, aon sócmhainní agus dliteanais a bhaineann le bainistiú riosca airgeadra eachtraigh, ioncam fabhraithe agus ioncam iarchurtha agus gach foráil cé is moite d’fhorálacha maidir le fíneálacha, imeachtaí dlíthiúla agus dliteanais ráthaíochta airgeadais; agus

(b)

dliteanais agus sócmhainní a bhaineann le hoibriú an bhuiséid agus le bainistiú acmhainní dílse, lena n‐áirítear airleacain réamh‐mhaoinithe gan íoc, infháltais, airgead, suimeanna iníoctha, agus muirir fhabhraithe, lena n‐áirítear iad siúd a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta nó a áirítear cheana féin sna gealltanais gan íoc (RAL).

2.   Go háirithe, beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas maidir lena sciar de dhliteanas an Aontais maidir le cearta pinsin agus cearta chun sochair eile a fhabhrófar an 31 Nollaig 2020 nó roimhe sin. Déanfar íocaíochtaí a bhaineann leis an dliteanas sin i gcomhréir le mír 5 agus mír 6.

3.   Cuirfidh an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe faoin 31 Márta gach bliain, ag tosú in 2022, na híocaíochtaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin a fhreagraíonn do na dliteanais a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2020 agus méid ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe leis na híocaíochtaí sin.

4.   Faoin 31 Márta gach bliain, ag tosú in 2022, cuirfidh an tAontas doiciméad ar leith maidir le pinsin a bhaineann leis an staid an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin maidir leis an dliteanas dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl don Ríocht Aontaithe, agus cuirfear an méid a leanas ar fáil ann:

(a)

na méideanna atá fágtha fós le híoc maidir leis na dliteanais a thuairiscítear i mír 5;

(b)

na ríomhanna a rinneadh agus na sonraí agus na toimhdí a úsáideadh chun an méid a íocfaidh an Ríocht Aontaithe a shocrú, faoin 30 Meitheamh den bhliain reatha, maidir le híocaíochtaí pinsin foirne agus ranníocaíochtaí as buiséad an Aontais leis an gComhscéim Árachais Breoiteachta (JSIS) a rinneadh sa bhliain roimhe sin i gcomhréir le mír 6 agus meastachán ar na méideanna sin don bhliain reatha;

(c)

maidir leis an daonra an 31 Nollaig 2020, faisnéis faoi líon na dtairbhithe iarbhír agus líon na dtairbhithe measta sa todhchaí de scéimeanna pinsin na foirne agus de scéimeanna árachais breoiteachta ag deireadh na bliana roimhe sin agus a gcearta iarfhostaíochta carntha ag an am sin; agus

(d)

dliteanais gan íoc na Ríochta Aontaithe arna ríomh le luachálacha achtúireacha arna ndéanamh i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí agus míniú ar éabhlóid an dliteanais sin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Féadfar an doiciméad sin a nuashonrú faoin 30 Meán Fómhair an bhliain chéanna chun na figiúirí cinntitheacha don bhliain roimhe sin a léiriú.

5.   Maidir le dliteanas na Ríochta Aontaithe maidir leis na cearta pinsin agus na cearta a bhaineann le sochair eile a bhaineann le fostaíocht dá dtagraítear i mír 2 maidir le pinsin na gComhaltaí agus le pinsin shealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil an Aontais a chumhdaítear le Rialachán Uimh 422/67/CEE ón gComhairle, 5/67/Euratom (148), Cinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa (149) agus Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle (150), ranníocfaidh an Ríocht Aontaithe leis na dliteanais mar a thaifeadtar iad i gcuntais chomhdhlúite an Aontais don bhliain airgeadais 2020 in 10 dtráthchuid ag tosú an 31 Deireadh Fómhair 2021.

6.   Maidir le dliteanas na Ríochta Aontaithe maidir le cearta pinsin agus cearta chun sochair eile a bhaineann le fostaíocht dá dtagraítear i mír 2 maidir le pinsin oifigigh an Aontais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 77 go hAirteagal 84 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus maidir le pinsin comhaltaí foirne sealadaí, comhaltaí foirne ar conradh agus cúntóirí parlaiminte arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 33 go 40, Airteagal 101 go 114 agus Airteagal 135, faoi seach, faoi Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, ranníocfaidh an Ríocht Aontaithe go bliantúil leis na glan‐íocaíochtaí a dhéanfar as buiséad an Aontais do gach tairbhí agus leis an ranníocaíocht ghaolta as buiséad an Aontais le JSIS do gach tairbhí nó duine a thairbhíonn trí thairbhí. Tosófar ar an ranníocaíocht sin a dhéanamh an 30 Meitheamh 2022.

Maidir leis na pinsin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is éard a bheidh san íocaíocht ón Ríocht Aontaithe, suim na nglan‐íocaíochtaí arna ndéanamh as buiséad an Aontais an bhliain roimhe sin do gach tairbhí, arna iolrú faoi sciar na Ríochta Aontaithe agus faoi chéatadán a bheidh sonrach i gcás gach tairbhí (“céatadán sonrach”). Is é seo a leanas an céatadán sonrach:

(a)

i gcás pinsean a fhaigheann tairbhí an 1 Eanáir 2021, is é an céatadán sonrach 100 %;

(b)

i gcás aon tairbhí eile ar phinsean, ríomhfar an céatadán sonrach mar an cóimheas idir na cearta pinsin a fuarthas i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus go háirithe in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an 31 Nollaig 2020 nó roimhe sin, lena n‐áirítear cearta pinsin a aistreofar isteach ar an dáta sin, agus na cearta pinsin a fuarthas ar dháta an scoir, nó an bháis más luaithe sin, nó an dáta a bhfágfaidh an duine an scéim;

(c)

chun críocha ranníocaíocht an bhuiséid le JSIS, déanfar an céatadán sonrach a ríomh mar an cóimheas idir an líon blianta inar ranníoc an tairbhí leis an scéim pinsin go dtí an 31 Nollaig 2020 agus an líon iomlán blianta ar an dáta scoir inar ranníoc an tairbhí, nó an duine a chumhdaítear le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, atá ina bhunús do na cearta faoi JSIS, leis an scéim pinsin.

I gcás tairbhí de phinsean marthanóra nó de phinsean dílleachta a bunaíodh i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, déanfar an ríomh ar bhonn ghairm an duine a chumhdaítear leis na Rialacháin Foirne sin, arb é sin an bonn leis an bpinsean marthanóra nó an leis an bpinsean dílleachta.

Fad nach ndéanfar an dliteanas maidir leis an mír seo a mhúchadh, in aon bhliain ar leith (“bliain N”) féadfaidh an Ríocht Aontaithe iarraidh a sheoladh chuig an Aontas roimh an 1 Márta de bhliain N chun an dliteanas gan íoc a íoc an 31 Nollaig de bhliain N. Bunóidh an tAontas méid an dliteanais gan íoc maidir leis na buntáistí iarfhostaíochta pinsin agus JSIS, trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht chéanna a úsáidtear i bpointe (d) de mhír 4. Má aontaíonn an Ríocht Aontaithe, íocfaidh sé an méid sin i gcúig thráthchuid, agus an chéad íocaíocht á déanamh sa bhliain N+1. Cumhdóidh an Ríocht Aontaithe freisin a dhliteanas i leith na bliana N de réir an nós imeachta a leagtar amach sa mhír seo. Tar éis an íocaíocht sin a bheith críochnaithe, agus ar choinníoll go mbeidh na híocaíochtaí dá dtagraítear i mír 5 curtha i gcrích, déanfar na hoibleagáidí atá fágtha faoin Airteagal seo a mhúchadh. Cuirfear an Coiste um na forálacha airgeadais dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 165(1) agus an Comhchoiste ar an eolas faoin gcás sin.

Airteagal 143

Dliteanais airgeadais theagmhasacha a bhaineann le hiasachtaí le haghaidh cúnamh airgeadais, CEIS, CEFI agus an tsainordaithe iasachtaithe sheachtraigh.

1.   Beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas maidir leis an Aontas as a sciar de dhliteanais airgeadais theagmhasacha an Aontais a eascraíonn ó oibríochtaí airgeadais a bhí:

(a)

socraithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún Eorpach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, i gcás ina mbaineann na hoibríochtaí airgeadais sin le hiasachtaí i leith cúnamh airgeadais arna socrú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (151), Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle (152), nó na cinntí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a sholáthraíonn cúnamh macra-airgeadais do thíortha éagsúla ar bhonn soláthar i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (153) nó Rialachán (CE, Euratom) Uimh 2728/94 ón gComhairle (154);

(b)

formheasta roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ag na comhlachtaí, na heintitis nó na daoine ar cuireadh de chúram orthu go díreach cur chun feidhme na n‐oibríochtaí airgeadais maidir le ráthaíochtaí buiséadacha a tugadh i bhfabhar BEI trí CEIS i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1017 nó tríd an sainordú iasachtaithe sheachtraigh i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 nó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2728/94 agus Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (155) nó Cinneadh Uimh. 1080/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (156), nó a tugadh i bhfabhar macasamhlacha incháilithe (CEFI).

An 31 Iúil 2019, cuirfidh an tAontas tuarascáil ar leith ar fáil don Ríocht Aontaithe maidir leis na hoibríochtaí airgeadais sin, agus soláthróidh sé, maidir le gach cineál ionstraim, faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

na dliteanais airgeadais a eascraíonn ó na hoibríochtaí airgeadais sin ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(b)

i gcás inarb infheidhme, an soláthar a shealbhófar ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo sna cistí ráthaíochta faoi seach nó i gcuntais mhuiníneacha chun na dliteanais airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) agus an soláthar faoi seach a gealladh agus nár íocadh fós a íoc.

I gcuntais chomhdhlúite an Aontais a bhaineann leis na blianta 2019 agus 2020, nochtfar na híocaíochtaí a dhéanfar as an soláthar dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2019 agus 2020, faoi seach, maidir leis na hoibríochtaí airgeadais céanna dá dtagraítear sa mhír seo ach a shocrófar ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó dá éis sin.

Ní dhéanfaidh athstruchtúrú na n‐oibríochtaí airgeadais sin difear do dhliteanas na Ríochta Aontaithe don Aontas maidir leis na hoibríochtaí airgeadais dá dtagraítear sa mhír seo. Go háirithe, ní mhéadóidh neamhchosaint airgeadais na Ríochta Aontaithe, i dtéarmaí ainmniúla, i gcomparáid leis an gcás díreach roimh an athstruchtúrú.

2.   Maidir leis na hoibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, beidh an tAontas faoi dhliteanas i leith na Ríochta Aontaithe as a sciar de:

(a)

aon mhéideanna a ghnóthaigh an tAontas ó fhéichiúnaithe mainneachtana nó a bhaineann le híocaíochtaí neamhdhlite; agus

(b)

aon ghlanioncam a eascraíonn ón difríocht idir ioncam airgeadais agus oibríochta agus costais airgeadais agus oibríochta, arna iontráil mar ioncam, go ginearálta nó sannta, i mbuiséad an Aontais.

Maidir le hioncam ó bhainistiú sócmhainní soláthar ionstraimí a bhfuil foráil á dhéanamh acu, déanfaidh an tAontas céatadán ioncaim a ríomh mar an cóimheas idir glanioncam bhainistíocht sócmhainní na bliana roimhe sin agus an soláthar iomlán atá ann cheana ag deireadh na bliana roimhe sin. Is é méid an dliteanais i dtreo na Ríochta Aontaithe as ioncam ó bhainistiú sócmhainní an tsoláthair an méid a gheofar trí sholáthar reatha na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear i mír 5 a iolrú faoin gcéatadán ioncaim sin.

3.   Faoin 31 Márta 2021, i gcás gach ionstraime dá dtagraítear i mír 1 a fhoráiltear maidir le soláthar ó bhuiséad an Aontais, cuirfidh an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe:

(a)

a sholáthar tosaigh, arna ríomh mar sciar na Ríochta Aontaithe de shuim na nithe a leanas:

(i)

an soláthar a rinneadh sa chiste ráthaíochta comhfhreagrach faoin 31 Nollaig 2020;

(ii)

méid an tsoláthair a rinneadh agus nár íocadh fós faoin 31 Nollaig 2020; agus

(iii)

bhain na híocaíochtaí a rinneadh ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2020 le hoibríochtaí airgeadais a chinnfear ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó dá éis sin; agus

(b)

a ráta mainneachtana soláthair, arna ríomh mar an cóimheas idir soláthar tosaigh na Ríochta Aontaithe don ionstraim sin agus méid na n‐oibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 amhail an 31 Nollaig 2020 a chinnfear roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

4.   An 31 Márta gach bliain, ag tosú in 2021, go dtí amúchadh, dul in éag nó foirceannadh na n‐oibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tAontas faisnéis don Ríocht Aontaithe a bhaineann leis na hoibríochtaí airgeadais sin. Beidh an méid a leanas san fhaisnéis, maidir le gach cineál ionstraime:

(a)

na dliteanais theagmhasacha a bhí gan íoc an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin;

(b)

na híocaíochtaí a rinne an tAontas an bhliain roimhe sin maidir leis na hoibríochtaí airgeadais sin agus méideanna na n‐íocaíochtaí sin a mbeidh carntha tar éis an 31 Nollaig 2020;

(c)

soláthar reatha na Ríochta Aontaithe agus a ráta soláthair reatha mar a leagtar amach i mír 5;

(d)

na haisíocaíochtaí a rinneadh leis an Ríocht Aontaithe an bhliain roimhe sin de réir phointe (a) de mhír 6 agus méideanna na n‐aisíocaíochtaí sin a bheidh carntha tar éis an 31 Nollaig 2020;

(e)

na méideanna a fuarthas agus na glanioncaim arna n‐iontráil i mbuiséad an Aontais dá dtagraítear i mír 2 don bhliain roimhe sin;

(f)

más gá, aon fhaisnéis úsáideach eile maidir leis na hoibríochtaí airgeadais an bhliain roimhe sin.

5.   Faoin 31 Márta gach bliain, i gcás gach ionstraime dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina mbunaíonn an bunghníomh soláthar ó bhuiséad an Aontais, déanfaidh an tAontas:

(a)

soláthar reatha na Ríochta Aontaithe a ríomh, arna shainiú mar an méid de sholáthar tosaigh na Ríochta Aontaithe agus an méid seo bainte as:

(i)

sciar na Ríochta Aontaithe de na híocaíochtaí carntha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 a rinneadh ó bhuiséad an Aontais tar éis an 31 Nollaig 2020 maidir le hoibríochtaí airgeadais a chinnfear roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(ii)

sciar na Ríochta Aontaithe de mhéid na saoraí a rinneadh sna blianta roimhe seo maidir leis na gealltanais gan íoc dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) de mhír 3 den Airteagal seo, mar a cuireadh in iúl de bhun Airteagal 140(3);

(iii)

an leibhéal carntha aisíocaíochtaí a rinneadh leis an Ríocht Aontaithe ón 1 Eanáir 2021, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4;

(b)

an ráta soláthair reatha a shainítear mar an cóimheas idir soláthar reatha na Ríochta Aontaithe agus méid na n‐oibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 a chur in iúl don Ríocht Aontaithe.

6.   Gach bliain ón 2022 ar aghaidh:

(a)

má bhíonn ráta soláthair reatha na Ríochta Aontaithe maidir le hionstraim níos mó ná a ráta mainneachtana soláthair don ionstraim sin, beidh an tAontas faoi dhliteanas maidir leis an Ríocht Aontaithe don ionstraim sin don mhéid a fuarthas trí mhéid na ndliteanas airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 a iolrú faoin difríocht idir an ráta soláthair reatha agus an ráta mainneachtana soláthair. Ní rachaidh dliteanas an Aontais thar sholáthar reatha na Ríochta Aontaithe mar a ríomhadh é i mír 5;

(b)

más rud é, i mbliain áirithe, go dtiocfaidh ráta soláthair reatha na Ríochta Aontaithe maidir le hionstraim chun bheith diúltach, beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas i leith an Aontais maidir leis an ionstraim sin as méid an tsoláthair dhiúltaigh reatha. Sna blianta tar éis sin, beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas i leith an Aontais maidir leis an ionstraim sin as a sciar de na híocaíochtaí arna ndéanamh mar a cuireadh in iúl i gcomhréir le pointe (b) de mhír 4 den Airteagal seo agus sciar na Ríochta Aontaithe de mhéid na saoraí a rinneadh sa bhliain roimhe sin maidir leis na gealltanais gan íoc dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) de mhír 3 den Airteagal seo, mar a chuirtear in iúl de bhun Airteagal 140(3).

7.   Má bhíonn soláthar reatha na Ríochta Aontaithe dearfach nuair a bheidh oibríochtaí airgeadais an Aontais bainteach le hionstraim dá dtagraítear i mír 1, beidh an tAontas faoi dhliteanas i leith na Ríochta Aontaithe maidir le méid soláthair reatha na Ríochta Aontaithe arna ríomh i gcomhréir le mír 5.

8.   Tar éis an 31 Nollaig 2020, má dhéantar íocaíochtaí as buiséad an Aontais maidir leis na hoibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 maidir le hionstraim nach mbunaíonn an bunghníomh foráil ina leith, beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas an Aontais i leith na hionstraime sin as a sciar de na híocaíochtaí arna ndéanamh mar a cuireadh in iúl i gcomhréir le pointe (b) de mhír 4.

9.   Chun críocha an Airteagail seo, i gcás ina mbaineann dliteanais airgeadais, íocaíochtaí, aisghabhálacha nó méideanna eile le hoibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 ach nach féidir a chinneadh go díreach cé acu is de thoradh frithpháirtiú riosca nó de thoradh sásraí fo-ordúcháin a chur i bhfeidhm a eascraíonn siad ó oibríocht airgeadais áirithe, déanfar na dliteanais airgeadais ábhartha, íocaíochtaí, aisghabhálacha nó méideanna eile a cheanglaítear a shocrú chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm a ríomh ar bhonn pro rata bunaithe ar an gcóimheas idir méid na n‐oibríochtaí airgeadais a shocrófar nó a cheadófar roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo an 31 Nollaig an bhliain sula ndearnadh an ríomh agus méid iomlán na n‐oibríochtaí airgeadais ar dháta an ríomha.

10.   I gcás inarb oibríochtaí airgeadais gan amúchadh iad na hoibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, measfar tar éis 10 mbliana go bhfuil na hoibríochtaí airgeadais sin amúchta i gcomhréir le hamúchadh na n‐oibríochtaí amúchta atá fágtha.

Airteagal 144

Ionstraimí airgeadais faoi chur chun feidhme díreach nó indíreach a mhaoinítear le cláir CAI 2014-2020 nó faoi pheirspictíochtaí airgeadais roimhe sin

1.   Ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí go mbeidh amúchadh iomlán ar na hoibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo, déanfaidh an tAontas na hoibríochtaí airgeadais seo a leanas a shainaithint:

(a)

na hoibríochtaí sin ar chinn an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí iad roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus, más gá, a d’fhormheas na hinstitiúidí airgeadais ar chuir an Coimisiún Eorpach de chúram orthu ionstraim airgeadais a chur chun feidhme faoi chláir de chuid CAI 2014-2020 nó faoi pheirspictíochtaí airgeadais níos luaithe faoi chur chun feidhme díreach nó indíreach; agus

(b)

na hoibríochtaí sin ar cinneadh go ndéanfaí iad agus, nuair is gá, a formheasadh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó dá éis sin.

An 31 Iúil 2019, sa tuarascáil dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 143(1), cuirfidh an tAontas an fhaisnéis seo a leanas ar fáil maidir leis na hionstraimí airgeadais, faoi chur chun feidhme díreach nó indíreach, a mhaoinítear le cláir CAI 2014-2020 nó faoi pheirspictíochtaí airgeadais roimhe sin:

(a)

na dliteanais airgeadais a eascróidh, roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, ó na hoibríochtaí ar chinn an Coimisiún Eorpach nó an t‐eintiteas ar chuir an Coimisiún Eorpach de chúram air an ionstraim airgeadais a chur chun feidhme, ar chinn sé go ndéanfaí iad; agus

(b)

na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis na hionstraimí airgeadais agus na suimeanna a gealladh le haghaidh na n‐ionstraimí airgeadais nár íocadh fós ar an dáta sin.

Ní dhéanfaidh athstruchtúrú na n‐oibríochtaí airgeadais sin difear do dhliteanas an Aontais don Ríocht Aontaithe maidir leis na hoibríochtaí airgeadais dá dtagraítear sa mhír seo, sa mhéid nach méadóidh an t‐athstruchtúrú sin an neamhchosaint airgeadais don chontrapháirtí, i dtéarmaí ainmniúla, mar a bhí sé díreach roimh an athstruchtúrú.

2.   An 31 Márta gach bliain, ag tosú in 2021, go dtí go ndéanfar amúchadh, dul in éag nó foirceannadh, i leith gach ionstraim airgeadais dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an tAontas in iúl don Ríocht Aontaithe an fhaisnéis atá ar fáil maidir leis na hoibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a cinneadh nó a ceadaíodh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus na cinn a cinneadh nó a ceadaíodh ar an dáta sin nó dá éis sin. I ngach ionstraim, beidh san fhaisnéis:

(a)

na dliteanais airgeadais amhail an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin a eascraíonn ó na hoibríochtaí airgeadais a chinn an Coimisiún Eorpach, nó a cheadaigh an t‐eintiteas ar chuir an Coimisiún Eorpach de chúram air an ionstraim airgeadais a chur chun feidhme, roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(b)

na dliteanais airgeadais iomlána amhail an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin a eascraíonn ó na hoibríochtaí airgeadais a chinn an Coimisiún Eorpach, nó a shocraigh an t‐eintiteas ar chuir an Coimisiún Eorpach de chúram air an ionstraim airgeadais a chur chun feidhme;

(c)

an cóimheas idir na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);

(d)

na híocaíochtaí a dhéanfar as an gciste soláthair nó as cuntais mhuiníneacha leis na heintitis a gcuirfear cúram orthu, i gcás ina mbaineann na híocaíochtaí sin le hoibríochtaí airgeadais a chinn an Coimisiún Eorpach nó gur cheadaigh an t‐eintiteas ar chuir an Coimisiún Eorpach de chúram air an ionstraim airgeadais a chur chun feidhme, tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(e)

an chuid de na méideanna a íocfar ar ais leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 209(3) den Rialachán Airgeadais, cé is moite de na tuairisceáin dá bhforáiltear i bpointe (f) den mhír seo, a bhaineann le hoibríochtaí airgeadais a chinnfear nó a ceadaíodh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(f)

tuairisceáin ar acmhainní na hionstraime airgeadais sa chiste soláthair nó i gcuntais mhuiníneacha;

(g)

an chuid de mhéid an chiste soláthair nó na gcuntas muiníneach nár eisíodh agus a ghnóthaigh an Coimisiún Eorpach;

(h)

más gá, aon fhaisnéis úsáideach eile maidir leis na hoibríochtaí airgeadais an bhliain roimhe sin.

3.   Beidh an tAontas faoi dhliteanas i leith na Ríochta Aontaithe maidir le sciar na Ríochta Aontaithe d’aon mhéid dá dtagraítear i bpointe (d) go pointe (g) de mhír 2.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, i gcás ina mbaineann dliteanais airgeadais, íocaíochtaí, aisghabhálacha nó méideanna eile le hoibríochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 ach nach féidir a shocrú go díreach cé acu is de thoradh frithpháirtiú riosca nó de thoradh sásraí fo-ordúcháin a chur i bhfeidhm a eascraíonn siad, déanfar na dliteanais airgeadais ábhartha, na híocaíochtaí, na haisghabhálacha nó méideanna eile a cheanglaítear a shocrú chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm a ríomh ar bhonn pro rata, bunaithe ar an gcóimheas dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2.

Airteagal 145

An Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach

Beidh an tAontas faoi dhliteanas maidir leis an Ríocht Aontaithe as a sciar de ghlansócmhainní an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach i leachtú an 31 Nollaig 2020.

Aisíocfaidh an tAontas leis an Ríocht Aontaithe i leith an mhéid iomchuí i gcúig thráthchuid bhliantúla chomhionanna an 30 Meitheamh gach bliain, ag tosú an 30 Meitheamh 2021.

Airteagal 146

Infheistíocht an Aontais in CEI

Beidh an tAontas faoi dhliteanas maidir leis an Ríocht Aontaithe as a sciar d’infheistíocht an Aontais i gcaipiteal íoctha CEI an 31 Nollaig 2020.

Aisíocfaidh an tAontas leis an Ríocht Aontaithe i leith an mhéid iomchuí i gcúig thráthchuid bhliantúla chomhionanna ar an 30 Meitheamh gach bliain dar tosach an 30 Meitheamh 2021.

Airteagal 147

Dliteanais theagmhasacha a bhaineann le cásanna dlí

1.   Beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas as a sciar de na híocaíochtaí is gá chun dliteanais theagmhasacha an Aontais a urscaoileadh a bheidh dlite i ndáil le cásanna dlí a bhaineann le leasanna airgeadais an Aontais maidir leis an mbuiséad agus, go háirithe, maidir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 nó maidir le cásanna dlí a eascraíonn ó chláir agus beartais an Aontais a fhorghníomhú, ar choinníoll gur tharla na fíorais a chuimsíonn ábhar na gcásanna sin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020.

Beidh an tAontas faoi dhliteanas i leith na Ríochta Aontaithe as a sciar d’aon mhéid aisghabhálacha dá éis sin a bhaineann leis na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Cuirfidh an tAontas na méideanna dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Ríocht Aontaithe faoin 31 Márta gach bliain.

Airteagal 148

Íocaíochtaí tar éis 2020

1.   Is iad an 30 Meitheamh agus an 31 Deireadh Fómhair gach bliain na dátaí tagartha do na híocaíochtaí ón Ríocht Aontaithe leis an Aontas nó ón Aontas leis an Ríocht Aontaithe a dhéanfar tar éis an 31 Nollaig 2020 maidir leis na méideanna:

(a)

dá dtagraítear in Airteagal 49(2), in Airteagal 50 agus in Airteagal 53, in Airteagal 62(2), i bpointe (e) d’Airteagal 63(1), agus in Airteagal 63(2), in Airteagal 99(3) agus in Airteagal 100(2);

(b)

dá dtagraítear in Airteagal 84(1);

(c)

dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e) agus (f) d’Airteagal 136(3) faoin gcéad dáta tagartha eile tar éis dháta an choigeartaithe nó an cheartaithe;

(d)

a eascraíonn ó bhearta ceartaitheacha atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe maidir le hacmhainní dílse dlite maidir leis na blianta airgeadais go dtí 2020 mar thoradh ar na rialuithe a rinneadh faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 nó Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 nó ar aon chúis, faoin gcéad dáta tagartha eile tar éis dháta an bhirt cheartaithigh;

(e)

dá dtagraítear in Airteagal 140(4), in dhá thráthchuid ar na dátaí tagartha d’íocaíochtaí, an chéad tráthchuid arb ionann í agus leath den dara ceann;

(f)

dá dtagraítear in Airteagal 140(5), an 30 Meitheamh tar éis don Ríocht Aontaithe a dhearbhú go nglacfaí leis an togra ón Aontas chuig an gCoiste maidir leis na forálacha airgeadais dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 165(1) agus an Comhchoiste;

(g)

dá dtagraítear in Airteagal 141, faoin gcéad dáta tagartha eile tar éis na hacmhainní dílse do na Ballstáit a choigeartú mar thoradh ar iontráil chinntitheach na fíneála i mbuiséad an Aontais;

(h)

dá dtagraítear in Airteagal 142(1) faoin gcéad dáta tagartha eile tar éis dháta na cumarsáide dá dtagraítear i mír 3;

(i)

dá dtagraítear in Airteagal 142(5) agus sa cheathrú fomhír d’Airteagal 142(6), an 31 Deireadh Fómhair gach bliain;

(j)

dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 142(6), an 30 Meitheamh gach bliain;

(k)

dá dtagraítear in Airteagal 143 agus Airteagal 144, faoin gcéad dáta tagartha eile tar éis dháta na cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 143(4) agus Airteagal 144(2);

(l)

dá dtagraítear in Airteagal 145 agus Airteagal 146;

(m)

dá dtagraítear in Airteagal 147(2), faoin gcéad dáta tagartha eile tar éis dháta na cumarsáide dá dtagraítear ann;

(n)

dá dtagraítear i mír 3 mar ús fabhraithe féideartha.

Déanfar íocaíochtaí i gceithre thráthchuid mhíosúla chomhionanna le haghaidh íocaíochtaí a bhfuil an 30 Meitheamh mar dháta tagartha acu agus in ocht dtráthchuid mhíosúla chomhionanna le haghaidh íocaíochtaí a bhfuil an 31 Deireadh Fómhair mar dháta tagartha acu. Déanfar gach íocaíocht faoin lá oibre deireanach gach mí, ag tosú ar an dáta tagartha nó nuair nach lá oibre é an dáta tagartha ar an lá oibre deireanach roimh an dáta tagartha.

2.   Fad a bheidh íocaíochtaí fós le déanamh ag an Aontas leis an Ríocht Aontaithe nó ag an Ríocht Aontaithe leis an Aontas, cuirfidh an tAontas doiciméad ar fáil don Ríocht Aontaithe an 16 Aibreán agus an 16 Meán Fómhair gach bliain ina sonrófar na méideanna ábhartha atá le híoc, arna sloinneadh in euro agus i bpuint na Breataine, bunaithe ar an ráta comhshó a bhí i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar an gcéad lá oibre den mhí. Íocfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe na glanmhéideanna faoi na dátaí dá dtagraítear i mír 1.

3.   Beidh aon mhoill ar íocaíochtaí ón Ríocht Aontaithe leis an Aontas nó ón Aontas leis an Ríocht Aontaithe faoi réir ús a íoc i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

Caibidil 3

AN BANC CEANNAIS EORPACH

Airteagal 149

Aisíocaíocht an chaipitil íoctha

Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach, thar ceann an Aontais, aisíocaíocht le Banc Shasana as an gcaipiteal íoctha arna sholáthar ag Banc Shasana. Bunófar dáta na haisíocaíochta agus socruithe praiticiúla eile i gcomhréir leis an bPrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Caibidil 4

AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

Airteagal 150

Dliteanas leanúnach na Ríochta Aontaithe agus aisíoc an chaipitil íoctha

1.   Leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith faoi dhliteanas, mar a leagtar amach san Airteagal seo, maidir leis na hoibríochtaí airgeadais a cheadaigh BEI roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, de réir na sonruithe breise i mír 2 (“oibríochtaí airgeadais BEI”), fiú má ghlactar leis an neamhchosaint airgeadais ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó dá éis sin, agus leanfaidh sí de bheith faoi dhliteanas i leith rioscaí eile a ghlacann BEI mar a leagtar amach sa dara fomhír.

Bainfidh dliteanas na Ríochta Aontaithe le hoibríochtaí airgeadais BEI agus le rioscaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas agus le rioscaí oibriúcháin atá inchurtha i leith oibríochtaí airgeadais BEI, i gcomhréir le mír 6. Maidir le rioscaí eile den sórt sin nach mbaineann le hoibríochtaí airgeadais sonracha agus nár tháinig as stoc na n‐oibríochtaí airgeadais a tógadh tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh méid dhliteanas na Ríochta Aontaithe comhréireach leis an gcóimheas idir an neamhchosaint atá fágtha de bharr oibríochtaí airgeadais BEI agus méid iomlán na n‐oibríochtaí airgeadais tráth a ghníomhachtófar dliteanas na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le mír 6.

Ní chumhdaíonn raon feidhme an Airteagail seo cur chun feidhme aon straitéise de chuid BEI i leith fáis tar éis an tarraingt siar.

2.   Áireofar ar oibríochtaí airgeadais BEI iasachtaí, ráthaíochtaí, infheistíochtaí ciste, infheistíochtaí cothromais, bannaí agus táirgí eile in ionad iasachta, agus aon oibríochtaí maoinithe eile, le contrapháirtithe nó maidir le tionscadail laistigh agus lasmuigh de chríoch na mBallstát, lena n‐áirítear oibríochtaí arna ráthú ag tríú páirtithe lena n‐áirítear na Ballstáit nó an tAontas.

Beidh dliteanas na Ríochta Aontaithe maidir le hoibríochtaí airgeadais BEI i bhfeidhm i gcás ina mbeidh neamhchosaint airgeadais BEI:

(a)

bunaithe ar cheadú ó Bhord Stiúrthóirí BEI a tugadh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, nó bunaithe ar chinneadh arna ghlacadh ar bhonn tarmligean a rinne Bord Stiúrthóirí a tugadh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(b)

ag eascairt ó athstruchtúrú oibríocht airgeadais BEI, sa mhéid nach méadóidh an t‐athstruchtúrú sin an neamhchosaint airgeadais don chontrapháirtí, i dtéarmaí ainmniúla, mar a bhí sé díreach roimh an athstruchtúrú;

(c)

ag eascairt ó athrú ar oibríocht airgeadais BEI, i gcás inar fhormheas Bord Stiúrthóirí BEI an t‐athrú ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó dá éis sin, a mhéid nach méadóidh an t‐athrú sin an neamhchosaint airgeadais don chontrapháirtí mar a bhí sé díreach roimh an athrú; nó

(d)

ag eascairt ó rannpháirtíocht institiúideach BEI i gcaipiteal CEI agus an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbraíochta, mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Chun críocha na teorainneacha maidir le dliteanas na Ríochta Aontaithe a bhunú de bhun mhír 3 agus mír 5, measfar i dtaobh neamhchosaint BEI mar gheall ar oibríochtaí airgeadais BEI nach bhfuil, mar gheall ar a gcineál, faoi réir amúchta, go háirithe infheistíochtaí amhail infheistíochtaí cothromais, sainorduithe imrothlacha a deonaíodh do CEI, agus rannpháirtíocht i gcaipiteal CEI agus an Bhainc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, measfar go n‐amúchfaidh an neamhchosaint sin mar a leanas: ar feadh tréimhse 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, measfar gurb ionann méid na neamhchosanta neamh‐amúchta faoi oibríocht airgeadais BEI agus an méid a cheadaigh BEI roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, arna laghdú ag aon diúscairt a rinne BEI ón dáta seo i leith. Tar éis na tréimhse sin, déileálfar leis an méid mar laghdú i gcomhréir le hamúchadh neamhchosaint an amúchta atá fágtha de bharr oibríochtaí airgeadais BEI.

3.   Chun críocha mhír 1, beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas as a sciar de chaipiteal suibscríofa neamhghlaoite BEI mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe íocaíochtaí le BEI, suas le méid a dliteanais de bhun na míre seo, nuair a ghníomhachtófar a dliteanas i gcomhréir le mír 6.

Ní bheidh an dliteanas iomlán sin, tráth ar bith, de bhun na míre seo níos mó ná méid sciar na Ríochta Aontaithe de chaipiteal suibscríofa neamhghlaoite BEI mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Nuair is lú méid na neamhchosanta de chuid BEI atá fágtha faoi oibríochtaí airgeadais BEI dá dtagraítear i mír 1 ná méid iomlán chaipiteal suibscríofa BEI mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh méid dhliteanas na Ríochta Aontaithe de bhun na míre seo, tráth ar bith, teoranta don mhéid a fuarthas tríd an gcóimheas idir caipiteal suibscríofa BEI agus méid iomlán chaipiteal suibscríofa BEI mar a bhí siad díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo (“sciar na Ríochta Aontaithe den chaipiteal suibscríofa”) a chur i bhfeidhm ar an difríocht idir méid na neamhchosanta sin fágtha ag an am sin, agus iomlán chaipiteal suibscríofa íoctha BEI mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

4.   Íocfaidh BEI leis an Ríocht Aontaithe thar ceann an Aontais méid atá cothrom le sciar na Ríochta Aontaithe de chaipiteal suibscríofa íoctha BEI mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Déanfar an íocaíocht sin i gcomhréir le Prótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Déanfar í in 12 thráthchuid bhliantúla. Beidh na chéad 11 thráthchuid, gach ceann acu cothrom le EUR 300 000 000, dlite an 15 Nollaig gach bliain ag tosú in 2019. Beidh an t‐iarmhéid EUR 195 903 950 dlite an 15 Nollaig 2030. Ní dhéanfaidh na híocaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis an mír seo an Ríocht Aontaithe a scaoileadh óna dliteanas faoi mhír 5.

5.   De bhreis ar a dliteanas faoi mhír 3, chun críocha mhír 1, beidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas as a caipiteal suibscríofa íoctha de chuid BEI mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe íocaíochtaí le BEI, suas le méid a dliteanais, i gcomhréir leis an mír seo, nuair a ghníomhachtófar a dliteanas faoi mhír 6.

Ní bheidh an dliteanas iomlán sin, tráth ar bith, de bhun na míre seo níos mó ná méid an chaipitil shuibscríofa íoctha de chuid na Ríochta Aontaithe i BEI mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Nuair is lú méid na neamhchosanta de chuid BEI atá fágtha mar gheall ar oibríochtaí airgeadais BEI dá dtagraítear i mír 1 ná iomlán chaipiteal suibscríofa íoctha BEI mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh méid dhliteanas na Ríochta Aontaithe de bhun na míre seo, ag aon am ar bith, teoranta don mhéid a fhaightear ón gcóimheas idir sciar na Ríochta Aontaithe den chaipiteal suibscríofa a chur i bhfeidhm ar mhéid na neamhchosanta sin atá fágtha ag an am sin.

6.   Gníomhachtófar dliteanas na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar bhonn pari passu i gcás na mBallstát, i gcás ina n‐éileoidh BEI ar na Ballstáit íocaíochtaí a dhéanamh mar gheall ar a gcaipiteal suibscríofa neamhghlaoite nó nuair a úsáidtear caipiteal suibscríofa íoctha na mBallstát.

Nuair a ghníomhachtófar dliteanas na Ríochta Aontaithe de bhun mhír 3, íocfaidh an Ríocht Aontaithe an méid atá dlite do BEI faoi na coinníollacha céanna a bhaineann leis na Ballstáit (lena n‐áirítear uainiú agus téarmaí na híocaíochta), mar a chinnfidh Bord Stiúrthóirí BEI ag an am iomchuí. Féadfaidh cinneadh BEI lena n‐éileofar ar na Ballstáit íocaíochtaí a dhéanamh mar gheall ar a gcaipiteal suibscríofa neamhghlaoite, go háirithe, a bheith bainteach le cineál na rioscaí teagmhais is bun leo agus staid airgeadais BEI i bhfianaise a oibleagáidí íocaíochta, staid a shócmhainní agus a dhliteanais, a sheasamh i margaí caipitil, agus forálacha maidir lena phleanáil theagmhasach agus aisghabhála de réir mar is infheidhme ag an am iomchuí.

Nuair a ghníomhachtófar dliteanas na Ríochta Aontaithe de bhun mhír 5, íocfaidh an Ríocht Aontaithe an méid atá dlite do BEI, in euro, laistigh de 30 lá ón gcéad éileamh ó BEI, agus faoi réir an cheathrú fomhír den mhír seo.

Comhlíonfar dliteanas na Ríochta Aontaithe arna ghníomhachtú i gcomhréir le mír 5 ó sciar na Ríochta Aontaithe de chaipiteal suibscríofa íoctha BEI mar a bhí sé díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo suas go dtí an méid nach bhfuil íoctha fós leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le mír 4. Déanfar méid na dtráthchodanna bliantúla dá dtagraítear i mír 4 a laghdú dá réir sin. Más rud é nach féidir dliteanas na Ríochta Aontaithe a chomhlíonadh go hiomlán i gcomhréir leis an modh seo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe an méid eile atá dlite le BEI.

Déanfaidh BEI amach, thar ceann an Aontais, i ngach cás, cé na teagmhais ba chúis le dliteanas na Ríochta Aontaithe a ghníomhachtú chuig an stoc ábhartha oibríochtaí airgeadais nó rioscaí agus an méid a bhfuil oibleagáid ar an Ríocht Aontaithe a íoc le BEI mar a leanas:

(a)

a mhéid gurb oibríochtaí airgeadais BEI is cúis le teagmhais fholuite, nó gur riosca bainistíochta sócmhainne agus dliteanais nó riosca oibriúcháin a bhaineann leis is cúis leo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe le BEI méid atá cothrom le sciar na Ríochta Aontaithe de chaipiteal suibscríofa na suime iomláine a cheanglaítear ar na Ballstáit a íoc, nó méid atá cothrom le sciar na Ríochta Aontaithe de chaipiteal suibscríofa na suime iomláine lena n‐úsáidtear caipiteal suibscríofa na mBallstát atá íoctha isteach, faoi seach;

(b)

a mhéid gur rioscaí eile is cúis le teagmhais fholuite, agus nach aon oibríocht airgeadais shonrach nó nach é an stoc oibríochtaí airgeadais a tógadh tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo is cúis leo, íocfaidh an Ríocht Aontaithe le BEI an méid a eascraíonn ó phointe (a) arna iolrú faoi chóimheas na neamhchosanta atá fágtha de bharr oibríochtaí airgeadais BEI ar mhéid iomlán na n‐oibríochtaí airgeadais tráth a ghníomhachtófar dliteanas na Ríochta Aontaithe.

7.   Ach amháin i gcás na n‐íocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 4, ní bheidh d’oibleagáid ar BEI aon íocaíocht, tuairisceán nó luach saothair eile a dhéanamh mar gheall ar fhoirceannadh chomhaltas na Ríochta Aontaithe sa BEI nó mar gheall ar dhliteanas arna choinneáil ag an Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo.

8.   An 31 Iúil 2019, cuirfidh BEI neamhchosaint na Ríochta Aontaithe faoi oibríochtaí airgeadais BEI in iúl don Ríocht Aontaithe, agus an teorainn ar dhliteanas na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le mír 3 agus mír 5, ar dhóigh a léireoidh staid airgeadais BEI agus dliteanas na Ríochta Aontaithe ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

An 31 Márta gach bliain, ag tosú in 2020, go dtí go dtarlóidh múchadh dliteanais na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh BEI in iúl don Ríocht Aontaithe an neamhchosaint atá fágtha ag an Ríocht Aontaithe faoi oibríochtaí airgeadais BEI, agus an teorainn ar dhliteanas na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le mír 3 agus mír 5, rud a léiríonn staid airgeadais BEI agus dliteanas na Ríochta Aontaithe amhail an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin. Nochtfar sa tuarascáil freisin aon athruithe ábhartha a imríonn tionchar ábhartha, i dtuairim BEI, ar dhliteanas na Ríochta Aontaithe. Cuirfidh BEI faisnéis thráthúil ar fáil freisin má tharlaíonn na hathruithe sin i gcaitheamh na bliana.

Cuirfidh BEI faisnéis thráthúil ar fáil don Ríocht Aontaithe maidir le haon ghníomhachtú ar dhliteanas na Ríochta Aontaithe atá le teacht de bhun an Airteagail seo, i gcomhréir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil do na Ballstáit. Áireofar san fhaisnéis sin faisnéis faoi chineál an teagmhais gníomhachtúcháin agus ríomh na méideanna atá le híoc. Déileálfaidh an Ríocht Aontaithe leis an bhfaisnéis sin faoi rún daingean go dtí go dtógfaidh BEI an rúndacht nó go dtí go ngníomhachtófar dliteanas na Ríochta Aontaithe, cibé acu a dhéanfar ar dtús.

Airteagal 151

Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i ngrúpa BEI tar éis dháta an tarraingt siar

Ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ná tionscadail atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe incháilithe d’oibríochtaí airgeadais nua ón ngrúpa BEI atá in áirithe do na Ballstáit, lena n‐áirítear iad siúd faoi shainorduithe an Aontais. Déileálfar le heintitis a bunaíodh sa Ríocht Aontaithe mar eintitis atá lonnaithe lasmuigh den Aontas.

Féadfar síniú na n‐oibríochtaí airgeadais a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, le heintitis na Ríochta Aontaithe, nó le tionscadail na Ríochta Aontaithe arna gceadú ag grúpa BEI roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, a dhéanamh tar éis an dáta sin ar an mbonn céanna ar ar ceadaíodh iad ar dtús.

Caibidil 5

AN CISTE EORPACH FORBRAÍOCHTA AGUS RÁTHAÍOCHT NA RÍOCHTA AONTAITHE FAOI CHOMHAONTUITHE INMHEÁNACHA CEF

Airteagal 152

Rannpháirtíocht sa Chiste Eorpach Forbraíochta

1.   Leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina páirtí sa Chiste Eorpach Forbraíochta (“CEF”) go dúnadh an 11ú CEF agus gach CEF gan dúnadh roimhe sin, agus, maidir leis sin, glacfaidh sí na hoibleagáidí céanna a ghlacfaidh na Ballstáit faoin gComhaontú Inmheánach trínar bunaíodh é (“an 11ú Comhaontú Inmheánach CEF”) (157), agus glacfaidh sí na hoibleagáidí a eascraíonn ó CEFanna roimhe seo go dtí go ndúnfar iad, lena n‐áirítear aon oibleagáidí den sórt sin faoi Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle (158) agus Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle (159), faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo. Beidh an Ríocht Aontaithe faoi cheangal ag cinntí na Comhairle lena leagtar amach ranníocaíochtaí bliantúla na mBallstát mar a glacadh faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2015/323. Leanfaidh tairbhithe na Ríochta Aontaithe de bheithincháilithe páirt a ghlacadh i dtionscadail faoin 11ú CEF agus CEFanna roimhe seo faoi na coinníollacha céanna a bhí ann roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 7 den Chomhaontú seo, féadfaidh an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh, mar bhreathnóir gan cearta vótála, sa Choiste CEF mar a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 den 11ú Chomhaontú Inmheánach CEF agus sa Choiste um an tSaoráid Infheistíochta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 9 den 11ú Chomhaontú Inmheánach CEF.

3.   Bainfidh na tíortha agus na críocha thar lear dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 3(1) tairbhe as an 11ú CEF go dtí go ndúnfar é agus ó CEFanna roimhe sin go dtí go ndúnfar iad.

4.   Déanfar sciar na Ríochta Aontaithe den tSaoráid Infheistíochta CEF ó thréimhsí leanúnacha CEF a aisíoc leis an Ríocht Aontaithe de réir mar a aibeoidh an infheistíocht. Úsáidfear an modh a leagtar amach in Airteagal 144 chun an aisíocaíocht seo a dhéanamh. Mura gcomhaontófar a mhalairt, ní dhéanfar sciar caipitil na Ríochta Aontaithe a ghealladh arís thar dheireadh na 11ú tréimhse gealltanais CEF ná a rolladh isteach i dtréimhsí ina dhiaidh sin.

Airteagal 153

Athúsáid na saoraí

I gcás nár gealladh na méideanna ó thionscadail faoin 10ú CEF nó na méideanna ó CEFanna roimhe seo i gcomhréir le hAirteagal 1(3) den 11ú Chomhaontú Inmheánach CEF, nó go ndearnadh iad a shaoradh i gcomhréir le hAirteagal 1(4) den 11ú Chomhaontú Inmheánach CEF ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, ní dhéanfar sciar na Ríochta Aontaithe de na méideanna sin a athúsáid.

Beidh feidhm ag an gcéad mhír maidir le sciar na gcistí de chuid na Ríochta Aontaithe nár gealladh nó nár saoradh faoin 11ú EDF tar éis an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 154

Ráthaíocht na Ríochta Aontaithe faoi Chomhaontuithe Inmheánacha éagsúla CEF

Leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith faoi dhliteanas i leith na ráthaíochtaí a thug sí faoi Airteagal 9 den 4ú Comhaontú Inmheánach CEF (160), Airteagal 8 den 5ú (161), den 6ú (162), den 7ú (163) agus den 8ú Comhaontú Inmheánach CEF (164), Airteagal 6 den 9ú Comhaontú Inmheánach CEF (165) agus Airteagal 4 den 10ú (166) agus den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF.

Leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith i dteideal a sciar féin d’aon mhéideanna a aisghabhálfar faoi théarmaí ráthaíochtaí na mBallstát agus i dteideal chomhardú an Chuntais Glao atá aici mar Bhallstát. Sciar na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear san fhomhír seo, beidh sé i gcomhréir lena rannpháirtíocht i ngach comhaontú ráthaíochta faoi seach.

Caibidil 6

NA CISTÍ IONTAOBHAIS AGUS AN tSAORÁID DO DHÍDEANAITHE SA TUIRC

Airteagal 155

Gealltanais i leith na gCistí Iontaobhais agus na Saoráide do Dhídeanaithe sa Tuirc

1.   Comhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe na gealltanais a thug sí roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo do Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don chobhsaíocht agus lena dtugtar aghaidh ar na cúiseanna bunúsacha leis an imirce neamhrialta agus daoine easáitithe san Afraic, a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2015 (167), gealltanais d’aon Chiste Iontaobhais de chuid an Aontais Eorpaigh a chruthófar roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus don tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc, a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 (168) agus aon leasú air a ghlacfar roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sna comhlachtaí ábhartha a bhaineann leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc, de réir na rialacha atá leagtha síos maidir le deontóirí i gcomhréir le hAirteagal 234(4) den Rialachán Airgeadais.

Caibidil 7

GNÍOMHAIREACHTAÍ NA COMHAIRLE AGUS OIBRÍOCHTAÍ AN CHOMHBHEARTAIS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA

Airteagal 156

Oibleagáidí na Ríochta Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo

Go dtí an 31 Nollaig 2020, déanfaidh an Ríocht Aontaithe ranníocaíochtaí le maoiniú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála, agus Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh, mar aon leis na costais a bhaineann le hoibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, ar bhonn na scálaí ranníocaíochta a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 14(9) de Chinneadh (AE) 2016/1353 ón gComhairle (169), in Airteagal 10(3) de Chinneadh 2014/75/CBES ón gComhairle (170), in Airteagal 10(3) de Chinneadh 2014/401/CBES ón gComhairle (171) agus sa dara fomhír d’Airteagal 41(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, faoi seach, agus i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chomhaontú seo.

Airteagal 157

Oibleagáidí na Ríochta Aontaithe tar éis an 31 Nollaig 2020

1.   Bunaithe ar chuntais na ngníomhaireachtaí, a mhéid nár soláthraíodh na dliteanais ábhartha an 31 Nollaig 2020, íocfaidh an Ríocht Aontaithe a sciar de na dliteanais seo a leanas i gcomhréir lena scála ranníocaíochta maidir le gach ceann de na gníomhaireachtaí ar bhonn a gcuid cuntas iniúchta an 31 Nollaig 2020:

(a)

na dliteanais phinsin i leith phearsanra na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála, agus Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh;

(b)

aon dliteanais a thagann as leachtú Aontas Iarthar na hEorpa.

2.   Is faoin 30 Meitheamh 2021 a dhéanfar na híocaíochtaí maidir leis na dliteanais dá dtagraítear i mír 1.

CUID A SÉ

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

TEIDEAL I

LÉIRIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM LEANÚNACH

Airteagal 158

Tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Cuid a Dó

1.   Más rud é, le linn cás ar cuireadh tús leis ag an gcéad chéim laistigh d’ocht mbliana ó dheireadh na hidirthréimhse os comhair cúirt nó binse sa Ríocht Aontaithe, go ndéantar ceist a bhaineann le léiriú Chuid a Dó den Chomhaontú seo a thabhairt ar aird, agus go bhfuil an chúirt nó an binse sin den tuairim gur gá cinneadh a dhéanamh faoin gceist sin le go bhféadfaidh sí nó sé breithiúnas a thabhairt sa chás sin, féadfaidh an chúirt nó an binse sin a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh réamhrialú a thabhairt i leith na ceiste sin.

Mar sin féin, más rud é gur cinneadh maidir le hiarratas a rinneadh de bhun Airteagal 18(1) nó (4) nó de bhun Airteagal 19 is ábhar do chás os comhair na cúirte nó an bhinse sa Ríocht Aontaithe, ní fhéadfar réamhrialú a iarraidh ach amháin má cuireadh tús leis an gcás ag an gcéad chéim laistigh de thréimhse 8 mbliana ón dáta óna raibh feidhm ag Airteagal 19.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh réamhrialú a thabhairt i leith iarrataí de bhun mhír 1. Is ionann na héifeachtaí dlíthiúla a bheidh leis na réamhrialuithe sin sa Ríocht Aontaithe agus na héifeachtaí dlíthiúla a bheidh leis na réamhrialuithe de bhun Airteagal 267 CFAE san Aontas agus sna Ballstáit.

3.   I gcás ina nglacfaidh an Comhchoiste cinneadh faoi Airteagal 132(1), cuirfear síneadh go huathoibríoch leis an tréimhse ocht mbliana dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 de réir líon comhfhreagrach na míonna lena gcuirtear síneadh leis an idirthréimhse.

Airteagal 159

Faireachán ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm Chuid a Dó

1.   Sa Ríocht Aontaithe, déanfaidh údarás neamhspleách (“an tÚdarás”) faireachán ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Chuid a Dó agus beidh cumhachtaí aige a bheidh coibhéiseach leis na cumhachtaí atá ag an gCoimisiún Eorpach agus é ag gníomhú faoi na Conarthaí chun fiosrúcháin a dhéanamh ar a thionscnamh féin maidir leis na sáruithe a líomhnaíodh a rinne údaráis riaracháin na Ríochta Aontaithe ar Chuid a Dó agus chun gearáin a fháil ó shaoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh chun na fiosrúcháin sin a dhéanamh. Beidh an ceart ag an Údarás freisin, tar éis na ngearán sin, caingean dlí a thabhairt os comhair cúirt nó binse inniúil sa Ríocht Aontaithe i nós imeachta breithiúnach iomchuí d’fhonn leigheas oiriúnach a lorg.

2.   Cuirfidh an Coimisiún Eorpach agus an tÚdarás araon an Coiste speisialaithe ar an eolas faoi chearta na saoránach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 165(1) maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Chuid a Dó san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, faoi seach. Cumhdóidh an fhaisnéis a thabharfar, go háirithe, na bearta a dhéanfar chun Cuid a Dó a chur chun feidhme nó a chomhlíonadh agus líon agus cineál na ngearán a fuarthas.

3.   Tráth nach luaithe ná ocht mbliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse, déanfaidh an Coiste Comhpháirteach feidhmiú an Údaráis a mheas. Tar éis an mheasúnaithe sin, féadfaidh sé a chinneadh, de mheon macánta, de bhun pointe (f) d’Airteagal 164(4) agus Airteagal 166, go bhféadfaidh an Ríocht Aontaithe deireadh a chur leis an Údarás.

Airteagal 160

Dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le forálacha áirithe de Chuid a Cúig

Gan dochar d’Airteagal 87 den Chomhaontú seo, beidh feidhm ag Airteagal 258, Airteagal 260 agus ag Airteagal 267 CFAE maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 136 agus Airteagal 138(1) nó (2) den Chomhaontú seo. Chuige sin, tuigfear go n‐áireofar an Ríocht Aontaithe in aon tagairt a dhéantar do Bhallstát in Airteagal 258, in Airteagal 260 agus in Airteagal 267 CFAE.

Airteagal 161

Nósanna imeachta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.   I gcás ina gcuirfidh cúirt nó binse Ballstáit ceist a bhaineann le léiriú an Chomhaontaithe seo faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le haghaidh réamhrialú, cuirfear cinneadh na cúirte nó an bhinse náisiúnta sin faoin gceist in iúl don Ríocht Aontaithe.

2.   Maidir leis na forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear nósanna imeachta a thionscnaítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, beidh feidhm acu mutatis mutandis maidir le hiarrataí ar rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh arna ndéanamh de bhun Airteagal 158 den Chomhaontú seo.

Maidir leis na forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear an nós imeachta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, beidh feidhm acu maidir leis na himeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na hiarrataí ar réamhrialú arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 160 den Chomhaontú seo.

3.   Sna cásanna a thionscnaítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le mír 1, Airteagal 158 agus Airteagal 160 den Chomhaontú seo, agus Airteagal 12 den Phrótacal maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha:

(a)

féadfaidh an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sna himeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an gcaoi chéanna a nglacann na Ballstáit páirt ann;

(b)

na dlíodóirí atá údaraithe chun cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na Ríochta Aontaithe, beidh siad i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtithe nó cúnamh a thabhairt dóibh in imeachtaí den sórt sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; i gcásanna den sórt sin, caithfear leis na dlíodóirí sin i ngach slí mar dhlíodóirí atá údaraithe cleachtadh os comhair chúirteanna na mBallstát chun ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtí nó chun cúnamh a thabhairt dó os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 162

Rannpháirtíocht an Choimisiúin Eorpaigh i gcásanna atá ar feitheamh sa Ríocht Aontaithe

I gcás inar gá é de bharr léiriú agus chur i bhfeidhm comhsheasmhach an Chomhaontaithe seo, féadfaidh an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid chúirteanna agus bhinsí na Ríochta Aontaithe i gcásanna atá ar feitheamh a bhfuil baint acu le léiriú an Chomhaontaithe. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach, le cead na cúirte nó an bhinse lena mbaineann, barúlacha a thabhairt ó bhéal freisin. Sula gcuirfidh an Coimisiún Eorpach barúlacha den sórt sin isteach go foirmiúil, cuirfidh sé in iúl don Ríocht Aontaithe go bhfuil sé ar intinn aige sin a dhéanamh.

Airteagal 163

Idirphlé tráthrialta agus malartú faisnéise

Chun léiriú comhsheasmhach an Chomhaontaithe seo a éascú, agus le lánurraim do neamhspleáchas na gcúirteanna, déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na cúirteanna is airde sa Ríocht Aontaithe idirphlé tráthrialta a bheidh analógach leis an idirphlé a dhéantar idir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na cúirteanna is airde sna Ballstáit.

TEIDEAL II

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

Airteagal 164

Comhchoiste

1.   Bunaítear leis seo Comhchoiste ar a mbeidh ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe. Beidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

2.   Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile ar iarratas ón Aontas nó ón Ríocht Aontaithe, agus i gcás ar bith uair sa bhliain ar a laghad. Is de chomhthoiliú a shocróidh an Comhchoiste sceideal na gcruinnithe agus clár na gcruinnithe. Beidh obair an Chomhchoiste faoi rialú ag na rialacha nós imeachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.   Beidh an Comhchoiste freagrach as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, araon, aon saincheist a bhaineann le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus léiriú an Chomhaontaithe seo a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

4.   Déanfaidh an Comhchoiste:

(a)

cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a mhaoirsiú agus a éascú;

(b)

na cúraimí a bheidh ar na coistí speisialaithe a shocrú agus a gcuid oibre a mhaoirsiú;

(c)

slite agus modhanna oiriúnacha a lorg chun fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a sheachaint nó chun díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a réiteach;

(d)

aon ábhar leasa a bhaineann le réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a mheas;

(e)

cinntí a ghlacadh agus moltaí a dhéanamh mar a leagtar amach in Airteagal 166; agus

(f)

leasuithe ar an gComhaontú seo a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.

5.   Féadfaidh an Comhchoiste:

(a)

freagrachtaí a tharmligean chuig coistí speisialaithe, ach amháin na freagrachtaí sin dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (e) agus pointe (f) de mhír 4;

(b)

coistí speisialaithe a bhunú seachas na coistí sin arna mbunú le hAirteagal 165, d’fhonn cabhrú leis an gComhchoiste a chúraimí a dhéanamh;

(c)

na cúraimí arna gcur ar choistí speisialaithe a athrú agus aon cheann de na coistí sin a dhíscaoileadh;

(d)

cinntí a ghlacadh, seachas maidir le Cuid a hAon, Cuid a Ceathair agus Cuid a Sé, go dtí deireadh an cheathrú bliain tar éis dheireadh na hidirthréimhse, is cinntí lena ndéantar an Comhaontú seo a leasú, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú seo, agus ar choinníoll nach bhféadfaidh na cinntí sin eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe seo a leasú;

(e)

leasuithe a ghlacadh ar na rialacha nós imeachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII; agus

(f)

cibé bearta eile a dhéanamh, i bhfeidhmiú a fheidhmeanna, de réir mar a chinnfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

6.   Eiseoidh an Comhchoiste tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 165

Coistí speisialaithe

1.   Bunaítear leis seo na coistí speisialaithe seo a leanas:

(a)

an Coiste um chearta na saoránach;

(b)

an Coiste um fhorálacha idirscartha eile;

(c)

an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann;

(d)

an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir;

(e)

an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le Giobráltar; agus

(f)

an Coiste um na forálacha airgeadais.

Ar na coistí speisialaithe sin beidh ionadaithe ón Aontas agus ionadaithe ón Ríocht Aontaithe.

2.   Beidh obair na gcoistí speisialaithe faoi rialú ag na rialacha nós imeachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú seo.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, nó mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, tiocfaidh na coistí speisialaithe le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe breise a thionól ar iarratas ón Aontas, ón Ríocht Aontaithe, nó ón gComhchoiste. Beidh ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar na cruinnithe sin. Is de chomhthoiliú a shocróidh na coistí speisialaithe sceideal a gcruinnithe agus clár a gcruinnithe. Féadfaidh na coistí speisialaithe dréachtchinntí agus dréachtmholtaí a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an Chomhchoiste lena nglacadh.

3.   Áiritheoidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go mbeidh an saineolas iomchuí maidir leis na saincheisteanna a bheidh faoi chaibidil ag a n‐ionadaithe faoi seach a bheidh ar na coistí speisialaithe.

4.   Cuirfidh na coistí speisialaithe an Comhchoiste ar an eolas faoi sceidil agus cláir a gcruinnithe luath go leor roimh na cruinnithe sin, agus cuirfidh siad tuairisc faoi bhráid an Chomhchoiste ar thorthaí agus ar chonclúidí gach ceann de na cruinnithe sin. Ní fhágfaidh coiste speisialaithe a cruthaíodh nó atá ann nach féidir leis an Aontas féin nó leis an Ríocht Aontaithe féin ábhar ar bith a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

Airteagal 166

Cinntí agus moltaí

1.   Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh sé de chumhacht ag an gComhchoiste cinntí a ghlacadh maidir leis na hábhair uile dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo agus moltaí iomchuí a chur chuig an Aontas agus an Ríocht Aontaithe.

2.   Maidir leis na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe, agus cuirfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe na cinntí sin chun feidhme. Beidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna acu agus atá ag an gComhaontú seo.

3.   Is de chomhthoiliú a ghlacfaidh an Comhchoiste a chinntí agus a dhéanfaidh sé moltaí.

TEIDEAL III

DÍOSPÓIDÍ A RÉITEACH

Airteagal 167

Comhar

Féachfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i gcónaí le teacht ar chomhaontú faoi léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus déanfaidh siad gach iarracht le comhar agus le comhairliúcháin teacht ar réiteach atá sásúil don dá pháirtí ar aon ábhar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibriú an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 168

Eisiachas

Maidir le haon díospóid idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a thiocfaidh chun cinn faoin gComhaontú seo, ní bheidh ar fáil don Aontas agus don Ríocht Aontaithe ach na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.

Airteagal 169

Comhairliúcháin agus cumarsáidí laistigh den Chomhchoiste

1.   Féachfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le haon díospóid a réiteach maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm fhorálacha an Chomhaontaithe seo trí dhul i mbun comhairliúcháin sa Chomhchoiste de mheon macánta, agus é mar aidhm acu teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach. Aon pháirtí ar mian leis dul i mbun comhairliúchán, tabharfaidh sé fógra faoi i scríbhinn don Chomhchoiste.

2.   Aon chumarsáid nó aon fhógra idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe dá bhforáiltear sa Teideal seo, déanfar í nó é laistigh den Chomhchoiste.

Airteagal 170

An nós imeachta eadrána a thionscnamh

1.   Gan dochar d’Airteagal 160, mura dtagtar ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach laistigh de thrí mhí tar éis fógra a thabhairt i scríbhinn don Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 169(1), féadfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe a iarraidh go mbunófar painéal eadrána. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána. San iarraidh, sainaithneofar ábhar na díospóide a thionscnófar os comhair an phainéil eadrána agus achoimre na n‐argóintí dlí a thacaíonn leis an iarraidh.

2.   Féadfaidh an tAontas agus an Riocht Aontaithe a chomhaontú go bhféadfar bunú painéil eadrána a iarraidh sula dtéann an teorainn ama atá leagtha síos i mír 1 in éag.

Airteagal 171

Bunú an phainéil eadrána

1.   Ar dháta nach déanaí ná deireadh na hidirthréimhse, bunóidh an Comhchoiste liosta de 25 dhuine a bheidh toilteanach agus in ann a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána. Chuige sin, cuirfidh an tAontas deichniúr chun tosaigh agus cuirfidh an Ríocht Aontaithe deichniúr chun tosaigh. Cuirfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe cúigear chun tosaigh go comhpháirteach freisin chun bheith ag feidhmiú mar chathaoirleach an phainéil eadrána. Áiritheoidh an Comhchoiste go ndéanfaidh an liosta na ceanglais sin a chomhlíonadh tráth ar bith.

2.   An liosta a bhunaítear de bhun mhír 1, ní bheidh air ach daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras, a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun iad a cheapadh sna hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha féin nó ar dlí‐eolaithe iad a n‐aithnítear a n‐inniúlacht, agus a bhfuil eolas nó taithí speisialaithe ar dhlí an Aontais agus ar dhlí idirnáisiúnta poiblí acu. Ar an liosta sin, ní bheidh daoine atá ina gcomhaltaí, ina n‐oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit nó de rialtas na Ríochta Aontaithe.

3.   Ar phainéal eadrána beidh cúig chomhalta.

4.   Laistigh de 15 lá ón dáta iarrata i gcomhréir le hAirteagal 170, bunófar an painéal i gcomhréir le mír 5 agus mír 6.

5.   Déanfaidh an tAontas agus an Ríocht aontaithe faoi seach dhá chomhalta a ainmniú as measc na ndaoine ar an liosta a bhunaítear faoi mhír 1. Roghnóidh comhaltaí an phainéil an cathaoirleach de chomhthoil as measc na ndaoine arna n‐ainmniú go comhpháirteach ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe chun bheith mar chathaoirleach.

I gcás nach mbeidh comhaltaí an phainéil in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an gcathaoirleach a roghnú laistigh den teorainn ama atá leagtha síos i mír 4, féadfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe a iarraidh ar Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an cathaoirleach a roghnú trína chur ar chrainn as measc na ndaoine a chuir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe chun tosaigh go comhpháirteach chun feidhmiú mar chathaoirleach.

6.   Déanfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an roghnú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5 laistigh de chúig lá tar éis an iarraidh dá dtagraítear i mír 5 a fháil. Beidh ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe i dteideal a bheith i láthair ag an roghnú.

7.   Tabharfar an nós imeachta um roghnú i gcrích ar an dáta a bhunófar an painéal eadrána.

8.   I gcás nach mbunófar an liosta dá dtagraítear i mír 1 faoin am a théann an teorainn ama atá leagtha síos i mír 4 in éag, déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoi seach beirt a ainmniú laistigh de chúig lá chun bheith ina gcomhaltaí ar an bpainéal. Más rud é gur cuireadh daoine chun tosaigh faoi mhír 1, déanfar na hainmniúcháin as measc na ndaoine sin. Ansin, ceapfar an cathaoirleach i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i mír 5. I gcás nach ndéanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, laistigh de chúig lá breise, duine amháin ar a laghad a chur chun tosaigh go comhpháirteach chun bheith ina chathaoirleach, cuirfidh Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána, laistigh de chúig lá agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aontas agus leis an Ríocht Aontaithe, cathaoirleach chun tosaigh a chomhlíonann ceanglais mhír 2. Mura gcuirfidh an tAontas ná an Ríocht Aontaithe i gcoinne an mholta sin laistigh de chúig lá, ceapfar an duine a chuir Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána chun tosaigh.

9.   I gcás nach n‐éireoidh leo painéal eadrána a bhunú laistigh de thrí mhí ón dáta a rinneadh an iarraidh de bhun Airteagal 170, déanfaidh Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána, ar iarraidh ón Aontas nó ón Ríocht Aontaithe, laistigh de 15 lá ón am a fhaightear iarraidh den sórt sin agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aontas agus leis an Ríocht Aontaithe, daoine a cheapadh a chomhlíonann ceanglais mhír 2 den Airteagal seo chun an painéal eadrána a dhéanamh.

Airteagal 172

Rialacha nós imeachta

Beidh na nósanna imeachta maidir le díospóidí a réiteach atá leagtha amach sa Teideal seo faoi rialú ag na rialacha nós imeachta atá leagtha amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IX (“Rialacha Nós Imeachta”), déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú leanúnach ar fheidhmiú na nósanna imeachta sin maidir le díospóidí a réiteach agus féadfaidh sé na Rialacha Nós Imeachta a leasú.

Airteagal 173

Teorainn ama an nós imeachta os comhair an phainéil eadrána

1.   Tabharfaidh an painéal eadrána fógra don Aontas agus don Ríocht Aontaithe faoina rialú laistigh de 12 mhí ón dáta a bhunófar an painéal eadrána. I gcás ina measfaidh an painéal eadrána nach féidir leis an méid sin a chomhlíonadh laistigh den teorainn ama sin, tabharfaidh a chathaoirleach fógra don Aontas agus don Ríocht Aontaithe i scríbhinn, agus luafar ann na fáthanna leis an moill agus an dáta ar a bhfuil sé ar intinn ag an bpainéal a gcuid oibre a thabhairt i gcrích.

2.   Laistigh de 10 lá ón dáta a bhunófar an painéal eadrána, féadfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe iarraidh réasúnaithe a thíolacadh ina léirítear go bhfuil práinn leis an gcás. Sa chás sin, tabharfaidh an painéal eadrána rialú maidir leis an bpráinn laistigh de 15 lá ón dáta a fhaightear iarraidh den sórt sin. Más rud é go mbeidh cinneadh déanta maidir le práinn an cháis, déanfaidh an painéal eadrána gach iarracht fógra faoina rialú a thabhairt don Aontas agus don Ríocht Aontaithe laistigh de shé mhí ó dháta a bhunaithe.

Airteagal 174

Díospóidí lena ndéantar ceisteanna maidir le dlí an Aontais a thabhairt ar aird

1.   I gcás díospóid a cuireadh faoi eadráin i gcomhréir leis an Teideal seo, ina ndéantar ceist a thabhairt ar aird is ceist maidir le léiriú coincheapa de chuid dhlí an Aontais, ceist maidir le léiriú forála de chuid dhlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo, nó ceist i dtaobh ar chomhlíon an Ríocht Aontaithe a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 89(2), ní dhéanfaidh an painéal eadrána cinneadh maidir le haon cheist den sórt sin. I gcás den sórt sin, iarrfaidh sé ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú a thabhairt maidir leis an gceist. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú den sórt sin a thabhairt, agus beidh an rialú ina cheangal ar an bpainéal eadrána.

Tar éis dó éisteacht leis na páirtithe, déanfaidh an painéal eadrána an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Gan dochar don chéad abairt sa chéad fhomhír de mhír 1, má mheasann an tAontas nó an Ríocht Aontaithe go ndéanfar iarraidh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh ceachtar díobh aighneachtaí a chur faoi bhráid an phainéil eadrána chuige sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an painéal eadrána an iarraidh a thíolacadh i gcomhréir le mír 1, mura rud é, maidir leis an gceist a tugadh ar aird, nach bhfuil baint aici le léiriú coincheapa de dhlí an Aontais, léiriú forála de dhlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo, nó nach mbaineann sé le cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 89(2). Tabharfaidh an painéal eadrána fáthanna lena mheasúnú. Laistigh de 10 lá tar éis an mheasúnaithe, féadfaidh ceachtar den dá pháirtí a iarraidh ar an bpainéal eadrána a mheasúnú a athbhreithniú, agus eagrófar éisteacht laistigh de 15 lá tar éis iarraidh a fháil ar éisteacht idir na páirtithe ar an ábhar. Tabharfaidh an painéal eadrána fáthanna lena mheasúnú.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, cuirfear na teorainneacha ama atá leagtha síos in Airteagal 173 ar fionraí go dtí go mbeidh a rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh ceangal ar an bpainéal eadrána a rialú a thabhairt roimh 60 lá ón dáta ar a mbeidh rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina leith.

4.   Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 161(2) agus ag Airteagal 161(3) mutatis mutandis maidir leis na nósanna imeachta a thionscnaítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 175

An rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh

Beidh an rialú ón bpainéal eadrána ina cheangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe aon bheart is gá chun rialú an phainéil eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta agus féachfaidh siad le teacht ar chomhaontú maidir leis an tréimhse ama chun an rialú a chomhlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 176.

Airteagal 176

Tréimhse ama réasúnach le haghaidh comhlíonadh

1.   Ar dháta nach déanaí ná 30 lá tar éis fógra a thabhairt maidir leis an rialú ón bpainéal eadrána don Aontas agus don Ríocht Aontaithe, tabharfaidh an freagróir, más amhlaidh go dtugann an painéal rialú i bhfabhar an ghearánaigh, fógra don ghearánach maidir leis an am a mheasann sé a bheith ag teastáil chun a chomhlíonta (an “tréimhse ama réasúnach”).

2.   Má bhíonn easaontú ann idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an tréimhse ama réasúnach chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh, iarrfaidh an gearánach i scríbhinn, laistigh de 40 lá ón dáta a fhaightear fógra ón bhfreagróir faoi mhír 1, ar an bpainéal eadrána bunaidh fad na tréimhse ama réasúnaí a chinneadh. Tabharfar fógra faoin iarraidh sin an tráth céanna don fhreagróir. Déanfaidh an painéal eadrána fógra maidir lena chinneadh faoin tréimhse a ndéanfar an comhlíonadh lena linn a thabhairt don Aontas agus don Ríocht Aontaithe laistigh de 40 lá ón dáta a thíolacfar an iarraidh.

3.   I gcás nach féidir leis an bpainéal eadrána bunaidh, nó cuid dá chomhaltaí, ationól chun iarraidh faoi mhír 2 a mheas, bunófar painéal eadrána nua mar a leagtar amach in Airteagal 171. Is é 60 lá ón dáta a bhunófar an painéal eadrána nua a bheidh sa teorainn ama chun fógra a thabhairt faoin gcinneadh.

4.   Cuirfidh an freagróir an gearánach ar an eolas faoina dhul chun cinn maidir le comhlíonadh an rialaithe ón bpainéal eadrána dá dtagraítear in Airteagal 173 aon mhí amháin ar a laghad sula rachaidh an tréimhse ama réasúnach in éag.

5.   Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse ama réasúnach trí chomhaontú frithpháirteach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 177

Athbhreithniú ar aon bheart a dhéanfar chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh

1.   Tabharfaidh an freagróir fógra don ghearánach roimh dheireadh na tréimhse ama réasúnaí faoi aon bheart a bheidh déanta aige chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh.

2.   Má mheasann an gearánach, ag deireadh na tréimhse réasúnaí, gur mhainnigh an freagróir an rialú ón bpainéal eadrána dá dtagraítear in Airteagal 173 a chomhlíonadh, féadfaidh an gearánach a iarraidh i scríbhinn ar an bpainéal eadrána bunaidh rialú ar an ábhar. Tabharfaidh an painéal eadrána fógra don Aontas agus don Ríocht Aontaithe faoina rialú laistigh de 90 lá ón dáta a thíolacfar an iarraidh.

3.   I gcás nach féidir leis an bpainéal eadrána bunaidh, nó cuid dá chomhaltaí, ationól chun iarraidh faoi mhír 2 a mheas, bunófar painéal eadrána nua mar a leagtar amach in Airteagal 171. Is é 60 lá ón dáta a bhunófar an painéal eadrána nua a bheidh sa teorainn ama chun fógra a thabhairt faoin rialú.

4.   Más rud é, de thoradh cás arna tharchur chuig an bpainéal eadrána de bhun mhír 2, go ndéantar ceist maidir le léiriú coincheapa de chuid dhlí an Aontais nó ceist maidir le léiriú forála de chuid dhlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo a thabhairt ar aird, beidh feidhm ag Airteagal 174 mutatis mutandis.

Airteagal 178

Leigheasanna sealadacha i gcás neamhchomhlíonadh

1.   Má rialaíonn an painéal eadrána i gcomhréir le hAirteagal 177(2) gur mhainnigh an freagróir an rialú ón bpainéal eadrána dá dtagraítear in Airteagal 173 a chomhlíonadh, féadfaidh sé cnapshuim nó íocaíocht phionósach, a íocfar leis an ngearánach, a fhorchur, arna iarraidh sin ag an ngearánach. Agus an chnapshuim nó an íocaíocht phionósach á socrú aige, cuirfidh an painéal eadrána san áireamh a thromchúisí atá an neamhchomhlíonadh agus an sárú ar an oibleagáid a bhaineann leis sin, fad an neamhchomhlíonta agus an sárú ar an oibleagáid a bhaineann leis sin.

2.   Más rud é gur mhainnigh an freagróir, mí amháin tar éis an rialaithe ón bpainéal eadrána dá dtagraítear i mír 1, aon chnapshuim nó aon íocaíocht phionósach a forchuireadh air a íoc, nó más rud é, sé mhí tar éis an rialaithe ón bpainéal eadrána dá dtagraítear in Airteagal 177(2), go leanfaidh an freagróir de gan an rialú ón bpainéal eadrána dá dtagraítear in Airteagal 173 a chomhlíonadh, beidh an gearánach i dteideal, tar éis fógra a thabhairt don fhreagróir, oibleagáidí a éiríonn as na nithe seo a leanas a chur ar fionraí:

(a)

aon fhoráil den Chomhaontú seo seachas na forálacha sin atá i gCuid a Dó; nó

(b)

codanna d’aon chomhaontú eile idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú sin.

Sonrófar san fhógra na forálacha a mbeidh sé ar intinn ag an ngearánach iad a chur ar fionraí. Sula gcinnfidh sé codanna de chomhaontú dá dtagraítear i bpointe (b) a chur ar fionraí, breithneoidh an gearánach ar dtús an freagra iomchuí ar an sárú é an fhoráil den Chomhaontú seo a chur ar fionraí i gcomhréir le pointe (a). Aon fhionraí a dhéanfar, beidh sí comhréireach leis an sárú oibleagáide lena mbaineann agus, cuirfear san áireamh tromchúis an tsáraithe agus na cearta i dtrácht agus, i gcás ina mbeidh an fhionraí bunaithe ar an bhfíoras go leanann an freagróir de gan an rialú ón bpainéal eadrána dá dtagraítear in Airteagal 173 a chomhlíonadh, cuirfear san áireamh ar forchuireadh íocaíocht phionósach ar an bhfreagróir agus ar íocadh í nó an bhfuil sí á híoc go fóill ag an bhfreagróir sin.

Féadfaidh an gearánach an fhionraí a chur chun feidhme ag aon tráth ach deich lá ar a luaithe tar éis an dáta a thabharfar an fógra, murar iarr an freagróir eadráin faoi mhír 3.

3.   Má mheasann an freagróir nach bhfuil méid na fionraí a leagtar amach san fhógra dá dtagraítear i mír 2 comhréireach, féadfaidh sé a iarraidh i scríbhinn ar an bpainéal eadrána bunaidh rialú ar an ábhar. Tabharfar fógra don ghearánach faoin iarraidh sin sula rachaidh an tréimhse 10 lá dá dtagraítear i mír 2 in éag. Tabharfaidh an painéal eadrána fógra don Aontas agus don Ríocht Aontaithe faoina rialú laistigh de 60 lá ón dáta a thíolacfar an iarraidh. Ní chuirfear oibleagáidí ar fionraí go dtí go dtabharfaidh an painéal eadrána fógra faoina rialú, agus beidh aon fhionraí comhsheasmhach leis an rialú ón bpainéal eadrána.

4.   I gcás nach féidir leis an bpainéal eadrána bunaidh, nó cuid dá chomhaltaí, ationól chun iarraidh faoi mhír 2 a mheas, bunófar painéal eadrána nua mar a leagtar amach in Airteagal 171. Sna cásanna sin, is é 90 lá ón dáta a bhunófar an painéal eadrána nua a bheidh sa tréimhse ama chun fógra a thabhairt faoin rialú.

5.   Beidh fionraí na n‐oibleagáidí sealadach agus ní chuirfear i bhfeidhm í go dtí go dtarraingeofar siar aon bheart a mheasfar a bheith ar neamhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo nó go dtí go leasófar é, ionas go mbeidh sé i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo, nó go dtí go gcomhaontóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an díospóid a réiteach ar dhóigh eile.

Airteagal 179

Athbhreithniú ar aon bheart a dhéanfar tar éis leigheasanna sealadacha

1.   I gcás ina gcuirfidh an gearánach oibleagáidí ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 178 nó i gcás ina bhforchuirfidh an painéal eadrána íocaíocht phionósach ar an bhfreagróir i gcomhréir le hAirteagal 178(1), tabharfaidh an freagróir fógra don ghearánach faoi aon bheart a ghlacfaidh sé chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh agus faoin iarraidh chun deireadh a chur le fionraí na n‐oibleagáidí a chuir an gearánach i bhfeidhm nó leis an íocaíocht phionósach.

2.   Mura dtagann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú i dtaobh an ndéanfar leis an mbeart a fógraíodh an freagróir a thabhairt i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo laistigh de 45 lá ón dáta a thíolacfar an fógra, féadfaidh ceachtar den dá pháirtí a iarraidh i scríbhinn ar an bpainéal eadrána bunaidh rialú faoin ábhar. Tabharfar fógra faoin iarraidh sin an tráth céanna don pháirtí eile. Tabharfar fógra faoin rialú ón bpainéal eadrána don Aontas agus don Ríocht Aontaithe laistigh de 75 lá ón dáta a thíolacfar an iarraidh.

Má rialaíonn an painéal eadrána gur thug an freagróir é féin chun comhréireachta leis an gComhaontú seo, nó mura n‐iarrann an gearánach, laistigh de 45 lá ón dáta a thíolacfar an fógra dá dtagraítear i mír 1, ar an bpainéal eadrána bunaidh rialú faoin ábhar:

(a)

cuirfear deireadh le fionraí na n‐oibleagáidí laistigh de 15 lá ón dáta a dhéanfaidh an painéal eadrána an rialú nó ón dáta a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse 45 lá;

(b)

cuirfear deireadh leis an íocaíocht phionósach an lá tar éis don phainéal eadrána an rialú a thabhairt nó an lá a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse 45 lá.

3.   I gcás nach féidir leis an bpainéal eadrána bunaidh, nó cuid dá chomhaltaí, ationól chun iarraidh faoi mhír 2 a mheas, bunófar painéal eadrána nua mar a leagtar amach in Airteagal 171. Is é 90 lá ón dáta a bhunófar an painéal eadrána nua a bheidh sa tréimhse ama chun fógra a thabhairt faoin rialú.

4.   Más rud é, le cás arna tharchur chuig an bpainéal eadrána de bhun mhír 2, go ndéantar ceist maidir le léiriú coincheapa de chuid dhlí an Aontais nó ceist maidir le léiriú forála de chuid dhlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo a thabhairt ar aird, beidh feidhm ag Airteagal 174 mutatis mutandis.

Airteagal 180

Cinntí agus rialuithe ón bpainéal eadrána

1.   Déanfaidh an painéal eadrána gach iarracht cinntí a dhéanamh de chomhthoil. I gcás nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, dá ainneoin sin, déanfar cinneadh faoin ábhar i dtrácht trí vótáil tromlaigh. Mar sin féin, ní fhoilseofar tuairimí easaontacha ó chomhaltaí painéil eadrána i gcás ar bith.

2.   Beidh aon rialú ón bpainéal eadrána ina cheangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Leagfar amach sa rialú na cinntí fíorais, infheidhmeacht fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo, agus an réasúnaíocht le haon chinntí agus conclúidí. Cuirfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe na rialuithe agus na cinntí ón bpainéal eadrána ar fáil go poiblí ina n‐iomláine, faoi réir cosaint faisnéise rúnda.

Airteagal 181

Comhaltaí painéil eadrána

1.   Beidh comhaltaí painéil eadrána neamhspleách, feidhmeoidh siad ina gcáil aonair agus ní ghlacfaidh siad teagaisc ó aon eagraíocht ná ó aon rialtas, agus comhlíonfaidh siad an Cód Iompair a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IX. Féadfaidh an Comhchoiste an Cód Iompair sin a leasú.

2.   Beidh díolúine ag comhaltaí painéil eadrána, ón dáta a bhunófar é, ó imeachtaí dlíthiúla san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe i leith gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna ar an bpainéal eadrána sin.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 182

Prótacail agus Iarscríbhinní

Beidh ina ndlúthchuid den Chomhaontú seo an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, an Prótacal maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir, an Prótacal maidir le Giobráltar agus Iarscríbhinní I go IX.

Airteagal 183

Téacsanna barántúla agus taiscí

Dréachtaíodh an Comhaontú seo i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

Is é Ard‐Rúnaí na Comhairle taiscí an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 184

Caibidlíocht maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí

Déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a ndícheall, de mheon macánta agus lánurraim á tabhairt do dhlíchórais a chéile, na bearta is gá a dhéanamh chun caibidlíocht a dhéanamh go gasta ar na comhaontuithe lena rialófar an caidreamh a bheidh eatarthu sa todhchaí dá dtagraítear i nDearbhú Polaitiúil an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus chun na nósanna imeachta ábhartha a chur i gcrích chun na comhaontuithe sin a dhaingniú nó a thabhairt chun críche, d’fhonn a áirithiú go mbeidh feidhm ag na comhaontuithe sin, a mhéid is féidir, ó dheireadh na hidirthréimhse.

Airteagal 185

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar cheann de na dátaí seo a leanas, cé acu ceann is túisce:

(a)

an lá i ndiaidh dheireadh na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE, arna shíneadh ag an gComhairle Eorpach i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, ar an gcoinníoll go mbeidh na fógraí i scríbhinn ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe maidir le cur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá faighte, roimh an dáta sin, ag taiscí an Chomhaontaithe seo;

(b)

na chéad lá na míosa tar éis do thaiscí an Chomhaontaithe seo an ceann deiridh de na fógraí i scríbhinn dá dtagraítear i bpointe (a) a fháil.

I gcás nach mbeidh na fógraí i scríbhinn, dá dtagraítear i bpointe (a), faighte ag taiscí an Chomhaontaithe seo roimh dheireadh na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE, arna shíneadh ag an gComhairle Eorpach i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, ní thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm.

Agus an fógra i scríbhinn dá dtagraítear sa chéad mhír á thabhairt, féadfaidh an tAontas, i ndáil le haon Bhallstát a rinne cúiseanna a bhaineann le prionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a thabhairt ar aird, a dhearbhú gurb amhlaidh, le linn na hidirthréimhse, i dteannta na bhforas maidir le neamh-fhorghníomhú barántais gabhála Eorpaigh dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB, go bhféadfaidh údaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha an Bhallstáit sin diúltú a náisiúnaigh a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe de bhun barántas gabhála Eorpach. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Ríocht Aontaithe a dhearbhú, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis di an dearbhú a fháil ón Aontas, go bhféadfaidh a húdaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha diúltú a náisiúnaigh a thabhairt suas don Bhallstát sin.

Beidh feidhm ó dheireadh na hidirthréimhse ag Cuid a Dó agus Cuid a Trí, cé is moite d’Airteagal 19, Airteagal 34(1), Airteagal 44, agus Airteagal 96(1), agus ag Teideal I de Chuid a Sé agus Airteagal 169 go hAirteagal 181 chomh maith.

Beidh feidhm ag an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann ó dheireadh na hidirthréimhse, cé is moite de na forálacha seo a leanas den Phrótacal sin, a mbeidh feidhm acu ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo:

Airteagal 1;

an tríú, an ceathrú agus an séú fomhír d’Airteagal 5(2);

an dara habairt d'Airteagal 5(3);

an abairt dheireanach d'Airteagal 10(2);

Airteagal 12(3);

Airteagal 13(8);

Airteagal 14;

Airteagal 15(1) go (4) agus (6);

Airteagal 19;

an chéad mhír d'Iarscríbhinn 6.

Beidh feidhm ó dheireadh na hidirthréimhse ag an bPrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir, cé is moite d’Airteagal 11 de.

Scoirfidh an Prótacal maidir le Giobráltar, cé is moite d’Airteagal 1 de, d'fheidhm a bheith aige ag deireadh na hidirthréimhse.

Image 1

Image 2

Image 3

Image 4


(1)  IO C 23, 28.1.1983, lch. 1.

(2)  IO C 306, 17.12.2007, lch. 270.

(3)  Angaíle, Beirmiúda, Críoch Aigéan Indiach na Breataine, Críoch Antartach na Breataine, Montsarat, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean, Oileáin Cayman, Oileáin Fháclainne, Oileáin Pitcairn, Oileáin na dTurcach agus Caicos, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha, San Héilin, an tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart saoránach den Aontas agus a mball teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‐aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas faoi ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora, lena n‐aisghairmtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003 lch. 1).

(7)  Is i gcomhréir le pointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 atá coincheap na gceart coimeádta le léiriú. Dá bhrí sin, cumhdaíonn sé cearta coimeádta a gheobhaidh breithiúnas, trí fheidhmiú dlí nó trí chomhaontú a bhfuil éifeacht dhlíthiúil aige.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1).

(9)  Treoir 2005/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(10)  Treoir 98/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 chun cleachtas ghairm an dlíodóra a éascú ar bhonn buan i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuarthas an cháilíocht (IO L 77, 14.3.1998, lch. 36).

(11)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtacha ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite a cheadú, lean leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE, agus lena n‐aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 09.06.2006, lch. 87).

(12)  Treoir 74/556/CEE ón gComhairle an 4 Meitheamh 1974 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir le bearta idirthréimhseacha a bhaineann le gníomhaíochtaí, trádáil agus dáileadh táirgí tocsaineacha agus gníomhaíochtaí lena mbaineann úsáid ghairmiúil na dtáirgí sin lena n‐áirítear gníomhaíochtaí idirghabhálaithe (IO L 307, 18.11.1974, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2003 ag leathnú forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil cumhdaithe cheana leis na forálacha sin ar fhorais a náisiúntachta amháin (IO L 124, 20.5.2003, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).

(16)  Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 an 14 Meitheamh 1971 maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna slándála sóisialta do dhaoine fostaithe, do dhaoine féinfhostaithe agus do dhaoine dá dteaghlach atá ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 149, 5.7.1971, lch. 2).

(17)  Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle an 21 Márta 1972 lena socraítear an nós imeachta maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a chur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna slándála sóisialta do dhaoine fostaithe agus dá dteaghlach atá ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 74, 27.3.1972, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in‐tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n‐aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse shláinte ainmhithe (“an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(21)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‐úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(22)  Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(24)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(25)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12. 2015, lch. 1).

(26)  Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).

(27)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 29).

(28)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta CBL agus acmhainní bunaithe ar an ollioncam náisiúnta a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, p. 39).

(29)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(30)  Treoir 2008/9/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le haisíoc cánach breisluacha, dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE, do dhaoine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát aisíocaíochta ach atá bunaithe i mBallstát eile (IO L 44, 20.2.2008, lch. 23).

(31)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch.1).

(32)  Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n‐aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).

(33)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí (IO L 227, 1.9.1994, lch. 1).

(36)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta i gcomhair táirgí talmhaíochta agus bia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(37)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(38)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáille agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(39)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).

(40)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).

(41)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(42)  Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, téarmaí traidisiúnta, lipéadú agus cur i láthair táirgí áirithe in earnáil an fhíona (IO L 193, 24.7.2009, lch. 60).

(43)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).

(44)  Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le deimhniú forlíontach cosanta a chruthú le haghaidh táirgí cosanta plandaí (IO L 198, 8.8.1996, lch. 30).

(45)  Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte (IO L 152, 16.6.2009, lch. 1).

(46)  IO C 197, 12.7.2000, lch. 3.

(47)  IO C 326, 21.11.2001, lch. 2.

(48)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002 lch. 1).

(49)  Cinneadh Réime 2003/577/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le horduithe a fhorghníomhú san Aontas Eorpach d’fhonn maoin nó fianaise a chalcadh (IO L 196, 2.8.2003, lch. 45).

(50)  Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar phionóis airgeadais (IO L 76, 22.3.2005, lch. 16).

(51)  Cinneadh Réime 2006/783/CGB ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2006 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar orduithe coigistíochta (IO L 328, 24.11.2006, lch. 54).

(52)  Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 27).

(53)  Cinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh le linn imeachtaí coiriúla nua (IO L 220, 15.8.2008, lch. 32).

(54)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).

(55)  Cinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le bunú an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla (ECRIS) agus Airteagal 11 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB á chur i bhfeidhm (IO L 93, 7.4.2009, lch. 33).

(56)  Cinneadh Réime 2009/829/CGB ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2009 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm, idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ar chinntí faoi bhearta maoirseachta mar rogha mhalartach ar choinneáil shealadach (IO L 294, 11.11.2009, lch. 20).

(57)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí‐úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch 1).

(58)  Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an ordú cosanta Eorpach (IO L 338, 21.12.2011, lch. 2).

(59)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(60)  Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (IO L 162, 20.6.2002, lch. 1).

(61)  Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lenar bunaíodh Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú (IO L 63, 6.3.2002, lch. 1).

(62)  An Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO L 239, 22.9.2000, lch. 19).

(63)  IO C 24, 23.1.1998, lch. 2.

(64)  Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2000 maidir le socruithe le haghaidh comhar idir aonaid um fhaisnéis airgeadais na mBallstát i dtaca le faisnéis a mhalartú (IO L 271, 24.10.2000, lch. 4).

(65)  Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le malartú eolais agus faisnéise idir údaráis forghníomhaithe dlí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a shimpliú (IO L 386, 29.12.2006, lch. 89).

(66)  Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 205, 7.8.2007, lch. 63).

(67)  Cinneadh 2007/845/CGB an 6 Nollaig 2007 maidir le comhar idir Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát sa réimse a bhaineann le fáltais ó choireacht, nó maoin eile a bhaineann le coireacht, a rianú agus a shainaithint (IO L 332, 18.12.2007, lch. 103).

(68)  Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132).

(69)  Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lch. 1).

(70)  Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).

(71)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(72)  Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (IO L 199, 31.7.2007, lch. 40).

(73)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas i leith ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(74)  Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, breitheanna a shainaithint agus a fhorfheidhmiú agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L 7, 10.1.2009, lch. 1).

(75)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(76)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(77)  Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe (IO L 143, 30.4.2004, lch. 15).

(78)  Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).

(79)  Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (IO L 399, 30.12.2006, lch. 1).

(80)  Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga (IO L 199, 31.7.2007, lch. 1).

(81)  Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta (IO L 181, 29.6.2013, lch. 4).

(82)  Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (‘doiciméid a sheirbheáil’), agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324, 10.12.2007, lch. 79).

(83)  Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).

(84)  Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 25).

(85)  Treoir 2003/8/CE ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir leis an rochtain ar an gceartas i ndíospóidí trasteorann a fheabhsú trí rialacha coiteanna íosta a leagan síos a bhaineann le cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil do na díospóidí sin (IO L 26, 31.1.2003, lch. 41).

(86)  Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 136, 24.5.2008, lch. 3).

(87)  Treoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (IO L 261, 6.8.2004, lch. 15).

(88)  IO L 299, 16.11.2005, lch. 62.

(89)  IO L 300, 17.11.2005, lch. 55.

(90)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(91)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(92)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‐aisghairtear Treoir 2004/17/CE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.

(93)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

(94)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(95)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‐aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(96)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‐aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(97)  Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) (IO L 340, 16.12.2002, lch. 1).

(98)  Rialachán (AE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).

(99)  Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch. 7).

(100)  Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhsithe ar talamh ag aerfoirt Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).

(101)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(102)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat maidir le seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais na gcalafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).

(103)  Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain (IO L 395, 30.12.1989, lch. 33).

(104)  Treoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena gcomhordaítear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta soláthair eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide (IO L 76, 23.3.1992, lch. 14).

(105)  Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).

(106)  Rialachán (Euratom) Uimh. 302/2005 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2005 maidir le cur i bhfeidhm choimircí Euratom (IO L 54, 28.2.2005, lch. 1).

(107)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairí, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras earraí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).

(108)  Rialachán (CE) Uimh. 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(109)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta atá leagtha síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(110)  Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir leis an gCoimisiún imeachtaí a sheoladh de bhun Airteagal 81 agus Airteagal 82 de Chonradh CE (IO L 123, 27.4.2004, lch. 18).

(111)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(112)  Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).

(113)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(114)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‐Chalaoise (OLAF) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(115)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(116)  Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).

(117)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1).

(118)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(119)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(120)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 293/2012 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2012 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le clárú feithiclí nua tráchtála éadroma de bhun Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 98, 4.4.2012, lch. 1).

(121)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

(122)  Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

(123)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann de chuid an Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 agus Rialachán Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (IO L 122, 3.5.2013, lch. 1).

(124)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2014 maidir le struchtúr, formáid, próisis tíolactha agus athbhreithniú na faisnéise arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 203, 11.7.2014, lch. 23).

(125)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1191/2014 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2014 lena leagtar síos an fhormáid agus an modh ina dtíolacfar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe (IO L 318, 5.11.2014, lch. 5).

(126)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(127)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).

(128)  Treoir 2010/24/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).

(129)  Rialachán (EURATOM, CEGC, CEE) Uimh. 549/69 ón gComhairle an 25 Márta 1969 lena gcinntear na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid na gComhphobal Eorpach a bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 12, an dara mír d’Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal maidir leo (IO L 74, 27.3.1969, lch. 1).

(130)  Cinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa (IO L 262, 7.10.2005, lch. 1).

(131)  Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh mar a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(132)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(133)  Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Márta 2004 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2004/3) (2004/258/CE) (IO L 80, 18.3.2004, lch. 42).

(134)  IO L 212, 17.8.1994, lch. 3.

(135)  Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (IO L 331, 14.12.2017, lch. 57).

(136)  Ba cheart go mbainfeadh sin go háirithe le hAirteagail 7, 30, 42(4), 48(2) go (6) agus 49 CAE agus le hAirteagail 25, 76(b), 82(3), 83(3), 86(1), 87(3), 135, 218(8), 223(1), 262, 311 agus 341 CFAE.

(*1)  Tabharfaidh an tAontas fógra do na páirtithe eile sna comhaontuithe sin go gcaithfear leis an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát le linn na hidirthréimhse chun críocha na gcomhaontuithe sin.

(*2)  I gcás ina gcuirfear síneadh leis, tabharfaidh an tAontas fógra ina thaobh do pháirtithe eile i gcomhaontuithe idirnáisiúnta.

(137)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(138)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 maidir le socruithe aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 155, 7.6.1989, lch. 9).

(139)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (Rialachán OIN) (IO L 181, 19.7.2003, lch. 1).

(140)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/195 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2018 lena mbunaítear foirmeacha le haghaidh tuairisciú ar chalaois agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do theidlíochtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta agus ar chigireachtaí a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle (IO L 36, 9.2.2018, lch. 33).

(141)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2018 lena mbunaítear samhlacha le haghaidh ráitis chuntais maidir le teidlíochtaí ar acmhainní dílse agus foirm le haghaidh tuarascálacha ar mhéideanna neamh‐inghnóthaithe a fhreagraíonn do na teidlíochtaí ar acmhainní dílse de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (IO L 36, 9.2.2018, lch. 20).

(142)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(143)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‐Chalaoise (OLAF) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(144)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(145)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha d’fheirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(146)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).

(147)  Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíochta CEFI (IO L 249, 27.9.2017, lch. 1).

(148)  Rialachán Uimh. 422/67/CEE, 5/67/ Euratom ón gComhairle an 25 Iúil 1967 lena socraítear díolaíochtaí an Uachtaráin agus comhaltaí an Choimisiúin agus an Uachtaráin, Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta agus Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais (IO P 187, 8.8.1967, lch. 1).

(149)  Cinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa (IO L 262, 7.10.2005, lch. 1).

(150)  Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle an 29 Feabhra 2016 lena socraítear díolaíochtaí shealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil AE (IO L 58, 4.3.2016, lch. 1).

(151)  Rialachán (CE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lch. 1).

(152)  Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach faoi chomhair chomhardú íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).

(153)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).

(154)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2728/94 ón gComhairle an 31 Deireadh Fómhair 1994 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha (IO L 293, 12.11.1994, lch. 1).

(155)  Cinneadh Uimh. 466/2014 / AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ón Aontas Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (IO L 135, 8.5.2014, lch. 1).

(156)  Cinneadh Uimh 1080/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas faoi iasachtaí agus faoi ráthaíochtaí iasachta le haghaidh tograí lasmuigh den Aontas agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 633/2009 (IO L 280, 27.10.2011, lch.1).

(157)  Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cúnamh a mhaoiniú ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (IO L 210, 6.8.2013, lch. 1).

(158)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme an 11ú Chiste Eorpaigh Forbraíochta (IO L 58, 3.3.2015, lch. 1).

(159)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (IO L 58, 3.3.2015, lch. 17).

(160)  IO L 25, 30.1.1976, lch. 168.

(161)  IO L 347, 22.12.1980, lch. 210.

(162)  IO L 86, 31.3.1986, lch. 210.

(163)  IO L 229, 17.8.1991, lch. 288.

(164)  IO L 156, 29.5.1998, lch. 108.

(165)  IO L 317, 15.12.2000, lch. 355.

(166)  IO L 247, 9.9.2006, lch. 32.

(167)  Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bunú Ciste Iontaobhais Éigeandála de chuid an Aontais Eorpaigh don chobhsaíocht agus lena dtugtar aghaidh ar na cúiseanna bunúsacha leis an imirce neamhrialta agus daoine easáitithe san Afraic (C(2015) 7293).

(168)  Cinneadh ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 maidir le gníomhaireachtaí an Aontais agus na mBallstát a chomhordú trí shásra comhordaithe — an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (IO C 407, 8.12.2015, lch. 8).

(169)  Cinneadh (AE) 2016/1353 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2016 maidir le rialacha airgeadais na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2007/643/CBES (IO L 219, 12.8.2016, lch. 98).

(170)  Cinneadh 2014/75/CBES ón gComhairle an 10 Feabhra 2014 maidir le hInstitiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála (IO L 41, 12.2.2014, lch. 13).

(171)  Cinneadh 2014/401/CBES ón gComhairle an 26 Meitheamh 2014 maidir le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh agus lena n‐aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/555/CBES maidir le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh a bhunú (IO L 188, 27.6.2014, lch. 73).


PRÓTACAIL


 


AN PRÓTACAL MAIDIR LE hÉIRINN/TUAISCEART ÉIREANN

Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe,

AG FÉACHAINT do na naisc stairiúla agus do mharthanacht an chaidrimh dhéthaobhaigh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe,

Á MHEABHRÚ DÓIBH gur dúshlán uathúil suntasach d'oileán na hÉireann tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus á athdhearbhú dóibh go mbeidh torthaí, sochair agus gealltanais an phróisis síochána ríthábhachtach i gcónaí don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don athmhuintearas ann,

Á AITHINT DÓIBH gur gá aghaidh a thabhairt ar na cúinsí uathúla ar oileán na hÉireann trí theacht ar réiteach uathúil d’fhonn a áirithiú gur féidir leis an Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas ar bhealach rianúil,

Á DHEIMHNIÚ DÓIBH gur cheart Comhaontú Aoine an Chéasta nó Comhaontú Bhéal Feirste an 10 Aibreán 1998 idir Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas na hÉireann agus na rannpháirtithe eile sa chaibidlíocht ilpháirtí (“Comhaontú 1998”), atá i gceangal le Comhaontú na Breataine–na hÉireann den dáta céanna (“Comhaontú na Breataine–na hÉireann”) agus na comhaontuithe agus na socruithe cur chun feidhme a rinneadh dá éis sin ina leith, a chosaint ina n‐iomláine,

Á AITHINT DÓIBH gur dlúthchuid de Chomhaontú 1998 é an comhar idir Tuaisceart Éireann agus Éire agus go bhfuil an comhar sin riachtanach chun athmhuintearas a bhaint amach agus chun go ndéanfar na caidrimh ar oileán na hÉireann a normalú, agus á meabhrú dóibh róil, feidhmeanna agus coimircí Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, Thionól Thuaisceart Éireann agus na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas (lena n‐áirítear forálacha trasphobail), mar a leagtar amach i gComhaontú 1998,

Á THABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil creat tacaíochta i ndlí an Aontais le haghaidh na bhforálacha maidir le Cearta, Coimircí agus Comhionannas Deiseanna i gComhaontú 1998,

Á AITHINT DÓIBH go leanfaidh saoránaigh Éireannacha i dTuaisceart Éireann, de bhua saoránacht an Aontais a bheith acu, de chearta, de dheiseanna agus de thairbhí a theachtadh, a fheidhmiú agus a rochtain, agus gur cheart a urramú leis an bPrótacal seo na cearta, na deiseanna agus an fhéiniúlacht a fhaigheann daoine as Tuaisceart Éireann a bhuí le saoránacht an Aontais, ar daoine iad a roghnaíonn a gceart ar shaoránacht Éireannach a dhearbhú, agus nár cheart gur dhochar an Prótacal seo do na cearta, do na deiseanna agus don fhéiniúlacht sin, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 2 de Chomhaontú na Breataine–na hÉireann “An Dearbhú maidir le Forálacha Mhír (vi) d’Airteagal 1 i dtaca le Saoránacht”,

Á CHUR I dTÁBHACHT DÓIBH gur cheart, chun dlisteanacht dhaonlathach a áirithiú, próiseas a bheith ann chun toiliú daonlathach a áirithiú i dTuaisceart Éireann i leith chur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoin bPrótacal seo,

Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe an comhar Thuaidh-Theas a chosaint agus a ráthaíocht maidir le teorainn chrua a sheachaint, lena n‐áirítear aon bhonneagar fisiciúil nó seiceálacha agus rialuithe lena mbaineann,

Á THABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH nach gcuireann aon ní sa Phrótacal seo cosc ar an Ríocht Aontaithe rochtain gan bhac ar an margadh a áirithiú le haghaidh earraí atá ag gluaiseacht ó Thuaisceart Éireann chuig an gcuid eile de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe,

Á CHUR I dTREIS DÓIBH an comhchuspóir atá ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe rialuithe ag calafoirt agus aerfoirt Thuaisceart Éireann a sheachaint, a mhéid is féidir i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme agus a gcórais rialála féin á gcur san áireamh, mar aon lena gcur chun feidhme,

Á MHEABHRÚ DÓIBH gealltanais an Aontais agus na Ríochta Aontaithe a léirítear sa Tuarascáil Chomhpháirteach ó idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus ó Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis an dul chun cinn a rinneadh le linn chéim 1 den chaibidlíocht faoi Airteagal 50 CAE maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ón 8 Nollaig 2017,

Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil cleachtadh mapála déanta ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe ina léirítear go bhfuil an comhar Thuaidh-Theas ag brath go mór ar chomhchreat dlí agus beartais de chuid an Aontais,

Á THABHAIRT DÁ nAIRE go n‐eascraíonn dúshláin mhóra, dá bhrí sin, ó tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i leith chothabháil agus fhorbairt an chomhair Thuaidh-Theas,

Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil an Ríocht Aontaithe fós tiomanta don chomhar Thuaidh-Theas agus don chomhar Thoir-Thiar leanúnach a chosaint agus do thacú leis thar réimse iomlán comhthéacsanna polaitiúla, eacnamaíocha, slándála, sochaíocha agus talmhaíochta agus thar réimse iomlán creataí comhair, lena n‐áirítear feidhmiú leanúnach na gcomhlachtaí forfheidhmithe Thuaidh-Theas,

Á ADMHÁIL DÓIBH gur gá an Prótacal seo a chur chun feidhme ar bhealach lena gcoinneofar na dálaí is gá le haghaidh comhar leanúnach Thuaidh-Theas, agus an deis a bheith ar fáil socruithe nua a dhéanamh i gcomhréir le Comhaontú 1998,

Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil gealltanais tugtha ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe i leith na gclár maoiniúcháin Thuaidh-Theas PEACE agus INTERREG faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ar bun faoi láthair agus i leith na coibhnis mhaoiniúcháin reatha a choinneáil don chlár a bheidh ann sa todhchaí,

Á DHEIMHNIÚ go bhfuil gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe go n‐éascóidh sí idirthuras tráthúil éifeachtach trína críoch i gcás gluaiseacht earraí as Éirinn chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír, agus vice versa,

AGUS RÚN DAINGEAN ACU a áirithiú gurb é an tionchar is lú is féidir a bheidh ag cur i bhfeidhm an Phrótacail seo ar shaol laethúil pobal in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon,

Á CHUR I dTREIS DÓIBH tiomantas láidir gan seiceálacha ná rialuithe custaim agus rialála agus bonneagar fisiciúil lena mbaineann a bheith ag an teorainn idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann,

Á MHEABHRÚ DÓIBH gur cuid de críoch chustaim na Ríochta Aontaithe é Tuaisceart Éireann agus go mbainfidh sé leas as rannpháirtíocht i mbeartas trádála neamhspleách na Ríochta Aontaithe,

AG FÉACHAINT don tábhacht a bhaineann le háit lárnach Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe a choinneáil ar bun,

ÓS FEASACH DÓIBH nach mór cearta agus oibleagáidí na hÉireann faoi rialacha mhargadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais a urramú go hiomlán,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gComhaontú um Tharraingt Siar:

Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Ní dochar an Prótacal seo d'fhorálacha Chomhaontú 1998 maidir le stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann agus prionsabal an toilithe, ar prionsabal é lena bhforáiltear nach féidir aon athrú a dhéanamh ar an stádas sin ach amháin le toiliú móraimh dá phobal.

2.   Urramaítear leis an bPrótacal seo feidhmeanna bunaidh Stáit agus sláine chríochach na Ríochta Aontaithe.

3.   Leagtar amach sa Phrótacal seo na socruithe a bhfuil gá leo chun dul i ngleic leis na cúinsí uathúla atá ar oileán na hÉireann, chun na dálaí a bhfuil gá leo chun go leanfar leis an gcomhar Thuaidh-Theas a choinneáil ar bun, chun teorainn chrua a sheachaint agus chun gach uile ghné de Chomhaontú 1998 a chosaint.

Airteagal 2

Cearta daoine aonair

1.   Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe nach ndéanfar aon mhaolú ar chearta, coimircí nó comhionannas deiseanna, mar a leagtar amach sa chuid sin de Chomhaontú 1998 dar teideal “Cearta, Coimircí agus Comhionannas Deiseanna”, de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, lena n‐áirítear i réimse na cosanta ar idirdhealú a chumhdaítear sna forálacha i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal seo, agus cuirfidh sí an mhír seo chun feidhme trí shásraí tiomnaithe.

2.   Leanfaidh an Ríocht Aontaithe d'éascaíocht a dhéanamh ar obair ghaolmhar na n‐institiúidí agus na gcomhlachtaí a bunaíodh de bhun Chomhaontú 1998, lena n‐áirítear Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine, Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann agus an Comhchoiste d'ionadaithe ó Choimisiún Thuaisceart Éireann agus ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine, maidir le cearta an duine agus caighdeáin chomhionannais a chaomhnú.

Airteagal 3

An Comhlimistéar Taistil

1.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire leanúint de shocruithe a dhéanamh eatarthu féin maidir le gluaiseacht daoine idir a gcríocha (an “Comhlimistéar Taistil”), agus lánurraim á tabhairt acu do chearta daoine nádúrtha a thugtar le dlí an Aontais.

2.   Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go leanfaidh an Comhlimistéar Taistil agus na cearta agus na pribhléidí atá comhlachaithe leis d'fheidhm a bheith acu gan difear a dhéanamh d'oibleagáidí na hÉireann faoi dhlí an Aontais, go háirithe maidir le saorghluaiseacht saoránach den Aontas agus a mbaill teaghlaigh go hÉirinn, as Éirinn agus in Éirinn, gan beann ar a náisiúntacht.

Airteagal 4

Críoch chustaim na Ríochta Aontaithe

Is cuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe é Tuaisceart Éireann.

Dá réir sin, ní chuirfidh aon ní sa Phrótacal seo cosc ar an Ríocht Aontaithe Tuaisceart Éireann a chuimsiú i raon críochach aon chomhaontaithe a d’fhéadfadh sí a thabhairt i gcrích le tríú tíortha, ar choinníoll nach ndéanfadh na comhaontuithe sin dochar do chur i bhfeidhm an Phrótacail seo.

Go háirithe, ní chuirfidh aon ní sa Phrótacal seo cosc ar an Ríocht Aontaithe comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tír lena ndeonófaí rochtain fhabhrach ar mhargadh na tíre sin d’earraí a tháirgtear i dTuaisceart Éireann ar na téarmaí céanna le hearraí a tháirgtear i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe.

Ní chuirfidh aon ní sa Phrótacal seo cosc ar an Ríocht Aontaithe Tuaisceart Éireann a chur sa áireamh i raon críochach a Sceideal Lamháltas atá i gceangal leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 1994.

Airteagal 5

Custaim, gluaiseacht earraí

1.   Ní bheidh aon dleacht chustaim iníoctha ar earra a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann as cuid eile den Ríocht Aontaithe le hiompar díreach, d’ainneoin mhír 3, ach amháin má tá aon baol ann go n‐aistreofar an t‐earra sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin, bíodh sin leis féin nó mar chuid d'earra eile i ndiaidh próiseála.

Is é an dleacht is infheidhme sa Ríocht Aontaithe a bheidh sa dleacht chustaim i leith earra a aistrítear le hiompar díreach chuig Tuaisceart Éireann as áit eile seachas as an Aontas nó as cuid eile den Ríocht Aontaithe, d’ainneoin mhír 3, ach amháin má tá an baol ann go n‐aistreofar an t‐earra sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin, bíodh sin leis féin nó ina chuid d'earra eile i ndiaidh próiseála.

Ní bheidh aon dleacht iníoctha ag cónaitheoirí na Ríochta Aontaithe, toisc go ndeonófar faoiseamh dóibh, as maoin phearsanta, mar a shainmhínítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 1186/2009 ón gComhairle (1), a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann as cuid eile den Ríocht Aontaithe.

2.   Chun críocha na chéad fhomhíre agus an dara fomhír de mhír 1, measfar go mbeidh baol go n‐aistreofar earra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann as áit lasmuigh den Aontas isteach san Aontas ina dhiaidh sin, ach amháin má bhunaítear i leith an earra sin:

(a)

nach ndéanfar próiseáil tráchtála air i dTuaisceart Éireann; agus

(b)

go gcomhlíonann sé na critéir arna mbunú ag an gComhchoiste i gcomhréir leis an gceathrú fomhír den mhír seo.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “próiseáil” aon athrú a dhéantar ar earraí, aon chlaochlú a dhéantar earraí ar bhealach ar bith, nó aon oibríocht a dhéantar ar earraí ach amháin chun dea-bhail a choinneáil orthu nó chun marcanna, lipéid, séalaí nó aon doiciméad eile a chur leo nó a ghreamú díobh chun a áirithiú go gcomhlíonfar aon cheanglas ar leith.

Roimh dheireadh na hidirthréimhse, bunóidh an Comhchiste, trí bhíthin cinnidh, na dálaí faoina measfar nach dtagann próiseáil faoi réim phointe (a) den chéad fhomhír, agus cineál, scála agus toradh na próiseála, go háirithe, á gcur san áireamh.

Roimh dheireadh na hidirthréimhse, bunóidh an Comhchiste, trí bhíthin cinnidh, na critéir lena measfar nach bhfuil an baol ann go n‐aistreofar earra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann as tír lasmuigh den Aontas isteach san Aontas ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Comhchiste na nithe seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh:

(a)

ceann scríbe deiridh an earra agus an úsáid a bhainfear as;

(b)

cineál agus luach an earra;

(c)

an cineál gluaiseachta; agus

(d)

an dreasacht atá ann an t‐earra a aistriú ar aghaidh chuig an Aontas gan é sin a dhearbhú, go háirithe dreasachtaí a eascraíonn as na dleachtanna atá dlite de bhun mhír 1.

Féadfaidh an Comhchiste na cinntí arna nglacadh aige de bhun na míre seo a leasú tráth ar bith.

In aon chinneadh a dhéanfaidh an Comhchoiste de bhun na míre seo, tabharfaidh sé aird ar na dálaí ar leith i dTuaisceart Éireann.

3.   Beidh feidhm ag an reachtaíocht mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann (cé is moite d'uiscí críochacha na Ríochta Aontaithe). Mar sin féin, leagfaidh an Comhchoiste síos cé na dálaí, lena n‐áirítear i dtéarmaí cainníochtúla, faoina mbeidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe áirithe, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialacháin (AE) 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a thabharfaidh soithí ar a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe agus a bhfuil a gcalafort clárúcháin i dTuaisceart Éireann isteach i gcríoch chustaim an Aontais, a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, díolmhaithe ó dhleachtanna.

4.   Na forálacha i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal seo, beidh feidhm acu chomh maith, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 30 agus Airteagal 110 CFAE maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Beidh toirmeasc ar theorainneacha cainníochtúla ar onnmhairí agus ar allmhairí idir an tAontas agus Tuaisceart Éireann.

6.   Dleachtanna custaim arna dtobhach ag an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le mír 3, ní íocfar leis an Aontas iad.

Faoi réir Airteagal 10, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, go háirithe:

(a)

aisíoc a thabhairt ar dhleachtanna arna dtobhach de bhun na bhforálacha i ndlí an Aontais is infheidhme de bharr mhír 3 i ndáil le hearraí arna dtabhairt isteach i dTuaisceart Éireann;

(b)

foráil a dhéanamh maidir le cúinsí faoina ndéanfar fiacha custaim atá tagtha chun cinn a tharscaoileadh i leith earraí arna dtabhairt isteach i dTuaisceart Éireann;

(c)

foráil a dhéanamh maidir le cúinsí faoina ndéanfar dleachtanna custaim a aisíoc i leith earraí ar féidir a thaispeáint ina dtaobh nach ndeachaigh siad isteach san Aontas; agus

(d)

gnóthais a chúiteamh chun an tionchar a bhaineann le mír 3 a chur i bhfeidhm a mhaolú.

Agus cinntí á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach faoi Airteagal 10, tabharfaidh sé aird ar na cúinsí atá ann i dTuaisceart Éireann de réir mar is iomchuí.

7.   Ní bheidh dleachtanna iníoctha ar choinsíneachtaí ar luach diomaibhseach, ar choinsíneachtaí arna seoladh ag duine aonair amháin chuig duine aonair eile ná ar earraí atá i mbagáiste pearsanta taistealaithe, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa reachtaíocht dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 6

Cosaint mhargadh aonair na Ríochta Aontaithe

1.   Ní chuirfidh aon ní sa Phrótacal seo cosc ar an Ríocht Aontaithe rochtain gan bhac ar an margadh a áirithiú le haghaidh earraí atá ag gluaiseacht ó Thuaisceart Éireann chuig codanna eile de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe. Maidir le forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo lena gcuirtear toirmeasc nó srian ar onnmhairiú earraí, ní bheidh feidhm acu ach maidir leis an trádáil idir Tuaisceart Éireann agus na codanna eile den Ríocht Aontaithe a mhéid a bhfuil fíorghá leis de réir aon oibleagáidí idirnáisiúnta ar an Aontas. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go ndéanfar ceanglais agus gealltanais idirnáisiúnta a bhaineann le toirmisc agus srianta ar onnmhairiú earraí ón Aontas chuig tríú tíortha a chosaint go hiomlán mar a leagtar amach i ndlí an Aontais.

2.   Ag féachaint d'áit lárnach Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a ndícheall chun an trádáil a éascú idir Tuaisceart Éireann agus codanna eile den Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme agus a gcórais rialála féin, mar aon lena gcur chun feidhme, á gcur san áireamh. Déanfaidh an Comhchoiste cur i bhfeidhm na míre seo a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach agus glacfaidh sé moltaí iomchuí d'fhonn rialuithe ag calafoirt agus aerfoirt Thuaisceart Éireann a sheachaint, a mhéid is féidir.

3.   Ní chuirfidh aon ní sa Phrótacal seo cosc ar tháirge de thionscnamh Thuaisceart Éireann a chur i láthair mar tháirge de thionscnamh na Ríochta Aontaithe nuair a chuirfear ar an margadh sa Bhreatain Mhór é.

4.   Ní dhéanfaidh aon ní sa Phrótacal seo difear do dhlí na Ríochta Aontaithe lena ndéantar rialáil ar earraí de thionscnamh Thuaisceart Éireann a chur ar an margadh i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe, is earraí a chomhlíonann rialacháin, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe nó údaruithe teicniúla arna rialú le forálacha i ndlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal seo nó a ndéantar leas dóibh leo.

Airteagal 7

Rialacháin, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe teicniúla

1.   Gan dochar d'fhorálacha i ndlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal seo, déanfar an dlíthiúlacht a bhaineann le hearraí a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann a rialú le dlí na Ríochta Aontaithe agus, maidir le hearraí arna n‐allmhairiú ón Aontas, le hAirteagal 34 agus Airteagal 36 CFAE.

2.   I gcás ina ndéanfar foráil i bhforálacha i ndlí an Aontais, a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo, maidir le Ballstát a léiriú, lena n‐áirítear i bhfoirm ghiorraithe, i marcanna, lipéadú, clibeanna, nó trí aon mhodh eile, léireofar an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann mar "UK(NI) nó "United Kingdom (Northern Ireland)". I gcás ina ndéanfar foráil i bhforálacha i ndlí an Aontais, a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo, maidir leis an tásc i bhfoirm cód uimhriúil, léireofar an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann le cód uimhriúil inaitheanta.

3.   De mhaolú ar Airteagal 13(1) den Phrótacal seo agus ar Airteagal 7 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, i ndáil le rialacháin, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe teicniúla arna n‐eisiúint nó arna ndéanamh ag údaráis Ballstáit amháin, nó ag comhlacht arna bhunú i mBallstát amháin, a bheith á n‐aithint i mBallstát eile, maidir le tagairtí do na Ballstáit i bhforálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo, ní thuigfear astu go n‐áirítear iontu an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann maidir le rialacháin, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe arna n‐eisiúint nó arna ndéanamh ag údaráis na Ríochta Aontaithe nó ag comhlachtaí arna mbunú sa Ríocht Aontaithe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe ná údaruithe suíomh, suiteálacha ná áitreabh i dTuaisceart Éireann arna n‐eisiúint nó arna ndéanamh ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i gcás ina bhféadfar cigireacht ar na suímh, na suiteálacha nó na háitribh a cheangal leis an gclárúchán, leis an deimhniú, leis an gceadú nó leis an údarú.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le deimhnithe tréidliachta, ná maidir le lipéid oifigiúla le haghaidh ábhar atáirgthe plandaí, a cheanglaítear i bhforálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo.

Ní dochar an chéad fhomhír, i dTuaisceart Éireann, do bhailíocht measúnuithe, clárúchán, deimhnithe, ceaduithe ná údaruithe arna n‐eisiúint nó arna ndéanamh, ar bhonn forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo, ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe nó ag comhlachtaí arna mbunú sa Ríocht Aontaithe. Aon chomhartha comhréireachta, lógó nó ní comhchosúil a cheanglaítear le forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo agus a ghreamaíonn oibreoirí eacnamaíocha ar bhonn an mheasúnaithe, an chlárúcháin, an deimhnithe, an cheadaithe nó an údaraithe arna eisiúint ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe nó ag comhlachtaí arna mbunú sa Ríocht Aontaithe, beidh an tásc "UK(NI)" ag gabháil leis.

Ní fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann nósanna imeachta agóide, cosanta ná eadrána, dá bhforáiltear i bhforálacha i ndlí an Aontais, a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo, a thionscnamh, a mhéid a bhaineann na nósanna imeachta sin le rialacháin, caighdeáin, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe teicniúla arna n‐eisiúint nó arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát nó ag comhlachtaí arna mbunú i mBallstáit.

Leis an gcéad fhomhír, ní chuirtear cosc ar dhuine cáilithe i dTuaisceart Éireann baisc táirge íocshláinte arna hallmhairiú i dTuaisceart Éireann nó arna monarú i dTuaisceart Éireann a thástáil ná a scaoileadh.

Airteagal 8

CBL agus mál

Na forálacha i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal seo maidir le hearraí, beidh feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

I ndáil le Tuaisceart Éireann, is iad údaráis na Ríochta Aontaithe a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na bhforálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal seo, lena n‐áirítear CBL agus dleachtanna máil a bhailiú. Faoi na coinníollacha a leagtar amach sna forálacha sin, ioncaim a eascraíonn ó idirbhearta inchánach i dTuaisceart Éireann, ní íocfar leis an Aontas iad.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfaidh an Ríocht Aontaithe a chur i bhfeidhm ar sholáthairtí earraí inchánach i dTuaisceart Éireann na díolúintí CBL agus na rátaí laghdaithe is infheidhme in Éirinn i gcomhréir leis na forálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal seo.

Pléifidh an Comhchoiste go rialta cur chun feidhme an Airteagail seo, lena n‐áirítear a mhéid a bhaineann leis na laghduithe agus na díolúintí dá bhforáiltear sna forálacha dá dtagraítear sa chéad mhír agus glacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, bearta chun é a chur i bhfeidhm go cuí, de réir mar is gá.

Féadfaidh an Comhchoiste a athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo agus áit lárnach Thuaisceart Éireann i margadh aonair na Ríochta Aontaithe á chur san áireamh, agus féadfaidh sé bearta iomchuí a ghlacadh de réir mar is gá.

Airteagal 9

Margadh leictreachais aonair

Na forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear margaí leictreachais mórdhíola a liostaítear in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an bPrótacal seo, beidh feidhm acu, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

Airteagal 10

Státchabhair

1.   Na forálacha i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an bPrótacal seo, beidh feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, lena n‐áirítear maidir le bearta lena dtacaítear le táirgeadh táirgí talmhaíochta i dTuaisceart Éireann agus le trádáil sa chéanna, i ndáil le bearta lena ndéantar difear don trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas atá faoi réir an Phrótacail seo.

2.   D'ainneoin mhír 1, ní bheidh feidhm ag forálacha i ndlí an Aontais dá dtagraítear sa mhír sin maidir le bearta arna ndéanamh ag údaráis na Ríochta Aontaithe chun tacú le táirgeadh táirgí talmhaíochta i dTuaisceart Éireann agus le trádáil sa chéanna suas go huasleibhéal bliantúil foriomlán arna chinneadh, agus ar choinníoll go bhfuil céatadán íosta arna chinneadh den tacaíocht dhíolmhaithe sin i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht. Maidir le cinneadh an uasleibhéil bhliantúil fhoriomláin tacaíochta a bheidh díolmhaithe agus an chéatadáin íosta, déanfar é a rialú leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 6.

3.   I gcás ina scrúdóidh an Coimisiún Eorpach faisnéis maidir le beart de chuid údaráis na Ríochta Aontaithe a d'fhéadfadh a bheith ina chabhair neamhdhleathach atá faoi réir mhír 1, áiritheoidh sé go gcoimeádfar an Ríocht Aontaithe ar an eolas go hiomlán agus go tráthrialta faoi dhul chun cinn an scrúdaithe ar an mbeart sin agus faoi thoradh an scrúdaithe sin.

Airteagal 11

Réimsí eile comhair Thuaidh-Theas

1.   I gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 5 go hAirteagal 10, agus le lánurraim do dhlí an Aontais, cuirfear an Prótacal seo chun feidhme agus i bhfeidhm i gcaoi is go gcoinneofar na dálaí is gá le go leanfar den chomhar Thuaidh-Theas, lena n‐áirítear i réimsí an chomhshaoil, na sláinte, na talmhaíochta, an iompair, an oideachais agus na turasóireachta, agus freisin i réimsí an fhuinnimh, na teileachumarsáide, na craoltóireachta, an iascaigh intíre, an cheartais agus na slándála, an ardoideachais agus an spóirt.

Le lánurraim do dhlí an Aontais, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire leanúint de shocruithe nua a dhéanamh lena gcuirfear le forálacha Chomhaontú 1998 i réimsí eile comhair Thuaidh-Theas ar oileán na hÉireann.

2.   Déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú leanúnach ar a mhéid a dhéanfar na dálaí is gá le haghaidh an chomhair Thuaidh-Theas a choinneáil ar bun le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Phrótacail seo. Féadfaidh an Comhchoiste moltaí iomchuí a chur chuig an Aontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil leis sin, lena n‐áirítear ar mholadh a fháil ón gCoiste Speisialaithe.

Airteagal 12

Cur chun feidhme, cur i bhfeidhm, maoirseacht agus forfheidhmiú

1.   Gan dochar do mhír 4, beidh údaráis na Ríochta Aontaithe freagrach as na forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

2.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, beidh an ceart ag na hionadaithe den Aontas a bheith i láthair i rith aon ghníomhaíochtaí de chuid údaráis na Ríochta Aontaithe a bhaineann le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo, mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann le hAirteagal 5 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, agus cuirfidh an Ríocht Aontaithe gach faisnéis ábhartha a bhaineann le gníomhaíochtaí den sórt sin ar fáil, arna hiarraidh sin. Éascóidh an Ríocht Aontaithe láithreacht na n‐ionadaithe sin den Aontas agus tabharfaidh sí an fhaisnéis iarrtha dóibh. I gcás ina n‐iarrfaidh an t‐ionadaí den Aontas ar údaráis na Ríochta Aontaithe bearta rialaithe a dhéanamh i gcásanna ar leith ar chúiseanna a bhfuil údar cuí sonraithe leo, déanfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe na bearta rialaithe sin.

Malartóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faisnéis faoi chur i bhfeidhm Airteagal 5(1) agus (2) ar bhonn míosúil.

3.   Na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag ionadaithe den Aontas dá dtagraítear i mír 2, cinnfidh an Comhchoiste iad, ar thogra a fháil ón gCoiste Speisialaithe.

4.   Maidir leis an dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 7 go hAirteagal 10 den Phrótacal seo, beidh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i dtaca leis an Ríocht Aontaithe agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe i gcríoch na Ríochta Aontaithe na cumhachtaí a thugtar dóibh le dlí an Aontais. Go háirithe, beidh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an dlínse dá bhforáiltear sna Conarthaí ina leith sin. Beidh feidhm ag an dara agus ag an tríú mír d'Airteagal 267 CFAE maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe ina leith sin.

5.   Gníomhartha institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le mír 4, beidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu i ndáil leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe agus atá acu san Aontas agus sna Ballstáit.

6.   Le linn do dhlíodóirí atá údaraithe chun cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na Ríochta Aontaithe ionadaíocht a dhéanamh do pháirtí, nó cúnamh a thabhairt do pháirtí, i ndáil leis na nósanna imeachta riaracháin a eascraíonn ó chumhachtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais dá dtagraítear i mír 4 a fheidhmiú, déileálfar leo i ngach slí mar dhlíodóirí atá údaraithe chun cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na mBallstát agus atá ag déanamh ionadaíocht do pháirtí, nó atá ag tabhairt cúnamh do pháirtí, i dtaca leis na nósanna imeachta riaracháin sin.

7.   I gcásanna a thugtar os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun mhír 4:

(a)

féadfaidh an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sna himeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an gcaoi chéanna a nglacann na Ballstáit páirt iontu;

(b)

féadfaidh dlíodóirí atá údaraithe chun cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na Ríochta Aontaithe ionadaíocht a dhéanamh do pháirtí, nó cúnamh a thabhairt do pháirtí, os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna himeachtaí sin agus déileálfar leo i ngach slí mar dhlíodóirí atá údaraithe chun cleachtadh os comhair chúirteanna nó bhinsí na mBallstát a dhéanann ionadaíocht do pháirtí nó a thugann cúnamh do pháirtí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 13

Forálacha coiteanna

1.   Chun críocha an Phrótacail seo, déanfar aon tagairt don Ríocht Aontaithe sna forálacha is infheidhme den Chomhaontú um Tharraingt Siar, a léamh mar thagairt don Ríocht Aontaithe nó don Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, de réir mar a bheidh.

D'ainneoin aon fhorálacha eile sa Phrótacal seo, déanfar aon tagairt don chríoch arna sainmhíniú in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 sna forálacha is infheidhme sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus sa Phrótacal seo, agus sna forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann leis an bPrótacal seo, a léamh mar thagairt ar a n‐áirítear an chuid de chríoch na Ríochta Aontaithe a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir léi de bhua Airteagal 5(3) den Phrótacal seo.

Beidh feidhm ag Teideal I agus Teideal III de Chuid a Trí agus ag Cuid a Sé den Chomhaontú um Tharraingt Siar gan dochar d’fhorálacha an Phrótacail seo.

2.   D’ainneoin Airteagal 4(4) agus (5) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, déanfar forálacha an Phrótacail seo a thagraíonn do dhlí an Aontais nó do choincheapa nó d’fhorálacha atá ann a léiriú, agus iad á gcur chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm, i gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.   D’ainneoin Airteagal 6(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus mura bhforáiltear dá mhalairt, i gcás ina bhfuil tagairt sa Phrótacal seo do ghníomh de chuid an Aontais, léifear an tagairt sin mar thagairt don ghníomh sin de chuid an Aontais arna leasú nó arna ionadú.

4.   I gcás ina nglacfaidh an tAontas gníomh nua a thagann faoi raon feidhme an Phrótacail seo, ach nach ndéanfar gníomh de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal seo a leasú ná a ionadú leis, cuirfidh an tAontas an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoi ghlacadh an ghnímh sin sa Chomhchoiste. Arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe, reáchtálfaidh an Comhchoiste malartú tuairimí faoi impleachtaí an ghnímh nuaghlactha maidir le feidhmiú cuí an Phrótacail seo laistigh de shé seachtaine tar éis é sin a iarraidh.

A luaithe is féidir go praiticiúil tar éis don Aontas an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas sa Chomhchoiste, déanfaidh an Comhchoiste an méid seo a leanas:

(a)

glacfaidh sé cinneadh lena gcuirfear an gníomh nuaghlactha leis an Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an bPrótacal seo; nó

(b)

i gcás nach féidir teacht ar chomhaontú faoin ngníomh nuaghlactha a chur leis an Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an bPrótacal seo, scrúdóidh sé gach féidearthacht eile chun dea-fheidhmiú an Phrótacail seo a choinneáil ar bun agus déanfaidh sé aon chinneadh is gá chuige sin.

Mura mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste dá dtagraítear sa dara fomhír laistigh de thréimhse réasúnach, beidh an tAontas i dteideal, tar éis dó fógra a thabhairt don Ríocht Aontaithe, bearta leighis iomchuí a dhéanamh. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta sin sé mhí ar a luaithe tar éis don Aontas an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas fúthu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ach i gcás ar bith ní ghabhfaidh éifeacht leis na bearta sin ar dháta roimh an dáta a chuirfear an gníomh nuaghlactha chun feidhme san Aontas.

5.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus ar Airteagal 7 den Chomhaontú um Tharraingt siar, mura measfaidh an tAontas gur gá go mór rochtain iomlán nó pháirteach a bheith ag an Ríocht Aontaithe, nó ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, de réir mar a bheidh, chun a chumasú don Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí faoin bPrótacal seo a chomhlíonadh, lena n‐áirítear i gcás ina mbeidh gá leis an rochtain sin mar nach féidir rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha a éascú trí bhíthin na meithle dá dtagraítear in Airteagal 15 den Phrótacal seo ná trí bhíthin aon mhodh praiticiúil eile, i ndáil le rochtain ar aon líonra, aon chóras faisnéise nó aon bhunachar sonraí arna bhunú ar bhonn dhlí an Aontais, ní thuigfear maidir le tagairtí do Bhallstáit agus d’údaráis inniúla de chuid Ballstát i bhforálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo, gur tagairtí iad lena n‐áirítear an Ríocht Aontaithe nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, de réir mar a bheidh.

6.   Ní ghníomhóidh údaráis de chuid na Ríochta Aontaithe mar phríomhúdarás le haghaidh measúnuithe riosca, scrúduithe, ceaduithe nó nósanna imeachta údaraithe dá bhforáiltear i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo.

7.   Beidh feidhm ag Airteagal 346 agus Airteagal 347 CFAE maidir le bearta a dhéanfaidh Ballstát nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

8.   Beidh sé léirithe in aon chomhaontú dá éis seo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe cé na codanna den Phrótacal seo a ngabhfaidh sé a n‐ionad. A luaithe a thiocfaidh comhaontú dá éis seo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun bheith infheidhme tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo ansin, ó dháta cur i bhfeidhm an chomhaontaithe dá éis seo agus i gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe sin lena leagtar amach éifeacht an chomhaontaithe sin ar an bPrótacal seo, nó scoirfidh sé d'fheidhm a bheith aige, de réir mar a bheidh, ina iomláine nó i bpáirt.

Airteagal 14

An Coiste Speisialaithe

Déanfaidh an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann arna bhunú le hAirteagal 165 den Chonradh um Tharraingt Siar (“an Coiste Speisialaithe”):

(a)

cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Phrótacail seo a éascú;

(b)

tograí maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Phrótacail seo, ón gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus ó na comhlachtaí forfheidhmithe Thuaidh-Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú 1998, a scrúdú;

(c)

aon ábhar a bhaineann le hAirteagal 2 den Phrótacal seo, a chuirfidh Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine, Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann agus an Comhchoiste d'ionadaithe ó Choimisiún Thuaisceart Éireann agus ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine in iúl dó, a mheas;

(d)

aon ní a dhéanfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe a thabhairt ar aird, ar ní é atá ábhartha maidir leis an bPrótacal seo agus is cúis le deacracht a phlé; agus

(e)

moltaí a chur chuig an gComhchoiste maidir le feidhmiú an Phrótacail seo.

Airteagal 15

An mheitheal chomhairleach chomhpháirteach

1.   Bunaítear leis seo meitheal chomhairleach chomhpháirteach maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo (“an mheitheal”). Is é a bheidh sa mheitheal fóram i gcomhair malartú faisnéise agus comhairliúchán frithpháirteach.

2.   Beidh an mheitheal comhdhéanta d’ionadaithe de chuid an Aontais agus na Ríochta Aontaithe agus cuirfidh sí a feidhmeanna i gcrích faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe a gcuirfidh sí tuarascálacha chuige. Ní bheidh cumhacht ar bith ag an meitheal cinntí ceangailteacha a dhéanamh cé is moite den chumhacht a cuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh dá dtagraítear i mír 6.

3.   Laistigh den mheitheal:

(a)

déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, go tráthúil, faisnéis faoi bhearta ábhartha cur chun feidhme, atá beartaithe, atá fós ar siúl agus atá críochnaitheach, maidir leis na gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal seo a mhalartú;

(b)

cuirfidh an tAontas an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoi ghníomhartha beartaithe de chuid an Aontais atá faoi raon feidhme an Phrótacail seo, lena n‐áirítear gníomhartha de chuid an Aontais lena ndéanfar na gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal seo a leasú nó a ionadú;

(c)

cuirfidh an tAontas gach faisnéis a mheasann an tAontas a bheith ábhartha ar fáil don Ríocht Aontaithe chun gur féidir leis an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí faoin bPrótacal a chomhlíonadh go hiomlán; agus

(d)

cuirfidh an Ríocht Aontaithe gach faisnéis ar fáil don Aontas, is faisnéis a cheanglaítear ar Bhallstáit a thabhairt dá chéile nó do na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais de bhun na ngníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal seo.

4.   Beidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an meitheal.

5.   Beidh cruinniú ag an meitheal uair amháin sa mhí ar a laghad, mura rud é go gcinnfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a mhalairt de chomhthoil. I gcás inar gá, féadfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) agus pointe (d) de mhír 3 a mhalartú sa seal idir cruinnithe.

6.   Glacfaidh an mheitheal a cuid rialacha nós imeachta féin de chomhthoil.

7.   Áiritheoidh an tAontas go ndéanfar gach tuairim a luafaidh an Ríocht Aontaithe sa mheitheal agus gach faisnéis a chuirfidh an Ríocht Aontaithe ar fáil trí bhíthin na meithle, lena n‐áirítear sonraí teicniúla agus eolaíocha, a chur in iúl d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais gan moill mhíchuí.

Airteagal 16

Coimircí

1.   I gcás ina dtiocfaidh mórdheacrachtaí eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil ar dócha go leanfar díobh, nó atreorú na trádála, as cur i bhfeidhm an Phrótacail seo, féadfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe bearta coimirce iomchuí a dhéanamh go haontaobhach. Beidh na bearta coimirce sin srianta, maidir lena raon feidhme agus lena bhfad, dá bhfuil fíor-riachtanach chun an cás a leigheas. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Phrótacail seo.

2.   I gcás ina n‐eascróidh ó bheart coimirce a dhéanann an tAontas nó an Ríocht Aontaithe, de réir mar a bheidh, i gcomhréir le mír 1, éagothroime idir na cearta agus na hoibleagáidí faoin bPrótacal seo, féadfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe, de réir mar a bheidh, cibé bearta athchothromúcháin iomchuí a dhéanamh atá fíor-riachtanach chun an éagothroime a leigheas. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Phrótacail seo.

3.   Déanfar na bearta coimirce agus athchothromúcháin arna ndéanamh i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 a rialú leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an bPrótacal seo.

Airteagal 17

Leasanna airgeadais a chosaint

Déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe calaois agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a imríonn tionchar ar leasanna airgeadais an Aontais nó ar leasanna airgeadais na Ríochta Aontaithe a chomhrac.

Airteagal 18

Toiliú daonlathach i dTuaisceart Éireann

1.   Laistigh de 2 mhí roimh dheireadh na tréimhse tosaigh agus roimh thréimhse ar bith ina dhiaidh sin, cuirfidh an Ríocht Aontaithe an deis ar fáil toiliú daonlathach a thabhairt i dTuaisceart Éireann i leith chur i bhfeidhm leanúnach Airteagal 5 go hAirteagal 10.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh an Ríocht Aontaithe toiliú daonlathach a lorg i dTuaisceart Éireann ar bhealach atá i gcomhréir le Comhaontú 1998. Déanfar cinneadh ina gcuirfear toiliú daonlathach in iúl i gcomhréir dhlúth leis an dearbhú aontaobhach a rinne an Ríocht Aontaithe an 17 Deireadh Fómhair 2019 lena n‐áirítear i ndáil le ról Fheidhmeannas agus Thionól Thuaisceart Éireann.

3.   Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Aontais faoi dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 faoi thoradh an phróisis dá dtagraítear i mír 1.

4.   I gcás ina mbeidh an próiseas dá dtagraítear i mír 1 tugtha chun críche agus ina mbeidh cinneadh déanta i gcomhréir le mír 2, agus ina dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Aontas nach ionann toradh an phróisis dá tagraítear i mír 1 agus cinneadh go leanfaidh na hairteagail den Phrótacal seo dá dtagraítear sa mhír sin d’fheidhm a bheith acu i dTuaisceart Éirinn, sa chás sin scoirfidh na hairteagail sin agus forálacha eile den Phrótacal seo, a mhéid a bhfuil na forálacha sin ag brath ar na hairteagail sin lena gcur i bhfeidhm, scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5. Sa chás sin, cuirfidh an Comhchoiste moltaí faoi na bearta is gá faoi bhráid an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, ag cur oibleagáidí na bpáirtithe i gComhaontú 1998 san áireamh. Sula ndéanfaidh an Comhchoiste sin, féadfaidh sé tuairim a iarraidh ar na hinstitiúidí a bunaíodh le Comhaontú 1998.

5.   Chun críocha an Airteagail seo, is é an tréimhse tosaigh an tréimhse a dtiocfaidh deireadh leis 4 bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse. I gcás ina ndéanfar an cinneadh a dhéanfar i dtréimhse ar leith ar bhonn tromlach Chomhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann, comhaltaí atá i láthair agus ag vótáil, is é an tréimhse ina dhiaidh sin an tréimhse 4 bliana i ndiaidh na tréimhse sin, fad a bheidh feidhm fós le hAirteagal 5 go hAirteagal 10. I gcás ina mbeidh tacaíocht trasphobail ag an gcinneadh a dhéanfar i dtréimhse ar leith, is é an tréimhse ina dhiaidh sin an tréimhse 8 bliana i ndiaidh na tréimhse sin, fad a bheidh feidhm fós le hAirteagal 5 go hAirteagal 10.

6.   Chun críocha mhír 5, ciallaíonn tacaíocht trasphobail:

(a)

tromlach Chomhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann, atá i láthair agus ag vótáil, lena n‐áirítear tromlach den ainmniú aontachtach agus den ainmniú náisiúnach atá i láthair agus ag vótáil; nó

(b)

tromlach ualaithe (60 %) de Chomhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann, atá i láthair agus ag vótáil, lena n‐áirítear 40 % ar a laghad de gach ceann den ainmniú aontachtach agus den ainmniú náisiúnach atá i láthair agus ag vótáil.

Airteagal 19

Iarscríbhinní

Beidh Iarscríbhinn 1 go hIarscríbhinn 7 ina ndlúthchuid den Phrótacal seo.


(1)  Council Regulation (EC) No 1186/2009 of 16 November 2009 setting up a Community system of reliefs from customs duty (OJ L 324, 10.12.2009, p. 23).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN 1

NA FORÁLACHA I nDLÍ AN AONTAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)

Treoir 2004/113/CE an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (1)

Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (2)

Treoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (3)

Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (4)

Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n‐aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (5)

Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (6)


(1)  IO L 373, 21.12.2004, lch. 37.

(2)  IO L 204, 26.7.2006, lch. 23.

(3)  IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.

(4)  IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.

(5)  IO L 180, 15.7.2010, lch. 1.

(6)  IO L 6, 10.1.1979, lch. 24.


IARSCRÍBHINN 2

NA FORÁLACHA I nDLÍ AN AONTAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5(4)

1.   Gnéithe ginearálta custaim (1)

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (2)

Council Regulation (EC) No 515/97 of 13 March 1997 on mutual assistance between the administrative authorities of the Member States and cooperation between the latter and the Commission to ensure the correct application of the law on customs and agricultural matters (3)

Council Directive 2010/24/EU of 16 March 2010 concerning mutual assistance for the recovery of claims relating to taxes, duties and other measures (4)

2.   Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

Chun críche na gníomhartha a liostaítear sa roinn seo a chur i bhfeidhm, measfar gur cuid de chosaint leasanna airgeadais an Aontais é bailiú cuí dleachtanna custaim ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (5)

Council Regulation (EC, Euratom) No 2988/95 of 18 December 1995 on the protection of the European Communities financial interests (6)

3.   Staidreamh trádála

Regulation (EC) No 638/2004 of the European Parliament and of the Council of 31 March 2004 on Community statistics relating to the trading of goods between Member States and repealing Council Regulation (EEC) No 3330/91 (7)

Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (8)

4.   Gnéithe a bhaineann go ginearálta leis an trádáil

Rialachán (CE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (9)

Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (10)

Rialachán (AE) 2015/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le hallmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile an Aontais i dtaca le hallmhairiú (11)

Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (12)

Council Regulation (CE) Uimh 1215/2009 of 30 November 2009 introducing exceptional trade measures for countries and territories participating in or linked to the European Union's Stabilisation and Association process (Western Balkans) (13)

Rialachán (AE) 2017/1566 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta trádála sealadacha uathrialaitheacha a thabhairt isteach don Úcráin lena bhforlíontar na lamháltais trádála atá le fáil faoin gComhaontú Comhlachais (14)

Oibleagáidí a eascraíonn ó na comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, nó ag na Ballstáit ag gníomhú thar ceann an Aontais, nó ag an Aontas agus ag a Bhallstáit ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, a mhéid a bhaineann le trádáil in earraí idir an tAontas agus tríú tíortha

5.   Ionstraimí cosanta trádála

Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (15)

Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (16)

Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (17)

Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (18)

Rialachán (AE) 2015/476 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir leis na bearta a fhéadfaidh an tAontas a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith fhóirdheontais (19)

Rialachán (AE) 2015/477 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le bearta a fhéadfaidh an tAontas a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith fhóirdheontais agus beart cosanta (20)

6.   Rialacháin maidir le coimircí déthaobhacha

Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (21)

Rialachán (AE) 2015/1145 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Iúil 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (22)

Rialachán (AE) 2015/475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainn (23)

Rialachán (AE) 2015/938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (24)

Rialachán (AE) Uimh. 332/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile, a fheidhmiú (25)

Rialachán (AE) 2015/752 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a fheidhmiú (26)

Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (27)

Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (28)

Rialachán (AE) 2016/400 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme an clásal cosanta agus an sásra frith imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (29)

Rialachán (AE) 2016/401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme an sásra frith imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a chur ar fionraí go sealadach (30)

Rialachán (AE) 2015/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, a fheidhmiú (31)

Rialachán (AE) 2015/940 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú (32)

Rialachán (AE) 2015/939 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile, a fheidhmiú (33)

Rialachán (AE) Uimh. 511/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Cóiré (34)

Rialachán (AE) 2017/355 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv (35) den pháirt eile, a chur i bhfeidhm (36)

Rialachán (AE) 2016/1076 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe ar cuid iad de Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe lena mbunaítear comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch, nó as a dtagann bunú na gcomhaontuithe sin (37)

7.   Eile

Regulation (EC) No 816/2006 of the European Parliament and of the Council of 17 May 2006 on compulsory licensing of patents relating to the manufacture of pharmaceutical products for export to countries with public health problems (38)

8.   Earraí – forálacha ginearálta

Directive (EU) 2015/1535 of the European Parliament and of the Council of 9 September 2015 laying down a procedure for the provision of information in the field of technical regulations and of rules on Information Society services (39), with the exception of provisions relating to rules on information society services

Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40)

Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (41)

Decision No 768/2008/EC of the European Parliament and of the Council of 9 July 2008 on a common framework for the marketing of products, and repealing Council Decision 93/465/EEC (42)

Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (43)

Directive 2001/95/EC of the European Parliament and of the Council of 3 December 2001 on general product safety (44)

Council Regulation (EC) No 2679/98 of 7 December 1998 on the functioning of the internal market in relation to the free movement of goods among the Member States (45)

Council Directive 85/374/EEC of 25 July 1985 on the approximation of the laws, regulations and administrative provisions of the Member States concerning liability for defective products (46)

9.   Mótarfheithiclí, lena n‐áirítear tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta

Council Directive 70/157/EEC of 6 February 1970 on the approximation of the laws of the Member States relating to the permissible sound level and the exhaust system of motor vehicles (47)

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le leibhéal na fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n‐aisghairtear Treoir 70/157/CEE (48)

Directive 2005/64/EC of the European Parliament and of the Council of 26 October 2005 on the type-approval of motor vehicles with regard to their reusability, recyclability and recoverability and amending Council Directive 70/156/EEC (49)

Directive 2006/40/EC of the European Parliament and of the Council of 17 May 2006 relating to emissions from air conditioning systems in motor vehicles and amending Council Directive 70/156/EEC (50)

Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (51)

Directive 2007/46/EC of the European Parliament and of the Council of 5 September 2007 establishing a framework for the approval of motor vehicles and their trailers, and of systems, components and separate technical units intended for such vehicles (Framework Directive) (52)

Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‐aisghairtear Treoir 2007/46/CE (53)

Rialachán (CE) Uimh 78/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i ndáil le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n‐aisghairtear Treoir 2003/102/CE agus Treoir 2005/66/CE (54)

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóiri agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n‐aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (55)

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (56)

Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n‐aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (57)

Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (58)

Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (59)

Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (60)

Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (61)

Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseacht (62)

10.   Fearais láimhseála ardúcháin agus mheicniúla

Council Directive 73/361/EEC of 19 November 1973 on the approximation of the laws, regulations and administrative provisions of the Member States relating to the certification and marking of wire-ropes, chains and hooks (63)

Directive 2014/33/EU of the European Parliament and of the Council of 26 February 2014 on the harmonisation of the laws of the Member States relating to lifts and safety components for lifts (64)

11.   Fearais gháis

Council Directive 92/42/EEC of 21 May 1992 on efficiency requirements for new hot water boilers fired with liquid or gaseous fuels (65)

Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n‐aisghairtear Treoir 2009/142/CE (66)

12.   Árthaí brú

Council Directive 75/324/EEC of 20 May 1975 on the approximation of the laws of the Member States relating to aerosol dispensers (67)

Directive 2010/35/EU of the European Parliament and of the Council of 16 June 2010 on transportable pressure equipment and repealing Council Directives 76/767/EEC, 84/525/EEC, 84/526/EEC, 84/527/EEC and 1999/36/EC (68)

Directive 2014/68/EU of the European Parliament and of the Council of 15 May 2014 on the harmonisation of the laws of the Member States relating to the making available on the market of pressure equipment (69)

Directive 2014/29/EU of the European Parliament and of the Council of 26 February 2014 on the harmonisation of the laws of the Member States relating to the making available on the market of simple pressure vessels (70)

13.   Gléasanna tomhais

Directive 2009/34/EC of the European Parliament and of the Council of 23 April 2009 relating to common provisions for both measuring instruments and methods of metrological control (71)

Council Directive 75/107/EEC of 19 December 1974 on the approximation of the laws of the Member States relating to bottles used as measuring containers (72)

Council Directive 76/211/EEC of 20 January 1976 on the approximation of the laws of the Member States relating to the making-up by weight or by volume of certain prepackaged products (73)

Council Directive 80/181/EEC of 20 December 1979 on the approximation of the laws of the Member States relating to units of measurement and on the repeal of Directive 71/354/EEC (74)

Directive 2007/45/EC of the European Parliament and of the Council of 5 September 2007 laying down rules on nominal quantities for prepacked products, repealing Council Directives 75/106/EEC and 80/232/EEC, and amending Council Directive 76/211/EEC (75)

Directive 2011/17/EU of the European Parliament and of the Council of 9 March 2011 repealing Council Directives 71/317/EEC, 71/347/EEC, 71/349/EEC, 74/148/EEC, 75/33/EEC, 76/765/EEC, 76/766/EEC and 86/217/EEC regarding metrology (76)

Directive 2014/31/EU of the European Parliament and of the Council of 26 February 2014 on the harmonisation of the laws of the Member States relating to the making available on the market of non-automatic weighing instruments (77)

Directive 2014/32/EU of the European Parliament and of the Council of 26 February 2014 on the harmonisation of the laws of the Member States relating to the making available on the market of measuring instruments (78)

14.   Táirgí tógála, innealra, cáblabhealaí, trealamh cosanta pearsanta

Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n‐aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (79)

Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n‐aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (80)

Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n‐aisghairtear Treoir 2000/9/CE (81)

Directive 2006/42/EC of the European Parliament and of the Council of 17 May 2006 on machinery, and amending Directive 95/16/EC (82)

Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n‐aisghairtear Treoir 97/68/CE (83)

Directive 2000/14/EC of the European Parliament and of the Council of 8 May 2000 on the approximation of the laws of the Member States relating to the noise emission in the environment by equipment for use outdoors (84)

15.   Trealamh leictreach agus trealamh raidió

Directive 2014/30/EU of the European Parliament and of the Council of 26 February 2014 on the harmonisation of the laws of the Member States relating to electromagnetic compatibility (85)

Directive 2014/34/EU of the European Parliament and of the Council of 26 February 2014 on the harmonisation of the laws of the Member States relating to equipment and protective systems intended for use in potentially explosive atmospheres (86)

Directive 2014/35/EU of the European Parliament and of the Council of 26 February 2014 on the harmonisation of the laws of the Member States relating to the making available on the market of electrical equipment designed for use within certain voltage limits (87)

Directive 2014/53/EU of the European Parliament and of the Council of 16 April 2014 on the harmonisation of the laws of the Member States relating to the making available on the market of radio equipment and repealing Directive 1999/5/EC (88)

16.   Teicstílí, coisbheart

Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n‐aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (89)

Directive 94/11/EC of the European Parliament and the Council of 23 March 1994 on the approximation of the laws, regulation and administrative provisions of the Member States relating to labelling of the materials used in the main components of footwear for sale to the consumer (90)

17.   Cosmaidí, bréagáin

Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (91)

Directive 2009/48/EC of the European Parliament and of the Council of 18 June 2009 on the safety of toys (92)

18.   Árthaí áineasa