EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M036

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
TEIDEAL V - FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
CAIBIDIL 2 - FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
ROINN 1 - FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 36 (sean-Airteagal 21 CAE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 35–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_36/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/35


Airteagal 36

(sean-Airteagal 21 CAE)

Rachaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa go tráthrialta maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus an chomhbheartais slándála agus cosanta agus cuirfidh sé ar an eolas í faoi éabhlóid na mbeartas sin. Áiritheoidh sé go dtabharfar aird chuí ar dhearcadh Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh na hionadaithe speisialta a bheith rannpháirteach maidir le Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle agus chuig an Ardionadaí nó moltaí a thabhairt don Chomhairle agus don Ardionadaí. Cuirfidh sí díospóireacht ar siúl dhá uair sa bhliain ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta.


Top