EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M/PRO/24

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
PRÓTACAL (Uimh. 24) MAIDIR LE TEARMANN DO NÁISIÚNAIGH DE CHUID BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH

OJ C 202, 7.6.2016, p. 304–305 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/pro_24/oj

   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/304


PRÓTACAL (Uimh. 24)

MAIDIR LE TEARMANN DO NÁISIÚNAIGH DE CHUID BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go n-aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha,

DE BHRÍ, de bhun Airteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil na cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint ina gcuid de dhlí an Aontais mar phrionsabail ghinearálta,

DE BHRÍ go bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go ndéanfaidh an tAontas an dlí a urramú, agus Airteagal 6(1) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach á léiriú agus á chur i bhfeidhm aige,

DE BHRÍ, de bhun Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach foláir d'aon Stát Eorpach, agus iarratas á dhéanamh aige chun bheith ina chomhalta den Aontas, na luachanna atá leagtha amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH go mbunaíonn Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach sásra chun cearta áirithe a fhionraí i gcás go ndéanann Ballstát na luachanna sin a shárú go tromchúiseach leanúnach,

AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil ag gach náisiúnach de chuid Ballstáit, mar shaoránach den Aontas, stádas agus cosaint speisialta a dhéanfaidh na Ballstáit a ráthú i gcomhréir le forálacha Chuid a Dó den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH go mbunaíonn na Conarthaí limistéar gan teorainneacha inmheánacha agus go dtugann siad do gach saoránach an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát,

ÓS MIAN LEO a chinntiú nach mbainfear leas as an tearmann chun críoch atá bunoscionn leis na críocha ar ceapadh chucu é,

DE BHRÍ go n-urramaíonn an Prótacal seo críochnaitheacht agus cuspóirí Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le stádas dídeanaithe,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal Aonair

Ag féachaint do leibhéal na cosanta maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha a thugann Ballstáit an Aontais Eorpaigh, measfar gur tíortha sábháilte tionscnaimh iad na Ballstáit i leith a chéile fad a bhaineann le críocha dlí agus críocha praiticiúla i ndáil le hábhair thearmainn. Dá réir sin, ní fhéadfar aon iarratas ar thearmann arna dhéanamh ag náisiúnach de chuid Ballstáit a chur san áireamh ná ní fhéadfar a dhearbhú go bhfuil sé inghlactha lena phróiseáil ag Ballstát eile, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

má dhéanann an Ballstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir, agus leas á bhaint aige as forálacha Airteagal 15 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, bearta a ghlacadh, tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, chun a oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún sin a mhaolú ar a chríoch;

(b)

má tá tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go dtí go nglacfaidh an Chomhairle, nó, más iomchuí, an Chomhairle Eorpach, cinneadh ina leith sin i dtaca leis an mBallstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir;

(c)

má tá cinneadh glactha ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i dtaca leis an mBallstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir, nó má tá cinneadh glactha ag an gComhairle Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Chonradh sin i dtaca leis an mBallstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir;

(d)

dá gcinnfeadh Ballstát amhlaidh go haontaobhach maidir leis an iarratas ó náisiúnach de chuid Ballstát eile; sa chás sin, cuirfear an Chomhairle ar an eolas láithreach; déileálfar leis an iarratas ar bhonn na toimhdean go bhfuil sé go follasach gan bhunús, gan difear a dhéanamh ar dhóigh ar bith, gan spleáchas do na cásanna, do chumhacht chinnteoireachta an Bhallstáit.


Top