EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E346

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SEACHT - FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 346 (sean-Airteagal 296 CCE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 194–194 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_346/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/194


Airteagal 346

(sean-Airteagal 296 CCE)

1.   Ní chuirfidh forálacha na gConarthaí bac ar fheidhmiú na rialacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála;

(b)

féadfaidh aon Bhallstát cibé bearta is gá leis a ghlacadh chun leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint agus ar bearta iad a bhaineann le hairm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a thrádáil. Ní foláir, áfach, gan na bearta sin a dhul chun dochair do na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach i gcás táirgí nach bhfuil ceaptha chun críoch míleata go sonrach.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, athruithe a dhéanamh ar an liosta a tharraing sí suas ar an 15 Aibreán 1958 de na táirgí a bhfuil forálacha phointe (b) de mhír 1 infheidhme orthu.


Top