EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E312

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL II - FORÁLACHA AIRGEADAIS
CAIBIDIL 2 - AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL
Airteagal 312

OJ C 202, 7.6.2016, p. 182–183 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_312/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/182


Airteagal 312

1.   Áiritheoidh an creat airgeadais ilbhliantúil go dtiocfaidh forbairt ar chaiteachas an Aontais ar dhóigh ordúil agus laistigh de theorainneacha a acmhainní dílse.

Bunófar é ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.

Comhlíonfaidh buiséad bliantúil an Aontais an creat airgeadais ilbhliantúil.

2.   Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, rialachán lena mbunófar an creat airgeadais ilbhliantúil. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa arna thabhairt ag tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d'aon toil lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe nuair a bheidh an rialachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh.

3.   Cinnfear leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí de réir aicme caiteachais agus méideanna na huasteorann bliantúla ar leithreasaí íocaíochta. Freagróidh na haicmí caiteachais, ar teoranta a líon, do phríomhearnálacha gníomhaíochta an Aontais.

Leagfar síos leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil aon fhorálacha eile is gá chun go n-oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go réidh.

4.   Mura mbeidh an rialachán ón gComhairle lena gcinnfear creat nua airgeadais glactha roimh dheireadh an chreata airgeadais roimhe sin, fadófar na huasteorainneacha agus na forálacha eile a fhreagraíonn do bhliain dheireanach an chreata sin go dtí go nglacfar an gníomh sin.

5.   I gcaitheamh an nós imeachta as a dtiocfaidh glacadh an chreata airgeadais ilbhliantúil, glacfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gach beart is gá chun an glacadh sin a éascú.


Top