EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E309

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 4 - AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA
Airteagal 309 (sean-Airteagal 267 CCE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 180–180 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_309/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/180


Airteagal 309

(sean-Airteagal 267 CCE)

Is é is cúram don Bhanc Eorpach Infheistíochta rannchuidiú, trí dhul ar iontaoibh mhargadh an chaipitil agus trína acmhainní féin a úsáid, le forbairt chothromúil rianúil an mhargaidh inmheánaigh chun leas an Aontais. Chuige sin déanfaidh an Banc, ag oibriú dó ar bhonn neamhbhrabúsmhar, iasachtaí agus ráthaíochtaí a thabhairt a éascóidh maoiniú na dtionscadal seo a leanas i ngach earnáil den gheilleagar:

(a)

tionscadail le haghaidh fhorbairt na réigiún lagfhorbartha;

(b)

tionscadail chun gnóthais a nuachóiriú nó a athrú nó chun gníomhaíochtaí úra a fhorbairt a mbeidh call leo mar gheall ar bhunú nó ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh, i gcás nach féidir, mar gheall ar mhéid nó cineál na dtionscadal sin, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha;

(c)

tionscadail leasa choitinn do Bhallstáit éagsúla nach féidir, mar gheall ar a méid nó a gcineál, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha.

I gcomhlíonadh a chúraimí dó, éascóidh an Banc maoiniú clár infheistíochta i gcuibhreann le cabhair ó na cistí struchtúracha agus ó ionstraimí airgeadais Aontais eile.


Top