EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E208

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A CÚIG - GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS
TEIDEAL III - COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL
CAIBIDIL 1 - COMHAR UM FHORBAIRT
Airteagal 208 (sean-Airteagal 177 CCE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 141–141 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_208/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/141


Airteagal 208

(sean-Airteagal 177 CCE)

1.   Seolfar beartas an Aontais i réimse an chomhair um fhorbairt faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Déanfaidh beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

Is é is cuspóir príomhúil do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad. Tabharfaidh an tAontas aird ar chuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuirfidh sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha atá i mbéal forbartha.

2.   Urramóidh an tAontas agus na Ballstáit na gealltanais agus tabharfaidh siad aird ar na cuspóirí a bheidh formheasta acu faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla eile.


Top