EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E182

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XIX - TAIGHDE AGUS FORBAIRT THEICNEOLAÍOCH AGUS AN SPÁS
Airteagal 182 (sean-Airteagal 166 CCE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 129–130 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_182/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/129


Airteagal 182

(sean-Airteagal 166 CCE)

1.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, clár réime ilbhliantúil ina leagfar amach gníomhaíochtaí uile an Aontais.

Déanfaidh an clár réime:

na cuspóirí eolaíocha agus teicneolaíocha atá le gnóthú sna gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 180 agus na tosaíochtaí a bheidh ag gabháil leo a shocrú;

imlínte do na gníomhaíochtaí sin a chur i bhfios;

an t-uasmhéid foriomlán agus na rialacha mionsonraithe a shocrú do rannpháirtíocht airgeadais an Aontais sa chlár réime maille leis an gcion faoi seach i ngach gníomhaíocht arna beartú.

2.   Déanfar an clár réime a oiriúnú nó a fhorlíonadh de réir mar a thagann cor nua sa scéal.

3.   Cuirfear an clár réime chun feidhme trí bhíthin cláir shonracha a dhéanfar a fhorbairt laistigh de gach gníomhaíocht. Déanfaidh gach clár sonrach rialacha mionsonraithe a chur chun feidhme a shonrú, a ré a shocrú agus an maoiniú a mheastar is gá a fhoráil. Ní fhéadfaidh suim na méideanna a mheastar is gá arna socrú sna cláir shonracha a bheith níos mó ná an t-uasmhéid foriomlán arna shocrú don chlár réime agus do gach gníomhaíocht.

4.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na cláir shonracha a ghlacadh.

5.   Mar chomhlánú ar na gníomhaíochtaí a bheartófar leis an gclár réime ilbhliantúil, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta is gá chun an limistéar Eorpach taighde a chur chun feidhme.


Top