EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E155

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL X - BEARTAS SÓISIALTA
Airteagal 155 (sean-Airteagal 139 CCE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 116–116 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_155/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/116


Airteagal 155

(sean-Airteagal 139 CCE)

1.   Más é sin is toil leis na comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh caidreamh conarthach, lena n-áirítear comhaontuithe, a bheith mar thoradh ar an agallamh eatarthu ar leibhéal an Aontais.

2.   Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na cleachtais is cuí do na comhpháirtithe sóisialta agus do na Ballstáit nó, in ábhair a thig faoi Airteagal 153, trí chinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún, arna iarraidh sin i gcomhpháirt do na páirtithe sínitheacha, a chuirfear chun feidhme na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair atá foráil amháin nó níos mó sa chomhaontú i dtrácht a bhaineann le ceann de na réimsí inar gá aontoilíocht de bhun Airteagal 153(2).


Top