EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E019

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A DÓ - NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS
Airteagal 19 (sean-Airteagal 13 CCE)

OJ C 202, 7.6.2016, p. 56–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_19/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/56


Airteagal 19

(sean-Airteagal 13 CCE)

1.   Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí agus laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar don Aontas leo, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bunphrionsabail beart dreasachta Aontais a ghlacadh, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát, chun tacú le gníomhaíocht arna déanamh ag na Ballstáit chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1.


Top