EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E/PRO/30

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
PRÓTACAL (Uimh. 30) MAIDIR LE CAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I bhFEIDHM MAIDIR LEIS AN bPOLAINN AGUS LEIS AN RÍOCHT AONTAITHE

OJ C 202, 7.6.2016, p. 312–313 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/pro_30/oj

   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/312


PRÓTACAL (Uimh. 30)

MAIDIR LE CAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I bhFEIDHM MAIDIR LEIS AN bPOLAINN AGUS LEIS AN RÍOCHT AONTAITHE

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ go n-aithníonn an tAontas, le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

DE BHRÍ go gcaithfear an Chairt a chur i bhfeidhm i gcomhréir dhlúth le forálacha Airteagal 6 dá dtagraítear thuas agus le Teideal VII den Chairt féin;

DE BHRÍ go bhforáiltear le hAirteagal 6 dá dtagraítear thuas nach mór do chúirteanna na Polainne agus na Ríochta Aontaithe an Chairt a chur i bhfeidhm agus a léiriú i gcomhréir dhlúth leis na míniúcháin dá dtagraítear san Airteagal sin;

DE BHRÍ go bhfuil idir chearta agus phrionsabail sa Chairt;

DE BHRÍ go bhfuil forálacha sa Chairt ar forálacha sibhialta agus forálacha polaitiúla iad, agus forálacha ar forálacha eacnamaíocha agus forálacha sóisialta iad;

DE BHRÍ go n-athdhaingnítear leis an gCairt na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear san Aontas agus go dtugann sí chun léargais iad, ach mar sin féin nach gcruthaíonn sí cearta nua ná prionsabail nua;

AG MEABHRÚ DÓIBH na hoibleagáidí a chuirtear ar an bPolainn agus ar an Ríocht Aontaithe de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de bhun dhlí an Aontais i gcoitinne;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur mian leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe soiléiriú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de chur i bhfeidhm na Cairte;

ÓS MIAN LEO dá bhrí sin soiléiriú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte i ndáil le dlíthe agus i ndáil le gníomhaíocht riaracháin na Polainne agus na Ríochta Aontaithe agus ar a hinbhreithnitheacht sa Pholainn agus sa Ríocht Aontaithe;

AG ATHDHAINGNIÚ DÓIBH, maidir leis na tagairtí atá sa Phrótacal seo do chur chun feidhme forálacha áirithe den Chairt, nach dochar ar bith iad do chur chun feidhme forálacha eile den Chairt;

AG ATHDHAINGNIÚ DÓIBH nach dochar an Prótacal seo do chur i bhfeidhm na Cairte maidir leis na Ballstáit eile;

AG ATHDHAINGNIÚ DÓIBH nach dochar an Prótacal seo do na hoibleagáidí eile atá ar an bPolainn agus ar an Ríocht Aontaithe de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de bhun dhlí an Aontais i gcoitinne,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

1.   Ní chuireann an Chairt le cumas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná le cumas aon chúirte nó aon bhinse de chuid na Polainne nó na Ríochta Aontaithe a shuíomh nach bhfuil dlíthe, rialacháin nó forálacha, cleachtais nó gníomhaíocht riaracháin na Polainne nó na Ríochta Aontaithe ar comhréir leis na cearta, leis na saoirsí agus leis na prionsabail bhunúsacha sin a athdhaingníonn sí.

2.   Go háirithe, agus chun amhras a sheachaint, ní chruthaíonn aon ní i dTeideal IV den Chairt aon chearta inbhreithnithe a bheidh infheidhme maidir leis an bPolainn nó an Ríocht Aontaithe, ach amháin a mhéid a fhoráiltear do na cearta sin i ndlí náisiúnta na Polainne nó na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 2

I gcás ina dtagróidh foráil den Chairt do dhlíthe náisiúnta agus do chleachtais náisiúnta, ní bheidh feidhm aici maidir leis an bPolainn ná leis an Ríocht Aontaithe ach a mhéid a aithnítear i ndlí nó i gcleachtais na Polainne nó na Ríochta Aontaithe na cearta agus na prionsabail atá inti.


Top