EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E/PRO/01

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
PRÓTACAL (Uimh. 1) MAIDIR LE RÓL NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA SAN AONTAS EORPACH

OJ C 202, 7.6.2016, p. 203–205 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/pro_1/oj

   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/203


PRÓTACAL (Uimh. 1)

MAIDIR LE RÓL NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA SAN AONTAS EORPACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH gur ceist a bhaineann le heagrúchán agus le cleachtas bunreachtúil gach Ballstáit é an dóigh a ndéanann na Parlaimintí náisiúnta grinnscrúdú ar a rialtas féin i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh,

ÓS MIAN LEO níos mó rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chothú sna Parlaimintí náisiúnta agus feabhas a chur ar a n-ábaltacht a ndearcadh a nochtadh ar dhréachtghníomhartha reachtacha an Aontais Eorpaigh agus ar ábhair eile a bhfuil suim ar leith acu iontu,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

TEIDEAL I

FAISNÉIS LE hAGHAIDH NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

Airteagal 1

Cuirfidh an Coimisiún gach doiciméad comhairliúcháin dá chuid (páipéir ghlasa, páipéir bhána agus cumarsáidí) chuig na Parlaimintí náisiúnta go díreach ar iad a fhoilsiú. Cuirfidh an Coimisiún an clár reachtach bliantúil mar aon le gach ionstraim eile a bhaineann le pleanáil reachtach nó beartas chuig na Parlaimintí náisiúnta freisin san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.

Airteagal 2

Dréachtghníomhartha reachtacha a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, cuirfear chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn "dréachtghníomhartha reachtacha" tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa Ballstát, tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta, d'fhonn gníomh reachtach a ghlacadh.

Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ón gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.

Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ó Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh Parlaimint na hEorpa go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ó ghrúpa Ballstát, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.

Airteagal 3

Féadfaidh na Parlaimintí náisiúnta tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, chuig Uachtarán na Comhairle agus chuig Uachtarán an Choimisiúin á rá an gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta, de réir an nós imeachta a leagtar síos sa Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

Más ó ghrúpa Ballstát a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig rialtais na mBallstát sin.

Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht.

Airteagal 4

Rachaidh tréimhse ocht seachtaine in éag idir an dáta a gcuirfear dréachtghníomh reachtach ar fáil do na Parlaimintí náisiúnta i dteangacha oifigiúla an Aontais agus an dáta a gcuirfear ar chlár oibre sealadach na Comhairle é lena ghlacadh nó le seasamh a ghlacadh faoi chuimsiú nós imeachta reachtaigh. Féadfaidh eisceachtaí i gcásanna práinne a bheith ann a sonrófar na cúiseanna atá leo i ngníomh nó i seasamh na Comhairle. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, ní fhéadfar teacht ar aon chomhaontú ar dhréachtghníomh reachtach le linn na n-ocht seachtaine sin. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, rachaidh tréimhse deich lá in éag idir dréachtghníomh reachtach a chur ar chlár oibre sealadach na Comhairle agus seasamh a ghlacadh.

Airteagal 5

Na cláir oibre do chruinnithe na Comhairle mar aon le torthaí na gcruinnithe sin, lena n-áirítear miontuairiscí na gcruinnithe ina mbíonn dréachtghníomhartha reachtacha á bplé ag an gComhairle, cuirfear go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a gcuirfear chuig rialtais na mBallstát iad.

Airteagal 6

Nuair a bheidh sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach leas a bhaint as an gcéad fhomhír nó as an dara fomhír d'Airteagal 48(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfear na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin tionscnamh ón gComhairle Eorpach sé mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh.

Airteagal 7

Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí a tuarascáil bhliantúil chuig na Parlaimintí náisiúnta mar eolas san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle í.

Airteagal 8

Nuair nach seomra amháin atá sa chóras parlaiminteach náisiúnta, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7 maidir le seomraí a chomhdhéanta.

TEIDEAL II

COMHAR IDIRPHARLAIMINTEACH

Airteagal 9

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta i gcomhar le chéile conas an comhar idirpharlaiminteach a eagrú agus a chur chun cinn go héifeachtúil tráthrialta san Aontas.

Airteagal 10

Féadfaidh Comhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais aon rannchuidiú a mheasann sí is iomchuí a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Ina theannta sin, cuirfidh an Chomhdháil sin chun cinn malartú faisnéise agus dea-chleachtais idir na Parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa, go fiú idir a gcoistí speisialta. Féadfaidh sí comhdhálacha idirpharlaiminteacha a eagrú freisin ar théamaí sonracha, go háirithe chun ábhair a phlé a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta. Ní bheidh rannchuidithe ón gComhdháil ina gceangal ar na Parlaimintí náisiúnta ná ní dhéanfaidh siad réamhbhreith ar a seasaimh.


Top