EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008E

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

OJ C 115, 9.5.2008, p. 47–388 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

12008E

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0047 - 0388


Leagan comhdhlúite

den

Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

BROLLACH

TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, A MÓRGACHT RÍOGA ARD-BHANDIÚC LUCSAMBURG, A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE [1],

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU na fothaí a leagan síos d'aontas buandlúite idir pobail na hEorpa,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU ascnamh eacnamaíoch agus sóisialta a mBallstát a áirithiú le comhghníomhaíocht chun na bacainní a dhíchur atá ag deighilt na hEorpa,

Á DHEARBHÚ é a bheith de chuspóir bunúsach lena n-iarrachtaí dálaí maireachtála agus oibre a bpobal a shíorchur chun feabhais,

Á AITHINT DÓIBH go bhfuil gá, d'fhonn bacainní atá ann a aschur, le gníomhaíocht chomhbheartaithe chun forleathnú seasta, trádáil chothromúil agus iomaíocht chóir a urrú,

ÓS É A MIANGAS aontacht a ngeilleagar a neartú agus a bhforbairt chomhchuí a áirithiú trí laghdú a thabhairt ar na difríochtaí idir na réigiúin éagsúla agus ar mhallréim na réigiún nach bhfuil bail ar fónamh orthu,

ÓS MIAN LEO, de thoradh comhbheartais tráchtála, cuidiú chun srianta leis an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú go comhleanúnach,

LE hINTINN an dlúthpháirtíocht a dhaingniú a chónaisceann an Eoraip agus na tíortha thar lear agus d'fhonn forbairt ar a rathúnas a áirithiú de réir phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU tríd an gcomhthiomsú sin ar a n-acmhainní an tsíocháin agus an tsaoirse a chaomhnú agus a neartú agus á ghairm dóibh ar na pobail eile san Eoraip a pháirtíonn a mbarrshamhail luí isteach lena n-iarrachtaí,

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU forbairt an fheasa ar an leibhéal is airde i measc a bpobail a chur ar aghaidh trí rochtain fhorleathan a bheith ann ar oideachas agus tríd an bhfios sin a thabhairt suas chun dáta go leanúnach,

TAR ÉIS NA DAOINE SEO A LEANAS A CHEAPADH mar Lánchumhachtaigh:

(liosta na lánchumhachtach gan atáirgeadh)

NOCH A RINNE, tar éis dóibh a lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird dá chéile, comhaontú mar a leanas.

CUID A hAON

PRIONSABAIL

Airteagal 1

1. Eagraítear leis an gConradh seo feidhmiú an Aontais agus cinntear leis réimsí agus críochú a inniúlachtaí agus na socruithe chun iad a fheidhmiú.

2. Is iad an Conradh seo agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Beidh an stádas dlí céanna ag an dá Chonradh seo, dá ngairtear "na Conarthaí".

TEIDEAL I

CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS

Airteagal 2

1. Nuair a dhéanfar inniúlacht eisiach i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí, gan na Ballstáit a bheith in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh iad nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme.

2. Nuair a dhéanfar inniúlacht arna roinnt leis na Ballstáit i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, féadfaidh an tAontas agus na Ballstáit reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse sin. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe aige. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht athuair a mhéad gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú.

3. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh de shocruithe dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus a bhfuil inniúlacht ag an Aontas maidir lena sainiú.

4. Beidh inniúlacht ag an Aontas, i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach, comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach.

5. I réimsí áirithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh gan a inniúlacht féin a chur in ionad a n-inniúlachta siúd sna réimsí sin dá thoradh sin.

Ní bheidh comhchuibhiú ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát mar thoradh ar ghníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha sna Conarthaí a bhaineann leis na réimsí sin.

6. Cinnfear an raon feidhme agus na socruithe chun inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú leis na forálacha sna Conarthaí a bhaineann le gach réimse acu.

Airteagal 3

1. Beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas sna réimsí seo a leanas:

(a) aontas custaim;

(b) na rialacha iomaíochta is gá a bhunú d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh;

(c) beartas airgeadaíochta do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu;

(d) acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin gcomhbheartas iascaigh;

(e) comhbheartas tráchtála.

2. Beidh inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú.

Airteagal 4

1. Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit nuair a thugann na Conarthaí inniúlacht dó nach mbaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 6.

2. Cuirfear i bhfeidhm inniúlachtaí a bheidh á roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit sna príomhréimsí seo a leanas:

(a) margadh inmheánach;

(b) beartas sóisialta, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo;

(c) comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;

(d) talmhaíocht agus iascach, amach ó acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú;

(e) comhshaol;

(f) cosaint tomhaltóirí;

(g) iompar;

(h) gréasáin thras-Eorpacha;

(i) fuinneamh;

(j) limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais;

(k) gnáthchúraimí slándála i gcúrsaí sláinte poiblí, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo.

3. I réimsí an taighde, na forbartha teicneolaíche agus an spáis, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, go háirithe cláir a shainiú agus a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.

4. I réimsí an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus comhbheartas a sheoladh; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.

Airteagal 5

1. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha laistigh den Aontas. Chuige sin, glacfaidh an Chomhairle bearta, go háirithe na mórthreoirlínte do na beartais sin.

Beidh feidhm ag forálacha sonracha maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

2. Glacfaidh an tAontas bearta chun comhordú bheartais fostaíochta na mBallstát a áirithiú, go háirithe trí threoirlínte do na beartais sin a shainiú.

3. Féadfaidh an tAontas tionscnaimh a ghlacadh chun comhordú bheartais shóisialta na mBallstát a áirithiú.

Airteagal 6

Beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh. Is iad réimsí na gníomhaíochta sin ar leibhéal Eorpach:

(a) sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú;

(b) tionscal;

(c) cultúr;

(d) turasóireacht;

(e) oideachas, gairmoiliúint, óige agus spórt;

(f) cosaint shibhialta;

(g) comhar riaracháin.

TEIDEAL II

FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU

Airteagal 7

Déanfaidh an tAontas comhchuibheas idir a bheartais agus a ghníomhaíochtaí a áirithiú, ag cur a chuspóirí uile san áireamh agus i gcomhréir leis an bprionsabal tabhartha cumhachtaí.

Airteagal 8

(sean-Airteagal 3(2) CCE) [2]

Ina ghníomhaíochtaí uile, beidh sé d'aidhm ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh.

Airteagal 9

Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tabharfaidh an tAontas aird ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine.

Airteagal 10

Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, is é is aidhm don Aontas gach idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach.

Airteagal 11

(sean-Airteagal 6 CCE)

Ní foláir ceanglais chosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d'fhonn forbairt inbhuanaithe a chur ar aghaidh.

Airteagal 12

(sean-Airteagal 153(2) CCE)

Tabharfar aird ar cheanglais maidir le cosaint an tomhaltóra i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí eile an Aontais.

Airteagal 13

Agus beartais an Aontais maidir leis an talmhaíocht, leis an iascach, leis an iompar, leis an margadh inmheánach agus leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus leis an spás á bhfoirmiú agus á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit lánaird, toisc gur neacha mothaitheacha na hainmhithe, ar na ceanglais maidir le leas ainmhithe agus forálacha reachtaíochta nó riaracháin agus nósanna na mBallstát, go háirithe maidir le deasghnátha reiligiúnacha, traidisiúin chultúrtha agus oidhreacht réigiúnach, á n-urramú acu.

Airteagal 14

(sean-Airteagal 16 CCE)

Gan dochar d'Airteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó d'Airteagail 93, 106 agus 107 den Chonradh seo, agus ag féachaint do thábhacht na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i measc luachanna comhpháirteacha an Aontais maille leis an ról atá acu i gcomhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur ar aghaidh, féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige, gach ceann díobh laistigh dá chumhachtaí faoi seach agus laistigh de raon feidhme na gConarthaí, go n-oibreoidh seirbhísí den sórt sin ar bhonn prionsabal agus coinníollacha, go háirithe coinníollacha eacnamaíocha agus airgeadais, a chumasaíonn dóibh a gcúraimí a chomhall. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na prionsabail sin agus socróidh siad na coinníollacha sin, gan dochar d'inniúlacht na mBallstát, ar cothrom leis na Conarthaí, chun na seirbhísí sin a sholáthar, a choimisiúnú agus a chistiú.

Airteagal 15

(sean-Airteagal 255 CCE)

1. D'fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir.

2. Suífidh Parlaimint na hEorpa i seisiún poiblí, agus suífidh an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanfaidh sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanfaidh sí vótáil ina leith.

3. Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe reachtach aige i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad, faoi réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha a shaineofar i gcomhréir leis an mír seo.

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin rialachán, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na prionsabail ghinearálta agus na teorainneacha ar fhorais leasa phríobháidigh nó phoiblí a rialóidh an ceart rochtana sin ar dhoiciméid.

Déanfaidh gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht trédhearcacht a chuid oibre nó a cuid oibre a áirithiú agus forálacha sonracha maidir le rochtain ar a dhoiciméid nó ar a doiciméid a ullmhú ina Rialacha Nós Imeachta féin i gcomhréir leis na rialacháin dá dtagraítear sa dara fomhír.

Ní bheidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach ná an Banc Eorpach Infheistíochta faoi réir fhorálacha an Airteagail seo ach amháin nuair a bheidh a bhfeidhmeanna riaracháin á bhfeidhmiú acu.

Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go ndéanfar doiciméid a bhaineann leis na nósanna imeachta reachtacha a fhoilsiú faoi na coinníollacha arna leagan síos leis na rialacháin dá dtagraítear sa dara fomhír.

Airteagal 16

(sean-Airteagal 286 CCE)

1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis a chosaint.

2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha a leagan síos a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair a bheidh gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi rialú údarás neamhspleách.

Beidh na rialacha a ghlacfar ar bhonn an Airteagail seo gan dochar do na rialacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 39 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 17

1. Urramaíonn an tAontas an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eaglaisí agus ag comhlachais nó ag pobail reiligiúnacha sna Ballstáit agus ní dhéanann sé dochar don stádas sin.

2. Urramaíonn an tAontas mar an gcéanna an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla.

3. Agus aitheantas á thabhairt aige dá gcéannacht agus dá rannchuidiú sonrach, déanfaidh an tAontas agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta a choimeád ar siúl leis na heaglaisí sin agus leis na heagraíochtaí sin.

CUID A DÓ

NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS

Airteagal 18

(sean-Airteagal 12 CCE)

Laistigh de raon feidhme na gConarthaí, agus gan dochar d'aon fhorálacha speisialta iontu, toirmiscfear aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, rialacha a ghlacadh chun idirdhealú den sórt sin a thoirmeasc.

Airteagal 19

(sean-Airteagal 13 CCE)

1. Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí agus laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar don Aontas leo, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bunphrionsabail beart dreasachta Aontais a ghlacadh, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát, chun tacú le gníomhaíocht arna déanamh ag na Ballstáit chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 20

(sean-Airteagal 17 CCE)

1. Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht an Aontais de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.

2. Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear iontu. Beidh acu, inter alia:

(a) an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát;

(b) an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;

(c) an ceart chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tír nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnaigh de iad ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;

(d) an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, dul ar iontaoibh an Ombudsman Eorpaigh, agus dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha an Aontais in aon cheann de theangacha na gConarthaí agus freagra a fháil sa teanga chéanna.

Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a shainítear leis na Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh dá mbun.

Airteagal 21

(sean-Airteagal 18 CCE)

1. Beidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme.

2. Más cosúil gur gá gníomh ón Aontas chun an cuspóir sin a bhaint amach agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha sna Conarthaí, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha a ghlacadh d'fhonn feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 1 a éascú.

3. Chun críocha ar ionann iad agus na críocha dá dtagraítear i mír 1 agus mura bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis na Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta a ghlacadh i dtaca le slándáil shóisialta nó le cosaint shóisialta. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 22

(sean-Airteagal 19 CCE)

1. Beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.

2. Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 223(1) agus do na forálacha arna nglacadh lena chur chun feidhme, beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.

Airteagal 23

(sean-Airteagal 20 CCE)

Tairbheoidh gach saoránach den Aontas ar chríoch tríú tír nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnach de é de chosaint ó údaráis taidhleoireachta agus consalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá agus rachaidh siad i mbun na caibidlíochta idirnáisiúnta is gá chun an chosaint sin a áirithiú.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, treoracha a ghlacadh lena mbunófar bearta um chomhordú agus um chomhar chun an chosaint sin a éascú.

Airteagal 24

(sean-Airteagal 21 CCE)

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na forálacha a ghlacadh do na nósanna imeachta agus do na coinníollacha is gá do thionscnamh ó na saoránaigh de réir bhrí Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an t-íoslíon Ballstát as a gcaithfidh na saoránaigh sin teacht.

Beidh ceart achainí ag gach saoránach den Aontas os comhair Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le forálacha Airteagal 227.

Féadfaidh gach saoránach den Aontas dul ar iontaoibh an Ombudsman arna bhunú i gcomhréir le forálacha Airteagal 228.

Féadfaidh gach saoránach den Aontas scríobh chuig aon cheann de na hinstitiúidí, de na comhlachtaí, de na hoifigí nó de na gníomhaireachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo nó in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i gceann de na teangacha atá luaite in Airteagal 55(1) den Chonradh sin agus freagra a fháil uaidh nó uaithi sa teanga chéanna.

Airteagal 25

(sean-Airteagal 22 CCE)

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta gach trí bliana, ar chur chun feidhme fhorálacha na Coda seo. Cuirfidh an tuarascáil sin forbairt an Aontais san áireamh.

Féadfaidh an Chomhairle, ar an mbonn sin agus gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, forálacha a ghlacadh chun na dlíthe a liostaítear in Airteagal 20(2), a chomhlánú. Ní thiocfaidh na forálacha sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL I

AN MARGADH INMHEÁNACH

Airteagal 26

(sean-Airteagal 14 CCE)

1. Glacfaidh an tAontas na bearta is gá chun margadh inmheánach a bhunú nó chun oibriú an mhargaidh sin a áirithiú, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de na Conarthaí.

2. Is é rud a bheidh sa mhargadh inmheánach spás gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil de réir fhorálacha na gConarthaí.

3. Saineoidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na treoirlínte agus na coinníollacha is gá chun ascnamh cothromúil a áirithiú i ngach ceann de na hearnálacha lena mbaineann.

Airteagal 27

(sean-Airteagal 15 CCE)

Nuair a bheidh tograí á n-ullmhú aige d'fhonn na haidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 26 a bhaint amach, tabharfaidh an Coimisiún aird ar a mbeidh le déanamh ag geilleagair áirithe nach bhfuil ar aon chéim maidir lena bhforbairt chun an margadh inmheánach a thionscnamh agus féadfaidh sé forálacha iomchuí a mholadh.

Más maoluithe iad na forálacha sin, ní foláir dóibh bheith sealadach agus gan feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a shuaitheadh ach a laghad is féidir.

TEIDEAL II

SAORGHLUAISEACHT EARRAÍ

Airteagal 28

(sean-Airteagal 23 CCE)

1. Cuimseoidh an tAontas aontas custaim a bhainfidh leis an trádáil go léir in earraí, agus a bhéarfaidh go dtoirmiscfear idir na Ballstáit dleachtanna custaim ar allmhairí agus onnmhairí agus gach muirear comhéifeachta, agus go nglacfar le comhtharaif chustaim ina gcaidreamh le tríú tíortha.

2. Bainfidh forálacha Airteagal 30 agus Chaibidil 3 den Teideal seo le táirgí de thionscnamh na mBallstát agus le táirgí ó thríú tíortha atá ar saorchúrsaíocht sna Ballstáit.

Airteagal 29

(sean-Airteagal 24 CCE)

Measfar táirgí ó thríú tír a bheith i saorchúrsaíocht ar Bhallstát má comhlíonadh foirmiúlachtaí an allmhairithe agus gur toibhíodh sa Bhallstát sin aon dleachtanna custaim nó muirir chomhéifeachta is iníoctha agus murar thairbhigh siad d'aisíoc iomlán nó páirteach ar na dleachtanna nó na muirir sin.

CAIBIDIL 1

AN tAONTAS CUSTAIM

Airteagal 30

(sean-Airteagal 25 CCE)

Toirmiscfear dleachtanna custaim ar allmhairí agus onnmhairí agus muirir chomhéifeachta idir na Ballstáit. Beidh an toirmeasc sin infheidhme freisin ar dhleachtanna custaim de chineál fioscach.

Airteagal 31

(sean-Airteagal 26 CCE)

Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, dleachtanna na Comhtharaife Custaim a shocrú.

Airteagal 32

(sean-Airteagal 27 CCE)

Chun na cúraimí a chuirtear air faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh, beidh mar stiúir ag an gCoimisiún:

(a) a riachtanaí atá sé an trádáil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a chur chun cinn;

(b) forbairtí i gcoinníollacha iomaíochta laistigh den Aontas sa mhéid go dtugann siad feabhsú ar chumas iomaíochta gnóthas;

(c) riachtanais an Aontais maidir le soláthar amhábhar agus earraí leathchríochnaithe; i ndáil leis sin de féachfaidh an Coimisiún chuige nach saobhfar coinníollacha iomaíochta idir na Ballstáit i gcás earraí críochnaithe;

(d) a riachtanaí atá sé suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagair na mBallstát a sheachaint agus a áirithiú go dtiocfaidh forbairt réasúnach faoin táirgeadh agus forleathnú ar úsáid earraí san Aontas.

CAIBIDIL 2

COMHAR CUSTAIM

Airteagal 33

(sean-Airteagal 135 CCE)

Laistigh de raon feidhme na gConarthaí, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta chun comhar custaim idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún a neartú.

CAIBIDIL 3

SRIANTA CAINNÍOCHTÚLA IDIR NA BALLSTÁIT A THOIRMEASC

Airteagal 34

(sean-Airteagal 28 CCE)

Toirmiscfear idir na Ballstáit srianta cainníochtúla ar allmhairí agus gach beart comhéifeachta.

Airteagal 35

(sean-Airteagal 29 CCE)

Toirmiscfear idir na Ballstáit srianta cainníochtúla ar onnmhairí agus gach beart comhéifeachta.

Airteagal 36

(sean-Airteagal 30 CCE)

Ní fhágann forálacha Airteagail 34 agus 35 go mbeidh bac ar thoirmisc nó srianta le hallmhairí nó onnmhairí nó earraí faoi bhealach, más gá a leithéid ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó le slándáil an phobail; chun sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint; chun seoda náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint; nó chun maoin tionscail agus tráchtála a chosaint. Ach ní cead áis a bhaint as na toirmisc ná na srianta sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Ballstáit.

Airteagal 37

(sean-Airteagal 31 CCE)

1. Déanfaidh na Ballstáit coigeartú ar aon Státmhonaplachtaí de chineál tráchtálach chun a áirithiú nach mbeidh aon idirdhealú ann idir náisiúnaigh de na Ballstáit maidir leis na coinníollacha faoina bhfaightear earraí agus faoina gcuirtear ar an margadh iad.

Bainfidh forálacha an Airteagail seo le haon chomhlacht trína ndéanann Ballstát, de jure nó de facto, maoirsiú nó cinneadh nó ábhar tionchair a oibriú, go díreach nó go hindíreach, ar allmhairí nó onnmhairí idir na Ballstáit. Bainfidh na forálacha sin mar an gcéanna le monaplachtaí a tarmligeadh ón Stát.

2. Staonfaidh na Ballstáit ó aon bheart nua a thabhairt isteach atá bunoscionn leis na prionsabail atá leagtha síos i mír 1 nó a chuireann srian le scóip na nAirteagal a bhaineann le dleachtanna custaim agus srianta cainníochtúla a thoirmeasc idir na Ballstáit.

3. Má bhíonn ag Stát-mhonaplacht de chineál tráchtálach rialacha a ceapadh chun gur fusa táirgí talmhaíochta a dhiúscairt nó an fáltas is fearr a ghnóthú astu, ní mór féachaint chuige, le linn rialacha an Airteagail seo a chur chun feidhme, go mbeidh a chomhionann sin de choimirce ann d'fhostaíocht na dtáirgeoirí a bheidh i gceist agus dá gcaighdeán maireachtála.

TEIDEAL III

AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH

Airteagal 38

(sean-Airteagal 32 CCE)

1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas talmhaíochta agus iascaigh a shainiú agus a sheoladh.

Sroichfidh an margadh inmheánach chun na talmhaíochta, chun an iascaigh agus chun na trádála i dtáirgí talmhaíochta. Ciallaíonn "táirgí talmhaíochta" torthaí na talún, na tógála stoic agus na hiascaireachta, agus táirgí próiseála céadchéime a bhaineann go díreach leis na torthaí sin. Tuigfear, i gcás tagairtí don chomhbheartas talmhaíochta nó don talmhaíocht agus i gcás úsáid an téarma "talmhaíocht" go bhfuiltear ag tagairt freisin don iascach, ag féachaint do shainairíonna sonracha na hearnála sin.

2. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt in Airteagail 39 go 44, bainfidh na rialacha atá leagtha síos do bhunú agus d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le táirgí talmhaíochta.

3. Tá liosta in Iarscríbhinn I de na táirgí lena mbaineann forálacha Airteagail 39 go 44.

4. I dteannta an margadh inmheánach do tháirgí talmhaíochta a oibriú agus a fhorbairt ní foláir comhbheartas talmhaíochta a bhunú.

Airteagal 39

(sean-Airteagal 33 CCE)

1. Is iad aidhmeanna an chomhbheartais talmhaíochta:

(a) táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú trí ascnamh teicniúil a chur chun cinn agus trína áirithiú go ndéanfar forbairt réasúnach ar tháirgeadh na talmhaíochta agus go n-úsáidfear mar is fearr is féidir na tosca táirgthe, go háirithe na hoibrithe;

(b) mar sin, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta, go háirithe trí thuilleamh gach duine dá mbíonn ag gabháil don talmhaíocht a mhéadú;

(c) margaí a chobhsú;

(d) a chinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil;

(e) a áirithiú go mbíonn soláthairtí á bhfáil ar phraghsanna réasúnta ag tomhaltóirí.

2. Ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus na modhanna speisialta chun a fheidhmithe a bheith á n-oibriú amach, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:

(a) gníomhaíocht shainghnéitheach na talmhaíochta, mar gheall ar ghréasán sóisialta na talmhaíochta agus na difríochtaí sa ghréasán sin, agus na difríochtaí nádúrtha, ó réigiún talmhaíochta go chéile;

(b) a riachtanaí atá sé na coigeartuithe is cuí a dhéanamh céim ar chéim;

(c) an talmhaíocht sna Ballstáit a bheith ina hearnáil atá dlúth-tháite leis an ngeilleagar ina iomláine.

Airteagal 40

(sean-Airteagal 34 CCE)

1. Chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39 a ghnóthú, bunófar comheagraíocht mhargaí talmhaíochta.

Is i bhfoirm acu seo a leanas, de réir an táirge áirithe, a bheidh an eagraíocht sin:

(a) comhrialacha iomaíochta;

(b) comhordú éigeantach ar na heagraíochtaí náisiúnta margaíochta;

(c) eagraíocht Eorpach margaíochta.

2. An chomheagraíocht a bhunófar de réir mhír 1, féadfaidh sí na bearta uile a chuimsiú is gá chun na haidhmeanna a ghnóthú atá leagtha amach in Airteagal 39, go háirithe rialú praghsanna, cabhracha chun na táirgí éagsúla a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, córais chun táirgí a stóráil agus a thabhairt anonn agus comhshásra chun allmhairí nó onnmhairí a chobhsú.

Beidh ar an gcomheagraíocht cloí le gnóthú na n-aidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39, agus gan idirdhealú ar bith a dhéanamh idir táirgeoirí nó tomhaltóirí san Aontas.

Bunófar aon chomhbheartas praghsanna ar chomhchaighdeáin agus ar chómhodhanna ríomhaireachta.

3. Chun a chumasú don chomheagraíocht dá dtagraítear i mír 1 a haidhmeanna a ghnóthú, féadfar ciste nó cistí um threoraíocht agus ráthaíocht talmhaíochta a bhunú.

Airteagal 41

(sean-Airteagal 35 CCE)

Chun go bhféadfar na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39 a ghnóthú, féadfar socrú a dhéanamh faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta do bhearta mar iad seo:

(a) comhordú éifeachtach ar iarrachtaí i réimsí na gairmoiliúna, an taighde, agus leathadh eolais ar an talmhaíocht; chuige sin, is féidir tionscadail nó institiúidí a mhaoiniú i gcomhar;

(b) comhbhearta chun úsáid táirgí áirithe a chur chun cinn.

Airteagal 42

(sean-Airteagal 36 CCE)

Maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta, ní bheidh feidhm ag forálacha na Caibidle a bhaineann le rialacha iomaíochta ach amháin a mhéad a chinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, faoi chuimsiú Airteagal 43(2) agus de réir an nós imeachta atá leagtha síos ansin, agus na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39 a chur san áireamh.

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, deonú cabhracha a údarú:

(a) chun fiontair a chosaint atá faoi chis mar gheall ar dhálaí struchtúracha nó nádúrtha,

(b) faoi chuimsiú clár forbraíochta don eacnamaíocht.

Airteagal 43

(sean-Airteagal 37 CCE)

1. Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta, agus chun na bearta a shonraítear sa Teideal seo a chur i ngníomh.

Sna tograí sin cuirfear san áireamh idirthuilleamaíocht na gcúrsaí talmhaíochta atá luaite sa Teideal seo.

2. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, comheagraíocht na margaí talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) agus na forálacha eile is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh a shaothrú.

3. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta a bhaineann le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus srianta cainníochtúla a shocrú agus maidir le háraigh iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

4. I gcomhréir le mír 1, féadfar an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta, más rud é:

(a) go dtairgeann an chomheagraíocht do na Ballstáit atá ina choinne sin, agus a bhfuil eagraíocht dá gcuid féin acu don táirgeadh áirithe, a chomhionann sin de ráthú um fhostaíocht agus caighdeán maireachtála na dtáirgeoirí a bheidh i gceist, ag féachaint do na hoiriúnuithe is indéanta agus don speisialtóireacht is gá le himeacht aimsire;

(b) go n-áirithíonn an eagraíocht sin dálaí trádála san Aontas mar atá i margadh náisiúnta.

5. Má bhíonn comheagraíocht d'amhábhair áirithe bunaithe sula mbeidh comheagraíocht ann do na táirgí próiseáilte a fhreagraíonn dóibh, féadfar na hamhábhair a úsáidtear do tháirgí próiseáilte atá le honnmhairiú go tríú tíortha a allmhairiú ó lasmuigh den Aontas.

Airteagal 44

(sean-Airteagal 38 CCE)

Nuair a dhéantar i mBallstát táirge a thabhairt faoi eagraíocht náisiúnta margaíochta nó faoi rialacha inmheánacha comhéifeachta a imríonn ar staid iomaíochta a shamhail de tháirgeadh i mBallstát eile, cuirfidh na Ballstáit muirear frithchúitimh ar an táirge sin, arna allmhairiú ón mBallstát ina bhfuil an eagraíocht nó na rialacha sin, mura rud é go gcuireann an Stát sin muirear cúiteach chun feidhme ar onnmhairí.

Socróidh an Coimisiún méid na muirear sin ar an leibhéal is gá chun an chothromaíocht a shlánú; féadfaidh sé freisin bearta eile a údarú a gcinnfidh sé a gcoinníollacha agus a sonraí.

TEIDEAL IV

SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL

CAIBIDIL 1

OIBRITHE

Airteagal 45

(sean-Airteagal 39 CCE)

1. Áiritheofar saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas.

2. Bhéarfaidh an tsaoirse ghluaiseachta sin go ndíothófar aon idirdhealú de bhíthin a náisiúntachta idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre.

3. Gabhfaidh léi, faoi réir teorainneacha a bhfuil call leo ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí, an ceart:

(a) chun glacadh le fostaíocht a tairgeadh iarbhír;

(b) leis an aidhm sin, chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát;

(c) chun fanacht i mBallstát le bheith ag gabháil d'fhostaíocht ann de réir na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin a bhaineann le fostaíocht náisiúnaigh an Stáit sin;

(d) chun fuireach i gcríoch Bhallstáit tar éis bheith ar fostú sa Stát sin, faoi réir coinníollacha a chorprófar i rialacháin a ullmhóidh an Coimisiún.

4. Ní bhainfidh forálacha an Airteagail seo le fostaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Airteagal 46

(sean-Airteagal 40 CCE)

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, trí bhíthin treoracha nó rialachán, na bearta is gá chun saoirse ghluaiseachta d'oibrithe, mar atá sé sainithe in Airteagal 45, a thabhairt i gcrích, go háirithe:

(a) trí chomhoibriú dlúth a áirithiú idir na seirbhísí náisiúnta fostaíochta;

(b) trí dhíothú a dhéanamh ar na gnásanna agus na cleachtais riaracháin sin agus na tréimhsí cáiliúcháin sin maidir le bheith i dteideal fostaíochta atá ar fáil, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaorghluaiseacht oibrithe;

(c) trí dhíothú a dhéanamh ar na tréimhsí cáiliúcháin agus na srianta eile sin go léir, dá bhforáiltear faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit, a chuireann ar oibrithe ó Bhallstáit eile coinníollacha maidir le saor-rogha fostaíochta nach gcuirtear ar oibrithe an Stáit atá i gceist;

(d) trí shásra iomchuí a chur ar bun chun tairiscintí fostaíochta agus iarratais ar fhostaíocht a thabhairt i dteagmháil le chéile agus chun go n-éascófar cothromaíocht idir soláthar agus éileamh ar mhargadh na fostaíochta d'fhonn go seachnófar aon dochar mór don chaighdeán maireachtála agus don leibhéal fostaíochta sna réigiúin agus sna tionscail éagsúla.

Airteagal 47

(sean-Airteagal 41 CCE)

Taobhóidh na Ballstáit, faoi chuimsiú cláir chomhpháirtigh, le hoibrithe óga a mhalartú le chéile.

Airteagal 48

(sean-Airteagal 42 CCE)

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, cibé bearta i réimse na slándála sóisialta is gá chun saoirse ghluaiseachta a sholáthar d'oibrithe; chuige sin, déanfaidh sí socruithe chun a áirithiú do na hoibrithe imirceacha fostaithe agus féinfhostaithe agus dá gcleithiúnaithe:

(a) go gcomhshuimeofar, d'fhonn an ceart chun sochair a fháil agus a choinneáil agus méid an tsochair a ríomh, na tréimhsí uile a chuirtear san áireamh faoi dhlíthe na dtíortha éagsúla;

(b) go n-íocfar sochair le daoine a chónaíonn ar chríocha na mBallstát.

I gcás ina ndearbhóidh comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréachtghníomh reachtach dá dtagraítear sa chéad fhomhír difear do ghnéithe tábhachtacha dá chóras slándála sóisialta, lena n-áirítear a raon feidhme, a chostas nó a struchtúr airgeadais, nó go ndéanfadh sé difear do chothromaíocht airgeadais an chórais sin, féadfaidh sé a iarraidh an t-ábhar a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an gnáthnós imeachta reachtach a fhionraí. Tar éis an cheist a phlé agus laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, maidir leis an gComhairle Eorpach:

(a) déanfaidh sí an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh deireadh le fionraí an ghnáthnóis imeachta reachtaigh, nó

(b) ní ghníomhóidh sí nó iarrfaidh sí ar an gCoimisiún togra nua a thíolacadh; sa chás sin, measfar nach bhfuil an gníomh a beartaíodh an chéad uair glactha.

CAIBIDIL 2

CEART BUNAÍOCHTA

Airteagal 49

(sean-Airteagal 43 CCE)

Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach thíos, toirmiscfear srianta ar shaoirse bhunaíochta náisiúnaigh de chuid Ballstáit i gcríoch Bhallstáit eile. Bainfidh an toirmeasc sin freisin le srianta ar ghníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun ag náisiúnaigh d'aon Bhallstát atá bunaithe i gcríoch aon Bhallstáit.

Folóidh saoirse bhunaíochta an ceart chun gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe ar a gconlán féin, chun gnóthais a chur ar bun agus a bhainistiú, go háirithe cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí Airteagal 54, an dara mír, faoi na coinníollacha atá leagtha síos dá náisiúnaigh féin le dlí na tíre ina bhfuil suíomh na bunaíochta sin, faoi réir fhorálacha na Caibidle a bhaineann le caipiteal.

Airteagal 50

(sean-Airteagal 44 CCE)

1. Chun an tsaoirse bhunaíochta a bhaint amach i gcás gníomhaíochta áirithe, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle trí bhíthin treoracha, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na dualgais a thitfidh orthu faoi na forálacha roimhe seo a chomhlíonadh, go háirithe:

(a) trí fhreastal i dtosach báire, de ghnáth, do ghníomhaíochtaí ina ndéanann an tsaoirse bhunaíochta fóntas ar leith d'fhorbairt na táirgeachta agus na trádála;

(b) trí comhoibriú dlúth idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit a áirithiú ionas go gcinnteofar an cor áirithe san Aontas atá ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá i gceist;

(c) trí dhíothú na ngnásanna agus na gcleachtas riaracháin sin, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaoirse bhunaíochta;

(d) trína áirithiú go bhféadfaidh oibrithe ó Bhallstát amháin atá ar fostú i gcríoch Bhallstáit eile fanacht sa chríoch sin chun gabháil le gníomhaíochtaí ann mar oibrithe ar a gconlán féin, má shásaíonn siad na coinníollacha ba ghá dóibh a shásamh dá mba ag an am a bhí siad ar intinn gabháil leis na gníomhaíochtaí sin a thiocfaidís isteach sa Stát sin;

(e) trína chumasú do náisiúnach Ballstáit amháin talamh agus foirgnimh a fháil agus a úsáid a bhfuil a suíomh i gcríoch Bhallstáit eile, chomh fada is nach bhfuil sin contrártha do na prionsabail atá leagtha síos in Airteagal 39(2);

(f) trí dhíothú comhleanúnach a dhéanamh ar shrianta le saoirse bhunaíochta i ngach brainse gníomhaíochta a bheidh faoi bhreithniú, i gcás na gcoinníollacha maidir le gníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun i gcríoch Bhallstáit agus i gcás na gcoinníollacha a bhaineann le pearsanra de chuid na príomhbhunaíochta a dhul isteach i bpoist bhainistíochta nó maoirseachta sna gníomhaireachtaí, sna brainsí nó sna fochuideachtaí sin;

(g) trí chomhordú a dhéanamh, a mhéad is gá sin, ar na coimircí a éilíonn Ballstáit ar chuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal 54, ionas go gcosnófar leasanna comhaltaí agus daoine eile, d'fhonn na coimircí sin a chomhionannú ar fud an Aontais;

(h) trína dheimhniú dóibh féin nach saobhfar na coinníollacha bunaíochta trí chabhracha ó Bhallstáit.

Airteagal 51

(sean-Airteagal 45 CCE)

Ní bhainfidh forálacha na Caibidle seo, i gcás aon Bhallstáit áirithe, le gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu sa Stát sin, fiú go hócáideach, le hoibriú údaráis oifigiúil.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, a rialú nach mbainfidh forálacha na Caibidle seo le gníomhaíochtaí áirithe.

Airteagal 52

(sean-Airteagal 46 CCE)

1. Ní rachaidh forálacha na Caibidle seo, agus bearta dá mbun, chun dochair d'infheidhmeacht forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin lena bhforáiltear cóir speisialta do náisiúnaigh choigríche ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí.

2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, treoracha a eisiúint chun na forálacha réamhluaite a chomhordú.

Airteagal 53

(sean-Airteagal 47 CCE)

1. Chun gur fusa do dhaoine gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, treoracha a ghlacadh chun dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach agus chun na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin sna Ballstáit i dtaobh gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe a chomhordú.

2. I gcás ghairm na míochaine agus gairmeacha gaolmhara agus ghairm na cógaisíochta, beidh an díothú comhleanúnach ar shrianta ag brath ar chomhordú coinníollacha a gcleachta sin sna Ballstáit éagsúla.

Airteagal 54

(sean-Airteagal 48 CCE)

Cuideachtaí nó gnólachtaí a foirmíodh de réir dlí Ballstáit agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu san Aontas, déileálfar leo, chun críocha na Caibidle seo, ar an gcuma chéanna le daoine nádúrtha is náisiúnaigh de Bhallstáit.

Ciallaíonn "cuideachtaí nó gnólachtaí" cuideachtaí nó gnólachtaí a bunaíodh faoin dlí sibhialta nó faoin dlí tráchtála, lena n-áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha eile a rialaítear le dlí poiblí nó le dlí príobháideach, cé is moite díobh siúd atá neamhbhrabúsmhar.

Airteagal 55

(sean-Airteagal 294 CCE)

Tabharfaidh Ballstáit do náisiúnaigh na mBallstát eile an chóir chéanna a thugann siad dá náisiúnaigh féin maidir le rannpháirtíocht i gcaipiteal cuideachtaí nó gnólachtaí, de réir bhrí Airteagal 54, gan dochar d'fheidhmiú na bhforálacha eile de na Conarthaí.

CAIBIDIL 3

SEIRBHÍSÍ

Airteagal 56

(sean-Airteagal 49 CCE)

Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach thíos, déanfar srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar san Aontas a thoirmeasc i gcás náisiúnaigh de chuid Ballstáit atá bunaithe i mBallstát seachas Stát an duine dá bhfuil na seirbhísí ceaptha.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha na Caibidle seo a chur chun sochair do náisiúnaigh ó thríú tír a thugann seirbhísí agus atá bunaithe san Aontas.

Airteagal 57

(sean-Airteagal 50 CCE)

Measfar gur "seirbhísí" de réir bhrí na gConarthaí seirbhísí a thugtar de ghnáth ar luach saothair, sa mhéid nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, caipitil agus daoine.

Áireofar go háirithe gur "seirbhísí":

(a) gníomhaíochtaí de chineál tionsclaíoch;

(b) gníomhaíochtaí de chineál tráchtálach;

(c) gníomhaíochtaí aos ceirde;

(d) gníomhaíochtaí aos gairme.

Gan dochar d'fhorálacha na Caibidle a bhaineann leis an gceart bunaíochta, féadfaidh soláthróir seirbhíse, chun go bhféadfaidh sé an tseirbhís a sholáthar, a ghníomhaíocht a shaothrú go sealadach sa Bhallstát ina soláthraítear an tseirbhís, faoi choinníollacha mar a chuireann an Stát sin ar a náisiúnaigh féin.

Airteagal 58

(sean-Airteagal 51 CCE)

1. Beidh an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réim an iompair faoi rialú fhorálacha an Teidil a bhaineann le hiompar.

2. Déanfar an léirscaoileadh ar sheirbhísí baincéireachta agus árachais a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil i gcomhréim leis an léirscaoileadh ar ghluaiseacht chaipitil.

Airteagal 59

(sean-Airteagal 52 CCE)

1. Chun léirscaoileadh seirbhíse áirithe a ghnóthú, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, treoracha a eisiúint.

2. Maidir leis na treoracha dá dtagraítear i mír 1, tabharfar tosaíocht de ghnáth do na seirbhísí sin a bhfuil éifeacht acu go díreach ar chostais táirgthe nó a gcuidíonn a léirscaoileadh le trádáil in earraí a chur chun cinn.

Airteagal 60

(sean-Airteagal 53 CCE)

Féachfaidh na Ballstáit le seirbhísí a léirscaoileadh thar mar is gá de réir na dtreoracha a eiseofar de bhun Airteagal 59(1), má bhíonn a staid eacnamaíoch i gcoitinne agus bail na hearnála áirithe dá ngeilleagar á cheadú sin.

Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na mBallstát a bheidh i gceist.

Airteagal 61

(sean-Airteagal 54 CCE)

Fad a bheidh srianta ar shaoirse chun seirbhísí a sholáthar gan díothú, cuirfidh gach Ballstát na srianta sin chun feidhme gan idirdhealú de bhíthin náisiúntachta ná áite cónaithe ar gach duine a sholáthraíonn seirbhísí de réir bhrí na chéad mhíre d'Airteagal 56.

Airteagal 62

(sean-Airteagal 55 CCE)

Bainfidh forálacha Airteagail 51 go 54 leis na hábhair a rialaítear leis an gCaibidil seo.

CAIBIDIL 4

CAIPITEAL AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ

Airteagal 63

(sean-Airteagal 56 CCE)

1. Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo, toirmiscfear na srianta uile ar ghluaiseacht chaipitil idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha.

2. Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo, toirmiscfear na srianta uile ar íocaíochtaí idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha.

Airteagal 64

(sean-Airteagal 57 CCE)

1. Beidh forálacha Airteagal 63 gan dochar do chur chun feidhme i leith tríú tíortha srianta atá ann ar an 31 Nollaig 1993 faoin dlí náisiúnta nó Aontais arna ghlacadh i ndáil le gluaiseacht chaipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil. I ndáil le srianta atá ann faoin dlí náisiúnta sa Bhulgáir, san Eastóin agus san Ungáir, is é an dáta ábhartha an 31 Nollaig 1999.

2. Agus iad ag iarraidh cuspóir na saorghluaiseachta caipitil a bhaint amach idir na Ballstáit agus tríú tíortha a mhéad is féidir agus gan dochar do Chaibidlí eile na gConarthaí, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh ar ghluaiseacht chaipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil.

3. De mhaolú ar mhír 2, is í an Chomhairle, agus an Chomhairle amháin, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, a fhéadfaidh bearta a ghlacadh atá in ionannas le céim siar i ndlí an Aontais i dtaca le léirscaoileadh gluaiseachta caipitil chuig tríú tíortha nó uathu.

Airteagal 65

(sean-Airteagal 58 CCE)

1. Beidh forálacha Airteagal 63 gan dochar do cheart Ballstát:

(a) forálacha ábhartha a ndlí cánach a chur chun feidhme a idirdhealaíonn idir cáiníocóirí nach bhfuil sa chor céanna maidir lena n-áit chónaithe nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe;

(b) gach beart fíor-riachtanach a ghlacadh chun sáruithe ar an dlí náisiúnta agus ar rialacháin náisiúnta a chosc, go háirithe i réimse an chánachais agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí airgeadais, nó nósanna imeachta a leagan síos maidir le dearbhuithe um ghluaiseachtaí caipitil chun críoch faisnéise riarthaí nó staidrimh, nó bearta a ghlacadh a dhlitear ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

2. Beidh forálacha na Caibidle seo gan dochar d'infheidhmeacht na srianta ar an gceart bunaíochta atá ag luí leis na Conarthaí.

3. Ní fhéadfar áis a bhaint as na bearta ná na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar shaorghluaiseacht chaipitil agus íocaíochtaí mar atá sí sainithe in Airteagal 63.

4. Nuair nach mbeidh bearta de bhun Airteagal 64(3) ann, féadfaidh an Coimisiún, nó, nuair nach mbeidh cinneadh ón gCoimisiún ann laistigh de thrí mhí ón mBallstát i dtrácht iarraidh a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh á rá go measfar go bhfuil na bearta cánachais sriantacha arna nglacadh ag Ballstát i leith tríú tír amháin nó níos mó ag luí leis na Conarthaí má tá bonn cirt leo ar mhaithe le ceann de chuspóirí an Aontais agus go bhfuil siad ag luí le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar iarratas ó Bhallstát.

Airteagal 66

(sean-Airteagal 59 CCE)

Má bhíonn, in imthosca eisceachtúla, gluaiseachtaí caipitil chuig tríú tíortha nó uathu ina gcúis, nó ag bagairt bheith ina gcúis, le deacrachtaí tromchúiseacha d'oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, bearta coimirce a ghlacadh i leith tríú tíortha go feadh tréimhse nach mó ná sé mhí, má tá fíorghá le bearta den sórt sin.

TEIDEAL V

AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 67

(sean-Airteagal 61 CCE agus sean-Airteagal 29 CAE)

1. Is éard a bheidh san Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n-urramófar cearta bunúsacha agus córais agus traidisiúin éagsúla dlí na mBallstát.

2. Áiritheoidh sé nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine agus cumfaidh sé comhbheartas maidir le tearmann, inimirce agus rialú ag teorainneacha seachtracha, arna bhunú ar an dlúthpháirtíocht idir Bhallstáit a thugann cothrom na féinne do náisiúnaigh tríú tíortha. Chun críche an Teidil seo, déileálfar le daoine gan stát mar náisiúnaigh tríú tír.

3. Déanfaidh an tAontas a dhícheall ardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta chun an choireacht, an ciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac agus trí bhearta um chomhordú agus um chomhar idir na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile, chomh maith le breithiúnais a aithint go frithpháirteach in ábhair choiriúla, agus, más gá, trí na dlíthe coiriúla a chomhfhogasú.

4. Éascóidh an tAontas an rochtain ar an gceartas, go háirithe trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta.

Airteagal 68

Saineoidh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte straitéiseacha don phleanáil reachtach agus oibríochtúil laistigh de limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.

Airteagal 69

Áirithíonn na Parlaimintí náisiúnta go gcomhlíonfaidh na tograí agus na tionscnaimh reachtacha arna dtíolacadh faoi Chaibidlí 4 agus 5 prionsabal na coimhdeachta, i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 70

Gan dochar d'Airteagail 258, 259 agus 260, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta a ghlacadh lena mbunófar na socruithe ar dá réir a dhéanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, meastóireacht oibiachtúil neamhchlaonta ar chur chun feidhme bheartais an Aontais dá dtagraítear sa Teideal seo ag údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe chun lánchur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a éascú. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoina bhfuil sa mheastóireacht agus faoina torthaí.

Airteagal 71

(sean-Airteagal 36 CAE)

Cuirfear buanchoiste ar bun laistigh den Chomhairle chun a áirithiú go ndéanfar an comhar oibríochtúil maidir leis an tslándáil inmheánach a chur chun cinn agus a neartú san Aontas. Gan dochar d'Airteagal 240, éascóidh sé an comhordú ar ghníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát. Féadfaidh ionadaithe do na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí Aontais lena mbaineann a bheith rannpháirteach in imeachtaí an choiste sin. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoi na himeachtaí.

Airteagal 72

(sean-Airteagal 64(1) CCE agus sean-Airteagal 33 CAE)

Ní dhéanfaidh an Teideal seo difear d'fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.

Airteagal 73

Is faoi na Ballstáit a bheidh sé na cineálacha comhair agus comhoibrithe a eagrú eatarthu féin agus faoina bhfreagracht féin de réir mar a mheasfaidh siad is gá idir ranna inniúla a gcuid riarachán arb é an tslándáil náisiúnta a gcúram.

Airteagal 74

(sean-Airteagal 66 CCE)

Glacfaidh an Chomhairle bearta chun comhar riaracháin a áirithiú idir ranna inniúla na mBallstát sna réimsí a thig faoin Teideal seo, agus idir na ranna sin agus an Coimisiún. Gníomhóidh sí ar thogra ón gCoimisiún, faoi réir Airteagal 76, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 75

(sean-Airteagal 60 CCE)

Nuair is gá sin chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 67 a ghnóthú, a mhéid a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí gaolmhara a chosc agus a chomhrac, saineoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, creat do bhearta riaracháin maidir le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí amhail cistí, sócmhainní airgeadais nó gnóthachain eacnamaíocha a reo ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le grúpaí nó le heintitis neamhstáit iad nó atá ina seilbh nó ar teachtadh acu.

Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta chun an creat dá dtagraítear sa chéad mhír a chur chun feidhme.

Beidh sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal seo na forálacha is gá maidir le coimircí dlíthiúla.

Airteagal 76

Na gníomhartha dá dtagraítear i gCaibidlí 4 agus 5, mar aon leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 74 lena n-áiritheofar comhar riaracháin sna réimsí atá luaite sna Caibidlí sin, déanfar iad a ghlacadh:

(a) ar thogra ón gCoimisiún, nó

(b) ar thionscnamh ón gceathrú cuid de na Ballstáit.

CAIBIDIL 2

BEARTAIS MAIDIR LE SEICEÁLACHA TEORANN, LE TEARMANN AGUS LE hINIMIRCE

Airteagal 77

(sean-Airteagal 62 CCE)

1. Déanfaidh an tAontas beartas a fhorbairt d'fhonn:

(a) a áirithiú nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha;

(b) seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha;

(c) córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a thabhairt isteach de réir a chéile.

2. Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) an comhbheartas maidir le víosaí agus maidir le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile;

(b) na seiceálacha a mbeidh daoine faoina réir agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha;

(c) na coinníollacha faoina mbeidh saoirse ag náisiúnaigh tríú tíortha taisteal ar feadh gearrthréimhse laistigh den Aontas;

(d) aon bheart is gá chun córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile;

(e) nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha.

3. Más cosúil gur gá gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú an chirt, dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(a), a éascú agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis na Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, forálacha a ghlacadh a bhaineann le pasanna, le cártaí aitheantais, le ceadanna cónaithe nó le haon doiciméad dá samhail. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear d'inniúlacht na mBallstát maidir le teorannú geografach a dteorainneacha, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 78

(sean-Airteagail 63(1) agus (2), agus 64(2) CCE)

1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas a fhorbairt maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach d'fhonn stádas iomchuí a thairiscint do náisiúnach aon tríú tír a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uaidh agus chun comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a áirithiú. Caithfidh an beartas sin a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus le Prótacal an 31 Eanáir 1967 maidir le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir le conarthaí ábhartha eile.

2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh a bhaineann le córas Eorpach tearmainn a chuimseoidh na nithe seo a leanas:

(a) stádas comhionann tearmainn do náisiúnaigh tríú tíortha, a bheidh bailí ar fud an Aontais;

(b) stádas comhionann um chosaint choimhdeach do náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfaigheann tearmann Eorpach ach a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu;

(c) comhchóras cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe má bhíonn rabharta mór ann de dhaoine as tír isteach;

(d) comhnósanna imeachta um thearmann comhionann nó stádas cosanta coimhdí a dheonú agus a tharraingt siar;

(e) critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach a scrúdú;

(f) caighdeáin maidir leis na coinníollacha a bhaineann le glacadh lucht iarrtha tearmainn nó cosanta coimhdí;

(g) comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha chun bainistiú a dhéanamh ar rabhartaí daoine as tír isteach atá ag déanamh iarratais ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach.

3. I gcás Ballstát amháin nó níos mó a bheith i láthair staide éigeandála arb é a príomhthréith rabharta tobann de náisiúnaigh tríú tíortha as tír isteach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta sealadacha a ghlacadh ar mhaithe leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 79

(sean-Airteagal 63(3) agus (4) CCE)

1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas inimirce a fhorbairt arb é is aidhm dó a áirithiú ag gach céim go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar rabhartaí inimirce, go gcuirfear cóir chothrom ar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí dlíthiúil acu i mBallstáit, go ndéanfar an inimirce neamhdhlíthiúil agus an gháinneáil ar dhaoine a chosc agus bearta feabhsaithe a ghlacadh chun iad sin a chomhrac.

2. Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta sna réimsí seo a leanas:

(a) coinníollacha iontrála agus cónaithe agus caighdeáin maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí fadtéarmacha agus ceadanna cónaithe, lena n-áirítear víosaí a eisítear chun teaghlaigh a athaontú;

(b) cearta náisiúnach tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát a shainiú, lena n-áirítear na coinníollacha lena rialaítear an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe i mBallstáit eile;

(c) inimirce neamhdhlíthiúil agus cónaí neamhúdaraithe, lena n-áirítear daoine a chónaíonn gan údarú a aistriú agus a aisdúichiú;

(d) an gháinneáil ar dhaoine, go háirithe an gháinneáil ar mhná agus ar leanaí, a chomhrac.

3. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a ligean ar ais ina dtír bhunaidh nó thionscnaimh mura gcomhallfaidh siad nó mura gcomhallfaidh siad a thuilleadh na coinníollacha maidir le hiontráil ar chríoch ceann de na Ballstáit, maidir le bheith ar an gcríoch sin nó maidir le cónaí ann.

4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú chun dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht Ballstát d'fhonn lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil ar a gcríocha a chur chun cinn, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

5. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do cheart na mBallstát líon na náisiúnach tríú tíortha a shocrú a thig as tríú tíortha isteach ar a gcríocha ar thóir oibre, bíodh siad fostaithe nó féinfhostaithe.

Airteagal 80

Beidh beartais an Aontais a leagtar amach sa Chaibidil seo, agus a gcur chun feidhme, faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, lena n-áirítear a impleachtaí airgeadais, idir na Ballstáit. Nuair is gá sin, beidh bearta iomchuí chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal sin i ngníomhartha Aontais arna nglacadh de bhun na Caibidle seo.

CAIBIDIL 3

COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA

Airteagal 81

(sean-Airteagal 65 CCE)

1. Déanfaidh an tAontas forbairt ar an gcomhar breithiúnach sna hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, arna bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha. Féadfar a áireamh sa chomhar sin bearta a ghlacadh chun dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú.

2. Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, go háirithe nuair is gá sin d'oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, arb é is aidhm dóibh na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a) breithiúnais agus cinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha a aithint go frithpháirteach agus a fhorfheidhmiú idir Bhallstáit;

(b) doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil trasna teorainneacha;

(c) comhchuibheas na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontas dlíthe agus dlínse;

(d) comhar le linn fianaise a ghlacadh;

(e) rochtain éifeachtach ar an gceartas;

(f) constaicí ar dhea-oibriú imeachtaí sibhialta a dhíchur, más gá, trí chomhchuibheas na rialacha maidir leis an nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn;

(g) malairt modhanna a fhorbairt chun díospóidí a shocrú;

(h) tacú le hoiliúint na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí.

3. D'ainneoin mhír 2, bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta maidir le dlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear na gnéithe sin de dhlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhar do ghníomhartha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Tabharfar fógra faoin togra dá dtagraítear sa dara fomhír do na Parlaimintí náisiúnta. Ar Pharlaimint náisiúnta a freasúra a chur in iúl laistigh de shé mhí ón bhfógra sin, ní ghlacfar an cinneadh. Cheal freasúra, féadfaidh an Chomhairle Eorpach an cinneadh sin a ghlacadh.

CAIBIDIL 4

COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA

Airteagal 82

(sean-Airteagal 31 CAE)

1. Déanfar an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla san Aontas a bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí agus cuimseoidh an comhar breithiúnach comhfhogasú dhlíthe agus rialacháin na mBallstát sna réimsí dá dtagraítear i mír 2 agus in Airteagal 83.

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta d'fhonn:

(a) rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos chun a áirithiú go dtabharfar aitheantas ar fud an Aontais do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha de gach cineál;

(b) easaontachtaí dlínse idir Bhallstáit a chosc agus a shocrú;

(c) tacú le hoiliúint na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí;

(d) comhar a éascú idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus le breitheanna a fhorfheidhmiú.

2. A mhéid is gá chun aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha a éascú, chomh maith leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialacha íosta a bhunú trí bhíthin treoracha a ghlacfar i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Cuirfidh na rialacha íosta sin san áireamh na difríochtaí idir thraidisiúin dlí agus idir chórais dlí na mBallstát.

Bainfidh siad leis na nithe seo a leanas:

(a) inghlacthacht fhrithpháirteach fianaise idir Bhallstáit;

(b) cearta daoine aonair sa nós imeachta coiriúil;

(c) cearta íospartaigh na coireachta;

(d) aon sainghnéithe eile den nós imeachta coiriúil a bheidh sainaitheanta roimh ré ag an gComhairle le cinneadh; chun an cinneadh sin a ghlacadh, gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Ní choiscfidh glacadh na rialacha íosta sin dá dtagraítear sa mhír seo ar na Ballstáit leibhéal níos airde cosanta do dhaoine aonair a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach.

3. Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-treoir dá dtagraítear i mír 2 difear do ghnéithe bunúsacha dá chóras dlí coiriúil, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an dréacht-treoir a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an gnáthnós imeachta reachtach a fhionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh deireadh le fionraí an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na dréacht-treorach atá i dtrácht, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 329(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe.

Airteagal 83

(sean-Airteagal 31 CAE)

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach trí bhíthin treoracha, rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i réimsí na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar nádúr na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann.

Is iad seo a leanas na réimsí coireachta: an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus an teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí, an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí, an gháinneáil aindleathach ar airm, sciúradh airgid, an éillitheacht, góchumadh modhanna íocaíochta, coireacht ríomhairí agus an choireacht eagraithe.

De réir mar a tharlaíonn forbairtí sa choireacht, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena sainaithneofar réimsí eile coireachta a chomhallann na critéir a shonraítear sa mhír seo. Gníomhóidh sí d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Parlaimint na hEorpa.

2. Más léir go bhfuil sé sár-riachtanach dlíthe coiriúla agus rialacháin choiriúla na mBallstát a chomhfhogasú chun beartas de chuid an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtúil i réimse ina ndearnadh bearta um chomhchuibhiú, féadfar rialacha íosta a bhunú le treoracha maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú sa réimse lena mbaineann. Glacfar na treoracha sin i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach céanna nó leis an nós imeachta reachtach speisialta céanna a leanadh agus na bearta um comhchuibhiú i dtrácht á nglacadh, gan dochar d'Airteagal 76.

3. Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-treoir dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 difear do ghnéithe bunúsacha dá chóras dlí coiriúil, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an dréacht-treoir a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an gnáthnós imeachta reachtach a fhionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh deireadh le fionraí an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na dréacht-treorach atá i dtrácht, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 329(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe.

Airteagal 84

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú chun dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht na mBallstát maidir le cosc na coireachta a chur chun cinn agus tacú léi, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

Airteagal 85

(sean-Airteagal 31 CAE)

1. Beidh de chúram ar Eurojust tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, ar bhonn na n-oibríochtaí arna seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát agus ag Europol.

Sa chomhthéacs sin, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin rialachán arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Eurojust a chinneadh. Féadfaidh a bheith san áireamh ar na cúraimí sin:

(a) imscrúduithe coiriúla a thosú agus a bheartú go dtosófaí ar ionchúisimh arna seoladh ag údaráis náisiúnta inniúla, go háirithe na hionchúisimh a bhaineann le cionta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais;

(b) na himscrúduithe coiriúla agus na hionchúisimh choiriúla dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhordú;

(c) an comhar breithiúnach a neartú, lena n-áirítear trí easaontachtaí dlínse a shocrú agus trí dhlúthchomhar leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach.

Cinnfear leis na rialacháin sin freisin socruithe maidir le baint a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na Parlaimintí náisiúnta leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust.

2. Faoi chuimsiú na n-ionchúiseamh dá dtagraítear i mír 1, agus gan dochar d'Airteagal 86, is iad na hoifigigh náisiúnta inniúla a dhéanfaidh gníomhartha foirmiúla nós imeachta bhreithiúnaigh a chur i gcrích.

Airteagal 86

1. D'fhonn coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán arna nglacadh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun ó Eurojust. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Cheal aontoilíochta, féadfaidh grúpa a bheidh comhdhéanta de naoi mBallstát ar a laghad a iarraidh go ndéanfar an dréachtrialachán a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an nós imeachta sa Chomhairle a chur ar fionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle chun go nglacfaí é.

Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na dréacht-treorach atá i dtrácht, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 329(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe.

2. Beidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freagrach, i gcuibhreann le Europol nuair is iomchuí, as lucht déanta cionta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar atá siad sainithe leis an rialachán dá bhforáiltear i mír 1, agus as a gcomhchoirithe sna coireanna sin, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais. Feidhmeoidh sí feidhmeanna ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát i ndáil leis na cionta sin.

3. Cinnfear leis an rialachán dá dtagraítear i mír 1 na rialacha ginearálta a bheidh infheidhme maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, na coinníollacha lena rialófar comhlíonadh a feidhmeanna, na rialacha nós imeachta a bheidh infheidhme maidir lena gníomhaíochtaí chomh maith leis na rialacha lena rialófar inghlacthacht fianaise agus na rialacha a bheidh infheidhme maidir le hathbhreithiú breithiúnach ar bhearta nós imeachta arna nglacadh aici i gcomhlíonadh a feidhmeanna.

4. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, san am céanna nó dá éis sin, cinneadh a ghlacadh lena leasófar mír 1 d'fhonn cumhachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a leathnú chun go n-áireofar orthu an choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi, agus lena leasófar dá réir sin mír 2 maidir le lucht déanta coireanna tromchúiseacha a dhéanann difear do Bhallstát amháin nó níos mó agus maidir lena gcomhchoirithe sna coireanna sin. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

CAIBIDIL 5

COMHAR PÓILÍNEACHTA

Airteagal 87

(sean-Airteagal 30 CAE)

1. Bunóidh an tAontas comhar póilíneachta a mbeidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

2. Chun críocha mhír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) faisnéis ábhartha a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

(b) tacaíocht d'oiliúint foirne, agus comhar i leith malartú foirne, i leith trealaimh agus i leith an taighde ar bhrath na coireachta;

(c) teicníochtaí comhchoiteanna imscrúdaithe i ndáil le saghsanna tromchúiseacha coireachta eagraithe a bhrath.

3. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta, bearta maidir le comhar oibríochtúil idir na húdaráis dá dtagraítear san Airteagal seo. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Cheal aontoilíochta, féadfaidh grúpa a bheidh comhdhéanta de naoi mBallstát ar a laghad a iarraidh go ndéanfar na dréachtbhearta a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an nós imeachta sa Chomhairle a chur ar fionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle chun go nglacfaí é.

Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na ndréachtbheart lena mbaineann, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 329(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe.

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta sonrach dá bhforáiltear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír maidir le gníomhartha arb éard atá iontu forbairt ar acquis Schengen.

Airteagal 88

(sean-Airteagal 30 CAE)

1. Beidh de chúram ag Europol tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis phóilíneachta na mBallstát agus le seirbhísí eile forfheidhmithe dlí agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac.

2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin rialachán arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a chinneadh. Féadfaidh a bheith san áireamh ar na cúraimí sin:

(a) faisnéis, arna cur ar aghaidh go háirithe ag údaráis na mBallstát nó ag tríú tíortha nó ag tríú comhlachtaí, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

(b) gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil, arna cur i gcrích i gcomhpháirt le húdaráis inniúla na mBallstát nó i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdaitheacha, a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme, i gcuibhreann le Eurojust nuair is iomchuí.

Leagfar síos freisin leis na rialacháin sin na nósanna imeachta um ghrinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí Europol ag Parlaimint na hEorpa i dteannta leis na Parlaimintí náisiúnta.

3. Ní mór aon ghníomhaíocht oibríochtúil ag Europol a chur i gcrích i gcuibhreann le húdaráis an Bhallstáit nó na mBallstát arb é a chríoch nó a gcríoch atá i dtrácht agus le comhaontú na n-údarás sin. Is ar na húdaráis náisiúnta inniúla a bheidh an fhreagracht eisiach as bearta comhéigneacha a chur i bhfeidhm.

Airteagal 89

(sean-Airteagal 32 CAE)

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, na coinníollacha agus na teorainneacha a leagan síos faoina bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagail 82 agus 87 oibriú ar chríoch Ballstáit eile i gcuibhreann le húdaráis an Stáit sin agus le comhaontú na n-údarás sin. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

TEIDEAL VI

IOMPAR

Airteagal 90

(sean-Airteagal 70 CCE)

Déanfar aidhmeanna na gConarthaí a shaothrú, i gcúrsaí lena mbaineann an Teideal seo, faoi chuimsiú comhbheartais iompair.

Airteagal 91

(sean-Airteagal 71 CCE)

1. D'fhonn Airteagal 90 a chur chun feidhme agus ag cur sainghnéithe an iompair san áireamh, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún:

(a) comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó;

(b) na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach bhfuil cónaí orthu ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát;

(c) na bearta ar mhaithe le feabhas a thabhairt ar shábháilteacht an iompair;

(d) aon fhorálacha eile is fóinteach.

2. Agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, cuirfear san áireamh na cásanna sin ina bhféadfadh a gcur i bhfeidhm éifeacht thromchúiseach a bheith aige ar an gcaighdeán maireachtála agus ar leibhéal na fostaíochta i réigiúin áirithe, agus ar oibriú saoráidí iompair.

Airteagal 92

(sean-Airteagal 72 CCE)

Go dtí go mbeidh na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 91(1) leagtha síos, agus mura mbeidh cinneadh lena ndeonófar maolú glactha d'aon toil ag an gComhairle, ní fhéadfaidh aon Bhallstát cuid is lú fabhar, ina n-éifeacht dhíreach ná indíreach ar charraeirí Ballstát eile i gcomparáid le carraeirí is náisiúnaigh dá chuid féin, a thabhairt sna forálacha éagsúla a bhaineann leis an ábhar ar an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás Stát aontach, ar dháta a n-aontachais.

Airteagal 93

(sean-Airteagal 73 CCE)

Luífidh cabhracha leis na Conarthaí má fhreastalaíonn siad don riachtanas atá ann le comhordú an iompair nó má fhreagraíonn siad don aisíocaíocht as oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí.

Airteagal 94

(sean-Airteagal 74 CCE)

Aon bheart a ghlacfar faoi chuimsiú na gConarthaí maidir le rátaí agus coinníollacha iompair, cuirfear san áireamh iontu imthosca eacnamaíocha na gcarraeirí.

Airteagal 95

(sean-Airteagal 75 CCE)

1. I gcás iompair san Aontas, toirmiscfear aon idirdhealú trína ndéanann carraeirí rátaí difriúla a bhaint amach agus coinníollacha difriúla a fhorchur as na hearraí céanna a iompar ar na hidirbhealaí iompair céanna mar gheall ar thír thionscnaimh nó ar thír chinn scríbe na n-earraí áirithe.

2. Ní choiscfidh mír 1 den Airteagal seo Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó bhearta eile a ghlacadh de bhun Airteagal 91(1).

3. Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, rialacha a leagan síos chun forálacha mhír 1 a chur i ngníomh.

Féadfaidh an Chomhairle, go háirithe, na forálacha a leagan síos is gá chun a chumasú d'institiúidí an Aontais a thabhairt go gcomhlíonfar an riail atá leagtha síos i mír 1 agus a áirithiú go mbeidh a tairbhe iomlán ag úsáidirí.

4. Déanfaidh an Coimisiún, uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, scrúdú ar aon chásanna idirdhealaithe a thig faoi mhír 1 agus, tar éis dul i gcomhairle le haon Bhallstát lena mbaineann, glacfaidh sé cibé cinntí is gá faoi chuimsiú na rialacha a leagadh síos de réir fhorálacha mhír 3.

Airteagal 96

(sean-Airteagal 76 CCE)

1. Toirmiscfear ar Bhallstát rátaí agus coinníollacha, a bhfuil tacaíocht nó cosaint ar bith ag roinnt leo ar mhaithe le gnóthas nó tionscal áirithe amháin nó níos mó, a fhorchur i leith gníomhaíochtaí iompair san Aontas, mura mbeidh sin údaraithe ag an gCoimisiún.

2. Déanfaidh an Coimisiún, uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, scrúdú ar na rátaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, á chur san áireamh go háirithe, ar thaobh amháin, a bhfuil riachtanach do bheartas eacnamaíoch réigiúnach iomchuí, gánna limistéar tearcfhorbartha agus fadhbanna limistéar a bhfuil imthosca polaitiúla ag cur as dóibh go mór agus, ar an taobh eile, éifeachtaí na rátaí agus na gcoinníollacha sin ar an iomaíocht idir na modhanna éagsúla iompair.

Tar éis dul i gcomhairle le gach Ballstát lena mbaineann, glacfaidh an Coimisiún cibé cinntí is gá.

3. Ní bhainfidh an toirmeasc dá bhforáiltear i mír 1 le taraifí a socraíodh faoi chomhair iomaíochta.

Airteagal 97

(sean-Airteagal 77 CCE)

Na muirir nó na dleachtanna a éileoidh carraeir as imeallchríocha a thrasnú, i dteannta na rátaí iompair, ní ghabhfaidh siad thar leibhéal réasúnta, ar na costais a tabhaíodh iarbhír sa trasnú sin a chur san áireamh.

Féachfaidh na Ballstáit leis na costais sin a laghdú go comhleanúnach.

Féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid na mBallstát maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 98

(sean-Airteagal 78 CCE)

Ní bheidh forálacha an Teidil seo ina gconstaic ar fheidhmiú beart a ghlactar i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme a mbaineann an deighilt sin leo. Cúig bliana tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear an tAirteagal seo.

Airteagal 99

(sean-Airteagal 79 CCE)

Cuirfear coiste comhairleach, de shaineolaithe arna n-ainmniú ag Rialtais na mBallstát, ag gabháil leis an gCoimisiún. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste, aon uair is fóinteach leis é, i dtaobh cúrsaí iompair.

Airteagal 100

(sean-Airteagal 80 CCE)

1. Bainfidh forálacha an Teidil seo le hiompar d'iarnród, de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre.

2. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na forálacha iomchuí don mhuiriompar agus don aeriompar a leagan síos. Gníomhóidh siad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.

TEIDEAL VII

COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA

CAIBIDIL 1

RIALACHA IOMAÍOCHTA

ROINN 1

RIALACHA A BHAINEANN LE GNÓTHAIS

Airteagal 101

(sean-Airteagal 81 CCE)

1. Toirmisctear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an margadh inmheánach: gach comhaontú idir gnóthais, gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d'fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit agus arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go háirithe iad siúd trína ndéantar:

(a) praghsanna ceannaithe nó díolta nó aon choinníollacha eile trádála a shocrú, go díreach nó go hindíreach;

(b) táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a theorannú nó a rialú;

(c) margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú;

(d) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht;

(e) chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

2. Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin.

3. Féadfar, áfach, a dhearbhú nach mbainfidh forálacha mhír 1:

- le haon chomhaontú nó le haon chineál comhaontuithe idir gnóthais;

- le haon chinneadh nó le haon chineál cinntí ag comhlachais ghnóthas;

- le haon chleachtas comhbheartaithe nó le haon chineál cleachtas comhbheartaithe

a chuidíonn le feabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó leis an ascnamh teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn, agus cion cothrom den tairbhe uaidh sin a ligean le tomhaltóirí, agus:

(a) nach gcuireann ar na gnóthais atá i gceist srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na haidhmeanna sin a ghnóthú;

(b) nach dtugann do na gnóthais sin breith ar iomaíocht a dhíchur i gcás cuid mhór de na táirgí atá i gceist.

Airteagal 102

(sean-Airteagal 82 CCE)

Déanfar aon mhí-úsáid ag gnóthas nó gnóthais ag a bhfuil ceannasacht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de a thoirmeasc mar ní nach luíonn leis an margadh inmheánach sa mhéid gurbh fhéidir éifeacht a bheith aici ar thrádáil idir Ballstáit.

D'fhéadfadh sé go háirithe gurb é a bheadh sa mhí-úsáid sin:

(a) praghsanna míchóra ceannaithe nó díolta nó coinníollacha míchóra eile trádála a fhorchur, go díreach nó go hindíreach;

(b) an táirgeadh, na margaí nó an fhorbairt theicniúil a theorannú chun dochair do thomhaltóirí;

(c) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht iad;

(d) chun go dtabharfar conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

Airteagal 103

(sean-Airteagal 83 CCE)

1. Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na rialacháin nó treoracha is iomchuí a leagan síos chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach in Airteagail 101 agus 102.

2. Na rialacháin nó na treoracha dá dtagraítear i mír 1, ceapfar iad go háirithe:

(a) chun a áirithiú go ngéillfear do na toirmisc atá leagtha síos in Airteagal 101(1) agus in Airteagal 102, trí fhíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha a fhoráil ina leith;

(b) chun rialacháin mhionchruinne a leagan síos i dtaobh Airteagal 101(3) a chur chun feidhme, á chur san áireamh a riachtanaí atá sé, ar thaobh amháin, maoirsiú éifeachtach a áirithiú agus, ar an taobh eile, an riarachán a shimpliú chomh fada riamh agus is féidir;

(c) chun sainiú a dhéanamh, más gá, i gcás bhrainsí éagsúla an gheilleagair ar raon na bhforálacha atá in Airteagail 101 agus 102;

(d) chun feidhmeanna an Choimisiúin agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi seach, a shainiú maidir leis na forálacha atá leagtha síos sa mhír seo a chur chun feidhme;

(e) chun an gaol a chinneadh atá idir dlíthe náisiúnta agus na forálacha atá sa Roinn seo nó a glacadh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 104

(sean-Airteagal 84 CCE)

Go dtí go dtiocfaidh na forálacha a glacadh de bhun Airteagal 103 i bhfeidhm, bhéarfaidh údaráis na mBallstát rialú, de réir dlí a dtíre agus fhorálacha Airteagal 101, go háirithe mír 3, agus fhorálacha Airteagal 102, ar inghlacthacht chomhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe agus ar mhí-úsáid cheannasachta sa mhargadh inmheánach.

Airteagal 105

(sean-Airteagal 85 CCE)

1. Gan dochar d'Airteagal 104, féachfaidh an Coimisiún chuige go gcuirfear chun feidhme na prionsabail atá leagtha síos in Airteagail 101 agus 102. Ar iarratas a fháil ó Bhallstát, nó uaidh féin, agus i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát, a thabharfaidh a gcabhair dó, scrúdóidh an Coimisiún cásanna ina bhfuil amhras gur sáraíodh na prionsabail thuasluaite. Má fhaigheann sé gur tharla sárú, molfaidh sé bearta iomchuí chun deireadh a chur leis.

2. Mura gcuirtear deireadh leis an sárú, déanfaidh an Coimisiún an sárú sin ar na prionsabail a thaifeadadh i gcinneadh réasúnaithe. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a fhoilsiú agus a údarú do Bhallstáit na bearta is gá a dhéanamh chun an scéal a leigheas, agus saineoidh sé coinníollacha agus sonraí na mbeart sin.

3. Féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh a bhainfidh leis na haicmí comhaontuithe a bhfuil an Chomhairle tar éis rialachán nó treoir a ghlacadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 103(2)(b).

Airteagal 106

(sean-Airteagal 86 CCE)

1. I gcás na ngnóthas poiblí agus na ngnóthas dá dtugann na Ballstáit cearta speisialta nó cearta eisiacha, ní achtóidh na Ballstáit, ná ní choinneoidh siad i bhfeidhm, aon bheart atá bunoscionn le rialacha na gConarthaí, go háirithe na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus in Airteagail 101 go 109.

2. Gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a oibriú is seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh siad faoi réir rialacha na gConarthaí, go háirithe na rialacha iomaíochta, chomh fada is nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur chun feidhme bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó ghníomh, an chúraim áirithe a ceapadh dóibh. Caithfear gan cur as d'fhorbairt na trádála go feadh méid ba dhochar do leasanna an Aontais.

3. Féachfaidh an Coimisiún chuige go gcuirfear forálacha an Airteagail seo chun feidhme agus, nuair is gá sin, eiseoidh sé treoracha nó cinntí iomchuí chun na mBallstát.

ROINN 2

CABHRACHA Ó STÁIT

Airteagal 107

(sean-Airteagal 87 CCE)

1. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, aon chabhair a thabharfaidh Ballstát nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.

2. Beidh cabhair dá leithéid seo a leanas ag luí leis an margadh inmheánach:

(a) cabhair de chineál comhdhaonnach do thomhaltóirí aonair, ar choinníoll go dtugtar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le tionscnamh na dtáirgí áirithe;

(b) cabhair chun damáiste a shlánú a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarlachtaintí neamhchoitianta eile;

(c) cabhair do gheilleagar limistéar áirithe de Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ar chuir deighilt na Gearmáine as dóibh, sa mhéid gur gá an chabhair sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a tháinig den deighilt sin. Cúig bliana tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear an pointe seo.

3. Is inmheasta cabhair dá leithéid seo a leanas a bheith ag luí leis an margadh inmheánach:

(a) cabhair chun forbairt eacnamaíoch a thabhairt ar limistéir ina bhfuil an caighdeán maireachtála thar a bheith íseal nó ina bhfuil mórchuid tearcfhostaíochta, agus ar na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 349, ag féachaint dá staid struchtúrtha, eacnamaíoch agus shóisialta;

(b) cabhair chun cuidiú le tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur i gcrích nó chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas;

(c) cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann;

(d) cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur ar aghaidh nuair nach gcuireann sí isteach ar dhálaí trádála agus iomaíochta san Aontas go feadh méid atá bunoscionn leis an leas comhchoiteann.

(e) cabhair de cibé cineálacha eile a shonrófar le cinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 108

(sean-Airteagal 88 CCE)

1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na córais chabhrach go léir sna Stáit sin a choimeád faoi bhreithniú i gcónaí. Molfaidh sé do na Stáit sin aon bhearta iomchuí is gá chun an margadh inmheánach a fhorbairt go comhleanúnach nó chun a fheidhmithe.

2. Más rud é, tar éis fógra a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann a mbarúlacha a chur isteach, go bhfaighidh an Coimisiún go bhfuil cabhair a thug Stát nó a tugadh trí bhíthin acmhainní Stáit gan bheith ag luí leis an margadh inmheánach ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 107, nó go bhfuil an chabhair sin á mí-úsáid, cinnfidh sé go ndlíonn an Stát sin an chabhair sin a dhíothú nó a athrú laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún.

Mura gcomhlíonfaidh an Stát áirithe an cinneadh sin laistigh den tréimhse ordaithe, féadfaidh an Coimisiún nó aon Stát leasmhar eile, de mhaolú ar fhorálacha Airteagail 258 agus 259, an t-ábhar a thabhairt faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go díreach.

Féadfaidh an Chomhairle, ar iarratas ó Bhallstát, ag gníomhú di d'aon toil, a chinneadh go measfar cabhair atá á tabhairt nó le tabhairt ag an Stát sin a bheith ag luí leis an margadh inmheánach, de mhaolú ar fhorálacha Airteagal 107 nó ar na rialacháin dá bhforáiltear in Airteagal 109, má fhágann imthosca eisceachtúla gur cinneadh cóir é sin. Más rud é maidir leis an gcabhair sin, go bhfuil an Coimisiún tar éis an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír seo a thionscnamh cheana féin, beidh d'éifeacht ag an iarratas chun na Comhairle ón Stát atá i gceist go bhfionrófar an nós imeachta sin go dtí gur feasach cad é dearcadh na Comhairle.

Más rud é, áfach, nach mbeidh a dearcadh curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thrí mhí ó rinneadh an t-iarratas sin, tabharfaidh an Coimisiún a chinneadh ar an gcás.

3. Cuirfear i bhfios don Choimisiún, in am trátha ionas go bhféadfaidh sé a bharúlacha a thabhairt, aon phleananna chun cabhair a thabhairt nó a athrú. Má mheasann sé go bhfuil aon phlean den sórt sin gan bheith ag luí leis an margadh inmheánach, ag féachaint d'Airteagal 107, tionscnóidh sé, gan mhoill, an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2. Ní chuirfidh an Ballstát áirithe na bearta atá ceaptha aige in éifeacht go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach de thoradh an nós imeachta sin.

4. Féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh a bhainfidh leis na haicmí cabhrach Stáit a bhfuil cinneadh glactha ag an gComhairle ina leith, de bhun Airteagal 109, go bhfuil siad díolmhaithe ón nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 109

(sean-Airteagal 89 CAE)

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, aon rialacháin fóinteach a dhéanamh chun Airteagail 107 agus 108 a chur chun feidhme, agus féadfaidh sí go háirithe na coinníollacha ina mbeidh Airteagal 108(3) infheidhme a chinneadh mar aon leis na cineálacha cabhrach atá eiscthe ón nós imeachta seo.

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA CÁNACHAIS

Airteagal 110

(sean-Airteagal 90 CCE)

Ní fhorchuirfidh aon Bhallstát, go díreach ná go hindíreach, ar tháirgí Ballstát eile aon chánachas inmheánach de shaghas ar bith de bhreis ar a bhforchuirtear go díreach nó go hindíreach ar a samhail dá tháirgí náisiúnta féin.

Fairis sin, ní fhorchuirfidh aon Bhallstát ar tháirgí Ballstát eile aon chánachas inmheánach de shaghas a thabharfaidh cosaint indíreach do tháirgí eile.

Airteagal 111

(sean-Airteagal 91 CCE)

I gcás earraí a onnmhairítear go críoch aon Bhallstáit, ní bheidh aon aisíocaíocht ar chánachas inmheánach níos mó ná an cánachas inmheánach a forchuireadh orthu, go díreach nó go hindíreach.

Airteagal 112

(sean-Airteagal 92 CCE)

I gcás muirear seachas cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh, ní cead maithiúnais ná aisíocaíochtaí i leith onnmhairí go Ballstáit eile a dheonú ná ní cead muirir frithchúitimh i leith allmhairí ó Bhallstáit a fhorchur mura mbeidh na bearta a mheabhraítear formheasta roimh ré go ceann tréimhse teoranta ag an gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 113

(sean-Airteagal 93 CCE)

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha maidir le comhchuibhiú reachtaíochta a bhaineann le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh a mhéad is gá an comhchuibhiú sin chun bunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint.

CAIBIDIL 3

DLÍTHE A CHOMHFHOGASÚ

Airteagal 114

(sean-Airteagal 95 CCE)

1. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, beidh na forálacha seo a leanas infheidhme d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 26 a bhaint amach. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin atá ceaptha sna Ballstáit chun an margadh inmheánach a bhunú agus a oibriú.

2. Ní bheidh mír 1 infheidhme i leith forálacha fioscacha, forálacha maidir le saorghluaiseacht daoine ná forálacha maidir le cearta agus leas fostaithe.

3. Is ar ardleibhéal cosanta a bheidh tograí an Choimisiúin dá bhforáiltear i mír 1 maidir le sláinte, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus cosaint an tomhaltóra bunaithe, agus aon fhorbairt nua atá bunaithe ar fhíorais eolaíocha á cur san áireamh ach go háirithe. Faoi chuimsiú a gcumhachtaí faoi seach, féachfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle freisin leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

4. Más rud é, tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, don Chomhairle nó don Choimisiún beart comhchuibhithe a ghlacadh, go measann Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a choimeád ar bun de bharr riachtanais thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 36 nó a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre, cuirfidh sé na forálacha sin, maille leis na forais atá lena gcoimeád ar bun, in iúl don Choimisiún.

5. Thairis sin, gan dochar do mhír 4, más rud é, tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, don Chomhairle nó don Choimisiún beart comhchuibhithe a ghlacadh, go measann Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a thabhairt isteach atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua maidir le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre de bharr fadhb a bhaineann go leithleach leis an mBallstát sin agus a thagann chun cinn tar éis don bheart comhchuibhithe a bheith glactha, cuirfidh sé na forálacha arna mbeartú, maille leis na forais atá lena dtabhairt isteach, in iúl don Choimisiún.

6. Laistigh de shé mhí ó na fógraí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a fháil, déanfaidh an Coimisiún na forálacha náisiúnta i gceist a fhormheas nó a dhiúltú tar éis dó a fhíorú an bhfuil nó nach bhfuil áis á baint astu le haghaidh idirdhealú treallach nó chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Ballstáit agus an bhfuil nó nach bhfuil siad ina gconstaic d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Mura ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 formheasta.

Nuair atá call leis sin mar gheall ar chastacht an ábhair agus in éagmais contúirte do shláinte an duine, féadfaidh an Coimisiún a chur in iúl don Bhallstát i dtrácht go bhféadfar an tréimhse dá dtagraítear sa mhír seo a fhadú go ceann tréimhse eile suas go sé mhí.

7. Nuair a údaraítear do Bhallstát, de bhun mhír 6, forálacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach de mhaolú ar bheart comhchuibhithe, scrúdóidh an Coimisiún láithreach an cóir oiriúnú ar an mbeart sin a mholadh.

8. Nuair a ardaíonn Ballstát fadhb shonrach sláinte poiblí i réimse a bhí ina ábhar roimhe sin do bhearta comhchuibhithe, tabharfaidh sé ar aird don Choimisiún í agus scrúdóidh an Coimisiún láithreach an cóir bearta iomchuí a mholadh don Chomhairle.

9. De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 258 agus 259, féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát ar bith an t-ábhar a thabhairt díreach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má mheasann sé go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáide as na cumhachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo.

10. Beidh sna bearta comhchuibhithe dá dtagraítear anseo thuas, i ngach cás is iomchuí, clásal cosanta lena n-údarófar do na Ballstáit, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna neamheacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 36, bearta sealadacha a ghlacadh faoi réir nós imeachta rialaithe de chuid an Aontais.

Airteagal 115

(sean-Airteagal 94 CCE)

Gan dochar d'Airteagal 114, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, treoracha a ghlacadh le haghaidh chomhfhogasú fhorálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin na mBallstát a dhéanann difear go díreach do bhunú nó d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 116

(sean-Airteagal 96 CCE)

Má fhaigheann an Coimisiún go bhfuil difríocht idir na forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin i mBallstáit atá ag saobhadh na gcoinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus gur gá an saobhadh dá dheasca sin a dhíchur, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit atá i gceist.

Mura dtiocfaidh as an dáil chomhairle sin comhaontú trína ndíchuirfear an saobhadh áirithe, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na treoracha is gá a eisiúint. Féadfar gach beart iomchuí eile dá bhforáiltear sna Conarthaí a ghlacadh.

Airteagal 117

(sean-Airteagal 97 CCE)

1. Má bhíonn cúis ann chun a cheapadh gur baolach saobhadh de réir bhrí Airteagal 116 a theacht as foráil reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin a ghlacadh nó a leasú, rachaidh Ballstát i gcomhairle leis an gCoimisiún má theastaíonn uaidh dul ar aghaidh leis an bhforáil sin a ghlacadh nó a leasú. Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, molfaidh an Coimisiún do na Stáit lena mbaineann cibé bearta is iomchuí chun an saobhadh sin a sheachaint.

2. Mura gcomhlíonfaidh an Stát a dteastaíonn uaidh forálacha dá chuid féin a thabhairt isteach nó a leasú an moladh a thug an Coimisiún dó, ní iarrfar, de bhun Airteagal 116, ar na Ballstáit eile a bhforálacha féin a leasú chun an saobhadh sin a dhíchur. Má bhíonn an Ballstát a thug neamhaird ar mholadh an Choimisiúin ina chúis le saobhadh a rachaidh chun dochair dó féin amháin, ní bheidh feidhm le forálacha Airteagal 116.

Airteagal 118

Faoi chuimsiú an margadh inmheánach a bhunú nó a oibriú, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta maidir le cearta Eorpacha maoine intleachtúla a chruthú chun cosaint chomhionann ar chearta maoine intleachtúla a áirithiú ar fud an Aontais agus maidir le córais lárnaithe um údarú, um chomhordú agus um maoirsiú a chur ar bun ar leibhéal an Aontais.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, na socruithe teanga do na cearta Eorpacha maoine intleachtúla a ghlacadh trí bhíthin rialachán. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

TEIDEAL VIII

BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

Airteagal 119

(sean-Airteagal 4 CCE)

1. Chun na gcríoch atá luaite in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuimseoidh gníomhaíochtaí na mBallstát agus an Aontais, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí, beartas eacnamaíoch a ghlacadh atá fothaithe ar chomhordú dlúth idir beartais eacnamaíocha na mBallstát, ar an margadh inmheánach agus ar shainiú comhchuspóirí agus a sheoltar i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht.

2. Go comhthreomhar leis sin, agus faoi na coinníollacha agus de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Conarthaí, cuimseoidh na gníomhaíochtaí sin airgeadra aonair, an euro, beartas aonair airgeadaíochta agus beartas aonair rátaí malairte a shainiú agus a sheoladh arb é is cuspóir príomhúil leo araon cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun agus, gan dochar don chuspóir sin, tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas, i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht.

3. Béarfaidh gníomhaíochtaí sin na mBallstát agus an Aontais go ndéanfar na treoirphrionsabail seo a leanas a urramú: praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí.

CAIBIDIL 1

BEARTAS EACNAMAÍOCH

Airteagal 120

(sean-Airteagal 98 CCE)

Seolfaidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais, mar atá siad sainithe in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus faoi chuimsiú na mór-threoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 121(2). Gníomhóidh na Ballstáit agus an tAontas i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus ag comhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach in Airteagal 119.

Airteagal 121

(sean-Airteagal 99 CCE)

1. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn a mbeartais eacnamaíocha agus déanfaidh siad comhordú orthu i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le forálacha Airteagal 120.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, dréacht a fhoirmiú de mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais agus déanfaidh sí tuarascáil ar a machnamh don Chomhairle Eorpach.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di ar bhonn na tuarascála sin ón gComhairle, conclúid a phlé ar mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais.

Ar bhonn na conclúide sin, glacfaidh an Chomhairle moladh a shocróidh na mór-threoirlínte sin. Cuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoina moladh.

3. D'fhonn comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach ar fheidhmiú eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a chuirfidh an Coimisiún faoina bráid, faireachán ar fhorbairt eacnamaíoch i ngach ceann de na Ballstáit agus san Aontas agus ar chomhchuibheas na mbeartas eacnamaíoch leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 agus measúnú foriomlán go tráthrialta.

Chun críocha an fhaireacháin iltaobhaigh sin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún ar bhearta tábhachtacha arna nglacadh acu i réimse a mbeartais eacnamaíoch agus pé faisnéis eile a mheasann siad is gá.

4. Má shuitear, faoi chuimsiú an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil beartais eacnamaíocha Ballstáit comhchuí leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 nó gur dóigh dóibh oibriú rianúil an Aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt, féadfaidh an Coimisiún foláireamh a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí is gá a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar thogra ón gCoimisiún, a moltaí a phoibliú.

Faoi chuimsiú na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn don Bhallstát i dtrácht a chur san áireamh.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

5. Déanfaidh Uachtarán na Comhairle agus an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa ar thorthaí an fhaireacháin iltaobhaigh. Féadfar a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle láithriú os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa má bhíonn a moltaí poiblithe ag an gComhairle.

6. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, rialacha mionsonraithe a ghlacadh don nós imeachta faireacháin iltaobhaigh dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.

Airteagal 122

(sean-Airteagal 100 CCE)

1. Gan dochar do na nósanna imeachta eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh.

2. I gcás Ballstát a bheith i ndeacrachtaí nó géardheacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air de bhun tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cabhair airgeadais Aontais a dheonú faoi choinníollacha áirithe don Bhallstát i dtrácht. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh.

Airteagal 123

(sean-Airteagal 101 CCE)

1. Toirmiscfear ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar bhainc cheannais na mBallstát (dá ngairtear "bainc cheannais náisiúnta" anseo feasta) saoráidí rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí nó gnóthas poiblí sna Ballstáit, agus toirmiscfear freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar bhainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.

2. Ní bheidh forálacha mhír 1 infheidhme ar institiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuirfidh bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhthéacs soláthar cúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.

Airteagal 124

(sean-Airteagal 102 CCE)

Toirmiscfear aon bheart, nach bhfuil bunaithe ar dhálaí stuamachta, a thugann rochtain phribhléideach d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí nó do ghníomhaireachtaí Aontais, do Rialtais Láir, d'údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó d'údaráis phoiblí eile, do chomhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó do ghnóthais phoiblí sna Ballstáit ar institiúidí airgeadais.

Airteagal 125

(sean-Airteagal 103 CCE)

1. Ceangaltais Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid aon Bhallstáit, ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas ina leith ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh. Ceangaltais Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid Ballstáit eile, ní bheidh Ballstát faoi dhliteanas ina leith, ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh.

2. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, más gá, na sainmhínithe a shonrú maidir le cur i bhfeidhm na dtoirmeasc dá dtagraítear in Airteagail 123 agus 124 agus san Airteagal seo.

Airteagal 126

(sean-Airteagal 104 CCE)

1. Seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.

2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt an choir bhuiséadaigh agus ar stoc an fhiachais rialtais sna Ballstáit d'fhonn ollearráidí a shainaithint. Scrúdóidh sé ach go háirithe comhlíonadh smachta bhuiséadaigh ar bhonn an dá chritéar seo a leanas:

(a) an dtéann an cóimheas idir an t-easnamh rialtais pleanáilte nó iarbhír agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha:

- mura bhfuil an cóimheas tar éis ísliú go suntasach leanúnach agus mura bhfuil sé tar éis leibhéal a shroicheadh atá gar don luach tagartha;

- nó, ina mhalairt de chás, mura bhfuil an farasbarr thar an luach tagartha eisceachtúil agus sealadach amháin agus mura bhfanann an cóimheas gar don luach tagartha;

(b) an dtéann an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha, mura bhfuil an cóimheas ag laghdú a dhóthain agus ag druidim ar luas sásúil leis an luach tagartha.

Sonraítear na luachanna tagartha sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis na Conarthaí.

3. Mura ndéanann Ballstát na ceanglais faoi cheann amháin de na critéir sin nó faoin dá cheann a chomhall, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil. Cuirfear san áireamh freisin i dtuarascáil an Choimisiúin an dtéann an t-easnamh rialtais thar chaiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha eile lena n-áirítear cor eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach an Bhallstáit.

Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú freisin má tá sé den tuairim, d'ainneoin chomhall na gceanglas faoi na critéir, go bhfuil baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát.

4. Foirmeoidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim ar thuarascáil an Choimisiúin.

5. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach nó baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát, déanfaidh sé tuairim a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas.

6. Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis aon bharúlacha a chur san áireamh is mian leis an mBallstát i dtrácht a chur faoina bráid, a chinneadh tar éis measúnú foriomlán an bhfuil easnamh iomarcach ann.

7. Má chinneann an Chomhairle de réir mhír 6 go bhfuil easnamh iomarcach ann, glacfaidh sí, gan mhoill mhíchuí, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí arna ndíriú chuig an mBallstát i dtrácht chun deireadh a chur leis an staid sin laistigh de thréimhse a thugtar. Faoi réir fhorálacha mhír 8, ní dhéanfar na moltaí sin a phoibliú.

8. Má shuíonn an Chomhairle nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta mar fhreagra ar a moltaí laistigh den tréimhse fhorordaithe, féadfaidh sí a moltaí a phoibliú.

9. Má leanann Ballstát de bheith ag mainneachtain na moltaí ón gComhairle a chur i ngníomh, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh foláireamh a thabhairt don Bhallstát bearta a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe chun an laghdú easnaimh a bhaint amach a mheasann an Chomhairle a bheith riachtanach chun an cor a leigheas.

Féadfaidh an Chomhairle, i gcás den sórt sin, a iarraidh ar an mBallstát i dtrácht tuarascálacha a chur chuici de réir tráthchláir shonraigh chun iarrachtaí coigeartaithe an Bhallstáit sin a scrúdú.

10. Ní fhéadfar na cearta chun caingne a thionscnamh, dá bhforáiltear in Airteagail 258 agus 259, a fheidhmiú faoi chuimsiú mhíreanna 1 go 9 den Airteagal seo.

11. Fad nach gcomhlíonann Ballstát cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le mír 9, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh beart nó bearta de na cinn seo a leanas a chur chun feidhme nó, de réir mar a bheidh, a threisiú:

- a cheangal ar an mBallstát i dtrácht tuilleadh faisnéise, a shonróidh an Chomhairle, a fhoilsiú sula n-eiseoidh sé bannaí agus urrúis;

- a iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartas a athbhreithniú maidir le hiasachtaí a thabhairt don Bhallstát i dtrácht;

- a cheangal ar an mBallstát i dtrácht taisce neamhúsmhar de mhéid iomchuí a dhéanamh leis an Aontas go dtí go measfaidh an Chomhairle go bhfuil an t-easnamh iomarcach ceartaithe;

- fíneálacha iomchuí a ghearradh.

Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cinntí a glacadh.

12. Déanfaidh an Chomhairle cuid dá cinntí nó a cinntí uile nó cuid dá moltaí nó a moltaí uile dá dtagraítear i míreanna 6 go 9 agus 11 a aisghairm a mhéad atá an t-easnamh iomarcach sa Bhallstát i dtrácht ceartaithe, dar léi. Má tá moltaí poiblí déanta ag an gComhairle roimhe sin, déanfaidh sí, a luaithe a aisghairfear an cinneadh faoi mhír 8, ráiteas poiblí nach bhfuil easnamh iomarcach ann a thuilleadh sa Bhallstát i dtrácht.

13. Agus na cinntí nó na moltaí dá dtagraítear i míreanna 8, 9, 11 agus 12 á nglacadh aici, gníomhóidh an Chomhairle ar mholadh ón gCoimisiún.

Agus bearta dá dtagraítear i míreanna 6 go 9, i mír 11 agus i mír 12 á nglacadh aici, gníomhóidh sí gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn don Bhallstát i dtrácht a chur san áireamh.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

14. Tá a thuilleadh forálacha maidir le cur chun feidhme an nós imeachta atá tuairiscithe san Airteagal seo leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis na Conarthaí.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, na forálacha iomchuí a ghlacadh a chuirfear in ionad an Phrótacail sin.

Faoi réir fhorálacha eile na míre seo, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, rialacha mionsonraithe agus sainmhínithe a leagan síos chun forálacha an Phrótacail sin a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 2

BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Airteagal 127

(sean-Airteagal 105 CCE)

1. Beidh de chuspóir príomhúil ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais, dá ngairtear "CEBC" anseo feasta, cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh CEBC leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Gníomhóidh CEBC i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 119 á n-urramú aige.

2. Is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích trí CEBC:

- beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme;

- oibríochtaí um malairt eachtrach is comhchuí le forálacha Airteagal 219 a sheoladh;

- cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

- oibriú rianúil córais íocaíochtaí a chur ar aghaidh.

3. Beidh an tríú fleasc de mhír 2 gan dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainisteoireacht.

4. I dtaca leis an mBanc Ceannais Eorpach:

- rachfar i gcomhairle leis maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta;

- rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle leis maidir le haon dréachtfhoráil reachtaíochta laistigh dá réimsí inniúlachta, ach faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha amach ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 129(4).

Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach tuairimí ar ábhair laistigh dá réimsí inniúlachta a chur faoi bhráid institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais iomchuí nó faoi bhráid na n-údarás náisiúnta.

5. Rannchuideoidh CEBC le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

6. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, d'aon toil agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, cúraimí sonracha a chur ar an mBanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais.

Airteagal 128

(sean-Airteagal 106 CCE)

1. Beidh ag an mBanc Ceannais Eorpach an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc in euro laistigh den Aontas a údarú. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh an stádas dlíthairisceana laistigh den Aontas.

2. Féadfaidh na Ballstáit monaí in euro a eisiúint faoi réir ceadú ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le méid na heisiúna. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, bearta a ghlacadh chun ainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla na monaí go léir le haghaidh cúrsaíochta a chomhchuibhiú a mhéad is gá chun a gcúrsaíocht réidh laistigh den Aontas a cheadú.

Airteagal 129

(sean-Airteagal 107 CCE)

1. Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, arb iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin, a rialóidh CEBC.

2. Tá Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, dá ngairtear anseo feasta "Reacht an CEBC agus an BCE", leagtha síos i bPrótacal atá i gceangal leis na Conarthaí.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, leasú a dhéanamh ar Airteagail 5.1, 5.2, 5.3, 17, 18, 19.1, 22, 23, 24, 26, 32.2, 32.3, 32.4, 32.6, 33.1(a) agus 36 de Reacht an CEBC agus an BCE. Gníomhóidh siad ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

4. Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 4, 5.4, 19.2, 20, 28.1, 29.2, 30.4 agus 34.3 de Reacht an CEBC agus an BCE a ghlacadh.

Airteagal 130

(sean-Airteagal 108 CCE)

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sna Conarthaí agus i Reacht an CEBC agus an BCE, ní fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach, banc ceannais Ballstáit ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí Aontais, ó aon Rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile. Gabhfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh nó na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Airteagal 131

(sean-Airteagal 109 CCE)

Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta, lena n-áirítear Reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis na Conarthaí agus le Reacht an CEBC agus an BCE.

Airteagal 132

(sean-Airteagal 110 CCE)

1. D'fhonn na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC a chomhlíonadh, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos i Reacht an CEBC agus an BCE:

- rialacháin a dhéanamh a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 3.1, in Airteagail 19.1, 22 nó 25.2 de Reacht an CEBC agus an BCE a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos i ngníomhartha na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 129(4);

- cinntí a ghlacadh is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC faoi na Conarthaí agus faoi Reacht an CEBC agus an BCE a chomhlíonadh;

- moltaí agus tuairimí a thabhairt.

2. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chinneadh a chinntí, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.

3. Faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 129(4), beidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin agus faoina chinntí.

Airteagal 133

Gan dochar d'inniúlachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Glacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

CAIBIDIL 3

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

Airteagal 134

(sean-Airteagal 114 CCE)

1. Chun comhordú bheartais na mBallstát a chur ar aghaidh a mhéad is gá ar mhaithe le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh, bunaítear leis seo Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.

2. Beidh sé de chúram ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais:

- tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, le cur faoi bhráid na n-institiúidí sin;

- cor eacnamaíoch agus airgeadais na mBallstát agus an Aontais a choimeád faoi léirmheas agus tuarascáil a dhéanamh go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún, go háirithe ar an gcaidreamh airgeadais le tríú tíortha agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta;

- gan dochar d'Airteagal 240, rannchuidiú le hullmhú obair na Comhairle dá dtagraítear in Airteagail 66, 75, 121(2), (3), (4) agus (6), 122, 124, 125, 126, 127(6), 128(2), 129(3) agus (4), 138, 140(2) agus (3), 143, 144(2) agus (3) agus in Airteagal 219, agus na cúraimí comhairleacha agus ullmhúcháin arna sannadh ag an gComhairle dó a chur i gcrích;

- an cor a scrúdú, ar a laghad uair sa bhliain, maidir le gluaiseacht chaipitil agus saoirse íocaíochtaí, mar a leanann siad ó chur chun feidhme na gConarthaí agus beart arna nglacadh ag an gComhairle; folóidh an scrúdú gach beart a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí; déanfaidh an Coiste tuarascáil don Choimisiún agus don Chomhairle ar thoradh an scrúdaithe sin.

Ceapfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach faoi seach dhá chomhalta ar a mhéad den Choiste.

3. Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCoiste dá dtagraítear san Airteagal seo, forálacha mionsonraithe maidir le comhdhéanamh an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais a leagan síos. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin.

4. De bhreis ar na cúraimí atá leagtha amach i mír 2, má tá agus fad atá Ballstáit go maolú dá dtagraítear in Airteagal 139 ann, coimeádfaidh an Coiste cor airgeadaíochta agus airgeadais maille le córas ginearálta íocaíochtaí na mBallstát sin faoi léirmheas agus déanfaidh sé tuarascáil go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún ar an ábhar sin.

Airteagal 135

(sean-Airteagal 115 CCE)

Féadfaidh an Chomhairle nó Ballstát, i gcúrsaí faoi raon feidhme Airteagail 121(4), 126 seachas mír 14, 138, 140(1), 140(2), an chéad fhomhír, 140(3) agus 219, iarraidh ar an gCoimisiún moladh nó togra a dhéanamh, mar is iomchuí. Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh sin agus cuirfidh sé a chonclúidí faoi bhráid na Comhairle gan mhoill.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA IS SONRACH DO BHALLSTÁIT A bhFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA ACU

Airteagal 136

1. D'fhonn oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta mar is cuí a áirithiú, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha as measc na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 121 agus 126 seachas an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 126(14), bearta a ghlacadh a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu d'fhonn:

(a) an comhordú ar a smacht buiséadach agus an mhaoirseacht air a neartú;

(b) treoirlínte beartais eacnamaíoch a leagan amach dóibh, agus é á áirithiú go bhfuil siad ag luí leis na treoirlínte arna nglacadh don Aontas ina iomláine agus go bhfuil maoirseacht á déanamh orthu.

2. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i mír 1 ach na comhaltaí sin den Chomhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

Airteagal 137

Leagtar amach leis an bPrótacal maidir leis an nGrúpa Euro na socruithe do chruinnithe idir airí na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Airteagal 138

(sean-Airteagal 111(4) CCE)

1. D'fhonn ionad an euro sa chóras idirnáisiúnta airgeadaíochta a áirithiú, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh lena mbunófar na comhsheasaimh ar ábhair ina bhfuil leas ar leith don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais inniúla agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

2. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta iomchuí a ghlacadh chun ionadaíocht aontaithe laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais inniúla agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla a áirithiú. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

3. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i míreanna 1 agus 2 ach comhaltaí sin na Comhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 139

1. "Ballstáit a bhfuil maolú acu" a ghairfear anseo feasta de na Ballstáit nach bhfuil cinnte ag an gComhairle ina leith go gcomhallann siad na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh.

2. Ní bheidh na forálacha seo a leanas de na Conarthaí infheidhme maidir le Ballstáit a bhfuil maolú acu:

(a) glacadh na gcodanna sin de na mór-threoirlínte beartais eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro i gcoitinne (Airteagal 121(2));

(b) meáin chomhéigneacha chun easnaimh iomarcacha a leigheas (Airteagal 126(9) agus (11));

(c) cuspóirí an CEBC agus na cúraimí atá air (Airteagal 127(1) go (3) agus (5));

(d) eisiúint an euro (Airteagal 128);

(e) gníomhartha ón mBanc Ceannais Eorpach (Airteagal 132);

(f) bearta a rialaíonn úsáid an euro (Airteagal 133);

(g) comhaontuithe airgeadaíochta agus bearta eile a bhaineann leis an mbeartas ráta malairte (Airteagal 219);

(h) ceapachán chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh (Airteagal 283(2));

(i) cinntí lena mbunófar comhsheasaimh ar cheisteanna atá fíor-ábhartha don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais inniúla agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla (Airteagal 138(1));

(j) bearta chun ionadaíocht aontaithe laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais a áirithiú (Airteagal 138(2)).

Dá bhrí sin, sna hAirteagail dá dtagraítear i bpointí (a) go (j), ciallaíonn "Ballstáit" na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

3. Faoi Chaibidil IX de Reacht an CEBC agus an BCE, tá Ballstáit a bhfuil maolú acu agus a mbainc cheannais náisiúnta eisiata ó na cearta agus ó na hoibleagáidí faoi chuimsiú an CEBC.

4. Déanfar cearta vótála chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil maolú acu a fhionraí nuair a bheidh na bearta dá dtagraítear sna hAirteagail a liostaítear i mír 2 á nglacadh ag an gComhairle, agus sna cásanna seo a leanas:

(a) moltaí arna gcur faoi bhráid na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu faoi chuimsiú an fhaireacháin iltaobhaigh, lena n-áirítear moltaí ar chláir chobhsaíochta agus foláirimh (Airteagal 121(4));

(b) bearta i dtaca le heasnaimh iomarcacha a bhaineann leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu (Airteagal 126(6), (7), (8), (12) agus (13)).

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

Airteagal 140

(sean-Airteagail 121(1), 122(2), an dara habairt, agus 123(5) CCE)

1. Ar a laghad uair sa dá bhliain, nó arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil maolú aige, déanfaidh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil don Chomhairle ar dhul chun cinn na mBallstát a bhfuil maolú acu i gcomhall a n-oibleagáidí maidir le gnóthú an Aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Cuimseoidh na tuarascálacha sin scrúdú an bhfuil reachtaíocht náisiúnta gach ceann de na Ballstáit sin, lena n-áirítear Reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí le hAirteagail 130 agus 131 agus le Reacht an CEBC agus an BCE. Scrúdóidh na tuarascálacha freisin gnóthú mórchóineasú inbhuanaithe faoi threoir chomhall na gcritéar seo a leanas ag gach Ballstát:

- gnóthú ardleibhéal cobhsaíochta praghsanna; beidh sé sin follasach ó ráta boilscithe atá gar do ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna;

- inbhuaine an riochta airgeadais rialtais; beidh sé sin follasach óir beidh riocht buiséadach rialtais gnóthaithe aige gan easnamh is iomarcach mar atá arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 126(6);

- urramú na ngnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear le meicníocht rátaí malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta, ar feadh dhá bhliain ar a laghad, gan díluacháil in aghaidh an euro;

- marthanacht an chóineasaithe a bheidh gnóthaithe ag an mBallstát a bhfuil maolú aige agus a rannpháirtíochta sa mheicníocht rátaí malairte á brath i leibhéil fhadtéarmacha rátaí úis.

Déantar na ceithre chritéar atá luaite sa mhír seo agus na tréimhsí ábhartha ar lena linn atá siad le hurramú a fhorbairt a thuilleadh i bPrótacal atá i gceangal leis na Conarthaí. Tabharfaidh tuarascálacha an Choimisiúin agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh aird freisin ar thorthaí imeascadh na margaí, ar riocht agus ar fhorbairt chomhardú na n-íocaíochtaí ar cuntas reatha, agus ar scrúdú ar fhorbairt i gcostais aonad saothair agus ar innéacsanna praghsanna eile.

2. Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis plé sa Chomhairle Eorpach, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cé hiad na Ballstáit go maolú a chomhallann na coinníollacha is gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 1 agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.

Gníomhóidh an Chomhairle tar éis moladh a fháil ó thromlach cáilithe de na comhaltaí dá cuid a ionadaíonn do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Gníomhóidh na comhaltaí sin laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle an togra ón gCoimisiún a fháil.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle, dá dtagraítear sa dara fomhír, i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

3. Má chinntear, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i mír 2, deireadh a chur le maolú, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus an Bhallstáit i dtrácht, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, an ráta a ghlacadh go neamh-inchúlghairthe ar a gcuirfear an euro in ionad airgeadra an Bhallstáit i dtrácht, agus na bearta eile a ghlacadh is gá chun an euro a thabhairt isteach mar an t-airgeadra aonair sa Bhallstát i dtrácht.

Airteagal 141

(sean-Airteagal 123(3) agus 117(2), na cúig fhleasc thosaigh, CCE)

1. Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann, agus gan dochar d'Airteagal 129(1), cuirfear Comhairle Ghinearálta an Bhainc Ceannais Eorpaigh atá luaite in Airteagal 44 de Reacht an CEBC agus an BCE ar bun mar thríú comhlacht cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2. Má tá agus fad a bheidh Ballstáit ann a bhfuil maolú acu, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i dtaca leis na Ballstáit sin:

- an comhar idir na bainc cheannais náisiúnta a neartú;

- comhordú bheartais airgeadaíochta na mBallstát a neartú ar mhaithe le cobhsaíocht phraghsanna a áirithiú;

- faireachán a dhéanamh ar oibriú na meicníochta rátaí malairte;

- comhairliúcháin a chur ar siúl maidir le saincheisteanna a thig faoi inniúlacht na mbanc ceannais náisiúnta agus a dhéanann difear do chobhsaíocht institiúidí agus margaí airgeadais;

- na cúraimí a bhí ar an gCiste Eorpach um Chomhar Airgeadaíochta tráth, agus a ghabh an Institiúid Airgeadaíochta Eorpach ar láimh ina dhiaidh sin, a fheidhmiú.

Airteagal 142

(sean-Airteagal 124(1) CCE)

Déanfaidh gach Ballstát a bhfuil maolú aige a bheartas rátaí malairte a bhreithniú mar ábhar leasa choitinn. Lena linn sin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh taithí an chomhair faoi chuimsiú na meicníochta rátaí malairte.

Airteagal 143

(sean-Airteagal 119 CCE)

1. I gcás Ballstát a bhfuil maolú aige a bheith i ndeacrachtaí, nó deacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air, maidir lena chomhardú íocaíochtaí mar thoradh ar éagothromaíocht fhoriomlán sa chomhardú sin nó mar thoradh ar an saghas airgeadra atá ar láimh aige, agus nuair is dóigh go háirithe do na deacrachtaí sin oibriú an mhargaidh inmheánaigh nó cur chun feidhme comhleanúnach an chomhbheartais tráchtála a chur i gcontúirt, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú láithreach ar riocht an Stáit i gceist agus ar an ngníomh a bheidh déanta ag an Stát sin nó a fhéadfaidh sé a dhéanamh i gcomhréir le forálacha na gConarthaí, agus úsáid á baint aige as gach meán atá ar láimh aige. Sonróidh an Coimisiún na bearta a mholann sé don Stát i dtrácht lena nglacadh.

Mura leor gníomh an Bhallstáit a bhfuil maolú aige agus na bearta arna moladh ag an gCoimisiún chun na deacrachtaí atá tagtha chun cinn nó atá ag bagairt a shárú, molfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, don Chomhairle cabhair fhrithpháirteach a dheonú maille leis na modhanna iomchuí chuige sin.

Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta ar an gcor agus ar aon athrú ann.

2. Deonóidh an Chomhairle cúnamh frithpháirteach den sórt sin; glacfaidh sí treoracha nó cinntí ag leagan síos coinníollacha agus mionsonraí do chabhair den sórt sin a fhéadfaidh a bheith mar seo a leanas:

(a) triall comhbheartaithe chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta eile, nó laistigh di, a bhféadfaidh Ballstát a bhfuil maolú aige dul ar a hiontaoibh;

(b) bearta is gá chun sraonadh trádála a sheachaint nuair a dhéanann an Stát an Ballstát a bhfuil maolú aige agus a bhfuil deacrachtaí aige srianta cainníochtúla i leith tríú tíortha a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach athuair;

(c) Ballstáit eile creidmheasanna teoranta a dheonú, faoi réir a gcomhaontaithe.

3. Mura ndeonaíonn an Chomhairle an chabhair fhrithpháirteach a mholann an Coimisiún nó mura leor an cúnamh frithpháirteach a dheonaítear agus na bearta a dhéantar, údaróidh an Coimisiún don Bhallstát a bhfuil maolú aige agus a bhfuil deacrachtaí aige bearta coimirce a ghlacadh agus socróidh an Coimisiún coinníollacha agus rialacha mionsonraithe na mbeart sin.

Féadfaidh an Chomhairle údarú den sórt sin a chúlghairm agus coinníollacha agus mionsonraí den sórt sin a athrú.

Airteagal 144

(sean-Airteagal 120 CCE)

1. Nuair a tharlaíonn géarchéim thobann i gcomhardú na n-íocaíochtaí agus nach nglactar cinneadh de réir bhrí Airteagal 143(2) láithreach, féadfaidh Ballstát a bhfuil maolú aige na bearta cosanta is gá a ghlacadh mar réamhchúram. Ní foláir do bhearta den sórt sin an suaitheadh is lú is féidir a dhéanamh in oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus gan a raon a bheith níos leithne ná mar is fíorghá chun na deacrachtaí tobanna atá tagtha chun cinn a leigheas.

2. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh beart cosanta den sórt sin tráth a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí. Féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle cabhair a dheonú de réir Airteagal 143.

3. Tar éis don Choimisiún a mholadh a thabhairt, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaidh an Ballstát i dtrácht na bearta cosanta dá dtagraítear thuas a leasú, a fhionraí nó a dhíothú.

TEIDEAL IX

FOSTAÍOCHT

Airteagal 145

(sean-Airteagal 125 CCE)

Saothróidh na Ballstáit agus an tAontas i gcomhréir leis an Teideal seo chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte solúbtha agus margaí fostaíochta atá oscailte don athrú eacnamaíoch a chur ar aghaidh d'fhonn na cuspóirí a ghnóthú atá sainithe in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 146

(sean-Airteagal 126 CCE)

1. Rannchuideoidh na Ballstáit, trína mbeartais fostaíochta, le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 145 ar dhóigh is comhchuí le mórthreoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 121(2).

2. Measfaidh na Ballstáit, ag féachaint do chleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí na gcomhpháirtithe sóisialta, gur ábhar comhleasa fostaíocht a chur ar aghaidh agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le forálacha Airteagal 148.

Airteagal 147

(sean-Airteagal 127 CCE)

1. Rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal fostaíochta tríd an gcomhar idir Ballstáit a chothú agus trí thacú lena ngníomhaíocht agus, más gá, tríd an ngníomhaíocht sin a chomhlánú. Lena linn sin, déanfar inniúlachtaí na mBallstát a urramú.

2. Tabharfar aird ar chuspóir an ardleibhéil fostaíochta i bhfoirmiú agus i gcur chun feidhme bheartais an Aontais.

Airteagal 148

(sean-Airteagal 128 CCE)

1. Breithneoidh an Chomhairle Eorpach gach bliain staid na fostaíochta san Aontas agus glacfaidh sí conclúidí ar an ábhar sin ar bhonn tuarascála comhpháirtí bliantúla ón gComhairle agus ón gCoimisiún.

2. Ar bhonn chonclúidí na Comhairle Eorpaí, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 150, treoirlínte a tharraingt suas gach bliain a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina mbeartais fostaíochta. Beidh na treoirlínte sin comhchuí leis na mórthreoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 121(2).

3. Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fáil don Chomhairle agus don Choimisiún maidir leis na príomhbhearta arna nglacadh chun a bheartas fostaíochta a chur chun feidhme i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht dá dtagraítear i mír 2.

4. Gach bliain, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 agus tar éis di dearcadh an Choiste Fostaíochta a fháil, scrúdú ar chur chun feidhme bheartais fostaíochta na mBallstát i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moltaí a dhéanamh chuig Ballstáit má mheasann sí gurb iomchuí sin i bhfianaise an scrúdaithe sin.

5. Ar bhonn thorthaí an scrúdaithe sin, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún tuarascáil chomhpháirteach bhliantúil a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí maidir le staid na fostaíochta san Aontas agus cur chun feidhme na dtreoirlínte don fhostaíocht.

Airteagal 149

(sean-Airteagal 129 CCE)

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, bearta dreasachta a ghlacadh atá ceaptha chun comhar a chothú idir Ballstáit agus chun tacú lena ngníomhaíocht i réimse na fostaíochta trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, trí anailís chomparáideach agus comhairle a sholáthar mar aon le cur chuige nuálaíoch a chur ar aghaidh agus an taithí a mheas, go háirithe trí leas a bhaint as treoirthionscadail.

Ní chuimseoidh na bearta sin comhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát.

Airteagal 150

(sean-Airteagal 130 CCE)

Bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, Coiste Fostaíochta le stádas comhairleach chun comhordú idir na Ballstáit maidir le beartais fostaíochta agus mhargadh an tsaothair a chur ar aghaidh. Is iad cúraimí an Choiste:

- faireachán a dhéanamh ar staid na fostaíochta agus ar na beartais fostaíochta sna Ballstáit agus san Aontas;

- gan dochar d'Airteagal 240, tuairimí a fhoirmiú, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, agus rannchuidiú le hullmhú imeachtaí na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 148.

Agus a shainordú á chomhall aige, rachaidh an Coiste i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.

TEIDEAL X

BEARTAS SÓISIALTA

Airteagal 151

(sean-Airteagal 136 CCE)

Beidh de chuspóirí ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta bunúsacha amhail iad sin atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa arna síniú in Torino ar an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um chearta sóisialta bunúsacha le haghaidh oibrithe, dlús a chur le fostaíocht, le dálaí feabhsaithe maireachtála agus oibre, chun go bhféadfar iad a chomhchuibhiú agus an feabhsú á choimeád ar bun, le cosaint chuí shóisialta, leis an agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, le hacmhainní daonna a fhorbairt ar mhaithe le hardleibhéal marthanach fostaíochta agus leis an eisiamh a chomhrac.

Chun na críche sin, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit gníomhaíochtaí chun feidhme a chuirfidh san áireamh éagsúlacht na gcleachtas náisiúnta, go háirithe i réimse an chaidrimh chonarthaigh, agus an riachtanas cumas iomaíochta gheilleagar an Aontais a choimeád ar bun.

Creideann siad go leanfaidh forbairt den sórt sin ní amháin as feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chuirfidh ar aghaidh comhchuibhiú na gcóras sóisialta, ach freisin as na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Conarthaí agus as comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin.

Airteagal 152

Déanann an tAontas ról na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais a aithint agus a chur chun cinn, agus éagsúlacht na gcóras náisiúnta á cur san áireamh aige. Éascóidh sé an t-agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, agus a neamhspleáchas á urramú aige.

An Cruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach ar mhaithe leis an bhFás agus leis an bhFostaíocht, rannchuideoidh sé leis an agallamh sóisialta.

Airteagal 153

(sean-Airteagal 137 CCE)

1. D'fhonn cuspóirí Airteagal 151 a ghnóthú, tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus comhlánóidh sé iad sna réimsí seo a leanas:

(a) an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d'fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint;

(b) dálaí oibre;

(c) slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta oibrithe;

(d) cosaint oibrithe i gcás fhoirceannadh a gconartha oibre;

(e) oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo;

(f) ionadú agus comhchosaint leasanna oibrithe agus fostóirí, lena n-áirítear comhchinneadh, faoi réir mhír 5;

(g) dálaí fostaíochta náisiúnach tríú tíortha ina gcónaí go dlíthiúil ar chríoch an Aontais;

(h) lánpháirtiú daoine atá arna n-eisiamh ó mhargadh an tsaothair, gan dochar d'Airteagal 166;

(i) comhionannas idir fir agus mná ar mhargadh an tsaothair agus cóir chomhionann san obair;

(j) an t-eisiamh sóisialta a chomhrac;

(k) córais chosanta sóisialta a nuachóiriú, gan dochar do phointe (c).

2. Chun na críche sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle:

(a) bearta a ghlacadh atá ceaptha chun comhar idir na Ballstáit a chothú trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh eolas a fheabhsú, malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, cur chuige nuálaíoch a chur ar aghaidh agus an taithí a mheas, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát;

(b) trí bhíthin treoracha, ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de réir a chéile a ghlacadh sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 1, ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna treoracha sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide.

Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.

Sna réimsí dá dtagraítear i mír 1(c), (d), (f) agus (g), gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis na Coistí thuasluaite.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, a chinneadh an gnáthnós imeachta reachtach a dhéanamh infheidhme maidir le pointí (d), (f) agus (g) de mhír 1.

3. Féadfaidh Ballstát cur chun feidhme na dtreoracha arna nglacadh de bhun mhír 2 a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, arna iarraidh sin go comhpháirteach dóibh nó, más iomchuí, cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 155 a chur chun feidhme.

Sa chás sin, áiritheoidh sé go bhfuil, ar dháta nach déanaí ná an dáta nach mór treoir nó cinneadh a thrasuí nó a chur chun feidhme, na bearta is gá tugtha isteach trí chomhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta, agus an Ballstát i dtrácht faoi cheangal gach beart is gá a ghlacadh chun a chumasú dó tráth ar bith a bheith in inmhe na torthaí arna bhforchur leis an treoir sin nó leis an gcinneadh sin a áirithiú.

4. Forálacha arna nglacadh de bhun an Airteagail seo:

- ní dhéanfaidh siad difear do cheart na mBallstát prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta a shainiú agus caithfidh siad gan mórdhifear a dhéanamh do chothromaíocht airgeadais na gcóras sin;

- ní choiscfidh siad ar Bhallstát bearta cosanta níos déine atá ag luí leis na Conarthaí a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach.

5. Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le pá, leis an gceart comhlachais, leis an gceart dul ar stailc ná leis an gceart frithdhúnadh a fhorchur.

Airteagal 154

(sean-Airteagal 138 CCE)

1. Beidh sé de chúram ar an gCoimisiún comhairliúchán idir na comhpháirtithe sóisialta a chur ar aghaidh ar leibhéal an Aontais agus glacfaidh sé aon bheart ábhartha chun an t-agallamh eatarthu a éascú trína áirithiú go dtugtar tacaíocht chothromúil do na páirtithe.

2. Chuige sin, sula dtíolacfaidh sé tograí i réimse an bheartais shóisialta, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar threo ionchasach gníomhaíochta Aontais.

3. Má mheasann an Coimisiún, tar éis an chomhairliúcháin sin, go bhfuil gníomhaíocht Aontais inmhianaithe, rachaidh sé i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar inneachar an togra arna bheartú. Díreoidh na comhpháirtithe sóisialta tuairim, nó moladh más iomchuí, chuig an gCoimisiún.

4. Tráth na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh na comhpháirtithe sóisialta a chur i bhfios don Choimisiún gur mian leo an próiseas dá bhforáiltear in Airteagal 155 a thionscnamh. Ní mhairfidh ré an phróisis sin níos mó ná naoi mí mura gcinnfidh na comhpháirtithe sóisialta i dtrácht agus an Coimisiún i gcomhpháirt í a fhadú.

Airteagal 155

(sean-Airteagal 139 CCE)

1. Más é sin is toil leis na comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh caidreamh conarthach, lena n-áirítear comhaontuithe, a bheith mar thoradh ar an agallamh eatarthu ar leibhéal an Aontais.

2. Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na cleachtais is cuí do na comhpháirtithe sóisialta agus do na Ballstáit nó, in ábhair a thig faoi Airteagal 153, trí chinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún, arna iarraidh sin i gcomhpháirt do na páirtithe sínitheacha, a chuirfear chun feidhme na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair atá foráil amháin nó níos mó sa chomhaontú i dtrácht a bhaineann le ceann de na réimsí inar gá aontoilíocht de bhun Airteagal 153(2).

Airteagal 156

(sean-Airteagal 140 CCE)

Chun cuspóirí Airteagal 151 a ghnóthú agus gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, cothóidh an Coimisiún comhar idir na Ballstáit agus déanfaidh sé comhordú a ngníomhaíochta a éascú i réimsí uile an bheartais shóisialta faoin gcaibidil seo, go háirithe i gcúrsaí a bhaineann leis na nithe seo:

- fostaíocht;

- dlí an tsaothair agus dálaí oibre;

- gairmoiliúint bhunchéime agus ardchéime;

- slándáil shóisialta;

- tionóiscí agus galair cheirde a chosc;

- sláinteachas ceirde;

- an ceart chun dul i gcomhlachas, agus cómhargáil idir fostóirí agus oibrithe.

Chun na críche sin, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit trí staidéir a dhéanamh, tuairimí a thabhairt agus comhairliúcháin a shocrú i dtaobh fadhbanna a thagann chun cinn ar leibhéal náisiúnta agus fadhbanna is ábhar cúraim d'eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

Sula dtabharfaidh an Coimisiún na tuairimí dá bhforáiltear san Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal 157

(sean-Airteagal 141 CCE)

1. Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna.

2. Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn "pá" an gnáthphá nó an gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon chomaoin eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann an t-oibrí, go díreach nó go hindíreach, óna fhostóir as ucht a fhostaíochta.

Ciallaíonn "pá comhionann gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas":

(a) go ndéantar an pá as an obair chéanna ar thascrátaí a ríomh ar bhonn an aonaid tomhais chéanna;

(b) i gcás obair de réir amrátaí gurb é an pá céanna a íoctar as an jab céanna.

3. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, bearta a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach.

4. D'fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, ní chuirfidh prionsabal na córa comhionainne cosc ar aon Bhallstát bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh.

Airteagal 158

(sean-Airteagal 142 CCE)

Féachfaidh na Ballstáit leis an gcoibhéis atá ann idir scéimeanna saoire le pá a choimeád mar atá.

Airteagal 159

(sean-Airteagal 143 CCE)

Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil gach bliain ar an dul chun cinn atá déanta i ngnóthú chuspóirí Airteagal 151, lena n-áirítear staid dhéimeagrafach an Aontais. Díreoidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal 160

(sean-Airteagal 144 CCE)

Bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, Coiste um Chosaint Shóisialta le stádas comhairleach chun comhordú idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún maidir le cosaint shóisialta a chur ar aghaidh. Is iad cúraimí an Choiste:

- faireachán a dhéanamh ar an staid shóisialta agus ar fhorbairt beartas cosanta sóisialta sna Ballstáit agus san Aontas;

- malairtí faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a chur ar aghaidh idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún;

- gan dochar d'Airteagal 240, tuarascálacha a ullmhú nó tuairimí a fhoirmiú nó gníomhaíochtaí eile a dhéanamh laistigh de réimsí a inniúlachta, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin.

Agus a shainordú á chomhall aige, bunóidh an Coiste tadhaill iomchuí leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.

Airteagal 161

(sean-Airteagal 145 CCE)

Cuirfidh an Coimisiún isteach ina thuarascáil bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa caibidil ar leith ar fhorbairtí sóisialta san Aontas.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha a tharraingt suas i dtaobh aon fhadhbanna áirithe a bhaineann le dálaí sóisialta.

TEIDEAL XI

CISTE SÓISIALTA NA hEORPA

Airteagal 162

(sean-Airteagal 146 CCE)

Chun go bhfeabhsófar na deiseanna ar fhostaíocht d'oibrithe sa mhargadh inmheánach agus chun go rannchuideofar amhlaidh leis an gcaighdeán maireachtála a ardú, cuirtear Ciste Sóisialta na hEorpa ar bun i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach thíos, arb é is aidhm dó fostú d'oibrithe a éascú agus méadú a thabhairt ar a soghluaisteacht gheografach agus ghairmiúil laistigh den Aontas agus oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha agus d'athruithe sna córais táirgeachta a éascú go háirithe trí bhíthin na gairmoiliúna agus na hathghairmoiliúna.

Airteagal 163

(sean-Airteagal 147 CCE)

Is é an Coimisiún a riarfaidh an Ciste.

Sa chúram sin gheobhaidh an Coimisiún cuidiú ó Choiste a mbeidh comhalta den Choimisiún i gceannas air agus arb iad a bheidh air ionadaithe ó rialtais agus ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí fostóirí.

Airteagal 164

(sean-Airteagal 148 CCE)

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, na rialacháin chur chun feidhme a bhaineann le Ciste Sóisialta na hEorpa a ghlacadh.

TEIDEAL XII

OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT, AN ÓIGE AGUS AN SPÓRT

Airteagal 165

(sean-Airteagal 149 CCE)

1. Rannchuideoidh an tAontas le hoideachas de chaighdeán a fhorbairt tríd an gcomhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrúchán an chórais oideachais agus a n-éagsúlacht chultúrtha agus teanga á hurramú aige.

Rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus d'fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt.

2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais:

- éirim Eorpach an oideachais a fhorbairt go háirithe trí theangacha na mBallstát a theagasc agus a leathadh;

- taobhú le soghluaisteacht mhac léinn agus múinteoirí, lena n-áirítear aitheantas acadúil dioplómaí agus tréimhsí staidéir;

- comhar a chur ar aghaidh idir bunaíochtaí oideachais;

- malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oideachais na mBallstát;

- taobhú le forbairt comhaiseag idir daoine óga agus idir teagascóirí sochoideachasúla, agus rannpháirtíocht na ndaoine óga i saol daonlathach na hEorpa a chothú;

- forbairt an chianoideachais a chothú;

- an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt agus comhar idir chomhlachtaí atá freagrach as an spórt a chur chun cinn agus trí iomláine choirp agus mhorálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe is óige ina measc, a chosaint.

3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil maidir le hoideachas agus leis an spórt, agus go háirithe le Comhairle na hEorpa.

4. Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo:

- glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, gníomhaíochtaí dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialúcháin na mBallstát;

- glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 166

(sean-Airteagal 150 CCE)

1. Cuirfidh an tAontas beartas gairmoiliúna chun feidhme a thacóidh le gníomhaíochtaí na mBallstát agus a fhorlíonfaidh iad, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar agus eagrúchán na gairmoiliúna á hurramú aige.

2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais:

- oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha a éascú, go háirithe trí bhíthin na hoiliúna agus na hathghairmoiliúna;

- an ghairmoiliúint tosaigh agus leanúnach a fheabhsú chun an t-imeascadh agus an t-athimeascadh gairmiúil ar mhargadh an tsaothair a éascú;

- rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus taobhú le soghluaisteacht oidí agus daoine faoi oiliúint, go háirithe daoine óga;

- comhar i réimse na hoiliúna a spreagadh idir bunaíochtaí oideachais agus oiliúna agus gnóthais;

- malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oiliúna na mBallstát.

3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil maidir le gairmoiliúint.

4. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, bearta a ghlacadh chun rannchuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát, agus glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún.

TEIDEAL XIII

CULTÚR

Airteagal 167

(sean-Airteagal 151 CCE)

1. Rannchuideoidh an tAontas le borradh chultúir na mBallstát, ag urramú a n-éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach agus ag tabhairt na comhoidhreachta cultúrtha chun suntais dó.

2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais comhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, tacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh sna réimsí seo a leanas:

- feabhsú ar eolas agus ar leathadh chultúr agus stair na bpobal Eorpach;

- caomhnú agus coimirciú na hoidhreachta cultúrtha de thábhacht Eorpach;

- comhaisig neamhthráchtála i réimse an chultúir;

- cruthú ealaíonta agus liteartha, go fiú in earnáil an chlosamhairc.

3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstát leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil i réimse an chultúir agus go háirithe le Comhairle na hEorpa.

4. Tabharfaidh an tAontas aird ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht faoi fhorálacha eile na gConarthaí, go háirithe d'fhonn éagsúlacht a chuid cultúr a urramú agus a chur ar aghaidh.

5. Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo:

- glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, gníomhaíochtaí dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialúcháin na mBallstát;

- glacfaidh an Chomhairle moltaí ar thogra ó gCoimisiún.

TEIDEAL XIV

SLÁINTE PHOIBLÍ

Airteagal 168

(sean-Airteagal 152 CCE)

1. Déanfar ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.

Bainfidh gníomhaíocht an Aontais, a chomhlánóidh beartais náisiúnta, leis an tsláinte phoiblí a fheabhsú, le tinnis agus galair an duine a chosc agus le foinsí contúirte do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach a sheachaint. Folóidh gníomhaíocht den saghas sin an comhrac in aghaidh na móraicídí trí thaighde a chur ar aghaidh ar na cúiseanna atá leo agus ar mhodhanna a seolta agus a gcoiscthe, maille le faisnéis agus oideachas sláinte, agus faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte, rabhadh a thabhairt go luath faoi bhagairtí den sórt sin, agus iad a chomhrac.

Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát chun damáiste don tsláinte a thig ó dhrugaí a laghdú, lena n-áirítear faisnéis agus cosc.

2. Cothóidh an tAontas comhar idir na Ballstáit sna réimsí dá dtagraítear san Airteagal seo agus, más gá, tacóidh sé lena ngníomhaíocht. Cothóidh sé go háirithe comhar idir na Ballstáit chun comhlántacht a gcuid seirbhísí sláinte sna réigiúin trasteorann a fheabhsú.

Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar a mbeartais agus ar a gcláir sna réimsí dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit, aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú d'fhaireachán tréimhsiúil agus do mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí.

4. De mhaolú ar Airteagal 2(5), agus ar Airteagal 6(a), agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(k), rannchuideoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo, trí na bearta seo a leanas a ghlacadh, chun déileáil le gnáthcheisteanna sábháilteachta:

(a) bearta ag leagan síos ardchaighdeán cáilíochta agus sábháilteachta d'orgáin agus substaintí de bhunús daonna, d'fhuil agus do dhíorthaigh fola; ní chuirfidh na bearta sin cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach;

(b) bearta i réimsí na tréidliachta agus na fíteasláintíochta a bhfuil sé mar chuspóir díreach acu an tsláinte phoiblí a chosaint;

(c) bearta ag leagan síos ardchaighdeán cáilíochta agus sábháilteachta do tháirgí sláinte agus d'fheistí míochaine.

5. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, bearta dreasachta a bhunú freisin a bheidh ceaptha chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú agus go háirithe na móraicídí trasteorann a chomhrac, mar aon le bearta arb é is cuspóir díreach dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint i dtaca le tobac agus le mí-úsáid alcóil, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

6. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh freisin chun na gcríoch atá leagtha amach san Airteagal seo.

7. Déanfaidh gníomhaíocht an Aontais urraim a thabhairt do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar. Áirítear ar fhreagrachtaí na mBallstát seirbhísí sláinte agus cúram liachta a bhainistiú, agus na hacmhainní a shanntar dóibh a chionroinnt orthu. Ní dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 4(a) difear d'fhorálacha náisiúnta maidir le deonú nó úsáid mhíochaine orgán agus fola.

TEIDEAL XV

COSAINT AN TOMHALTÓRA

Airteagal 169

(sean-Airteagal 153 CCE)

1. Chun leasanna na dtomhaltóirí a chur ar aghaidh agus chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, rannchuideoidh an tAontas le sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chosaint, maille lena gceart a chur ar aghaidh chun faisnéise agus oideachais agus chun iad féin a eagrú ar mhaithe lena leasanna a choimirciú.

2. Rannchuideoidh an tAontas leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú:

(a) trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 faoi chuimsiú chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh;

(b) trí bhearta a thacaíonn leis an mbeartas arna shaothrú ag na Ballstáit, a fhorlíonann é agus a dhéanann faireachán air.

3. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a ghlacadh.

4. Ní chuirfidh bearta arna nglacadh de bhun mhír 3 cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór do bhearta den sórt sin a bheith ag luí leis na Conarthaí. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

TEIDEAL XVI

GRÉASÁIN THRASEORPACHA

Airteagal 170

(sean-Airteagal 154 CCE)

1. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 26 agus 174 agus d'fhonn cumasú do shaoránaigh an Aontais, d'oibreoirí eacnamaíocha agus do phobail réigiúnacha agus áitiúla tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a chinfidh ó limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chur ar bun, rannchuideoidh an tAontas le gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

2. Faoi chuimsiú córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais taobhú le hidirnascadh agus le hidirinoibritheacht na ngréasán náisiúnta agus le rochtain ar na gréasáin sin. Tabharfaidh sí aird go háirithe ar a riachtanaí atá sé na réigiúin oileánacha, talamhiata agus forimeallacha a cheangal le réigiúin láir an Aontais.

Airteagal 171

(sean-Airteagal 155 CCE)

1. D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 170 a ghnóthú:

- bunóidh an tAontas sraith treoirlínte a fholaíonn cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán traseorpach; sonróidh na treoirlínte sin tionscadail leasa choitinn;

- cuirfidh an tAontas chun feidhme gach gníomhaíocht a mheastar is gá chun idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú, go háirithe i réimse chomhchuibhiú na gcaighdeán teicniúil;

- féadfaidh an tAontas tacú le tionscadail chomhleasa lena dtacaíonn na Ballstáit agus a shonraítear faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhleasc, go háirithe trí bhíthin staidéar indéantachta, ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontas úis; féadfaidh an tAontas rannchuidiú freisin tríd an gCiste Comhtháthaithe arna chur ar bun de bhun fhorálacha Airteagal 177 le maoiniú tionscadal sonrach i mBallstáit i réimse bonneagar iompair.

Tabharfaidh gníomhaíocht an Aontais aird ar inmharthanacht eacnamaíoch acmhainneach na dtionscadal.

2. Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar bheartais a shaothrófar ar leibhéal náisiúnta a bhféadfaidh éifeacht shonraíoch a bheith acu ar ghnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 170. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomharaíocht leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh.

3. Féadfaidh an tAontas a chinneadh comhoibriú le tríú tíortha chun tionscadail leasa choitinn a chur ar aghaidh agus idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú.

Airteagal 172

(sean-Airteagal 156 CCE)

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, na treoirlínte agus na bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 171(1).

Is gá ceadú an Bhallstáit i dtrácht do threoirlínte agus tionscadail leasa choitinn a bhaineann le críoch an Bhallstáit sin.

TEIDEAL XVII

TIONSCAL

Airteagal 173

(sean-Airteagal 157 CCE)

1. Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige go mbeidh na dálaí ann is gá chun cumas iomaíochta thionscal an Aontais a áirithiú.

Chun na críche sin, i gcomhréir le córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, is é is aidhm dá ngníomhaíocht:

- oiriúnú an tionscail d'athruithe struchtúracha a bhrostú;

- timpeallacht a chothú atá fabhrach don tionscnamh agus d'fhorbairt ghnóthas ar fud an Aontais, go háirithe gnóthais bheaga agus meánmhéide;

- timpeallacht a chothú atá fabhrach do chomhar idir gnóthais;

- taobhú le hacmhainneacht thionsclaíoch beartas nuála, taighde agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos fearr.

2. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile i gcuibhreann leis an gCoimisiún agus, más gá, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú. Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

3. Rannchuideoidh an tAontas le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí a shaothraíonn sé faoi fhorálacha eile de na Conarthaí. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, bearta sonracha a chinneadh chun tacú le gníomhaíochtaí de chuid na mBallstát d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

Ní féidir leis an Aontas leas a bhaint as an Teideal seo chun aon bheart a thabhairt isteach ar dóigh dó an iomaíocht a shaobhadh nó ina bhfuil forálacha cánachais nó forálacha a bhaineann le cearta agus leasanna daoine fostaithe.

TEIDEAL XVIII

COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH

Airteagal 174

(sean-Airteagal 158 CCE)

D'fhonn a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur ar aghaidh, déanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú.

Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú.

As na réigiúin lena mbaineann, tabharfar aird faoi leith ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.

Airteagal 175

(sean-Airteagal 159 CCE)

Déanfaidh na Ballstáit a mbeartas eacnamaíoch a sheoladh agus a chomhordú d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 174 a bhaint amach freisin. Saineofar agus cuirfear beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais chun feidhme agus cuirfear an margadh inmheánach chun feidhme le haird ar na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 174 agus rannpháirteoidh siad i ngnóthú na gcuspóirí sin. Tacóidh an tAontas leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí bhíthin na gcistí struchtúracha (Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, Ciste Sóisialta na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa), tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus do Choiste na Réigiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a ghnóthú agus ar an tslí inar rannchuidigh na meáin éagsúla dá bhforáiltear san Airteagal seo leis. Beidh tograí iomchuí in éineacht leis an tuarascáil más gá.

Más léir gur gá gníomhaíochtaí sonracha lasmuigh de na cistí agus gan dochar do na bearta arna gcinneadh faoi chuimsiú bheartais eile an Aontais, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.

Airteagal 176

(sean-Airteagal 160 CCE)

Tá ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú, trí rannpháirtiú i bhforbairt agus i gcoigeartú struchtúrach na réigiún a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl agus in athrúchán na réigiún tionsclaíoch atá ag meath.

Airteagal 177

(sean-Airteagal 161 CCE)

Gan dochar d'Airteagal 178, saineoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gcistí struchtúracha a fhéadfaidh grúpáil na gcistí a chuimsiú. Saineofar tríd an nós imeachta céanna na rialacha ginearálta is infheidhme ar na cistí maille leis na forálacha is gá chun éifeachtúlacht na gcistí agus an comhordú eatarthu agus leis na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana a áirithiú.

Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán traseorpach i gcúrsaí bonneagair iompair.

Airteagal 178

(sean-Airteagal 162 CCE)

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, na rialacháin cur chun feidhme a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

Leanfaidh Airteagail 43 agus 164 faoi seach de bheith infheidhme maidir le Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta agus le Ciste Sóisialta na hEorpa.

TEIDEAL XIX

TAIGHDE AGUS FORBAIRT THEICNEOLAÍOCH AGUS AN SPÁS

Airteagal 179

(sean-Airteagal 163 CCE)

1. Beidh sé de chuspóir ag an Aontas a chuid fothaí eolaíocha agus teicneolaíocha a neartú trí limistéar Eorpach taighde a ghnóthú ina mbeidh taighdeoirí, fios eolaíoch agus teicneolaíocht ag gluaiseacht faoi shaoirse, agus trí bhreis iomaíochais a spreagadh ann, lena n-áirítear an t-iomaíochas i gcúrsaí tionsclaíochta, agus gach gníomhaíocht taighde a chur chun chinn a mheasfar is gá de bhua Chaibidlí eile na gConarthaí.

2. Chuige sin, cothóidh an tAontas gnóthais ar fud an Aontais, lena n-áirítear gnóthais bheaga agus meánmhéide, lárionaid taighde agus ollscoileanna ina n-iarrachtaí maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch d'ardchaighdeán; tacóidh sé lena n-iarrachtaí comhair, go háirithe d'fhonn a chumasú do lucht taighde comhoibriú faoi shaoirse trasna teorainneacha agus do ghnóthais leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh go háirithe trí bhíthin conarthaí náisiúnta poiblí a oscailt, comhchaighdeáin a shainiú agus constaicí dlíthiúla agus fioscacha ar chomhar den sórt sin a dhíchur.

3. Déanfar gach gníomhaíocht Aontais de bhun na gConarthaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taisealbhaidh, i réimse an taighde agus na forbartha teicneolaíche, a chinneadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le forálacha an Teidil seo.

Airteagal 180

(sean-Airteagal 164 CCE)

Agus na cuspóirí sin á saothrú aige, déanfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích chun na gníomhaíochtaí atá ar siúl sna Ballstáit a fhorlíonadh:

(a) cláir a chur chun feidhme maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh trí chomhar le gnóthais, lárionaid taighde agus ollscoileanna agus eatarthu a chur ar aghaidh;

(b) comhar maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Aontais a chur ar aghaidh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c) torthaí gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Aontais a leathadh agus leas iomlán a bhaint astu;

(d) oiliúint agus soghluaisteacht lucht taighde san Aontas a spreagadh.

Airteagal 181

(sean-Airteagal 165 CCE)

1. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a ngníomhaíocht a chomhordú maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch chun a áirithiú go mbeidh comhchuibheas frithpháirteach idir na beartais náisiúnta agus an beartas Aontais.

2. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomharaíocht leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

Airteagal 182

(sean-Airteagal 166 CCE)

1. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, clár réime ilbhliantúil ina leagfar amach gníomhaíochtaí uile an Aontais.

Déanfaidh an clár réime:

- na cuspóirí eolaíocha agus teicneolaíocha atá le gnóthú sna gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 180 agus na tosaíochtaí a bheidh ag gabháil leo a shocrú;

- imlínte do na gníomhaíochtaí sin a chur i bhfios;

- an t-uasmhéid foriomlán agus na rialacha mionsonraithe a shocrú do rannpháirtíocht airgeadais an Aontais sa chlár réime maille leis an gcion faoi seach i ngach gníomhaíocht arna beartú.

2. Déanfar an clár réime a oiriúnú nó a fhorlíonadh de réir mar a thagann cor nua sa scéal.

3. Cuirfear an clár réime chun feidhme trí bhíthin clár sonrach a dhéanfar a fhorbairt laistigh de gach gníomhaíocht. Déanfaidh gach clár sonrach rialacha mionsonraithe a chur chun feidhme a shonrú, a ré a shocrú agus an maoiniú a mheastar is gá a fhoráil. Ní fhéadfaidh suim na méideanna a mheastar is gá arna socrú sna cláir shonracha a bheith níos mó ná an t-uasmhéid foriomlán arna shocrú don chlár réime agus do gach gníomhaíocht.

4. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na cláir shonracha a ghlacadh.

5. Mar chomhlánú ar na gníomhaíochtaí a bheartófar leis an gclár réime ilbhliantúil, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta is gá chun an limistéar Eorpach taighde a chur chun feidhme.

Airteagal 183

(sean-Airteagal 167 CCE)

Ar mhaithe le cur chun feidhme an chláir réime ilbhliantúil, socróidh an tAontas:

- na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht ghnóthas, lárionaid taighde agus ollscoileanna;

- na rialacha is infheidhme maidir le torthaí an taighde a leathadh.

Airteagal 184

(sean-Airteagal 168 CCE)

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme, féadfar cinneadh ar chláir fhorlíontacha nach mbeidh rannpháirteach iontu ach Ballstáit áirithe a dhéanfaidh iad a mhaoiniú faoi réir rannpháirtíocht ionchasach an Aontais.

Glacfaidh an tAontas na rialacha is infheidhme maidir leis na cláir fhorlíontacha, go háirithe maidir le leathadh eolais agus rochtain ag Ballstáit eile.

Airteagal 185

(sean-Airteagal 169 CCE)

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme aige, féadfaidh an tAontas, le comhaontú na mBallstát i dtrácht, foráil do rannpháirtíocht i gcláir thaighde agus forbartha a bheidh gafa ar láimh ag Ballstáit éagsúla, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna struchtúir arna gcur ar bun chun na cláir sin a chur i gcrích.

Airteagal 186

(sean-Airteagal 170 CCE)

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme aige, féadfaidh an tAontas foráil do chomhar maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Aontais le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Féadfaidh rialacha mionsonraithe an chomhair sin a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.

Airteagal 187

(sean-Airteagal 171 CCE)

Féadfaidh an tAontas comhghnóthais nó aon struchtúr eile a chur ar bun is gá do dhea-chur i gcrích cláir Aontais maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh.

Airteagal 188

(sean-Airteagal 172 CCE)

Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 187 a ghlacadh.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 183, 184 agus 185 a ghlacadh. Beidh gá le comhaontú na mBallstát i dtrácht chun na cláir fhorlíontacha a ghlacadh.

Airteagal 189

1. Ullmhóidh an tAontas beartas spáis d'fhonn an forás eolaíoch agus teicniúil, an t-iomaíochas tionsclaíoch agus cur chun feidhme a chuid beartas a chur chun cinn. Chuige sin, féadfaidh sé tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun cinn, tacú leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun an spás a thaiscéaladh agus a shaothrú.

2. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá a bhunú, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm cláir Eorpaigh spáis, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

3. Bunóidh an tAontas gach caidreamh is iomchuí leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis.

4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar d'fhorálacha eile an Teidil seo.

Airteagal 190

(sean-Airteagal 173 CCE)

Ag tús gach bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Folóidh an tuarascáil sin go háirithe na gníomhaíochtaí a rinneadh maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus leathadh na dtorthaí i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus an clár oibre don bhliain reatha.

TEIDEAL XX

COMHSHAOL

Airteagal 191

(sean-Airteagal 174 CCE)

1. Rannchuideoidh beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil leis na cuspóirí seo a leanas a shaothrú:

- mianach an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú;

- sláinte an duine a chosaint;

- acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama réasúnach;

- bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil, agus go háirithe an comhrac in aghaidh athrú aeráide.

2. Beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil ardleibhéal cosanta a shroicheadh ag tabhairt aird ar éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais. Fothófar é ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail gur cóir bearta coisctheacha a ghlacadh, go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.

Sa chomhthéacs sin, beidh sna bearta comhchuibhithe a fhreagraíonn do cheanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, i gcásanna iomchuí, clásal cosanta a údaróidh do na Ballstáit bearta sealadacha a bheidh faoi réir nós imeachta rialaithe ag an Aontas a ghlacadh ar fhorais chomhshaoil neamheacnamaíocha.

3. Agus a bheartas i réimse an chomhshaoil á ullmhú aige, cuirfidh an tAontas san áireamh:

- a bhfuil ar fáil de shonraí eolaíocha agus teicniúla;

- dálaí an chomhshaoil i réigiúin éagsúla an Aontais;

- na buntáistí agus na costais a fhéadfaidh a theacht as gníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta;

- forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais ina iomláine agus forbairt chothromúil a chuid réigiún.

4. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh rialacha mionsonraithe chomhar an Aontais a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

Airteagal 192

(sean-Airteagal 175 CCE)

1. Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, an ghníomhaíocht a ghabhfaidh an tAontas ar láimh chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 191 a ghnóthú.

2. De mhaolú ar an nós imeachta cinnteoireachta dá bhforáiltear i mír 1 agus gan dochar d'Airteagal 114, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún:

(a) forálacha atá de chineál fioscach go príomha;

(b) bearta a dhéanann difear:

- do bhearta maidir le pleanáil bhaile agus tuaithe;

- do bhainisteoireacht chainníochtúil ar acmhainní uisce nó a dhéanann difear go díreach nó go hindíreach do na hacmhainní sin a bheith ar fáil;

- d'úsáid talún seachas bainisteoireacht dramhaíola;

(c) bearta a dhéanann difear suntasach do rogha Bhallstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, an gnáthnós imeachta reachtach a dhéanamh infheidhme maidir leis na hábhair dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

3. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, cláir ghníomhaíochta ghinearálta a shocraíonn na cuspóirí tosaíochta a bheidh le gnóthú.

Glacfar na bearta is gá chun na cláir sin a chur chun feidhme, faoi théarmaí mhír 1 nó mhír 2, de réir mar a bheidh.

4. Gan dochar do bhearta áirithe arna nglacadh ag an Aontas, déanfaidh na Ballstáit an beartas comhshaoil a mhaoiniú agus a chur i gcrích.

5. Gan dochar don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, i gcás go mbéarfaidh beart arna bhunú ar fhorálacha mhír 1 costais a mheastar is díréireach d'údaráis phoiblí Ballstáit, forálfar leis an mbeart sin d'fhorálacha iomchuí amhail:

- maoluithe sealadacha agus/nó

- tacaíocht airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe arna chur ar bun de bhun fhorálacha Airteagal 177.

Airteagal 193

(sean-Airteagal 176 CCE)

Ní chuirfidh na bearta cosanta arna nglacadh de bhun Airteagal 192 bac ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór do bhearta den sórt sin a bheith ag luí leis na Conarthaí. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

TEIDEAL XXI

FUINNEAMH

Airteagal 194

1. I gcomhthéacs bhunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus ag féachaint don ghá atá ann an comhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú, beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais maidir le fuinneamh, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit:

(a) oibriú an mhargaidh fuinnimh a áirithiú;

(b) slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú;

(c) an tíosacht agus an bharainn ar an bhfuinneamh a chur chun cinn mar aon le forbairt foirmeacha nua, inathnuaite fuinnimh; agus

(d) idirnascadh na ngréasán fuinnimh a chur chun cinn.

2. Gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha eile na gConarthaí, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú. Glacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.

Ní dhéanfaidh na bearta sin difear don cheart atá ag Ballstát na coinníollacha a chinneadh maidir lena acmhainní fuinnimh a shaothrú, dá rogha idir fhoinsí éagsúla fuinnimh agus do struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, gan dochar d'Airteagal 192(2)(c).

3. De mhaolú ar mhír 2, bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na bearta dá dtagraítear sa mhír sin nuair is bearta de chineál fioscach go príomha iad.

TEIDEAL XXII

TURASÓIREACHT

Airteagal 195

1. Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát in earnáil na turasóireachta, go háirithe trí iomaíochas fhiontair an Aontais inti a chur chun cinn.

Chuige sin, díreofar gníomhaíocht an Aontais ar na nithe seo a leanas:

(a) cruthú timpeallachta a spreagadh a bheidh fabhrach d'fhorbairt na bhfiontar san earnáil seo;

(b) comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe trí mhalartú dea-chleachtais.

2. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta sonracha arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí laistigh de na Ballstáit a chomhlánú chun na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

TEIDEAL XXIII

COSAINT SHIBHIALTA

Airteagal 196

1. Cothóidh an tAontas comhar idir Bhallstáit d'fhonn cur le héifeachtúlacht na gcóras chun tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc agus cosaint ina gcoinne.

Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais:

(a) gníomhaíocht na mBallstát a chothú agus a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil maidir le rioscaí a chosc, maidir lena bhfoirne cosanta sibhialta a ullmhú agus maidir le hidirghabháil i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine laistigh den Aontas;

(b) comhar sciobtha éifeachtúil oibríochtúil a chur chun cinn laistigh den Aontas idir na seirbhísí náisiúnta cosanta sibhialta;

(c) an chomhsheasmhacht a chur chun cinn in obair idirnáisiúnta cosanta sibhialta.

2. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

TEIDEAL XXIV

COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 197

1. Measfar gur ábhar leasa choitinn atá sár-riachtanach do dhea-oibriú an Aontais é na Ballstáit dlí an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach.

2. Féadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas riaracháin a fheabhsú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme. Féadfaidh a bheith san áireamh leis sin malartú faisnéise agus státseirbhíseach a éascú agus tacú le scéimeanna oiliúna. Ní bheidh oibleagáid ar Bhallstát ar bith tarraingt ar an tacaíocht sin. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun na críche sin, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

3. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'oibleagáid na mBallstát dlí an Aontais a chur chun feidhme nó do shainchumais agus do dhualgais an Choimisiúin. Beidh an tAirteagal gan dochar freisin d'fhorálacha eile na gConarthaí lena bhforáiltear do chomhar riaracháin idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an tAontas.

CUID A CEATHAIR

TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR A CHOMHLACHÚ

Airteagal 198

(sean-Airteagal 182 CCE)

Comhaontaíonn na Ballstáit na tíortha agus na críocha neamh-Eorpacha a bhfuil caidreamh speisialta acu leis an Danmhairg, leis an bhFrainc, leis an Ísiltír agus leis an Ríocht Aontaithe a chomhlachú leis an Aontas. Tá na tíortha agus na críocha sin (dá ngairtear "na tíortha agus na críocha" anseo feasta) sa liosta in Iarscríbhinn II.

Is é is cuspóir don chomhlachas forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha agus na gcríoch a chur chun cinn agus dlúthchaidreamh eacnamaíoch a bhunú idir iad agus an tAontas ina iomláine.

De réir na bprionsabal atá leagtha amach sa Bhrollach don Chonradh seo, fónfaidh an comhlachas go príomha chun leasanna agus rathúnas áitritheoirí na dtíortha agus na gcríoch sin a chur ar aghaidh, d'fhonn iad a sheoladh i dtreo na forbraíochta, idir eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha, a bhfuil a ndóchas léi.

Airteagal 199

(sean-Airteagal 183 CCE)

Is iad seo a leanas aidhmeanna an chomhlachais.

1) Cuirfidh na Ballstáit chun feidhme ar a dtrádáil leis na tíortha agus na críocha an chóir chéanna a bhíonn acu dá chéile de bhun na gConarthaí.

2) Cuirfidh gach tír nó críoch chun feidhme ar a trádáil leis na Ballstáit agus leis na tíortha agus na críocha eile an chóir chéanna a bhíonn aici don Stát Eorpach a bhfuil caidreamh speisialta aici leis.

3) Cuideoidh na Ballstáit leis na hinfheistíochtaí is gá chun na tíortha agus na críocha sin a fhorbairt go comhleanúnach.

4) I gcás na n-infheistíochtaí atá maoinithe ag an Aontas, beidh rannpháirtíocht sna tairiscintí agus sna soláthairtí ar oscailt, ar choinníollacha comhionanna, do na daoine go léir, idir nádúrtha agus dlítheanach, is náisiúnaigh de Bhallstát nó de cheann de na tíortha agus na críocha.

5) Sa chaidreamh idir Ballstáit agus na tíortha agus na críocha, déanfar an ceart bunaíochta do náisiúnaigh agus do chuideachtaí nó gnólachtaí a rialú de réir na bhforálacha agus an nós imeachta atá leagtha síos sa Chaibidil a bhaineann leis an gceart bunaíochta agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, faoi réir aon fhorálacha speisialta a leagfar síos de bhun Airteagal 203.

Airteagal 200

(sean-Airteagal 184 CCE)

1. Déanfar dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na dtíortha agus na gcríoch a allmhaireofar isteach sna Ballstáit a thoirmeasc i gcomhréir leis an toirmeasc dleachtanna custaim idir na Ballstáit de réir fhorálacha na gConarthaí.

2. Déanfar dleachtanna custaim ar allmhairí isteach i ngach tír nó críoch ó Bhallstáit nó ó na tíortha nó na críocha eile a thoirmeasc i gcomhréir le forálacha Airteagal 30.

3. Féadfaidh na tíortha agus na críocha, áfach, dleachtanna custaim a thobhach a fhreagraíonn do riachtanais a bhforbraíochta agus a dtionsclaíochta nó a ghnóthaíonn ioncam dá mbuiséid.

Ní fhéadfaidh na dleachtanna dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo dul thar leibhéal na ndleachtanna a fhorchuirtear ar tháirgí a allmhairítear ón mBallstát a bhfuil caidreamh speisialta ag gach tír nó críoch ar leith leis.

4. Ní bhainfidh mír 2 leis na tíortha agus na críocha a dhéanann cheana féin, mar gheall ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta áirithe atá de cheangal orthu, taraif chustaim neamh-idirdhealaitheach a chur chun feidhme.

5. Má thugtar isteach nó má athraítear ar dhóigh ar bith dleachtanna custaim ar earraí a allmhairítear isteach sna tíortha agus sna críocha, ní bheidh sin ina chúis, ó dhlí ná ó ghníomh, le haon idirdhealú, díreach ná indíreach, a dhéanamh idir allmhairí ó na Ballstáit éagsúla.

Airteagal 201

(sean-Airteagal 185 CCE)

I gcás na dleachtanna is inchurtha ar earraí ó thríú tír, ar a dteacht isteach i dtír nó i gcríoch, a bheith ar leibhéal ar cosúil dó, nuair a chuirtear forálacha Airteagal 200(1) chun feidhme, trádáil a shraonadh chun dochair d'aon Bhallstát, féadfaidh an Stát sin a iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá mar leigheas ar an gcor sin a mholadh do na Ballstáit eile.

Airteagal 202

(sean-Airteagal 186 CCE)

Faoi réir na bhforálacha a bhaineann le sláinte phoiblí, slándáil phoiblí nó beartas poiblí, déanfar an tsaoirse ghluaiseachta laistigh de Bhallstáit le haghaidh oibrithe ó na tíortha agus na críocha, agus laistigh de na tíortha agus na críocha le haghaidh oibrithe ó na Ballstáit, a rialú le gníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 203.

Airteagal 203

(sean-Airteagal 187 CCE)

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, ar bhonn na taithí atá faighte faoi chuimsiú chomhlachú na dtíortha agus na gcríoch leis an Aontas agus ar bhonn na bprionsabal atá leagtha amach sna Conarthaí, forálacha a leagan síos maidir leis na rialacha mionsonraithe agus an nós imeachta chun na tíortha agus na críocha a chomhlachú leis an Aontas. Nuair a ghlacfaidh an Chomhairle na forálacha atá i gceist i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, gníomhóidh sí d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 204

(sean-Airteagal 188 CCE)

Beidh feidhm ag Airteagail 198 go 203 i leith na Graonlainne, faoi réir na bhforálacha sonracha don Ghraonlainn arna leagan amach sa Phrótacal ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn atá i gceangal leis na Conarthaí.

CUID A CÚIG

GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS

Airteagal 205

Beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta, de bhun na coda seo, á stiúradh ag na prionsabail, saothróidh sí na cuspóirí agus seolfar í i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos i gCaibidil 1 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

TEIDEAL II

COMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA

Airteagal 206

(sean-Airteagal 131 CCE)

Trí aontas custaim a bhunú i gcomhréir le hAirteagail 28 go 32, rannchuideoidh an tAontas, ar mhaithe leis an leas coiteann, le forbairt chomhchuí na trádála domhanda, le díothú comhleanúnach srianta ar thrádáil idirnáisiúnta agus ar infheistíocht dhíreach choigríche, agus le hísliú bacainní custaim agus bacainní eile.

Airteagal 207

(sean-Airteagal 133 CCE)

1. Fothófar an comhbheartas tráchtála ar phrionsabail chomhionanna, go háirithe maidir le hathruithe ar rátaí taraife, le comhaontuithe taraife agus trádála a bhaineann le trádáil in earraí agus i seirbhísí a thabhairt i gcrích, agus gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, le hinfheistíocht dhíreach choigríche, le comhionannas a ghnóthú i mbearta léirscaoilte, le beartas onnmhairiúcháin agus le bearta chun trádáil a chosaint amhail bearta a ghlacfar i gcás dumpála nó fóirdheontas. Seolfar an comhbheartas tráchtála faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

2. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta ina saineofar an creat chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme.

3. Nuair is gá comhaontuithe le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, beidh feidhm ag Airteagal 218, faoi réir fhorálacha speisialta an Airteagail seo.

Cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle agus údaróidh an Chomhairle dó tús a chur leis an gcaibidlíocht is gá. Beidh an Chomhairle agus an Coimisiún freagrach as a áirithiú go bhfuil na comhaontuithe arna gcaibidil ag luí le beartais agus le rialacha inmheánacha an Aontais.

Is é an Coimisiún a sheolfaidh an chaibidlíocht sin, i gcomhairle le coiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle chun bheith de chúnamh ag an gCoimisiún sa chúram sin, agus faoi chuimsiú na dtreoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú chuige. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil go tráthrialta don choiste speisialta agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le dul chun cinn na caibidlíochta.

4. D'fhonn na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

D'fhonn comhaontuithe a bhaineann le réimse na trádála i seirbhísí agus i réimse ghnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, mar aon le hinfheistíocht dhíreach choigríche, a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an Chomhairle d'aontoil nuair atá forálacha sna comhaontuithe sin ar gá aontoilíocht a bheith leo chun rialacha inmheánacha a ghlacadh.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aontoil freisin maidir le comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích:

(a) i réimse na trádála i seirbhísí cultúrtha agus closamhairc nuair is dóigh do na comhaontuithe sin dochar a dhéanamh d'éagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais;

(b) i réimse na trádála i seirbhísí sóisialta, oideachais agus sláinte, nuair is dóigh dóibh eagrúchán náisiúnta na seirbhísí sin a shuaitheadh go tromchúiseach ar leibhéal náisiúnta agus dochar a dhéanamh do fhreagracht na mBallstát na seirbhísí sin a sholáthar.

5. Beidh caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an iompair faoi réir Theideal VI de Chuid a Trí agus Airteagal 218.

6. Ní dhéanfaidh feidhmiú na n-inniúlachtaí arna dtabhairt san Airteagal seo i réimse an chomhbheartais tráchtála difear do theorannú na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit ná ní bheidh comhchuibhiú ar fhorálacha reachtacha ná rialúcháin na mBallstát mar thoradh air a mhéid a eisiann na Conarthaí comhchuibhiú den sórt sin.

TEIDEAL III

COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL

CAIBIDIL 1

COMHAR UM FHORBAIRT

Airteagal 208

(sean-Airteagal 177 CCE)

1. Seolfar beartas an Aontais i réimse an chomhair um fhorbairt faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Déanfaidh beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

Is é is cuspóir príomhúil do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad. Tabharfaidh an tAontas aird ar chuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuirfidh sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha atá i mbéal forbartha.

2. Urramóidh an tAontas agus na Ballstáit na gealltanais agus tabharfaidh siad aird ar na cuspóirí a bheidh formheasta acu faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla eile.

Airteagal 209

(sean-Airteagal 179 CCE)

1. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun beartas comhair um fhorbairt a chur chun feidhme, bearta a fhéadfaidh a bheith bainteach le cláir ilbhliantúla comhair le tíortha i mbéal forbartha nó le cláir a bhfuil cur chuige téamúil acu.

2. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 208 den Chonradh seo a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

3. Rannchuideoidh an Banc Eorpach Infheistíochta, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear ina Reacht, le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 210

(sean-Airteagal 180 CCE)

1. D'fhonn comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta a chur chun cinn, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú ar a mbeartais maidir le comhar um fhorbairt agus comhbheartóidh siad le chéile a gcláir chabhrach, go fiú in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Féadfaidh siad gníomhaíochtaí comhpháirteacha a ghabháil ar láimh. Rannchuideoidh na Ballstáit, más gá, le cur chun feidhme chláir chabhrach an Aontais.

2. Féadfaidh an Coimisiún aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh.

Airteagal 211

(sean-Airteagal 181 CCE)

Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

CAIBIDIL 2

COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 212

(sean-Airteagal 181a CCE)

1. Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, agus go háirithe d'Airteagail 208 go 211, cuirfidh an tAontas i gcrích bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil, lena n-áirítear cúnamh, agus cúnamh airgeadais go háirithe, le tríú tíortha seachas na tíortha i mbéal forbartha. Beidh na gníomhaíochtaí sin comhchuí le beartas forbartha an Aontais agus cuirfear i gcrích iad faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a bheartais eachtraigh. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

2. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun mír 1 a chur chun feidhme.

3. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh na rialacha mionsonraithe um chomhar Aontais a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

Airteagal 213

Nuair a éilíonn an staid i dtríú tír cúnamh airgeadais práinneach ón Aontas, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na cinntí is gá.

CAIBIDIL 3

CABHAIR DHAONNÚIL

Airteagal 214

1. Seolfar oibríochtaí an Aontais i réimse na cabhrach daonnúla faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Beidh na hoibríochtaí sin ceaptha chun cúnamh ad hoc, faoiseamh agus cosaint a sholáthar do dhaoine i dtríú tíortha is íospartaigh i dtubaistí nádúrtha nó i dtubaistí de dhéantús an duine d'fhonn freastal ar na riachtanais dhaonnúla a leanann ó na staideanna éagsúla sin. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

2. Seolfar oibríochtaí cabhrach daonnúla i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamh-idirdhealaithe.

3. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú ina saineofar an creat ina ndéanfar oibríochtaí cabhrach daonnúla an Aontais a chur chun feidhme.

4. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

5. D'fhonn creat a bhunú chun go bhféadfaidh Eorpaigh óga rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí cabhrach daonnúla an Aontais, cuirfear ar bun Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil. Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na nósanna imeachta d'oibriú an Chóir.

6. Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú idir gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát a chur chun cinn d'fhonn éifeachtúlacht agus comhlántacht bhearta cabhrach daonnúla an Aontais agus beart cabhrach daonnúla náisiúnta a fheabhsú.

7. Áiritheoidh an tAontas go mbeidh a oibríochtaí cabhrach daonnúla comhordaithe agus comhchuí le hoibríochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe leo sin atá ina gcuid de chóras na Náisiún Aontaithe.

TEIDEAL IV

BEARTA SRIANTACHA

Airteagal 215

(sean-Airteagal 301 CCE)

1. Nuair a fhorálfar le cinneadh, arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ndéanfar an caidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach, glacfaidh an Chomhairle na bearta is gá, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

2. Nuair a fhorálfar amhlaidh le cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féadfaidh an Chomhairle bearta sriantacha a ghlacadh faoin nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, in aghaidh grúpaí nó in aghaidh eintiteas neamhstáit.

3. Beidh sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal seo na forálacha is gá i dtaca le coimircí dlíthiúla.

TEIDEAL V

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 216

1. Féadfaidh an tAontas comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó má fhoráiltear amhlaidh sna Conarthaí nó nuair is gá comhaontú a thabhairt i gcrích d'fhonn ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a ghnóthú faoi chuimsiú bheartais an Aontais, nó má fhoráiltear do chomhaontú a thabhairt i gcrích i ngníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí nó más dóigh do chomhaontú a thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú.

2. Beidh na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar a Bhallstáit.

Airteagal 217

(sean-Airteagal 310 CCE)

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, ag bunú comhlachais lena ngabhfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta.

Airteagal 218

(sean-Airteagal 300 CCE)

1. Gan dochar do na forálacha sonracha atá leagtha síos in Airteagal 207, déanfar comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an nós imeachta anseo thíos.

2. Údaróidh an Chomhairle an chaibidlíocht a thosú, glacfaidh sí na treoracha caibidlíochta, údaróidh sí síniú comhaontuithe agus tabharfaidh sí na comhaontuithe i gcrích.

3. Déanfaidh an Coimisiún, nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nuair a bhainfidh an comhaontú arna bheartú go heisiach nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, moltaí a thíolacadh don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar an chaibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar, i bhfianaise ábhar an chomhaontaithe arna bheartú, idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann caibidlíochta an Aontais.

4. Féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú nach foláir an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis.

5. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus, más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht i bhfeidhm.

6. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích.

Ach amháin nuair a bhainfidh an comhaontú go heisiach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, glacfaidh an Chomhairle an cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích:

(a) tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa sna cásanna seo a leanas:

(i) comhaontuithe comhlachais;

(ii) comhaontú maidir le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint;

(iii) comhaontuithe lena mbunófar creat institiúideach sonrach trí nósanna imeachta comhair a eagrú;

(iv) comhaontuithe a mbeidh impleachtaí buiséadacha suntasacha acu don Aontas;

(v) comhaontuithe a fholaíonn réimsí a mbeidh feidhm ina leith ag an ngnáthnós imeachta reachtach nó, nuair is gá toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, ag an nós imeachta reachtach speisialta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcás práinne, teorainn ama don toiliú a chomhaontú.

(b) tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i ngach cás eile. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim laistigh den teorainn ama a fhéadfaidh an Chomhairle a shocrú i bhfianaise phráinn an ábhair. Cheal tuairime laistigh den teorainn ama sin, féadfaidh an Chomhairle gníomhú.

7. Agus comhaontú á thabhairt i gcrích aici, féadfaidh an Chomhairle, de mhaolú ar mhíreanna 5, 6 agus 9, a údarú don idirbheartaí formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasuithe ar an gcomhaontú nuair a fhorálfar ann go nglacfar iad trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis an gcomhaontú. Féadfaidh an Chomhairle coinníollacha sonracha a chur ag gabháil leis an údarú sin.

8. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe i gcaitheamh an nós imeachta.

Gníomhóidh sí d'aon toil, áfach, nuair a bhainfidh an comhaontú le réimse inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh, i gcás comhaontuithe comhlachais agus i gcás na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 212 leis na Stáit is iarrthóirí ar aontachas. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil chomh maith ar mhaithe leis an gcomhaontú a bhaineann le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint; ní thiocfaidh an cinneadh a bhaineann leis an gcomhaontú sin a chur i gcrích i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

9. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cinneadh lena bhfionrófar cur i bhfeidhm comhaontaithe agus lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.

10. Cuirfear Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas láithreach ag gach céim den nós imeachta.

11. Féadfaidh Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún tuairim na Cúirte Breithiúnais a fháil i dtaobh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh ag luí leis na Conarthaí. I gcás tuairime diúltaí ón gCúirt, ní fhéadfaidh an comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh teacht i bhfeidhm gan leasú a dhéanamh ar an gcomhaontú nó gan athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí.

Airteagal 219

(sean-Airteagal 111(1) go (3) agus (5) CCE)

1. De mhaolú ar Airteagal 218, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach, nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn teacht ar chomhthoil is comhchuí leis an gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, comhaontuithe foirmiúla a thabhairt i gcrích ar chóras rátaí malairte don euro i ndáil le hairgeadraí tríú Stáit. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3.

Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn teacht ar comhthoil is comhchuí leis an gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, rátaí lárnacha an euro a ghlacadh, a choigeartú agus a thréigean laistigh den chóras rátaí malairte. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le glacadh, coigeartú nó tréigean rátaí lárnacha an euro.

2. In éagmais córais rátaí malairte i ndáil le hairgeadraí tríú Stáit amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach nó ag gníomhú di ar thogra ón mBanc Ceannais Eorpach, treoshuímh ghinearálta le haghaidh beartas rátaí malairte a fhoirmiú i ndáil leis na hairgeadraí sin. Beidh na treoshuímh ghinearálta sin gan dochar do chuspóir príomhúil CEBC .i. cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun.

3. De mhaolú ar Airteagal 218, más gá comhaontuithe a bhaineann le cúrsaí airgeadaíochta nó cúrsaí córais mhalairte eachtraí a chaibidil ag an Aontas le tríú Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, na socruithe do chaibidlíocht agus do thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe sin a chinneadh. Áiritheoidh na socruithe sin go gcuireann an tAontas friotal ar sheasamh aonair. Beidh an Coimisiún comhlachaithe go hiomlán leis an gcaibidlíocht sin.

4. Gan dochar d'inniúlacht Aontais agus do chomhaontuithe Aontais maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, féadfaidh na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

TEIDEAL VI

CAIDREAMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS

Airteagal 220

(sean-Airteagal 302 go 304 CCE)

1. Bunóidh an tAontas gach comhar is iomchuí le comhlachtaí na Náisiún Aontaithe agus lena sainghníomhaireachtaí, le Comhairle na hEorpa, leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta.

Déanfaidh an tAontas freisin caidreamh mar is iomchuí a choimeád ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

2. Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 221

1. Feidhmeoidh toscaireachtaí an Aontais ar son an Aontais i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

2. Cuirtear toscaireachtaí an Aontais faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Gníomhóidh siad i ndlúthchomhar le misin taidhleoireachta agus chonsalacha na mBallstát.

TEIDEAL VII

CLÁSAL DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA

Airteagal 222

1. Gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhpháirt le chéile de mheon dlúthpháirtíochta má fhulaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine. Slógfaidh an tAontas na hionstraimí uile dá bhfuil ar láimh aige, lena n-áirítear na hacmhainní míleata arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, chun:

(a) - bagairt na sceimhlitheoireachta ar chríoch na mBallstát a chosc;

- institiúidí daonlathacha agus an pobal sibhialta a chosaint ar aon ionsaí sceimhlitheoireachta;

- bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla i gcás ionsaí sceimhlitheoireachta;

(b) bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla i gcás tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine.

2. Má fhulaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine, beidh na Ballstáit eile de chúnamh aige arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla. Chuige sin, comhordóidh na Ballstáit le chéile i dtionól na Comhairle.

3. Saineofar na socruithe maidir leis an Aontas an clásal dlúthpháirtíochta seo a chur chun feidhme le cinneadh a ghlacfaidh an Chomhairle, ar chomhthogra ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Nuair a bheidh impleachtaí cosanta ag an gcinneadh sin, gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 31(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

Chun críocha na míre seo agus gan dochar d'Airteagal 240, beidh de chúnamh ag an gComhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála, le tacaíocht ó na struchtúir arna bhforbairt faoi chuimsiú an chomhbheartais slándála agus cosanta, agus an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 71, tabharfaidh an dá choiste tuairimí comhpháirteacha, más gá.

4. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach measúnú go tráthrialta ar na bagairtí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ag an Aontas chun a chumasú don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú go héifeachtúil.

CUID A SÉ

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS

TEIDEAL I

FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ

CAIBIDIL 1

NA hINSTITIÚIDÍ

ROINN 1

PARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 223

(sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE)

1. Tarraingeoidh Parlaimint na hEorpa suas togra d'fhonn na bearta is gá a bhunú do thoghadh a cuid comhaltaí trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i gcomhréir le nós imeachta comhionann sna Ballstáit go léir nó i gcomhréir le prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit go léir.

Saineoidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, na forálacha is gá. Tiocfaidh na forálacha sin i bhfeidhm tar éis a bhformheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis tuairim ón gCoimisiún a iarraidh agus formheas ón gComhairle a fháil, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta a leagan síos a rialaíonn comhlíonadh a gcuid dualgas ag a comhaltaí. Is gá aontoilíocht laistigh den Chomhairle a bheith le gach riail nó coinníoll a bhaineann le cáin a ghearradh ar chomhaltaí nó iarchomhaltaí.

Airteagal 224

(sean-Airteagal 191, an dara mír, CCE)

Leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, reacht na bpáirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe na rialacha maidir lena maoiniú.

Airteagal 225

(sean-Airteagal 192, an dara mír, CCE)

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra iomchuí a chur faoina bráid ar na hábhair ar gá, dar léi, gníomh Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme. Mura gcuirfidh an Coimisiún aon togra faoina bráid, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cúiseanna.

Airteagal 226

(sean-Airteagal 193 CCE)

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, agus a cúraimí á gcomhall aici, arna iarraidh sin don cheathrú cuid de na comhaltaí a chomhdhéanann í, coiste fiosrúcháin sealadach a chur ar bun chun iniúchadh a dhéanamh, gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d'institiúidí nó do chomhlachtaí eile sna Conarthaí, ar líomhaintí maidir le sárú nó le drochriarachán i gcur chun feidhme dhlí an Aontais, ach amháin má tá na fíorais a líomhnaítear faoi scrúdú os comhair cúirte agus fad nach mbeidh na himeachtaí dlíthiúla críochnaithe.

Beidh deireadh leis an gcoiste fiosrúcháin sealadach ar thaisceadh a thuarascála dó.

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa na rialacha mionsonraithe maidir leis an gceart chun fiosrúchán a fheidhmiú, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis toiliú a fháil ón gComhairle agus ón gCoimisiún.

Airteagal 227

(sean-Airteagal 194 CCE)

Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, ar a chonlán féin nó i gcomhlachas le saoránaigh nó daoine eile, an ceart achainí a chur os comhair Pharlaimint na hEorpa ar ábhar a thig faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais agus a bhaineann go díreach leis.

Airteagal 228

(sean-Airteagal 195 CCE)

1. Cumhachtófar Ombudsman Eorpach, a thoghfaidh Parlaimint na hEorpa, chun gearáin a ghlacadh ó aon saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhmiú a feidhmeanna breithiúnacha di. Scrúdóidh sé nó sí na gearáin sin agus déanfaidh sé nó sí tuarascáil orthu.

I gcomhréir lena dhualgais, cuirfidh an tOmbudsman na fiosrúcháin i gcrích a bhfuil forais faighte aige chucu ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearán a dhéantar leis go díreach nó trí chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, ach amháin má tá nó má bhí na fíorais a líomhnaítear ina n-ábhar d'imeachtaí dlíthiúla. I gcás go suíonn an tOmbudsman go bhfuil drochriarachán i gceist, cuirfidh sé an cás faoi bhráid na hinstitiúide i dtrácht agus beidh trí mhí aici chun a tuairim a thabhairt dó. Ansin díreoidh an tOmbudsman tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an institiúid i dtrácht. Cuirfear an duine a rinne an gearán ar an eolas faoi thoradh na bhfiosrúchán sin.

Tíolacfaidh an tOmbudsman tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa gach bliain ar thorthaí a chuid fiosrúchán.

2. Toghfar an tOmbudsman tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa go ceann théarma oifige Pharlaimint na hEorpa. Féadfar a théarma oifige a athnuachan.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an tOmbudsman a bhriseadh arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa mura gcomhallfaidh sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach.

3. Beidh an tOmbudsman neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a fheidhmeanna. I gcomhlíonadh a dhualgas dó, ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó aon rialtas, ó aon institiúid eile, ó aon chomhlacht eile, ó aon oifig eile nó ó aon ghníomhaireacht eile. Ní cead dó, le linn a théarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach.

4. Socróidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus le formheas ón gComhairle, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman.

Airteagal 229

(sean-Airteagal 196 CCE)

Beidh seisiún in aghaidh na bliana ag Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh sí le chéile, gan a bheith de riachtanas í a chomóradh, an dara Máirt de Mhárta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa teacht le chéile i bpáirtseisiún de sheisiún urghnách arna iarraidh sin ag tromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í nó arna iarraidh ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún.

Airteagal 230

(sean-Airteagal 197, an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír, CCE)

Féadfaidh an Coimisiún a bheith i láthair ag na cruinnithe go léir agus, arna iarraidh sin dó, tabharfar éisteacht dó.

Freagróidh an Coimisiún ó bhéal nó i scríbhinn ceisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó comhaltaí Pharlaimint na hEorpa chuige.

Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle de réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha síos i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Eorpaí agus i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

Airteagal 231

(sean-Airteagal 198 CCE)

Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na Conarthaí, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach de na vótaí a caitheadh.

Socrófar an córam leis na rialacha nós imeachta.

Airteagal 232

(sean-Airteagal 199 CCE)

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a Rialacha Nós Imeachta, ag gníomhú di trí thromlach dá comhaltaí.

Foilseofar imeachtaí Pharlaimint na hEorpa ar an modh a leagfar síos sna Conarthaí agus ina Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal 233

(sean-Airteagal 200 CCE)

Pléifidh Parlaimint na hEorpa i seisiún poiblí an tuarascáil ghinearálta bhliantúil a bheidh curtha faoina bráid ag an gCoimisiún.

Airteagal 234

(sean-Airteagal 201 CCE)

Má leagtar faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa tairiscint ag cáineadh ghníomhaíochtaí an Choimisiúin, ní vótálfaidh Parlaimint na hEorpa ar an tairiscint sin go ceann trí lá ar a laghad tar éis an tairiscint a leagan faoina bráid, agus is trí vótáil phoiblí a dhéanfar sin.

Má ritear an tairiscint cháinte trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, agus gurb ionann sin agus tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann Parlaimint na hEorpa, éireoidh comhaltaí an Choimisiúin as a n-oifig d'aon bhuíon agus éireoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála as na dualgais a fheidhmíonn sé nó sí sa Choimisiún. Fanfaidh siad i mbun oifige agus leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad i gcomhréir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Sa chás sin, rachaidh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin a cheapfar chun a n-ionad a ghabháil in éag ar an dáta a rachadh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin ar tugadh orthu éirí as d'aon bhuíon in éag.

ROINN 2

AN CHOMHAIRLE EORPACH

Airteagal 235

1. Nuair a dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta ar bith den Chomhairle Eorpach gníomhú freisin thar ceann comhalta amháin eile ar a mhéid.

Beidh feidhm ag Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ag Airteagal 238(2) den Chonradh seo maidir leis an gComhairle Eorpach nuair a ghníomhóidh sí trí thromlach cáilithe. Nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach cinntí trí vóta a chaitheamh, ní ghlacfaidh an tUachtarán ná Uachtarán an Choimisiúin páirt sa vótáil.

Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó a n-ionadaítear dóibh an Chomhairle Eorpach ar chinntí ar gá aontoilíocht dóibh a ghlacadh.

2. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cuireadh chun éisteacht a thabhairt d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

3. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach trí thromlach simplí maidir le ceisteanna nós imeachta agus maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta.

4. Beidh Ardrúnaíocht na Comhairle de chúnamh ag an gComhairle Eorpach.

Airteagal 236

Glacfaidh an Chomhairle Eorpach trí thromlach cáilithe:

(a) cinneadh lena mbunaítear liosta d'fhoirmíochtaí na Comhairle seachas foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Ginearálta agus foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha i gcomhréir le hAirteagal 16(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

(b) cinneadh maidir le hUachtaránacht fhoirmíochtaí na Comhairle seachas foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, i gcomhréir le hAirteagal 16(9) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

ROINN 3

AN CHOMHAIRLE

Airteagal 237

(sean-Airteagal 204 CCE)

Tiocfaidh an Chomhairle le chéile arna comóradh ag a hUachtarán ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chomhalta den Chomhairle nó don Choimisiún.

Airteagal 238

(sean-Airteagal 205(1) agus (2) CCE)

1. Nuair a cheanglaítear ar an gComhairle gníomhú trí thromlach simplí, gníomhóidh sí trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

2. De mhaolú ar Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, amhail ón 1 Samhain 2014 agus faoi réir na bhforálacha a leagtar síos sa Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha, nuair nach ngníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, saineofar an tromlach cáilithe mar 72 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra an Aontais Eorpaigh.

3. Amhail ón 1 Samhain 2014, agus faoi réir na bhforálacha a leagtar síos sa Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha, más rud é, de bhun na gConarthaí, nach nglacfaidh comhaltaí uile na Comhairle páirt sa vótáil, saineofar an tromlach cáilithe mar seo a leanas:

(a) Saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na Stát sin.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do chéatadán ar mó é ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

(b) De mhaolú ar phointe (a), nuair nach ar thogra ón gCoimisiún ná ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a ghníomhóidh an Chomhairle, saineofar an tromlach cáilithe mar 72 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na Stát sin.

4. Ní bac ar an gComhairle do ghlacadh le gníomhartha ar gá aontoilíocht dóibh comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó trí ionadaíocht a staonadh ó vótáil.

Airteagal 239

(sean-Airteagal 206 CCE)

Má dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta ar bith den Chomhairle gníomhú freisin thar ceann comhalta amháin eile ar a mhéad.

Airteagal 240

(sean-Airteagal 207 CCE)

1. Beidh coiste arna chomhdhéanamh de Bhuanionadaithe na mBallstát freagrach as obair na Comhairle a ullmhú agus as na cúraimí a chuireann an Chomhairle air a chur i gcrích. Féadfaidh an Coiste cinntí maidir le nós imeachta a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

2. Beidh Ardrúnaíocht de chúnamh ag an gComhairle, faoi fhreagracht Ardrúnaí arna cheapadh ag an gComhairle.

Cinnfidh an Chomhairle trí thromlach simplí eagrúchán na hArdrúnaíochta.

3. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach simplí maidir le ceisteanna nós imeachta agus maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal 241

(sean-Airteagal 208 CCE)

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun aon staidéir a mheasann an Chomhairle a bheith fóinteach chun na comhaidhmeanna a ghnóthú, agus aon tograí iomchuí a chur faoina bráid. Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra, cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna.

Airteagal 242

(sean-Airteagal 209 CCE)

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, na rialacha a chinneadh a rialóidh na coistí dá bhforáiltear sna Conarthaí.

Airteagal 243

(sean-Airteagal 210 CCE)

Cinnfidh an Chomhairle tuarastail, slánaíochtaí agus pinsin Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chomhaltaí an Choimisiúin, Uachtarán, chomhaltaí agus Chláraitheoirí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus Ardrúnaí na Comhairle. Cinnfidh sí aon íocaíocht is intugtha in ionad luach saothair chomh maith.

ROINN 4

AN COIMISIÚN

Airteagal 244

I gcomhréir le hAirteagal 17(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, roghnófar comhaltaí an Choimisiúin ar bhonn córais uainíochta arna bhunú d'aon toil ag an gComhairle Eorpach ar bhonn na bprionsabal a leanas:

(a) cuirfear an chóir chomhionann cheannann chéanna ar na Ballstáit i dtaca leis an ord san am agus an ré ina mbeidh a náisiúnaigh mar chomhaltaí den Choimisiún a chinneadh; dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an difríocht idir líon iomlán na dtéarmaí oifige arna sealbhú ag náisiúnaigh aon dá Bhallstát ar leith bheith níos mó ná téarma amháin;

(b) faoi réir phointe (a), beidh gach Coimisiún leanúnach comhdhéanta ar dhóigh a léireoidh go sásúil raon déimeagrafach agus geografach na mBallstát uile.

Airteagal 245

(sean-Airteagal 213 CCE)

Staonfaidh comhaltaí an Choimisiúin ó aon ghníomh nach luíonn le cineál a bhfeidhmeanna. Urramóidh na Ballstáit a neamhspleáchas agus ní fhéachfaidh siad le tionchar a oibriú orthu i gcomhlíonadh a gcúraimí dóibh.

Ní cead do chomhaltaí an Choimisiúin, le linn a dtéarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe a ndualgas chun bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh. Má dhéantar aon sárú ar na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach simplí nó ón gCoimisiún, a rialú, de réir na n-imthosca, go bhfuil an comhalta áirithe le scor go héigeantach i gcomhréir le forálacha Airteagal 247 nó go bhfuil a cheart chun pinsin nó chun sochar eile in ionad pinsin le baint de.

Airteagal 246

(sean-Airteagal 215 CCE)

Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna comhalta den Choimisiún ar é d'éirí as oifig nó ar é a scor go héigeantach.

Déanfar folúntas a tharlóidh de bharr éirí as oifig nó scor go héigeantach nó de bharr báis a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta le comhalta nua den náisiúntacht chéanna arna cheapadh ag an gComhairle, de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach sa dara fomhír d'Airteagal 17(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Uachtarán an Choimisiúin, a chinneadh nach gá an folúntas a líonadh, go háirithe nuair nach bhfuil fágtha ach beagán ama de théarma oifige an chomhalta.

I gcás an tUachtarán d'éirí as oifig, do scor go héigeantach nó d'fháil bháis, déanfar duine a cheapadh ina ionad ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma oifige. Is é an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d'Airteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach is infheidhme chun duine a cheapadh in ionad an Uachtaráin.

I gcás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála d'éirí as oifig, do scor go héigeantach nó d'fháil bháis, déanfar duine a cheapadh ina ionad nó ina hionad ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma nó dá téarma oifige, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

I gcás na gcomhaltaí uile den Choimisiún do scor, fanfaidh siad i mbun oifige agus leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad, ar feadh a bhfuil fágtha dá dtéarma oifige, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 247

(sean-Airteagal 216 CCE)

Aon chomhalta den Choimisiún nach bhfuil na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú á gcomhall aige a thuilleadh nó a bhí ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach simplí nó ón gCoimisiún, é a scor go héigeantach.

Airteagal 248

(sean-Airteagal 217(2) CCE)

Gan dochar d'Airteagal 18(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tUachtarán na freagrachtaí is dlite don Choimisiún a struchtúrú agus a dháileadh idir a chomhaltaí, i gcomhréir le hAirteagal 17(6) den Chonradh sin. Féadfaidh an tUachtarán na freagrachtaí sin a athdháileadh i rith théarma oifige an Choimisiúin. Feidhmeoidh comhaltaí an Choimisiúin na feidhmeanna a thugann an tUachtarán dóibh faoina údarás siúd.

Airteagal 249

(sean-Airteagail 218(2) agus 212 CCE)

1. Glacfaidh an Coimisiún a rialacha nós imeachta chun a áirithiú go n-oibreoidh sé féin agus a ranna. Áiritheoidh sé go bhfoilseofar na rialacha sin.

2. Foilseoidh an Coimisiún go bliantúil, tráth nach déanaí ná mí roimh oscailt sheisiún Pharlaimint na hEorpa, tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Aontais.

Airteagal 250

(sean-Airteagal 219 CCE)

Gníomhóidh an Coimisiún trí thromlach dá chomhaltaí.

Socrófar an córam ina Rialacha Nós Imeachta.

ROINN 5

CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 251

(sean-Airteagal 221 CCE)

Suífidh an Chúirt Bhreithiúnais i ndlí-sheomraí nó i Mór-Dhlísheomra i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú chuige sin i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais suí mar chúirt iomlán freisin nuair a fhoráiltear dó sin sa Reacht.

Airteagal 252

(sean-Airteagal 222 CCE)

Beidh ochtar Abhcóidí Ginearálta de chúnamh ag an gCúirt Bhreithiúnais. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, líon na nAbhcóidí Ginearálta a mhéadú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna ina n-éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 253

(sean-Airteagal 223 CCE)

Roghnófar Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais ó dhaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu na cáilíochtaí is gá chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha faoi seach nó is dlí-eolaithe a n-aithnítear a n-inniúlacht; ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile ar feadh téarma sé bliana, tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255.

Athrófar cuid de na Breithiúna agus de na hAbhcóidí Ginearálta i gceann gach trí bliana faoi na coinníollacha atá leagtha amach i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Breithiúnais as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

Féadfar na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta a bheidh ag scor a athcheapadh.

Ceapfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a Cláraitheoir agus leagfaidh sí síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís.

Glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rialacha nós imeachta. Is gá formheas ón gComhairle a bheith leis na rialacha sin.

Airteagal 254

(sean-Airteagal 224 CCE)

Socrófar líon Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh Abhcóidí Ginearálta de chúnamh ag an gCúirt Ghinearálta.

Roghnófar comhaltaí na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile go ceann téarma sé bliana, tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 255. Athrófar cuid de na Breithiúna i gceann gach trí bliana. Féadfar comhaltaí a bheidh ag scor a athcheapadh.

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Ginearálta as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

Ceapfaidh an Chúirt Ghinearálta a Cláraitheoir agus leagfaidh sí síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís.

Glacfaidh an Chúirt Ghinearálta a rialacha nós imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá formheas ón gComhairle a bheith leis na rialacha sin.

Mura bhforáiltear a mhalairt i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, beidh feidhm maidir leis an gCúirt Ghinearálta ag forálacha na gConarthaí a bhaineann leis an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 255

Cuirfear painéal ar bun chun tuairim a thabhairt ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna Breithimh agus Abhcóide Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú sula ndéanfaidh rialtais na mBallstát na ceapacháin dá dtagraítear in Airteagail 253 agus 254.

Beidh ar an bpainéal seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, comhaltaí de chúirteanna uachtaracha náisiúnta agus dlíodóirí a n-aithnítear a n-inniúlacht, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa duine amháin acu a mholadh. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar rialacha oibriúcháin an phainéil agus cinneadh lena gceapfar a chomhaltaí. Gníomhóidh sí ar thionscnamh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 256

(sean-Airteagal 225 CCE)

1. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne nó imeachtaí dá dtagraítear in Airteagail 263, 265, 268, 270 agus 272, cé is moite díobh siúd a shanntar do chúirt speisialaithe arna cur ar bun de bhun Airteagal 257 agus díobh siúd a fhorchoimeádtar sa Reacht chuig an gCúirt Bhreithiúnais, a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta maidir le haicmí eile caingne nó imeachtaí.

Beidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta de bhun na míre seo faoi réir ceart achomhairc a bheith ann chun na Cúirte Breithiúnais ar phoncanna dlí amháin, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht.

2. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne nó imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne breitheanna ó na cúirteanna speisialaithe a éisteacht agus a chinneadh.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta de bhun na míre seo a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht, nuair atá baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais.

3. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú de bhun Airteagal 267 a éisteacht agus a chinneadh in ábhair shonracha atá leagtha síos sa Reacht.

Má mheasann an Chúirt Ghinearálta go n-éilíonn an cás breith ar phrionsabal a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh sí an cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun go dtabharfaidh sí breith.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta ar cheisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht, i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais.

Airteagal 257

(sean-Airteagal 225a CCE)

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, cúirteanna speisialaithe a bhunú a bheidh i gceangal leis an gCúirt Ghinearálta chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí áirithe a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle trí bhíthin rialachán ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Socrófar sa rialachán ag cur cúirteanna speisialaithe ar bun na rialacha maidir le comhdhéanamh na cúirte sin agus sonrófar ann raon na dlínse a thugtar di.

Beidh breitheanna arna dtabhairt ag na cúirteanna speisialaithe faoi réir ceart achomhairc a bheith ann ar phoncanna dlí amháin nó, nuair a fhoráiltear amhlaidh sa rialachán ag cur cúirt speisialaithe ar bun, faoi réir ceart achomhairc freisin ar cheisteanna fíorais a bheith ann chun na Cúirte Ginearálta.

Roghnófar comhaltaí na gcúirteanna speisialaithe as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Ceapfaidh an Chomhairle iad, ag gníomhú di d'aon toil.

Glacfaidh na cúirteanna speisialaithe a rialacha nós imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá formheas ón gComhairle a bheith leis na rialacha sin.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa rialachán ag cur cúirteanna speisialaithe ar bun, beidh feidhm maidir leis na painéil bhreithiúnacha ag na forálacha sin de na Conarthaí a bhaineann le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ag forálacha Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ar aon chaoi ag Teideal I den Reacht agus ag Airteagal 64 de maidir leis na cúirteanna speisialaithe.

Airteagal 258

(sean-Airteagal 226 CCE)

Má mheasann an Coimisiún gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ina thaobh sin tar éis caoi a thabhairt don Stát áirithe ráiteas ina thaobh a chur isteach.

Mura ndéanfaidh an Stát a bheidh i gceist de réir na tuairime laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 259

(sean-Airteagal 227 CCE)

Aon Bhallstát a mheasfaidh gur mhainnigh Ballstát eile oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh, féadfaidh sé an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Sula dtabharfaidh Ballstát caingean in aghaidh Ballstáit eile mar gheall ar shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar oibleagáid faoi na Conarthaí, tabharfaidh sé an t-ábhar os comhair an Choimisiúin.

Tabharfaidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe tar éis caoi a bheith tugtha do gach Stát dá mbeidh i gceist a chás féin agus a ráiteas ar chás an pháirtí eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin ó bhéal agus i scríbhinn.

Mura mbíonn tuairim tugtha ag an gCoimisiún laistigh de thrí mhí ón dáta a tugadh an t-ábhar os a chomhair, ní fhágfaidh easnamh na tuairime sin nach bhféadfar an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte.

Airteagal 260

(sean-Airteagal 228 CCE)

1. Má shuíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhall, cuirfear de cheangal ar an Stát sin na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh.

2. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na bearta is gá do chomhlíonadh bhreithiúnas na Cúirte glactha ag an mBallstát i dtrácht, féadfaidh sé an cás a thabhairt os comhair na Cúirte, tar éis caoi a thabhairt don Bhallstát sin a bharúlacha a thíolacadh. Cuirfidh sé in iúl méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí a bheidh le híoc ag an mBallstát i dtrácht a mheasfaidh sé is iomchuí sna himthosca.

Má fhaigheann an Chúirt nach bhfuil a breithiúnas comhlíonta ag an mBallstát i dtrácht, féadfaidh sí cnapshuim nó íocaíocht phionósach a ghearradh air.

Beidh an nós imeachta sin gan dochar d'Airteagal 259.

3. Nuair a thabharfaidh an Coimisiún cás os comhair na Cúirte de bhun Airteagal 258 ar an bhforas gur mhainnigh an Ballstát i dtrácht a oibleagáidí a chomhall maidir le bearta a chur in iúl lena ndéantar treoir a glacadh i gcomhréir le nós imeachta reachtach a thrasuí, féadfaidh sé, nuair is iomchuí leis, méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí a shonrú a bheidh le híoc ag an mBallstát i dtrácht a mheasfaidh sé is iomchuí sna himthosca.

Má fhaigheann an Chúirt gur tharla sárú, féadfaidh sí cnapshuim nó íocaíocht phionósach nach mó a méid ná an méid arna shonrú ag an gCoimisiún a ghearradh ar an mBallstát i dtrácht. Gabhfaidh éifeacht leis an íocaíocht phionósach ar an dáta arna shocrú ag an gCúirt ina breithiúnas.

Airteagal 261

(sean-Airteagal 229 CCE)

Féadfaidh rialacháin arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle go comhpháirteach, agus ag an gComhairle de bhun fhorálacha na gConarthaí, dlínse neamhtheoranta a thabhairt do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir leis na pionóis dá bhforáiltear sna rialacháin sin.

Airteagal 262

(sean-Airteagal 229a CCE)

Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, forálacha a ghlacadh chun dlínse a thabhairt, go feadh méid a chinnfidh sí, do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm gníomhartha arna nglacadh ar bhonn na gConarthaí a chruthaíonn cearta Eorpacha maoine intleachtúla. Tiocfaidh na forálacha sin i bhfeidhm tar éis a bhformheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Airteagal 263

(sean-Airteagal 230 CCE)

Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh léirmheas ar dhlíthiúlacht gníomhartha reachtacha, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, seachas moltaí nó tuairimí, agus na ngníomhartha sin de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle Eorpach atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu i leith tríú páirtithe. Déanfaidh sí freisin athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na ngníomhartha sin de chomhlachtaí, d'oifigí nó de ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu i leith tríú páirtithe.

Chuige sin beidh dlínse aici i gcaingne arna dtionscnamh ag Ballstát, ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún mar gheall ar easpa inniúlachta, ar shárú ceanglais fhíor-riachtanaigh nós imeachta, ar shárú na gConarthaí nó aon riail dlí a bhaineann lena gcur chun feidhme nó ar mhí-úsáid cumhachtaí.

Beidh dlínse ag an gCúirt i gcaingne arna dtionscnamh ag an gCúirt Iniúchóirí, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag Coiste na Réigiún d'fhonn a sainchumais a choimirciú.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chéad mhír agus sa dara mír, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh gnímh a díríodh chuig an duine sin nó gnímh is dá chúram go díreach agus go leithleach, agus in aghaidh gnímh rialúcháin is dá chúram go díreach agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leis.

Féadfaidh gníomhartha lena gcuirfear comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais ar bun coinníollacha agus socruithe mionsonraithe a leagan síos maidir le caingne arna dtionscnamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha in aghaidh gníomhartha de chuid na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí sin atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu ina leith.

Déanfar na himeachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an beart, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh.

Airteagal 264

(sean-Airteagal 231 CCE)

Má tá foras ar fónamh leis an gcaingean, dearbhóidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an gníomh áirithe a bheith ar neamhní.

Ar a shon sin, cuirfidh an Chúirt in iúl, má mheasann sí gur gá é, cé acu d'éifeachtaí an ghnímh a dhearbhaigh sí a bheith ar neamhní is inmheasta a bheith cinntitheach.

Airteagal 265

(sean-Airteagal 232 CCE)

Más rud é, de shárú ar na Conarthaí, go mainneoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Coimisiún nó an Banc Ceannais Eorpach gníomhú, féadfaidh na Ballstáit agus institiúidí eile an Aontais caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an sárú sin a shuíomh. Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin faoi na coinníollacha céanna maidir le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhainníonn gníomhú.

Ní bheidh an chaingean inghlactha ach amháin sa chás inar iarradh i dtosach ar an institiúid, ar an gcomhlacht, ar an oifig nó ar an ngníomhaireacht i dtrácht gníomhú. Más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis a iarrtha sin uirthi, go mbeidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht i dtrácht gan a sheasamh nó a seasamh sa chás a shonrú, féadfar an chaingean a thabhairt ar aghaidh laistigh de thréimhse bhreise dhá mhí.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna míreanna roimhe seo, gearán a dhéanamh leis an gCúirt gur mhainnigh ceann d'institiúidí, de chomhlachtaí, d'oifigí nó de ghníomhaireachtaí an Aontais aon ghníomh seachas moladh nó tuairim a dhíriú chun an duine sin.

Airteagal 266

(sean-Airteagal 233 CCE)

An institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ar dearbhaíodh a ngníomh a bheith ar neamhní nó ar dearbhaíodh a neamhghníomh a bheith contrártha leis na Conarthaí, ceanglófar uirthi na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

Ní dhéanfaidh an oibleagáid sin difear d'aon oibleagáid ab fhéidir a theacht ón dara mír d'Airteagal 340 a chur chun feidhme.

Airteagal 267

(sean-Airteagal 234 CCE)

Beidh dlínse Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun réamhrialú a thabhairt:

(a) ar léiriú na gConarthaí;

(b) ar bhailíocht agus léiriú gníomhartha de chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais.

Nuair a thabharfar ceist den sórt sin ar aird os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh an chúirt nó an binse sin, má mheasann sé nó sí gur gá cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé nó sí breithiúnas a thabhairt, a iarraidh ar an gCúirt rialú a thabhairt ar an gceist sin.

Má thugtar aon cheist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, agus nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh chinntí na cúirte nó an bhinse sin, tabharfaidh an chúirt nó an binse sin an t-ábhar os comhair na Cúirte.

Má thugtar cás den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit maidir le duine atá faoi choimeád, gníomhóidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a luaithe is féidir.

Airteagal 268

(sean-Airteagal 235 CCE)

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá bhforáiltear sa dara mír agus sa tríú mír d'Airteagal 340.

Airteagal 269

Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt maidir le dlíthiúlacht gnímh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ach amháin arna iarraidh sin don Bhallstát atá ina ábhar do shuíomh ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle agus ach amháin i ndáil leis na réamhchoinníollacha nós imeachta san Airteagal sin.

Ní mór an iarraidh sin a dhéanamh laistigh de mhí ón dáta ar suíodh amhlaidh. Rialóidh an Chúirt laistigh de mhí ó dháta na hiarrata.

Airteagal 270

(sean-Airteagal 236 CCE)

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid idir an tAontas agus a sheirbhísigh faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais.

Airteagal 271

(sean-Airteagal 237 CCE)

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos ina dhiaidh seo, i ndíospóidí a bhaineann le:

(a) comhall oibleagáidí faoi Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ag na Ballstáit. I dtaca leis sin de, beidh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal 258;

(b) bearta arna nglacadh ag Bord Ghobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. I dtaca leis sin de, féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún nó Bord Stiúrthóirí an Bhainc imeachtaí a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 263;

(c) bearta arna nglacadh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ní bheidh imeachtaí in aghaidh beart den sórt sin intionscanta ach amháin ag Ballstáit nó ag an gCoimisiún faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 263, agus ar na forais sin amháin nár comhlíonadh an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19(2), (5), (6) agus (7) de Reacht an Bhainc;

(d) comhall na n-oibleagáidí a thig ó na Conarthaí agus ó Reacht an CEBC agus an BCE ag bainc cheannais náisiúnta. I dtaca leis sin de, beidh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh i leith na mbanc ceannais náisiúnta na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal 258 i leith na mBallstát. Má fhaigheann an Chúirt gur mhainnigh banc ceannais náisiúnta oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhall, cuirfear de cheangal ar an mbanc ceannais náisiúnta sin na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh.

Airteagal 272

(sean-Airteagal 238 CCE)

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána i gconradh arna dhéanamh ag an Aontas nó thar a cheann, cibé acu faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach don chonradh sin.

Airteagal 273

(sean-Airteagal 239 CCE)

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid idir Ballstáit a bhaineann le hábhar na gConarthaí, má chuirtear an díospóid faoina bráid faoi chomhaontú speisialta idir na páirtithe.

Airteagal 274

(sean-Airteagal 240 CCE)

Ach amháin mar a dtugann na Conarthaí dlínse do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ní bheidh díospóidí ar páirtí iontu an tAontas eisiata ar an bhforas sin ó dhlínse chúirteanna nó bhinsí na mBallstát.

Airteagal 275

Ní bheidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na forálacha a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, ná maidir leis na gníomhartha a ghlacfar bunaithe ar na forálacha sin.

Ar a shon sin, beidh dlínse ag an gCúirt chun faireachán a dhéanamh maidir le comhlíonadh Airteagal 40 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus chun rialú a thabhairt ar imeachtaí, arna dtionscnamh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa cheathrú mír d'Airteagal 263 den Chonradh seo, a dhéanann athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na gcinntí lena bhforáiltear do bhearta sriantacha in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Chaibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 276

Agus a cuid cumhachtaí maidir le forálacha Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais á bhfeidhmiú aici, ní bheidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le bailíocht nó le comhréireacht oibríochtaí arna ndéanamh ag póilíní nó ag seirbhísí eile forfheidhmithe dlí de chuid Ballstáit nó le feidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit i dtaca leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

Airteagal 277

(sean-Airteagal 241 CCE)

D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa séú mír d'Airteagal 263 a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige arna ghlacadh ag institiúid, ag comhlacht, ag oifig nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais faoi shaincheist, na forais a phléadáil dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 263 d'fhonn neamhfheidhmeacht an ghnímh sin a agairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 278

(sean-Airteagal 242 CCE)

Ní bheidh éifeacht fionraíochta le caingne a thabharfar os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh an Chúirt, áfach, má mheasann sí gur gá sin sna himthosca, a ordú go bhfionrófar feidhm an ghnímh a chonspóidtear.

Airteagal 279

(sean-Airteagal 243 CCE)

Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, in aon chásanna os a comhair, aon bhearta idirlinne is gá a ordú.

Airteagal 280

(sean-Airteagal 244 CCE)

Beidh breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh inchurtha i bhfeidhm faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 299.

Airteagal 281

(sean-Airteagal 245 CCE)

Tá Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leagtha síos i bPrótacal ar leith.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha an Reachta a leasú, cé is moite de Theideal I agus d'Airteagal 64 de. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais.

ROINN 6

AN BANC CEANNAIS EORPACH

Airteagal 282

1. Comhdhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) den Bhanc Ceannais Eorpach i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach i dteannta le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu, a chomhdhéanann an tEurochóras, beartas airgeadaíochta an Aontais a sheoladh.

2. Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a rialóidh an CEBC. Beidh de chuspóir príomhúil ag an CEBC cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar don chuspóir sin, tacóidh sé leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais.

3. Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an mBanc Ceannais Eorpach. Eisean amháin a fhéadfaidh eisiúint an euro a údarú. Beidh sé neamhspleách i bhfeidhmiú a chumhachtaí agus i mbainistiú a chúrsaí airgeadais. Déanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus rialtais na mBallstát an neamhspleáchas sin a urramú.

4. Glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach pé bearta is gá chun a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagail 127 go 133 agus le hAirteagal 138, agus leis na coinníollacha atá socraithe i Reacht an CEBC agus an BCE. I gcomhréir leis na hAirteagail chéanna sin, coinneoidh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus a gcuid Banc Ceannais, a gcumhachtaí in ábhair airgeadaíochta.

5. Rachfar i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, sna réimsí a thig faoina fhreagrachtaí, maidir le gach gníomh Aontais arna bheartú, agus le gach togra rialacháin ar leibhéal náisiúnta, agus féadfaidh sé tuairimí a thabhairt.

Airteagal 283

(sean-Airteagal 112 CCE)

1. Beidh ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannas Eorpaigh agus Gobharnóirí bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

2. Beidh ar Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di le tromlach cáilithe, ar mholadh ón gComhairle tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a athnuachan.

Ní féidir a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin ach amháin náisiúnaigh de na Ballstáit.

Airteagal 284

(sean-Airteagal 113 CCE)

1. Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta den Choimisiún bheith rannpháirteach, gan ceart vótála, i gcruinnithe Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Féadfaidh Uachtarán na Comhairle tairiscint plé a chur faoi bhráid Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2. Iarrfar ar Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle nuair a bheidh ceisteanna a bhaineann le cuspóirí agus le cúraimí CEBC á bplé ag an gComhairle.

3. Díreoidh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí CEBC agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig an gComhairle Eorpach freisin. Tíolacfaidh Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh an tuarascáil sin don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa; féadfaidh Parlaimint na hEorpa díospóireacht ghinearálta a chur ar siúl ar an mbonn sin.

Féadfaidh na coistí inniúla de chuid Pharlaimint na hEorpa Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a éisteacht arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Uachtarán agus do na comhaltaí ar a dtionscnamh féin.

ROINN 7

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

Airteagal 285

(sean-Airteagal 246 CCE)

Déanfaidh Cúirt Iniúchóirí iniúchóireacht ar chuntais an Aontais.

Beidh sí comhdhéanta de náisiúnach amháin as gach Ballstát. Beidh a comhaltaí, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal 286

(sean-Airteagal 247 CCE)

1. Roghnófar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí as measc daoine a bhaineann nó a bhain ina Stáit faoi seach le comhlachtaí seachtracha iniúchóireachta nó a bhfuil cáilíocht speisialta acu le haghaidh na hoifige sin. Ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

2. Ceapfar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí go ceann téarma sé bliana. Glacfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Féadfar téarma oifige chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a athnuachan.

Toghfaidh siad Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí as a líon féin go ceann téarma trí bliana. Féadfar an tUachtarán a atoghadh.

3. I gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí teagaisc ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna.

4. Ní cead do chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, le linn a dtéarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe a ndualgas chun bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh.

5. Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí, nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna comhalta den Chúirt Iniúchóirí ar é d'éirí as oifig, nó ar é a scor go héigeantach de bhíthin rialú ón gCúirt Bhreithiúnais de bhun mhír 6.

Déanfar folúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta.

Ach amháin i gcás iad a scor go héigeantach, fanfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí i seilbh oifige go dtí go ngabhfar a n-ionad.

6. Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de chomhalta den Chúirt Iniúchóirí ach amháin i gcás ina suífidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gCúirt Iniúchóirí, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhall ná na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh.

7. Cinnfidh an Chomhairle coinníollacha fostaíochta Uachtarán agus chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí agus go háirithe a dtuarastail, a slánaíochtaí agus a bpinsin. Cinnfidh an Chomhairle chomh maith aon slánaíocht is intugtha in ionad luach saothair.

8. Na forálacha den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Breithiúna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, beidh siad infheidhme freisin ar chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí.

Airteagal 287

(sean-Airteagal 248 CCE)

1. Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais ar ioncam agus caiteachas uile an Aontais. Scrúdóidh sí freisin na cuntais ar ioncam agus caiteachas uile gach comhlachta, gach oifige nó gach gníomhaireachta arna bhunú nó arna bunú ag an Aontas a mhéad nach gcoisceann ionstraim a bhunaithe an scrúdú sin.

Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar an ráiteas sin a fhorlíonadh le measúnú sonrach ar gach mór-réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

2. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí scrúdú féachaint an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile ar mhodh dleathach rialta, agus an ndearnadh bainistíocht fhónta ar an airgeadas. Lena linn sin, déanfaidh sí tuarascáil ach go háirithe ar aon chásanna neamhrialtachta.

Iniúchfar an t-ioncam ar bhonn na suimeanna is dlite arna suíomh agus ar bhonn na suimeanna arna n-íoc iarbhír leis an Aontas.

Iniúchfar an caiteachas ar bhonn ceangaltas arna nglacadh ar láimh agus íocaíochtaí arna ndéanamh.

Féadfar an iniúchóireacht sin a dhéanamh roimh dhúnadh na gcuntas don bhliain airgeadais atá i gceist.

3. Bunófar an iniúchóireacht ar thaifid agus, más gá, déanfar ar an bhfód í in institiúidí eile an Aontais, in áitreabh aon chomhlachta, aon oifige nó aon ghníomhaireachta a dhéanann bainistíocht ar ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais agus sna Ballstáit, lena n-áirítear áitreabh aon duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad. Sna Ballstáit déanfar an iniúchóireacht i gcuibhreann le comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, leis na ranna náisiúnta inniúla. Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta na mBallstát de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean. Cuirfidh na comhlachtaí, na hoifigí, na gníomhaireachtaí nó na ranna sin i bhfios don Chúirt Iniúchóirí an bhfuil siad chun páirt a ghlacadh san iniúchóireacht.

Déanfaidh institiúidí eile an Aontais, aon chomhlachtaí, aon oifigí nó aon ghníomhaireachtaí a dhéanann bainistíocht ar ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad agus na comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, na ranna náisiúnta inniúla, aon doiciméad nó faisnéis is gá chun a cúram a chomhlíonadh a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin di.

I ndáil le gníomhaíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta le linn bainistíocht a dhéanamh ar chaiteachas agus ioncam an Aontais, beidh cearta rochtana na Cúirte ar fhaisnéis arna sealbhú ag an mBanc faoi rialú ag comhaontú idir an Chúirt, an Banc agus an Coimisiún. Cheal comhaontú, beidh rochtain ag an gCúirt áfach ar an bhfaisnéis is gá chun caiteachas agus ioncam de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht an Bhainc a iniúchadh

4. Tar éis dheireadh gach bliana airgeadais tarraingeoidh an Chúirt Iniúchóirí suas tuarascáil bhliantúil. Cuirfear ar aghaidh chuig institiúidí eile an Aontais í agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh í, mar aon le freagraí na n-institiúidí sin ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí.

Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí ina theannta sin, tráth ar bith, a barúlacha, go háirithe i bhfoirm tuarascálacha speisialta, a thíolacadh ar cheisteanna sonracha agus tuairimí a thabhairt arna iarraidh sin do cheann d'institiúidí eile an Aontais.

Glacfaidh sí a cuid tuarascálacha bliantúla, tuarascálacha speisialta nó tuairimí trí thromlach a comhaltaí. Ar a shon sin, féadfaidh sí seomraí inmheánacha a bhunú chun aicmí áirithe tuarascálacha nó tuairimí a ghlacadh faoi na coinníollacha atá leagtha síos ina rialacha nós imeachta.

Beidh sí de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna rialaithe chun an buiséad a chur i ngníomh.

Glacfaidh an Chúirt Iniúchóirí a rialacha nós imeachta. Is gá formheas ón gComhairle a bheith leis na rialacha sin.

CAIBIDIL 2

GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS, NÓSANNA IMEACHTA GLACTHA AGUS FORÁLACHA EILE

ROINN 1

GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS

Airteagal 288

(sean-Airteagal 249 CCE)

D'fhonn inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú, glacfaidh na hinstitiúidí rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí.

Beidh feidhm ghinearálta ag rialachán. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Beidh treoir ina ceangal, maidir leis an toradh atá le gnóthú, ar gach Ballstát chuig a ndíreofar í, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.

Beidh an cinneadh ina cheangal go huile agus go hiomlán. Nuair a shonróidh cinneadh iad siúd chuig a ndíreofar é is orthu sin amháin a bheidh sé ina cheangal.

Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí ná le tuairimí.

Airteagal 289

1. Is éard is gnáthnós imeachta reachtach ann go nglacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach, ar thogra ón gCoimisiún, rialachán, treoir nó cinneadh. Sainítear an nós imeachta seo in Airteagal 294.

2. Sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sna Conarthaí, is éard is nós imeachta reachtach speisialta ann go nglacfadh Parlaimint na hEorpa rialachán, treoir nó cinneadh, le rannpháirtíocht ón gComhairle, nó go nglacfadh an Chomhairle rialachán, treoir nó cinneadh, le rannpháirtíocht ó Pharlaimint na hEorpa.

3. Is éard is gníomhartha reachtacha ann na gníomhartha dlí a glacadh trí nós imeachta reachtach.

4. Sna cásanna sonracha dá dtagraítear sna Conarthaí, féadfar na gníomhartha reachtacha a ghlacadh ar thionscnamh ó ghrúpa Ballstát nó ó Pharlaimint na hEorpa, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais nó don Bhanc Eorpach Infheistíochta.

Airteagal 290

1. Féadfar le gníomh reachtach cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin a ghlacadh.

Déanfar cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré tharmligean na cumhachta a shainiú go sainráite sna gníomhartha reachtacha. Déanfar na heilimintí sár-riachtanacha d'aon réimse a fhorchoimeád don ghníomh reachtach agus ní bheidh na heilimintí sin dá réir sin ina n-ábhar do tharmligean cumhachta.

2. Leagfar síos go sainráite le gníomhartha reachtacha na coinníollacha a mbeidh an tarmligean faoina réir; féadfaidh na coinníollacha sin a bheith mar a leanas:

(a) féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a chinneadh an tarmligean a chúlghairm;

(b) ní fhéadfaidh an gníomh arna tharmligean teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse arna socrú le gníomh reachtach.

Chun críocha (a) agus (b), gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, agus gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

3. Déantar "arna tharmligean" nó "arna tarmligean" a chur isteach de réir mar is iomchuí i gceannteidil gníomhartha tarmligthe.

Airteagal 291

1. Glacfaidh na Ballstáit gach beart dlí náisiúnta is gá chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme.

2. Nuair is gá coinníollacha comhionanna chun gníomhartha Aontais a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chomhairle.

3. Chun críocha mhír 2, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh ré, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin.

4. Cuirtear "cur chun feidhme" isteach i gceannteidil na ngníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 292

Glacfaidh an Chomhairle moltaí. Gníomhóidh sí ar thogra ón gCoimisiún sna cásanna uile ina bhforáiltear sna Conarthaí go nglacfaidh sí gníomhartha ar thogra ón gCoimisiún. Gníomhóidh sí d'aon toil sna réimsí sin inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún, agus an Banc Ceannais Eorpach sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sna Conarthaí, moltaí a ghlacadh.

ROINN 2

NÓSANNA IMEACHTA CHUN GNÍOMHARTHA AGUS FORÁLACHA EILE A GHLACADH

Airteagal 293

(sean-Airteagal 250 CCE)

1. Nuair a ghníomhóidh an Chomhairle, de bhun na gConarthaí, ar thogra ón gCoimisiún, ní fhéadfaidh an Chomhairle an togra sin a leasú ach amháin ag gníomhú d'aon toil di, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 294(10) agus (13), in Airteagail 310, 312 agus 314, agus sa dara mír d'Airteagal 315.

2. Fad a bheidh an Chomhairle gan gníomhú, féadfaidh an Coimisiún a thogra a leasú tráth ar bith le linn na nósanna imeachta as a dtiocfaidh glacadh gnímh Aontais.

Airteagal 294

(sean-Airteagal 251 CCE)

1. Nuair a thagraítear sna Conarthaí don ghnáthnós imeachta reachtach chun gníomh a ghlacadh, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas.

2. Tíolacfaidh an Coimisiún togra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

An chéad léamh

3. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sí i bhfios don Chomhairle é.

4. Má fhormheasann an Chomhairle seasamh Pharlaimint na hEorpa, glacfar an gníomh i dtrácht sa fhriotal a fhreagraíonn do sheasamh Pharlaimint na hEorpa.

5. Más rud é nach bhformheasfaidh an Chomhairle seasamh Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh sí a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sí in iúl do Pharlaimint na hEorpa é.

6. Tabharfaidh an Chomhairle gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh sa chéad léamh. Tabharfaidh an Coimisiún gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoina sheasamh.

An dara léamh

7. Más rud é, laistigh de thrí mhí ón dáta a gcuirfear an t-eolas sin chuici:

(a) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle sa chéad léamh a fhormheas nó nach mbeidh cinneadh glactha aici, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha sa fhriotal a fhreagraíonn do sheasamh na Comhairle;

(b) go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle sa chéad léamh, trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha;

(c) go molfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, leasuithe ar sheasamh na Comhairle sa chéad léamh, cuirfear an téacs arna leasú amhlaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a thabharfaidh tuairim ar na leasuithe sin.

8. Má dhéanann an Chomhairle, laistigh de thrí mhí ó na leasuithe a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe:

(a) na leasuithe sin uile a fhormheas, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha;

(b) gan na leasuithe uile a fhormheas, comórfaidh Uachtarán na Comhairle, le comhaontú Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, cruinniú den Choiste Idir-réitigh laistigh de shé seachtaine.

9. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar na leasuithe a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh.

Idir-réiteach

10. Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus a chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus trí thromlach de na comhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de shé seachtaine óna chomóradh ar bhonn sheasaimh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara léamh.

11. Beidh an Coimisiún rannpháirteach in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sé gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile.

12. Más rud é nach bhformheasfaidh an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh de shé seachtaine óna chomóradh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.

An tríú léamh

13. Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh den tréimhse sin, beidh tréimhse sé seachtaine ag Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh, agus ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis an fhormheasa sin chun an gníomh i dtrácht a ghlacadh i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach. Má theipeann orthu sin a dhéanamh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.

14. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar na tréimhsí trí mhí agus sé seachtaine dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú mí amháin nó dhá sheachtain faoi seach ar a mhéid.

Forálacha speisialta

15. Más rud é, sna cásanna dá bhforáiltear sna Conarthaí, go gcuirfear gníomh reachtach faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh ar thionscnamh ó ghrúpa Ballstát, nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach, nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais, ní bheidh feidhm ag mír 2, ag an dara habairt de mhír 6 ná ag mír 9.

Sna cásanna sin, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an gníomh arna bheartú in iúl don Choimisiún mar aon lena seasaimh sa chéad léamh agus sa dara léamh. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a thuairim a iarraidh ar an gCoimisiún i gcaitheamh an nós imeachta, agus féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin freisin. Féadfaidh sé freisin, má mheasann sé gur gá, a bheith rannpháirteach sa Choiste Idir-réitigh i gcomhréir le mír 11.

Airteagal 295

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i gcomhairle le chéile agus déanfaidh siad socruithe de thoil a chéile don chomhar eatarthu. Chuige sin, féadfaidh siad, agus na conarthaí á gcomhlíonadh acu, comhaontuithe idirinstitiúideacha a thabhairt i gcrích a fhéadfaidh a bheith de chineál ceangailteach.

Airteagal 296

(sean-Airteagal 253 CCE)

Nuair nach sonraítear leis an Conarthaí an saghas gnímh atá le glacadh, roghnóidh na hinstitiúidí é de réir an cháis, agus na nósanna imeachta is infheidhme agus prionsabal na comhréireachta á gcomhlíonadh.

Sonrófar sna gníomhartha dlí na réasúin is bun leo agus tagróidh siad do na tograí, na tionscnaimh, na moltaí, na hiarrataí nó na tuairimí is gá de bhun na gConarthaí.

Agus dréachtghníomhartha reachtacha á bplé acu, staonfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó ghníomhartha a ghlacadh nach bhforáiltear dóibh sa nós imeachta reachtach is ábhartha sa réimse i dtrácht.

Airteagal 297

(sean-Airteagal 254 CCE)

1. Is iad Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle a shíneoidh na gníomhartha reachtacha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

Síneoidh Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad na gníomhartha reachtacha a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta speisialta.

Foilseofar na gníomhartha reachtacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a socrófar iontu nó, mura socrófar an dáta, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

2. Síneoidh Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad na gníomhartha neamhreachtacha a glacadh i bhfoirm rialachán, treoracha agus cinntí, nuair nach sonrófar iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe.

Foilseofar na rialacháin agus na treoracha a bheidh dírithe chuig na Ballstáit ar fad, mar aon leis na cinntí, nuair nach sonrófar iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a socrófar iontu nó, mura socrófar an dáta, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

Cuirfear treoracha eile agus cinntí in iúl dóibh siúd chuig a ndíreofar iad agus gabhfaidh éifeacht leo ar iad a chur in iúl amhlaidh.

Airteagal 298

1. Beidh de thacaíocht ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhall acu, riarachán Eorpach a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách.

2. Agus na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta arna nglacadh ar bhonn Airteagal 336 á gcomhlíonadh, socróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha chun na críche sin.

Airteagal 299

(sean-Airteagal 256 CCE)

Na gníomhartha ón gComhairle, ón gCoimisiún nó ón mBanc Ceannais Eorpach a fhorchuirfidh oibleagáid airgeadais ar dhaoine nach Stáit iad, beidh siad inchurtha i bhfeidhm.

Rialófar a gcur i bhfeidhm leis na rialacha i dtaobh nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an cur i bhfeidhm. Beidh an t-ordú á chur i bhfeidhm i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnte, ón údarás náisiúnta a cheapfaidh Rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Choimisiún agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí atá i gceist, féadfaidh seisean dul i gceann an churtha i bhfeidhm de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil.

Ní féidir an cur i bhfeidhm a fhionraí ach amháin trí bhreith na Cúirte. Ach beidh dlínse ag cúirteanna na tíre lena mbaineann ar ghearáin go bhfuil an forghníomhú á dhéanamh ar dhóigh neamhrialta.

CAIBIDIL 3

COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA AN AONTAIS

Airteagal 300

1. Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.

2. Beidh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta comhdhéanta d'ionadaithe d'eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha.

3. Beidh Coiste na Réigiún comhdhéanta d'ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

4. Ní bheidh comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Choiste na Réigiún faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha. Beidh siad, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

5. Déanfaidh an Chomhairle na rialacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a bhaineann le cineál chomhdhéanamh na gCoistí sin a athbhreithniú go tráthrialta chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus déimeagrafacha san Aontas a chur san áireamh. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinntí chuige sin.

ROINN 1

AN COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA

Airteagal 301

(sean-Airteagal 258 CCE)

Ní rachaidh líon chomhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta thar 350.

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh lena gcinnfear comhdhéanamh an Choiste.

Cinnfidh an Chomhairle slánaíochtaí chomhaltaí an Choiste.

Airteagal 302

(sean-Airteagal 259 CCE)

1. Ceapfar comhaltaí an Choiste ar feadh cúig bliana. Glacfaidh an Chomhairle liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Féadfar téarma oifige chomhaltaí an Choiste a athnuachan.

2. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Féadfaidh sí tuairim a fháil ó chomhlachtaí Eorpacha a ionadaíonn do na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla agus an tsochaí shibhialta ar cúram leo gníomhaíochtaí an Aontais.

Airteagal 303

(sean-Airteagal 260 CCE)

Déanfaidh an Coiste a chathaoirleach agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma dhá bhliain go leith.

Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta.

Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile freisin ar a thionscnamh féin.

Airteagal 304

(sean-Airteagal 262 CCE)

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste sna cásanna dá bhforáiltear sna Conarthaí. Féadfaidh na hinstitiúidí sin dul i gcomhairle leis an gCoiste i ngach cás inar cuí leo é. Féadfaidh an Coiste, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt i gcásanna inar cuí leis é.

Má mheasann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh, tréimhse nach giorra ná mí ón dáta ar a bhfaighidh an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tuairim an Choiste, maille le taifead ar na himeachtaí.

ROINN 2

COISTE NA RÉIGIÚN

Airteagal 305

(sean-Airteagal 263, an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír, CCE)

Ní rachaidh líon chomhaltaí Choiste na Réigiún thar 350.

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh lena gcinnfear comhdhéanamh an Choiste.

Déanfar comhaltaí an Choiste mar aon lena chomhlíon de mhalartaigh a cheapadh go ceann cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan. Glacfaidh an Chomhairle liosta na gcomhaltaí agus na malartach arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Ar dhul in éag don sainordú dá dtagraítear in Airteagal 300(3) ar dá bhun a rinneadh an togra ina dtaobh, tiocfaidh deireadh go huathoibríoch lena dtéarma oifige ar an gCoiste agus cuirfear comhaltaí ina n-ionad i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige sin. Ní fhéadfaidh comhalta den Choiste bheith ina chomhalta de Pharlaimint na hEorpa san am céanna.

Airteagal 306

(sean-Airteagal 264 CCE)

Déanfaidh Coiste na Réigiún a chathaoirleach agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma dhá bhliain go leith.

Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.

Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile freisin ar a thionscnamh féin.

Airteagal 307

(sean-Airteagal 265 CCE)

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle le Coiste na Réigiún sna cásanna dá bhforáiltear sna Conarthaí agus i ngach cás eile, go háirithe sna cásanna a bhaineann le comhar trasteorann, inar cuí le ceann amháin de na hinstitiúidí sin é.

Má mheasann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh, tréimhse nach giorra ná mí ón dáta ar a bhfaighidh an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

Gach uair a rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta de bhun Airteagal 304, cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún Coiste na Réigiún ar an eolas faoin iarraidh sin ar thuairim. Féadfaidh Coiste na Réigiún, má mheasann sé go bhfuil sainleasanna réigiúnacha i dtreis, tuairim a thíolacadh i dtaca leis sin.

Féadfaidh sé tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin i gcásanna ina measann sé is gá sin.

Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tuairim an Choiste maille le taifead ar na himeachtaí.

CAIBIDIL 4

AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

Airteagal 308

(sean-Airteagal 266 CCE)

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Is iad na Ballstáit is comhaltaí den Bhanc Eorpach Infheistíochta.

Tá Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta leagtha síos i bPrótacal atá i gceangal leis na Conarthaí. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta, arna iarraidh sin don Bhanc Eorpach Infheistíochta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, Reacht an Bhainc a leasú.

Airteagal 309

(sean-Airteagal 267 CCE)

Is é is cúram don Bhanc Eorpach Infheistíochta rannchuidiú, trí dhul ar iontaoibh mhargadh an chaipitil agus trína acmhainní féin a úsáid, le forbairt chothromúil rianúil an mhargaidh inmheánaigh chun leas an Aontais. Chuige sin déanfaidh an Banc, ag oibriú dó ar bhonn neamhbhrabúsmhar, iasachtaí agus ráthaíochtaí a thabhairt a éascóidh maoiniú na dtionscadal seo a leanas i ngach earnáil den gheilleagar:

(a) tionscadail le haghaidh fhorbairt na réigiún lagfhorbartha;

(b) tionscadail chun gnóthais a nuachóiriú nó a athrú nó chun gníomhaíochtaí úra a fhorbairt a mbeidh call leo mar gheall ar bhunú nó ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh, i gcás nach féidir, mar gheall ar mhéid nó cineál na dtionscadal sin, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha;

(c) tionscadail leasa choitinn do Bhallstáit éagsúla nach féidir, mar gheall ar a méid nó a gcineál, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha.

I gcomhlíonadh a chúraimí dó, éascóidh an Banc maoiniú clár infheistíochta i gcuibhreann le cabhair ó na cistí struchtúracha agus ó ionstraimí airgeadais Aontais eile.

TEIDEAL II

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 310

(sean-Airteagal 268 CCE)

1. Déanfar gach ioncam agus caiteachas de chuid an Aontais a áireamh i meastacháin a tharraingeofar suas do gach bliain airgeadais agus taispeánfar iad sa bhuiséad.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 314.

Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad a bheith ar comhardú.

2. Údarófar an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad don tréimhse bhuiséadach bhliantúil i gcomhréir leis an rialachán dá dtagraítear in Airteagal 322.

3. Chun an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad a chur chun feidhme beidh gá le gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh roimh ré chun bunús dlí a sholáthar dá ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh i gcomhréir leis an Rialachán dá dtagraítear in Airteagal 322, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa dlí sin.

4. D'fhonn an smacht buiséadach a áirithiú, ní ghlacfaidh an tAontas aon ghníomh ar dóigh dó iarmhairtí suntasacha a bheith aige ar an mbuiséad gan a dheimhniú go bhféadfar an caiteachas a eascraíonn ón ngníomh sin a mhaoiniú laistigh de theorainneacha acmhainní dílse an Aontais agus i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 312.

5. Déanfar an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an Aontas chun a áirithiú go n-úsáidfear na leithreasaí sa bhuiséad i gcomhréir leis an bprionsabal sin.

6. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 325, an chalaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

CAIBIDIL 1

ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS

Airteagal 311

(sean-Airteagal 269 CCE)

Cuirfidh an tAontas ar fáil dó féin na meáin is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus a bheartais a chur i gcrích.

Gan dochar d'ioncam eile, maoineofar an buiséad go hiomlán as acmhainní dílse.

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, cinneadh lena leagfar síos na forálacha a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais. Sa chomhthéacs sin, féadfar catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú nó catagóir atá ann a dhíothú. Ní thiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta cur chun feidhme chóras acmhainní dílse an Aontais a leagan síos a mhéid a fhoráiltear sa chinneadh arna ghlacadh ar bhonn an tríú mír. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

CAIBIDIL 2

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL

Airteagal 312

1. Áiritheoidh an creat airgeadais ilbhliantúil go dtiocfaidh forbairt ar chaiteachas an Aontais ar dhóigh ordúil agus laistigh de theorainneacha a acmhainní dílse.

Bunófar é ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.

Comhlíonfaidh buiséad bliantúil an Aontais an creat airgeadais ilbhliantúil.

2. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, rialachán lena mbunófar an creat airgeadais ilbhliantúil. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa arna thabhairt ag tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d'aon toil lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe nuair a bheidh an rialachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh.

3. Cinnfear leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí de réir aicme caiteachais agus méideanna na huasteorann bliantúla ar leithreasaí íocaíochta. Freagróidh na haicmí caiteachais, ar teoranta a líon, do phríomhearnálacha gníomhaíochta an Aontais.

Leagfar síos leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil aon fhorálacha eile is gá chun go n-oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go réidh.

4. Mura mbeidh an rialachán ón gComhairle lena gcinnfear creat nua airgeadais glactha roimh dheireadh an chreata airgeadais roimhe sin, fadófar na huasteorainneacha agus na forálacha eile a fhreagraíonn do bhliain dheireanach an chreata sin go dtí go nglacfar an gníomh sin.

5. I gcaitheamh an nós imeachta as a dtiocfaidh glacadh an chreata airgeadais ilbhliantúil, glacfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gach beart is gá chun an glacadh sin a éascú.

CAIBIDIL 3

BUISÉAD BLIANTÚIL AN AONTAIS

Airteagal 313

(sean-Airteagal 272(1) CCE)

Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.

Airteagal 314

(sean-Airteagal 272(2) go (10), CCE)

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta speisialta, buiséad bliantúil an Aontais a bhunú i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

1. Roimh an 1 Iúil, déanfaidh gach institiúid, seachas an Banc Ceannais Eorpach, meastacháin ar a caiteachas a tharraingt suas don bhliain bhuiséadach dár gcionn. Comhdhlúthóidh an Coimisiún na meastacháin sin i ndréachtbhuiséad a bhféadfaidh meastacháin éagsúla a bheith ann.

Beidh meastachán ar ioncam agus meastachán ar chaiteachas sa dréachtbhuiséad sin.

2. Tíolacfaidh an Coimisiún togra ina mbeidh an dréachtbhuiséad do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lá nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair den bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad le cur chun feidhme.

Féadfaidh an Coimisiún an dréachtbhuiséad a leasú le linn an nós imeachta go dtí go ndéanfar an Coiste Idir-réitigh, dá dtagraítear i mír 5, a chomóradh.

3. Glacfaidh an Chomhairle a seasamh ar an dréachtbhuiséad agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa é lá nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair den bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad le cur chun feidhme. Cuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh.

4. Más rud é, laistigh de dhá lá is daichead ón eolas sin a chur:

(a) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle a fhormheas, glacfar an buiséad;

(b) nach mbeidh cinneadh glactha ag Parlaimint na hEorpa, measfar go bhfuil an buiséad glactha;

(c) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, leasuithe a ghlacadh, cuirfear an dréacht arna leasú amhlaidh ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, i gcomhaontú le hUachtarán na Comhairle, cruinniú den Choiste Idir-réitigh a chomóradh láithreach. Ar a shon sin, más amhlaidh, laistigh de dheich lá tar éis an dréacht sin a chur ar aghaidh, go gcuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas go bhfuil a cuid leasuithe uile formheasta aici, ní thiocfaidh an Coiste Idir-réitigh le chéile.

5. Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus a chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh do Pharlaimint na hEorpa, teacht ar chomhaontú, ar bhonn na seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le téacs comhpháirteach trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó d'ionadaithe dóibh agus trí thromlach ionadaithe Pharlaimint na hEorpa laistigh d'aon lá fichead óna comóradh.

Glacfaidh an Coimisiún páirt in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sí gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile.

6. Más rud é, laistigh den tréimhse aon lá fichead dá dtagraítear i mír 5, go dtiocfaidh an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, beidh tréimhse ceithre lá dhéag ó dháta an chomhaontaithe sin ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon chun an téacs comhpháirteach a fhormheas.

7. Más rud é, laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dá dtagraítear i mír 6:

(a) go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an téacs comhpháirteach nó go mainneoidh siad cinneadh a ghlacadh, nó go bhformheasfaidh ceann de na hinstitiúidí sin an téacs comhpháirteach agus go mainneoidh an ceann eile cinneadh a ghlacadh, measfar go bhfuil an buiséad glactha go cinntitheach i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach; nó

(b) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, agus an Chomhairle araon an téacs comhpháirteach a dhiúltú, nó go ndiúltóidh ceann de na hinstitiúidí sin an téacs comhpháirteach agus go mainneoidh an ceann eile cinneadh a ghlacadh, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua;

(c) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, an téacs comhpháirteach a dhiúltú ach go bhformheasfaidh an Chomhairle é, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua; nó

(d) go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach ach go ndiúltóidh an Chomhairle é, féadfaidh an Pharlaimint, laistigh de thréimhse ceithre lá dhéag amhail ón gComhairle téacs a dhiúltú, agus ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í agus le trí chúigiú de na vótaí arna gcaitheamh, a chinneadh na leasuithe uile dá dtagraítear i mír 4(c) nó cuid díobh a dhearbhú. Nuair nach ndéanfar leasú de chuid Pharlaimint na hEorpa a dhearbhú, coinneofar an seasamh a comhaontaíodh sa Choiste Idir-réitigh maidir leis an gceannteideal buiséadach is ábhar don leasú. Measfar go bhfuil an buiséad glactha go cinntitheach ar an mbonn sin.

8. Más rud é, laistigh den tréimhse aon lá fichead dá dtagraítear i mír 5, nach dtiocfaidh an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua.

9. Nuair a bheidh deireadh leis an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo, dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil glactha go cinntitheach leis an mbuiséad.

10. Feidhmeoidh gach Institiúid na cumhachtaí a thugtar di san Airteagal seo, agus forálacha na gConarthaí agus na gníomhartha arna nglacadh dá mbun á gcomhlíonadh, go háirithe i dtaca le hacmhainní dílse an Aontais agus leis an gcomhardú idir ioncam agus caiteachas.

Airteagal 315

(sean-Airteagal 273 CCE)

Más rud é, i dtosach bliana airgeadais, nach bhfuil an buiséad glactha go cinntitheach fós, féadfar suim nach mó ná an dóú cuid déag de na leithreasaí buiséid don bhliain airgeadais roimhe sin a chaitheamh gach mí i leith aon chaibidle den bhuiséad, de réir fhorálacha na rialachán a bheidh déanta de bhun Airteagal 322, ach ní bheidh d'éifeacht leis an socrú sin go gcuirfear ar láimh an Choimisiúin leithreasaí de bhreis ar an dóú cuid déag díobh siúd dá bhforáiltear sa chaibidil sin den dréachtbhuiséad atá á ullmhú.

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, agus ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha eile atá leagtha síos sa chéad fhomhír, caiteachas de bhreis ar an dóú cuid déag a údarú i gcomhréir leis na rialacháin a dhéanfar de bhun Airteagal 322. Cuirfidh an Chomhairle an cinneadh ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa láithreach.

Leagfar síos leis an gcinneadh dá dtagraítear sa dara mír na bearta is gá a bhaineann le hacmhainní chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 311.

Tiocfaidh sé i bhfeidhm tríocha lá tar éis a ghlactha ach amháin más rud é nach mbeidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, tar éis a chinneadh an caiteachas sin a laghdú laistigh den teorainn ama sin.

Airteagal 316

(sean-Airteagal 271 CCE)

De réir coinníollacha a leagfar síos de bhun Airteagal 322, aon leithreasaí, seachas iad siúd a bhaineann le caiteachas ar fhoireann, a bheidh gan chaitheamh i ndeireadh na bliana airgeadais, féadfar iad a thabhairt ar aghaidh chuig an mbliain airgeadais ina dhiaidh sin, ach ní níos faide ná sin.

Aicmeofar na leithreasaí faoi chaibidlí éagsúla, agus míreanna caiteachais á ngrúpáil de réir a gcineáil nó a gcuspóra, agus á bhforoinnt, de réir na rialachán a dhéanfar de bhun Airteagal 322.

Déanfar caiteachas Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle, an Choimisiúin, agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leagan amach i gcodanna leithleacha den bhuiséad gan dochar do shocruithe speisialta le haghaidh míreanna áirithe caiteachais a bheidh orthu i gcoiteannas.

CAIBIDIL 4

AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME AGUS A URSCAOILEADH

Airteagal 317

(sean-Airteagal 274 CCE)

Cuirfidh an Coimisiún an buiséad i ngníomh i gcomhar leis na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha na rialachán arna ndéanamh de bhun Airteagal 322, ar a fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasaí, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun a áirithiú go n-úsáidtear na leithreasaí i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

Leagfar síos leis na rialacháin na hoibleagáidí maidir le rialú agus iniúchóireacht a bheidh ar na Ballstáit i gcur chun feidhme an bhuiséid agus na freagrachtaí a bheidh mar thoradh air sin. Leagfar síos leo chomh maith na freagrachtaí agus na rialacha mionsonraithe do gach institiúid maidir lena páirt ina caiteachas féin a chur i ngníomh.

Laistigh den bhuiséad, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha arna leagan síos sna rialacháin arna ndéanamh de bhun Airteagal 322, leithreasaí a aistriú ó chaibidil go chéile nó ó fhoroinn go chéile.

Airteagal 318

(sean-Airteagal 275 CCE)

Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain cuntais na bliana airgeadais roimhe sin maidir leis an mbuiséad a chur i ngníomh. Cuirfidh an Coimisiún chucu freisin ráiteas airgeadais ar shócmhainní agus dhliteanais an Aontais.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ar riocht airgeadais an Aontais do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna bunú ar na torthaí atá gnóthaithe go háirithe i ndáil leis na sonraí arna dtabhairt ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle de bhun Airteagal 319.

Airteagal 319

(sean-Airteagal 276 CCE)

1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di ar mholadh ón gComhairle, urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith an buiséad a chur i ngníomh. Chun na críche sin, déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i ndiaidh na Comhairle, scrúdú ar na cuntais, ar an ráiteas airgeadais agus ar an tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 318, ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí, maille le freagraí na n-institiúidí faoi iniúchadh ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí, ar an ráiteas dearbhaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 287(1) agus ar aon tuarascálacha speisialta ábhartha ón gCúirt Iniúchóirí.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, sula dtabharfaidh sí urscaoileadh don Choimisiún nó chun aon chríche eile faoi chuimsiú fheidhmiú chumhachtaí an Choimisiúin i leith an buiséad a chur i ngníomh, a iarraidh an Coimisiún a éisteacht ar chur i ngníomh an chaiteachais nó ar oibriú na gcóras rialú airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gach eolas is gá faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin di.

3. Déanfaidh an Coimisiún gach dícheall chun go gcuirfear na barúlacha i gcrích atá i gceangal leis na cinntí urscaoilte maille le barúlacha eile Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcaiteachas a chur i ngníomh agus na gluaiseanna a bheidh in éineacht leis na moltaí urscaoilte arna nglacadh ag an gComhairle.

Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na bearta a bheidh glactha i bhfianaise na mbarúlacha agus na ngluaiseanna sin agus go háirithe ar na teagaisc a bheidh tugtha do na ranna atá freagrach as an mbuiséad a chur i ngníomh. Cuirfear na tuarascálacha sin chun na Cúirte Iniúchóirí freisin.

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA COITIANTA

Airteagal 320

(sean-Airteagal 277 CCE)

Tarraingeofar suas an creat airgeadais ilbhliantúil agus an buiséad bliantúil in euro.

Airteagal 321

(sean-Airteagal 278 CCE)

Féadfaidh an Coimisiún, ach é a chur in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, aistriú go hairgead reatha ceann de na Ballstáit a dhéanamh ar a bhfuil ina sheilbh aige d'airgead reatha Ballstáit eile, a mhéad is gá le go bhféadfar é a úsáid chun na gcríoch a cheaptar dó leis na Conarthaí. Seachnóidh an Coimisiún aistriú dá leithéid sin, chomh fada agus is féidir, má bhíonn airgead nó sócmhainní insóinseáilte ar seilbh aige sna hairgid reatha atá ag teastáil uaidh.

Déileálfaidh an Coimisiún le gach Ballstát tríd an údarás a bheidh sonraithe ag an Stát áirithe. Chun oibríochtaí a chur i gcrích, bainfidh an Coimisiún leas as seirbhísí bhanc eisiúna an Bhallstáit atá i gceist nó aon institiúid airgeadais eile a bheidh formheasta ag an Stát sin.

Airteagal 322

(sean-Airteagal 279 CCE)

1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí, trí bhíthin rialachán:

(a) na rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an gnáthnós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh;

(b) na rialacha ina bhforálfar do sheiceálacha ar an bhfreagracht atá ar oibreoirí airgeadais, agus go háirithe ar oifigigh um údarú agus ar oifigigh cuntais.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCúirt Iniúchóirí, na modhanna agus an nós imeachta a chinneadh ar dá réir a bheidh an t-ioncam buiséid dá bhforáiltear faoi na socruithe i dtaobh acmhainní dílse an Aontais féin le cur ar fáil don Choimisiún agus na bearta a chinneadh a bheidh le cur i bhfeidhm, más gá, chun freastal do riachtanais airgeadais.

Airteagal 323

Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go gcuirfear na meáin airgeadais ar fáil chun go bhféadfaidh an tAontas a chuid oibleagáidí dlíthiúla a chomhall i leith tríú páirtithe.

Airteagal 324

Ar thionscnamh ón gCoimisiún, comórfar cruinnithe tráthrialta idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin faoi na nósanna imeachta buiséadacha dá dtagraítear sa Teideal seo. Glacfaidh na hUachtaráin gach beart is gá chun comhairliúchán a chur chun cinn agus seasaimh na n-institiúidí a bhfuil siad i gceannas orthu a thabhairt chun réitigh chun cur chun feidhme an Teidil seo a éascú.

CAIBIDIL 6

AN COMHRAC IN AGHAIDH NA CALAOISE

Airteagal 325

(sean-Airteagal 280 CCE)

1. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac trí bhearta a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a bheidh mar chosc agus a thabharfaidh cosaint éifeachtúil sna Ballstáit agus in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais.

2. Glacfaidh na Ballstáit na bearta céanna chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais is a ghlacann siad chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil dá leasanna airgeadais féin.

3. Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcoinne na calaoise. Chuige sin, eagróidh siad, i dteannta leis an gCoimisiún, dlúthchomhar rialta idir na húdaráis inniúla.

4. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí, na bearta is gá maidir le calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac d'fhonn cosaint éifeachtúil choibhéiseach a thabhairt sna Ballstáit agus in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais.

5. Tíolacfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach bliain ar na bearta a glacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

TEIDEAL III

COMHAR FEABHSAITHE

Airteagal 326

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe Conarthaí an Aontais agus dlí an Aontais.

Ní fhéadfaidh an comhar sin dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach ná don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Ní bheidh sé ina bhacainn ar an trádáil ná ní dhéanfaidh sé idirdhealú sa trádáil idir Bhallstáit agus ní shaobhfaidh sé an iomaíocht eatarthu.

Airteagal 327

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na mBallstát sin nach mbeidh rannpháirteach ann. Ní chuirfidh na Ballstáit sin bac ar a chur chun feidhme ag na Ballstáit rannpháirteacha.

Airteagal 328

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

1. Nuair a bheidh an comhar feabhsaithe á chur ar bun, beidh sé ar oscailt do na Ballstáit uile, faoi réir aon choinníollacha rannpháirtíochta arna leagan síos leis an gcinneadh um údarú a chomhlíonadh. Beidh sé ar oscailt dóibh, tráth ar bith eile freisin, faoi réir chomhlíonadh na ngníomhartha arna nglacadh cheana faoina chuimsiú sin, de bhreis ar na coinníollacha sin.

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe go ndéanfaidh siad rannpháirtíocht a oiread Ballstát agus is féidir a chur chun cinn.

2. Déanfaidh an Coimisiún agus, nuair is iomchuí, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas go tráthrialta faoi fhorbairtí sa chomhar feabhsaithe.

Airteagal 329

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

1. Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu i gceann de na réimsí atá folaithe sna Conarthaí, seachas réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach agus an comhbheartas eachtrach agus slándála, díreoidh siad chuig an gCoimisiún iarraidh a shonróidh raon feidhme agus cuspóirí an chomhair fheabhsaithe arna bheartú. Féadfaidh an Coimisiún togra chuige sin a thíolacadh don Chomhairle. Mura ndéanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh, cuirfidh sé na Ballstáit i dtrácht ar an eolas faoi na cúiseanna nár thíolaic sé togra.

Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonú.

2. Díreofar chuig an gComhairle an iarraidh ó na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a bhunú eatarthu. Déanfar an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála, a thabharfaidh tuairim an bhfuil an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus chuig an gCoimisiún, a thabharfaidh a thuairim go háirithe an bhfuil an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le beartais eile an Aontais. Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa í freisin mar eolas.

Is le cinneadh ón gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil, a dheonófar an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe.

Airteagal 330

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

Féadfaidh gach comhalta den Chomhairle a bheith rannpháirteach ina pléití, ach ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí sin amháin den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe.

Is éard is aontoilíocht ann vótaí ionadaithe na mBallstát rannpháirteach amháin.

Saineofar an tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3).

Airteagal 331

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

1. Aon Bhallstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a bheidh ar siúl i gceann de na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 329(1), cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún.

Laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra a fháil, daingneoidh an Coimisiún rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht. Suífidh sé más gá go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhallta agus glacfaidh sé aon bhearta idirthréimhseacha is gá maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha arna nglacadh cheana faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe.

Ar a shon sin, má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhallta, sonróidh sé na socruithe atá le glacadh chun na coinníollacha sin a chomhall agus socróidh sé teorainn ama chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a athscrúdú. Ar an teorainn ama sin a bheith caite, athscrúdóidh sé an iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa dara fomhír. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta fós, féadfaidh an Ballstát i dtrácht an cheist a tharchur chuig an gComhairle a ghlacfaidh cinneadh ar an iarraidh. Gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 330. Féadfaidh sí freisin, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta idirthréimhseacha dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh.

2. Gach Ballstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a bheidh ar siúl faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle, d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus don Choimisiún.

Daingneoidh an Chomhairle rannpháirtíocht an Bhallstáit i gceist, tar éis dul i gcomhairle le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus tar éis a shuíomh, más gá, go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, aon bhearta idirthréimhseacha is gá a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha atá glactha cheana faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe. Má mheasann an Chomhairle, áfach, nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta, sonróidh sí na socruithe a bheidh le glacadh chun na coinníollacha sin a chomhall agus socróidh sí teorainn ama chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a athscrúdú.

Chun críocha na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil agus i gcomhréir le hAirteagal 330.

Airteagal 332

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

Is iad na Ballstáit rannpháirteacha a iompróidh an caiteachas a thig ón gcomhar feabhsaithe a chur chun feidhme, seachas costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí, mura gcinnfidh comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, ag gníomhú dóibh d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 333

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

1. Nuair a leagfar síos le foráil de na Conarthaí a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal 330, cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos mar choinníoll go ngníomhóidh sí trí thromlach cáilithe.

2. Nuair a leagtar síos le foráil de na Conarthaí a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go nglacfaidh an Chomhairle gníomhartha faoi nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal 330, cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos go ngníomhóidh sí faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir leis na cinntí a mbeidh impleachtaí míleata nó cosanta acu.

Airteagal 334

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

Áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí arna ngabháil ar láimh i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe agus comhchuibheas na ngníomhaíochtaí sin le beartais an Aontais, agus comhoibreoidh siad le chéile siad chuige sin.

CUID A SEACHT

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 335

(sean-Airteagal 282 CCE)

I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Aontas an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina dhlíthe ag daoine dlítheanacha; féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. Chuige sin, feidhmeoidh an Coimisiún ar son an Aontais. Ar a shon sin, feidhmeoidh gach ceann de na hinstitiúidí, de bhua a neamhspleáchais riaracháin, thar ceann an Aontais in ábhair a bhaineann lena hoibriú faoi seach.

Airteagal 336

(sean-Airteagal 283 CCE)

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí eile i dtrácht, Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais a leagan síos.

Airteagal 337

(sean-Airteagal 284 CCE)

Chun na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a chruinniú, agus aon fhíorú is gá a dhéanamh, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a bheidh leagtha síos ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, de réir fhorálacha na gConarthaí.

Airteagal 338

(sean-Airteagal 285 CCE)

1. Gan dochar d'Airteagal 5 den Phrótacal ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh chun staidreamh a chur ar fáil nuair is gá sin chun gníomhaíochtaí an Aontais a chomhlíonadh.

2. Cuirfear an staidreamh Aontais ar fáil i gcomhréir le neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíoch, éifeachtúlacht costais agus rúndacht an staidrimh; ní bheidh ualaí iomarcacha ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr.

Airteagal 339

(sean-Airteagal 287 CCE)

Beidh de cheangal ar chomhaltaí institiúidí an Aontais, ar chomhaltaí coistí, agus ar oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan faisnéis a nochtadh is de chineál atá faoi chumhdach na rúndachta gairmiúla, go háirithe faisnéis a bhaineann le gnóthais, lena gcaidreamh gnó nó le comhdhéanamh a gcostas.

Airteagal 340

(sean-Airteagal 288 CCE)

Beidh dliteanas conarthach an Aontais faoi rialú ag an dlí a bhaineann leis an gconradh atá i gceist.

I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tAontas, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

D'ainneoin an dara mír, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a mbeidh sé féin ina chúis leis nó a mbeidh a sheirbhísigh ina gcúis leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

Beidh dliteanas pearsanta a sheirbhísigh i leith an Aontais faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta a bhaineann leo.

Airteagal 341

(sean-Airteagal 289 CCE)

Cinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile, suíomh institiúidí an Aontais.

Airteagal 342

(sean-Airteagal 290 CCE)

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú trí bhíthin rialachán di d'aon toil, na rialacha i dtaobh theangacha institiúidí an Aontais a chinneadh, gan dochar do na forálacha atá i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 343

(sean-Airteagal 291 CCE)

Beidh ag an Aontas, i gcríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos i bPrótacal an 8 Aibreán 1965 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh. Is mar an gcéanna a bheidh maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Airteagal 344

(sean-Airteagal 292 CCE)

Gabhann na Ballstáit orthu féin nach gcuirfidh siad díospóid maidir le léiriú nó feidhmiú na gConarthaí á réiteach ar mhodh ar bith seachas mar a fhoráiltear iontu.

Airteagal 345

(sean-Airteagal 295 CCE)

Ní dhéanfaidh na Conarthaí dochar ar dhóigh ar bith do na rialacha a bhaineann leis an gcóras úinéireachta maoine i mBallstáit.

Airteagal 346

(sean-Airteagal 296 CCE)

1. Ní chuirfidh forálacha na gConarthaí bac ar fheidhmiú na rialacha seo a leanas:

(a) ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála;

(b) féadfaidh aon Bhallstát cibé bearta is gá leis a ghlacadh chun leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint agus ar bearta iad a bhaineann le hairm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a thrádáil. Ní foláir, áfach, gan na bearta sin a dhul chun dochair do na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach i gcás táirgí nach bhfuil ceaptha chun críoch míleata go sonrach.

2. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, athruithe a dhéanamh ar an liosta a tharraing sí suas ar an 15 Aibreán 1958 de na táirgí a bhfuil forálacha phointe (b) de mhír 1 infheidhme orthu.

Airteagal 347

(sean-Airteagal 297 CCE)

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile d'fhonn go ndéanfar i gcomhar na nithe is gá chun nach gcoiscfí feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar bhearta a bheadh le déanamh ag Ballstát i gcás suaitheadh tromchúiseach inmheánach a dhul i gcion ar an ord poiblí, i gcás cogaidh nó i gcás mórtheannas idirnáisiúnta a mbeadh bagairt chogaidh ann, nó chun oibleagáidí a chomhlíonadh a bhí glactha aige d'fhonn an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choimeád.

Airteagal 348

(sean-Airteagal 298 CCE)

Más rud é go dtiocfaidh de na bearta a ghlacfar sna himthosca dá dtagraítear in Airteagail 346 agus 347 saobhadh ar na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach, scrúdóidh an Coimisiún an scéal, i gcomhar leis an Stát atá i gceist, féachaint conas is féidir na bearta sin a oiriúnú do na rialacha atá leagtha síos sna Conarthaí.

De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 258 agus 259, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais go díreach má mheasann sé go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáid as na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 346 agus 347. Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a breith i gcúirt iata.

Airteagal 349

(sean-Airteagal 299(2), an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír, CCE)

Ag tabhairt aird ar staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach Ghuadalúip, Ghuáin na Fraince, Martinique, La Réunion, Saint-Barthélemy, Saint-Martin, na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach, staid is measa fós mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach, agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí, a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar dá bhforbairt, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, bearta sonracha a ghlacadh a mbeidh sé d'aidhm acu, ach go háirithe, na coinníollacha a leagan síos chun na Conarthaí, lena n-áirítear comhbheartais, a chur i bhfeidhm ar na réigiúin sin. Nuair a ghlacfaidh an Chomhairle na bearta sonracha i dtrácht i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, gníomhóidh sí freisin ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Bainfidh na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír go háirithe le réimsí amhail beartais chustaim agus trádála, beartas fioscach, saorlimistéir, beartais talmhaíochta agus iascaigh, coinníollacha maidir le soláthar amhábhar agus earraí tomhaltais fíor-riachtanacha, státchabhracha agus coinníollacha rochtana ar chistí struchtúracha agus ar chláir chothrománacha Aontais.

Glacfaidh an Chomhairle na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag cur ghnéithe agus shrianta speisialta na réigiún is forimeallaí san áireamh ach gan baint d'iomláine ná de chomhchuibheas dhlíchóras an Aontais, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus na comhbheartais.

Airteagal 350

(sean-Airteagal 306 CCE)

Ní chuirfidh forálacha na gConarthaí bac le haontais réigiúnacha idir an Bheilg agus Lucsamburg, nó idir an Bheilg, Lucsamburg agus an Ísiltír, a bheith ann nó a chomhlánú, sa mhéid nach bhfuil aidhmeanna na n-aontas réigiúnach sin á ngnóthú trí fheidhmiú na gConarthaí.

Airteagal 351

(sean-Airteagal 307 CCE)

Ní dhéanfaidh forálacha na gConarthaí difear do na cearta agus na hoibleagáidí a éiríonn as comhaontuithe a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 1958, nó i gcás Stát aontach, roimh dháta a n-aontachais, idir Ballstát nó Ballstáit ar thaobh amháin agus tríú tír nó tríú tíortha ar an taobh eile.

Sa mhéid nach bhfuil na comhaontuithe sin ag luí leis na Conarthaí, glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit áirithe gach slí iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhluí sin. Nuair is gá, cabhróidh na Ballstáit le chéile chun na críche sin agus glacfaidh siad comhdhearcadh nuair is iomchuí sin.

Ag cur na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad mhír chun feidhme dóibh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gur cuid dhílis de bhunú an Aontais na buntáistí a fhaightear faoi na Conarthaí ó gach Ballstát agus uime sin go bhfuil siad i ndlúthnasc doscartha le bunú comhinstitiúidí, le cumhachtaí a thabhairt dóibh, agus leis na buntáistí céanna a bheith á ndeonú ag na Ballstáit eile go léir.

Airteagal 352

(sean-Airteagal 308 CCE)

1. Más cosúil gur gá gníomhaíocht ag an Aontas, faoi chuimsiú na mbeartas atá sainithe sna Conarthaí, chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a bhaint amach agus nach dtugtar sna Conarthaí na cumhachtaí is gá, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, na forálacha iomchuí a ghlacadh. Má ghlacann an Chomhairle na forálacha atá i gceist i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, gníomhóidh sí freisin d'aon toil, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

2. Faoi chuimsiú an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tarraingeoidh an Coimisiún aird na bParlaimintí náisiúnta ar na tograí arna mbunú ar an Airteagal seo.

3. Ní bheidh mar thoradh ar bhearta arna mbunú ar an Airteagal seo comhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát sna cásanna ina n-eisiatar comhchuibhiú den sórt sin leis na Conarthaí.

4. Ní fhéadfar an tAirteagal seo a úsáid mar bhunús chun cuspóir a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a bhaint amach agus urramóidh gach gníomh a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo na teorainneacha a leagtar amach sa dara mír d'Airteagal 40 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 353

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 48(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis na hAirteagail seo a leanas:

- Airteagal 311, an tríú mír agus an ceathrú mír,

- Airteagal 312(2), an chéad mhír,

- Airteagal 352, agus

- Airteagal 354.

Airteagal 354

(sean-Airteagal 309 CCE)

Chun críocha Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann le cearta áirithe a leanann ó bhallraíocht san Aontas a fhionraí, ní ghlacfaidh an comhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn don Bhallstát i dtrácht páirt sa vótáil agus ní chuirfear an Ballstát i dtrácht san áireamh nuair a bheidh trian nó ceithre chúigiú de na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal sin á ríomh. Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó a n-ionadaítear dóibh ar na cinntí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal thuasluaite a ghlacadh.

D'fhonn na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus (4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a ghlacadh, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(b) den Chonradh seo.

Nuair a dhéanfaidh an Chomhairle, tar éis cinneadh a ghlacadh cearta vótála a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhú trí thromlach cáilithe ar bhonn ceann d'fhorálacha na gConarthaí, saineofar an tromlach cáilithe sin i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(b) den Chonradh seo nó, nuair a ghníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

Chun críocha Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, a bheidh in ionannas le tromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í.

Airteagal 355

(sean-Airteagal 299(2), an chéad mhír, agus (3) go (6) CCE)

Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chomh maith le forálacha Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le raon feidhme críochach na gConarthaí.

1. Beidh feidhm ag forálacha na gConarthaí maidir le Guadalúip, le Guáin na Fraince, le Martinique, le La Réunion, le Saint-Barthélemy, le Saint-Martin, leis na hAsóir, le Maidéara agus leis na hOileáin Chanáracha, i gcomhréir le hAirteagal 349.

2. Bainfidh na socruithe speisialta i dtaobh comhlachais atá leagtha amach i gCuid a Ceathair leis na tíortha agus na críocha thar lear atá luaite sa liosta in Iarscríbhinn II.

Ní bhainfidh na Conarthaí leis na tíortha agus na críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil luaite sa liosta réamhráite.

3. Bainfidh forálacha na gConarthaí leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach ina gcaidreamh eachtrach.

4. Beidh forálacha na gConarthaí infheidhme ar Oileáin Åland i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.

5. De mhaolú ar Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo:

(a) ní bheidh na Conarthaí infheidhme ar Oileáin Fharó;

(b) ní bheidh feidhm ag na Conarthaí maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe sa Chipir ach amháin a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe atá leagtha amach sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach agus i gcomhréir le téarmaí an Phrótacail sin;

(c) ní bhainfidh forálacha na gConarthaí le hOileáin Mhuir nIocht ná le hOileán Mhanann ach a mhéad is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an córas dá bhforáiltear do na hoileáin sin sa Chonradh i dtaobh aontachas na mBallstát nua le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh ar an 22 Eanáir 1972.

6. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ón mBallstát i dtrácht, cinneadh a ghlacadh lena leasófar an stádas i leith an Aontais atá ag tír nó ag críoch de chuid na Danmhairge, na Fraince nó na hÍsiltíre dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Airteagal 356

(sean-Airteagal 312 CCE)

Tá an Conradh seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

Airteagal 357

(sean-Airteagal 313 CCE)

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo de réir a rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.

Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin. Más rud é, áfach, go ndéanfar an taisceadh sin faoi bhun cúig lá dhéag roimh thús na míosa le teacht, ní thiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm go dtí an chéad lá den dara mí tar éis dháta an taiscthe sin.

Airteagal 358

Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 55 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an gConradh seo.

DÁ FHIANÚ SIN chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gConradh seo.

Arna dhéanamh sa Róimh, an cúigiú lá is fiche de Mhárta sa bhliain míle naoi gcéad caoga a seacht.

(liosta na sínitheoirí gan atáirgeadh)

[1] Tá Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Éire, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann tar éis teacht chun bheith ina mBallstáit den Aontas Eorpach ó shin.

[2] Níl sa tagairt seo ach treoir. Tá faisnéis níos cuimsithí sna táblaí a léiríonn an comhghaol idir an seanuimhriú agus an t-uimhriú nua ar na conarthaí.

--------------------------------------------------

Top