EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12003TN13/07
Act concerning the conditions of accession of the Czech Republic, the Republic of Estonia, the Republic of Cyprus, the Republic of Latvia, the Republic of Lithuania, the Republic of Hungary, the Republic of Malta, the Republic of Poland, the Republic of Slovenia and the Slovak Republic and the adjustments to the Treaties on which the European Union is founded - Annex XIII: List referred to in Article 24 of the Act of Accession: Slovenia - 7. Social policy and employment
Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe - Iarscríbhinn XIII: Liosta dá dtagraítear in Airteagal 24 den Ionstraim Aontachais: An tSlóivéin - 7. BEARTAS SÓISIALTA AGUS FOSTAÍOCHT
Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe - Iarscríbhinn XIII: Liosta dá dtagraítear in Airteagal 24 den Ionstraim Aontachais: An tSlóivéin - 7. BEARTAS SÓISIALTA AGUS FOSTAÍOCHT
OJ L 236, 23.9.2003, p. 910–911
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0910 - 0911
7. BEARTAS SÓISIALTA AGUS FOSTAÍOCHT 1. 31986 L 0188: Treoir 86/188/CEE ón gComhairle an 12 Bealtaine 1986 maidir le hoibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le bheith faoi lé torainn ar an láthair oibre (IO L 137, 24.5.1986, lch. 28), mar atá arna leasú go deireanach le: - 31998 L 0024: Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7.4.1998 (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11). Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 86/188/CEE go dtí an 31 Nollaig 2005. Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir. 2. 31991 L 0322: Treoir 91/322/CEE ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 1991 maidir le luachanna teorantacha táscacha a bhunú trí chur chun feidhme Threoir 80/1107/CEE ón gComhairle maidir le hoibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le bheith faoi lé oibreán ceimiceach, fisiceach agus bitheolaíoch ar an láthair oibre (IO L 177, 5.7.1991, lch. 22). Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 91/322/CEE go dtí an 31 Nollaig 2005. Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir. 3. 31998 L 0024: Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (ceathrú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11). Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 98/24/CE go dtí an 31 Nollaig 2005. Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir. 4. 32000 L 0039: Treoir 2000/39/CE ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2000 ag bunú céad liosta de luachanna teorantacha táscacha a leanann ón taispeánadh gairme trí chur chun feidhme Threoir 98/24/CE ón gComhairle maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (IO L 142, 16.6.2000, lch. 47). Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 2000/39/CE go dtí an 31 Nollaig 2005. Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir. 5. 32000 L 0054: Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le bheith faoi lé oibreán bitheolaíoch ar an láthair oibre (seachtú Treoir leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 262, 5.5.1998, lch. 11). Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 2000/54/CE go dtí an 31 Nollaig 2005. Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir. --------------------------------------------------